EUGADH AN NUACHD-PHÁIPÉIR, AN T-
ÉIREANNACH.
Do thugadh amach an t-uimhir déigheanach de
an t-ochdmhadh-lá-fichead d' Fhábhradh 1885,
agus do fuair mé fógradh ó'n bhfeareagair
'ná déunfuídhe é chlódhbhualadh ní budh shia.
Ní suairc mar dhuain liom “Marbh-
ránn,”
Is fuath liom fuaim a faodh 's a fonn;
Ní ghráidhfin duara a bhfuíghle fuara,
'Ná laoídhthe buadhartha a n-Gaédhilge.
Níor smuaineas riamh go d-tiocfadh
am,
Go riothfadh uail ó'n uagh tré m' chean,
Ag inisin damhsa gur múchadh lóchran,
A's coineal bheódha na Gaédhilge.
Tá 'n “t-Eíreanach” anois as clódh,
Fábhal, faoi, ná foghar ní'us mó,
Ní chluinfear uaidh ('s is mór an truagh,)
Ná dréucht air uaisleacht Gaédhilge.
Tá náire ag Eíre a g-cáil's a g-clú,
Ó! cá'r ghaibh a “mór is fiú,”
Nár sheasaidh leis go daingean, dlúth,
Ag clódh-bheathúghadh na Gaédhilge?
Ní chloisim giog ó éun a g-cás,
Tá'n smólach ciúin air chraoibh de ghnás;
Lé h-óg a's aosda is ceasna bás,
Ár g-cara ársa gaodhalach.
Acht Eíreanaich, ní h-éug do bhás!
Tá Phoenix buacach, buadhach ag fás,
Ód' luaithreach cheansa do lasfaidh lampa
Ár d-teangan sheanda ghaodhalach.
Padraic Stúndún.
Corcaigh, an treas lá d'Abián 1885.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11