Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fáilte Roimh Irisleabhar na Gaedhilge, tá anois ag tosughadh na dara bliadhna d'á bheatha.

Title
Fáilte Roimh Irisleabhar na Gaedhilge, tá anois ag tosughadh na dara bliadhna d'á bheatha.
Author(s)
De hÍde, Dúghlas,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FÁILTE ROIMH IRISLEABHAR NA GAE-
DHILGE, TÁ ANOIS AG TOSUGHADH NA
DARA BLIADHNA D'Á BHEATHA.



Leis an g-Craoibhín Aoibhinn.



I.
Tá bliadh'nín imthighthe, a's is mór an rud é,
Ór' cuireadh ár leabhar air bun;
Ór' thosuigh ár m-bád beag le bánughadh an
lae,
Go dána ag sgoltadh na d-tonn.
Tá'n fhairge 'g at, a's tá 'n stoirm ag
séideadh,
Tá 'n t-uisge ag fiuchadh 's tá na tonnta ag
meudughadh,
Acht is cuma linn buaidhreadh, bagairt no
reubadh,
Na speurtha dubh gorm no donn.



II.
Tigídhe le chéile, a chroidhthe na féile,
'S árdóchamaoid seol air an g-crann,
A's air ball beidh se gleusta faoi anairt
breágh ghlé-ghil,
Go h-eudtrom ó dheire go ceann.
Ag léimnigh mar éinin, ag rince 's ag gáire,
Ag rith mar an eala go fíor-luath, láidir,
Ag treabhadh na d-tonn go doimhin 's go
dána,
Is ionnan dó cnoc agus gleann.



III.
Hú! hú! a dhaoine, a Laighnigh 's a Mhuimhnigh
A Ulltaigh 's a Chonnachtaigh bhuain!
Tarraing na teuda, a's árduigh na seolta
Agus teannam' le ceol thar an g-cuan.
Teastuigheann uainn congnamh gach duine in
Éirinn,
Ní bheidhmíd-ne sásda go m-beidhmíd le
chéile,
Go m-beidhmíd-ne cruinnighthe uile go léir
ann,
Air aon fhocal, inntinn a's rún.



IV.
An pháirc air a d-troidmíd, is páipeur é,
Agus ní'l in ár g-claidheamh acht peann,
Ní'l in ár loing-cogaidh acht bád beag glé,
Ag iomchar na m-bárd a's na rann.
'Se mór-chuid breacadh air pháipeur bán,
Leabhracha móra sgeulta a's dán',
I líon ár loinge ó bhun go bárr —
Ár long a tá láidir, teann.



V.
Sul a righneadh ár long ó bhun go bárr,
Bhí adhmud le leagadh air d-tús,
Bhí crainn le gearradh, saltacha, cláir,
Bhí baoghal agus gádh, 'gus guais.
Bhí uirlis le fághail, agus saoir le fághail,
Ag cur le chéile na g-crann 's na sáil,
Ag sgapadh dorchadais a's ceo a's sgáil
Do bhí le seal air ár g-cúis.


L. 2


VI.
Acht fáilte, 'gus fáilte, uainn féin, roimh an
dream,
Tá ag díbirt na sgáile 's an cheo,
Do bhí air oileáinín na sliabh 's na ngleann,
Bhí ádhamhail, seunmhar, fad ó.
Tá séideadh na spéire ag deánadh ceoil,
Thart timchioll na loinge faoi shíoda a's
sról;
O! coinnigh, O! coinnigh, mar tá si, faoi sheol,
O! coinnigh faoi sheol í go deo!



VII.
Agus guidhfead, a's guidhfead arís ó mo
chroidhe,
Go raibh bliadhain lán séin agus ráth,
A leithid de bhliadhain, a's budh mhian liom í,
Air thobar na Gaedhilge breágh'.
Agus guidhim, a Thighearna, go g-cuirfidh tu
seun,
Air d-tús air an leabhar, annsin orrainn
féin,
In Éirinn, in Albain, i m-baile 's i g-céin,
Agus beannacht libh uile go bráth.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services