Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dr. John O'Donovan's Translation of the Speech of Achilles.

Title
Dr. John O'Donovan's Translation of the Speech of Achilles.
Author(s)
O'Donnovan, John,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1885
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DR. JOHN O'DONOVAN'S TRANS-
LATION OF THE SPEECH OF
ACHILLES.



A mheisgeóir thréith ó fhíon, tá lán dimiadh(1)
A ghadhair ad' rosgaibh,(2) acht ad chroidhe
mar fhiagh,


L. 288


Ní dheachais riamh a scainnir thréin led'shlógh,
Ná fós le flathaibh Gréige a g-ceilg-ghleóidh(3)
Badh bhás leat sin! a fhir mheata! b'feárr,
ní bréug,
Leat siúbhal air fud foslongphoirt(4) mhóir
na n-gréug,
Do bhuain a dhuais' de neach a lámhfadh gnídh
Do labhairt ad' aghaidh; a mhic Atruídhe, tus-
sa an rígh!
Rígh airgthe a dhaoineadh féin,(5) a tá ag luídhe
Fá dhaor-smacht fút', treabh iad a chaill a
m-bríghe
Oir mun' badh headh do b'é seo críoch do ré
Le masla thabhairt do aon tréun-laoch mar
mé,
'Nois labhraim leat ós árd a's bheirim móid,
Dar brighe(6) na slaite ríoghdha so am' dhóid,
An tslat nach m-béurfas duilleabhar glas
go bráth,
(O thréig sí a ceap 'san t-sliabh) na géug
ná bláth;
Oir chaill sí a coirt le faobhar úmha budh
chaoin(7)
D'á déunadh geal 's na colbha díreach mín;
Bídheann sí anois a lámhaibh íodhain' na
d-triath
'Ga bh-fuilid Reacht a's dlíghthe naomhtha ó Dhia;
Dar brighe an ríogh-cholbha sin! 'nois cluin mo
ghlór,
Sin(8) luíghe nach m-brisfead óir is luíghe ró
mhór,
Gur dúbhach do Ghreugaibh bheith gan Aicil fós,
Trá thiocfaidh Ectóir bórrfadhach borb, air
nós
Treun-chaoir' theintíghe do threasgairt
laochra air lár,
'S gan air do chumas fóirin dóibh 'san ár!
Ag sin an uair a lasfair d'anam le fraoch,
Do bhríghe gur easonóruíghis ceann na laoch.
Iar labhairt, fo'n d-talmhuin chaith le feirg
mhóir,
A cholbha a dheallruigh le bocóideadhaibh óir,
'S do rúidh réin síos, a's ós a chomhair do bhí,
An Righ, mac Atruidhe, gruamdha, duairc 'na
shuidhe.
Acht d'éirigh an Púilídheach Nestóir lán de
ghaois,
Saorlabhraidh óirdhearc d'foghlaim ciall le
haois,
A's de na theangain chaoín, 'na sruth do shil,
Blaith-bhriathra líomtha, binne, a's glór mar
mhil(9).



(2) "Nar reult seaca a rosg do bhí."
"A rosg glas maordha, glan gan cheó."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services