UILLIAM OFEARGHAIL.
Corcaigh, an Ficheamhadh
lá de Shamhain — 1885.
Chum fir-eagair Irisleabhair
na Gaédhilge.
U dhuine-uasail — Is och liom nách sult,
sealgaireacht, 'ná ráidhte gunta greanmhara
atá agam lé cur chúghat a g-cóir an chéad
uimhir eile ded' leabhar, acht sgéal doilbh
diombádhach — sgéala-báis Uilliam Uí Fhear-
ghail a nGortruadh,* d'éug an ceatramhadh lá
déag de'n mhí seo, an aois a thrí fichid, agus
d'adhlacadh a d-Teampull-na-Carruige*
d'éis a bheith dhá bhliadhain agus dachad 'na
oide. Ní raibh mórán feara g-Cúige Múmhan
dob' fhoghlamtha a ndleacht-theangain na h-
Éireán' ná é. D'fhág sé bean agus tríúr
claíne (inghean agus beirt mhac) go dólásach
'na dhiaigh, agus air ashon gur cúram cráibhtheach
é, is oibliogáid dhobrónach lioma bheith ag
sgríobh chúghat —
MARBHNADH UILLIAM UÍ FHEARGHAIL.
“Shuidh mé síos, lé machtnamh lán,
Do léigeas mo lámh fám' ghruadh;
Gur thuit frasa diana deór,
Óm' dhearcaibh air an bhféur anuas.”
Seághan Ó Coileáin.
Cloisim liúgh ghéur, ghúbhthach uaigneach,
Ard, éug-caoineach, líonmhar, luaimneach;
Mar fhaol-ghuth toinhe a rolladh trágha —
Dian-sgread clainhe tre shiansach má!
Tá Donn* gan feidhm — ní'l meidhir na shluagh,
a buaileadh an chreill a g-ceill Ghortruadh,
Do ghlaodhaidh na fóirne chéin is chómhgar,
Go sochraid Uilliam Uí Fearghail loghmhar.
D'imthigh an maide rámhadh 's an stiúir,
Tá'n pola sínte go bráth 'san úir;
“Tá'n bád air drift” — dá suathadh air snámh,
'S cá bhfaghfar arís di chómh díleas lámh?
Is dúbhach liom fá líog gan bhrígh ár mbile,
Lóchran glínn glan Aoibh-Mac-Coille —
Tá'n *Bharúnach“ duairc — ní'l duar dá
sgríobh,
Acht mise lé buairt, mo dhuain dá sníomh,
Ní thiocfadh lém' phenn leath feabhas a thréite,
Do thabhairt do'n léaghthóir a laoidh chóir
gaédhilge;
Tá grean na g-cómharsan a g-cómhrain marbh,
Agus tá'n Cean faoladh gan léighean go
dearbh!
Fóirchean.
A d-Teampull na Carruige, léigeadh a
d-tuama é,
A d-Teampull na Carruige, d'fhágbhadh go
fuar é;
A d-Teampull na cairuige, ní'l acht a chomh-
artha,
Tá anam angradam aig Aithir-na-gcómhachta.
Pádraic Stúndún.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11