Dá righ caemha ni cheilim,
AIr na Deisibh Deimhnighim,
O bric do chinn air gach cáin,
Isa glic O Finn Faeláin.
O Mearcadhaigh maith an righ,
Triath O Fathaidh Fuair móirthir,
Ui Neill a h-Uibh Eoghain FInn,
Na leoghain go léir luaidhim.
O Flannagain fuair an fonn,
Uachtar tire tir sugh donn,
Tír is buaine tlacht toraidh,
Fa bhrat uaine exomhail,
H-ui Athele eo tuinn,
Do ghabh sin le cruas comhlainn,
Bile cneis-reidh re tál treas,
Ui Breislín go sal sair-dheas.
Ui Fodhladha is óircheas dúinn
A luadh, do'n fiodhbuuid folt-úir,
O Céin o'n machuin Meadhaigh
Rachaidh céim os ceineadhaibh.
Iath o n-Eachach Aoibhinn sin
Deisceirt Insi Fail foithridh
O Bric ga togha tar tuinn
O Lic logha go leithdruim.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11