Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A cheol bhinn dúthchais, ní'l do letheidedhe.

Title
A cheol bhinn dúthchais, ní'l do letheidedhe.
Author(s)
Ní fios,
Translator
Ní fios
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1885
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

A cheol bhinn dúthchais, ní'l do letheidedhe,
Faoi rian na gréine, a n-diu le fághail;
'S ir maith, an cuimhne linn do dhánta fiór bhinn,
'S ár g-croidhe 'stigh liónta le h-árd mhordháil.
Do ghútha grádhmhar, no greann, no crádhmhar,
Lé h-áthas líonaid an deoraidh gh-céin;
'S ní feídir d'innsin an ceol g-croidhe aoibhinn,
Tá anns na laoithibh ár d-tríe féin.



Lucht borb, lucht umhalach, an t-oilithreach siubhalach
An t-suireach claoite le h-ailleacht mná;
An bárd briongloidheach, láimh sruth sigheogach,
Go léir taid buaidhte le d'chomhact gach trá:
An saighdiúr treunmhar, an braígh neamhsheunmhar,
An mháthair léir-cheoil, gan aon cheacht d-fághail;
Cuireann a naoidheanán, chum suain 'san chliabháin,
Le h-abhrain' mílse na h-Innse Fáil.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services