Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Abhráin Diadha Chúige Connacht I

Title
Abhráin Diadha Chúige Connacht I
Author(s)
In eagar ag Dubhglas De hÍde,
Pen Name
Craoibhín Aoibhinn, An (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
De hÍde, Dubhglas
Composition Date
1906
Publisher
Gill / Unwin

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ABHRÁIN DIADHA CHÚIGE CONNACHT.



Is cráibhtheach an cine an cine Gaodhalach. Tá an
Gaodhal Éireannach cráibhtheach ó nádúir. Chídh sé lámh
Dé ann s gach áit, ann s gach am, agus ann s gach nidh.
Ní 'l aon Éireannach 'san gcéad a bhfuil ádhbhar duine-
gan-creideamh ann. Is mó a spéis 'san anam agus 'sna
neithibh bhaineas leis an anam, 'ná 'san gcorp agus 'sna
neithibh bhaineas leis an gcorp. An nidh nach bhfeiceann
sé, ni lúghaide creidfidh sé ann; an nidh chidheas sé, chidhfidh
sé níos mó ann 'ná fear de chine ar bith eile. An rud
atá dói-fheicse do dhaoinibh eile is sói-fheicse dhó-san é.
Agus is nídh cinnte, fíor, só-thuigthe leis, Dia. Moth-
aigeann sé cúmhacht dhó-fheicthe roimhe agus le n-a thaoibh
agus ar a chúl ar feadh an laé agus ar feadh na h-oidhche.
Is ó'n mothughadh so thigeas ráidhte coitchionna agus
foráin na Gaedheilge. Nuair castar duine ar dhuine
eile i n-áit "bon jour" no "good morning" do rádh,
ar nós na gcineadh eile, is é deir sé "go mbeannaigidh
Dia dhuit." Má chidh sé duine ag obair, deir sé "Bail
ó Dhia ort," má tá tu ag sgaramhmaint leis, deir sé
"go seacht soirbigh' Dia dhuit," má tá sé do d' bheannu-
ghadh deir sé " go saoghalaighidh Dia thu," má chuireann
tu sraoth asat glaodhfaidh sé "Dia linn," agus
nuair chuireann tu forán air ag rádh "go mbeann-
aighidh Dia dhuit," is é a fhreagradh-san "go mbean-
naigh' Dia agus Muire dhuit." Nuair ghlacann sé
snísín uait déarfaidh sé "Beannacht Dé le h-anam
do mharbh," má thagann iongantas obann air, déarfaidh
sé "míle altughadh le Dia," má thaisbéantar dhó leanbh


L. 4


óg no nidh eile an chéad uair, deir se "bail ó Dhia
air," ma thagann buaidhreadh obann air, deir sé
"crois Chríost orrainn," nuair ghoireann an coileach,
'sé an nichldh uineas seisean ann a ghlaodh "Mac na
h-óighe slán," agus má dheunann sé ceasacht, is é deir
sé "A Mhuire is truagh," agus ni 'l cine eile ann san
domhan, mar thug, tráth, mo chara an t-Athair O Gra-
mhna fá deara, a bhfuil dá ainm aca ar Mharia is
é sin "Máire" nuair baistear é ar mhnaoi, acht
"Muire" nuair labhrann siad i dtaoibh máthar an
tSlánuightheóra. Tá Dia mar sin ann a bheatha agus
os cómhair a shúl, do ló agus d' oidhche, agus is fíor-
mhac é do na sean-naomhaibh sin do sgap solas Chríost
ar feadh an tsaoghail. Is Críostaidhe ó nádúir anois é,
ó lá a bhreithe go h-uair a bháis. Is ionnann an
spiorad atá ann agus an inntinn chidhmid ann san
dá rádh sin, rádh na h-Eaglaise óige, Tá ápxaia
kpateito .i. "Bídh an bhuaidh ag an nidh tá ársa," agus
an rádh sin Naoimh Aibhstin credo quia impossible,
"creidim é mar gheall ar é do bheith dói-dheunta."
Níor chum an Nádúir é le duine gan creideamh do
dhéanamh dé; is anaghaidh a inntinne agus a chroidhe-
sean sin. Do chruthaigh stair na h-Éireann le ceithre
ceud bliadhain, nach bhfuil dúil ar bith ag an Éireannach
coitchionnta ann sna h-iarrachtaibh sin do rinneadh i
nEóraip ar feadh na h-aimsire sin le foirme eugs-
amla an chreidimh do chaolughadh, do laghdughadh, do
lagughadh, agus do dheunamh níos simplidhe. Thug an
tsean-eaglais níos mó dhó le creideamaint 'ná na h-
eaglaisidhe nuadha, agus lean sé dhí. I neithibh bhaineas
leis an gcreideamh ní maith leis an leath, is fearr leis


L. 6


an t-iomlán; agus fághmaoid, mar sin, nár chuir sé
suim ariamh ann san teagasg sin shéunas, mar shompla,
fírinne an Bhrigh-athraighthe, acht admhuigheas brígh
mhíorbhúilteach eile, brigh is lúgha 'ná sin, do beith i
gcorp Chríost, ná ann san teagasg sin sheunas úgh-
daras na h-Eaglaise acht admhuigheas gur ar ughdaras
na h-eaglaise do fuair siad féin canoin na sgriop-
túra, ná ann san teagasg sin orduigheas an trosgadh
acht mheasas go ró-mhinic nach bhfuil ann san trosgadh
orduigheas sé fein acht sórt creidimh-bréige. Ni h-eadh
go deimhin; i neithibh bhaineas le n-a chreideamh níor
ghabh an t-Eireannach ariamh an tslighe mheadhonach; "tá
an creideamh," adeir sé, "'na rúin-diamhair, agus
mar do chreid mo shinnsir creidfidh mise." Ar an
ádhbhar sin i n-aimhdheóin gach nidh do rinne an Uacht-
aránacht agus a chuid máighistir le creideamh nuadh do
thabhairt dó, d'fhan an chuid is mo de'n chine ar an
tsean-bhóthar. Acht bhí cúmhacht na h-Uachtaránachta ró
mhór agus bhí na Dlighthe do smachtaigh iad ró-gheur le
bheith gan aon éifeacht ar bith, agus fághmaoid, mar sin,
go bhfuil cuid reusúnta d' Eireannaighibh maithe ann, d'
fhíorshliocht na n-Gaodhal, de mhuinntir Ui Bhriain, Ui
Néill, Mhic Ghearailt, agus mórán eile, do thréig an
seanchreideamh;* acht do rinne an chuid budh mhó aca an
nidh sin le n-a n-anam no le na maoin shaoghalta do
*Bí mé ag Cambridge i Sacsana i mbliadhna (1892) agus fuair
mé gur duine de Mhuinntir Ui Ruairc uachtarán "Aondachta" na
mór-choláiste sin, agus uachtartán na h-Aondachta i n-Oxford
budh dhuine de Chloinn Mhic Aodha é, acht do bhí an bheirt aca 'na b
Protestúnaighibh, 'na gConservatibhibh, agus is dóigh, anaghaidh féin-
riaghla na h-Eireann.


L. 8


shábháil, nuair d'fhan muinntir na tíre beag-nach go h-
iomlán ar an tsean-tslighe, gur ab uime sin dubhairt
an file.



Tréig an Creideamh 's Críost go deó,
Má's mian leat do beith buan beó,
Mór an baoghal Muire a fhir
Má's maith leat saoghal saidhbhir. *



Budh mhór an congnamh d'Éirinn a sean-chreideamh do
chongbháil go daingionn, fios do bheith aici go raibh sí
ar an aon tslighe leis na ríoghachtaibh móra sin, an
Fhrainc agus an Spáin, do bhí chomh fada sin carthanach
léithe. Tá an focal "oileánach" ág teangthaibh nuadha
na h-Eórpa le cur i g-céill caol-radharc agus inntinn
dhorcha na ndaoine sin nach bhfágann a n-áit ná a
n-oileán féin, agus nach measgann leis an domhan mór.
Ni raibh na h-Eireannaigh ariamh "oileánach" ar an
g-cuma so, agus ní'l siad anois. Bhidheadh mórán
ceannaigheachta dul ar aghaidh idir Ghaodhalaibh agus
móir-thír na h-Eórpa, agus do thógaidhe a g-cliar ann
sna coláistibh móra ar an móir-thír, agus thugaidís
a- bhaile leó smuaínte agus spiorad agus leighean na
h-Eórpa ann san t-seachtmhadh agus 'san ochtmhadh aois
deug, mar chidhmid ó'n meud leabhar d'iompaigh siad
o Iotáilis ó Fhraincis agus ó Spáinis go Gaédheilg.
Agus anois féin, ni 'l cine ar bith is lúgha "oileánacht"
'ná iad, óir ní 'l fear ná bean 'san tír, thig linn a
rádh, nach bhfuil gaol aca ann san móir-thír eile sin,
*Dubhairt an file béarla Tomás O Mórdha an rud céadna i
bhfoclaibh eile. Ag so Gaedheilg orra.



Tá clann Éireann gan clú muna ndeuntar leó feall,
As náiriughadh a sinnsear tig seun agus sógh
Cia'n solus d'á dtreórughadh acht tóirse na nGall,
A sgiobaid ó'n teine 'na bhfuil Eíre d'á dógh'?


L. 10


America,* agus cidh go saoilfeadh duine go mbeidheadh
sinn-ne níos oileánaighe agus níos caoil-inntinnighe 'ná
na Sacsanaigh, ni h-amhlaidh atá, acht contrárdha ar
fad; is siad na Sacsanaigh atá, mar deir an domhan
iomlán acht iad féin, cúmhang caol-radharcach oileánach,
agus ní sinne. Thuigeadar na h-Éireannaigh sin i
g-cómhnuidhe, cidh nár thuig na Sacsanaigh é, agus thug an
tuigsint sin cabhair mhór dóibh ann san seasamh do
rinne siad anaghaidh an chreidimh Ghallda.



Is iongantach nuair smuaínighmíd ar an méad d'fhul-
aing na h-Eireannaigh ó na dlighthibh "Penálacha" nach
raibh siad níos seirbhe agus níos géire anaghaidh muinn-
tire an chreidhimh nuaidh 'ná mar bhíodar. Acht is í an
fhírinne nach bhfuair mé ariamh ameasg na ndaoine-
tuaithe aon abhrán ná aon rann amháin ag mallughadh
na bProtestúnach mar Phrotestúnaighibh, acht i
g-cómhnuidhe ag mallughadh na "n-Gall" no "lucht an
bhéarla." Ann sna dántaibh do rinne na nuadh-bháird
léigheanta no leath-léigheanta, is fíor gur iomdha buille
thugadar do "Mhártan" agus do "Sheághan," agus
labhraid do minic ar



"an drong so do ramhraidh Aoine,"



acht is í an dithfir do bhí idir a gcine agus a dteanga
agus a gcleachtadh do ghoill orra níos mó 'ná dithfir an
chreidimh. Agus tá an sean-fhocal so coitchionn fós,
"is minic Gall maith."



Nuair thosaigh cuid de na h-Easbogaibh agus de na
sagartaibh ar a g-creideamh do thréigean i n-aimsir
Elisabet, do brostaigheadh na báird 'na n-aghaidh, óir


L. 12


thuigeadar gur faitchios no saint do bhí orra. Tá
láimh-sgribhinn agam ann a bhfuil dán fada do
rinne Eóghan O Dubhthaigh, bráthair bocht d'ord San
Próinsiais ag glaodhach ar a charaid Maolmhuire Mac
Craith, Áird-Easbog Chaisil, an creideamh Gallda do
thréigean agus a bhean do chur uaidh. Bhí an Maolmhuire
droch-chlúdhamhail seó 'na bhráthair d'ord San Próin-
siais mar an g-ceudna, acht thionntaigh sé, mar du-
bhairt h-uile dhuine, ar son airgid. Leigeann dán Ui
Dhubhthaigh solas mór ar an mbaramhuil do bhí ag na
daoinibh ar na h-easbogaibh agus ar na sagartaibh
d'fhág creideamh a sinnsear. Ní ar son Dé acht ar son
óir do rinneadar é, do réir an Dhubhthaighigh, agus bheir
sé droch-cháil ar an gcuid is mó aca. Dá mbudh daoine
fíor-chráibhtheacha do bhí ionnta, daoine d'iompaigh ar son
a g-cóinsiais agus do rinne a ndithchioll - mar cuid
de 'n chléir, i Sacsana agus i nAlbain - na daoine
do bhí'na dtimchioll do thabhairt leó, b'éidir go bhfeudfadh
siad rud beag do dhéanamh 'san tslighe sin, acht nuair
rinneadar mar Mac Craith seó, ag pósadh ban, ag
ól's ag feusta, ag cuidiughadh le Sacsana, agus ag
líonadh a bpóca féin, is beag an t-iongnadh gur chuir
na daoine 'na n-aghaidh ó'n uair sin amach. Nuair
bhí an sean-laoch uasal sin `Brian na Múrtha O Ruairc
ag dul d'á bhas i Londún tháinig an Maolmhuire gnóthach
lústarach so chuige ag iarraidh fádhbhair na h-
Uachtaránachta d'fhághail dó féin, agus dubhairt sé rud
éigin leis i dtaoibh a peacaidh. Dhearc Brian na
Múrtha go fuar air agus dubhairt sé, "feicthear
dham," ar sé, "go bhfuil aithne agam ort-sa, agus gur
bráthair San Próinsiais thu do bhris a mhóide," agus


L. 14


thug sé a chúl leis, gan fhocal eile do chailleamhaint.
"Do leigis amúgha," deir Eóghan O Dubhthaigh leis



Do leigis amúgha Párrthas Dé
gus Párrthas Mhuire, olc an ceart,
Och! mo náire, a chroidhe fhallsa
Párrthas Áinne is annsa leat.



Is é sin, b' fhearr leis Áinne a bhean, 'ná Muire.



Feóil cairghís a's bean ar bórd
Is olc an t-órd ag áird-easbog



ars an bráthair.



Rainnce imirt agus ól
Agus bean óg d'á fásgadh riot,
Bruighion, meisge, fíon Spáinne,
Ni hinnstrim* cóir crábhaidh sin.



Deir an Dubhthaightheach go raibh an chliar nuadh so
fallsa, nár chuireadar suim ar bith i n-aon rud acht
ionnta féin, gur leanadar sompla Chaim Chollaigh,
agus tig linn a thuigsint uaidh gur chreid sé gur
chaitheadar - cuid aca, ar mhódh ar bith - beatha
mhiriaghalta.



Ni thiúbhradh Tighearna Chaisil (.i. Mac Craith)
Cia bé fáth fá bhfuil a rún
Ar chéud marc de'n ór is áille
Máistreas Áinne do Sheáan Brún.



Easbog eile do thionntaigh budh h-eadh an Seághan Brún


L. 16


so. Deir sé le fear eile aca, de shliocht Mhathghamhna.



A Mhathghamhain do shuaith gach baile,
Dá bhfeudfá do shuaithfeá an uile,
Ni buachaill thu, ná fear faire,
Ní'l t-aire ar Dhia ná ar Mhuire.
Ni cinnte thu mar dhuine
A mháighistir millte gach baile,
Ni ghairmid díot acht fear buile,
Do reic Muire ar fheóil 's ar chaile.



"A chliar na mban," bidh sé ag síor-rádh "nach n-ab-
rann tráth."



Bhur g-creideamh dhamhsa ná molaidh
A chliar fhallsa d'fhág anurraigh,
Táthaoi de shliocht Chaim chollaigh
Ni crainn tóradh (?) sibh na toraidh.



Dubhairt an Dubhthaightheach no bráthair eile i dtaoibh
an Mhaolmhuire seo, uair eile an rann



Má's bráthair bocht an bráthair méith
Maith a ghné 's a thursan teann,
Acht má's le ramhrughadh geabhthar neamh
Is duine leamh an bráthair seang.*



Do sgríobh Príomh-easbog Éireann, Mac Ui Chathmhaoil
(no Caulfield) obair fhada dhiadha nuair bhí sé
díbirte go tíorthaibh eile as Éirinn, dar b' ainm
"Sgathan Spioradálta na n-aithrighe," ann a n-abrann
sé nach raibh aon duine budh ghéire anaghaidh luchta an
chreidimh nuaidh 'ná an bráthair bocht so Eóghan O Dubhthaigh.


L. 18


* Fuair mé sgeul i dtaoibh an Eóghain seó, gur
gabhadh é faoi dheire i n-éinfheacht le sagart eile dar b'
ainm Pól, agus é ag seanmóireacht anaghaidh an
chreidimh nuaidh. B'é Tomás Dubh Buitléar, Iarla
Úrmhumhan, do ghabh é, agus cuireadh é féin agus a chom-
ráda i bpríosún i gCaisleán Chille-Chainnigh le n-a
g-crochadh lá ar n-a mhárach. Acht tháinig duine uasal
chuca ann san oidhche agus d'innis sé dhóibh gur chuir an
t-Iarla chuca é le rádh leó go saorfaidhe iad dá
dtréigfidis an creideamh Rómhánach, agus ní sin amhain,
acht go bhfuighfidís áit mhaith 'san eaglais agus mór-chuid
saidhbhris. Bhí faitchíos ar chomráda Eóghain agus
dubhairt sé go ndéanfadh sé sin, acht rinne Eóghan O
Dubhthaigh a dhíthchioll le n-a bhacadh, agus rinne sé dán
fada le n-a chongmháil ó n-a anam do shaorughadh ar an
margadh sin. Níor 'cualas acht dá rann de'n dán sin.



Nár bhfearr dhuit do bheith feadh an tsaoghail mhóir
Bata ann do láimh a's cideóg† ort
'Ná cloidheamh beith teannta ar do thóin
Ag éisteacht le glór an Mhinisteóra.
Fill fill óra Phóil, fill a stóir 's béidh mise leat.



O! thréig tu Peadar agus Pól
Thréig tu Eóin a's Micheal fós,
A's thréig tu baínrioghan na glóire,
Is í bhidheadh ag guidhe dhúinn i gcómhnuidhe,
Fill fill ora Phóil
Fill a stóir 's béidh mise leat.



*Ni fhacaidh mé féin an cúntas so ar an Dúbhthaigheach, acht
chonnairc mé litir o shagart ann a n-abrann sé sin.


L. 19


†= pluid, no sean-chóta, focal coitchionn fós do réir athar
Eoghan O Gramhna i g-cúig Uladh, acht ni chulas riamh i gConnachtaibh é.


L. 20


Acht bhí faitchios ar Phól, agus thréig sé a chreideamh.
Bhí Eóghan le bheith crochta ann sin, acht tháinig aingiol
ó neamh d' fhosgail geata a phríosúin agus do leig
amach é, mar Pheadar a bhfad ó.



Am éigin eile bhí an t-Athair Eógan, mar ghlaodh
siad air go coitchionn, ag siúbhal tré Chondaé an
Chábháin agus chonnairc sé ministéir do bhí 'na shagart
roimhe sin, acht d' iompaigh tré ghrádh airgid no tre
faitchios (mar rinne mórán eile), ag déanamh féir
le n-a lucht oibre lá Féil Mhuire 'san bhfógmhar.
'Se Máthghamhain O Cléirigh b'ainm do'n mhinistéir,
agus bhí a chóta dhé agus é ag obair le píce. Dubhairt
Eóghan leis.



Súd Mathghamhain O Cleirigh a's é ar mire,
Ag tarraing féir lá Féil Mhuire,
Ni h-é sin is déine, acht thug sé a mhionna
Nach raibh acht tráill i Máthair righ na cruinne.



Nuair chualaidh Mac Ui Chléirigh sin, theilg sé an píce
as a láimh, dubhairt sé le n-a lucht-oibre dul a-bhaile,
agus thug sé a mhóid 's a mhionna nac mbrisfeadh sé an
t-saoire go bráth.



Acht is beag do ghoill dán ná aér ar Mhac Craith.
Mhair sé go h-aois mhóir - ceud bliadhain, beag-nach,
- agus ni raibh aon nidh do bhain le saidhbhreas ná le


L. 22


maoin shaoghalta nár leag sé a lámh air. Agus
fuair sé dídionn agus cúmhacht mhór ó'n Uachtarán-
acht ar feadh an ama sin. Budh mhór an sgannail thug
cuid de na sagartaibh d'iompaigh, do na daoinibh tuatha
nár iompaigh. Ag so mar labhras bárd i dtaoibh na
cléire 'san am sin.



Olc an t-ádhbhar digniti *
Do chidhim ag cuid de'n eaglais
Fuath d'eineach a's d' Fhírinne
Grádh do bhréig a's do bhreabaibh.



D'éis gach cion d'á bhfacamar
Riamh ar na bhráithribh bochta
Folchaid siad a n-aibídigh
D'eagla go ngeobhthaidhe orra.



Ni díon múr na mainistir
Ná tearmon aosa dána,
Dúinn is iomshlán aithristear
Nach fiú pighin an Pápa.



*Bhain mé an dán 'so as sgríbhinn do rinne Eóghan O Comhraidh,
ata anois ann mo sheilbh-se, acht ni'l fhios agam cá bhfuair seisean é.
Is mi-choitchionn an miosúr no an tomhas ann a bhfuil sé cumtha,
tomhas air a nglaodhtar "áe-fri-slighe." Atá seacht siollaidhe ann
s gach líne agus críochnuighthear an cheud agus an treas líne le
focal tri siolla, acht críochnuighthear an dara agus an ceathramhadh
líne le focal dá shiolla. D'athraigh mé an t-ordughadh ann a
dtáinig na rainn.


L. 24


agus do bhí cloidheamh an tSacsanaigh nochta anaghaidh
na "bhfireun Catoilce," budh chuma cia aca é, tuathach
no cléireach.



Is mór an cás cómhairle
Da mbeidh' gábhadh ar dhuine
Cia gheobhas a choimirce
A dhíon cia h-áit a bhfuighfidh.



Sgrios na tuatha is neimh-iongnadh
Atá an eaglais d'á léir-sgrios,
Ca h-áit a ngeobhaidh an ceithearnach
Ag teitheadh ó tá an cléireach.



Is mar sin thosaigh an eaglais nuadh ameasg na
nGaodhal, le Maolmhuire Mac Craith agus leis na
daoinibh d'iompaigh i n-éinfheacht leis, agus ni tinneas
cóinsiais do bhí orra 'ghá n-iompodh! acht nuair shocraigh
an tír rud-beag agus nuair d'éirigh na parraistidhe
agus na h-easbogaidheachta níos sábhálta agus níos
saidhbhre, budh ghnáth leis an Uachtaránacht Sacsanaigh do
chur ann sna h-áiteachaibh budh mhó tairbhe, ni (- an chuid
is mó aca -) ar son a maithis ná a bhfóghlamtha ná a
ndiadhachta, acht mar dhuais ar son congnaimh pholiticigh
fuair an Uachtaránacht uatha féin nó ó n-a gcáirdibh.
Cia bé ar mian leis d'fheicsint cia an sórt daoine
do chuir Sacsana anonn ann so leis na Romhánaigh
d'iompódh, léigheadh sé Déan Suift d'á dtaoibh no
úghdar ar bith eile, ní áit í seó le cúntas níos faide
thabhairt orra. Ba Shacsanaigh iad cuid mhór aca, nár
thuig an tír ná na daoine ná teanga na ndaoine na
gnáthais na ndaoine ná aon nidh eile do bhain leó.
B'fhada sul tháinig athrughadh ann san eaglais sin, acht
tháinig sé fá dheireadh, agus ní'l aon duine ann anois
nach n-admhaigheann gur fhás ó'n eaglais nuaidh 'san


L. 26


aois seó mórán d'fíor-Eireannaighibh a raibh grádh agus
meas na ndaoine go léir orra agus do thuill sin uatha.



Tar éis an roimh-ráidh riachtanaigh seó casfamaoid
ar na dántaibh féin agus ar na h-abhránaibh diadha do
bhí agus atá ag muinntir Chúige Connacht. Do thug
an Chúige sin do'n náisiún an file diadha is mó agus
is fearr, b'éidir, do bhí ariamh i n-Eirinn, sé sin
Donncadh O Dálaigh, do bhí, mar dubhradh, 'na ab ar
mhainistir na Búille i gcondaé Roscomáin; acht ni
cinnte sin. Budh mhór agus budh bhreágh an mhainistir,
mainistir na Búille, agus sgar sí a craobha soir
agus siar. Ní'l i sean-mhainistir bhreagh Chnuic-
muaidhe, siar i gcondaé na Gaillimhe, acht craobh ó
Mhainistir na Búille. Acht má's mór clú na main-
istre, budh mhó clú an aba do bhí uirri i dtosach na
tríomhadh aoise déag. Budh h-é, an t-ab sin air ar
glaodhadh Oibhid na h-Eireann, ni mar gheall ar a
chomh dána agus do bhí a chuid filidheachta, acht do
thaoibh a binnis. Agus do bhí bród ar Eirinn go
léir as an bhfile breágh sin, Donchadh Mór O Dálaigh.
Do bheir O Raghallaigh anmanna níos mó na deich-ar-
fhichid d'á dhántaibh ann a bhfuil timchioll 4200 líne, agus
is cosmhúil go bhfuil tuilleadh d'á oibreachaibh le fághail
go fóil. Is dánta diadha an chuid is mó de na
dántaibh sin, agus budh mhór an clú do bhí orra ar
feadh an oileáin. Bhí siad chomh coitchionn i gcúige
Mumhan agus do bhí siad i gConnachtaibh, agus tá cuid
aca ar bheul na ndaoine go dti an lá so féin, óir do
chualaidh mé ó shean-daoinibh i gcondaé Roscomáin, (a
chondaé féin mar creidtear) níos mó 'ná aon phíosa d'á
phíosaibh. Do fuair sé bás 'san mbliadhain 1244. Ni


L. 28


thiúbhraidh mé ann so acht píosaidh do bhí an-choitchionnta
i n-Éirinn i dtosach na h-aoise seó agus atá le fághail
ann a lán de na sgríbinnibh do bhí ag na daoinibh féin
ann s gach áit i n-Éirinn, go déigheannach, acht tá caillte
no dibirte anois. Ag so ar dtús dán do rinne sé,
dán do mhair i gcuimhne na ndaoine ar feadh cúig
ceud bliadhain, óir fuair mise cuid dé o fhear-siúbhail,
i n-aice le Beul-mhuiléad, shiar i gcondaé Mhuigh-Eó
deich mbliadhain ó shoin. Do cumadh é 'san tomhas no
san miosúr sin air a nglaodhtar Rannaigheacht Mhór,
atá seacht siollaidh ann san líne agus críochnuighthear
gach líne le focal aoin-shiolla. Ni'l "Uaim " no
coimh-litreachas ann, mar atá ann san gcuid is mó de
na dántaibh do rinne na fíor-bháird ann san tomhas so.
Do sgríobh Seághan O Dálaigh an dán so as chruinniughadh
do rinne an t-Athair O Caoimh, fear fóghlamtha agus
sgoláire breágh cliste 'san nGaedheilg, do rugadh tim-
chioll na bliadhna 1655 i gcúige Múmhan. Cuirim focal
no do asteach, ann so agus ann sin, i slabhrachaibh
leis an bhfad ceart do chur ann sna líntibh.



NA TRÉIG MO THEAGASG.



Ná tréig mo theagasg a Mhic
Cidh baogh'lach lá an chirt do chách
Ag sgaoileadh dhóibh[-sean] ó'n tsliabh
Rachfaidh tu le Dia na ngrás.


L. 30


An tslighe go neamh na naomh
Dar leat cidh cúmhang caol cruaidh
Seachain ród tighe na b-pian;
Iomdha chuige do thriall uainn.



Orrainn-ne do h-innleadh cealg
D'ár mbreith [síos] ó cheird na ndúl,
Ar [n]díbirt ó thír na mbeó.
I ngleann na ndeór atá tú.



Do'n tsaoghal ná tabhair grádh
A's nach dío-mbuan bláth na gcraobh!
Ná lean lorg a bhfuil ag triall
Go h-Ifrionn ó Dhia na naomh.



Dóthchas creideamh agus grádh
Bíodh agad go bráth i nDia,
Úmhlacht [a's] Foighde gan fhearg,
Fírinne gan chealg i d'* thriall.



Grádhaigh mar thu féin ó thoil
Do chómharsa t-soir agus t-siar,
Grádh is ró mhó 'ná gach grádh
Tabhair-se go bráth do Dhia.



Oir ni théidh go tigh na bpian
Neach d'á mbi ag riar† na mbocht,
Déan trosgadh urnaighthe 's déirc,
Ná leig a thoil féin do'n chorp.



Seacht saighde an Giolla nach cóir ‡
Le marbhthar na slóigh fó seach,
A seachnadh má 's é do thriall
Rachaidh tu le Dia ar neamh.


L. 32


Seachain leisge craos d's drúis
Do chroidhe a's do shúil ar shaint,
Seachain díomas fearg 's fuath,
'S béidhir ar neamh shuas gan chaill,



Do Mhac Mhuire righ na ngrás,
Nár sheachain bás ar do shon
- O's é do chabhair, 's do lón -
Fógair* t'anam dó 's do chorp.



Ag sluagh ifrinn ó tá an ruaig
Orrainn idir tuaith 's cléir,
Ná mealltar thusa mar chách
Mo theagasg go bráth ná tréig.



Ag so dán spioradálta eile, sgríobhtha ar an módh
ceudna, as sgribhinn atá agam. Leasaigh mise an
litriughadh. Is cosmhúil le Rannaigheacht Mhóir, tomhas
an dáin seo, óir críochnuighthear gach líne le focal aoin
t-siolla. Acht ni bhidheann acht seacht siollaidh ann san
Rannaigheacht Mhóir agus atá seacht ocht, naoi, no
deich siollaidh, ann sna líntibh seo. Is cosmhúil gur
chuimhnigh an té do chum an dán so ar Rannaigheacht
Mhóir, agus go raibh an tomhas sin ag rith ann a cheann,
acht dhearmad sé an chaoi cheart le n-a dheunamh, agus i
n-áit na siollaidh do chómhaireamh níor chómhairigh sé
acht na siollaidh ar ar thuit brigh an ghotha. No b'éidir
gur cumadh go ceart é i dtosach agus gur truail-
ligheadh é le daoinibh aineólacha do thug anuas leó é ó
aois go h-aois.



NAOMH-SMUAÍNTE.
Cuimhnigh ar an gcrois gach lá
A's ar righ na ngrás do bhí uirri shuas,
Cuimhnigh súd, agus ar a páis,
Cuimhnigh go bráth ar do dhul 'san uaigh.


L. 34


Cuimhnigh thus' ar Mhac Dé, an uair
Do cuireadh é ar an g-crois sin shuas,
Nuair thréig a cháirde é go léir
Acht a mháthair do bhí ag gol go truaigh.



Cuimhnigh go dtiucfaidh aingeal Dé
'Na fhiadhnuise geur ar an dtaoibh ó dheas,
A's go mbéidh an diabhal ar an dtaoibh chlé
Ag cur ar gach aon do réir a bheart.



Cuimhnigh i n-Ifrionn go bhfuil an gleó
Agus cuas an bhróin nach dtagthar as.
Cuimhnigh an aithrighe bheith mar is cóir
A's ni rachfair 'san gcoire nimhe asteach.



Cuimhnigh ar an g-coire atá bréan,
Cuimhnigh go bhfiuchann sé gan sgith,
Agus ar an anam mallaighthe daor
Ag gol a's ag éighmhe 'san íochtar shíos.


L. 36


Cuimhnigh thusa, 's ná deun breug,
Cuimnigh, as léig d' iomarbháidh thort,
Agus ná bíodh mionna móra i d' bheul,
Cuimhnigh do dtiucfaidh an t-Éag do d'chosg.



Cuimhnigh go dtáinig aon Mhac Dé
Cuimhnigh gur céasadh é ar do shon,
Cuimhnigh ar na tairrgnibh géur'
Cuaidh tre n-a ghéagaibh ar do shon,



Cuimhnigh ar an tsleigh bhí geur,
Do chuaidh tríd a thaébh asteach,
Cuimhnigh ar an ndomblas bréan,
Cuimhnigh gur leis do mhúch a thart



Cuimhnigh mar do céasadh Críost,
Cuimhnigh ar fhuil a chroidhe do sgairt,
Cuimhnigh go raibh 'na sruth leis síos
'S gur saoradh sinne leis an mbeart.



Cuimhnigh ar aithrighe mhaith i n-am
agus ar an aimsir ag dul thart,
Cuimhnigh go dtiucfaidh an Bás go fíor
'S go g-caithfidh a shaoigheada* tre do chorp.



Cuimhmigh do ghnáth ar chor an Bháis,
Cuimhnigh gur cruaidh an cás a theacht,
Cuimhnigh go g-caillfidh tu do bhrigh,
Do chiall do chuimhne a's do neart,



Cuimhnigh ar chuma na braithlíne,†
Cuimhnigh gur síneadh an corp,
Cuimhnigh gur dubhadh‡ an déad,
Cuimhnigh gur réabadh an rosg.


L. 38


Cuimhnigh ar chuma na h-uaigh',
Cuimhnigh gur luaithre do chorp,
Cuimhnigh go g-cuirfear thu 'san g-cré,
Cuimhnigh go g-créimfidh an daol do chorp.



Cuimhnigh ar bhreitheamhnas Dé
A's ar lá an tsléibhe ag breith ort,
Ar an aithrighe i gceann gach laé.
Cuimhnigh; a's tréig go léir gach olc.



Cuimhnigh ag dul ar do leaba shuain
Ar an uaigh mar a mbéidhir go moch,
Tabhair thu féin do Aon Mhac Dé
'S maith do gach aon a ndearnaidh ort.



Ag so dán eile le Donnchadh Mór O Dálaigh do
bhain mé as sgríbhinn do rinne Seághan O Dálaigh
Bhaile-ath-cliath, ar lorg an Athar O Caoimh. Deir
an Raghallach mar an gceudna gur bh'é Donnchadh Mór
do rinne an dán so, acht má 's eadh ni chreidim gur d'á
thaoibh féin acht i dtaoibh duine éigin eile do bhí sé ag
labhairt. Acht, go deimhin, ní cinnte sin, óir ó
thús an Chreidimh Chríosdaidhe anuas, is iomdha file
cráibhtheach do chuir 'na leith féin na coireacha nach
ndearnaidh sé agus nach ndeunfadh sé ar ór na
cruinne. Is cineál úmhlachta, gan amhras, do-bheir
ar dhuine droch-cháil do thabhairt air féin mar so,
nuair do chidh sé go mbeith sé féin chomh h-olc le cách
muna mbeith grásta Dé d'á stiúrughadh. Cuimhneóchaidh
an Gaedheal Albanach ann so ar an bhfile diadha is fearr
do reir mo bharamhla-sa, do bhí ariamh i n-Albain; is
é sin Dúghall Bochannan, do rugadh san mbliadhain 1716
agus do sgríobh a "Bheatha agus Iompachadh" féin
i nGaedheilg ar nós Naoimh Aibhstin. Do cumadh an
dán so i Rannigheacht Mhóir ar dtús. Budh chóir seacht
siollaidh do bheith anns gach líne, agus críochnuighthear


L. 40


gach líne le focal aoin shiolla, acht tá sé rud-beag
truaillighthe i n-áiteachaibh, agus fághmaoid níos mo 'ná
na seacht siollaidh ann so agus ann sin.



A NAOMH-MHUIRE.
A Naomh-Mhuire, a mháthair Dé,
Guidh liom féin, an peacach bocht,
'Nois agus ar uair mo bháis
Is cruaidh an cás atá anocht.



Guidh go díochrach do mhac féin
Fá bheith do d' réir,* a ghnúis ghlan,
M'fhóirighin ó is é do mhian
Guidh do d' réir,* go mbéidh do mhac.



Guidh an t-Athair 's an Spiorad Naomh
Arís am' thaoibh a ghrian ban,
Tri pearsanna a's aon Dia
Guidh an righ-thriath ar mo shon.*



Díoghaltas dibhfeirge Dé
Ni h-iongnadh é 'n a uamhan† orm
Le 'r thuilleas fala agus fíoch ‡
Muna dtagaidh díot a chur torm. §



Seacht bpeacaidh marbhthach' am' chlí||
Fuaradar slighe - cidh cúmhang an treabh, -
A's cúmhachta ar an méad budh liom
Gan tréan os a g-cionn am' chreat.||


L. 42


Uabhar, Saint, Craos, a's Drúis,
Leisge, Tnúth, Formad, Fearg,
Lucht-leanamhna atá am' dheóigh
Dá dtugas de m' dheóin an tsealbh.



Deich n-aitheanta dlighe Dé
- Do bhris mé gach aithne ar fad,
Creideamh daingionn acht amháin*
Do bheith agam má tá glan.



Ainm Dé le h-ádhbhar saor
A's taise naomh i múr ceall
Is mionca thug mise riamh
'Ná ruibe liath as mo cheann.†



Níor onóraigheas sinnsear riamh
Mar d'órdaigh Dia, dearbh an sgeul,
a's cidh anbhfann brigh mo lámh
Do bhíodh a lán marbh le m' bheul.



Níor obas (?) caraid na cill
Fá 'n méad air ar chinn mo lámh,
Gan goid ann ar chuireas dúil,
A's do ghoid an tsúil cuid d'ar fhág.



'Na líontaibh do ghabh an Drúis
'S do ghoin mé i dtúis mo raé,
Mná cuil, a's cómharsain, a's cách,
Dá dtugas grádh nár dhligh mé.



*.i. Bhris mé an h-aitheantha uile, acht amháin go bhfuil creideamh
daingionn agam, má tá an creideamh sin glan.
†Thug mé "taise" na naomh atá faoi mhúr (balla) ann sna sean
cheallaibh (roiligibh) mar mhóid, níos minice 'na bhain mé ribe liath as
mo cheann, agus sin faoi ádhbhar (fáth) beag.


L. 44


Fiadhnuise bhréige faoi dhath
Le fonn do m' mhaith do theacht lé'
Och! is mairg do rinn riamh
O 's mise an tí do rinn é.



Ni fhaca[s] bean áluinn óg,
Oighreacht, ór, no brúgh* fhionn,
Ag aon-neach nach sanntóchainn iad
Dá ndeónfadh Dia go mbudh liom.



Is mise ar cáirde do chuir
An aithrighe, cidh tuigse saobh,
Ar iocht† mo raé do bheith buan,
Och! is truagh mo riocht a Naomh.



Ag so impidhe eile le bárd spioradálta. Fuair
mé ainm Donnchaidh Ui Dhálaigh os a cionn i sgríbhinn
do rinne Pádraig O Pronntaidh san mbliadhain 1763
acht bh'éidir nach Donnchadh Mór acht Dálach eile do
rinne é, óir ni thugann E O Raghallaigh an dán so ameasg
dán Dhonnchaidh Mhóir. Tá sé sgríobhtha i dtomhas
an deacair "an Rannaigheacht Bheag:" tá seacht
siollaidh ann gach líne agus críochnuighthear gach líne le
focal dá shiolla.



Osgail an doras a Pheadair‡
O's duit dleaghthar a dhéanamh,
Asteach go dti an cholann
Leig an t-anam 'na aonar.


L. 46


Dá bhfeudfainn dul asteach*
Leig an tslighe do m' chumas,
Atáid anois le tamall
Triúr do m' tharraing ó'n doras.



Is de 'n triúr sin an diabhal
Agus miana na colla,
'S an saoghal bhíos d' ár milleadh,
A Dhé go g-cinnir orra.



Ó'n dtriúr atá 'gam' fheitheamh
Ni thig liom teitheamh 'ná cosnamh,
Ni fhoras d'fhear gan éideadh
Dul ar éigin 'san doras.



Osgail a Mhuire mháthair
Freagair láthair an chosgair,†
Má bhíonn Peadar go fiochmhar
Gabh an eochair a's fosgail.



Ag so dán do rinne fear air ar ghoill díomhaoineas
an tsaoghail seó, dán atá ag cur i g-céill nach bhfuil
i g-carthanas na ndaoine acht mar sgáile imthigheas
as radharc nuair thuiteas duine i mbochtanas. Is
cúis í sin air a ndearnaidh mórán de na bárdaibh
dánta díadha, agus abhráin bhinne bhríoghmhara, agus
rannta ro-gheura. Tá a lán de phíosaibh ann, ag
déanamh an ghearáin cheudna, i mbriathraibh eile.
Tharraing mé an dán so as sgribhinn ann mo sheilbh


L. 48


do rinne Mártan O Griobhtha, gabha dubh i gCill-Rois i
g-condaé an Chláir, agus leasaigh mé an litriughadh
beagán. Do cumadh an dán so i Rannaigheacht Mhóir
acht tá sé truaillighthe go mór.



AN SAOGHAL SLIM. File gan ainm cecinit.



De chleasaibh an tsaoghail shlim
D' fhear saidhbhir nach baoghal táir,
Má 's daidhbhir - atá gan chéill,
Mar nach dtéidh* an ceart 'na cheann.



Damh-sa budh fhíor an sgeul,
an t-am budh h-aoibhinn mo nós
Budh mhór mo charaid 's mo ghaol;
- O's bocht, ní thig aon do m' chóir.



Lá samhra ó éirighe na gréin'
- Tuig féin créad é an fáth -
Ni fheicim-se mo sgáth féin,
Ar sgáith aonneich,† ni fheicim sgáth.



Do chidh mé, 's ni fheicid mé.
'S má cíd‡ mé ni fheicid mé
Saoilid siad, iar ndul do m' spré,
Gidh mise mé nach mé é.


L. 48A


Dá mbudh mise mise féin
Budh ghile 'ná gile mo nós,
Bíodh anois nach g-cuirid cás
Am' bhás ná am' bheatha fós.



Dá mbudh líonta d'ór mo thrúnc
a's mé gan únnsa de 'n chéill,
Déarfaidh an maith a's an t-olc
M' eagna thar Solamh go dtéidh.*



Ni bhfuil agam cruth† ná séad,
Ni bhfuil agam tréad ná táin,
Do claochladh mo chion anois
Ni bhfuil agam ros na ráib.‡



Is é meas an tsaoghail mhóir
O bhraithid mo stór go gann
Dá dtagrainn ceart agus cóir
Nach bhfuil acht glór aimid' ann



Fear duairc saidhbhir - rádh gan cheilt
Air sin bíonn feilc agus féidhm,
Air féin a cheann a's a thóin
As a dtig gach glór go treun.§


L. 50


A Dhia cuir iad am' riocht
(Agus mise san gcruth atáim)
Chionn ar chaill mé de mo mheas
Iarraim ort-sa m'anam d'fhághail.



Ag so dán eile ar neimh-nidh an tsaoghail agus an
tsaidhbhris. Atá dán eile ann, an-chosmhúil leis an
ndán so. Tosuigheann sé mar so,



Triúr atá ag brath ar mo bhás
Cidh táid de ghnáth am' bhun
Is truagh gan a gcrochadh le gad
An Diabhal an chlann 's an chnumh



Acht cidh go dtugann E O Raghallaigh an dán so
ameasg dán Dhonchaidh Mhóir deir sé go bhfuil fáth aige
fá a gcreideann sé nach eisean do rinne é. Ag so
mo chóip-se dhé. Do chlóbhuail Seághan O Dálaigh cóip
eugsamhail dé i leabhar abhrán "Thaidhg Ghaolaigh" ag
rádh gur Donchadh O Dálaigh do rinne é. Tá sé
sgríobhtha i Rannaigheacht mhóir.



NA CNUMHA, AN CHLANN 'S AN DIABHAL.



Triúr atá 'g brath ar mo bhás
Cidh táid de ghnáth im bhun;
's truagh gan a gcrochadh le gad
An diabhal an clann 's an chnumh.


L. 52


Na cnumha, cidh amhgarach súd,
Tan* cuirthear mo chúl 'san gcré,
Do b'fhearr leó aca mo chorp
'Ná m' anam bocht a's mo spré.



Do b'fhearr le mo chlainn mo spré
Do bheith aca féin anocht,
- damh-sa cidh fogas a ngaol -
'Ná m' anam mar aon 's mo chorp.



An diabhal is doirbhe dáil
An fear re nach áil acht locht,
Ar shéadaibh an bheatha cé †
Ni bhfuil a spéis ná 'nn mo chorp.



A Chríost do crochadh i gcrann
'S do goineadh le dall gan súil,
O táid ag brath ar mo shlad,
Is truagh gan gad ar an dtriúr.



Do thug mé anois go leór de na dántaibh do bhí
cumtha le fíor-bhárdaibh riaghalta, ann san Dán Díreach,
agus do mhair, (cuid aca) ameasg na ndaoine go dti
tosach na h-aoise seó. Ni thiubhraidh mé acht aon cheann
amháin eile de'n tsórt so, mar shompla ar an gcaoi


L. 54


ann a ndearnaidh na báird diadha diaspóireacht ann
a gcuid dán, ag árgúint, ag tagairt, agus ag crothughadh
fírinne an chreidimh Rómhánaigh anagháibh na droinge do
thréig cré a n-aithreach. Bhéarfaidh mé cuid de'n
dán so, óir is dán é do-bheir eólas dúinn ar inntinn
agus ar mhódh-smuaínighthe na coda is mó de na h-
Éireannaighibh ann san am sin; agus is beag-nach cinnte
mé, go raibh cúmhacht an-mhór ag dántaibh de'n tsórt
so na daoine do chongbháil ó chreideamh na Sacsanach.



Do rinneadh an píosa so le Giolla Bhrighde O h-
Eodhasa do bhí 'na bhráthair d' ord San Próinsiais a
gcoláiste Naoimh Antóin i Lobhan. Do bhí seisean
tógtha i sgoiltibh na mbárd sul ar fhág sé Éire; is
é do sgríobh an dán ann mo "Bháird agus Bár-
daigheacht,"



"slán agud a fhir cumtha"



ag fágbháil sláin ag Éirinn, ag Filidheacht, agus ag a
cháirdibh, ar bhfágbháil a thíre-dhúthchais dó. Do chuir sé
an Teagasg Críostaighe i gcló 'san mbliadhain 1608,
agus arís i n-Antwerp 'san mbliadhain 1611, agus
dho cuireadh an leabhar ceudhna i gcló an treas uair
ag an Róimh 'san mbliadhain 1707. Do chuir sé i gcló
i ndeireadh an leabhair sin dán fada ann a bhfuil 88
rann anaghaidh carad ionmhúin dó féin do thuit i n-
eiriceacht. Bhí an dan so an-choitichonn ameasg na
ndaoine, agus tá sé le fághail i mórán de na láimh-
sgríbhinnibh. Tarraingim cuid bheag dé as an leabhar
do clóbhuaileadh ann san Róimh, agus as láimhsgribhinn
atá agam féin ann a bhfuil sé sgríobhtha níos cirte
'ná ann san leabhar. Budh dhoiligh, dar liom-sa, argúint
níos comh-chruinne agus níos snasta do chur i


L. 56


bhéursaigheacht. Atá nóta (sgríobhtha le peann) do rinne
S. O h-Argadáin, ar thaoibh duilleóige ann mo chóip-se
d'Fhoclóir na Sgríobhnóir Gaedheilg le E. O Raghallaigh,
ag rádh gur ar an Maolmhuire Mac Craith,* air ar
thráchtas shuas, dho rinne O h-Eodhasa an dán so. Tosaigh-
eann an dán ann san leabhar clóbhuailte mar so,



"Truagh liom a chompáin do chor."



Acht fágaim amach an dá rann tosaigh. Leasaighim an
litriughadh beagán.



DÁ BHFEICFEÁ MAR DO CHIDH CÁCH



Dá bhfeicfeá mar do chidh cách
An tsoillse atá d' easbuidh ort,
Bhur ndorchacht do budh léir libh,
Do thuigfeadh sibh féin bhur gcor.



*Cidh go raibh na báird diadha chomh geur sin anaghaidh an
Mhaolmhuire seó, ni raibh an fear bocht leath chomh h-olc le cuid de na
daoinibh do tháinig 'na dhiaigh. B'as Tearmann-Mac-Craith i gcondaé
Fearmanach é féin, agus dfhan sé i gcómhnuidhe carthanach leis na
bunnadhaibh móra Gaedhalacha i gCúig Uladh. Bhi easbog Rómánach
Chorcaigh 'na chol-cheathar dó, agus do shaor Maolmhuire é, tráth, nuair
bhí sé i gcontabhairt báis. Rinne sé an nidh ceudna le cuid de na
sagartaibh Rómhánacha nuair bhí baoghal orra. Níor sgrios, níor
ghéir-lean, agus níor mharbh sé duine ar bith. Is cosmhúil go raibh
a bhean 'na Catoilceach i g-cómhnuidhe, agus d'iompaigh a chuid mhac
freisin 'na Rómhánaighibh, no is cosmhúil nach raibh siad ariamh 'na
bProtestúnaighibh. Deir cuid go bhfuair sé féin bás 'na Chatoilceach
Níor dhroch-duine acht duine saoghalta é... fuair sé morán saidhbhris
agus chongbhaigh sé féin, agus a chlann 'na dhiaigh, greim daingeann
air. Bí sé 102 bliadhain d'aois nuair d'éug se. Cruthughadh sin
nár ghoill droch-aighneas na mbárd air!


L. 58


Do thuigse gheur ghrianach ghlan
Do dalladh í d'á toil féin,
Truagh nach dtárla libh-se o thúis
Liaigh do fhóirfeadh thu ó d' phéin.



Do d'fhurtacht do rachainn féin
Act go gcluin mé - miste ar ndóigh -
Othar nimhneach libh do d' chrádh*
Nach leig lámh liagha d'á chóir.



Ad' ghoire ó nach [bh]féadaim dul
Cuir-se chugam ar son Dé,
'S ar cháirdeas ár sinnsear rómhainn,
Cúis t' easláinte de d' dhóigh féin.



An dall atá an tuigse riamh?
No an í an toil le mian an chuirp
Do chuir an ceó so ar do chéill,
Soillse an chreidimh nach léir dhuit.



Má's í an tuigse, má's í an toil
Is cionntach le d' chur tar chéill,
Bíodh orm an tuigse do chosg
'S bíodh cosg na tola ort féin.



Má's í an tuigse is cionntach libh
Ag so dhuit a leigheas súd,
Creid ó'n eaglais briathra Dé
Ó's di nochtas† féin a rúin.


L. 60


Di-se tráth, nochtas a rún,
- Eóin d'á dhearbhadh dúinn a's Pól -
Spiorad Dé re a h-ais de ghnáth
Ni bhi ar mearbhall, gá dtáim dó (?)*



An Pápa 's a ngabhann leis
Is í an eaglais a deir mé.
Ní bhfuil eaglais eile acht seó
Againn a-bhos ar bith cé.†



Do gheall Dia d'á dhearbhadh sin
- Iomdha sgríobtúir libh d'á rádh -
Eaglais só-fhaicsionna Chríost
Nach gcuirfidhe í síos go bráth.



Do'n eaglais Románta amháin
Do cóimhleadh‡ so - dáil go bhfios§ -
Atá anuas o aimsir Chríost
Gan chlaoclódh, gan dith, gan sgrios.



Gach eiriceacht tháinig riamh,
Mall do thriall no 's gearr do mhair,
Mar sin, ni|| eaglais do Chríost
Aon chuid díobh nach labhrann air.



Ná h-abradh, tráth, Calbhín claon
No Lúiteir nár chlaon ó bhréig,
No cia bé drong leanas díobh
Gur ab eaglais Chríost iad féin.


L. 62


Cia bé eaglais leanas siad
Ni tháinig riamh rómpa féin,
Má 's í sin an eaglais fhíor
Cionnas seasfaidh Críost ar bhréig.*



Do réir a n-admhála féin
Cúig ceud bliadhain tar éis Chríost
An eaglais Románta cháidh
Budh h-í amháin an eaglais fhíor.



Ionnann dí an uair sin 's anois
Íodhbhairt sacrament, módh, a's beus,
Creideamh, teagasg, cómhacht, brigh,
Níor athraigh sí a stáid do gréas.†



Fá 'n am sin do bhádar ann
Aithre naomhtha, clann do Dhia,
Gach a bhfuil againn anois
Is iad-san do theagasg iad.



Fá 'n am sin tháinig ó'n Róimh
Pádraig naomhtha ar cóir-shiúbhal,‡
Gach a bhfuil againn anois
Is é sin do theagasg dúinn.



An creideamh do theagasg dúinn
Pádraig budh dheisgiobal Dé,
Má do thréigseam§ fionnaim uaibh,
Cia h-í an uair do thréigseam é.


L. 64


Sighne tráth san eaglais Dé
Ar ár n-eaglais, léir do chách,
Atá ar lorg na n-easbal, saor
Aonda, coitchionn, naomh, de ghnáth.



Ar lorg na n-easbal* atá
- ni beag dam d'á dhearbhadh só -
A ndearnaidh céad eaglais Chríost
Gach nidh díobh do gnidh sí fós.†



Atáid easbuig innti fós
- Dearbhadh eile a's lór ar súd -
Ar lorg a chéile de ghnáth
Ó lá Pheadair gus an lá andiú.



Atá ár n-eaglais aonda, leis,
Aon chorp cumaisg gan ceilt inn,
Aon cheann ar an g-corp so atá,
Na baill, tráth, do réir an chinn.



Coitchionn, acht cidh geanmnuidhe í,
Gabhaidh sí gach neach re n-a thoil,
Atá ann, gach aimsir ann riamh,
do bhí ann gach tír, tsiar a's tsoir.



Naomhtha fós ár n-eaglais shaor,
Beatha naomh ag teagasg dúinn,
Iomdha a míorbhúil a's a fáidh,
- Lór do chách d'á dhearbhadh súd.


L. 66


Na signe-se* - maith a g-ciall -
'Gár n-eaglais-ne riamh atáid,
Sighne codarsna† is olc brigh
'G ár n-eascáirdibh bhíos de ghnáth.



Iomdha dearbhadh nach iad sin
- Mun[a] budh fhada bheith d'á ríomh -
Dhearbhas gur ab í seó amháin
An Eaglais cháidh do thóg CRÍOST.



Is breágh só-thuighsiona an dán so, agus is rud-beag
cosmhúil é leis an dán do sgríobh an Dubhthaigheach
anaghaidh Mhaolmhuire Mic Chraith. Tráchtann an file
ar ádhbhar iomlán na diaspóireachta idir an dá chreid-
eamh. I dtaoibh Lúitear deir sé gur bhris sé ar an
móid do thug sé mar mhanach nuair phós sé.



Do rinne bréag le Dia mór
Mairg do chreidfeadh dhó d'á éis,
Bréag le daoinibh amhlaidh sin,
Cosmhúil ris go ndeunfadh sé.



Do bhris sé "na tri móide thug do Dhia."



Thug bochtacht ar saidhbreas bocht,
Do thréig úmhlacht ar a thoil féin,
Cailleach dhubh aige 'na mnaoi,
'Na mhanach gidh do bhí sé.


L. 68


Ma's olc Lúitear leis an bhfile, is measa leis "Cail-
bhin." Deir sé d'á thaoibh:-



Úghdar gach uilc do gnidh seó.
De Dhia glórmhar - olc an chiall
[Is] ionnann dó-san as soin
A rádh nach bhfuil Dia na Dhia.



Caitheann sé amhras ar bheusaibh Chailbhin, agus cuireann
sé i gcéill níos mó 'ná deir sé -



Ni abraim go ndearnaidh soin,
Adhaltranas a's goid go leór,
Acht gibé do dhéanfadh iad
Measaim nach creidthe ar Dhia a ghlór!



Agus cuireann sé i leith dhó an chóir is gránna agus is
mi-nádúrdha, ann san rann leanas sin, ag rádh -



Ni shaorfainn nach ndearnaidh riamh,
'S nach ndearnaidh fós iad do ghnáth!



Tá, a-deir sé, a lán de neithibh bhaineas leis an
gcreideamh nach bhfuil le fághail 'san Tiomna Nuadh.
Caithfimid iad sin chreideamhaint ar fhiadhnuise na
h-Eaglaise mar do chreid na daoine iad sul sgríobhadh
leabhar ar bith.



Do bhí fós an Tionma Nuadh,
Sealad anuas tar éis Críost,
Gan sgribhne ar chuimhne do ghnáth,
'S d'á creideamh ag cách do shíor.


L. 70


Gidh bé adeir nach gcreideann sé
Acht do'n Sgrioptúir féin amháin,
Fiafraighim dé an gcreidtear leis
Má sé an sgrioptúir sin 'na láimh.



An bhfacaidh 'san Sgrioptúir riamh
No má do chonnairc, cia an ball?
Soisgéal lúcáis do bheith fíor,
Soisgéal Thomáis gan bhrigh ann?



Deir sé fá dheireadh -



Má's í an toil is cionntach ribh
Slán libh, ni bhainim-se dhí,
A leigheas ni gheibh re h-ais,
Aithne damh-sa go maith í.



Agus críochnuighthear an dán leis an rann so anaghaidh
saoghaltachta a charad -



An t-aoibhneas-sa, ga dtáim dhó,
Gearr mairfeas, ni mór a bhrígh,
An phian thuilltear ar a shon
Mairfidh seo tre bhíotha síor.



Ní'ltear i n-amhras nach ndeachaidh an dán so, agus
dánta eile cosmhúil leis, amach go fairsing ameasg na
ndaoine, agus nach raibh cúmhacht mór aca le daoine
do chongbháil go seasmhach i g-creideamh a n-aithreach.
Agus budh anaghaidh daoine do sgríobh agus do léigh
dánta mar iad so, do chuir Sacsana an Príméid Boul-
ter agus a chuideachta - agus bhí iongantas uirri 'na
dhiaigh sin fá nár fheud sí na daoine d'iompódh! An
dtuigfidh an tír sin choidhche aon nidh bhaineas le h-Éir-
inn agus le muinntir na h-Éireann!


L. 72


Tá na dánta do thug mé go dtí seó cumtha ann san
tslighe riaghalta sin air ar glaodhadh Dán Díreach, cidh
go bhfuil an "Díreach" rócham i gcuid aca, leis an
méad do bhí siad truaillighte. Is cosmhúil ó na tomh-
asaibh atá ionnta, go bhfuil siad ársa agus gur
thángadar anuas chugainn i mbéal na ndaoine mar
do tháinig cuid mhór de dhántaibh Dhonchaidh Mhóir
Ui Dhálaigh, do sgríobh níos mó 'ná sé ceud bliadhan
as dá fhichid ó shoin.



Acht tar éis do na sean-bhárdaibh do bheith imthighthe,
do thosaigh an sgoil nuadh, d'éirigh suas ann a n-áit,
tomhais eile do thabhairt asteach, agus, i n-áit na siol-
laidh féin do chómhaireamh ann san líne, níor chómhairigh
siad acht na siollaidh ar ar thuit brigh an ghotha, agus
d'fhág siad dánta 'na ndiaigh ann a bhfuil naoi, deich,
aon-deug, agus dó-deug de shiollaidhibh ionnta, ann
san líne.



Fághmaoid ann san gcuid is mó de na dántaibh
nuadha so go mbíonn a dó no a trí d'fhoclaibh i lár gach
líne, ag deunamh "cómhárda briste" no cómhfhuaime
mi-riaghalta leó féin, no le a dó no a trí d'fhoclaibh
eile i lár na líne leanas; agus ni bhíonn aon umhiir
chinnte ann sna siollaidhibh atá 'san líne.



D'fhág na nuadh-bháird a lán de na dántaibh seo 'na
ndiaigh, ann san seachtmhadh agus ann san ochtmhadh aois
deug; agus ni raibh aon chineál filidheachta diadha budh
choitchinne ameasg na ndaoine agus budh mhó do thaithnigh
leó 'ná píosaidh fada spioradálta sgríobhtha ar an
gcuma so, mar atá "An Bás agus an Duine," no
"Comhrádh idir an gColainn agus an Anam," no


L. 74


"Críoch Dhéigheannach an Duine," no "An Bás agus
an Peacach," no "Eachtra an Bháis." Bhí a lán de na
dántaibh seó ar bheul na ndaoine, agus tá siad le
fághail ann gach " Bolg an tsaláthair," go mór-mhór i
gCúige Múmhan. Bíonn na dánta so, beag-nach uile
go léir, ag cur i gcéill dúinn diomhaoinis agus
neimhnidh an tsaoghail seo, ag taisbeant nach bhfuil ann acht
"gath a sgaoiltear no slám de'n cheó," ag síor-rádh
nach bhfuil aon nidh ar fiú breathnughadh air, acht Dia
agus an "bheatha thall."



Ag so sompla as "Críoch Dhéigheannach an Duine"
dán do bhí chomh coitchionn sin i nÉirinn gur cuireadh i
gcló é i mBaile-ath-Cliath 'san mbliadhain 1818 le
Éamon o Sealbhaidh éigin. Shaoil cuid de na daoinibh
gur Donnchadh Mór O Dálaigh do rinne é, acht ni féidir
sin. Is follusach ó'n tomhas agus ó'n bhéarsaigheacht
gur dán ó'n Sgoil Nuaidh é.



CRÍOCH DHÉIGHEANNACH AN DUINE



A dhuine, cuimhnigh do chríoch dhéigheannach,
A's ná caith d'aois le baois ná breugaibh,
Cumann an tsaoghail chlaoin go dtréigfir,
Cidh gur aoibhinn smuaín gur baoghalach.



Cidh tá tu láidir, lán de thréithibh,
lán de sláinte, lán d'áille a's sgéimhe
ná bain cáil as bhláth beag bréige,
's gur táire í 'ná sgáile gan éifeacht.


L. 76


Ná géill-se do rachmas no maitheas an tsaoghail seo,
As a ghnéithibh na deun iomad sgleipe,
feuch gur de'n chré atá tu deunta,
'S an trath éagfair gur cré dhíot dhéanfar.



Cidh gur mor do chuid óir a's gréithre,
Do chuid airgid bháin, práis, a's péatoir,
Do bhath, do chapaill, a's do chaoirigh,
Do chaisleáin budh róbhreágh le feuchain,



Do lucht ealadhan bhíos ag taithighe d'fheuchain,
Do lucht eólais a dhuine, ó's cliste i gcéill thu,
Do chócairidhe bhíos ag tothughadh gach bhéile
[Ag] deunamh a coisreagtha ar bhord leathan eudain.*



Do chonairt bhíos go conarach béul-bhinn,
Do bhainfeadh cluithche as an eilit dá ghéire,
Ar fad na coille, cois corraigh no sleibhe,
Le n-a mire chum do ghaile do dheunamh.



Gach a ndubhras o thús 'san méad-sa
Ionnta súd dar mo chúbhas ní'l éifeacht,
Cidh atáid i g-cúram ort, och ní leat féin iad,
Cuirfid a g-cúl leat trath múchfar 'san gcré thu.



Tá leath-cheud rann eile 'san dán so, agus is
cosmhúil go bhfuil sé sean go leór, mar dubhradh gur cumadh
an dán so le Donnchadh O Dálaigh do fuair bás faoi 1244.
Is cinnte ó'n miosúr agus ó'n g-canamhain nach é



*Cf. "Fleidh Mhártain Mhic Ghiorra" ann a bhfuil an focal
"bord eudain": fuair mé i n-abhránaibh eile é mar an gceudna,
agus creidim gur b'é an Béarla atá air side-board.


L. 78


do rinne é, acht is dóigh gur bh' é ceann de na ceud-dhán-
taibh do rinneadh leis an Sgoil Nuaidh tar éis do'n
Dan Díreach do dhul ar g-cúl. Is follusach sin ó na
líntibh bhaineas le seilg na n-eilit agus le taithighe lucht
ealadhan. Ag so píosa simplidhe de'n tsórt ceudna
do fuair mé o charaid, do chualaidh é ag seanfhear as
Chill-Chonnaill, seacht míle taobh shoir de Thuaim i gcon-
daé na Gaillimhe.



AN FEAR ROIMH BÁS.



A Íosa Críost 'gus a righ na ngrása,
A chruthaightheóir neimhe, talmhan, a's Párrthais,
Do dhóirt do chuid fola ar chrann na páise,
Le mise do shábháil ó'n droch-bhás* cráidhte.



Thug mise droch-chúitiughadh dhuit feadh mo bheatha,
Ag fosgailt do loite le neart mo pheacaidh,
níor smuaín mé gur tu do thug dam sláinte,
Mo bheatha laétheamhail, talamh a's táinte.



Cia an mhaith dham anois mo shaidhbhreas saoghalta
Mo cháirde breágha, cómhluadar,† ná gaolta!
Tá an bás i láthair 's mo bharántas sgríobhtha,
'S gan párdún uait-se táim caillte choidhche.



Ni dhearnaidh mé faoisidin le sagart ná bráthair,
'S níor iarr mé congnamh Mhuire Do Mháthair.
Do na bochtaibh ni thug mé deoch ná déirce,
Act le droch-chómhluadar chaith mé na ceudta.



*Ó gach aon bhás cráidhte," dubhairt an fear. Tá an cheud rann
so ar aon fhocal beag-nach leis an gceud rann ann san "Cholera
Morbus," le Raifteridh.
†"Cúmhlódar" i gConnachtaibh.


L. 80


A Dhia is tu an t-athair uile-chúmhachtach
Tabhair dam spás le deunamh údhachta,
Bhéarfad mo shaidhbhreas do na Boicht mar dhrúchta
Geobhaidh tu moladh uatha mar bholtanas cúbhartha.



An Freagradh.



Glacfad d'fhocal a's bhéarfad duit gearr-spás
Deun usáid mhaith dhé ag saothrughadh grás,
Deun faoisidin mhaith le sagart no bráthair,
Agus iarr congnamh ó Mhuire Mháthair.



Fuair mé cóip de dhán i n-America, do bhí ameasg
na láimhsgríbhinn atá i dtaisge ag Cumann na Gaedh-
eilge i Nuadh-Eabhrac, dán a raibh timchioll cúig ceud
líne ann,* d'ar bh' ainm "An Bás agus an Duine," agus
tá beagán rann ann, nach misde dham a gcur síos, mar
mhínigheann siad go maith dúinn baramhail na nGaodhal
ar an mbrosgar iongantach srón-chainteach salmach sin,
do phlanndaigh Cromail 'na measg. Tá an duine, mar
is cosmúil, ag iarraidh láimhe an Bháis do chongbháil
uaidh le ceisteannaibh do chur air, agus fiafruigheann
sé dhé faoi dheireadh mar so.



AN BÁS AGUS AN DUINE.



Cad deirir a Bháis atá 'g am' éisteacht
Re Quakers Anabaptists no Presbitérians,
A's gach dream eile ghnidh deifir gan éifeacht
Gan úghdaras tuigse no eagna déagh-cheart?



*Bí an Dán so sgríobhtha go deas, timchioll tri fichid bliadhain ó
shoin, acht ni raibh aon ainm leis. Budh sgribhinn Chonnachtach í o'n
gcanamhain, creidim.


L. 82


Tá an Bás cineálta go leór, agus téidheann sé ag
argúint leis an bh'fear agus deir sé go cúirtéiseach.



Deirim gach duine nach g-creideann, go n-eugfaidh
Go síorruidhe suthain gan cumann an naémh-s'prid,
Chidhim nach fearr sagart chum teagaisg do dheunamh
'Ná stríopach bhodaigh lobhthaigh bhreugaigh,



Greusaidh, clóidéar, sginnéar éille,
Tailliúir, búistéar, cuitléar claonach,
Ceannuidhe bradach, sracaire méirdrigh,
Sean-chailleach Ghallda labhras béarla.



Má aithnighid siolla no litir i bheursa,
Gan stuidéar diadha ná ciall léighinn,
Gan laidionn Eabhrais Fraincís no Gréigis,
Trath bhidheann a ngoile ag feuchaint le feusta.



Má deir an spiorad leó teagasg do dhéanamh
Seasaid i bpuilpid mar chailligh* gan éifeacht,
Ar chré, ar paidir, ní' i meas aca ar aon chor,
Rinneadar nuadh-phaidir budh thaithneamhach d'á méadal.



Is mallaighthe an obair afrionn d'éisteacht,
Is mallaighthe an teagasg trosgadh do dhéanamh,
Naoimh d'agalladh is mallaighthe an beus sin,
Déirc nó aifrionn le h-anam ar n-éagaibh.



Deir an Bás leis, faoi dheireadh, nach n-éistfidh sé leis
a thuilleadh, agus go bhfuil sé dul dh'á bhualadh. Tosaigheann
an duine sgannraighthe ann sin a fhaoisidin do dhéanamh
agus do ghuidhe:



A athair na ngrás tabhair spás ó'n éag dam,
'S ná leig an tuath bualadh i m' éadan
De nós puice muice no caorach,
Go ndeunfad m'úmhlacht a's m'aithrighe dhéigheannach.


L. 84


Tiomnaighim m'anam do'n Trionóid naomhtha
A's do naomh-abstail' a's d'ainglibh i n-éinfheacht,
'S mo chorp do b'olc, och och! do phéistibh,
Do rinne drúis a's tnúth a's éigceart.



An trath bhí [sé] óg níor mhór a dhéigh-bheart,
Acht clampar, fallsacht, iomad éithigh,
Dá fhad a ól a's póit - budh mhéin leis,
Do bhí ar meisge 's ar uireasbhaidh céille.



Och! sé [an] phléid (?) chuir mé faoi chéile (?)
Nach raibh beann ar oibribh Dé 'gam,
Ni raibh beann ar phaidir ná cré 'gam,
Ni thugas faice no tada* le daonnacht.



Dá bhfeicfinn an bocht is magadh leis dheunfainn,
Do b'fhearr liom sgilling do theilgean faoi chéile
'Ná pighin do thabhairt do dhuine mar dhéirce,
Do bhí mé taidhbhseach uaibhreach pléideach.



Budh mhór mo mheas ar mo sgéimh ghil,
Ni thiubhrainn urram do dhuine aosta,
Dá fheabhas a bhfola a moladh a dtréithre
Ní dhearnas maith ar fhlaith gan gaol leis.†



Níor thógbhas an fóghmhar 'san ló gréine,
Thóg mé an cogal, an chruithneacht níor léar dham,
Chuirfinn mo chómharsaidhe‡ tríd a chéile,
Do ghnidhinn fearg 's is fada go réighfinn.



Cómhairle m' athar 's a theagasg níor léar dham,
Níor bhfearr liom a bheannacht 'ná a mhallacht ar aon chor,
An nidh nar ghoid mé ghoidfinn§ dá bhfeudfainn,
An nidh do chruinnigh mé budh mhinic mé 'ga fheuchain.



*.I. dadamh. Labhairthear mar "tada" in Árainn fós é.
†Is fíor-Ghaodhalach an rádh so. Ní 'l mórán ann andiú do
bheidheadh d'á agairt sin mar pheacadh 'na n-aghaidh féin!
‡recte, "chuirinn mo chómharsanna."
§"Guidh" agus "ghuidhinn" 'san leabhar.


L. 86


Le corp sainte táim faoi dhaor-bhruid.
Ag an aifrionn Dómhnach gréine,
An dara glún fúm ní chlaonfainn,
*Am na paidre budh chomhrádh dheunfainn.



Sé anonn 's anall do bhithinn ag feuchaint
Cia aca budh h-innealta deise i n-eudach,
Chum go meallfainn gach óigh d'fheudfainn,
Do shaoileas fealladh le cealgaibh an tsaoghail.†



Bhéarfaidh me sompla eile no dó ar na dántaibh
fada so' a bhfuil cuid aca cumtha ar mhódh cómhráidh
idir an gcorp agus an anam no idir an mBás agus
an duine etc. Tá siad iomadamhail agus rud-beag
liosta do réir mo bharamhla-sa, acht do chuir na daoine
spéis mhór ionnta. Ní'l fhios agam cia an áit i n-Éirinn
rinneadh iad; bhí siad le fághail ann 's gach áit dí,
acht creidim go mbaineann an chuid is mó aca do chúige
Múmhan. Do bheir Seághan O Dálaigh dá cheann de'n
tsórt so "Aighneas an Pheacaigh leis an mBás,"
agus "Siosma an anama leis an gcolainn" ann a bhfuil
níos mo'ná sé ceud líne, acht deir O Dálaigh go raibh siad
so cumtha le Pádraig Denn i g-condaé Phortláirge
timchioll ceithre fichid bliadhan ó shoin. Ni'l aon eólas
agam féin ar a n-úghdaraibh, acht measaim nach ndear-
naidh Pádraig Denn acht iad do leasughadh agus b'éidir
do mheudughadh, acht ni fheudaim bheith cinnte dhe seo.



Tá cuid mhaith ann sna dántaibh seó chuireas


L. 88


labhartha Wesley nó Whitfield ann ár g-cuimhne.
Measann an duine-tuaithe i gConnachtaibh, chomh fad
agus aithnighim-se é, go bhfuil Dia trócaireach agus
go sábhálfaidh sé faoi dheireadh na daoine, acht amháin
duine ar bhith atá cionntach i ndroch-chóir ar fad, acht
damnaigheann cia bé sgríobh an dán so, iad, as eudan.
Ag so cúpla rann mar sompla, chruthaigheas feabhas
a theagaisg d'á chómharsannaibh. Nuair thig an Bás
ag bagairt ar an bpeacach ag rádh leis go bhfuil an
t-ifrionn i ndán dó, tosaigheann an peacach 'gá chos-
aint féin, agus ag rádh nár chóir a chur ann san áit sin,
óir nach raibh sé níos measa 'ná mórán daoine eile.
Deir se go nádúrdha go leór.



AIGHNEAS AN PHEACAIGH LEIS AN MBÁS.



Do shaoil mé riamh ná rinn me* aon nidh,
Do thuillfeadh pianta síorruidhe éachtach;
Ní rinn mé goid broid ná éigean,
"Murder" ná feall aon am de'm shaoghal.



Do thugainn lóistín do gach deóraidh tréith-lag,
Biadh 'gus deoch do'n té chidhinn i n-eugmais,
Díoluigheacht cheart le fear an éilimh,
O! nach cruaidh é Íosa má ghnidh [sé] mé dhaora[dh].



An Bás [ag freagairt].



Ni'l dobhat nach fíor gach nidh de'n mhéad sin,
Acht éist go fóil go 'neósad féin duit,
Créad iad na neithe tá ad'choinne 'g an Aon-mhac,
'Na g-cúis mhóir throim le fonn thu dhaoradh.



Do bhí tu páisiúnta, droch-labhartha, breugach,
Óltach, imearthach, siosmathach, sgléipeach,
Barbarach, glagarach, 's a' dearbhugh' éithigh,
A's tuig go dtuilleann an sórt sin thu dhaorad.



*= "nach ndearnaidh mé," mar déarfamaois i gConnachtaibh.


L. 90


An Peacach.



Má ólaim sgilinn go minic i dtigh an tábhairne
I bhfochair mo chómharsan no mo chómhguis cáirde
Is mairg duit choidhche sin mhuidheamh am' láthair,
A's feabhas mo chroidhe-se chum díol thar chách díobh.



Do bhí mé tamall beag i dtosach mo shaoghail
Bruigheantach barbarach 's tabhartha d'éitheach,
Do rinn mé faoisdin fad mo bheatha 'na dhéigh sin,
A's do shaoileas, geallaim, go raibh maithte mo chlaonta.



Do chualas sagairt d'á theagasg go fórsach
Go bhfuaradar ó Chríost le brígh, na comhachta
Chum peacaidh [do] mhaitheamh do'n aithrigheach eólgach,
Nuair dheunfadh faoisdin ann gach gníomh d'á mhór-olc.



An Bás [ag freagairt].



Is fíor é, an peacach, cidh mallaighthe a thréithe,
Má innseann* a pheacaidh le doilgheas deurach
Go bhfághaidh párdún fíor ó Righ na Naomhaibh
'Ge [.i. ag] glúin an tsagairt a's beannacht an Aén Mhic.



Acht i dtaobh d'fhaoisdin-se 's do gheallamhain breugach
Ní'l ionnta aon tairbhe chum d'anam do shaoradh,
Mar nach raibh ort doilgheas tre d' pheacaidh éuchtach'
Ná fonn ceart fíor an aithrighe [do] dhéanamh.



Ná tuig a spaidire go maithfidh Mac Dé dhuit
Tar éis a rinnis de chuirpeacht chlaontach,
'S ar bhrisis d'á dhlighe, gan suim 'na chréachtaibh,
Acht d'á cheusadh arís gan sgith le h-éugceart.



Deir an peacach bocht nach raibh sé níos measa na
daoine eile agus



Má's fíor gach a ndeir tu go mbéidhead-sa daortha
Ar son na g-cortha do 'nnisir† id' sgeul dam,
Is é mo thuigsint gur beag 'san tsaoghal so
Nach bhfuil chomh dona liom 'san méad sin.



*"Nisionn," i gcondaé Phortláirge. Tabhair fá deara an fhoirm
Mhuimhneach "na naomhaibh" i n-áit "na naomh," 'san líne leanas.
†= "innsir" no "innsidh tu."


L. 92


Má bhíd uile mar mise gan saora[dh]
Tar éis gach maitheis do cleachtaid le daonnacht,
Is beag le sábháil lá na ndaor-bhreath,
Mar atáid uile 'san g-cuir-peacht cheudna.



Tig seanmóir fhada ó'n mBás ann sin, mar fhreag-
airt, ag cur i g-céill cia an chaoi a bhfuil na daoine
meallta.



Nuair is méin leó filleadh ó chuirpeacht Shátain
Deir sé 'rís leó 'na g-croidhe go láin-ghlic,
Nach bhfuil Dia chomh dian a's tráchtar,
A's nach ndaorfar chuige* an duine macánta.



Fiafruigheann an Peacach faoi dheireadh cad é an
sórt daoine bhéidheas damanta, agus bheir an Bás
freagairt fada dhó arís. Is in-bhreathnuighthe nach bhfuil
aon fhocal 'san bhfreagairt seó anaghaidh na ndaoine
de'n chreideamh Gallda, cidh go bhfuil na daoine
dhamnaigheas sé chomh h-iomadamhail sin go n-abrann an
Peacach.



Och a Bháis, éist, is deimhin gur breug duit!
Go leór d'á ndubhairt tu bheith i g-cúis daortha,
Mar is beag, saolim, do chidhim 'san tsaoghal
Nach bhfuil cionntach mar dhream éigin.



Damnaigheann an Bás - acht ní abrann sé gur ar son
a g-creidimh é -" An dream dubh Gallda ramhar na
mór-thuirc, tá deighilte o Dhia, 's leis an ndiabhal do
gheobhaidh siad."



Deir an peacach faoi dheireadh:



Is minic, go dti seo, rinneas gníomhartha éachtach'
Déirc a's carthanacht 's ana-chuid† daonnacht'
An bhfuighfead aon luaidheacht‡ im' mhór-mhaith ar aon chor,
Tar éis gach ar thugas de ghustal an tsaoghail uaim?



*"chuige" = "ar aon chor" i áiteachaibh i gCúige Mumhan.
†= an-chuid .i. mór-chuid. Deir na Muimhnigh "ana-mhór,"
"seana ean" etc, i n-áit "an-mhór" "sean-bhean," etc.
‡"a bhfaighead aon luacht" 'san g-cló.


L. 94


Acht tá an Bás dó-lúbtha, deir sé nach bhfuil aon
mhaith dhó 'san méad sin



I n-urnaighibh, i n-aifrionn, i dtrosgadh, ná i dtréineas,
I ndéirc, i g-carthanacht, ná i n-an-chuid daonnacht,
Ní 'l ionnta aon tairbhe, an peacadh muna dtréigfear,
'S bheith i ngrádh le Críost am an ghnímh do dheunamh.



Cidh maith i an charthanacht, mar is súbháilce naomh í,
Is í sgáith a's tearmon an anam' gan bhréig í,
Acht má ghnithear dearmad de'n aithrighe dheurach
Atá 'n uile mhaitheas chomh marbh 's is féidir.



Acht ní'l aon mhaith i mbriathraibh an pheacaigh, agus
tar éis árgúinte fada de'n tsórt so, buaileann an
Bás é agus sin deireadh leis!



Thug mé an giota fada so as an dán Muimhneach le
n-a chur i g-compráid leis na píosaibh eile de'n chineál
ceudna, agus mar shaoil mé gur bh'fhiú a thabhairt mar
shompla ar bharamhlaibh na ndaoine féin i dtaoibh
diadhachta, nuair labhair siad Gaedheilg agus nuair bhí
baramhla aca. Acht, mar dubhairt mé, ni h-é díoghaltas
Dé acht a thrócaire gan crích, an cháilidheacht is mó air
a bhféachann an Connachtach, mar deir an righ-fhile sin
Pádraig O Broin go binn.



Tá Righ na bhflaitheas ann a ghrádh 's a mhaitheas
Go síorruidhe ag feitheamh leis an bpeacach fáin,
A's tá fáilte dhíleas agus dualgas milis
Do lucht an aithreachais ameasg na slán.



Atá abhrán coitchionn eile ann,ann a bhfuil sean-chaill-
each ag cur anaghaidh a mic agus ag rádh gur fearr Dia
'ná duine. Créad fáth mbeidheadh fearg go síorruidhe
ar Dhia leis an duine cionntach? Nach athair dúinn
Dia? Ni bhíonn fearg shíorruidhe ar athair.


L. 96


Rachfaidh fear ar an gcoill go bhfághaidh sé sgiúrsa
Go mbuailfidh a leanbh, cur smacht agus tsiúir air,
'S gearr an agadh* andiaigh a fhearg do mhúchadh
Gur míle measa leis an leanbh 'ná an sgiúrsa.



Agus i n-áit eile deir sí nach féidir fearg bheith ar
Dhia go buan



Is mór an fhearg í, 's deacair a réidhteach,
'S budh mhithid dó casadh dá bhfeudfadh† sé ar aon chor,
'S go bhfuil sé suighte dearbhtha ag Sacsanaigh' Éireann
Nach bhfuil dream ar an talamh is measa na "Papists,"
Tá grádh ag na Sacsanaigh' uile d'á chéile
'S an té dhíol Críost nach díobh féin é?



Má tá grádh ag na Sacsanaighibh millteacha ar a
chéile, cad fáth nach mbeidheadh grádh ag Dia ar a
chlainn féin.



Acht tá an chuid is mó de na dántaibh diadha do
fuair mé o na daoinibh i gConnachtaibh ag tabhairt
cómhairle dhúinn oibreacha maithe do dheunamh, agus
ag rádh nach bhfuil aon bhealach eile ann acht sin a dtig
le duine dul go flaitheas Dé air. Ag so, mar shompla
dán do sgríobh mé síos o bheul fir i gcondaé na
Gaillimhe. Mártain Ruadh O Giollarnáth an t-ainm
do bhí air. Ba as Lios-an-uisge láimh le Muine-an-
mheadha é. Ni raibh aon bhéarla aige.



TEAGASG BHRIGHID



Teagasg Bhrighid ar a leas do'n pheacach
Beannacht a athar 's a chómhairle do ghlacadh,
Muire Mháthair go bráth do thagairt
Reult an eólais ag an óinseach againn.



†"dtagadh" 'san MS. Measaim nach é an chailleach acht an mac
atá ag labhairt ann so.


L. 98


Mac na mná údi* nár thuill an sgannall
Agus go bráth nár dhearmad an t-athair,
'Sé sin féin do rinne ár gceannach
Mar is tre na thaoibh chuaidh sáith na sleighe.



Deir an dán so i dtaoibh na droinge nach raibh dúil
aca i ndéirc ná i dtrócaire.



An oidhche is duibhe 'san saoghal d'á mbíonn againn
Gan ceó gan reulta gan gealach,
Is gile í 'ná lár an laé bhíos aca.



Dá dtiucfá liom-sa agus súd d'amharc,
B'fhearr leat spóla dheunamh díot 's do ghearradh,
Do bhruith do dhóghadh a's do losgadh,



Do chur i mbácúis go mbeidhtheá casgartha,
Do mheilt as bró 's an slógh† d'a casadh,
go mbfearr leat sin 'ná bheith i bpeacadh marbhthach.



Bheir an dán so dúinn a lán de dheagh-chómhairle. Ag
so sompla.



Nuair éireóchas tu ar maidin téidh i n-aifrinn‡
Feuch ar an altóir mar is ceart duit,
Feicfidh tu Íosa Críosta ann súd 'na sheasamh
Agus a chorp naomhtha i láimh gach sagairt.



Nuair béidheas tu réidh teirigh a- bhaile,
Tabhair lóistín do dheóraidh' go dti maidin,
Biadh 'gus deoch do'n té bhéidheas falamh.



Má bhíonn do cháirde tinn ar a leabaidh
Má bhíonn aon nidh agad, bíodh sé aca.
Mallacht na baintreabhaighe§ ná bíodh agad.



Ag dul do luidhe dhuit ar do leabaidh
Teirigh ar do ghlúnaibh agus gabh do phaidir,
'S an cuma ceudna arís ar maidin.



†"an sógh" dubhairt an fear, acht ni thugim sin.
‡i.e., chum an aifrinn.
§Baintrighe" dubhairt an fear.


L. 100


Is é an nidh is mó theagasgthar ann, deagh-ghníomhartha
do dheunamh.



Deunaidh deagh-bheart gan bhréig gan mhagadh
Deunaidh deagh-bheart gan bhréig ar an talamh.
Sin í an tslighe dhíreach agus leanaigidhe é,
Sin é an bóithrin a's [na] fágaidh amuigh é.



Ag so cuid bheag de dhán fada eile do sgríobh mé ó
bheul an Mhártain Ruaidh cheudna.



IS MAIRG.



Is mairg a bhíos teann ar a shaoghal gearr
'S gan fhios againn c' fhada uainn ceann ar "léas"
Gan orrainn acht sméidheadh ó'n mBás
Agus caithfidh an t-anam* bheith* i láthair Dé



Súd fhiafróchas Críosta de'n anam
Cad do bhí sé a dhéanamh ag caitheamh a laé,
"Thug mé dhuit stáit le thu féin do shabháil,
'S a amadáin feuch mar dhamain tu [thu] féin."



[An Peacach].



"[Do] leig mé faillighe ann san gcás
Agus shaoil mé filleadh arís fo† do sgéith
No go dtáinig (ar seisean) an Bás
Agus rug sé orm ar bheul."



Nuair rachas an t-anam i bhfiadhnuise na Trionóide
Agus faoi bhreitheamhnas Mhóir-mhic Dé,
Ní bhéidh nidh ar bith le cur ann a leith go cneasta,
Acht trosgadh urnaighthe agus déirc.



*"An tanam bocht freagairt" dubhairt an fear.


L. 102


Muna dtugfá acht gloine den uisge fuar,
(An nidh is fusa fhághail d'á bhfuil faoi 'n ngréin.)
Go bhfuighfhidh tu a luach ar stáid na ngrásta,
Acht é do thabhairt uait i n-onóir Dé.



Tri luach saothair atá againn
As do bheith ag maslughadh Dé,
Mar tá mi-ádh mór, agus giorrugh'* saoghail
Aghus pianta ifrinn 'r éis ár lae.†



"Ni'l aon uair ghearrfamaoid fuil Chríosta gan aon
ádhbhar, nach gcraithfidh sé trí h-uaire orrainn a lámh,
"tá aithbheul mór orm an creutúir údi do chumadh atá
do mo chur arís chum báis." Acht [a raibh] de dhroch-
smuaínteachaibh aige, agus [de] dheagh-ghniómharthaibh,
rachfaidh siad i n-aibidh (?) dileas (?) sgála leó féin,
agus pé ar bith théidh leis an teilgean an uair sin, is
aige-sean béidh se.‡"



Béarfaidhear ar an anam bocht
'S caithfidhear go teaghlaigh ifrinn é,
'S budh mheasa leis 'ná bheith ann sna piantaibh
Sgaramhaint le subháilceas breágh Mhic Dé.



Deir an dán, tar éis sin, go raibh an saoghal iomlán
i ndorchadas agus nach ndeachaidh le tri míle bliadhan
aon anam go flaitheas, agus go raibh na h-aithreacha
naomhtha "i ndorchadas dóibh féin,"



*"geireach saoghail" dubhairt an fear. Ni thuigim sin.
†"le linn Dé" dubhairt an fear.
‡ni thig liom bheursaidh do dheunamh de'n méad so, atá sé chomh
truaillighthe sin, acht is cuid de'n dán é.


L. 104


No gur ghlac an Trionóid truaigh
Do'n chine daonna bheith dul i léig,*
Agus gur thuirling mac na ngrásta
I mbroinn Mhuire, máthair Dé.



Dá ndeunfadh do chómharsa olc ort
Níor mhian leat maitheamh dhó go h-éag†
Acht feuch mar rinne mac na ngrásta
Do'n té do roinn, tráth,‡ spóla Dé.



An croidhe bhíos go h-olc d'á chómharsain
Béidh se 'na mheall brimstóin i lár a chléibh,
'S an teanga tá [ag] luadh na mionna móra
Béidh sí 'na brannra shiar 'na bheul.



Lá an bhreitheamhnais ar an sliabh
Caithfimid cruinniughadh i láthair Dé,
Caithfidh na sagairt freagairt ag an bpobal
Ar son§ an chogail uile go léir.



Béidh clocha na n-altóir agus clocha na gcealtracha
Teacht ag deunamh fiadhnuise i láthair Dé,
Béidh na cáirdeasa-Críost ann ag teacht 'na mbannaidh
[Ag teacht] ar son a ndálta féin.



[Caithfidh na cáirdeasa Críosta freagairt
Ar son a ndálta uile go léir]
As gach banna a's as gach geallamhain
D'á dtugadar ariamh do'n chléir.



*"I léig" = go léir-sgrios?
†"go bráth" dubhairt an fear.
‡"na spóla" dubhairt an fear, acht ní féidir gur ceart sin.
§"cad do sheól ar an gcogal" dubhairt an fear, rud nach
dtugim go maith.


L. 106


Ni le bladair, ni le bréig,
Ni le uabhar,* ná le plé,
Is cóír dhuit do dhul ann do chairdeas Chríosta
Acht le grádh díleas Dé.



Mar thig solas ar an ngealaigh,
Mar thigeas teas ar an ngréin,
Mar thigeas an féar tríd an talamh
[Tiucfaidh lá breitheamhais Dé].



Do bhí a lán eile ann san dán fada so acht níor
sgríobh mé síos é, agus fágaim amach ann so cuid
dá'r sgríobh mé, óir ni raibh sé róshoiléir.



Má dhearcmaoid 'nár dtimchioll ar thalam na
Críostuigheachta andiú, chidhfimid ar éigin áit eile
a bhfuil níos mó grádh ag na daoinibh ar an
tSagartacht 'ná i nÉirinn. Ni'l mé ag trácht anois
ar aon ádhbhar imreasáin tháinig eatorra go déigh-
eannach, acht má sgrúdaighmid stair na h-Éireann ar
feadh an chúpla ceud bliadhan chuaidh tharrainn, fágh-
maoid go raibh an sagart díleas d'á phobal agus an
pobal d'á shagart.



Is iad na bliadhanta fada, lán de chrádh agus de
bhochtanas, d'fhulaing na h-Éireannaigh (tar éis daoine
uaisle na tíre, a luchd cosanta féin, do beith leagtha),
agus iad gan aon duine ag seasamh ar a son acht a
sagairt féin, do cheangail croidhe an náisúin dóibh go
daingean dlúth dó-sgaoilte. Do chonnairc na daoine



*Labhair se an focal so mar "bhodhar" wow-ar, ag deunamh
comhfhuaime leis an mBéurla Bower. Tá athrughadh tomhais an 'san
líne seo. Is mé féin do cheap an líne dheireannach óir níor fhéad
mé a léigheadh, tar éis a sgríobhta!


L. 108


ar feadh dá cheud bliadhan, a sagairt féin i mbochtanas
agus i n-anró, ag dul i mbearnain an bhaoghail, ag
iarraidh a n-oifig naomhtha do dhéanamh, ag dul asteach
agus ag teacht amach ann a measg, ag cur ola ar an
droing do bhí i ngreim an bháis, ag ceangailt na
lánamhan óg, ag breugadh bróin na mbocht, agus ag
fritheóladh saicriméid na h-Eaglaise, cidh gur pianaigh-
eadh gur géar-leanadh agus gur cailleadh iad féin, go
minic, ann san obair sin. Má's fíor an nidh adubhairt
mé, gur ar éigin tá aon tír eile 'san Eóraip ann a
bhfuil réim agus cúmhacht na sagart Rómhánach chomh
mór agus tá siad i n-Éirinn, agus má théidhmid ag
lorgaireacht cia an fáth, tuigfimid go furasta gur
mar gheall ar Éire do bheith ag cuimhniughadh fós ar an
méad mi-ádha agus géar-leanta d'fhulaing sise agus a
sagairt le chéile, tá sí chomh ceanamhail orra a's atá.
Níor dhearmaid sí sin fós, agus má tá áit chomh maith
sin ag sagartacht na h-Éireann i gcómórtas le
sagartacht Rómhánaigh na dtír eile, ni h-é mar gheall
ar fhuil Cheilteach do bheith ann sna daoinibh, ná mar
gheall ar aon nidh eile d'á shórt, acht mar gheall ar an
gcompórt, ar an sásughadh, ar an gcabhair, agus ar an
síor-chongnamh do fuair daoine bochta na h-Éireann ó
na sagartaibh ann san dá aois chuaidh tharrainn, nuair
nach raibh aon duine léigheanta eile le dul i bpáirt
leó acht iad-san amháin.



Cuimhnighmíd fós ar na cleasaibh do b'éigin do
shagartaibh na h-Éireann d'imirt, le na n-anam do
shábháil, acht tá na sean sgeulta so ag dul i n-di-
chuimhne ó thosaigh an sagart agus an tuata a g-cuid
Gaedheilge, ann ar innseadh iad, do chaitheamh uatha


L. 110


do bhí daoine i n-Éirinn an t-am sin nach raibh gnódh
ar bith aca acht na sagairt d'fhághail amach agus luach
d'fhághail ó'n dlighe mar gheall ar a n-obair shalaigh,
mar chidhmid ó'n rann so do chualaidh an t-Athair O
Laoghaire ó dhuine éigin.



Ni'l maith dham bheith d'á labhairt,
'S do ghaol le Donnchadh an t-sagairt,
Le h-Eóghan na gcártaidh, a athair,
Le lucht na g-ceann do ghearradh,
Le cur i málaibh leathair,
Do bhreith leó síos do'n chathair,
'S an óir do thabhairt a- bhaile,
Mar chothugadh ban a's leanbh.



Ag so sgeul, mar shompla, do fuair mise ó Phróinsias
O Conchúbhair i mB'l'áthluain, do chualaidh é ó
sheanmhnaoi, do tháinig as Baile-an-tobair i gcondaé
Mhuigh Eó. Chomh fada agus do bhí an Ghaedheilg d'á
labhairt, agus na sgeulta so d'á n-innsint innti, is
beag an t-iongnadh meas do bheith ag na daoinibh ar a
gcuid sagart.



TOBAR MHUIRE.



A bhfad ó shoin do bhí tobar beannaighthe i mBaile an
tobair, i gcondaé Mhuigh Eó. Bí mainistir ann san
áit a bhfuil an tobar anois, agus is ar lorg altóra na
mainistre do bhris an tobar amach. Bhí an mhainistir


L. 112


ar thaoibh chnuic, acht nuair tháinig Cromail agus a chuid
sgriosadóir chum na tíre seó, leagadar an mhainistir,
agus níor fhágadar cloch os cionn cloiche de'n altóir
nár chaitheadar síos.



Bliadhain ó'n lá do leagadar an altóir, 'sé sin lá
Féil Mhuire 'san earrach, 'seadh bhris an tobar amach ar
lorg na h-altóra, agus is iongantach an rud le rádh
nach raibh braon uisge ann san sruth do bhí ag bonn an
chnuic ó'n lá do bhris an tobar amach.



Bhí bráthair bocht ag dul na slighe an lá ceudna,
agus chuaidh sé as a bhealach le paidir do rádh ar lorg
na h-altóra beannaighthe, agus bhí iongantas mór air
nuair chonnairc se tobar breágh ann a h-áit. Chuaidh
sé ar a ghlúnaibh agus thosaigh sé ag rádh a phaidre nuair
chualaidh sé guth ag rádh, "cuir dhíot do bhróga, tá tu
ar thalamh bheannaighthe, tá tu ar bhruach Tobair Mhuire,
agus tá léigheas na mílte caoch ann. Béidh duine
léigheasta le uisge an tobair sin anaghaidh gach uile
dhuine d'éist aifrionn i láthair na h-altóra do bhí ann
san áit ann a bhfuil an tobar anois, má bhíonn siad
tumtha trí h-uaire ann, i n-ainm an Athar an Mhic agus
an Spioraid Naoimh."



Nuair bhí a phaidreacha ráidhte ag an mbráthair d'fheuch
sé suas agus chonnairc colum mór glégeal ar chrann
giúbhais i ngar dó. Budh h-í an colum do bhí ag caint.
Bhí an bráthair gleusta i n-eudaighibh-bréige, mar bhí
luach ar a cheann, chomh mór agus do bhí ar cheann
madra-alla.



Ar chaoi ar bith d'fhuagair sé an sgeul do dhaoinibh an
bhaile bhig, agus níor bhfada go ndeachaidh sé tríd an
tír. Budh bhocht an áit í, agus ni raibh acht botháin ag


L. 114


na daoinibh, agus iad líonta le deatach. Ar an ádhbhar
sin bhí cuid mhaith de dhaoinibh caocha ann. Le clap-
sholas, lá ar na mharach, bhí os cionn dá fhichid daoine
ann, ag tobar Mhuire, agus ní raibh fear ná bean aca
nach dtáinig ar ais agus radharc maith aca.



Chuaidh clú tobair Mhuire trid an tír, agus níor
bhfada go raibh oilitreacha ó gach uile chondaé ag teacht
go Tobar Mhuire, agus ní dheachaidh aon neach aca ar
ais gan bheith léigheasta; agus faoi cheann tamaill do
bhídheadh daoine as tíorthaibh eile féin, ag teacht go dti
Tobar Mhuire.



Bhí fear mi-chreidmheach 'na chómhnuidhe i ngar do
Bhaile-an-tobair. Duine uasal do bhí ann, agus níor
chreid sé i léigheas an tobair bheannaighthe. Dubhairt
sé nach raibh ann acht pistreóga, agus le magadh do
dheunamh ar na daoinibh thug sé asal dall do bhí aige
chum an tobair agus thum a cheann faoi an uisge.
Fuair an t-asal a radharc, acht tugadh an magadóir a-
bhaile chomh dall le bonn do bhróige.



Faoi cheann bliadhna thuit sé amach go raibh sagart ag
obair mar ghardhadóir ag an duine-uasal do bhí dall.
Bhí an sagart gleusta mar fhear-oibre, agus ni raibh
fhios ag duine ar bith go mbudh shagart do bhí ann. Aon
lá amháin bhí an duine uasal breóidhte agus d'iarr sé ar
a shearbhfóghanta é do thabhairt amach 'san ngárrdha.
Nuair tháinig sé chum na h-áite a raibh an sagart ag
obair, shuidh sé síos. "Nach mór an truagh é," ar
seisean, "nach dtig liom mo ghardha bréagh d'fheiceál!"
Ghlac an gárdhadóir truaigh dhó agus dubhairt, "Tá
fhios agam cá bhfuil fear do léighseóchadh thu, acht tá
luach ar a cheann mar gheall ar a chreideamh."


L. 116


"Bheirim-se m'fhocal nach ndeunfaidh mise spidh-
eadóireacht air, agus íocfaidh mé go maith é ar son a
thrioblóide," ar san duine uasal.



"Acht b'éidir nár mhaith leat dul tríd an tslighe-
slánaighthe atá aige," ar san ghardhadóir.



"Is cuma liom cia an tslighe atá aige má thugann
sé mo radharc dam," ar san duine uasal.



Anois, bhí droch-chlú ar an duine-uasal, mar bhraith
sé a lán de shagartaibh roimhe sin; Bingam an t-ainm
do bhí air. Ar chaoi ar bith ghlac an sagart meisneach
agus dubhairt, "Bíodh do chóiste réidh ar maidin
amárach, agus tiomáinfidh mise thu go dti áit do
léighis, ni thig le cóisteóir ná le aon duine eile bheith
i láthair acht mise, agus ná h-innis d'aon duine ar bith
cá bhfuil tu ag dul, no fios cad é do ghnaithe (gnó)."



Ar maidin, lá ar na mhárach, bhi cóiste Bhingam réidh,
agus chuaidh sé féin asteach, leis an ngardhadóir d'á
thiomáint. "Fan, thusa, ann san mbaile an t-am so,"
ar sé leis an g-cóisteóir, "agus tiomáinfidh an gárdha-
dóir mé." Bhí an cóisteóir 'na bhitheamhnach, agus bhí
éud air, agus ghlac sé rún go mbeidheadh sé ag faire
orra-san,, le fághail amach cia an áit raibh siad le dul.
Bí a ghleus beannaighthe ag an sagart, taobh-astigh de'n
eudach eile. Nuair thángadar go Tobar Mhuire
dubhairt an sagart leis, "Is sagart mise, tá mé dul le
do radharc d'fhághail duit 'san áit ar chaill tu é."
Ann sin thum sé tri uaire ann san tobar é, i n-ainm an
Athar an Mhic agus an Spioraid Naoimh, agus tháinig a
radharc chuige chomh maith agus bhí sé ariamh.



"Bheurfaidh mé ceud púnt duit," ar sa Bingam,
"chomh luath agus rachfas mé a- bhaile."


L. 118


Bhí an cóisteóir ag faire, agus chomh luath agus chon-
nairc sé an sagart ann a ghleus beannaighthe, chuaidh sé
go lucht an dlighe agus bhraith sé an sagart. Do gabhadh
agus do crochadh é gan breitheamh gan breitheamhnas.
D'fheudfadh an fear do bhí tar éis a radhairc d'fhághail
ar ais, an sagart do shaoradh, acht níor labhair sé focal
ar a shon.



Timchioll míosa 'na dhiaigh seó, tháinig sagart eile go
Bingam agus é gleusta mar ghárdhadóir, agus d'iarr
sé obair ar Bhingam agus fuair uaidh í. Acht ni raibh
sé a bhfad ann a sheirbhís go dtárla droch-rud do Bhing-
am. Chuaidh sé amach aon lá amháin ag siúbhal tríd na
páirceannaibh, agus do casadh cailín maiseach, inghean
fhir bhoicht, air, agus rinne sé maslughadh uirri, agus
d'fhág leath-mharbh í. Bhí triúr dearbhráthar ag an
gcailín, agus thugadar mionna go marbhóchadh siad é
chomh luath agus gheobhaidís greim air. Ni raibh a bhfad
le fanamhaint aca. Ghabhadar é san áit cheudna ar
mhaslaigh sé an cailín, agus chrocadar é ar chrann, agus
d'fhágadar ann sin é, crochta.



Ar maidin, an lá ar na mhárach, bhí milliúinidh de
mhíoltógaibh cruinnighthe, mar chnoc mór, thimchioll an
chrainn, agus níor fheud duine ar bith dul anaice leis,
mar gheall ar an mboladh bréan do bhí timchioll na
h-áite, agus duine ar bith do rachadh anaice leis, do
dhallfadh na míoltóga é.



Thairg bean agus mac Bhingam ceud púnt d'aon
duine do bhéarfadh an corp amach. Rinne cuid mhaith
daoine iarraidh sin do dheunamh, acht níor fheudadar.
Fuair siad púdar le crathadh ar na míoltógaibh, agus
geuga crann le na mbualadh, acht níor fheudadar a


L. 120


sgapadh, ná dul chomh fada leis an gcrann. Bhí an
breuntas an éirighe níos measa, agus bhí eagla ar na
cómharsannaibh go dtiubhradh na míoltóga agus an corp
bréun pláigh orra.



Bhí an dara sagart 'na ghárdhadóir ag Bingam 'san
am so, acht ni raibh fhios ag lucht an tighe gur sagart
do bhí ann, óir da mbeidheadh fhios ag lucht an dlighe no
ag na spidheadóiribh, do gheobhadh siad agus do chrochfadh
siad é. Chuaidh na Catoilcigh go mnaoi Bhingam agus
dubharadar léi go raibh eólas aca ar dhuine do
dhíbreóchadh na míoltóga. "Tabhair chugam é," ar sise,
"agus má's féidir leis na míoltóga do dhíbirt ni h-é
an duais sin gheobhas se acht a seacht n-oiread.



"Acht," ar siad-san, "dá mbeidh' fhios ag lucht-an-
dlighe agus dá ngabhadaois é, do chrochfadaois é, mar
chroch siad an fear do fuair radharc a shúl ar ais dó."
"Acht," ar sise, "nac bhfeudfadh sé na míoltóga do
dhíbirt gan fhios ag lucht-an-dlighe?"



"Ní'l fhios againn," ar siad-san, "go nglacfamaoid
cómhairle leis."



An oidhche sin ghlacadar cómhairle leis an sagart,
agus d'innis siad dó cad dubhairt bean Bhingam.



"Ní'l agam acht beatha shaoghalta do chailleamhaint,"
ar san sagart, "agus bhéarfaidh mé suas í ar son na
ndaoine bocht, óir béidh pláigh ann san tír muna
gcuirfidh mé díbirt ar na míoltógaibh. Ar maidin amárach,
béidh iarraidh agam i n-ainm Dé iad do dhíbirt, agus
tá muinighin agam agus dóthchas i nDia go sábhálfaidh
sé mé ó mo chuid námhad. Téidh chuig an bhean-uasail
anois, agus abair léi go mbéidh mé i ngar do'n chrann
le h-éirighe na gréine ar maidin amárach, agus abair


L. 122


léi fir do bheith réidh aici leis an gcorp do chur 'san
uaigh."



Chuaidh siad chum na mná-uaisle, agus d'innis siad
dí an méad dubhairt an sagart.



"Má éirigheann leis," ar sise, "béidh an duais réidh
agam dó, agus ordóchaidh mé móir-sheisear fear do
bheith i láthair."



Chaith an sagart an oidhche sin ag guidhe Dé, agus
leath-uair roimh éirighe na gréine chuaidh sé chum na
h-áite a raibh a ghleus beannaighthe i bhfolach. Chuir sé
sin air, agus bhí crois ann a leath-láimh agus bhí uisge
coisreagtha ann san láimh eile, aige, dul chum na h-áite
a raibh na míoltóga. Thosaigh sé ann sin ag léigheadh
as a leabhar agus ag crathadh uisge choisreagtha ar na
míoltógaibh, i n-ainm an Athar an Mhic agus an
Spioraid Naoimh. D'éirigh an cnoc míoltóg, agus
d'eitill siad suas 'san aér, agus rinneadar an spéir
chomh dorcha leis an oidhche. Ni raibh fhios ag na daoinibh
cia an áit a ndeachadar, acht faoi cheann leath-uaire ni
raibh ceann díobh le feiceál (feicsint).



Bhí lúthgháire mhór ar na daoinibh, acht níor bhfada go
bhfacadar an spidheadóir ag teacht, agus ghlaodh siad
ar an sagart rith leis chomh tapa a's bhí ann. Thug an
sagart do na boinn, agus lean an spídheadóir é, agus
sgian ann gach láimh aige. Nuair nár fheud sé teacht
suas leis, chaith sé an sgian 'na dhiaigh. Nuair bhí an
sgian ag dul thar ghualain an tsagairt, chuir sé a lámh
chlé suas, agus gabh sé an sgian, agus chaith sé an sgian
ar ais gan fhéachaint taobh-shiar dé. Bhuail sí an fear,
agus chuaidh sí tríd a chroidhe, gur thuit sé marbh, agus
d'imthigh an sagart saor.


L. 124


Fuair na fir corp Bhingam, agus chuireadar ann san
uaigh é, acht nuair chuadar corp an spidheadóra do chur,
fuaireadar na mílte de luchógaibh móra timchioll air,
agus ni raibh greim feóla ar a chnámhaibh nach raibh ithte
aca. Ni chorróchadh siad de'n chorp agus níor fheud na
daoine iad do ruagadh, agus b'éigin dóibh na cnámha
dhfhágbháil os cionn talmhan.



Chuir an sagart a ghleus beannaighthe i bhfolach, agus
do bhí ag obair 'san ngardha nuair chuir bean Bhingam
fios air, agus d'iarr air an duais do ghlacadh ar son
na míoltóga do dhíbirt, agus í do thabhairt do'n fhear
do dhíbir iad má bhí eólas aige air.



"Tá eólas agam air, agus dubhairt sé liom an
duais do thabhairt chuige anocht, mar tá rún aige an
tír d'fhágbháil sul má gcrochfaidh lucht an dlighe é."



"Seó dhuit í," ar sise, agus sheachaid sí sporán óir dó.



Ar maidin, lá ar na mhárach, d'imthigh an sagart go
cois na fairrge; fuair sé long do bhí ag dul chum na
Fraince, chuaidh sé ar bord, agus chomh luath agus d'fhág
sé an cuan chuir sé air a eudaigh sagairt, agus thug
buidheachas do Dhia faoi n-a thabhairt saor. Ní'l fhios
againn cad thárla dhó 'na dhiaigh sin.



Tar éis sin do bhidheadh daoine dalla agus caocha ag
tigheacht go Tobar Mhuire, agus níor fhill aon duine
aca ariamh ar ais gan a bheith léigheasta. Acht ni raibh
rud maith ar bith ariamh ann san tír seo, nár milleadh
le duine éigin, agus milleadh an tobar, mar so.



Bhí cailín i mBaile-an-tobair, agus bhí sí ar ti bheith
pósta, nuair tháinig sean-bhean chaoch chuici ag iarraidh
déirce i n-onóir do Dhia agus do Mhuire.


L. 126


"Ní'l aon rud agam le tabhairt do shean chaochrán
caillighe, Tá mé bodharaighthe aca," ar san cailín.



"Ná raibh fáinne an phósta ort a-choidhche go mbéidh
tu chomh caoch a's tá mise," ar san tsean-bhean.



Ar maidin, lá ar na mhárach, bhí súile an chailín óig
nimhneach, agus ar maidin 'na dhiaigh sin bhí sí beag-nach
dall, agus dubhairt na cómharsanna go mbudh chóir dhí
dul go Tobar Mhuire.



Ar maidin go moch, d'éirigh sí, agus chuaidh sí chum an
tobair, acht créud d'fheicfeadh sí ann acht an tsean-
bhean d'iarr an déirc uirri 'na suidhe ag bruach an
tobair, ag ciaradh a cinn os cionn an tobair bhean-
naighthe.



"Léir-sgrios ort, a chailleach ghránna an ag salachadh
Tobair Mhuire atá tu?" ar san cailín; "imthigh leat
no brisfidh mé do mhuineul."



"Ni'l aon onóir ná meas agad ar Dhia ná ar Mhuire,
d'eitigh tu déirc do thabhairt i n-onóir dóibh, ar an
ádhbhar sin ni thumfaidh tu thu féin 'san tobar."



Fuair an cailín greim ar an gcailligh, ag feuchaint
í do streachailt ó'n tobar, acht leis an streachailt do
bhí eatorra do thuit an bheirt asteach 'san tobar agus
báitheadh iad.



O'n lá sin go dti an lá so ni raibh aon léigheas ann
san tobar.



Tá áit mhór ag Muire Máthair i bhfilidheacht dhiadha
na nGaedheal. Is í do chuir léigheas na ndall ann san
tobar, is í do thaisbeán í féin do'n bhráthair bocht faoi
chruth coluim, agus is í do bheir léigheas do bhochtaibh an
tsaoghail tré na h-athchuinge ar a mac. Ni h-iongnadh


L. 128


go dtiubhradh croidhe na nGaedheal - croidhe an náisiúin
sin budh mhó thug meas agus onóir d'á mbantracht - é
féin do Mhuire go mór-mhór.



"Is maith an bhean, Muire Mhór,"



ar Eóghan O Dubhthaigh,



"Bean do bheir radharc do dhall."



MUIRE MHÓR.



Is maith an bhean Muire Mhór,
Máthair áird-righ na slógh síor,
Is iad a grása is gnáth lán,
Bean do chuir fál fo gach tír.



Bean í d'á gclaonann ceart,
Bean is mó neart a's brigh,
Bean is buige fá ór dearg,
Bean le gcoisgthear fearg an righ.



BEAN DO BHEIR RADHARC DO DHALL,



Bean is treise thall ar neamh,
Bean do thóig mo náimhde dhíom,
Bean is díon dam ar gach cath.



Ni cosmhúil Muire le mnáibh,
[Muire Mhór is maith gníomh],
Ni cosmhúil balsam le miorth,
Le liunn goirt ni cosmhúil fíon.



Ni cosmhúil domlus le mil,
'S ni cosmhúil úmha le h-ór.
Ni cosmhúil lil leis an spínn,
'S le máigh mhín ní cosmhúil móin.*



*"Ni cosmhúil móin le máigh mhin," 'san MS.


L. 130


Ni féidir a gcómhaireamh, méad na ndán do sgríobh
Donnchadh Mór agus na sean-fhilidhe i n-onóir do
Mhuire. Ag so sgeul-abhrán aisteach ar an Maighdin
do fuair mé ó Mhac Ui Chearnaigh oide-sgoile i mBeul-
muiléad, shiar i gcondaé Mhuigh-Eó, do fuair ó bheul
sean duine é. Ghlaodh siad air, "Caoineadh na tri
Mhuire." Is luachmhar an píosa é, dar liom-sa' óir ni'l
mórán de'n tsórt so i nGaedheilg ag innsint sgéil,
agus leis an "gcur-fá" i ndeireadh gach leath-rainn.
Is cosmhúile, i n-a thaoibh seo, le píosa Albanach 'ná
le píosa Éireannach é. Is fíor-shimplidhe é gan
"comharda" ná comhfhuaim. Ni cosmhúil go ndearnaidh
an file féin an sgeul so acht is dóigh go dtáinig se o
chóip Ghaedheilg de cheann de na soisgéalaibh-bréige.



CAOINEADH NA TRI MHUIRE.



Rachamaoid chum an tsléibhe
Go moch ar maidin amárach,
(Ochón agus och ón ó,)
"A Pheadair na n-abstal
An bhfacaidh tu mo ghrádh geal?"
(Ochón agus och ón ó.)



"Maiseadh! a Mhaighdean,
Chonnairc mé ar ball é,
(Ochón agus och ón ó.)



Leagadh anuas i n-uchd a mháthar é,
(Och, óch, agus och úch án)
Gabhaidh a leith, a dhá Mhuire, agus caoinigidhe,
(Och och, agus óch ón ó.)


L. 132


Agus bhí sé gabhtha go cruaidh
I lár a námhad,"
(Ochón agus och ón ó.)



"Bhí Iudás 'na aice
Agus rug sé greim láimh' air,"
(Ochón agus och ón ó.)
"Maiseadh a Iúdáis bhradaigh
Creud do rinne mo ghrádh ort?"
(Ochón agus och ón ó.)



"Ni dhearnaidh sé ariamh
Dada ar leanbh ná páiste,
(Ochón agus och ón ó.)
Agus níor chuir sé fearg
Ariamh ar a mháthair,"
(Ochón agus och ón ó.)



Nuair fuair na deamhain amach
Go mbudh í féin a mháthair,
(Ochón agus och ón ó.)
Thógadar suas
Ar a nguailnibh go h-árd í,
(Ochón agus och ón ó!)



Agus bhuaileadar síos
Ar chlochaibh na sráide í
(Ochón agus och ón ó!)
Chuaidh sí i laige
Agus bhí a glúna geárrtha
(Ochón agus och ón ó!)



"Buailidh mé féin
Agus ná bain le mo mháthair."
(Ochón agus och ón ó!)


L. 134


"Buailfimid thu féin.
A's marbhóchamaoid do mháthair,"
(Ochón agus och ón ó!)



Stróiceadar an bhráigh leó
An lá sin ó n-a láthair,
(Ochón agus och ón ó!)
Acht do lean an mhaighdean
Iad ann san bhfásach
(Ochón agus och ón ó!)



"Cia an bhean í sin
'Nár ndiaigh ann san bhfásach?"
(Ochón agus och ón ó!)
"Go deimin má tá bean ar bith ann
'Sí mo mháthair,"
(Ochón agus och ón ó!)



"A Eóin, feuch, fágaim ort
Cúram mo mháthar,
(Ochón agus och ón ó.)
Congbhaigh uaim í
Go gcríochnóchaidh mé an pháis seó,"
(Ochón agus och ón ó!)



Nuair chualaidh an mhaighdean
An ceileabhradh cráidhte,
(Ochón agus och ón ó!)
Thug sí léim thar an ngárda
Agus léim* go crann na páise
(Ochón agus och ón ó!)



Cia h-é an fear breágh sin
Ar chrann na páise
(Ochón agus och ón ó!)



*"Agus an dara léim go," mar do chualas é, acht gnidh sé an
líne ró fhada.


L. 136


An é nach n-aithnigheann tu
Do mhac a mháthair?
(Ochón agus och ón ó !)



An é sin mo leanbh
A d'iomchar mé trí ráithe,
(Ochón agus och ón ó!)
No an é sin an leanbh
D'oileadh i n-ucht Mháire?
(Ochón agus och ón ó!)



Chaitheadar anuas é
'Na spólaibh geárrtha
(Ochón agus och ón ó!)
"Sin chugaibh anois é
Agus caoinigidh bhur sáith air,"
(Ochón, agus och ón ó!)



Glaodh ar na tri Mhuire
Go gcaoinfimid ár ngrádh geal
(Ochón, agus och ón ó!)
Tá do chuid mná-caointe
le breith fós a mháthair
(Ochón, agus och ón ó!)



Béidh tu liom-sa
Go fóil i ngáirdín Phárrthais,
(Ochón agus och ón ó!)
Go raibh tu do bhean iomrádh (?)
I gcáthair ghil na ngrása
(Ochón agus och ón ó!)



Is iongantach an chuimhne mhaith atá ag na daoinibh gan
léighean, agus ag daoinibh nach féidir leó léigheadh ná
sgríobhadh. Is gnáthach cuimhne dúbalta, 'seadh cuimhne
deich n-uaire níos fearr do bheith aca 'ná ag na sgol-
áiribh leath-mhúinte leithideacha, sgeitheas na sgolta mi-


L. 138


náisúntacha amach uatha. Bhí mé aon uair amháin i gceart-
lár condaé na Gaillimhe ag tóirigheacht sean-sgeul
ó na daoinibh. Chualaidh mé caint ag mórán go raibh
sgeulta ag fear dar bh'ainm Mártain Ruadh o Giol-
larnáth, agus dubhairt gach uile dhuine do labhair liom
d'á thaoibh, "bí cinnte," adubhairt siad, "agus fágh
uaidh an Bhainríoghain Áluinn." Shaoil mise gur sgeul
do bhí ann. Fuair mé an fear sin amach fá dheireadh
agus tar éis cuid d'á sgeultaibh d'fhághail uaidh,
dubhairt mé leis "an Bhainríoghain Áluinn do thabhairt
dam, gur chuir muinntir na h-áite spéis mhór ann,
agus go raibh meas aca air." Thosaigh sé ann sin agus
fuair mé nach sgeul acht dán do bhí ann. Bhi iongantas
orm gur chuir na daoine an oiread sin suime ann.
Tá sé chomh maith dham a chlóbhualadh go h-iomlán, mar
shompla ar na dántaibh fada atá fós ann san tír.
Do labhair an fear ceudna laoi fiannuigheachta dham, lá
eile, a raibh ceithre ceud líne ann, agus creidim go
raibh na mílte líne aige. Bhí sé gan bhéarla. Is é an
fear ceudna é ó a bhfuair mé "Teagasg Bhrighid" do
thug mé shuas.



Tá a lán de dhántaibh-teagaisg agus d'abhránaibh
cráibhtheacha de'n tsórt so ag na sean daoinibh labhras
Gaedheilg, agus 'sí mo bharamhail gur b' iad-san na
píosaidh is iomadhamhla i gConnachtaibh tar éis na n-
abhrán grádh. Cidh gur fada an dán-teagaisg seo is
dóigh nach bhfuair me an t-iomlán dé.



AN BHAINRIOGHAIN ÁLUINN.



A bhainríoghain áluinn is áille cruth fo 'n ngréin
Fág do bheannacht ag do cháirdibh go bráth agus ag do chine go léir,
Caillfidh tu ar an áitse do shláinte do dheise 's do sgéimh,
Agus bhéarfaidh mise bás duit gan spás na h-oidhche seo féin.


L. 140


Cia hé thusa, is gruamach* do shnuadh s do dhath
A pheictiúir is gránna do tháinig ann mo rúm asteach,



Mise an Bás, (ar seisean) gidh gur gránna m'ainm dar leat.
Tá a bhfuil fó'n ngréin faoi gheur-smacht agam i gceart.
Béarfaidh mé thusa a láthair Mhic Dé gan stad,
Béidh tu ath-sgartha go bráth le páirt an tsaoghail ar fad.



An é sin an fáth le (sic) go dtréigfinn-se talamh ná maoin
Ná mo chaisleán áluinn tá lán de thacar an tsaoghail,
Mo chaoirigh (breágh) bána, ni áirmhighim mo stoc a's mo mhaoin
Bheith ag aon neach, mo ghrithféal (?) 's mo dhá láimh falamh gan pighin.



'S olc an sgeul liom (ar seisean) an méad a dubairt tu ar fad,
Béidh máighstridhe treuna ag feusta ar do mhaoin go glan.
Béidh roinnt ar an eudach nach leigfeá as cófhraidh' glais
A's do cholann d'á reubadh ag péistibh 's ag daolaibh i gceas (?)



A Mhuire dhíleas, (ar sise) cad do dheunfas me le capall no bo
le mo mhór-chuid de'n tsaoghal so atá fairsing go leór,
An é shaoileas tu mé shíneadh go doimhin faoi an bhfód
'S nach dtáinig smuaíntiugh' ar bith ann mo chroidhe'-stigh ar dhul
leat go fóil.



Beirim-se liom (ar san Bás) na righthe 's na prionnsaidh tréun
O is é mo cheird go grinn bheith dul ó bhaile go chéile,
Beirim liom na h-iarlaidh 's na Tighearnaidh as na caisleánaibh
glégeal',
An ag iarraidh, bheidhtheá-sa, do bheith beó 'na ndéigh-sean?



O! a Bháis (ar sise) ni féidir go ndeunfá gníomh chomh mór sin,
A's go dtógfá as mo mhór-chuid† de'n tsaoghal go fóil mé,
Agus a liachtaidh ógánach róbhreágh tá lán de mhaoin 's de stór
Ag súil gach aon lá bheith cionáirt (?) le m'inghin óig.



*"Gidh gur gránna" dubhairt an fear, acht tá an focal "gránna"
ann san líne leanas.
†"As mórán" dubhairt an seanchuidh.


L. 142


Fág, thusa, an inghean mar tá si, ag cathadh a laé,
Agus cia ar bith fear tá i ndán aici geobhaidh sí é,
Tiubhraidh* mise thusa (ar seisean) i láthair Mhic Dé,
Go dtugaidh tu cúntas cruaidh cad é 'n chaoi ar chaith tu do shaoghal.



O! (ar sise) a Bháis tabhair spás dam a's ná bí cruaidh,
Ná tabhair leat go lá mé no fágfaidh tu m'inghean faoi bhuairt:
Seó mo lámh duit (ar sise) má' s áil leat a glacadh uaim,
Go mbéidh mo bheannacht go bráth agad go dtéidh me faoi'n uaigh.



Ni h-áil liom, (ar san Bás) do bheannacht ná do chómhádhbinn
'Sé an áit ar chuir t'athair mé i dteachtaireacht thu thógbháil liom,
Gach ar ghlac tu ariamh d'airgiod agus d'ór go cam
Béidh sé d'á sgaradh i dteach a' leanna 's d'á ól gan mhaill.



Tá mo shnaidhm curtha dá ríribh go cruaidh ar do chnámhaibh
Ni sgarfaidh mé [leat] a-choidhche no go dtugaidh mé bás duit,
Reubfaidh mé do chroidhe agus gach féith d'á ghárda
Béidh† mo theachtaireacht deunta nuair fheicfeas mé t'anam 'san
sgála.



'S iomdha duine bocht i mbonn botháin i gceart-lár na móna,
Agus duine bocht ar seachrán gan dá phighin 'na phóca,
Geobhaidh tu do sháith agus do mhian de'n tsórt sin,
Agus leig mise ar an saoghal so a bhfuil compórd ann.‡



*Dubhairt an fear so agus muinntir na h-áite sin i gcómhnnuidhe
"tiubhraidh mé" i n-áit "bhéarfaidh mé," ni mar sin é i n-áiteachaibh
eile.
†"Agus ann súd bhéidheas mo theachtaireacht" etc. do réir an
tseancuidhe, acht do rinne sin an líne rófhada.
‡"An saoghal so an córtas," dubhairt an seanchuidhe, acht ni thuigim é.


L. 144


Ni h-áil liom, ar* an Bás,
Is iomdha duine bocht siubhal an bhóthair [an lá so]
Gan urradh gan mhaoin gan seunta (?) gan áras
Tabhair-se iad sin leat tá d'á eugmais a sláinte
O 's iad rachas go réidh leat agus nach n-iarrfadh aon spás ort.
Ni h-áil liom (ar san Bás), táid sin faoi phiantaibh,
Ní'l a dteurma caithte a's ní'l baint agam díobhtha,†
Ni tháinig mé ariamh gan mo bharántas sgríobhtha
I gcoinne aon duine fós d'ár chrothaigh Críosta,
A chailín caithfidh tu gluasacht, tá do choinneall caithte,‡
Ni fearr liom-sa an righ agam 'ná fear an leathtroim,
Níor ghéill mé ariamh díobhtha dá mhéad a n-acfuinn,
Acht bí sásta agus brostaigh ort a bhainríoghain áluinn.§
D'at a ceann agus chrap a cosa,
Bhí an croidhe ann a cliabh astigh d'á losgadh,
An teanga mhilis - cailleadh innti gotha,
[labhair sí faoi dheireadh ag tarraing osna.]



A dhochtúir an áidh, is fearr teagasg fá'n ngréin,
Tairg dam do "cháirdial," agus tarraing mé o'n bpéin,
Bhéarfaidh mé ór duit 'na mhámaibh,|| agus a n-iarrfas do bheul,
Agus tárrthaigh ar an mbas mé, fear-námhaid d'fhearaibh an tsaé-
ghail.



Ní'l an do dhoctúirib acht sgáile tá ag caitheamh a laé mar thu féin
Agus go dtiubhrainn-se bás dóibh gan spás ¶ acht oiread leat féin
Cia an mhaith an "cáirdial" nuair chuirfeas mé an tsleagh ann do
thaébh
Agus do léigheas go bráth ní'l ag lán na cruinne go léir.



*Dubhairt an seanchuidhe "ar an Bás" agus "ar san Bás," 'sí
an dara caoi is mó atá cleachtaighthe.
†Dubhairt an seanchuidhe seó "díobhtha" no "díofa" i n-áit "dóibh."
‡An cheud leath de'n líne seó, chuir mé i n-áit na dara leithe
í, óir is binne mar sin é.
§D'fhag mé amach an líne seo "agus dar mo láimh duit ni
bhéarfaidh mé de spás duit acht uair a chlog," óir ni thagann sí asteach
go ceart.
||"'Na mhámaibh dar mo láimh," dubhairt sé.
¶"Gan spás na h-oidhche seo," dubhairt sé.


L. 146


[A bhainríoghain] cia an mhaith dhuit an saidhbhreas mór an uair sin
Nuair bheídheas sé d'á chathadh le gaisge agus le uabhar,
Gan smuaíntiugh' ar bith ann a gcroidhe-stigh cia an buaidhreadh
Bhéidheas ar d'anam bocht ag tabhairt díoghaltais chruaidh ann.



Pighin ni rachaidh (ar seisean) le t'anam go h-éuga,
Ná sgillinn le aifrionn [chum righ] na gcréachta,
Do bhéarfadh cabhair no fórtacht ó'n bpéin duit,
Cia* an chaoi, a chailín, ar chaith tu do shaoghal?



Stíobhairt do rinne Dia dhíot ar a chuid féin,
Ní chum tíoghbhais do dheunamh ar aon nós† é,
Gach ar ghlac tu ariamh d' airgiod ar bhárraibh do mhéar.
[Iarrfaidh Dia ort an cúntas geur].



[Stíobhairt do rinne Dia dhíot ar a chuid féin,
Gach ar ghlac tu ariamh d' airgiod ar bhárraibh do mhéar]
Go srig‡ an ribe is fuide§ shuas ar chlár d'eudain [mhíonla]
Caithfidh tu cúntas cruaidh thabhairt ar gach uile pighin dé.



Nois tá mé mo luidhe ar leabuidh an bháis (ar sise)
Agus mo pheacaidh móra fúm mar chaoibhtheach,
Ní dhearnaidh mé aithrighe i n-am, déirc ná daonacht."
Chonnairc tu ag imtheacht (ar san Bás) an t-óg 's an críona.



An diúc 's an t-impir dá mhéad a neart
'Tuige|| ndearnaidh tu faillighe ann san aimsir cheart,
Acht anois tá tu mall, agus d'imthigh an t-am thart,
[Agus bhéarfaidh tu cúntas ann gach droich-bheart].



'Nois, (ar sise) déarfainn gur tu an duine-uasal
Dá dtugfá spás dam go ceann uaire,
Go ndeunfainn aithrighe i bpeacadh an uabhair,
Ag dul tríd mo phaidirín, mar tá mé buaidheartha.



*"Deunfaidh mé speech leat cia an chaoi," dubhairt sé.
†"Gnás:" an seanchuidhe.
||"tuige" = "cad chuige," "creud fáth."


L. 148


Thug me cheana dhuit spás laé agus bliadhna,
Níor iarr tu ar an fhad sin grása o láimh an Tighearna,
Chaill tu thall, agus tá bhos ar iarraidh,
Acht sgiobfaidh mé anois thu as do mhaoin shaoghalta.



Ní raibh fhios agad cá fhad uait ceann do sgrípe
Acht bhí tu ar ball (ar seisean) lán de'n dí-mheas,
Budh mhór ar do stró as do mhaoin shaoghalta.



Do bhí níos mó ann san dán fada so, creidim, acht
nuair thángamar go dtí seó bhí Mártain Ruadh chomh
tuirseach sin d'á labhairt, ag cuimhniughadh air, agus
ag dul thríd ann a inntinn féin, gur dhubhairt sé go
h-obann nach raibh aige acht an méad sin, agus bhí
mise chomh tuirseach sin 'gá sgríobhadh síos, agus ag
cur ceisteann air, gur leig me sin leis, cidh gur cinnte
mé nár bhfíor dhó é. Agus cidh go bhfacaidh mé é
uair no dó na dhiaigh sin, níor thosaigh mé ar an dán
fada so arís, óir bhi sinn tuirseach dé! Ni thiubh-
rainn ann so é ar aon chor, acht ar mhódh go mbeidheadh
sé 'na shompla ar na dántaibh fada teagasgacha atá
an-choitchionn ameasg na ndaoine. Chualaidh mé mórán
díobh, acht mí-ádhamhail go leór, níor chuir mé riamh ar
pháipéar iad.



Cidh go ndearnaidh bráithre, daoine riaghalta, agus
na daoine féin, an oiread sin d' fhilidheacht dhiadha agus
d' abránaibh spioradálta, ni fheicim go ndearnaidh na
sagairt-paráiste mórán de'n tsórt so, go mór-mhór
ar feadh an cheud-bliadhan chuaidh tharrainn. Acht fuair
mé dán beag do rinne sagart-paráiste, an t-Athair O
Míodhchainn ó Charraig a' cholt i g-Condaé an Chláir, is
fiú a thabhairt ann so. Ni dán Connachtach é, ó cheart,


L. 150


acht mar thig sé ó'n gcondaé is foigse do Chonachtaibh,
condaé do bhí le fada 'na chuid de Chonnachtaibh, agus
mar budh thruagh gan a shábháil, cuirim síos ann so é.
Fuair mé é (agus is olc do sgríobhadh é), ameasg na
bpáipéar d'fhágh an flaith Gaodhalach Uilliam Gabha
O Briain 'na dhiaigh ag Cháthairmhaol. Ag so é.



FÍOGHAIR NA CROISE NAOMHTHA.



O námhad mo chreidimh, námhad mo thír',
Námhad mo chloinne 's mo chéile,
A Thighearna deun mo chomairce*
Le fíoghair† na Croise naomhtha.



Le bás na Croise cheannaigh tu
Sliocht [mí-] fhortúnach Ébha,
Ó shoin anuas is beannaighthe
An comhartha so árd-naomhtha.



Do phleusg an charraig, do dhuibh an ghrian,
Do chroith an domhan go h-éachtach
Nuair d'árdaigheadh suas an Slánuightheóir
Ar dhruim na Croise naomhtha.



Faraor! dá bhithin sin, an té
Nach mbéidh a chroide d'á reubadh,
A's deóir aithrighe ag sileadh uaidh,
Os cómhair na Croise naomhtha!



*"Mé cumarigh" 'san MS.
†"Fíor" san MS., ar fad.


L. 152


Is gearr é réim* an dhuine laig
Síos le fán an t-saoghail-se,
Ní thaomhann (?) an Spiorad malluighthe
Lucht fíoghair na Croise Naomhtha.



Sgannróchar† gach aon faoi ghreim an bháis
D'á thachtadh suas ag eugadh,
- Is docht béidh lá an anafa‡
Gan sgáth na Croise Naomhtha.



Chomh ceanamhail agus do bhí na daoine ar a sag-
artaibh féin, ni bhfághmaoid ó sgrúdughadh na sean-abhrán
agus na sean-sgeul go rabhadar faiteach rompa, nó
'na sglábhuidhibh bochta, brúigte faoi na smacht, mar
mheasaid na Sacsanaigh agus mar mheasann cuid de
na h-Eireannaighibh ain-eólacha. Rinne cuid de na bár-
daibh nuadha mórán d'abhránaibh-magtha ar na sagartaibh,
agus do labhair siad go géar 'na n-aghaidh, óir níor
mhaith leó géilleadh do chómhairle a leasa féin. "A
shagairt na más," ar fear aca,



A shagairt na más tá láidir córach deas
Beir m'anam bocht slán ar sgáth do mhór-chuirp 'steach.



agus deir fear eile aca le) n-a shagart.



"Is olc an chabhair dhúinn mac an táilliúra
Go flaitheamhnas do dhul asteach."



agus fear eile



A mhic Naois Ui Chuinne
A mhaoir na gcluigin
Baortha§ gach lá.


L. 154


agus ag so rann do bhain mé as láimhsgribhinn le
duine i gcondaé na Midhe.



Cuairt an dochtúir is mairg a bhíos 'na chás
No an chléir má 's beannuighthe níos faide* 'ná a chuairt fá Chásg,
Bí éag agus leathtrom gach aon áit i mbíonn a dtrácht,
An bás ni choisgeann, a's béidh aca díol a lámh.



Cuireann na rainn seo i gcéill dúinn smuaínte na
ndaoine do rinne iad, amháin, agus ni cóir a chreideamhaint
go gcuireann siad i gcéill dúinn smuaínte coit-
cheannta, na tíre. Cháin siad corr-shagart, acht má
cháin' is iomdha sagart do mholadar. Ag so mar
shompla, agus dall bocht do rinne é.†



Do thógfadh do ghlór ó n-a bpeacadh na slóighte,
A's tá d'imtheacht go mór le Críosta,
'S gur geall thu os ár gcómhair i gCill Corrnáin Dia Dómhnaigh
Le h-aingeal faoi chlóca Chríosta.



Agus arís, ag moladh féile an tsagairt.



'Sé an t-athair 'Liam an teachtaire fial
Do mhúinfeadh dúinn ciall a's cómhairle
Do sgapfadh sé an saoghal chomh fairsing 's chomh fial
Mor lasanns an ghrian 's an bhfóghmhar.



Act' ar an taoibh eile, ag so magadh faoi shagart nuair
shaoileadar go raibh dúil rómhór aige i neithibh an
tsaoghail. Tharraing mé an giota so as láimh-sgrí-
bhinn atá ag mo charaid Dáithi Coimin. Do sgríobhadh
an leabhar ann a bhfuil an dán so, timchioll leith-cheud
bliadhan ó shoin le Peadar O Gealacháin éigin, i Muigh-
n-ealta i gcondaé na Midhe, acht ní 'l fhios agam cia
rinne an t-aor.


L. 156


CÓMHRADH AN T-SAGAIRT AGUS AN DHUINE BHOICHT.
Trá théidh an toic* i n-aifrionn Dia Dómhnaigh
Beannuigheann sé fá dhó do'n tsagart.
"Creud é mar tá do chúram?
Bhfuil siad foláin gan dólas agad."



An Sgológ.
"Tá siad do réir † a chéile"
Deireas fear an tsaidhbhris trí mhagadh,
"B'fhuras dóibh uile‡ bás d'fhághail
Gan fhios duit-se le ráithe a shagairt."



An Sagart.
"Dar an bportús do ghlacas i m' láimh§
Ní abraim-se tráth ná aifrionn
Nach mbidhim ag guidhe gach lá
Ar oiread an pháiste d'á bhfuil agad."



An Fear Bocht.
"Leis sin tháinig an duine bocht
A's a anál i mbeul a uchta,
Tá mo bhean i n-airtiogal báis,
A shagairt, a ghrádh, deun deifir."



An Sagart.
"Téidh do chrochadh a bhodaigh,
Atá do sheasamh i n-ifrionn,
Ní bhfuaireas le trí ráithe
As do dhá láimh-se leith'phin."


L. 158


AN Duine Bocht.
"Tá mé bocht, a shagairt,
B' éidir nach mbeidhinn bocht i gcómhnuidhe,
Níor thuill mise pighin le ráithe
Nach dtugas do na páistibh ar eórna."*



An Sagart.
"Créad é damh-sa do chuid eórna
A bhodaigh nach bhfuil glór i d' furail?†
Creád cheannuigheas dam gearrán no clóca
No airgiod le n'ól go minic."



An Duine Bocht.
"Ma tá mé bocht a shagairt
B'éidir nach mbeidhinn bocht a-choidhche,
'S go bhfóirigh orm Righ na nGrás
Má bheir sé dham cáirde go dtí sin."



An Sagart.
"Béidh tu bocht a-choidhche
Mar do thuill tu diombuaidh ‡ ó'n eaglais
'S a bhodaigh is lobhtha 'ná 'n t-aoileach.
Nár thagaidh furtacht ar do chaile."



An Duine Bocht.
"Seo dhuit bonn ocht gróta§
Do thuill me ar rómhar talaimh,
'S as ucht mór Righ na glóire
Ná leig mo bhean-phósta gan ola."



*"Órna" san MS., agus is mar sin labhairthear é.
†Ní thuigim an líne seó.
‡"Diomadh neaglais" 'san MS.
§Ní thuigim an focal "cóta" do bhí ann so, acht 's dóigh gur
"gróta." ("groats" no tuistiúin) budh chóir do bheith ann.


L. 160


An Sagart.
"Fágh* réidh mo ghearrán ga dian dam
Go dtéidh mé leis an gCríosduidhe bheannugh,'
'S dá mbeidheadh fhios agaibh-se a dhaoine.
Budh rómhór an sgeul é bheith folamh."



Ag so píosa eile ag míniughadh dhúinn mar do tháinig
an tSaint ann san Eaglais ar dtús.



MAR THÁINIG AN TSAINT ANNSAN EAGLAIS.†



Bhí ár Slánuightheóir agus Naomh Peadar ag spais-
deóracht trathnóna, agus do casadh sean-fhear orra.
Bhí an duine bocht sin go dona, ni raibh air acht ceirt-
eacha agus sean-chóta stróicthe, agus gan fiú na
mbróg faoi n-a chosaibh. D'iarr sé déirc ar ár
dTighearna agus ar Naomh Peadar. Bhí truaigh ag
Peadar do'n donán bocht agus shaoil sé go dtiúbh-
radh an Tighearna rud éigin dó. Acht níor chuir an
Tighearna aon tsuim ann, agus d'imthigh sé thairis
gan freagairt thabhairt dó. Bhí iongantas ar


L. 162


Pheadar faoi sin, óir shaoil sé go dtiúbhradh an
Tighearna do gach aindeiseóir a raibh ochras air,
acht bhí faitchios air, aon nidh do rádh.



An lá ar na mhárach bhí an Tighearna agus Peadar
ag spaisdeóracht arís ar an mbóthar ceudna, agus
cia d'fheicfeadh siad ag teacht 'na gcoinne ann san
gceart-áit ann a raibh an sean-fhear bocht, an lá
roimhe sin, acht robáilidhe agus cloidheamh nochta
aige ann a láimh. Tháinig sé suas chuca agus d'iarr
sé airgiod orra. Thug an Tighearna an t-airgiod
dó gan fhocal do rádh, agus d'imthigh an robáilidhe.
Bhí iongantas dúbalta ar Pheadar ann sin, óir
shaoil sé go raibh an iomarcuidh meisnigh ag ár
dTighearna airgiod do thabhairt do ghaduidhe le
faitchíos. Nuair bhí an Tighearna agus Peadar
imthighthe tamall beag ar an mbóthar, níor fheud
Peadar gan ceist do chur air. "Nach mór an
sgeul a Thighearna," ar sé, "nach dtug tu dadamh
do'n donán bocht d'iarr déirc ort andé, acht go
dtug tu airgiod do'n bhitheamhnach gaduidhe do tháinig
chugad le cloidheamh ann a láimh, nach raibh sinn-ne
'n ár m-beirt, agus ni raibh ann acht fear amháin;
tá cloidheamh agam-sa," deir sé, "agus b' fhearr an
fear mise 'ná eisean!" "A Pheadair," ar san
Tighearna, "ní fheiceann tusa acht an taobh amuigh,
acht chidhim-se an taobh-astigh, ni fheiceann tusa acht
corp na ndaoine nuair chidhim-se an croidhe. Acht
béidh fhios agad go fóil," ar Sé, "créud é an fáth a
ndearnaidh mé sin.


L. 164


Thuit sé amach aon lá amháin, 'na dhiaigh sin, go
ndeachaidh ár dTighearna agus Peadar amúgha ar na
sléibhtibh. Bhí teinnteach agus toirneach agus fearr-
thainn ann, agus bhí siad báidhte, agus an bóthar
caillte aca. Cia d'fheicfeadh siad chuca ann sin acht
an robáilidhe ceudna a dtug an Tighearna airgiod
dó roimhe sin. Nuair tháinig sé chuca bhí truaigh aige
dóibh, agus rug sé leis iad go dtí uaigh do bhí aige
faoi bhonn cairrige, ameasg na sléibhte, agus bhain
sé an t-eudach fliuch díobh, agus chuir éudaigh
tirme orra, agus thug neart le n'ithe agus le n'ól
dóibh, agus leabuidh le luidhe air, agus gach uile
shórt d'fheud sé dheunamh dóibh do rinne sé é. An
lá ar na mhárach nuair bhí an stoirm thart, thug
sé amach iad agur níor fhág sé iad gur chuir sé
ar an mbóthair ceart iad, agus thug lón dóibh le
h-aghaidh an aistir. "Mo choinsias!" arsa Peadar
leis féin, ann sin, "bhí an ceart ag an Tighearna.
Is maith an fear an gaduidhe; is iomdha fear
cóir," ar seisean, "nach ndearnaidh an oiread sin
damh-sa!"



Ní raibh siad a bhfad imthighthe ar an mbóthar
ann sin, go bhfuair siad fear marbh, agus é sínte
ar chnáimh a dhroma ar lár an bóthair, agus d'aithnigh
Peadar é, gur ab é an sean-fhear ceudna ar
dhiúltaigh an Tighearna an déirc dó. "B'olc do
rinneamar" ar Peadar leis féin, "airgiod do
dhiúltughadh do'n duine bocht sin, agus feuch é


L. 166


marbh anois lé donas agus le anró." "A Pheadair,"
ar san Tighearna, "téidh anonn chuig an bhfear sin,
agus feuch créad tá aige ann a phóca." Cuaidh
Peadar anonn chuige, agus thosaigh sé ag láimh-
siughadh a shean-chóta, agus creud do fuair sé ann
acht a lán d'airgiod geal, agus timchioll cúpla
fichid bonn óir. "A Thighearna," ar sa Peadar,
"Bhí an ceart agad-sa, agus cia bé rud dheunfas
tu no dhéarfas tu arís, ni rachaidh mé i d' aghaidh."
"Deunfaidh sin a Pheadair," ar san Tighearna. "Glac
an t-airgiod sin anois agus caith asteach é ann
san bpoll móna thall, ni bhíonn ann san airgiod
go minic acht mallacht mhór." Chruinnigh Peadar an
t-airgiod le chéile, agus chuaidh sé go dti an poll-
móna leis; acht nuair bhí sé dul d'á chathadh asteach,
"ochón," ar sé leis féin, "nach áidhbhéul an truagh
an t-airgiod breágh so do chur amúgha, agus is minic
bíonn ocras agus tart agus fuacht ar an Máighis-
tir, óir ni thugann sé aon aire dhó féin, acht cong-
bhóchaidh mise cuid de 'n airgiod so ar son a leasa
féin, a-gan-fhios dó, agus b'fhearrde é." Leis sin
do chaith sé an t-airgiod geal uile asteach ann san
bpoll, i riocht go gcluinfeadh an Tighearna an
toran, agus go smuaínfeadh sé go raibh sé uile
caithte asteach. Nuair tháinig sé ar ais, ann sin,
d'fhiafruigh an Tighearna, "A Pheadair," ar sé, "ar
chaith tu an t-airgiod sin uile asteach." "Chaitheas"
arsa Peadar, "acht ámháin píosa óir no dó, do
chongbhaigh mé le biadh agus deoch do cheannach duit-se."


L. 168


"O! a Pheadair," ar san Tighearna, "créad
fáth nach ndearnaidh tu mar dubhairt mise leat.
Fear sanntach thu, agus béidh an tsaint sin ort
go bráth."



Sin é an fáth a bhfuil an Eaglais sanntach ó shoin,
mar deir siad.



Ceathrar sagart nach bhfuil sanntach"
Ceathrar Franncach nach bhfuil buidhe,
Ceathrar greusaidh nach bhfuil breugach,
Sin dá 'r 'eug nach bhfuil 'san tír.



Ag so sgeul eile de'n tsórt ceudna. Bhí* sagart
ann san séipéal, aon lá amháin, agus tháinig asteach
fear óg slachtmhar cíortha, agus sheas sé ag an doras.
Ghlaodh an sagart air agus dubhairt sé. "A ghiolla
shlíocuidh úd," ar sé, "gabh a leith ann so go bhfeicim
bhfuil do theagasg críostuidhe agad. Innis dam cia
mheud peacadh marbhthach ann?"



"Sé cinn," ar sé.



"Maiseadh! bhí seacht gcinn ann anurraigh," ar san
sagart.



"Bhí," ar seisean, "acht anois fágmaoid an tsaint
ag an Eaglais!"



Is sean-sgéal é sin, do chualas é d'á innsint níos
fearr ag daoinibh eile.



*Focal ar fhocal ó innsint Mhic Ui Fhalamhain, sean-fhear as
Baile an Tobhair Ui Choncubhair.


L. 170


Ni ar aon chuma amháin innistear na sgéalta so.
Cuireann gach aon sgeuluidhe a chroicionn féin orra.
Mar deir an sean-rann



Bíonn seacht gcuma ar an abhrán
Agus dá innsint déag ar an sgéal!



Níor bhriseadar amach mar so acht i n-áiteachaibh ar
leith, agus go h-annamh, agus budh nádúrdha go leór go
mbeidheadh imreasán agus éad idir cuid de na bárdaibh
nach raibh cráibhtheach ná riaghalta ann a mbeathaidh-
mar an Mangaire Súgach i gcúige Mumhan, no Art
Mac Cobhthaigh i gcúig Uladh - agus na sagartaibh do
bhidheadh ag déanamh a ndithchill le iad do thionntógh'
ar shlighe a leasa. Agus ádhbhar eile de'n imreas so,
.i. go raibh na báird go minic níos fóghlamtha agus
níos léigheanta 'ná na sagairt, agus go raibh sórt
mí-mheas aca orra mar gheall air sin.



Fuair mé dán fada i láimh-sgríbhinn do fuair mé ar
iasacht ó charaid sgríbhinn do rinneadh i n-áit éigin i
g-Cúig Uladh san mbliadhain, 1764, dar b'ainm "Cómh-
airle Mhic Lámha o Achadh na Muilionn d'Airsidh Ruadh
.i. Seathan Ruadh Mac Bhradaigh Mic Dómhnaill
ghruama, Mic Sheathain Mic Thoirdhealbhaigh, etc."* Tá
Mac Lámha, cia bé é, ag tabhairt cómhairle do'n bhua-
chaill, laidionn d'fhóghluim uaidh-sean, agus do bheith


L. 172


'na "bhullaire"* (.i. sagart no bráthair?) óir is ann
sin bhéidheas an bheatha shóghamhail shona aige. Tá
cuid mhór de'n dán so lán d'fhoclaibh nach
dtuigim, agus nach bhfuil le fághail i bhfoclóir ar bith,
agus nach bhfuil duine beó anois, tá faitchios orm, do
mhíneóchadh iad, cidh go raibh siad choitchionn, is dóigh,
ceud bliadhain no ceud bliadhain go leith ó shoin. Glac
an rann so amháin agus feuch an méad focal do-thuig-
seannach atá ann.



Gabh ar dtús grádh bullaireacht (?)
Gabh an tsiollaireacht (?) mar chuid chruinn,
Gabh an samhain (?) séite (?) suain
'S a' tsomus† (?) go buan do chinn.



Sin sompla ar an méad do chailleamar nuair
leigeamar do'n Ghaedheilg bás fhághail ameasg na
ndaoine, óir is iad amháin d'fheudfadh na dánta so
mhíniughadh. Do bheir Mac Lámha íomháidh mhaith os cómhair
ár súl, ag cur síos ar dhonas an duine bhoicht ann san
ndán so. Ní'l an dán so ceaptha i miosúr riaghalta,
acht tá an chuid is mó dhé an chosmhúil le Rannaigheacht
Mhóir.



†Ní'l an focal so's na foclóiribh acht is é compórd no sásadh
is ciall dé, creidim.


L. 173


*Gaibh ar ttús grádh bullaracht
Gaibh an tollaracht mar chruinn,
Gaibh asámhán síothcháin súain
Fann tomhas go buan do chionn.


L. 174


Deir sé le "hAirsidh" gur forus dó bheith 'na shagart
gan mórán Laidne aige, go dtig leis úsáid dhéanamh
dh' fhocal ar bith ameasg na ndaoine atá gan léigheann,
mar "parva nec invideo," no "hanc tua Penelope,"
no "tuba mirum spargens sonum," no "ego te teneo.
Amen!" Ann sin, nuair bhéas sé ag léigheadh, féadfaidh
sé a ghuth do chasadh agus do mhúchadh "air seórt
dranndail bhinn, agus cuid air chuingridh (?) sróna
agus cuid air mhúchadh casochta, agus déaraidh dubhthuatha
mór-chonnaigh lán-ainbhfiosacha an phobaill, gur mór
an truaighe an ghiorra anála, an cumhgach cléibhe aghus
an dochtacht compair a bhuaileas a n-aimsir na
seirbhise air an tsagart bheannuighte mhór-ghlórach
árd-fhoclach." Tosaigheann sé mar so.



CÓMHAIRLE MHIC LÁMHA.



A airsidh (?) chroidhe [a] cheanáin ruaidh,
O tá d'fhortún cruaidh anocht
Deasaigh h-aghaidh ar righ na ndúl,
A 's tabhair cúl do'n tsaoghal bocht.



Mo chómhairle dhuit, ce bé mé,
Dearc ort féin go géar grinn,
Ná meas a charaid ann do chéill
Leat go ndeuntar breug linn.


L. 176


Mise Mac Lámha o Achaidh-na-muilionn
Nár fhásaigh cuilionn as mo thóin,
Mar* gheobhair mo sgeula leat go beacht
Béidh tu aithreach ar do shróin.



Tuig féin, cia bé fáth
Gur mór an crádh do gheibh an coirp
O dhubh maidne go dubh oidhche
Ar feadh gríbe agus torp (?)



A dhá dhóid ann 's gach láib
A's ann san phráib† a bhíos go breun,
Ag saothrughadh na punnainne cráidhte
Go cinnte báidhte ann sa' léun.



Ar dteacht chum a bhotháin, trathnóna,
Lán dóchain s de bhrón croidhe,
Geobhaidh roimhe sgréachach garlach
'S ni lugha catharlach (?) mná an tighe.



Suidhfidh síos ar nós cnuidín (?)
No mar gaoidín (?) go fuar fann,
Ni bhéidh a thomaltas acht go lag
'S ni bhéidh a dheoch bríoghmhar teann.



Gluaisfidh d'á leabaidh faoi ghruaim
Ni béidh fuaim ann a ghiorta,
Preabán ar a bhríste tóna
A's paiste no dó ar a sgiorta.



Ag éirighe dhó ar na mhárach
A's é gan árach aige air féin,
Is deimhin nach bhfághann blas
Do chuirfeadh an t-ocaras uaidh i sgéin.



*"Mar gheobhair" = "muna bhfuighir"
†"Práib" = salchar, rud salach. Deir siad "ann san phráib"
i n-áit "ann san b-práib," i n-áiteachaibh i g-Cúige Uladh.


L. 178


Cá dtáim le briathraibh fada
Biaidh [sé] i ngad le n-a bheó,
Ag roinn leis an tsaoghal meangach
'S a shúil sreangach* faoi cheó.



Go dti an t-am fa dtréigfidh a lúth
'S go g-cuirthear úir ar a thruaill,
Ag sin agad deimhin sgéil
Mar théidh cnuidín i gcré gan uaill.



A h-aithle na mbriathar a luaidhtear shuas
A chluin do chluas 's a chidh do shúil,
Má fhéadann tu faoi mhí ó 'nocht
Na bí do sgraiste bocht i g-cúl.



Tóg do mheanma adeirim leat,
Ná bí feasta i ngad mar tá[ir],
Gabh chugad an riaghail cheart
Naisgeas ort bail a's bláth.



Má ghnidhir suan i g-clumhach éun
Go h-éirighe gréine 's go rabhair sách [sáthach]
A's cáil Laidne d'fhóghluim uaim
Béidhir do shagart shuas mar chách, etc.



Téidh an file ar a aghaidh ann sin ag múnadh dhó
créad do budh chóir dhó dheunamh, agus cia an chaoi budh
chóir dó é féin d'iomchar, agus is fíor-ghoirt, is searbh'
agus is trom-bhuilleach é - chomh searbh sin nach dtiúbh-
raidh mé an chuid eile de 'n dán, acht cuireann sé leis
an dán sgeul greannamhail, atá chomh h-aisdeach sin go
g-caithfidh mé a thabhairt, mar shompla ar an bprós
Gaedheilg do sgríobhaidís i gCúige Uladh céad bliadhan
go leith ó shoin, óir is cosmhúil gur bh'é sin an t-am a
sgríobhadh é. Tosaigheann sé mar so, ag deunamh
aithris ar mhódh-sgríobhtha na sean úir-sgeul.



*"Sa tsúil shreangach" 'san MS. B'éidir gur ionnann "sreangach"
le "srámach" focal coitchionn i dtaoibh súile bhíos ag rith go tiugh.


L. 180


MAC NA SGOLÓIGE AGUS AN T-EASBOG.
*A Bhráthair Airsidh (?) is oirchíos (?) dhamh-sa fáth-úir-
sgéal beag d'innsint duit-se anois, do bheanas re do
chás féin do láthair, ar chúthulán (?) chraosach chnáimh-
reamhar chroim-cheannach mic do bhí ag sgolóig ulc-fada
thaoibh-leathan bho-tháintigh mhóir-thréadaigh, do bhí feacht
n-ail 'na chómhnuidhe le taoibh oilein agus eaglaise
óirdheirce Cluain mhic Nóis. Agus do ghnáthuigheadh
an sgológ reamh-ráidhte sin a dhéirc do dhúblughadh do
dhithreabhach dhiadha bheannaighthe do bhí 'na chómhnuidhe i
g-comhfhogas dó, mar bhárr dúthrachta tar an bpoball
chum cuidigh[the] an dhithreabhaigh sin do bheith aige chum
an faoba (?) mic sin do chur a[r] aghaidh chum sagart-
achta.



Fá dheóigh, ar bhfághail bháis do shagart na parráiste
sin ann a raibheadar, sgeitheas agus nochtas an Sgológ
an toirrcheas rúin agus inntinne sin do bhí i dtaiscidh
re cian d'aimsir roimhe sin aige, do 'n dítreabhach,
agus is eadh a ro ráidhe fris† gur mheas sé féin nach
raibh duine ar bith is fearr do thiucfadh ris an bpoball
sin mar shagart parráiste 'ná an mac sin do bhí aige
féin, de'n ghrádh sagartachta [do bhí] aige.



Impidheas agus ardhuidheas (?) an Sgológ an
díthreabhach - re tiodhlaicthibh móra do thabhairt dó d'á
cheann - chum dul re n-a mhac do láthair Easboig


L. 182


Chluana Mhic Nóis. Triallaid 'na dtriúr leath ar leath, chum
an astair sin .i. an Sgológ an dithreabhach agus mac
na sgolóige, maille re poball mór de cháirdibh de
chomh-bhráithribh agus de lucht cóimh-eólais na sgolóige,
d'á chomóradh go h-oirear agus go caladhphort an
oilein sin Cluana Mhic Nóis.



Is ann do fhiafruigh duine-uasal d'á raibh 'san
g-cruinniughadh de bhriathraibh faisdionacha fír-ghlice
de'n Sgolóig nar bhfios an raibh a fhaoba mic eagnuidhe
go leór chum grádh* sagaratachta do ghlacadh de'n
chor sin. A dubhairt seisean gur bh'aithne dó féin
go raibh gan chontabhairt, de bhrigh go raibh sé seacht
mbliadhna 'na chléireach uisge agus salainn ag an
athair bheannuighthe dhiadha do chuaidh ar neamh uainn do
láthair, agus fós gur líonmhar é 'san amen i n-am
aifrinn agus pósta, agus gur ghnáthach gur mhó le
n' iomarcuidh no† le n' ureasbhuidh [é] 'san gcás sin.
"Táim sásuighthe," ar an duine-uasal, ag tabhairt a
chúil dó, agus ag déanamh fíor gean gáire.



Gidheadh ag réidhiughadh cheasda an duine uasail do'n
sgolóig, do thochtadar uile, no go ndearnaidh Giolla
an dithreabhaigh agus Tiumpaire na beicnigh‡...
scairt a bpurt ag iarraidh corraigh agus gleus
iomchair agus iomrámha chum na h-innse. Tig chuca iar
sin bád bronn-fhairsing slios-fhada maille re h-ochtar
de spailpínibh spalpánta móir-ghreamanacha faid-


L. 184


dheach [a] annacha amhrónacha mór-chodaltacha na parrá-
iste ar láimh chlí mhic na Sgolóige. Naisgid ar an
Sgolóig fria (agus le n-a) mhuinntir fuireach ag port
an chuain' no go dtigdís féin tar a n-ais. Do gnidhid
amhlaidh sin



Gidheadh ar ndul do'n g-cúpla reamh-ráidte sin do
láthair an Easboig, nochtas an dithreabhach fachoin [fáth]
agus brígh a thurais dó. Aontaigheas an t-easbog
ar impidhe an dithreabhaigh grádha Sagartachta do
thabhairt do mhac na Sgolóige agus cuireas d'fhiachaibh
ar chuid de 'n gcléir do bhí 'na fhochair ceist sgolárdha
do chur ar an macaomh, ionnas go mbeidheadh fios
ainme (?) acfuine a léighin aca le n-a thabhairt do'n
Easbog. Gidheadh ní bhfuaradar a bheag no a mhór de
chineál léighinn ar bith aige. Beirid uatha iaromh
[tar éis sin] do 'n Easbog teasta an mhacaoimh.



Feargaighthear an tEasbog ris an gcléir ag clois-
din a sgéil, agus is eadh a dubhairt gur ab náire no
aithmhéal do chuireadar ar an macaomh, agus gaireas
féin leis é, a bhfad foi [.i. fa] leith, go h-oirear agus
go slios-bhord an locha, ar uaigneas, ionnas go rabhadar
i n-amharc na Sgolóige agus a mhuinntire de 'n leath
thall, agus labhras leis i Laidin de bhriathraibh aoibh-
gheanna fíor-mhuinnteardha agus is seadh do rádh.


L. 186


Is ann sin feargaigheadh go h-iomarcach an
t-Easbog re mac na Sgolóige, agus do thógaibh a lámh re
smaichtín buin-reamhar ubhall-chnapthach bac-bhláith (?)
bata do bhí 'na dheas-láimh, agus gabhas ag léasadh
agus ag pleusgadh agus ag tuargain mhic na Sgolóige
gan choigil, ionnas gur leig sé a fhuil agus [a] ionathar
go lár agus go lán talmhan.



"Truagh amh, díol mo mhic-se, anois," ar* an
Sgológ, "agus dar liom féin ní díol maoidhte air,
gach sadhail no gach soicheas, gach cearc rósta agus
gach buidéal dá bhfuighfidh sé mar phrolútas (?) 'na
shuidhe i súsa re cineál ó so amach, óir is cruaidh
cráidhte foighidneach ceannsaigh umhal úir-isioll do
ghlacas mo leanbh-sa an chuing riaghalta agus an grádh
sagartachta so anocht, agus ní h-uras go rachaidh ar
dearmad uaidh go cinneadh a ré agus a shaoghail, óir is
dúthrachtach diadha daingean diongmhála a chuireas an
an t-easbog beannuighthe i gcuimhas (?) [i g-cuimhne?]
dhó í le lámh-bhuillibh luatha lán-bhata."



Gidheadh ar sgaramhain do'n Easbog re mac na
Sgolóige thángadar na Spailpínidh roimh-ráidhte sin do
láthair an tsagairt óig agus do iarradar a bheannach-
tain. Rothógaibh seisean a lámha go cléireamhail


L. 188


cráibhtheach ós a g-ceann agus do thug sé absolóid
geiniorálta dhóibh* ag rádh; "Asperges me Domine hysoppo
et mundabor, lavabis me et super nivem dealbabor."



Do thogbhadar leó é iar sin do chum an churaigh
agus do lingeadar ann go taoscach móir-mheanmnach
no go rángadar i dtír do 'n leath oile, agus do
rinneadar a raibh i bport na h-innse an úmhlacht cheudna
sin do mhac na Sgolóige, agus do [fh]iafraigheadar dhé
cá raibh a bhulla no a chartacha Sagartachta.



A dubhairt seisean nach raibh cartacha aige acht
bulla shleachta Chonchubhair† scaorrtha (?) an Chabháinn
do Chiarán, cian ó shoin, ar bhiocaracht na Largan - toil
an phobaill. Do thugadar-san an Dia dúileach nach
raibh aige ariamh bulla do b'fheárr, agus do chuireadar
coraidheacht gréine agus éasga orra féin um an
parráiste sin do sheasamh dhó go ceand [.i. ceann] a
raé agus a shaoghail, agus do rinneadar amhlaidh sin.



Anois a airsidh, is maith an sgeul nach [m]baineann
le smotán óir is duit-se do bheanas "application"
an sgéil-se' agus is maith an chómhairle dhuit-se an
grádh ceudna do ghlacadh, agus má bhuailtear buillidhe
de bhata ort is beag an dochar é i ndíol gach sásdacht[a]
agus gach sómais d'á bhfuighfidh tu d'á cheann, agus de
bhárr ar gach cómhairle eile d'á dtugas duit, ag so
duit cúpla rann beag do bhias agad de mheanmain do


L. 190


shíor, ionnas gur maith an cuidiughadh dhuit iad chum gach
cruadh-ghábhaidh d'á bhfuil i d'cheann:-



Is buadhach an nidh an mhalcarrach,
Is measa an léim ar líne,
Is sona an nidh an tradarsach
Mar deir na h-úghdair críona.



Is maith a chuid do'n mhí-fhoclaidhe
Gur deas a ghabhas sé leithsgeul
Do shagart bocht na droch-Laidne
An uair mhilleas an soisgéal.



Leanann beagán de chómhairle eile, acht ni thugaim
ann so í óir ní'l sí soiléir damh-sa.



Nuair chidhmid go raibh na báird chomh réidh sin le n-a
n-inntinn féin do labhairt ós árd i dtaoibh na sagart
i gcás ná'r thaithnigh siad leó, is móide go mór bhéidheas
ár meas ar an tsagartacht sin do ghnóthaigh agus do
chongmhaigh onóir agus grádh na ndaoine, óir is follusach
ó labhairt-gan-choigilt na mbárd nach g-congmhóchadaois
é munar thuilleadar é.



Ag so sgeul eile ar ár Slánuightheóir agus ar Naomh
Peadar, cosmhúil leis an sgeul do thug mé shuas. Ní
féidir a rádh anois cia an chaoi a dtáinig na sgeulta
so ameasg na ndaoine, acht is cosmhúil gur fíor
Ghaedhealach cuid aca, ar cuma ar bith, agus gur frith
amach agus gur innseadh iad le duine cráibhtheach
éigin, no le bráthair bocht, chum na ndaoine do chur ar
bhealach a leasa, agus le taisbeánt dóibh chomh lag agus
tá siad i n-am an chathuighthe.


L. 192


NAOMH PEADAR.*



Ann san am a raibh Naomh Peadar agus ár Slánuigh-
theóir ag siubhal na tíre, is iomdha iongantas do
thaisbeán a Mháighistir dhó, agus dá mbudh dhuine eile
do bhí ann, d'fheicfeadh leath an oirid, is dóigh go
mbeidheadh a dhóthchas as a Mháighistir níos láidre 'ná
bhí dóthchas Pheadair.



Aon lá amháin do bhíodar ag teacht asteach go baile-
mór agus do bhí fear-ceóil leath ar meisge 'na shuidhe
ar thaoibh an bhóthair mhóir ag iarraidh déirce. Thug ár
Slánuightheóir píosa airgid dó, ar ngabhail thart dó.
Bhí iongantas ar Pheadar faoi sin, óir dubhairt sé leis
féin, "Is iomdha duine bocht do bhí i n-easbhuidh mhóir
d'eitigh mo Mhaighistir, acht anois thug sé déirc do'n
fhear-ceóil seó atá ar meisge. Acht b'éidir," ar sé
leis féin, "b'éidir go bhfuil dúil aige san gceól."



Do bhí fhios ag ár Slánuightheóir créad do bhí i
n-inntinn Pheadair, acht níor labhair sé focal d'á thaoibh.



An lá ar n-a mhárach do bhíodar ag siúbhal arís, agus
do casadh bráthair bocht orra, agus é crom leis an
aois, agus beag-nach nochtta. D'iarr sé déirc ar ár
Slánuightheoir, acht ni thug Seisean aon áird air, agus
níor fhreagair Sé a impidhe.



"Sin nidh eile nach bhfuil ceart," ar sa Naomh Peadar


L. 194


ann a inntinn féin; bhí eagla air labhairt leis an
Máighistir d'á thaoibh, acht bhí sé ag cailleamhaint a
dhóthchais gach uile lá.



An tráthnóna ceudna bhíodar ag teacht go baile
eile nuair casadh fear dall orra, agus é ag iarraidh
déirce. Chuir ár Slanuightheóir caint air agus dubhairt
"creud tá uait?"



"Luach lóistín oidhche, luach ruid le n'ithe, agus an
oiread agus bhéidheas ag teastál uaim amárach; má
thig leat-sa a thabhairt dam, geobhaidh tu cúitiughadh
mór, agus cúitiughadh nach bhfuil le fághail ar an
tsaoghal brónach so."



"Is maith í do chaint," ar san Tighearna, "acht ní'l
tú acht ag iarraidh mo mhealladh, ní'l easbhuidh luaich-
lóistín ná ruid le n'ithe ort, tá ór agus airgiod ann
do phóca, agus budh chóir dhuit do bhuidheachas do
thabhairt do Dhia faoi do dhíol go lá do bheith agad."



Ní raibh fhios ag an dall gur bh'é ár Slánuightheóir
do bhí ag chaint leis, agus dubhairt sé leis: "Ní sean-
móra acht déirce atá mé 'iarraidh, is cinnte mé dá
mbeidheadh fhios agad go raibh ór ná airgiod agam go
mbainfeá dhíom é, "thuga" leat* anois, ní theastuigh-
eann do chaint uaim."



"Go deimhin is dí-chéillidhe an fear thú," ar san
Tighearna, "ní béidh ór ná airgiod agad i bhfad,"
agus leis sin d'fhág sé an dall.



Bhí Peadar ag éisteacht leis an gcómhrádh, agus bhí
dúil aige a innseacht do'n dall go mbudh é ár


L. 196


Slánuightheóir do bhí ag caint leis, acht ní bhfuair sé aon
fhaill. Acht do bhí fear eile ag éisteacht nuair dubhairt
ár Slánuightheóir go raibh ór agus airgiod ag an dall.
Budh sgriosadóir millteach do bhí ann, acht do bhí fhios
aige nár innis ár Slánuightheóir aon bhreug ariamh.
Chom luath agus bhí Seisean agus Naomh Peadar im-
thighte, tháinig an sgriosadóir chum an daill agus
dubhairt leis, "Tabhair dham do chuid óir agus airgid,
nó cuirfead sgian tré do chroidhe."



"Ní'l ór ná airgiod agam" ar san dall, "dá
mbeidheadh, ní bheidhinn ag iarraidh déirce."



Acht leis sin do fuair an sgriosadóir greim air, do
chuir faoi é, agus do bhain dé an méad do bhí aige.
Do gháir agus do sgread an dall chomh h-árd agus
d'fheud sé, agus chualaidh ár Slánuightheóir agus
Peadar é.



"Tá eugcóir d'á dheunamh ar an dall," arsa Peadar.



"Gach a ngeibhthear go fealltach, imtheóchaidh an chaoi
cheudna, gan caint ar lá an bhreitheamhnais," ar ár
Slánuightheóir.



"Tuigim thú, ní'l aon rud i bhfolach uait a Mháigh-
istir," arsa Peadar.



An lá 'na dhiaigh sin do bhidheadar ag siúbhal cois
fhásaigh, agus tháinig leómhan cíocrac amach. "Anois,
a Pheadair," ar ár Slánuightheóir, "is minic adubhairt
tú go gcaillfeá do bheatha ar mo son, anois teirigh
agus tabhair thú féin do'n leómhan agus imtheóchaidh
mise saor."



Do smuaín Peadar aige féin agus dubhairt,
"b'fhearr liom bás ar bith eile d'fhághail 'ná leigint do


L. 198


leómhan m'ithe; támaoid cos-luath agus thig linn rith
uaidh, agus má fheicim é ag teacht suas linn fanfaidh
mé ar deireadh, agus tig leat-sa imtheacht saor."



"Bíodh mar sin," ar ár Slánuightheóir.



Do leig an leómhan sgread, agus as go bhráth leis
'na ndiaigh, agus níor bhfada go raibh sé ag breith orra,
agus i bhfogas dóibh.



"Fan siar, a Pheadair," ar ár Slánuightheóir, acht
leig Peadar air féin nach gcualaidh sé focal, agus
d'imthigh sé amach roimh a Mháighistir. D'iompaigh an
Tighearna ar a chúl agus dubhairt sé leis an leómhan,
"Teirigh ar ais go dtí an fásach," agus rinne sé
amhlaidh.



D'fheuch Peadar taobh-shiar dé, agus nuair chonnairc
sé an leómhan ag dul ar ais do sheas sé go dtáinig ár
Slánuightheóir suas leis. "A Pheadair," ar Sé, "d'fhág
tú mé i mbaoghal, agus - rud budh mheasa 'ná sin, -
d'innis tú breuga."



"Rinne mé sin," ar Peadar, "mar bhí fhios agam go
bhfuil cúmhacht agad os cionn gach nidh, ní h-é amháin ar
leómhan an fhásaigh."



"Coisg do bheul, agus ná bí ag innseacht breug, ní
raibh fhios agad, agus dá bhfeicfeá mé i mbaoghal
amárach do thréigfeá mé arís, tá fhios agam ar
smuaíntibh do chroidhe."



"Níor smuaín mé ariamh go ndearnaidh tú aon nidh
nach raibh ceart," arsa Peadar.



"Sin breug eile," ar ár Slánuightheóir. "Nach chuimhin
leat an lá do thug mé déirc do'n fhear-ceóil do bhí
leath ar meisge, bhí iongantas ort agus dubhairt tú


L. 200


leat féin gur iomdha duine bocht do bhí i n-easbhuidh
mhóir d'eitigh mé, agus go dtug mé déirc do fhear do
bhí ar meisge mar bhí dúil agam i gceól. An lá 'na
dhiaigh sin d'eitigh mé an sean-bhráthair, agus dubhairt
tú nach raibh an nidh sin ceart. An tráthnóna ceudna
is cuimhin leat creud thárla i taobh an daill. Míne-
óchaidh mé anois duit cad chuige a ndearnas sin. Rinne
an fear-ceóil níos mó de mhaith 'ná rinne fiche bráthar
d'á shórt ó rugadh iad. Shábháil sé anam cailín ó
phiantaibh ifrinn. Bhí easbhuidh boinn airgid uirri, agus
bhí sí ag dul peacadh marbhthach do dheunamh le na
fhághail, acht thoirmisg an fear-ceóil í, thug sé an bonn
dí, cidh go raibh easbhuidh dighe air féin an t-am
ceudna. Maidir leis an mbráthair' ní raibh aon eas-
bhuidh air-sean, cidh go bhfuair sé ainm bráthar budh
bhall de'n diabhal é, agus sin é an fáth nach dtug mé
aon áird air. Maidir leis an dall, do bhí a Dhia ann a
phócha, óir is fíor an sean-fhocal, "an áit a bhfuil do
chiste béidh do chroidhe léi.""



Seal gearr 'na dhiaigh sin dubhairt Peadar, "A
Mháighistir, tá eólas agad ar na smuaíntibh is uaignighe i
gcroidhe an dhuine, agus ó'n nóimid seo amach géillim
duit anns gach nidh."



Timchioll seachtmhaine 'na dhiaigh sin do bhíodar ag
siubhal tré chnocaibh agus sléibhtibh' agus chailleadar an
bealach. Le tuitim na h-oidhche tháinig teinnteach agus
toirneach agus fearrthain throm. Bhí an oidhche chomh
dorcha sin nár fheudadar cosán caorach d'fheiceál.
Thuit Peadar anaghaidh carraige agus loit sé a chos
comh dona sin nár fheud sé coiscéim do shiúbhal.


L. 202


Chonnairc ár Slánuightheóir solus beag faoi bhun
cnuic, agus dubhairt Sé le Peadar, "fan mar tá
tú agus rachaidh mise ag tóruigheacht congnaimh le
d'iomchar."



"Ní'l aon chongnamh le fághail ann san áit fhiadháin
seo," ar Peadar, "agus ná leig ann so mé i mbaoghal
liom féin."



"Bíodh mar sin," ar ár Slánuightheóir, agus leis sin
do leig sé fead, agus tháinig ceathrar fear, agus cia
bhí 'na chaiptín orra acht an fear do sgrios an dall
seal roimhe sin. D'aithnigh sé ár Slánuightheóir agus
Peadar, agus dubhairt sé le n-a chuid fear Peadar
d'iomchar go cúramach go dtí an áit-chómhnuidhe do bhí
aca ameasg na gcnoc. "Chuir an bheirt seo," ar sé,
"ór agus airgiod ann mo bhealach-sa seal gearr ó shoin."



D'iomchair siad Peadar go dtí seomra faoi thalamh;
bhí teine bhreágh ann, agus chuireadar an fear loitthe i
ngar dí, agus thugadar deoch dó. Thuit sé ann a
chodladh agus do rinne ár Slánuightheóir lorg na croise
le n-a mhéar, os cionn na loite, agus nuair dhúisigh sé
d'fheud sé siúbhal chomh maith agus d'fheud sé riamh. Bhí
iongantas air nuair dhúisigh sé, agus d'fhiafruigh sé
creud do bhain dó. D'innis ár Slánuightheóir dó gach
nidh már thárla.



"Shaoil mé," arsa Peadar, "go raibh mé marbh agus
go raibh mé shuas ag dorus flaithis, acht níor fheud mé
dul asteach mar bhí an dorus druidte, agus ní raibh
doirseóir le fághail."



"Budh aisling do bhí agad," ar ár Slánuightheóir,
"acht is fíor í; tá an flaitheas druidte agus ní'l sé


L. 204


le bheith fosgailte go bhfágh' mise bás ar son peacaidh
an chine dhaonna, do chuir fearg ar m'athair. Ní bás
coitchionnta acht bás náireach gheobhas mé, acht éire-
óchaidh mé arís go glórmhar agus foisgeólaidh mé an
flaitheas do bhí druidte, agus béidh tusa do dhoir-
seóir!"



"Ora, a Mháighistir," arsa Peadar, "ní féidir go
bhfuightheá bás náireach, nach leigfeá dhamh-sa bás fhághail
ar do shon-sa, tá mé réidh agus toilteannach."



"Saoileann tú sin," ar ár Slánuightheóir.



Tháinig an t-am a raibh ár Slánuightheóir le bás
fhághail. An tráthnóna roimhe sin bhí sé féin agus an
dá abstal deug ag seire, nuair dubhairt sé, "tá
fear agaibh ag dul mo bhrath." Bhí trioblóid mhór
orra agus dubhairt gach aon aca "an mise é?" Acht
dubhairt Seisean, "an té thumas le n-a láimh ann san
méis liom, is é sin an fear bhraithfeas mé."



Dubhairt Peadar ann sin, "dá mbeidheadh an domhan
iomlán i d'aghaidh," ar seisean, "ní bhéidh mise i
d'aghaidh," acht dubhairt ár Slánuightheóir leis, "sul
má ghoireann an coileach anocht ceilfidh (seunfaidh) tú
mé trí h-uaire."



"Do gheobhainn bás sul má cheilfinn thú," arsa
Peadar, "go deimhin ní cheilfeadh thú."



Nuair tugadh breitheamhnas báis ar ár Slánuightheóir,
bhí a chuid námhad d'á bhualadh agus ag chathadh smugairle
air. Bhí Peadar amuigh ann san gcúirt, nuair tháinig
cailín-aimsire chuige agus dubhairt leis "bhí tusa le
hÍosa." "Ní'l fhios agam," arsa Peadar, "cad é tá
tú rádh."


L. 206


Nuair bhí sé ag dul amach an geata, ann sin, dubhairt
cailín eile, "sin fear do bhí le hÍosa," acht thug
seisean a mhionna nach raibh eólas ar bith aige air.
Ann sin dubhairt cuid de na daoinibh do bhí ag éist-
eacht, "ní'l amhras ar bith nach raibh tú leis, aithnighmid
ar do chaint é." Thug sé na mionnaidh móra ann sin,
nár leis é, agus ar ball do ghlaodh an coileach, agus
chuimhnigh sé ann sin ar na foclaibh dubhairt ár Slán-
uightheóir, agus do shil sé na deóra aithrighe, agus fuair
sé maitheamhnas ó'n té do cheil sé. Tá eochracha flaithis
aige anois, agus má shileann sinne na deóra aithrighe
faoi n-ár lochtaibh mar do shil seisean iad, geobhamaoid
maitheamhnas mar fuair seisean é agus cuirfidh sé
ceud míle fáilte rómhainn, nuair rachas sinne go
dorus flaithis.



Chomh cráibhtheach agus atá na h-Éireannaigh ó nádúir
níor chongbhaigh a g-cráibhtheacht iad ó greann mór do
bhaint as na sean-dántaibh ann a mbíonn Oisín ag
imreas le Naomh Pádraig. Ní raibh leisg ar bith
orra do bheith ag éisteacht le mallachtaibh agus le
h-eascuine an tsean laoich anaghaidh Phádraig agus na
cléire, agus dá seirbhe ráidhte Oisín budh mhóide lúth-
gháire an lucht-éisteachta. Cibé ar mian leis feicsint
cad é an sórt searbh-chainte do bheireadh Oisín do'n
eaglais geobhaidh sé cuid dí ann sna leabhrachaibh
breágha sin do chuir an Chumann Oisíneach amach, fad ó.
Acht bhídheadh sgeulta de'n tsórt ceudna, nach raibh
riamh i bhfoirm dáin, ameasg na ndaoine mar an
g-ceudna, agus cuirfidh mé síos ceann aca ann so


L. 208


do sgríobh mé síos ó bheul sean-duine cúpla bliadhain
ó shoin,* gan aon fhocal d'athrughadh ann. Is sompla
maith é ar an gcaoi réidh ar thráchtadar na h-Éireann-
aigh ar na neithibh seo, acht níor chuireadar féin aon
locht ann, agus níor lúghaide a g-cráibhtheacht. Is dóigh
gur éirigh an sgeul so leanas ó bhrón na ndaoine
nuair chualadar ó'n eaglais go raibh a n-Oisín grádhach
agus na Fianna, ann ar chuireadar an oiread sin de
spéis, damanta; agus go bhfuair duine cliste éigin
an tslighe seó amach le n-a sábháil ó ifrionn. Ag so
an sgeul go díreach mar chualaidh mise é, focal ar
fhocal.



OSCAR NA SÚISTE.†



Tháinig Naomh Pádraig go h-Éirinn agus casadh Oisín
dó i n-Ailfinn agus é ag iomchar cloch.



Agus cibé am a bhfuair sé an biadh,
B'fhada arís go bhfuair sé an deoch.



"A Oisín," ar seisean, "leig dam do bhaisteadh."



"O cad é an mhaith a dheunfadh sé sin dam?" ar
Oisín. "Oisín," arsa Naomh Pádraig "muna leigidh tusa
dham do bhaisteadh, rachaidh tú go h-ifrionn 'n áit a
bhfuil an chuid eile de na Fiannaibh."



*Ó Sheaghán Ó Cuinneagáin i mBaile-an-phuill i gCondae Ros-
comáin, ar an mbóthair idir Dúngar (Frenchpárc i mBéarla)
agus Bealach-a-doirín i gCondae Mhuigh-Eó.
†Atá sguel cosmhúil leis seo ar Oscar agus a shúiste le fághail
i gCondaé Phortláirge.


L. 210


"Dá mairfeadh againn," ar Oisín, "Diarmaid agus
Goll, agus an righ bhí ar na Fiannaibh, dá dtéighfidís
go h-ifrionn bhéarfaidís an diabhal agus a chearda
amach as, ar a ndruim."



"Éist, a Oisín liath gan céill, cuimhnigh ar Dhia agus
feac do ghlún, agus leig damh-sa do bhaisteadh."



"A Phádraig," ar Oisín, "cia an geall ar dhamnaigh
Dia an méad sin daoine?"



"Mar gheall ar úbhall na h-aithne d'ithe," arsa Naomh
Pádraig.



"Dá mbeidheadh fhios agam go raibh do Dhia chomh
caol-radharcach agus gur dhamain sé an méad sin
daoine ar úbhall, chuirfimís trí capla agus múille ag
iomchar úbhall go flaitheas Dé chuige."



"Éist, a Oisín, liath gan céill, cuimhnigh ar Dhia agus
feac do ghlún, agus leig damh-sa do bhaisteadh."



"Thuit Oisín i laige, agus shaoil an Eaglais go
bhfuair sé bás. Nuair dhúisigh sé, "A Phádraig baist
mé," ar seisean - chonnairc sé rud éigin ann a laige,
chonnairc sé an rud do bhí roimhe. Bhí an tsleigh i láimh
Naomh Pádraig, agus chuir sé i g-cois Oisín í, as a
riocht, agus bhí an talamh dearg le n-a chuid fola.



"O," arsa Naomh Pádraig le h-Oisín, "tá tú
geárrtha go mór."



"O nach do m'bhaisteadh sin," ar Oisín."



"Tá súil le Dia 'gam go bhfuil tú slánaighthe," ar
Naomh Pádraig, "d'fhulaing tú baisteadh agus
spíonrádh".
"A Phádraig," ar Oisín, "nach dtiucfadh leat na


L. 212


Fianna thabhairt as ifrionn" - chonnairc sé ann sin iad
nuair bhí sé 'na chodladh.



"Ní thiucfadh," ar Naomh Pádraig, "agus duine ar
bith atá i n-ifrionn ní féidir a thabhairt as."



"A Phádraig," ar Oisín, "an dtig leat mo thabhairt
asteach do'n áit a bhfuil Fionn agus Fianna Éireann?"



"Ní thig," ar Naomh Pádraig,



"Oiread agus cuile crónánach
Nó siolla de'n ghath gréine,
A-gan-fhios do'n righ mhór éifeachtach
Ní rachaidh faoi mo sgéith-se."



"An dtig leat fuasgalt thabhairt dóibh ó'n bpéin?"
ar Oisín.



D'iarr Naomh Pádraig d'impidhe ar Dhia fuasgailt
do thabhairt dóibh ó n-a bpéin, agus dubhairt sé le
h-Oisín ann sin go bhfuair siad fuasgailt. Seo an
fuasgailt do fuair siad ó Dhia. Fuair Oscar súiste,
agus d'iarr sé iall úr do chur ann, agus chuaidh feádh
glas mar iall ann. Agus fuair sé lán a ghlaice de
ghaineamh glas, agus chraith sé an gaineamh ar an talamh,
agus [chomh] fhad a's chuaidh an gaineamh níor fheud an
diabhal a leanamhaint, acht dá dtiucfadh siad tar an
áit a raibh an gaineamh craithte, d'fheud Oscar iad-san
leanamhaint agus a mbualadh leis an t-súiste. Tá
Oscar agus na Fianna uile ar an taoibh seo de'n
ngaineamh, agus tá na diabhail ar an taoibh eile' mar
fuair Naomh Pádraig d'impidhe ó Dhia nach mbeidheadh
siad abalta ar a leanamhaint an áit a raibh an
gaineamh craithte - agus níor bhris an iall do bhí ann
san t-suiste ó shoin!


L. 214


Tá an sgeul so ag labhairt go díreach ar aon
inntinn leis na dántaibh. Ag so beagán rann de dhán
Fiannuigheachta le n-a chur i gcomórtas leis.



Dá mbeidh' mo mhac Oscar 's Dia
Lámh ar lámh ar chnoc na bhFiann,
Dá bhfeicfinn-se mo mhac ar Lár,
Déarfainn gur fear láidir Dia.



Cionnas do b'fhéidir le Dia
Ná a chliar bheith níos fearr
'Ná Fionn Flaith, Righ na bhFiann,
Duine fial do bhí gan chaim.



Gach a n-abair tú 's an chliar
Do réir riaghlach righ na reann,
do bhí súd i bhFiannaibh Fhinn,
A's táid i bhflaitheas Dé go teann.



Dá mbeidh' áit ann, shíos no shuas,
Do b'fhearr 'ná flaitheas Dé
Is ann do rachadh Fionn
A's a raibh aige de'n Fhéinn.



A deir tusa nach dtéidh [fear] fial
Go h-ifrionn na bpian go bráth,
Ní raibh aon neach ann 'san bhFhéinn
Nach raibh fial ameasg cháich.


L. 216


A Phádraig, fiafraigh de Dhia
An cuimhin leis an Fhiann do bheith beó,
Nó an bhfacaidh sé shoir no shiar
Fir do b'fhearr 'ná iad i ngleó?



Nó an bhfacaidh sé 'n a dhúithche féin,
Cidh árd é os ár gcionn,
I ngiall, i gcogadh, no i neart,
Fear do bhí chomh maith le Fionn, etc.



Tá an oiread dán de'n tsórt so le fághail ann sna
láimh-sgríbhinnibh agus do líonfadh leabhar mór, agus tá
cuid de na sean-daoinibh ann nár dhearmad iad fós,
acht ní foras sean-fhear d'fhághail anois a bhfuil na
dánta so de mheabhair aige, gan bearna no gan lochta,
cidh go bhfuil cuid, bíodh sí beag nó mór, de na píosaibh
seo ag mórán daoine go fóill. Is fíor go mbíonn
Naomh Pádraig mar an gceudna an-chruaidh ar Oisín
ann sna dántaibh seo, ag innsint dó gach am go bhfuil
Fianna Éireann i n-ifrionn.



I n-ifrionn na bpian ar láimh
Atá an fear sáimh do bhronnadh an t-ór,
Imtheóchaidh tusa mar d'imthigh an Fhiann
Agus tráchtamaois ar Dhia go fóil.*



Adeir an sgeul do thug mé shuas, gur casadh
Pádraig ar Oisín agus é ag iomchar cloch i n-Ailfinn,
agus do chualas go minic trácht i gCondaé Roscomain
ar Oisín agus ar an obair do bhí sé 'a dheunamh, ag


L. 218


iomchar na gcloch sin i n-Ailfinn, nuair tháinig Pádraig
go h-Éirinn, agus fós, gur i n-Ailfinn do casadh Pádraig
air, ar dtús. Shaoil mé i gcómhnuidhe gur mar gheall
ar Ailfinn do bheith i gCondaé Roscomáin do chuir
muinntir na condae sin an áit seo ann san sgeul.
Acht fuair mé, an bhliadhain chuaidh thart, an dán so
leanas, i láimh-sgríbhinn do sgríobhadh i ngar do Bheul-
fearsaide, atá anois san gcathair sin, ann a bhfuil an
trácht ceudna ar Oisín do bheith ag iomchar cloch i
n-Ailfinn, go díreach mar do chualas féin an sgeul.
Ar an ádhbhar sin bheirim an dán ann so, mar chrothughadh
ar an nós ann a dtigid an dá bheul-oideas le céile.



OISÍN I N-AILFINN.



Is fada anocht i n-Ailfinn,*
Is fada linn an oidhche aréir,
An lá indiu cidh fada dham
Budh leór-fhad an lá indé.
Fada liom gach lá d'á dtig,
Ní mar sin do cleachtadh dhúinn,
Mo bheith i n-eugmais na bhFiann
Do chuir sin mo chiall ar gcúl.
Gan aonach, gan ceól, gan cuirm,
Gan bronnadh croth,† gan lúth ngreadh (?),
an díol ollamhan ar ór,
Gan faladhain, gan ól fleadh.


L. 220


Gan bheith ag suirighe nó ag seilg,
An dá cheird le raibh mo shúil,
Gan deabhughadh, gan deunamh creach,
Gan bheith ag deunamh cleas lúith.



Gan farradh (?) gaisgeadh do ghnáth,
Gan imirt mar do b'áil linn,
Gan snámh le laochraibh gan locht,
Is fada anocht i n-Ailfinn.



Do'n tsaoghal mar atá mé
Truagh a Dhé mar atá sinn,
Am' aonar ag tarraing cloch,
Is fada anocht i n-Ailfinn.



Sír a Pádraig ar Dhia dham
Fios an ionaid 'na mbéidh sinn,
No saor-sa m'anam ar olc
Is fada anocht i n-Ailfinn.



Do chuir sé mi-shásamh mór ar chuid de na bárdaibh,
dream de na Protestúnaigh do bheith ag tabhairt
cúntais mi-cheirt ar an gcreideamh Rómhánach. Do bhí
bitheamhnach de spéireadóir no de neulladóir dar bh'


L. 222


ainm Whaley i mB'l'acliath, mac do shaighdiúr de
shaighdiuraibh Chromail: do chuir sé seo dearbhráthair file
de Chlainn Dálaigh chum báis; agus do mhallaigh an file é
go géar, agus tagann sé thar an droch-chúntas do thug
sé ar na Gealaibh agus ar a gcreideamh. Ag so
cuid bheag dé -



A dubhairt tú linn i d'leabhraibh éithigh
Gur do chlochaibh 's do chroinn do gnidhmid sléachta;
Ni fíor dhuit sin a sheanóir bréige
Acht do'n Athair do'n Mhac 's do'n Spiorad Naomhtha.



Níor choigil an bárd bocht a chuid eascuine ar an
dochtúir millteach, "a choibléir," a deir sé -



A choibléir bhodaigh lobhtha ghránna,
Ni bhéidh mé i n-earraid leat 'san gcás so,
Ni ag plé creidimh leat atá mé,
Acht d'á mholadh dhuit le guidhe ghárrtha,



Mallacht Dé ort 's a Naomh-Mháthar,
Mallacht na n-apstal ort 's an Phápa,
Mallacht na sagart ort 's na mbráthar
Mallacht na mbaintreabhach 's na ngárlach.



Mallacht na lag ort, 's na láidir,
Mallacht síl Éabha agus Ádhaimh ort;
Tá súil agam go bhfeicfead an lá úd
'Na dtiubhraidh Diarmaid* marcuigheacht árd duit.



Ar bheathadhach shocair shochma lárach
le stíorróipidhe maide agus coiléar cnáibe,



Ni beag liom so anois do rádh leat
Mar is buachaill bocht me tá loisgthe cráidhte,
Beó ar éigin d'éis mo cháirdeadh,
Is mé an fear dorcha Mac Chormaic Ui Dhálaigh.



*Ainm an chrochaire.


L. 224


Do thug Éamon O Donnabháin an dán so go h-iomlán
ann a "Aonghus na n-aor" agus deir sé gur b'é an
píosa is nimhnighe agus is diabhalta atá le fághail i
nGaedheilg!



Dubhairt file éigin eile i dtaoibh Déan Swift, fear
a raibh meas mór air ameasg na Rómhánach - cidh nach
raibh ionnta féin, dar leis, acht lucht cruadh-oibre
agus sglábhuigheachta - gur b' é seo an chré do bhí aige.



CRÉ DHÉAN SWIFT.



Is é mo chreideamh-sa
Creideamh na nuadh-ghall,
Creideam na Rómha
Ní cóir abhos ná thall.



Ni[dh] náireach do'n treuda[idhe]
Muna* bhfuil an righ 'na cheann,
An Pápa mar aodhaire
Is fann 's is dith an dream!



Muna ngreasdar (?) an altóir
Go bráth ní maith an íodhbhairt,
Is beannuighthe an sean nós,
Ithe aráin a's ól fíona.



Is bréine 'ná an madradh
An té nach leannan d'á slighe sin
An té thréigeas an t-aifrionn
Atá Catoilce agus críona!†



Is é Tadhg Gaedhealach O Súilliobháin an file budh mhó
agus budh fhearr do sgríobh dánta diadha i g-cúige
Múmhan. Bhí an leabhar beag dán do sgríobh sé


L. 226


clóbhuailte le n-a linn féin i Luimneach, agus i
n-áiteachaibh eile.* Fuair sé bás i bPortláirge 'san
mbliadhain 1800, agus sgríobh Donnchadh Ruadh Mac
Conmara feart-laoi dhó i Laidion, ann a bhfiafraigheann
sé:-



D'éirigh cuid mhaith 'na dhiaigh le gaisgidhigh agus
cailínidh, na hÉireann do mholadh, acht níor éirigh aon
fhear d'á dtiucfadh a fheart-laoi a rádh mar deir
Donnchadh Ruadh:-



Ag so sompla gearr ar obair Thaidhg Ghaedhealaigh,
thaisbeánfas as go maith an dithfir idir an Muimhneach so
agus an Connachtach sin air a bhfuil mé le trácht anois.
Is breágh toranach árd-ghlórach ar nós Phindaruis dán
an Mhuimhnigh, acht ní róshoiléir damh-sa é: -



A Róis na h-aoine, a shaoi na féile,
I gcómhair i gcuideacht' i gculaidh do threuda,
Fuasgail friothail mé lá an tsléibhe,
Ar sgoladh, ar sgeibhle an dhíoltais euchtaigh.



Ar ár, ar aithnighthe, ar eagla, ar éirleach,
A'r sgeón, ar sgíos, ar sgríb-nimh leunmhar,
Ar splannca, ar shíontaibh, ar theinntibh, ar gheur-bhruid,
Ar chogthaibh, ar chathannaibh cathacha an laé sin.



*Chuir Pádraig Denn, ó Cheap-ui-Chuinn, i bPortláirge, i gcló
arís é timchioll na bliadhna 1820agus deir sé ann a roimh-rádh
gur b'é sin an cúigeadh cur-amach deug.


L. 228


Lá na breithe na creiche na créime,
Lá na feirge teineadh mar léightear,
Lá dubhach deórach brónach baoghail
Guilmneach galarach anacrach éigneach.



Le binbh, le buirbe stuirm an laé sin
Crithfid na flaithis a's lasfaid na spéurtha,
Iompóchaidh an ghealach comh dearg le aén-fuil
'S béidh an ghrian fá mhúrthaibh smúite ag éclips.



Na crainn, na clocha uile ag sgolta 's ag sgréachuigh,
Na tíortha ag bog-bhriseadh ag osgailt 's ag reubadh,
Ruathair ruaidh aca, ceó agus caortha,
Anuas dá gcaitheamh 'na gceathannaibh treuna.



Ar gclos do'n domhan, is fodhlach fraochmhar
Gáibhtheach greadaighthe garbh do ghéimfidh,
An mhór-mhuir bhrudhachtaigh tonntach thaosgach
Roimh chruaidh sgrios chogaidh as costaidhe an laé sin.



Toirneach thrumpa ann súd noch séidfidh
Micheal milis go fuineamhail faobhrach,
Ar neamh 's i n-ifrionn cluinfear i n-éinfheacht
Fothram [a's] fuaim na h-uaille céudna, etc.



Acht a bhfad tar éis báis Thaidhg Ghaedhealaigh d'éirigh
bárd i gconndaé Mhuigh-Eó, i gConnachtaibh, do sheinn go
binn blasta ag moladh Dé. Budh h-é sin an Reachtúire
Caoch. Tá faitchios orm go bhfuil a lan d'ar chum sé
caillte anois, acht tá cuid mhaith de le fághail go fóil.
Tá a chuid abhrán agus dán coitchionn go leór ameasg
na ndaoine fós i gconndaé Mhuigh-Eó agus i gconndaé
na Gaillimhe, acht go speisialta idir Baile Loch Riabhach
agus B'l'áth'nrigh, 'n áit ar mhair an Reachtúire de
ghnáth tar éis conndaé Mhuigh-Eó d'fhágbháil dó. Is
truaigh an-mhór ar fad é gan a chuid abhrán agus dán
do bheith bailighthe, nuair tá siad fós de mheabhair ag na


L. 230


sean-daoinibh. Do chuir mé ceann aca "Bríghdín
Bheusaigh," i gclódh cheana, ameasg na n-abhráin grádh,
agus, go h-ádhamhail go leór, do cuireadh ceann eile i
gcló 'san Nuaidheacht Thuama* beagán de bhliadhan-
taibh ó shoin, le duine éigin (ceapaim gur b'é Mac
Fhloinn do rinne é) adubhairt gur bh'é Seághan O
Cuillionáin col-cúigear dó féin ag Caisleán Buidhe-
Thamhnaigh i bparáiste an Chumair, do sgríobh síos é
'san mbliadhain 1838, tamall beag tar éis báis an
Reachtúire féin. Fuair mé cóip eile de'n dán so
óm' charaidh Tomás O Míodhcháin, do sgríobhadh timchioll
fiche bliadhain ó shoin ó bheul firín bhoicht dar bh'ainm
Micheáilín O Cléirigh do bhidhead ag gabhail thart ag
iarraidh déirce. Rinne mé compráid go cúramach
idir an dá chóip mar do bhí rann no dó i gceann aca
nach raibh 'san gceann eile, agus bhéarfaidh mé an dán
ann so agus é ceartuigthe chomh maith agus is féidir
liom. Chualaidh mé cuid mhór dé ó na sean-daoinibh,
acht ní bhfuair mé ariamh duine a raibh an t-iomlán dé
aige.



Is follusach go bhfuil dá dhán eugsamhail measgtha
tre n-a chéile ann 'san dá chóip ar ar labhras, agus ar
an ádhbhar sin sgoiltim iad, agus bheirim mar dhá dhán
iad, agus glaodhaim an Colera Morbus ar an gceud
cheann, agus Aithrighe an Reachtúire ar an gceann eile.



*Do chuir Mac Ui Fhloinn san paipéar sin comaoin orrainn uile
leis an méad do rinne sé ar son na Gaedheilge.


L. 232


AN COLERA MORBUS,



leis an Reachtúire.



A Íosa Críost, 's righ na ngrása,
A chruthaigh talamh neamh agus Párrthas,
A dhóirt do chuid fola i gcrann na páise,
Sábháil sinn ar an gColera Morbus.†



Is iomdha sagart, bean-riaghalta 's bráthair
Ag agairt Dé; na h-easboig 's an Pápa.
Acht b'éidir go néistfidh an té is táire
Shílfeadh a dheóra 's a chroidhe bheith cráidhte.



'Sé mo thuairm 's is dubhach liom trácht air,
Gur uair í seo tá ag iarraidh sásta,
Guidhfimid ar fad an Mhuire Mháthair,
Tá fearg ar Dhia 's a sgiúrsa tarraingte.



A lucht an pheachaidh tuigidh an cás so
Déanaidh an aithrighe atá mé rádh libh,
Dubhairt Críost féin atá lán de ghrása
An té d'iompóch' leis go mbeidh' sé tárrtha.



Is mairg a leigfeadh a leas an cáirde
Ar uath‡ go dtiucfadh an síorthóir gránna,
'S a liachta gruagach uaibhreach dána
A chuir sé faoi, dá chaoile [a] chnámha.


L. 234


Feuch an té bhí andé luath láidir
A léimfeadh sgonnsa claidhe 'gus bearna,
Bhí ar trathnóna ag siúbhal na sráide,
'S ag dul faoi 'n g-créafóig lá'r na mhárach.



Is mire an Bás 'ná an tonn báidhte
'S 'ná each dá luaithe ar chúrsa an rása,
Anaghaidh na sluagh do bhuailfeadh sé báire
'S ní túisge ann súd 'ná rómhainn ar gárda.*



Tá se luaimneach fuadrach leigthe sgaoilte,
Ni fearr leis an lá 'ná lár na h-oidhche,
An trath shaoileas neach nach mbíonn aon bhaoghal air
Súd é ar an mball ar lár† le caoineadh.



Is mór do thuit leis i dtráth na díleann,
Gan caint no tráchtadh ar aimsir Mhaoise,
Acht d'á mhéad le rádh gach [a] bhfágthar síos leis
Ní h-é tá láidir acht grása Chríosta.



Is sladaidh an bás a chárnas ríghte
Prionnsaidh árda a's tighearnaidh tíre,
Bheir sé an mór leis, an t-óg 's an críona,
Ar fastughadh sgóig' leis os cómhair na ndaoine.



*Do críochnuigheadh ach líne go dti seó leis an litir Á.
Tosaigheann anois an litir "í" no, "ao" atá cosmhúil le í ann a
fhuaim i gConnachtaibh.
†Aliter ar chlár.


L. 236


Is dána an duine 'ná an mac-tíre
A mharbhuigheas na h-uain ar siúbhal na h-oidhche,
Acht fáth mo bhróin agus mo chrádh saoghalta
An t-am bheith thart, 's gan an aithrighe deunta.



Is mairg a mealltar le cathaighthibh an t-saoghail
Agus laighead an lóin a cuirthear síos leis,
Gan bhrigh 'n a leus dá mairfeadh sé míle
Acht mar sgiorrfadh sé ar cuairt 's ar ais arís.*



Dá mbudh leat-sa stór a's ór ná rígheachta,
Maoin [ró] mhór 's gach saidhbhreas saoghalta,
Andiaigh do bháis dá mhéad do thréada†
Ni bhfuil le fághail agad acht uaimh déanta.



Cá ndeachaidh do chapaill do bhath 's do chaoirigh?
Cá ndeachaidh an tseód do bhidheadh i d'fhiadhnuis',
Do bhean 's do chlann do bhidheadh 'n a suidhe leat
No an clúmhthach mín árd air a mbitheá sínte.



Cá ndeachaidh an bórd a n-ólthaidhe fíon dé?
Do chuirt do theach s' do h-allaidh míne,
Do chóistidh, d'eachraidh 's do chulta' síoda,
'S do lucht ealadhna do ghnidheadh siams duit?



Nuair bhéidheas do chnámha tre n-a chéile,
Gan fuil gan féoil, ar aghaidh na gréine,
Cá ndeachaidh lasadh no gile d'eudain,
No an cul glas gruaige bhidhtheá 'réidhteach?



*Is follusach ó'n líne seó gur labhair an Reachtúire an focal so
"arís" mar "aríste," mar chluinntear go minic é i gConnachtaibh.
†"Cidh go mbudh mhór do tháinte," acht ni cómh-fhuaim sin.


L. 238


Béidh do chluasa bodhar gan meamhar gan éisteacht,
Siocfaidh do ghuailne 's crapfaidh do gheuga,
Béidh do dá shúil grinn gan radharc gan leurgus
A bhí ann do cheann gan camadh gan claonadh.



Ní bailte, fearranna, stoc, ná tréuda
A mhúineas an tslighe go flaitheas Dé dhúinn,
Acht leasughadh ár n-anma réir mar léightear,
A' déanamh trosgaidh urnaigh' 's déirce.



Ag dul a' luidhe dhuit ná bhí-se balbh,
Feac do ghlúna 's brúigh an talamh,
Cuimhnigh ar gach nidh do leig tú tharad,
'S go bhfuil tú ag triall go cluain* na marbh.



Úmhlaigh do'n chléir agus géill do'n eaglais
Fuair cúmhacht ó Dhia na peacaidh mhaitheamh,
Coimhlíon an dlighe tá i dteampoll Pheadair
A's ní baoghal duit bás acht malrait† beatha.



Is mairg nach meabhraigheann cré agus paidir,
'S gur faide ar an tsaoghal so mí no seachtmhain
'Ná mile bliadhain ag Crann na Beatha
I nGáirdín Phárrthais no ag bord na nAbstal.



Is mairg a dhíolas righeacht na bhFlaitheas
Áras Dé atá 'n a thrí pearsan',
'N áit a mbídheann Naomh 'n a suidhe agus abstail
Bhí ar an tsaoghal so 'g leasughadh ár mbeatha.



*"Go sluagh na marbh" mar fuaireas é ó'n Míodhchánach.
"Tarad" = "thart."†= Malairt.


L. 240


Nior shanntaigh an croidhe 's níor smuaín an peacach
Ar mhéad an tsóláis* atá 's na flaithis;
Ag éisteacht le ceól agus greann gan cealg,†
Ag feitheamh na glóire gus í 'gá freagairt.



Lucht éirigh' i n-áirde, státa 's dúithche,
Tiucfaidh siad gearr i ndeire na cúise,
Gan a n-aithrighe déanta béidh siad brúighte
Ameasg lucht feille póite 's drúise.



An fear a shanntaigheas maoin a's talamh,
'S nach ndéanann truagh do'n té bhíos falamh,
Béidh sé shíos 's ni maith í a leaba,
Gioscán fiacal air, fuacht a's creathadh.



Nuair thiucfas Críost ar thaoibh an tSléibhe
'S cruinneóchaidh sé chuige an cine daonna,
Béidh do ghníomhartha sgríobhtha ar d'eudan
A's an fear le d'ais ionnán a léighte.



Is súd í an chúirt nach nglacfaidh breuga.
'S nach g-cloisfidh ‡ caint ó fhear dá thréine,
Breitheamh na fírinne bhéidheas 'g ár bhfeuchaint,
An t-aon Mhac Íosa, d'fhulaing a cheusadh.



Fosglóchaidh ifrionn 's flaitheas i n-éinfheacht,
Agus múchfaidh[ear] solas na gealaighe 's na gréine.§
'S an meud a rugadh ó cruthaigheadh an cheud fhear
Béidh siad i g-cuideacht os cómhair a chéile.



* Aliter "ar an sólás síorruidhe."
†Aliter "spórt agus aithis."
‡= Nach gcluinfidh, ailter "nach nglactar."
§"Solus gealach is grian" MS.


L. 242


Nuair fhosglóchas Dia leabhar a' chúntais
Agus sgáthán an cheirt a bhéidheas 'gá iomchar,
Is an-mhór an gar an mhaith a dhéantar
Diúltaigh an peacadh agus éist liom-sa.



Ag so, mar chreidim, deireadh an chéid dháin, no
b'éidir go bhfuil cuid dé caillte, óir ní críochnughadh
snasta é seo. Bheirim an dara dán ann so, agus
an "Aithrighe mar ainm air."



AITHRIGHE AN REACHTÚIRE.



A Righ tá ar neimh 's a chruthaigh Ádhamh,
'S a chuireas cás i bpeacadh an úbhaill,
Do sgreadaim ort anois 's os árd,
Ó is le do ghrása tá mé ag súil.*



Tá mé i n-aois, a's do chríon mo bhláth,
Is iomdha lá mé ag dul amúgh',
Do thuit mé i bpeacadh anois naoi dtráth†
Acht tá na grása ar láimh an Uain.



Nuair bhí mé óg b'olc iad mo thréithe,
Budh mhór mo spéis i sgléip 's i n-eachrann,
B'fhearr liom go mór ag imirt 's ag ól
Ar maidin Dómhnaigh 'ná triall chum aifrinn.



*Aliter "tá mé [ag] siúbhal.
†Aliter "os cionn naoi bhfeáth," nach dtuigim, munab é


L. 244


Níor bh'fearr liom suidhe 'n aice cailín óig
'Ná le mnaoi phósta ag céilidheacht tamall,
Do mhionnaibh móra do bhí mé tabhartha,
Agus drúis no póite níor leig mé tharm.



Peacadh an úbhaill, mo chrádh 's mo leun!
Is é mhill an saoghal mar gheall ar bheirt,
A's ó's cóir an craos atá mise síos*
Muna bhfóirfidh Íosa ar m'anam bocht.



Is orm, faraor! tá na choireacha móra,
Acht diúltóchad dóibh má mhairim tamall,
O! leag gach nidh† ar mo cholainn fós,
A rígh na glóire, 'gus tárrthaigh m'anam.



D'éalaigh na lá a's níor thóg mé an fál,
No gur itheadh an bárr ann ar chuir tú dúil‡
Acht a Áird-righ an Cheirt, anois réidh mo chás,
A's le sruth na ngrása fliuch mo shúil.



Is le do ghrása do ghlan tú Máire
A's shaor tú Dáibhidh, an aithrighe do rinne,§
Do thug tú Maoise slan ó'n mbáthadh
'S a Chríost thrócairigh tárrthaigh mise.



A righ na glóire tá lán de ghrása
'S tú rinne beóir a's fíon de'n uisge,
Le beagán aráin do riar tú an sluagh
Och! freasdail fóir agus slánaigh mise.



*Aliter "ar daoradh."
†Aliter "gach nidh buail anuas."
‡"O alt go bun," acht ni'l an chomh-fhuaim cheart ann sin; "go
críonadh an bárr ó alt go glúin" do réir an Mhíodhchánaigh.
§"Do rinne an aithrighe," acht is olc ghnidheas "aithrighe" agus
"mise" comh-fhuaim.


L. 246


O! a Íosa Críost a d'fhulaing an pháis
A's do adhlacadh, mar do bhí tú úmhal,
Cuirim cuimridh* m'anama ar do sgáth
A's ar uair mo bháis ná tabhair dam cúl.



A Bhainríoghain Phárrthais, máthair a's maighdean,
Sgáthán na ngrása, aingeal a's naomh,
Cuirim cosaint m'anama ar do láimh
A Mhuire ná diúltaigh mé, 's béidh mé saor.†



'Nois tá mé i n-aois, 's ar bhruach an bháis,
'S is gearr an aimsir go dtéigh[im] i n-úir,
Acht is fearr go deireannach 'ná go bráth
Agus fuagraim páirt ar righ na nDúl.



Is cuaille gan mhaith mé i gcoirnéall fáil,
No is cosmhúil le bád mé a chaill a stiúr,
Do brisfidhe asteach anaghaidh carraig' 'sa' bhfraigh,‡
'S do bheidheadh dá bháthadh 'sna tonntaibh fuar'.§



A Íosa Críost, a fuair bás Dia h-Aoine,
A's d'éirigh arís ann do righ gan locht,
Nach tú thug an tslighe le aithrighe do dhéanamh,
'S nach beag an smuaíneadh do rinneas ort.



*"Cuimridh" i g-Connachtaibh, i n-áit "comairce," agus dídionn.
†Aliter "tóg mo pháirt agus tá mé saor."
‡= Fairrge.
§"Bheidheadh 'gá báthadh 's a chaillfeadh a snámh" aliter "seól,"
acht d'athraigh mé an líne le comhfhuaim do dhéunamh.


L. 248


Do thárla ar dtús míle 's ocht g-ceud,
An fiche go beacht i g-ceann an dó-déag,
Ó'n am thuirling Críost a reub na geataidh,
Go dtí an bhliadhain a ndearnaidh Reachtúire* an Aithrighe.



Chomh cráibhtheach agus do bhí an Reachtúire, agus bhí
sé 'na dhuine fíor-chráibhtheach gan amhras, ní raibh sé
gan meisneach Gaedhealach agus gan inntinn áird,
agus do brostuigheadh é ar uairibh chum móráin do rádh
go rógheur anaghaidh na ndaoine nach raibh ar aon
inntinn leis féin. Bhíodh sin mar tá sé: acht ag so,
ar mhódh ar bith, abhrán breágh catha, óir is fíor-abhrán-
catha é, do rinne sé (mar is follusach ó fhiadhnuise an
dáin féin) am éigin timchioll na bliadhna 1831, nuair
thosaigh an buaidhreadh air a nglaodhtar "Cogadh na
nDeachmhuidh" i n-Éirinn. Tháinig an ceathramhadh
Seóirse i gcróin 'san mbliadhain 1820, agus do chuir



*Aliter Raifteridh.



Le criochnughadh an airrighe agus í beith soléigte
Ta Ceilidh feltach (?) i aithrughadh go beurla,
Le buadh birreach (?) grása agus trocaire
Beith ag gac duine glacaich a chomhairle.



Guibhe doneadh saturn agus aoinead
Don te daróach do cinne daoinnead
Na don beirt dfagad an airigte sin deuntad
agus cuirim-sa an actcuinghnidh ar Iosa Criosta.


L. 249


Do chuala[s] sgeul beag anois go déidheanach
O fheadhóig shléibe bhí i nDúbh-choill



Go mbéidh Repéaler agus a fhórsaidhe treuna
Agus congnamh Dé d'á stiúradh,
Agus an bhuidhean so an Bhéarla gan fíon gan feusta
Agus ceatha p'léar dá rúsgadh.


L. 250


Dómhnall O Conaill an Comh-chuman mór Catoilceach
ar bun trí bliadhna 'na dhiaigh sin, agus do thosaigh na
Rómhánaigh, do bhí go dtí an t-am so brúighte síos ann
san gclábar, gan spiorad gan spreacadh, a gcinn do
thogbháil arís. Tháinig buaidh chuca ar mhuin bhuaidhe, go
bhfuair siad faoi dheireadh a saoirse, agus cead suighte
i bPairliméad san mbliadhain 1829, agus an bhliadhain
'na dhiaigh sin do bhris amach an cogadh obann fíochmhar
fíor-shearbh sin anaghaidh na ndeachmhuidh d'íocaidís go
dtí seo leis "na ministéiribh gallda" mar thugadar
orra. Bhí spiorad na sean Ghaedheal fós ann sna
daoinibh. Shaoil siad, mar is dóigh, gur anaghaidh
Shacsana do bhí siad ag troid, mar do throid a n-aith-
reacha rómpa. Do cuireadh an sop d'á shéideadh le
fearaibh mar an Reachtúire Caoch, agus má sheas na
daoine go daingionn le chéile ar chúl Dhómhnaill Ui
Chonaill, tig linn bheith cinnte nár bheag an congnamh
agus an gríosadh do fuaireadar ó dhántaibh Gaedheilge,
mar an dán so. Do bhí troide cruaidhe idir na
daoinibh agus na saighdiúraibh i gCúige Laighean agus i
gCúige Múmhan, ag Carraig Seac, ag an Dún, ag
Baile-an-bhalla, ag Rath Chiaráin, ag Rath Chormaic,
agus i n-áiteachaibh eile, agus do cailleadh morán



Dá mbeinn-se faon-lag fa thobac geárrtha
A's fá sholus bán gan múchadh,
Acht go n-aireó'ainn trácht ar an dream do chráidh mé
D'eireó'ainn láidir chúcha.


L. 251


Tá mo shúil lem' Mháighistir na raghad fá'n mbán-ghlas
Go bhfeicfead tláth an cúmplacht,
'S go mbéidhead d'á n-áiriomh i bpollaibh báidhte,
A's le filibh árda dh'á dtúrnadh.
Ceatha p'léar agus picidhe treuna,
Dá gcur i maolaibh brúighte,
Cloch agus craobh i láimh gach aon-ne
Agus mallacht Dé ar an gcúmplacht.


L. 252


daoine. Is dói-chreidte an méad seirbhe agus feirge
do tháinig ann sna daoinibh i gcúrsa na mbliadhan so;
ní raibh siad mar sin roimh an am so ná 'na dhiaigh, agus
tá an tseirbhe seo soiléir go leór ann sna dántaibh
do rinne an Reachtúire ann san aimsir sin. Ag so
an t-abhrán-catha do rinne sé ag brostughadh, mar is
dóigh liom, na gConnachtach chum seasta go daingionn
ar gcúl na Muimhneach i "gCogadh na ndeachmhuidh."
Rinne sé ar fonn an tsean-abhráin "An chúis d'á
pléidh," é.



AN CHÚIS D'Á PLEIDH.



(leis an Reachtúire.)



Éirighidhe suas tá 'n cúrsa ag teannadh libh,
Bíodh cloidheamh a's sleagh aguibh i bhfaobhar geur,
Is gearr uaibh an Chúig, tá 'n dáta caithte,
Mar sgríobh na hAbsdail na naoimh 's an chléir;
Tá an choinneall le múchadh thug Lúiteir lasta leis,
acht téidhidh ar bhur nglúnaibh a's iarraidh athchuinge,
Guidhidh an tUan 's béidh an lá ag na Catolcaigh',
Tá an Mhumhan tre lasadh 's an Chúis d'á pléidh.



Is peacadh an drúis, do réir na n-aitheanta,
'Nna aimhdheóin gur mealladh go leór faoi 'n sgeul,
Chuir Hannraoi dúil innti 's thog sé an [siosma]
Dhíol sé an creideamh a's cómhacta Dé.


L. 254


Chuir Wolsey droch-rún faoi Chranmer a's Latimer,
Calbhin a's Lúiteir do cheangail an t-airtiogal,
Sin iad an cúigear d'úghdaraibh na mallachtan
D'fhág droch-mheas agus ruaig ar Ghaedheal.



Tá'n dá Chúige Múmhan ar siubhal, 's ní stadfaid
Go leagthar dóibh deachmhaidh a's cíos dá réir,
'S dá dtugfaidhe dhóibh congnamh a's Éire [do] sheasamh
Bheidh' gárdaidh lag a's gach bearna réidh.
Bheidh Gaill ar a g-cúl, a's gan teacht ar ais aca,
Agus "Orangemen" brúighte i gciúmhas* gach baile 'gainn,
Breitheamh a's Júry† i dteach cúirte ag na Catolcaigh'
Sacsana marbh, 's an chróin ar Ghaedheal,



*"Cúis," M.S.
*Sgríobhtha "ingdheóin" 'san M.S. mar labhairthear i g-Connacht-
aibh é.
†'S é "coiste" an t-ainm ceart coitchionn, acht deir an
Reachtúire "Júry" le "comharda," no comh-fhuaim, do dhéanamh le
"cúl" agus le "brúighte."


L. 256


Béidh againn faoi Chásg pléaráca 's cuideachta,
Ól a's imirt a's spórt dá réir,
Béidh maise 'gus bláth agus fás an chrannaibh,
Snuadh 'gus snas agus drúcht ar fheur.
Feicfidh sibh fán a's neamh-árd ar Shacsanaigh',
Ár námhaid le fán agus leagadh a's lear (?) orra,
Teinnteacha cnámh ann gach árd ag na Catolcaigh',
'S nach sin í gan brabach an Chúis d'á pléidh.



Is iomdha fear breágh faoi an tráth so teilgthe*
O Chorca go h-Innis 's go Baile Roiscré,
Agus buachaillidhe bána le fán ag imtheacht
O shráid Chille-Chainnigh go "Bantri Baé."
Acht iompóchaidh an cárda 's béidh lámh mhaith againn-ne,
Seasfaidh an mhádh ar chlár na h-imirthe,
Dá bhfeicfinn-se an rása o Phortláirge go Biorra 'rra,
Sheinnfhinn go deimhin an Chúis d'á pléidh.



Éirighidhe suas, a's gluaisidhe uile,
Téidhidhe ar an gcnoc agus glacaigh bhur ngleus,
Ag Dia tá na grása a's béidh sé 'n bhur gcuideachta,
Bíodh agaibh meisneach, is breágh an sgeul é.
Gnóthóchaidh sibh an lá ann gach áird de Shacsanaigh',
Buailidh an clár 's béidh na cárdaidh teacht chugaibh,
Ólaidhe as láimh, anois, sláinte Raifteiridh,
'S é chuirfeadh dhaoibh baill ar an gCúis d'a pléidh.



*Labhairthear an focal so mar "tlicthe." Is focal coitchionn
i gConnachtaibh é. Is ionnann "bhí sé teilgthe" agus "Chuaidh
breitheamhnas na cúirte 'na aghaidh."


L. 258


Ag so anois dán níos seirbhe, dá mb'fhéidir, do
rinne sé am éigin, idir 1822, mar cheapaim (nuair
d'iompaigh cuid de na h-easbogaibh, faoi stiúradh
Dhochtúir Ui Dhúbhghaill anaghaidh na "sgol i sráid Chille-
dara") agus 1831 nuair cuireadh na sgoilte(mi)-
náisiúnta ar bun, ag an Stannlaigheach. Do bhí
"sgoilte sráide Chille-dara" - sgoilte do bhí curtha
ar bun le airgiod puiblidhe, agus do thug teagasg
do cheud míle páiste, beag-nach* - ag seasamh amach
anaghaidh na Romhánach, agus ag rádh go gcaithfidís an
bíobla beurla chur d'á léigheadh ionnta; agus d'oibrigh
siad ann a leithéid sin de shlighe go raibh siad, mar
dubhairt an t-Easbog O Dubhghaill "ag tógbháil
imreasáin, losgadh-croidhe, agus beag-nach cogaidh,
anns gach baile beag." Is cosmhúil go gcualaidh an
Reachtúire trácht ar an gcómhairle nuaidh "sgoilte
náisiúnta" do chur ar bun, agus nach bhfacaidh sé ann
san sgeul sin acht lámh Shacsana ag iarraidh buille eile
do bhualadh ar an tSean-bhean-bhoicht agus a creideamh
do bhaint dí. Is dóigh gur chreid seisean go raibh
baoghal ann go ndeunfadh na sgoilte nuadha so
Protestúnaigh de na daoinibh: ni dhearnadar, acht
rinneadar leath-Shacsanaigh dhíobh de'n chineál is measa,
ag baint díobh a dteangadh, a sean-sgeul, a n-abhrán,
a gceóil (do bhí comh-cheangailte le n-a dteangaidh)
agus gach nidh eile do bhí 'na chomhartha náisiúntachta
aca, 'gá bhfághbháil andiú, i riocht nach dtuigeann an
t-aos óg ann a chondaé féin agus ann a bhaile féin,
na h-abhráin bhreágha agus na dánta uaisle do rinne



*Bhí timchioll ocht milliún daoine i n-Éirinn an t-am so.


L. 260


Raifteridh d'á n-aithreachaibh, ná an Ghaedheilg bhinn
do bhí d'á labhairt ag a sinnsearaibh rompa, ó
sheas Clann Mhilidh ar dtús, ar an oileán so; ga
bhfágbháil mar an gceudna chomh sgriosta sin ann
a n-inntleacht, nach bhfuil acht 600 no 700 d'fhoclaibh ar
a mbéalaibh i n-áit 4,000 no 6,000 do bhí ag a n-aith-
reachaibh, i riocht nach bhfuil ionnta anois acht mar bheidh-
eadh páistidhe gan chéill i gcompráid le n-a n-aithreach-
aibh-móra!



Tá an dán so, mar gheall ar an bhfuath agus ar an
tseirbhe atá ann, níos cosmhúile le píosa do dheun-
faidhe áit éigin i gCúig' Uladh, 'ná le habhrán do
cumfaidhe i Muigh-Eó no i nGaillimh, agus ní'l eólas
agam ar aon phíosa eile atá cosmhúil leis. Is fiú,
mar sin, a thabhairt ann so.



IS FADA Ó CUIREADH SÍOS.



Is fada ó cuireadh síos go dtiucfadh sé 'san tsaoghal
Go ndóirtfidhe fuil 's go ndeunfaidhe sléuchta,
Do réir mar sgríobh na naoimh 'san mbliadhain an Naoi* tá'n baoghal.
Má ghéillimid do'n Sgrioptúir Naomhtha.
An balla dheuntar fuar ní fhanann sé a bhfad shuas,
Sgiorrann sé ó'n droch- "foundation,"
Acht an áit a ndeachaidh an t-aol ní choróchaidh cloch as choidhch',
Tá an charraig faoi 'na suidhe nach bpleusgfaidh.



*Is cosmhúil go raibh an tsean-tharraingireacht seo i g-cuimhne
ag an Reachtúire:-



Nuair chaillfeas an leómhan a neart
'S an fóthanán breac a bhrígh,
Seinnfidh an chláirseach go binn binn
Idir a h-ocht agus a naoi.



Is cosúil go measgann sé an sgríobtúir agus sean-tharraing-
ireachta le chéile! "Labhairthear "baoghal" mar "baoigheal" ann
so, acht "naomhtha" mar "naémhtha." Dá bhfoirfeadh sé d'á rann
dheunfadh sé "baéghal" de "bhaoghal" agus "naoimhtha" de
"naomhtha."


L. 262


Is síorrúidhe sean an Chúirt do saoileadh thabhairt anuas
Acht 'sé mheasaim-se gur nídh nach féidir,
Tá Naomh Peadar le n-a bruach agus Críost [do] cheus an sluagh
A's congbhóchaidh siad na h-uain lé chéile.
Adhaltranus 's drúis do thosaigh an sgeul ar dtúis,
Agus Hannraoi an t-Ocht do thréig a chéile,
Acht díoghaltas rith a's ruaig ar "Orangemen " go luath
Nach bhfuair ariamh an "consacration."



Ag éirighe dhaoibh 's ag luidhe, smuaínidhidh ar an righ,
Do chruthaigh ar fad an cine daonna,
Is iomdha cor 'san ngaoith acht ní lia 'ná 'san tsaoghal
'Gus is beag an chaoi le' bhfuigh'mís réidhteach.
Isebél do shaoil an eaglais thabhairt faoi dhlighe
Ag cur anaghaidh* an bheatha naomtha,
Tá sí i ngéibhionn shíos a's lúiteir le n-a taoibh,
'G íoc go cruaidh faoi an "reformation."†



A Dhia, nach mór an spórt an dream do shaoil ár ndóghadh
Go mbudh éigin dóibh a bhóta do shéunadh,
A's Uilliam do thionsgain gleó a's do chuir na Gaedhil d'á
dtreóir
Ní fheicfidh siad níos mó é gleusta.
Bainfear clog 'san Róimh, béídh teinnte cnámh a's ceól,
Anns gach beag agus [gach] mór tré Éirinn,
O tháinig Seóirse i g-cróin tá Orangemen faoi bhrón,
A's gan neart aca a srón do shéideadh.



*"A's sanntaigh siad" san MS.
†Tá dúil mhór ag an Reachtúire, mar chidhmid, ann sna foclaibh
árd-ghlóracha gallda so chríochnuigheas i n-"ation" (= "éisinn").
Na ceud fhilidhe de na Gaodhalaibh do sgríobh i mBeurla rugadar
na focla so asteach ann 's gach rann, beag-nach!


L. 264


A Íosa cheusta i gcrann ná feuch ar lár an dream
Nár dhíol an bhean d'oil thú ar aon chor,
Acht lúiteir 's a dhlighe cam 's an bunadh creideas ann
Nach olc an ceart go bhfuighidís géilleadh.
Má's fíor do Orangemen ní'l maith do'n chléir i gcaint
'Sa chrothughadh ar súd le léigheadh ag Éiri[nn]
Gur eugcóir finiall (?)* 's feall agus cliseadh clainne Gall
D'iompaigh an Bíobla anonn 'san mBéarla.



Chualaidh mé muna[b] breug, go dtiucfaidh sé san tsaéghal
Go g-cuirfidhe máighistir léighin ann gach cúinne,
Ní bhfuil san gcás acht sgéim† ag mealladh uainn an tréid
Agus diúltaighidh do ghnóthaighibh lúiteir.
Creididh do'n chléir 's ná téidhidh ar mhalairt féir,
No caillfidh sibh Mac Dé 's chúmhachta,
'S an long so chuaidh a léig (?) má théidheann sibh ann de léim
Iompóchaidh sí a's béidh sibh fúithe.



Altaighidh le Dia, tá an t-Athair Bairtlidh shíar,
'S congbhóchaidh sé ar na caorchaibh gárda,
An sliocht i g-cath ná i ngliath‡ nár dhíol an pháis ariamh
Agus seasfaidh sé anaghaidh Búrcáigh a's Dálaigh.
Tá Clanna Gall 'n ár ndiaigh mar bheidheadh madra alla ar
shliabh
Bheidh ag iarraidh an t-uan do ghoid ó'n mháthair.
Acht O Ceallaigh dheunfadh a bhfiadhach gan cú gan each gan
srian
Le toil a's cúmhacht rígh na nGrása.



*= Fionghail = dúnmharbhadh, no marbhadh duine atá gaolach leat
féin.
‡"Na a gcliar," 'san MS. "gliath" = troid.


L. 266


Ní'l figheadóir lawn na bréide ná gréasaidh andhiaigh a laé
Nach mbíonn ag piocadh breug as úghdair,
A mbíobla ar bhárr a méar, ag dearbhughadh 'san éitheach,
Acht íocfaidh siad i ndeire cúise.
Fear gan radharc gan léighean a mhínigheas dhaoibh an sgeul,
Raifteridh d'éist le ar' dubhradh,
['S] adeir go flaitheas Dé nach rachaidh neach go h-eug
Bhéidheas ag plé le leabhraibh lúiteir.



Do sgríobh an Reachtúire an tríomhadh dán timchioll
an ama cheudna, tar éis an toghtha chlúdhamhla i gCon-
daé an Chláir 'san mbliadhain 1828, air ar ghlaodh sé
Buaidh Ui Chonaill. Deir sé rud aisteach ann san dán
so mar an gceudna, amhail agus gur shaoil sé gur
pheacaigh an t-ochtmhadh Hannraoi anaghaidh na nGaedheal
nuair chuir sé a bhean uaidh! Ní raibh aon rud chomh
searbh leis na dántaibh sin ameasg na ndaoine roimhe
ná ó shoin, agus creidim nach mbéidh agam acht an
glain-fhírinne nuair deirim go bhfuil spiorad na ndán
so imthighthe ar fad as Chonnachtaibh anois, agus tá na
h-abhráin féin beag-nach imthighthe as chuimhne, cidh go
bhfuil an Aithrighe, Condaé Mhuigh Eó, agus mórán eile
de phíosaibh an Reachtúire le fághail fós ar bheul na
sean-daoine anns gach áit. Ní thiúbhrad acht aon
rann amháin de "Bhuaidh Uí Chonaill" ann so, agus
bheirim an rann so, mar tá trácht ann, ar an tsean-


L. 268


tharraingireacht sin air ar labhair mé shuas. Ag
so é.



Glóir do Chríost a's do Righ na nGrása!
Ta'n Charraig láidir, nár chlis ariamh,
Shaoil Seághan a's Mártain a tabhairt le fáinidhe,
'S thóg Hannraoi páirt leó, mar gheall ar mhnaoi.
Críonfaidh an fóthanán 's tuitfidh an bláth dhé,
Béidh an leómhan ar lár a's ní fhanfaidh ann brigh,
Mar is fada ó dubhradh go dtiucfadh an lá geal
Do sheinnfeadh an chláirseach i mbliadhain an Naoi!



Is leór é seó anois, acht b'éidir go mbéidh tuilleadh
agam le rádh i dtaoibh an Reachtúire am éigin eile.



Chualaidh mé níos mó 'ná aon dán amháin ann a
bhfuil cómhrádh idir duine beó agus anam duine mhairbh.
Ag so ceann de'n tsórt sin do fuair mé ó Sheághan
O Cearnaigh atá 'na mháighistir sgoile i mBeul-mhuiléad
a gCondaé Mhuigh-Eó. Is follasach nach bhfuil ann acht
giota de'n abhrán, agus go bhfuil mórán amúgha ann,
acht shaoileas 'na dhiaigh sin go mb' fhiú a thabhairt ann
so. Is é an t-ainm atá air, "Dán an Tuir," agus tá
sé coitchionta ameasg na ndaoine timchioll Beul-
mhuiléad. Is carraig ar mhuir, an tor so, timchioll
dá mhíle dhéag ó'n talamh agus tá teach-solais ann
anois. Is ar an g-carraig aonránaigh uaignigh seo
do cuireadh an t-anam ag deunamh aithreachais. Is
doiligh a rádh cia 'n uair no cia leis a ndearnadh an
dán. Ní'l miosúr ceart ar bith ann. Is cosmhúile é
le prós 'ná le dán. Cuireann sé ann ár gcuimhne an
bheursaigheacht is sine do bhí ag na Gaedhealaibh.


L. 270


DÁN AN TUIR.



An Duine.



A ghiolla úd 'san tsléibh
Atá do d'chiapadh ag an tor,
Ceist agam ort i n-ainm Íosa:
An duine saoghalta thú no geilt?*



An t-Anam.



O chuirtear an cheist i n-ainm Íosa
Dar go deimhin fosglóchad duit,
Ní duine saoghalta me ná geilt,
Acht anam bocht a d'fhágbhaigh an saogal so,
A's nach ndeachaidh go Flaitheas Dé ó shoin.



An Duine.



Ceist agam ort arís
Gan doligh do dheunamh dhuit,
C'fhad ó d'fhág tú an saoghal so
No bhfuil tú ariamh, ó shoin, ann sin?



An t-Anam.



Fiche bliadhan go Dómhnach so chuaidh thorrainn
Sgar an t-anam leis an gcolainn chlaoin,
Faoi fhearthainn, faoi ghaoith,
Acht beag† beannacht na mbochtán ar an tsaoghal
Bheidhinn na ceudtha bliadhan eile ann.
Nuair bhí mé ar an tsaoghal,
Bhí mé go h-aoibhinn aérach,
Budh mhian liom socair tharraingt orm féin,
Acht táim i ndiacair mhóir d'á n-íoc sin.
Nuair théidhinn go h-Aifrion an Dómhnaigh
Ní trócaire d'iarrainn do m'anam,


L. 272


Acht a' sgige 's a' magadh faoi óg-fhir,
A's corp mo Chríost os mo choinne.
Nuair thiginn a- bhaile arís
Ní ar ghlór an tsagairt bheidhinn ag smuaíneadh,
Acht ar an maoin bhreágh mhóir
D'fhág mé mo dhiaigh 'san mbaile.
Budh mhaith m'agard agus mo theach mór,
Agus mo ghealtas (?) le dul amach na* chruinnighthe,
Marcuigheacht ar óig-each,
Fleadh agus féusta os mo choinne,
Níor chuir mé suim ar bith [i m'anam?]
Go bhfacaidh mé gaisge an Bháis ag cruinniughadh.
Taobh ó thuaith na múrtha dubha teineadh,
Taobh ó dheas muinntir Chríosta,
Ag cruinniughadh measg na n-aingeal
An Mhaighdeann ghlórmhar 'gá ndeifriughadh.



"Ní'l fhios agam ar sa Peadar,
An n-aithnigheann Críosta é!"
"Ní'l fhios," ar Críosta,
Faraor geur ní aithnighim é."



Ann sinn labhair an Mhaighdean ghlórmhar,
'Gus d'isligh ar a glúnaibh geala,
"O a mhic, nach duit do gleusadh
Na cárnáin luaithre
Le do chomh uasal do losgadh"?



Críost (?)



A mháthair chuideadheach‡ (?) ghlórmhar
Ma 'sé do thoil a thabhairt go Flaitheas
[leigim leat é?]
'S go mb-fhearr dhuit míle bliadhain ar an tor
'Ná aon uair amháin i n-ifrionn salach.


L. 274


Ag so dán eile de'n tsórt ceudna do fuair mé ó
Phróinsiais O Conchúbhair atá i mB'l'áthluain. Is cómh-
rádh é idir anam bocht ar Charraig Chaisil agus bráthair
beannaighthe.



AN T-ANAM BOCHT AGUS AN BRÁTHAIR BEANNUIGHTHE.



An Bráthair.



I n-ainm Íosa Críosta do ceusadh ar an gcroich Dia h-Aoine,
Cia thusa ar an g-carraig, agus cad fáth do gheur-ghol agus do
chaoineadh?
h-Uile oidhche ar mo glúnaibh bím ag éisteacht le do ghuth,
Acht fuair mé focal ó Mhuire Mháthair de d'thaoibh andiú.



An t-Anam.



Is anam bocht mé do bhí ar bhruach Ifrinn, agus i mór-bhaoghal,
Fhaoi throm-ualach peacadh marbhtha 's eadh d'fhagbhaigh mé an
saoghal.
Nuair sgar an t-anam leis an gcolainn chuaidh sé i láthair an
bhreithimh Mhóir,
Agus bheidh' sé d'á losgadh anois i n-Ifrionn acht muna mbeidh'
Muire Mhór.



Tríd idir-ghuidhe na Maighdine fuair mé am le aithrighe do
dheunamh,
Faoi shioc agus faoi shneachta ar an gcarraig seo ag geur-ghol
agus ag caoineadh,
No go bhfuighidh mé oide-faoisdine le h-éisteacht mo dhroch-mhianta
Agus bhéarfas maitheamhnas dam i n-ainm Íosa Críosta.



An Bráthair.



Is oide-faoisdine mise, ar do ghlúnaibh teirigh síos,
Agus innis dam do pheacaidh ó tháinig tú go h-aois.
Ná ceil orm aon chóir, bíodh sí beag nó mór,
Béidh Íosa Críost i láthair ag éisteacht le do ghlór.



An t-Anam.



Má ghnidhim-se faoisdin leat ná congbhaigh é mar rún,
Bíodh m' am ar an g-carraig seo gearr no buan,
Acht fuagraigh é i n-áirde ameasg na g-creutúr bocht
Ar eagla go mbeidh' siad-san mar táim-se anocht.


L. 276


An Bráthair.



Tá sé anaghaidh m' uird bheannaighthe focal faoisdin do leigean
as mo bhéul,
Ní dhearnadh é o chuir Críost an eaglais ar bonn ameasg
Gaedheal,
Acht nuair bhéidheas mise réidh leat, innis é do bhárd,
Ni'l aon cheangail air-sean, agus fuagróchaidh sé é ar árd.



An t-Anam.



Tá mé bliadhanta ar an g-carraig seó, agus chuaidh na ceudta
an tslighe,
Níor chuireadar aon cheist orm, chuaidh mo chaoineadh leis an
ngaoith.
Bheidhinn ann so go deireadh an domhain acht muna mbeidh Muire
Mhór
Tá tuairm ann mo chroidhe gur bh'í chuir thú ar mo thóir.



An Bráthair.



Tá do thuairm ceart, chuir sí mé ar d'anam bocht,
Deun faoisdin mhaith anois agus béidh tú ar fhlaitheas Dé anocht.
'San áit sin guidh ar son na ndaoine tá do dhiaigh ar an tsaoghal,
I n-ainm Dé tosaigh d'fhaoisdin, is éigin damhsa triall.



Is dóigh gur tosach dáin fhada é seó, acht ní bhfuair
mé an chuid eile dhé. Tá an bheursaigheacht beag-nach
chomh mi-shlachtmhar mi-riaghalta leis an dán deir-
eannach, acht is cineál bheursaigheachta é do bhí choitchionn
go leór ameasg na ndaoine le céad bliadhan, agus
cidh gur mi-bhinn, is fíor-Ghaedhealach é, de'n tsórt is
measa.



Ag so dán diadha eile atá le fághail fós i
gcondaé Mhuigh-Eo. Do sgríobh mé síos an cheud
chuid dé o bheul Mhícheáil Mhic Ruaidhrigh ó'n gcondaé
sin, agus fuair mé tar éis sin na cúig ceathramhna
déigheannacha nach raibh ag an Ruaidhrigheach ó Mhártain
O Calaoille i n-Iorrus ann san gcondaé cheudna.


L. 278


MUIRE AGUS NAOMH IÓSEPH.
Nac naomhtha do bhí Ióseph,
Nuair phós sé Muire Máthair?
Nach é do fuair an tabhartas
Do b'fhearr ná an saoghal Áidhe [Ádhamh]?



Dhiúltaigh sé do'n ór buidhe
Agus do'n chróin do bhí ag Dáibhi,
Agus b'fhearr leis bheith ag treórughadh
Agus ag múnadh an eólais do Mhuire Mháthair.



Lá amháin d'á raibh an cúpla
Ag siúbhal ann san ngáirdín,
Measg na seirínidh cúbhartha,
Bláth úbhla, agus áirnidhe;



Do chuir Muire dúil ionnta
Agus thnugh sí leó, i láthair,
O bholadh breágh na n-úbhall
Bhí go cúbhartha deas ó'n Áird-righ.



Ann sin do labhair an Mhaighdean
De'n chómhrádh bhí fann,
"Bain dam na seóid sin
Tá ag fás ar an gcrann.



"Bain dam mo sháith aca
Óir tá mé lag fann,*
A's tá oibreacha righ na ngrásta
Ag fás faoi mo bhroin."



*"Ann a g-caill" dubhairt Mac Ui Ruaidhrigh, acht dubhairt an
Callaoileach "lag fann." Tá mé ann a gcaill = "teastuigheann
siad uaim."


L. 280


Ann sin do labhair Naomh Ióseph
De'n chómhrádh bhí teann,
"Ní bhainfidh mé dhuit na seóda
A's ní h-áil liom do chlann.



"Glaodh ar athair ó do leinbh
Is air is cóir dhuit bheith teann,"
Ann sin do chorruigh Íosa
Go beannaighthe faoi na broin.



Ann sin do labhair Íosa
Go naomhtha faoi na broin
"Ísligh go h-ísiol
Ann a fiadhnuise, a chrainn."



D'úmhlaigh an crann síos dí
Ann a bhfiadhnuise gan mhaill,
Agus fuair sí mian a croidhe-stigh
Glain-díreach ó'n gcrann.



Ann sin do labhair Naomh Ióseph
Agus chaith é féin ar an talamh,
"Gabh a- bhaile a Mháire
Agus luidh ar do leabuidh.
Go dtéidh mé go h-Iarusalem
Ag deunamh aithrighe ann mo pheacaidh."



Ann sin do labhair an Mhaighdean
De'n chómhrádh bhí beannuighthe,
"Ní rachaidh mé a- bhaile
A's ní liudhfidh mé ar mo leabuidh,
Acht tá maitheamhnas le fághail agad
Ó Righ na ngrásta ann do pheacaidh."


L. 282


Trí mí ó'n lá sin
Rugadh an leanbh beannuighthe,
Tháinig na trí righthe
Ag deunamh adhraighthe do'n leanbh.



Trí mí ó'n oidhche sin
Rugadh an leanbh beannuighthe,
Ann a stábla fuair feannta
Eidir bulán agus asal.



Ann sin do labhair an Mhaighdean
Go ciúin agus go céillidhe,
"A Mhic Righ na gcarad
Cia 'n nós mbéidh tú ar an tsaoghal?"



"Béidh mé Diardaoin
Agus mé díolta ag mo námhaid,
Agus béidh mé Dia hAoine
Mo chriathar poll ag na táirrnibh.



Béidh mo cheann i mbárr spíce
'S fuil mo chroidhe i lár na sráide,
'S an tsleigh nimhe dul tré mo chroidhe
Le spídealach an lá sin.



Tiucfaidh toirneach agus tinnteach,
Gaoth mhór agus fearthain,
Bhainfeas an solus de na reultaibh
De'n ngréin agus de'n ngealaigh.


L. 284


Béidh na h-aingle ar gach taoibh
Ag seinm ceóil dúinn agus aitis,
Mar d'fhág mé an bealach réidh
Ag Síol Éabha le dul go flaithis.



Anois ó dúbhramar an méad sin
I n-éiric ár bpeacaidh,
Nár fhágamaoid an saoghal
Go rabhmuid réidh le dul go flaithis.



Do bhí dán eile ar Mhuire agus Ióseph sgaptha
ameasg da ndaoine i dtosach na h-aoise seo. Fuair
mé ar dtúis é ó mhnaoi-uasail do fuair é ó fhear i
gCondaé Muineacháin, acht bhí sé, mar shaoil mé,
bonn-os-cionn aige go mór, agus níor shaoil mé mbudh fhiú a
sgríobhadh síos. Acht budh mhór m'iongantas, i mbliadhna,
an dán ceudna d'fheicsint arís i gcló i leabhar beag
dubh Gaedhilge do bhí ag Mártain O Calaoille i
n-Iorrus i gCondae Mhuigh Eó. Do bhí cuid mhór de na
duilleógaibh reubtha agus caillte, acht dubhairt seisean
gur b'é "An Rós Spioradálta," an t-ainm do bhí air.
Ní fhacaidh mé ariamh i n-aon áit é, roimhe sin. Bhí, mar
shaoil mé, timchioll 150 leathanach ann, agus is dóigh
gur cuireadh i gcló é ag na h-easbogaibh Catoilce trí
nó ceithre fichid bliadhan ó shoin, nuair nach raibh móran
acht Gaedhilg ag an gcuid is mó dé na daoinibh i n-aon
áit i n-Éirinn. Is cosmhúil gur le Ulltach do cuireadh
i gcló é, óir is cosmhúile le canamhain Leith Chuinn 'ná
le canamhain leith Mhogha an chaint atá ann, agus
chonnairc mé "leacht" i n-áit "leat" ann, i n-alt no
dó, mar labhairthear é i dtaoibh-shoir de Chúig-Uladh.


L. 286


Bhí cuid mhaith dán ann, acht faraor, ni raibh binneas
na ceart-Ghaedheilge ionnta, agus i n-áit na n-abhrán
breágh atá ameasg na ndaoine féin, ni raibh acht rann-
aireacht mi-bhinn ar nós an Bhéarla, gan bhlas gan
snas gan bhinneas, amhail agus dá dtugthaidhe an obair
le deunamh do bhailséar éigin do bhí gan eólas ar fhír-
dhlightibh agus ar riaghailibh agus ar bhinneas na sean-
dán Gaedheilge. Atá an píosa so ar Mhuire agus
Ióseph chomh maith le aon cheann eile do bhí ann san
leabhar, agus bhéarfaidh mé trí rainn dé ann so, mar
shompla. Do bhí naoi rainn ann, ar fad. Tá an
leabhar so clóbhuailte ann sna litreachaibh Rómhánacha,
agus bhéarfaidh mé é go díreach mar do bhí sé sgríobhtha.
Taisbeánfaidh sé an sórt leabhar do sgap an Eaglais
Chatoilceach ameasg na ndaoine i dtosach na h-aoise
seo.



JOSA, MUIRE AGUS JOSEPH.



Mo Dhia, mo sholus, mo bheatha mo ghradh
Mo bhridh ma luadhghair mo lon fos,
Tamhair dhamh meoramh aoiche agus la
Ortsa Dhia gach solas.
Meadaigh mo ghradh mosnaigh smo bhron,
Agus foscail mo bheol chum a raite
Agus tabhair dhamh smuanamth go cinthe ghnath
Air Josa Muire agus Joseph.


L. 288


Scrios uaim mo chiortha o mo Dhia
Josa mhilis na duilt me
Agus tabhair dhamh meoramh, da shior,
Air Josa Chriosda ceasamh.
Air ghradh agus an onoir da naomh phais
Pron orain na tiolcaidhnadh so
Sin a thabhairt faoi do bhrataigh Slan
Josa Muire agus Joseph.



Gloir do Dhia an Tathair da shior,
Air a ta me giaraidh pardun
Agus don mac air mo shon a fuair bas
Agus dhoirt a chuid folla go humhal damh.
Agus don Spiorad Naomh go leir na dtri
Doirt oroin a nuais da Ghrasta
Ar nairre a bheith go einte [sic] ghnath
Air Josa Muire agus Joseph.



Ag so sompla ar an athchuinge bhíos ag na daoinibh
bochta ag dul tríd an tír ag cruinniughadh déirce.
Chualas píosaidh de'n tsórt so go minic. Tosuigheann
an chuid is mó aca mar so, no ar shlighe cosmhúil
leis



Duine bocht mé atá
Gan biadh gan beatha,
Gan cuid gan costus,
Gan duine gan deóraidh,
Gan maoin gan muinighin,
Gan teach gan téagar, agus c.



Fuair mé é seo ó Phróinsias O Conchubhair i mB'l'Áth-
luain do chualaidh ag shean-fhear dall ag rásaibh
Thuama é.



AG IARRAIDH DÉIRCE.



Tá mé ag iarraidh déirce, i n-onóir do Dhia, d'Íosa Críost, agus
dh'A mháthair an Mhaighdean Mhuire, i n-onóir do na naoim agus do
na h-ainglibh go h-uile, i n-onóir d'aon mhac Mhuire do geineadh i


L. 290


n-uaigneas ameasg na n-asal agus na ndámh i stábla fuar, i
n-uair an mheadhon-oidhche, i n-onóir d'á allus fola i ngort Get-
semina nuair thuit na braonta uaidh síos go talamh, i n-onóir
do'n sgiúrsadh do fuair sé i dteach Phíoláid agus an chróin deilgne
d'á brúghadh síos ar a cheann rónaomhtha, i n-onóir do'n chrois do
líon é le piantaibh, agus i n-onóir do ghreamughadh



A chosa agus a lámha
Do chrann na páise
I bhfiadhnuise a mháthar
Ródhólásaighe.



i n-onóir do'n bhuaidh ghlórmhair fuair sé ar an mbás,



Ag dul síos chum ifrinn na n-aithreach naomhtha
le anmannaibh do bhí ann do shaoradh;



i n-onóir do'n chaoi ar thóg sé go flaitheas a mháthair dhíleas agus
chróinigh í na bainríoghain flaithis.



Cuirim faoi bhrígh mó ghuidhe
H-uile dhuine bhéarfas dam déirc
Mar aon le n-a gcuid cúraim
Beó agus a gcuid marbh,
Go dtugaidh Dia dóibh na flaithis,
'S í an déirc folach na bhpeacadh
Agus díbirtheóir an námhaid shalaigh.



An té bhéarfas déirc do na boicht



Tá sé tabhairt iasacht
Do'n Tighearna Dia le h-aghaidh a mhaithis
'S ag leagant suas* stóir dó féin
I gciste Righ na bhflaitheas.



Cuireann na daoine ó a bhfuair mé an chuid is mó
de na píosaibh seo suim mhór i dtabhairt na déirce.
Rud nach iongantach dóibh é sin, óir ní h-iad go
coitchionnta, acht na daoine is boichte agus is dona


L. 292


a bhfuil na dánta so aca, agus is uatha féin is mó
theastaigheas an dhéirc. Chualaidh mé mórán de'n
tsórt so ó shean-daoinibh do thigeadh ag iarraidh déirce
ag dorus gach tighe, agus ní raibh siad gan a gcuid
sgeul le cur i n-úmhal dúinn chomh tairbheach agus atá
an déirc do'n anam. Ag so ceann ó shean-mhnaoi,
Máire ní Gabhaláin ó Chathair-na-mart, d'innis do'n
fhear ceudna é, is uaidh do fuair mise é. Is é an
t-ainm atá air, "Déirc na Nodlag."



DÉIRC NA NODLAG.



Ann san t-sean-aimsir do bhí lánamhain pósta 'na
gcómhnuidhe i ngar do Cáthair-na-mart i gCondaé
Mhuigh Eó. Bhí móir-sheisear de mhuirighin aca, acht chuir
Dia maoin shaoghalta chuca, agus ní raibh easbhuidh aoin
nidh orra acht grádh Dé.



Budh dhuine cráibhtheach fial an fear, agus bhí sé go
maith leis na bochtaibh, acht budh chruadhtán gan trócaire
an bhean, nach dtiúbhradh déirc do dhuine ná deóraidhe,
agus 'réis an duine bocht d'eiteach ní bhidheadh sí sásta
leis sin acht budh ghnáthach léi maslughadh thabhairt dó.
Dá dtiucfadh duine ionnánn obair do dheunamh ag
iarraidh déirce uirri, deárfadh sí leis, "muna mbeidh-
eadh go raibh tú i d'sgraiste fallsa ní bheidhtheá ann so
anois ag iarraidh déirce agus ag bodhrughadh mo chinn
le do chuid cainte," agus dá dtiucfadh sean-fhear no
sean-bhean nach bhfeudfadh obair do dheunamh, 'sé
déarfadh sí leó "go mbudh chóir dóibh bheith marbh a bhfad
roimhe sin."



Aon oidhche Nodlag bhí sioc agus sneachta mór ar an


L. 294


talamh. Bhí teine mhaith i dtigh Phádraig uí Chiarbháin,
budh é sin ainm fir an tighe, agus bhí an bórd leagtha.
Bhí Pádraig, a bhean, agus a mhuirighin 'na suidhe ag an
mbórd agus iad réidh le dul i n-eudan suipéir mhaith,
nuair chualaidh siad buille ag an dorus. D'éirigh an
bhean agus d'fhosgail é. Bhí fear bocht amuigh agus
d'fhiafruigh sí dhé créud do bhí sé 'iarraidh.



"Tá mé ag iarraidh déirce i n-onóir d'Iosa Críost
do rugadh an fhéile seo, agus do fuair bás ar chrois na
páise ar son an chinidh dhaonna."



"Imthigh leat a sglugaire fhallsa," ar sise, "dá
mbeidhtheá leath chomh maith ag obair agus tá tú ag
aithris paidreacha ní bheidhtheá ag iarraidh déirce anocht
ná ag cur trioblóide ar dhaoinibh fiúntacha," agus leis
sin bhuail sí an doras amach anaghaidh an duine bhoicht,
agus suidh sí shíos ag an mbórd.



Chualaidh Pádraig roinn de'n chómhrádh do thug sí
do'n fhear bocht agus d' fhiafruigh sé cia bhí ag an doras.



"Stangaire fallsa bhí ag iarraidh déirce," ar sí,
"agus muna mbeidheadh gur sgraiste fallsa bhí ann,
ni bheidheadh sé ag iarraidh déirce ar dhaoinibh atá ag
saothrughadh a g-cuid beatha go cruaidh, acht b'fhearr leis
bheith ag radh paidreacha 'ná ag obair ar son bidh."



D'éirigh Pádraig; "is olc an rud do rinne tú," ar
sé, " duine ar bith d' eiteach faoi ghreim bidh, agus go
mór-mhór a eiteach oidhche Nodlag. Nach é Dia do chuir
chugainn gach nidh d'á bhfuil againn, atá níos mó ar an
mbórd 'ná bhéidheas ithte anocht. Cá fhios duit an
mbéidhmid beó amárach?"


L. 296


"Suidh síos," ar sise, "agus ná bí ag deunamh
amadáin díot féin, ni theastuigheann seanmóireacht
ar bith uainn."



"Go n-athraighidh Dia do chroidhe," arsa Pádraig,
agus leis sin fuair sé lán a dhá ghlaic d'arán agus de bhiadh
agus amach leis ag leanamhaint an fhir bhoicht, ag dul
ar lorg a choise ann san tsneachta, chomh luath agus d'
fheud sé, go dtáinig sé suas leis. Sheachaid sé an
biadh dhó ann sin, agus dubhairt leis go raibh brón air
faoi a bhean d'á eiteach, "acht is dóigh," ar sé, "go raibh
fearg uirri."



"Go raibh maith agad faoi do bhiadh" ar san fear
bocht: sheacaid sé an biadh ar ais dó arís, agus
dubhairt "tá do chuid agus do bhuidheachas agad; is
aingeal as fhlaitheas mise, do cuireadh chuig do mhnaoi,
i riocht duine bhoicht, le déirc d'iarraidh uirri i n-onóir
d'Íosa Críost do rugadh an oidhche seo agus d'fhulaing
páis na croise ar son an chinidh dhaonna. Ní raibh sí
sásta le m'eiteach gur mhaslaigh sí mé. Geobhaidh tusa
luach mór ar son do dhéirce, acht maidir le do mhnaoi
níbhéidh sí a-bhfad go mbéidh sí 'na seasamh i láthair
Íosa Críost le cuntas do thabhairt dó ar an gcaoi ar
chaith sí a h-am ar an tsaoghal so. Ní'l mórán ama
aici le aithrighe do dheunamh, agus agair uirri, úsáid
mhaith do dheunamh dhé."



D'imthigh an t-aingeal agus d'fhill Padraig a- bhaile.
Shuidh sé síos, acht níor fheud sé ithe ná ól.



"Cad tá ort," ar san bhean, "an ndearnaidh an
stróinse sin dada ort?"



"Mo bhrón! ní stróinse bhí ann, acht aingeal as


L. 298


fhlaitheas do cuireadh chugad i riocht duine le déirc
d'iarraidh ort i n-onóir d'Íosa Críost, agus ní raibh tú
sásta le n-a eiteach, gur mhaslaigh tú é le droch-
ainmneachaibh. Anois, ní'l d'am ar an tsaoghal so
fada agus i n-ainm Dé, guidhim thú, deun úsáid
mhaith dhé."



"Bí do thost," ar sise, "saoilim go bhfacaidh tú
taidhbhse no gur chaill tú do chiall, agus nár fhóirigh
Dia ort ná ar dhuine ar bith d'fhágfadh teine mhaith agus
suipéar maith ag rith amach 'san tsneachta i ndiaigh
fallsgóra (duine fallsa) acht diabhal mórán céille do
bhí agad ariamh!"



"Muna nglacfaidh tú mo chómhairle, bhéidh aithreachas
ort nuair bhéidheas tú mall," ar Pádraig, acht ní raibh
aon mhaith ann a chaint.



Nuair tháinig Nodlaig bheag ní raibh an bhean ionnánn
dinnéar a réidhteach, bhí sí bodhar agus dall. Oidhche
an dá-la-deug níor fheud sí a leaba d'fhágbháil, agus
bhí sí ag rámhaile ag rádh "tabhair déirc déirc déirc
dóibh, tabhair gach nidh 'san tigh dhóibh, i n-ainm Íosa
Críosta."



Dh'fhan sí tamall mar sin go dona, ar phointe an bháis
agus í gan chéill. Tháinig an sagart go minic acht níor
fheud sé aon nidh do dheunamh léi. An seachtmhadh lá do
tháinig an sagart chuici, thug sé an ola dhéigheanach leis,
le n-a cur uirri.



Lasadh na coinnle, acht múchadh ar an mball iad.
D'iarr siad a lasadh arís, acht ní lasfadh an méad
splannca bhí i gCondae Mhuigh Eó iad. Ann sin shaoil
sé an ola do chur uirri gan choinneal. Acht ar an mball


L. 300


do líonadh an áit le deatach mór agus budh bheag nár
tachtadh an sagart. Chuaidh Pádraig go dorus an
tseomra, acht níor fheud sé dul níos fuide. Chualaidh
sé a bhean ag gárthaoil "deoch! deoch! i n-ainm
Chríosta!"



D'fhan sí mar sin ar feadh dá lá, agus í beó, agus
chluinidís í ó am go h-am ag glaodhach "deoch! deoch!"
acht níor fheud siad dul anaice lei.



Do cuireadh fios ar an easbog O Dubhthaigh, agus
tháinig sé faoi dheireadh, agus beirt shean-bhráthair leis.
Bhí sé ag iomchar croise ann a dheas-láimh. Nuair
tháinig siad i ngar do thigh Phádraig tháinig sluagh de
phreucánaibh iongacha anuas orra d'aon sguaib, agus
budh bheag nár bhaineadar na súile as an triúr.



Thángadar go dorus Phádraig ann sin, agus lasadar
na coinnle. D'fhosgail an t-easbog leabhar agus
dubhairt leis na bráithribh, "Nuair thosóchas mise ag
léigheadh na n-urnaightheadh tabhraidh-se na freagartha."
Dubhairt sé ann sin, "Imthigh a anam chríostamhail" -
"Ní anam críostamhail í," ar guth, acht ní fhachaidh
siad aon duine.



Thosaigh an t-easbog arís, "Imthigh a anam chríost-
amhail as an tsaoghal so, i n-ainm an athar uile-
chúmhachtaigh do chruthaigh tú, i n-ainm Íosa Críost
d'fhulaing an pháis ar do shon, i n-ainm an Spioraid
Naoimh do dóirteadh ort." Sul ar fheud sé níos mó
do rádh tháinig toirneach agus tinnteach mhór, bodhraigh-


L. 302


eadh iad leis an toran, bhí an teach líonta le deatach.
Bhuail an tinnteach binn an tighe agus leag sí í.
Tháinig an dílinn anuas gur shaoil na daoine gur
deireadh an domhain do bhí ann.



Thosaigh an t-easbog agus an bheirt bhráthar ar a
n-urnaighthibh arís. "O a Thíghearna do réir iomadamh-
lachta do thrócaire dearc go trócaireach uirri," ar san
t-easbog. "Amén," ar na bráithre.



Tháinig ciúnas beag, agus chuaidh an t-easbog go dtí
an leaba. Tháinig Pádraig bocht go taoibh eile na
leaba, agus níor bh'fada gur fhosgail an bhean a beul
agus tháinig sluagh dar-daol amach as. Leig Pádraig
sgread, agus rith sé i gcoinne teine le n-a cur orra.
Nuair tháinig sé ar ais bhí an bhean marbh agus bhí na
dardaoil imthighthe.



Dubhairt an t-easbog urnaighthe os a cionn, agus
ann sin d'imthigh sé agus an bheirt bhráthair; agus
chuaidh Pádraig amach le mná d'fhághail leis an gcorp
do nighe, acht nuair tháinig sé ar ais ní raibh an corp
le fághail bhos nó thall. Bhí sporán óir faoi n-a muin-
éal agus d'imthigh an sporán leis an gcorp, agus ní'l
aon chuntas ar cheachtar aca ó shoin.



Is iomdha sgeul agus cur-síos do bhí ag na cómhar-
sannaibh i dtaoibh mhná Phádraig Uí Chiarbháin. Dubhairt
roinn díobh go rug a diabhal leis í, anam agus corp.
Dubhairt daoine eile go rug na daoine maithe leó í.
Ar chaoi ar bith ní'l aon chuntas uirri ó shoin.



Faoi cheann míosa 'na dhiaigh sin, tháinig an galar
breac ar na páistibh agus fuair siad uile bás. Bhí
brón an-mhór ar Phádraig, bhí sé 'na aonar, leis féin,


L. 304


gan mhnaoi, gan chlann, acht dubhairt sé "fáilte roimh
thoil Dé."



Seal gearr 'na dhiaigh sin dhíol se a raibh aige agus
chuaidh sé asteach i mainistir. Chaith sé a bheatha go
cráibhtheach agus fuair sé bás aoibhinn. Go dtugaidh
Dia dhúinn-ne deagh-bhás agus an bheatha fhíor-bhuan!



Tá níos mó de dhaoinibh bochta i n-Éirinn 'ná atá i
n-aon tír eile san Eóraip, b'éidir, acht dá bhoichte iad
is fial tabhartach so-chroidheach iad, agus is beag duine
do dhiúltóchadh fear déirce faoi ghlac mine no faoi
channa prátaidh. Do chan an t-Athair Uilliam Inglis
beagnach ceud bliadhain a's dá-fhichid ó shoin i dtaoibh
na déirce i n-Éirinn:



Moladh gach aon a shlighe 'san tsaoghal,
Moladh an céird a's moladh an ceannuighe,
Moladh na mílte a maoin 's a réim
Acht molaim-se an Déirc 'sí an cheird is fearr í.



Lá má bhídhim le h-imnidhe thréith
Bidhim lá 'na dhéigh 's mé glaodhach na gcanna,
Lá le fíon, 's arís gan bhraon,
Agus molaim an déirc 'si 'n cheird is fearr í.



Ag so dán de'n tsórt ceudna do chualaidh mé ó
Phróinsias O Conchubhair* i mB'l'áthluain do chualaidh



*O sgríobh mé na línte seo shuas do fuair mo chara Próinsias O
Conchubhair bás, agus glacaim an ocáid seo go fonnmhar le rádh chomh
mór agus atá an chaill sin dam féin agus do chúis na Gaedheilge i
gConnachtaibh. Do bhí sé le fada ag cruinniughadh sgeul agus abhrán
ó gach aon tsean-duine do thigeadh tré Bh'l'áth-luain araibh a leithéid
sin aige, agus ni raibh aon rud d'á bhfuair sé nach dtiubhradh sé dhamh-
sa go fial fonnmhar. Ni bhfuair mé mórán abhrán uaidh, acht measaim
nach raibh aon sgeuluidhe chomh maith leis ar an taoibh seo de'n tSion-
ainn agus tá a lán de na sgeultaibh do fuair mé uaidh le fághail
ann mo "Sgeuluidhe Gaédhalach." Na flaithis go bhfágh' sé!


L. 305



L. 306


é ó fear-déirce dar bh'ainm Peadar O Cathasaigh ó
chondaé na Gaillimhe. Ni píosa slachtmhar é, acht
bheirim ann so é, ag súil nach mbéidh an té léighfeas é
chomh réidh agus atá cuid d'ár ndaoinibh móra Gallda
le mí-mheas do chaitheamh as na daoinibh bochta so, bhíos
ag iomchar mála. Bíonn siad go minic chomh cráibhtheach
ciallmhar le duine ar bith. Nach bhfuil feallsamhnacht
mhaith ann sna líntibh seo leanas.



AN BACACH SÚGACH SÓGHNA.



Ní'l ór agam, ní'l stór agam, ní'l airgead ann mo phóca,
Acht bídhim súgach sóghna gach maidin agus trathnóna.*
Iarraim m'arán ar Dhia a's ni eiteann sé mé,
Mar sin béidh mé súgach sóghna go dtéidheann mo chnámha i gcré.



Nuair dúisighim ar maidin bheirim míle buidheachas don té
Do chúmhdaigh mé ann san oidhche agus thug slán mé go tosach an laé.
Téidhim chum aifrinn bheannuighthe h-uile mhaidin ann san mbliadhain,
Agus adhruighim Íosa Críost tá im' láthair san bpáilíon (?)



Ag tóruigheacht mo dhéirce bidhim ag rádh m'urnaighthe ar an tslighe,
Bíonn paidir ar bhárr mo theangadh le rádh anns gach uile tigh,
Ni bhíonn eagla faoi lóistin orm ag teacht de'n trathnóna,
Mar bíonn fáilte ann gach tigh roimh an Bacach súgach sóghna.



Ni iarraim pluid ná braithlín acht sop beag glan de'n tuighe,
Agus codlaighim chomh sólásach agus dá mbéidhinn i gcúirt an righ
Biidhim ag aisling ar [an] bhflaitheas [áit] na n-aingeal agus na
naomh,
Agus bíonn m' aingeal-chúmhdach ag faire le mo thaoibh.



*D'athraigh mé an dá líne seó le n-a ndeunamh níos binne óir bhí
siad rofhada.


L. 308


Ní'l meas agam ar shaidhbhreas, ni bhíonn sé buan ná iomlán,
D'á thóruigheacht leigeann na mílte a n-anam bocht ar seachrán.
A's go leaghann sé mar an sneachta faoi theas breágh na gréine,
Acht béidh an t-anam bocht d'á bhárr sin* ag fulaing na péine.



Tá tuilleadh ann san bpíosa so, acht ni mheasaim go
mbaineann sé leis ó cheart. Atá an rann deireannach
dé mar do thug an Conchúbharch damh-sa é, aisteach go
leór: ag so é.



Ná feith ar aithrighe [ar] leabuidh bháis, acht tosaigh 'san am i lá air,
Innis do pheacaidh do Dhia agus na bac le sagart ná bráthair.



Ag so píosa eile do fuair mé ó'n bhfear ceudna.
Dubhairt sé go raibh tri rainn eile ann acht nach raibh
siad aige. Do ghlaodh sé ar an ngiota so "Pádraig
Giolla-mhuire agus an sagart" acht ní'l fhios agam
cia h-é.



PÁDRAIG [MAC] GIOLLAMHUIRE AGUS AN SAGART.



[Pádraig]



Éirigh suas a Mháire agus tabhair chugam an t-athair 'lliam,
Cluinim creidhil mo bháis agus go luath béidhead ag triall,
Feicim an Bás ag teacht agus barántas sgríobhtha ann a láimh,
Agus an Diabhal le n-a shálaibh, le mo chaitheamh 'san teine-cnámh.



Bheannuigh an sagart asteach le "'Sé do bheatha a
Phádraig."



*"Go síorruidhe," dubhairt an fear.


L. 309



L. 310


[An Sagart.]



Bíodh meisneach agad, ní'l baoghal báis ort 'san am-i-láthair,
Cuir do mhuinighin i n-Íosa Críost agus [i] Muire a Mháthair.
Deun faoisdin mhaith agus glan d'anam o [do] pheacaidhibh beag[a]
agus mór[a]
Agus go cinnte rachaidh d'anam go cáthair Dé na glóir[e].



[Pádraig]



Ní'l tu ag innseacht na fírinn', béidhead i n-ifrionn gan mhaill,
Tá an Diabhal agus an Bás i láthair - feuch iad-san thall.
Ní'l cóir d'á ndearnas ariamh nach bhfeicim go soiléir sgríobhtha,
'San leabhar mór tá i láthair an áird-bhreithimh Íosa Críosta.



Feicim ifrionn fosgailte mar mhúr de lasair mhóir dheirg,
Agus Mac Dé 'na shuidhe ar neull líonta le feirg,
Tá fiadhnuise róláidir i m' aghaidh, ní'l aon tsúil agam le grás,
Acht má tá cúmhacht ar bith agad, iarr agus fágh dham spás.



[An Sagart]



Ní'l cúmhacht agam le spás fhághail duit, acht, nidh níos fearr,
Deun gníomh croidhe-bhrúghaidh agus ni baoghal duit tuitim 'san ár,
Mar bhéarfaidh mise maitheamhnas duit i n-ainm Íosa Críosta,
Do fuair bás ar son peacaidh iomláin an chinidh dhaonna.



Ag so abhrán diadha eile do fuair mé ó'n gConchubh-
rach do chualaidh é ag sean-mhnaoi do rugadh 's do tóg-
bhadh i lár condaé Mhuigh-Eó. Do sgríobh mé cuid de
o bhéal sean-mhna i n-aice le Gort i gcondae na Gail-
limhe mar an gcéadna. Tosaigheann sé mar thosaigheas
an t-abhrán sár-aithnighthe sin Seaghán O Duibhir an
ghleanna, acht is eugsamhail ar fad an chuid eile dhé.
Tá sé truaillighthe go mór, agus is truagh nach bhfuil
sé i gceart agam ann so. Do chualaidh mé an cheud
rann dé seó cúig bliadhna déag ó shoin ag fear óg
áluinn lúthmhar láidir, do casadh orm ar shliabh, i gcondaé
Chiarraidh. Is mar so do bhí sé aige.


L. 312


Éistidh liom le seal agus
Inneósad duit cia cailleadh,
Seághan O Duibhir an ghleanna
Gan trácht ar a ghame.



Mar chuaidh anois a chapall
A choin a ghadhair 's a lachain
Go domhin* faoi chré d'á gcártadh,
Ní'l fios cá 'r ghabh an t-anam
Bhí i n-árus geal a chléibh.



Déir Seághan O Dálaigh gur duine dar bh'ainm
Uarrin i Magh-Ealla i gcondae Corcaigh do rinne an
dán so i dtosach. Má 's fíor sin is rud aisteach é
cuid dé d'fhághail ag sean-mhnaoi chomh fada sin ó áit a
dheunta. Ag so mar do bhí sé aici-si.



SEÁGHAN O DUIBHIR AN GHLEANNA.



Éistigidh liom feasta
A's innseóchad daoibh cia cailleadh,
'Sé Seághan Mac Dair a' ghleanna
Agus gan áireamh ar a réim.†



Tá a chú, a ghadhair, 's a chapaill,
'S a cheann go doimhin i dtalamh,
Agus gan fios cá 'r ghabh an t-anam
Bhí i n-árus geal a chléibh.



Is caoin ciúin an cladhaire [an] Bás,
Agus is caoin a bhídheas a theanga
Ar nós an tsaoghail-se marbh‡
A's gan cúntas ar sgeul.§



Acht anois ó támaoid le freagairt
Go raibh orrainn -grádh an tsagairt:


L. 314


Agus ar uair ár mbáis na h-aingle
Go n-árduighidh siad ár n-anam
Suas go radharc na bhflaitheas
I gcómhluadar na naomh.



[Acht] ceud glóir dhuit-se a Athair
Tá go cúmhachtach ann san bhflaitheas,
Is buan síorruidhe é an t-anam
Do bhain tu leat ó'n saoghal.*



Is tu cheap gach nidh dá 'r ceapadh
[Do] chum an t-aér 's an talamh,
Agus thug dúinn na reulta geala†
Mar shoillse ar an spéir.



Is beag le rádh na beacha
Agus thug Sé dhóibh slighe bheatha,
Do chuaidh ar úghdair maithe
Ar ndeunamh amach a léighin.



Nuair thig grian‡ an tsamhraidh thaithnigh
Go gcruinnighid a gcuid meala
Mar stór i gcómhair a chaithte
San ngeimhreamh dóibh féin.



'S iad lucht na n-urnuigheadh mholaim,
Nár dhiúltaigh riamh an sgaball,
An mhaighdean phlúrach chailceach.
[Is í máthair Mhic Dé.]



Nár chaith síoda sról ná hata
Ná sórt ar bith ó'n gcáthair||
A's go bhfuair sí cúmhacht a's taithneamh
Thar mhnáibh eile an tsaoghail.



["Sé] Íosa Críost ár n-athair
Do chaith tri ráithe 'na¶ leanbh,
[Ar son an tsaoghail mar] mheasaim
I n-árus geal a cléibh.



*"Le n-ailt ag an saogal" dubhairt sí, rud nach dtuigim.
†"Na reulta gach oidhche" dubhairt sí.


L. 315


||"Nár chaith céimbric na síoda i lár an gheimhridh ghuirm sról no
hataidh no sórt ar bith daor ó'n gcáthair" dubhairt sí.
¶"Mar gach leanbh."


L. 316


No go rugadh é go dealbh*
I mainséar fuar an asail,
Gan suaimhneas gan aoibhneas
Gan deise ar bith gan aér.†



A Chríostaighe ['s a cháirde]
Glacaigidh rún feasta
leis na neithibh rinne an leanbh
Tráth thúirling sé ar an talamh
Le grádh dúinn-ne go léir;



Nuair tháinig se 'nuas‡ i bpearsain
Níor ghlac sé "léas" ar talamh
Ní dheachaidh i bhfiadhach le marcaigh'
Níor ghrádhaigh ariamh cluithche
Níor shuidh ag cúirt ná halla,
Ná i dtigh-ósta ag ól leanna,
Acht [an] fhíor-uisge caél.



Ag so píosa ó Bheul-mhuiléad shiar i gcondaé Mhuigh
Eó, do fuair mé ó Mhac Ui Chearnaigh, máighistir sgoile
ann san áit sin. Is follusach nach bhfuil ann acht blodh,
agus go bhfuil cuid de'n phíosa truaillighthe agus cuid
dé caillte.



SEANCHUS NA N-AITHREACH NAOMHTHA.



An gcualaidh sibh seanachus na n-aithreach naomhtha
No an pháis mhór d'fhulaing Íosa Críosta?
'Sé shábháil Síol Éabha ar na móir-phiantaibh,
Ar ifrionn salach na ndeamhan síorruidhe.



[Mac Dé]



Nach mór an truagh a dtiucfaidh 's a dtáinig
Do leigean go h-ifrionn ar bheagán ádhbhair,
A athair cad é an duais no an mór-shásadh
Do ghlacfá ar iomlán síl-Eubha do shábháil.



*"Dealbh" focal Muimhneach = bocht.
†"Gan aoibhinn deis no aér" dubhairt sí.
‡"Chuaidh sé suas," dubhairt sí.


L. 318


[Dia.]



Ni ghlacfad aon duais ar bith ná mór-shásadh
Ar son síol Eubha uile do shábháil,
Acht fuil mhic righ, gan cóir gan cáin [ann]
Do dhórtadh sul a bhfuighfidh siad párdún.



[Mac Dé.]



"O 'Athair caithfidh tu sin fhághail, a's fáilte,
Go bhfuighfidh siad maitheamhnas agus grása,"
Agus chuaidh sé ann sin ó gháirdín Phárrthais
Agus leig sé dhé féin* an pháis ann,



Nuair bhí sé cur fola d'á mhalaidh' bána
Tháinig Eóin a's Peadar. "Tar chugainn a ghrádh ghil."
"Go[?] do dhóthcas mór a Pheadair,
Seunfaidh do bheul mé
Tri h-uaire roimh maidin."
Ann sin ghoil Peadar
Agus Eóin, go cráidhte.



Nach maith nár ghoil Mac Dé ó budh aige bhí ádhbhar,
"Tá mo chroidhe ar crith a's mo ghualain a' sgáineadh.
Le méad an stróicthe gheabhas mé amárach."



[Dia.]



"O a Mhic, nár gheall tu fulaing?"



[Mac Dé.]
"Gheallas a Athair agus caithfead a dheunamh."



Ag so dán beag fíor-shimplidhe do fuair mé ó
sheanphíobaire dall do bhí i g-condaé Roscomáin.



*"Léigh se de aon" dubhairt an fear agus "go gáirdín."


L. 320


DA MBÉIDHINN-SE 'SA 'BHFLAITHEAS.



Dá mbeidhinn-se "san bhflaitheas nár bhreágh mo sgeul
No ameasg na n-easbal na n-aingiol a's na naomh,
Ag tabhairt moladh agus buidheachais do aon Mhac Dé,
Agus glóir na bhflaitheas go bhfághaidh síol Éabh'.



'S gur peacach bocht mise chuaidh i dtréas* ar Dhia
le smuaínteachaibh mallachtaibh agus an-toil an tsaoghail,
Tá súil agam le Muire a's le righ geal na ngrásta
Go leasóchaidh mé m'anam 's a bhfuil rómham de m' shaoghal.



Chualaidh me tri rainn eile de'n phíosa ceudna ó
Mhártain O Callaoile i n-Iorrus i gCondaé Mhuigh Eó,
mar leanas.



Feicfimid Peadar agus feicfimid Pól
Feicfimid Marcus a's feicfimid Eóin,
Chidhfimid na h-easbail 's na h-aingle go leór,
A's má thréigidh sibh an peacadh do gheobhaidh sibh an ghlóir



An gcluinn sibh mise a chlann Ádhaimh agus Éabh
Ná deunaidh an peacadh, má's áil libh é.
Acht deunaidh bhur bhfaoisdin go h-úmhall leis an gcléir,
'S gur b'é sláinte an anam' an tSacraiméid.



Sacraiméid bheannuighthe a bhfuil innti fuil agus feóil,
Corp agus anam ár Slánuightheór'.
A Íosa mhilis do ceusadh beó
Coimirce m' anam' ort a Shlánuightheóir.



*"Fuair dréis " dubhairt sé.


L. 322


D'éirigh an Maighdean amach ann san lá,
Agus chonnairc sí an dall agus an tsleigh ann a láimh.
Do bhuail sé buille ar an gcroidhe bhí slán,
Nach mór an osna rinne Righ na nGrás!



Ag so na deich n-aitheannta mar tá siad ag gach uile
dhuine, thig liom a rádh, bhfuil Gaedheilg aige i gCon-
nachtaibh.



NA DEICH N-AITEANNTA.



Creid a mhic i nDia go glan,
Ná tabhair ainm Dé gan fáth,
Coimhéad an tsaoire mar is cóir,
Tabhair dod' athair a's dod' mháthair onóir,
Ná deun marbhadh, goid, ná drúis,
Ná fiadhnuise bhréige i n-aon chúis,
Ná santaigh bean nach leat féin
Clann duine eile ná 'áirnéis.



Ag so anois na deich n-aitheanta curtha i ndán, mar
fuair mise iad ó Mhac Ui Chearnaigh i mBeul-mhuileud
i gcondaé Mhuigh Eó, do fuair iad ó shean-fhear bocht
gan léighean 'san áit cheudna.



NA DEICH N-AITHEANTA.



Creid a mhic i nDia go glan
'Sé do leas é a chur i suim,
'S budh h-aoibhinn duit lá na gcreach
Geobhaidh tu neamh d'á chionn.



Ná tabhair ainm Dé gan fáth,
Congbhaigh a ghrádh mar is cóir,
O d'fhulaing sé dhúin-ne an pháis
Is cruaidh an cás gan leanamhaint dó.


L. 324


Congbhaigh an tsaoire mar is cóir
Agus oibreacha móra an spioraid naoimh,
Ni'l fhios agad má's árd do ghlór
An mbeitheá beó ar an meadhon-oidhch'.



Tabhair do d' athair 's do d' mháthair onóir
'S [do] gach aon neach ar b'é a cheart,
Ná mealltar thu le neithibh an tsaoghail
A's ceangail le féidhm do bheart.*



Ná deun choidhche marbhadh claon
Ná a chlú saoghalta bhaint de neach,
Smuainigh ar aitheanntaibh an righ
Tháinig chuig Maois o neamh.



Ná deun thusa [choidhche] drúis
['S a] fhusacht dúinn do theacht gan é,
Mian na colna cuir ar gcúl
Má bhidheann do dhúil le flaitheas Dé.



Goid a-choidhche ná deun
Is gearr an réim leigfear leat,
Tarr le do thachar féin,
Ná téidh de léim ann san "trap"



Fiadhnuise bhréige i n-aon chúis
Má sé do rún leanamhaint dó
Geobhaidh tu a luach foirbhthe
I n-ifrionn shíos go deó deó.



Seó iad aitheannta an righ
Do cuireadh chugainn mar chiall-lóin,
Tabhairt aire dhóibh is fearr an chiall
'Ná teach na bpian do thoghadh rómhainn.



*Ni thuigim an líne seó go maith.


L. 326


Is cosmhúil nach bhfuil tír ar bith 'san Eóraip (taobh-
amuigh' b'éidir de chuid de thír na h-Elbhetia no de'n
Tíreól) ann a bhfuil an meas céadna ag na daoinibh
ar gheanmnuidheacht agus ar ghlaine na mban, agus
atá aca i gConnachtaibh. Ann san abhrán fíor-chaoin
clúmail sin, a thosaigheas:



"Tá mé sínte ar do thuamba"



adeir an fear do bhí i ngrádh leis an maighdin do fuair
bás:-



Tá na sagairt 's na bráithre
Gach lá liom i bhfearg,
Do chionn bheith i ngrádh leat
A óig-bhean 's tu marbh;
Dhéanfainn fosgadh ar an ngaoith dhuit
A's dídionn duit ó'n bhfearthainn,
Agus cúmha géar mo chroidhe-se
Thu bheith shíos ann san talamh!



Nuair is dóigh le mo mhuinntir
Go mbidhim-se ar mo leaba,
Ar do thuamba 'seadh bhidhim sínte
Ó oidhche go maidin;
Ag cur síos mo chruadhtain
A's ag cruadh-ghol go daingean,
Tré mo chailín ciúin stuama
Do luadhadh liom 'na leanbh.



Acht ní'l an fear brónach gan sásadh, ar fad, nuair
chuimhuigheann sé ar gheanmnuidheacht an té do bhí
marbh.


L. 328


An cuimhin leat-sa an oidhche
Do bhíos-sa agus tusa
Fá bhun an chrainn draighnigh
'S an oidhche ag cur cuisne,
Céad moladh le h-Íosa
Nach ndearnamar an milleadh,
'S go bhfuil do chróin mhaighdeanais
Mar chrann soillse os do choinne.



Do chonncamar ann san sgeul do thug me shuas ar
Naomh Peadar, mar dubhairt an Tighearna go ndear-
naidh an sean-mheisgtheoir do chongbhaigh bean ó olc,
níos mó de mhaith 'ná na sagairt féin. Ag so sgeul
eile ag cur an ruid chéadna i n-úmhail dúinn, agus ag
taisbeánt mar nach raibh sé i gcúmhacht ag aon rud
acht ag an Óighe féin an droch-spiorad salach do dhíbirt
ó thigh na mbráthair. Fuair mé an sgeul so ó Phróin-
sias O Conchubhar agus níor athraigh mé ann acht focal
no dó. Ní'l fhios agam cia uaidh fuair seisean é, óir
dhearmad mé a fhiafruighe dhé. Tá greannamhlacht ann
san gcaoi ann a dtaisbeántar leisg, meisge, agus
neamh-shuim an phíobaire, óir is móide méadaighthear
leis sin feabhas an aon dheagh-ghníomha amháin do rinne
sé.



BRÁITHRE ÁRLAIR.



Ann san aimsir, a bhfad ó shoin, bhí teach de
bhráithreachaibh ar bhruach locha Árlár,* acht ní'l ann anois acht
na sean-bhallaidh, agus uisge an locha ag bualadh suas



*Ar an mbóthar idir lochghlinne, i gcondaé Roscomáin agus
Cillcheallaigh i gcondaé Mhuigh Eó.


L. 330


'na n-aghaidh h-uile lá 'san mbliadhain a mbíonn an
ghaoth ag séideadh ó dheas.



Nuair bhí na bráithre 'na gcómhnuidhe ann san tigh
sin, bhí sonas i n-Éirinn, agus is iomdha ógánach do
fuair deagh-fhóghluim ó na braithreachaibh 'san tigh sin
atá anois 'na naomh ann san bhflaitheas.



Budh ghnáthach le daoinibh na mbailteadh cruinniu-
ghadh aon lá amháin san mbliadhain chum pátrúin, 'san
áit a raibh troid agus ár mór nuair bhí na Fir Bolg i
nÉirinn, agus bhídheadh na bráithre ameasg na ndaoine
óg le deagh-shompla do thabhairt dóibh agus le na gcongbháil
ó throid agus ó eachrann. Bhídheadh píobairidhe, fidléiridhe,
fir cláirsighe agus báird ann, ag an bpátrún, mar
aon le fir trompa agus fir le h-adharcaibh-ceóil:
bhidheadh sean agus óg cruinnighthe ann, agus bhidheadh
abhráin ceól damhsa agus spórt ann a measg.



Acht bhí athrughadh mór le teacht, agus tháinig sé go
trom. Rinne droch-spiorad éigin a bhealach amach go
Loch Arlár. Tháinig sé i dtosach i riocht cullaigh dhuibh
agus fiaclaidh air chomh fada le píce agus chomh geur le
barr snáthaide.



Aon lá amháin chuaidh na bráithre amach le siúbhal ar
bhruach an locha. Bhí cáthaoir gearrtha as an gcarraig
thimchioll fiche troigh ó'n mbruach,agus créad d'fheicfeadh
siad 'na shuidhe ann san gcáthaoir acht cullach mór dubh.


L. 332


Ni raibh fhios aca creud do bhí ann, agus dubhairt cuid
aca gur madadh mór uisge do bhí ann. Acht ni rabhadar
a bhfad i n-amhras d'á thaoibh, mar leig sé sgread as
do chuala daoine seacht míle ar gach taoibh dé.
D'éirigh sé ann sin ar a chosaibh-deiridh agus bhí ag
sgreadaoil agus ag damhsa ar feadh cúpla uair. Ann
sin léim sé ann san uisge agus ni túisge rinne sé sin
'ná d'éirigh stoirm mhór, do bhain an ceann de theach na
mbráthair, agus de gach uile theach i bhfoigseacht seacht
míle do'n áit. D'éirigh tonnta borba ar an loch do
chuir an t-uisge fiche troigh suas 'san aér. Ann sin
tháinig an teinteach agus an toirneach, agus shaoil huile
dhuine go mbudh é deireadh an domhain do bhí ann. Bhí
dorchadas chomh mór sin ann nach bhféadfadh duine a
lámh féin d'fheiceál dá gcuirfeadh sé amach roimhe í.
Chuaidh na bráithre asteach agus thosaigh siad ag rádh
urnaightheadh, acht níor bh'fada go raibh cumhlódar (comh-
luadar) aca. Tháinig an cullach mór dubh asteach,
d'fhosgail a bheul agus chuir amach ál banbh as.
Thosaigheadar ar an móimid ag rith anonn agus anall
agus ag sgríoch chomh h-árd agus dá mbeidheadh na seacht
mbáis orra leis an ocras. Bhí eagla agus iongan-
tas ar na bráithribh, agus ni raibh fhios aca creud do
budh chóir dóibh dheunamh. Tháinig an tAbóid i láthair
agus d'iarr orra uisge coisreagtha do thabhairt chuige.
Rinneadar sin, agus chomh luath agus chraith sé braon
dé ar an gcullach agus ar na banbhaibh chuadar amach
'na lasair teineadh ag tabhairt cuid (coda) de'n taobh-
bhalla leó asteach 'san loch. "Míle buidheachas do
Dhia," ar san tÁbóid, "tá an diabhal imthighthe uainn."


L. 334


Acht mo bhrón! Ni dheachaidh sé a bhfad. Nuair
d'imthigh an dorchadas chuadar go bruach an locha agus
chonncadar an cullach dubh 'na shuidhe san gcáthaoir
cloiche do bhí gearrtha amach ann san gcarraig.



"Fágh mo churach dam," ar san t-Abóid agus
díbeóraidh mé an bitheamhnach."



Fuaradar an curach agus uisge coisreagtha dhó,
agus chuaidh beirt aca asteach 'san gcurach leis, acht
chomh luath agus thángadar i ngar do'n chullach dubh, léim
sé asteach 'san uisge, d'éirigh an stoirm agus na
tonnta borba, agus do caitheadh an curach agus an
triúr do bhí ann suas go h-árd ar an talamh, agus a
gcnámha briste.



Chuireadar fios ar dhochtúir agus ar an Easbog,
agus nuair d'innis siad an sgeul do'n easbog dubhairt
sé "tá ball de'n Diabhal, i riocht bráthar ann bhur
measg acht geobhaidh mise amach é gan mhoill." Ann
sin d'orduigh sé dhóibh uile go léir do theacht i láthair,
agus nuair thangadar, gháir sé amach ainm h-uile
bhráthar, agus mar d'fhreagair gach aon aca do cuireadh
ar leath-thaoibh é. Acht nuair gháir sé amach ainm an
bhráthar Lúcás ni raibh sé le fághail. Chuir sé teacht-
aire 'na choinne acht níor fheud sé aon chuntas d'fhághail
air. Fá dheóigh tháinig an bráthair do bhíodar d'
iarraidh chum an dorais, chaith síos cros do bhí faoi n-a
mhuinéal, bhuail cos uirri, rinne gáire mór, chas ar a
sháil, agus asteach 'san loch leis. Nuair tháinig sé chomh
fada leis an gcáthaoir ar an gcarraig shuidh sé uirri,
bhain sé an t-éadach-bráthar dhé, agus chaith sé amach
'san loch é. Nuair nocht sé é féin chonncadar go raibh


L. 336


fionna air ó bhonn a choise go mullach a chinn, chomh fada
le meigiod gabhair. Ni raibh sé i bhfad 'na aonar.
Tháinig an cullach dubh chuige ó íochtar an locha, agus
thosuigheadar ag rinnce agus ag damhsa ar an gcarraig.



Ann sin d'fhiafruigh an t-easbog cia an áit a dtáinig
an bitheamhnach sin as, no cia an chaoi a bhfuair sé éadach
bráthar, no ca fhad ó tháinig sé 'na measg.



D'fhreagair an t-uachtarán go dtáinig sé mí ó shoin,
ó thuaidh, agus go raibh éadach bráthar air nuair tháinig
sé, agus nár fhiafraigh sé aon sgeul dé cad é do thug
chum na h-áite sin é.



"Tá tu ródhall le bheith i d' uachtarán," ar san
t-easbog, "nuair nach n-aithnigheann tu diabhal ó
bhráthair." Chomh fhad agus bhí an t-easbog ag caint
bhí súile gach uile dhuine d'á raibh i láthair, air, agus
níor mhothaigh siad go dtáinig an cullach dubh taobh-shiar
dhíobh, agus an bitheamhnach do bhí 'na bhráthair ag mar-
cuigheacht air. "Gabh an bitheamhnach, gabh é," ar san
t-easbog. "Níor ghabh tu féin mé," ar san bitheamhnach,
"nuair bhí mé mo ghadhar-peata agad, agus nuair bhí tu
ag tabhairt dam na feóla nach dtiubhrá do na daoinibh
bochta, do bhí lag leis an ocrus, go raibh maith agad
ar a son, agus béidh coirneul teith agam duit nuair
fhágfas tu an saoghal so."



Bhí eagla ar chuid aca, acht thug cuid eile dhíobh
iarracht leis an gcullach dubh agus a mharcach do
ghabháil, acht d'imthigheadar uatha asteach san loch,
shuidheadar ar an gcarraig agus thosaigheadar ag
sgreadghaoil chomh h-árd sin go ndearnadar an
t-easbog agus na bráithre bodhar, agus níor fheudadar


L. 338


focal do chloistint ó chéile, agus d'fhanadar mar sin
fad a mbeatha, agus sin é an t-ádhbhar a dtugadh na
"Braithre bodhra" orra, agus ó'n lá sin tá an sean-
rádh sin i mbeul na ndaoine, "tá tu chomh bodhar le
bráthair Árláir."



Ni thug an cullach dubh suaimhneas, lá ná oidhche, do
na bráithribh. Bhidheadh sé féin agus an bitheamhnach
de chompánach do bhí aige, 'gá ngeur-chrádh ar iomad
chaoi, agus níor fheud siad féin ná an t-easbog iad do
chlaoidh ná do dhíbirt.



Fá dheireadh bhí siad ag brath ar an áit d'fhágbháil
ar fad, acht dubhairt an t-easbog leó foighid do bheith
aca go nglacfadh sé cómhairle le Naomh Gearailt
Naomh-phátrún Mhuigh-Eó. Chuaidh an t-easbog chuig an
naomh agus d'innis sé an sgeul dó ó thús go deireadh.
"Ni thárla an nidh brónach sin ann mo chondaé-se," ar
san naomh, "agus ni maith liom lámh do bheith agam
ann." Ann san am so ni raibh Naomh Gearailt acht
'na árd-shagart i n-Íorú (?) acht rud ar bith do ghlac
sé i láimh d'éirigheadh sé leis, mar bhí sé 'na naomh ó
n-a óige. Dubhairt sé leis an easbog go mbeidheadh sé
i n-Árlár faoi cheann seachtmhaine, agus go mbeidheadh
iarracht aige leis an droch-spiorad do dhíbirt.



D'fhill an t-easbog chum na mbráthar agus d'innis
dóibh na focla adubhairt Gearailt leis. Thug an
teachtaireacht sin meisneach mór dóibh. Chaitheadar
an tseachtmhain sin ag rádh paidreacha, acht tháinig
deireadh na seachtmhaine, agus d'imthigh seachtmhain eile,
agus ni tháinig Naomh Gearailt. "Ni mar saoiltear


L. 340


bithear." Buaileadh Gearailt tinn, mar bhí sé i ndán
dó, agus níor fheud sé teacht.



Aon oidhche amháin bhí brionglóid ag na bráithribh,
agus ni ag aon cheann amháin aca do bhí sí, acht ag
h-uile fhear san tigh. Ann san mbrionglóid chonnairc
gach fear aca bean gleusta le líneudach glégeal,
agus dubhairt sí leó nach raibh cúmhacht ag duine beó
an droch-spiorad sin do dhíbirt, acht amháin ag píobaire
dar bh' ainm dó Donnchadh O Grádaigh do bhí 'na chómh-
nuidhe i dTaibhreán, fear do rinne, ar sise, níos mó
de mhaith ar an tsaoghal so 'ná an méad sagart agus
bráthair san tír.



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, andhiaigh paidreacha na
maidne do rádh, dubhairt an t-uachtarán, "A bhráithre,"
ar seisean, "bhí mé ag brionglóid an oidhche aréir faoi
dhroch-spiorad an locha, agus bhí tais no aingeal i
láthair adubhairt liom nach raibh cúmhacht ag duine beó
an droch-spiorad do dhíbirt acht ag píobaire dár bh'
ainm dó Donnchadh O Grádaigh, atá 'na chómhnuidhe i
dTaibhreán, fear do rinne níos mó de mhaith ar, an
tsaoghal so 'ná an méad sagart agus bráthair san
tír."



"Bhí an bhrionglóid chéadna agam-sa" ar sa h-uile
fhear aca.



"Tá sé i n-aghaidh ár gcreidimh brionglóide do
chreideamhaint," ar san t-uachtarán, "acht budh mhó 'ná
brionglóid é. Chonnairc mé aingeal ar thaoibh mo
leaptha gleusta le línéadach gléigeal."



"Go deimhin chonnairc mise an rud ceudna," ar sa
h-uile fhear aca.


L. 342


"Budh theachtaire ó Dhia do bhí ann," ar san t-uacht-
arán, agus dubhairt sé le beirt bhráthar dul i gcoinne
an phíobaire. D'imthigheadar go Taibhreán ag tóruigh-
eacht an píobaire, agus fuaradar i dtigh an óil, leath
ar meisge, é. D'iarradar air teacht leó chum uacht-
aráin na mbráthair i nÁrlár.



"Ni rachad troigh as an áit seó, go bh'fhágh mé mo
pháidhe," ar san píobaire, "bhídheas ag bainfheis aréir
agus níor h-íocadh fós mé."



"Glac ár bhfocal go n-íocfar thu," ars na bráithre.



"Ni ghlacfad focal duine ar bith, airgiod síos, no
fanfad mar a bhfuil mé," ar san píobaire. Ni raibh
aon mhaith i gcaint ná i mbladar, b'éigin dóibh filleadh
a- bhaile gan an píobaire. D'innis siad an sgeul do'n
uachtarán, agus thug sé airgiod doibh le dul ar ais i
gcoinne an phíobaire. Chuadar go Taibhrean arís,
thugadar an t-airgiod do'n píobaire, agus d'iarradar
air teacht leó.



"Fan go n-ólad cnaigín eile, ni thig liom ceól
croidheamhail do sheinm go mbéidh mo sháith ólta agam."



"Ni iarrfamaoid ort ceól do sheinm. Is gnaithe
(gnó) eile atá againn leat."



D'ól an Grádaigheach cúpla cnaigín, chuir na píobaidh
faoi n-a ascall agus dubhairt, "tá mé réidh le dul
libh anois."



"Fág na píobaidh do dhiaigh," ars na bráithre, "ni
béidh siad ag teastál uait."
"Ni fhágfainn mo phíobaidh mo dhiaigh dá mbudh chum
flaithis do bhí mé dul," ar san píobaire.



Nuair tháinig an píobaire i láthair an uachtaráin, thosaigh


L. 344


an t-uachtarán 'gá sgrúdughadh i dtaoibh na ndeagh-obair
do rinne sé ar feadh a bheatha.



"Ni dhearnaidh mé aon dheagh-obair ar feadh mo
shaoghail a bhfuil cuimhne agam-sa uirri," ar san
píobaire.



"An dtug tu aon déirc uait ariamh?" ar san
t-uachtarán.



"Go deimhin is cuimhin liom anois go dtug mé píosa
deich-bpighne d' inghin Mháire ni Dhómhnaill. Aon
oidhche amháin do bhí easbhuidh an-mhór uirri faoi phíosa
deich-bpighne, agus bhí sí ag dul í féin do dhíol le n-a
fhághail, nuair thug mise dhí é. Seal gearr 'na dhiaigh
sin do smuaín sí ar an bpeacadh marbhtha do bhí sí dul
'a dheunamh, thug sí suas an domhan agus a chuid
cathuighthe, chuaidh asteach go teach na mban-riaghalta,
agus deir na daoine gur chaith sí beatha chráibhtheach.
Fuair sí bás timchioll seacht mbliadhna o shoin, agus
chualaidh mé go raibh aingle ag seinm ceóil bhinn 'san
tseomra, nuair bhí sí ag fághail bháis. Is truagh nach
raibh mise ag éisteacht leó, mar bheidheadh an port
agam anois!"



"Anois," ar san t-uachtarán, "tá droch-spiorad
ann san loch sin amuigh, atá 'g ár ngeur-chrádh de ló
agus d' oidhche, agus fuaramar taisbeant ó aingeal
do tháinig chugainn i mbrionglóid, nach raibh aon fhear
beó ionnánn an droch-spiorad sin do dhíbirt acht
tusa.



"An aingeal firionn no boinionn bhí ann?" ar san
píobaire.



"Budh bhean do chonnairc sinn-ne," ar san t-uachtarán,
"bhí sí gleusta le linéadach glégeal."


L. 346


"Cuirfidh mé cúig píosaidh deich bpighne leat gur bh'
inghean Mháire ni Dhómhnaill do bhí ann," ar san
píobaire.



"Ní'l sé dlisteanach dúinn-ne geall do chur," ar san
t-uachtarán, "acht má dhíbreann tu droch-spiorad an
locha, geobhaidh tu fiche píosa deich bpighne."



"Tabhair dham cúpla cnaigín de bhiotáille maith le
meisneach do thabhairt dam," ar san píobaire.



"Ní'l deór biotáille ann san tigh," ar san t-uacht-
arán. "Tá fhios agad nach mblasamaoid dé ar aon
chor."



"Muna dtugann tu braon le n'ól dam," ar san
píobaire, "deun an obair thu féin."



B'éigin dóibh fios do chur ar chúpla cnaigín agus
nuair d'ól an píobaire iad dubhairt sé go raibh sé
réidh, agus d'iarr sé orra an droch-spiorad do thais-
beánt dó. Chuadar ann sin go bruach an locha, agus
dubhairt siad leis go dtiucfadh an droch-spiorad ar
an gcarraig h-uile uair do bhuailfeadh siad an clog
le fuagradh fáilte an aingil.



"Teirigh agus buail é anois," ar san píobaire.
D'imthigh na bráithre agus thosaigheadar ag bualadh
an chluig, agus níor bhfada go dtáinig an cullach dubh
agus a mharcach ag snámh chum na carraige. Nuair
chuadar suas ar an gcarraig, leig an cullach sgread
as, agus thosaigh an bitheamhnach ag damhsa.



D'fheuch an píobaire orra, agus dubhairt, "fan go
dtugaidh mise ceól daoibh." Leis sin d'fháisg sé na
píobaidh air agus thosaigh ag seinm, agus ar an móimid
léim an cullach dubh agus a mharcach asteach ann san


L. 348


loch, agus thugadar aghaidh ar an bpíobaire. Bhí
seisean ag brath ar rithe, nuair tháinig colum mór
bán as an spéir, os cionn an chullaigh dhuibh, agus a
mharcaigh, do chuir teinteach síos 'na mullach agus do
mharbh iad. Chaith na tonnta iad suas ar bhruach an
locha, agus chuaidh an píobaire agus d'innis do'n uacht-
arán agus do na bráithribh go raibh droch-spiorad an
locha agus a mharcach marbh ar bhruach an locha.



Thángadar uile amach, agus nuair chonncadar go
raibh a náimhde marbh do leigeadar tri gárrtha le
teann-luthgháire. Ni raibh fhios aca ann sin creud do
dheunfadh siad leis na corpánaibh. Thugadar dá-fhichid
píosa deich bpighne do'n phíobaire, agus dubhairt siad
leis, na corpáin do chaitheamh i bpoll, i bhfad ó'n tigh.
Fuair an píobaire dream tincéaraidh do bhí ag gabhail
an bóthar agus thug dóibh deich bpíosa deich bpighne leis
na corpáin do chaitheamh i bpoll doimhin sgraith-logadaigh
míle o thigh na mbráthair. Rug siad ar na corpánaibh,
shiúbhail an píobaire amach rompa ag seinm ceóil agus
níor stadadar gur chaitheadar na corpáin asteach'san
bpoll, agus dhruid an sgraith-logadaigh os a gcionn,
agus ni fhacaidh aon duine iad ó shoin. Tá "Poll an
Chullaigh Dhuibh" le feiceál fós. Chuaidh an píobaire
agus na tincéaraidh go dti an tigh-ósta, agus bhíodar
ag ól go rabhadar ar meisge. Ann sin thosaigheadar
ag troid, agus tig leat bheith cinnte nach dtáinig an
píobaire slán as Árlár.



Chuir na braithre ballaidh agus cleith an tighe suas
arís, agus chaitheadar bliadhanta sona ann, go dtáinig


L. 350


na Gaill mhalluighthe do dhíbir na bráithre agus do leag
an chuid is mó de'n tigh go talamh.
Fuair an píobaire bás sona, agus budh h-é tuairm
na ndaoine gó ndeachaidh sé chum flaithis, agus go
mbudh h-é sin ár ndála uile go léir!



Atá ameasg na sean-daoine labhras Gaedheilg, ann
gach aon áit i n-Éirinn, a lán de phaidreachaibh gearra,
agus d'urnaighthibh i bhfoirm filidheachta, do tháinig
anuas ó n-a h-aoisibh chuaidh tharrainn, agus tá cuid
díobh so comh h-ársa sin go bhfuil siad beag-nach gan
chéill, óir do truailligheadh iad o linn go linn, agus do
cailleadh ciall na bhfocal, agus do h-athruigheadh na
focail féin. Creidim nach bhfuil aon phaidir dhíobh so
níos sár-aithnighthe agus níos clúdhamhla ná an ceann
sin air a nglaodhtar "Marainn Phádhraig,"* atá le
fághail ó gach uile shean-duine, beag-nach, i gConnacht-
aibh. Do chualaidh mé go minic é, acht is an-bheag dé
do thuigeas. Dubhairt Mártain O Giollarnáth as
condaé na Gaillimhe, liom, go raibh an sean-dán so
níos fearr aige féin 'ná ag mórán daoine do chon-
nairc sé ag fághail airgid agus duaise ar son é do
rádh! Sgríobh mé síos ó n-a bhéal féin é. Fuair mé
cóip dé ó Sheághan O Coineagáin i mBaile-an-phuill
i gcondaé Roscomáin mar an gceudna, agus cóip
eile o Mhicheál Mac Ruaidhrigh an "file as Condaé
Mhuigh Eó." Sgríobh mé síos an Roimh-rádh so ó n-a
bheul, i bprós, ag míniughadh cad é an t-am a ndearnadh
an "Mharainn," agus cad é an t-ádhbhar fá'r cumadh é.



*B'éidir "marbhrann Phádraig." "Marbh-rann" = "tuireadh"
no caoine.


L. 352


"MARAINN" PHÁDRAIG.



"Tá sé ráidhte gur searbhfóghanta do bhí ag Naomh
Pádraig [do bhí innti], agus bhí sí an-diaganta. Agus
tháinig fear asteach lá amháin ag diabhóireacht (sic =
ag iarraidh) ruid éigin le n'ithe. Agus tar éis a fhághail
agus a ithe, thug sé allúgh (sic = iarraidh) uirri le greim
bhreith uirri. Agus tar éis é breith uirri bhí sí chomh
diaganta sin agus gur thuit sí i laige, agus ni tháinig
sí as an laige go bhfuair sí bás. Agus nuair tháinig
Naomh Pádraig asteach cuireadh os cionn cláir í, agus
sin é an caoineadh rinne sé os a cionn d'á moladh."



Mise agus Aonghaois arm-glas
Dias nár bh'ionnann dúinn creideamh,
Naoimh-bheatha ar an talamh,
Agus beannacht leis an anam
Bhí i gcorp Aine áille,
Gach aon neach d'á mbeidh mo "mharainn" aige,
Beannacht Dé d'á ghrádh dhó.



Aghaidh chaoin chorprach (?)
Corp buadh sean-chúbhartha.
Budh í an bhean chiúin í,
An bhean áil í,
Budh í an bhean chiallmhar
Agus an bhean náir í.


L. 354


Téagar le feart a claidh (?)
Marbhaigheadh na féile fiorannach,
Cia déarfadh ma ladha-luirc [sic = caoinead?]
I n-Eírinn ghlain uasail
B'aingiol é dul go neamh,
Agus níor bhaoghal dó righ an uabhair.



["Tá deireadh anois le moladh a cuirp."]



Cia déarfadh mo "mharainn"
Do mhnaoi óig ag dul i muinge [sic = pósadh?]
Dul i gcionn céile agus clainne,
Go mbudh rómhaith éireóchas an turus sin léithe.



Cia déaradh mo mharainn
Do mhnaoi o h-íonúgh (?)
Go mbudh chóir slán soineanta
Thiucfas sí ó n-a saothar.



Cia déarfadh mo mharainn
Ag dul go tigh úr dó
Ni baoghal dó corp thabhairt as,
Fhad 's bhéidheas cleath ó [sic = os cionn] tigh.



Cia déarfadh mo mharainn
Dul ar an toinn mhairbh dó,
Ni baoghal dó múchadh ná báthadh.



Cia déarfadh mo mharainn
Dul i gcath na i gcléith [sic = troid], dhó
Cia chasfaidhe dhó ann san arm-gaisge
Acht mise, beó le priomhóilteacht (?)
Pádraig príomhúilteach.
Fágaim buaidh gach aithne ar mharainn Áine,
Neamh [do] gach aon d'á meabhróchas í,
Agus ar aon neach ná ceiltear.



Cia déarfas mo mharainn
Agus déarfas í naoi dtráth
Ni baoghal dó leac ifrinn
A-choidhche ná go bráth.


L. 356


Acht ní go díreach mar so do bhí sé ag na daoinibh
eile. Agus tá tuilleadh ann do réir coda aca. Is é
an chóip do thug mé ann so an chóip is soiléire agus is so-
thuigthe d'á gcualas fós. Is fíor-aisteach é nar casadh
an píosa so orm ariamh i leabhar láimh-sgríobhtha, cidh go
bhfuil sé comh sár-aithnighthe sin.



Ag so píosa eile do sgríobh mé síos ó bheul Mhíchil
Mhic Ruaidhrigh as Chill-Eala, shiar i gcondaé Mhuigh
Eó. Atá an píosa so beag-nach chomh truaillighthe agus
chomh do-thuigthe le "Marainn Phádraig."



AN AISEIRIGHE GHLÓRMHAR.



Nár bh'í sin an aiseirighe
B'fhearr d'á gcualais ariamh,
O léigh (?) leabhar go léightear (?) ná gceall,
Ár dTighearna mín milis thabhairt chum socair (?)
Le n-a cheusadh ar chrann.
Mac Dé d'fhulaing an t-aon pháis.
Dearlacha [= dealracha, i.e., dealradh] lasadh ann a ghruaidh,
Go dtug sé bárr breágh ó'n athair.



B'éin (?) liom an tsúil chúbhartha
Ag ceálla (?) i meadhon-aois.
Nuair chualaidh sí an ailm (?)
Mac binn geal d'á ghabháil,
Bhuail sí a dá bhois chúbhartha gheala,
Chuaidh sí ar a glúnaibh míne sleamhna,
Sheil [= shil] sí na trí spreasa fola
Ó n-a rosg bhí go ró-ghlan.



Tháinig na tri h-Áille (?) bhí thall,
Tháinig na tri Mhuire ó'n Róimh,
Tháinig na trí deamhain anoir.



Righ-neimhe cur dhé go teann,
Dall mar d'fhosgail a shúil


L. 358


No go bhfacaidh sé righ an domhain
Ar druim uachtair na talmhan
Dá bhfaghadh sé an saoghal ni mharóchadh é.



Dá bhfaghadh sinn féin ár n-athchuinge
Ar sa Mac Dé, agus a leabuidh féin ann san uaigh,
Braithlín geal ar shníomh fionn
Eidir sinn agus tinneas na sluaigh [sic] báine.



Cia déarfadh í, an Aiseirighe,
Agus déarfas í gach tráth,
Cia déarfadh í, an Aiseirighe,
Agus déarfas í gach uain,
Béidh naoi nglúin
Saor, gach taobh, d'á bpeacadh,
Agus a anam féin an lá deiridh.



Ag so dán doiléir dorcha eile de'n tsórt briste seo,
dán, do sgríobh mé síos ó bheul an Mhic Ui Ruaidhrigh
cheudna.



AIRTIOGAL AN CHREIGILL (?) CHRUAIDH.



Airtiogal an chreigill (?)* chruaidh
Tháinig chugainn ar uair ár mbáis,
Mar tháinig an t-aingiol ar cuairt
Le soinm (?) i gcluais na mná.



Braon níor bhlas a beul
Go dtug sí an t-uisge tríd a méar.



Is maith an sagart Mac Dé,
Is maith an baisteadh gnidheann sé,
Bhaist sé dhúinn a's bhaist Eóin é.



Tóg na srianta (?) so
Os ar gcionn,
Trath nár mhaith le cách
Sinne bheith ann.



*Cualaidh mé "an chreidimh" ó dhuine eile, agus "an chreidigh"
ó dhuine eile.


L. 360


Mac Rígh Neimhe* ag dul le crann
Agus gach ball dé
Ag dul 'san gcré.



Ní'l aon a déarfadh airtiogal an Chreigill Chruaidh
Uair a's gach tráth
Nach bhfeicfeadh sé Muire tri h-uaire
Roimh am a bháis.



Ag so mar tá an phaidir sin aca, láimh le Beul-an-
átha i gcondaé Mhuigh Eó.



CÓIP EILE.



Paidrín páirteach i ngáirdín Phárrthais
Ag moladh na mná bhí go maith ariamh.



Budh mhaith an sagart Mac Dé
Budh mhaith an t-aifrionn léigheadh sé,
Bhaist sé Eóin 's bhaist Eóin é.



Thainig aingiol asteach as leath-Cuain go Cill-cuain
Go bhfeicfeadh sé ar ceusadh é.



Ni'l aon duine deireas mo phaidrín naoi n-uaire
Nach dtiúbhraidh sé naoi n-anmanna as Phurgadóir
Agus a anam féin asteach go flaitheas an lá deiridh.



Ag so mar deir siad í, i gConamara.



CÓIP EIlE.



I ngáirdín Phárrthais tá'n paidrín páirteach
Ag moladh na máthar bhí riamh gan locht,
A Íosa mhilis 'Mhic Dé na ngrása
Ná leig ar fán m'anam bocht.



*"Righ Neamh" dubhairt Mac Ui Ruaidhrigh.


L. 361



L. 362


Nach maith an sagart é Mac Dé!
Nach maith a bhaisteas sé?
Bhaist sé Eóin Baiste, 's bhaist Eóin Baiste é.



Sin aisling tháinig d'aingiol na Cille Cruaidh.



An té déarfadh an dán so tri h-uaire
Bheidheadh naonbhar naoi n-uaire slán as Purgadóir,
Agus a anam féin an lá deireannach. Amén.



Is follusach gur ab é an nidh céadna no an áit
chéadna Creigill Cruaidh, no Creidigh Cruaidh, Cill
Cuain, agus Cill Cruaidh, ann sna tri cóipeannaibh
shuas, acht ní'l fhios agam ar aon chor, cad é an nidh,
no cad é an áit é. 'S é mheasaim-se gur focal sean-
Ghaedheilge do bhí ann ar dtús, agus gur chaill sé a
bhrigh i rith na h-aimsire, agus gur truailligheadh mar
so é. Do bheidheadh na sean-dánta dorcha so dear-
madtha na céadta bliadhan ó shoin, acht amháin mar
gheall ar an ngeallamhaint atá le n-a gcois go
bhfuighfidh an té déarfas iad na flaithis, no beannacht
éigin eile.



Do sgríobh mé síos an dán leanas o bheul an Mhic
Ui Ruaidhrigh chéadna. Tá a dheireadh cosmhúil le cuid
de'n phaidir shuas.



CÁ CHODAIL TU ARÉIR, no, AN PHAIDIR GHEAL.



Cá chodail tu aréir?
Faoi chosaibh Mhic Dé.


L. 363



L. 364


Cá choideólas tu anocht?
Faoi chosaibh na mbocht.



Cá choideólas tu amárach?
Faoi chosaibh Naoimh Pádraig.



Cia sin rómhad?
Tá na h-aingle.



Cia sin do dhiaigh?
Tá na h-easbuil.



Cia sin ar do dheas-láimh?
Tri braoin d' uisge an Dómhnaigh
Chuir Muire liom ag deunamh an eólais,
o dhoras go doras, go doras Phárrthais.
Go ndúnfaighthear doirse ifrinn
Agus go bhfosglaighthear doirse flaithis.



A Naomh-Mhuire, a mháthair Dé
Leig asteach mé ar dhoras na féile,
Ann san áit nach n-iarrfaidh mé
Biadh ná eudach.



Tá'n paidirín páirteach
D'á rádh i bPárrthas
Ag moladh na máthar
Atá gan locht,



O a Aén-mhic Mhuire
Águs a righ ghil* na ngrásta
Go saoraidh Tú gach anam
Tá i bpéin anocht.



Fuair Fuair an t-Athair O Gramhna dá chóip eile de'n dán
so faoi so faoi ainim "An Phaidir Gheal." Tosaigheann siad
mar so, "Go m-beannuighidh Dia dhuit a Phaidir
Gheal."Gheal." "Go mbeannaighidh Dia agus Muire dhuit."


L. 366


Ann sin tagann na focail "Cá chodail tu aréir," agus c.,
mar do thug mé shuas iad, no beag-nach mar sin. Ann
san dán, mar fuair sé é ó Nóra ni Chonghala inghean
Mhichil Bháin i n-Inis Meadhon i n-Árainn, do tháinig
na línte seó tar éis an mhéid thug mise.



CÓIP EILE.



Eochair Phárrtais tá mé iarraidh
Tá san dabhach údan [úd] thall.
Bhfuil fleasga óir ann a cheann.
A' choinneall shoillseach ann a láthair.
Tháinig oidhche, tháinig ceó,
Tháinig Brighid le n-a brat,
Tháinig Micheál le n-a sgeul,*
Bríonglan fada, bríonglan gearr.
Cia déarfadh an Phaidir Gheal
Ceann do oidhche
Ceann do ló,
Go mb' aoibhinn dó.



Ann san gcóip eile do fuair sé ó Antóin O
Diorráin i gCill Rónáin i nArainn tá na línte seo:



CÓIP EILE.



Ceurd sin ar do láimh chlí?
Corp Chríosta.
Ceurd sin ar do láimh dheas?
Naoi ndeóir d'uisge an Dómhnaigh
Chuir Muire liom ag breith eólais
Ar thigh Phárrthais.
D'éirigh Micheál árd-aingiol
Suas ['na] sheasamh
Mar bheidheadh dubh-mhaol,
A's is mise maol Chríost.
Airbheart naomhtha Chaomháin coimhdeacht.



*"Le n-a sgéith," is dóigh.


L. 368


Ga'r b'áil liom fulaing pianta purgadóra.
Go m' bhruith agus 'g am' losgadh ar leacraibh dearga!
Tiucfaidh an t-Athair, Tiucfaidh an mac
Tiucfaidh an Spiorad Naomh
Le m'anam bocht i gCill-cluthar
Ar an lá deiridh. Amén.



Fuair mé an "Phaidir Gheal" no an "Phaidir
Gheal-gheal" mar ghlaodh seisean uirri, ó m' charaid
Tomás Bárclaigh mar an gceudna, o chondaé Mhuigh
Eó, beagnach mar thug mé shuas í, acht tar éis na
línte.



Tri braoin d'uisge an Dómhnaigh
Chuir Muire liom ag deunamh an eólais



Do tháinig na línte eile seo.



CÓIP EILE.



Faoi choimrighe an fhir úd thall
A bhfuil an caindeal ann a láimh.
Bríghid agus a brat,
Muire agus a mac,
Mícheal árd-aingiol agus a sgiath,
Dá láimh Dhia faoi m'anam,
Nach árd suas théidheas an ghrian.
Agus a dhá láimh thairsti aniar.
Is mairg a chrochas
Is mairg a chéasas
Agus é bheith leat
Ag dul ann [chum] na cill'!
Gan braithlín geal
Gan cómhra cláir.


L. 370


Gach aon duine
Déarfas é sin
Tri h-uaire 'san lá
Ní rachaidh sé
Go h-ifrionn go bráth.



Fuair mé an Phaidir Gheal so arís ó fhear eile i
gCondaé Mhuigh Eó, acht ni chuimhnighim ar a ainm. Thug
seisean "Airtiogal an Chreidimh Chruaidh" air. Ag so
cuid dí, mar dubhairt seisean é - cuid nach raibh ag na
daoinibh eile.



CÓIP EILE.



Tri braoin d'uisge an Dómhnaigh
Chuir Mac Dé liom ag déanamh an eólais
Ó theach Phádraig go dorus Phárrthais.



Má tá aisling ar mo thi
Mac ó Dhia idir mé gus í.



[Fáilte rómhad] a phaidir Íosa
Do rinne Críost i gcionn a mhíosa,
Ar Sliabh Beachlainn i mbhárr Caithreach (?)
Go mbudh sluagh buan daingionn
An sluagh so a bhfuilmid ann.
Nárab* sluagh buan daingionn
An sluagh so atá ag tarraingt orrainn.
A Íosa na fola fírinnighe
Go gcodlaigh Tu in ár bhfochair.
Agus go raibh d' aingle beannaighthe
In ár dtimchioll.



*"Go mbudh" a dubhairt seisean, acht d'athruigh mise é, óir
is dóigh gur dearmad do rinne sé.


L. 371



L. 372


Ag so dán eile do'n Mhaighdin, ó Ghleann-na-mada
no Gleann-na-mágh-dubh i gCondaé na Gaillimhe a
bhfuil cuid dé cosmhúil leis na dántaibh shuas.



A MHAIGHDEAN.



A Mhaighdean ghlórmhar mhódhmhar mhaiseach,
Is tu mo lón, mo stór, mo thaisge.
Is tu mo réalt eólais
Ag dul rómham ann s gach bealach,
A's ar shliabh na ndeór
Go mbudh tu mo charaid.



I nGáirdín Phárrthais tá'n paidrín páirteach
Ag moladh na mná bhí riamh gan locht,
A aén-mhic Mhuire tá i gcáthair na ngrásta
Réidh gach gábhadh dom' anam bocht.



Deun dam treóir, tá an tóir ar an bpeacach,
Fliuch mo ghruadh le grádh do'n athair,
Nigh mo lámha as smál na bpeacadh
'S ar uair mo bháis go n-abraim an phaidir.



Ag so paidir mhaith, do thug an t-athair Eóghan O
Gramhna dham. Do sgríobh sé í o bheul duine éigin
i n-Inis-meadhon i nÁrainn, beagán de bhliantaibh ó
shoin. Do thug na daoine 'san áit sin "An Aisei-
righe" uirri, acht ni fheicim cia an fáth. Tá dá chuid
ann, acht b'éidir gur píosaidh iad nach mbaineann le
chéile ar aon chor.



AN AISEIRIGHE.



Abair do phaidir má's áil leat é,
Is léigheann í nach dtéidheann ar gcúl,
Is paidir í nach ngabhann smál,
Caisioll árd ag righ na ndúl.


L. 374


Dréimire Phárrthais is í an phaidir,
Anam-phaidir 'fhóireas í.*
Urnuighe chráibhtheach, aolmhar, glan,
Droichead síl Éabha í.



Troisg, urnuighthe, agus déirc,
Aithrighe gheur, a's dóthchas maith,
Sin é an teagusg thug Mac Dé
D'á eaglais féin, ar an bhfóghmhar tais.



Téirigh chum aifrinn gan do bhrógaibh,†
'S ná deun stró‡ as do bhrat,
Buail i gcómhgar na dtri ród
Agus úmhlaigh faoi dhó do'n duine bocht.



Ar a bhfeicfidh tu d'airgiod agus d'ór
Agus dá mbudh leat ceó na gcnoc,§
Ni fheicfidh tu flaitheas Dé go deó
Gan leabaidh agus déirc na mbocht.



Dean go mín leis an mbocht
Agus cuir cné (?) ar a chorp
S'gur fearr an díol déirc na mbocht
Go ndeachaidh Mac Dé 'na riocht.



*Dubhairt an t-athair Eóghan O Gramhna gur labhaireadh an líne
seó mar "anam paidir fhóireas í," agus níor thuig sé í: acht
d'atruigheas í, rud-beag.
†Aliter "Dia Dómhnaigh." mar fuair mé ó fhear eile é.
‡Aliter mórtachas.
§Aliter "ar a bhfeicfidh tú de cheóltaibh crois" [= crot ?]


L. 376


Ag so dornán de phíosaibh beaga eile de'n tsórt
ceudna, do chualaidh mé uaidh-sean agus ó dhaoinibh eile.



CUIMHNIGH.



Cuimhnigh páis na sleagh, má fheudann tu,
Cuir na gártha i dtrath* fo na míltibh cúmha,
Croidhe glan cráibhtheach náireach déirceach úmhal
Nach míle fearr le rádh 'ná beul ar siúbhal.



NACH IOMDHA MARCACH.



Nach iomdha marcach maith a leagadh
A's rachad anois ar mhuin an eich,
Mar chuaidh mise i leith na slighe
Tar a Chríost a's tabhair do bhreith.



IFRIONN FUAR FLIUCH.



Ifrionn fuar fliuch,
Baile is seirbhe deoch,
Baile gan cill gan crois,
Nii rachaidh mé féin 'na chois.†
Acht mar 's maith le Íosa mé bheith.
Bud mhian liom dul anonn
Marach‡ a laighead a bhfuil de lón rómham,
Is beag de mo bhárr abhus,
Is truagh nach thall do threabhas.



*"Na gair i dteagh "mar chualaidh Eoghan O Gramhna é, acht ni
léir dham sin.
†No mar chualaidh an Gramhnuigheach é "na theach ná 'na choir, acht
mar is maith le Íosa Críost mé bheith." B'éidir gur "d' each ná de
chois" na focail chearta.
‡"Marach" no "meireach" i gConnachtaibh="muna mbeidheadh."


L. 378


AN LAOGH DO CEUSADH.



An laogh do ceusadh Dia h-Aoine,
Do cuireadh i rópaibh ríghne,
Do síneadh é san uaigh 'na shíneadh*
Clocha móra clonnta (?) claonta.



Ag faire a leabuidh ar feadh da h-oidhche
Sé dubhairt seisean le Nicedímus,



Cuntamatar (?) os a chíonn sin
Gur thugadar leó é ó lucht na seacht líne,



Bhí d'á mbraonadh le aoileach,
D'á ndeargadh le címleach
Ag na dreamannaibh fo phiantaibh.



Is minic tráchtar ar an Dómhnach ann sna paid-
reachaibh seó, agus is an-mhór an meas do bhí ag na
sean-Ghaedhealaibh ar an lá beannaighthe sin. Is
coitchionn 'na measg an t-ainm do Dhia "Righ an
Dómhnaigh." ann san sgeul greannamhail sin
"Seághan Tinncéar"† innistear dúinn mar chuaidh
Seághan ag iarraidh cáirdis Chríosta d'á mhac, agus
mar casadh Mac Dé leis, agus thairg sé é féin dó
mar cháirdeas Chríosta, acht dhiúltaigh Seághan dó, "ní
fear comhthrom thu," adeir sé, "tugann tu a seacht
sáith do dhaoinibh agus ní thugann tu a leath-sháith do
dhaoinibh eile." Nuair d'imthigh Mac Dé casadh "Righ
an Dómhnaigh" leis, acht nuair chualaidh Seághan gur
b' é do bhí ann, ní leigfeadh sé dhó bheith 'na cháirdeas


L. 380


Chríosta d'a mhac, "ní 'l agad" ar sé "acht aon lá
amháin san tseachtmhain, agus ní 'l tu ionnánn mórán
maithis do dheunamh an lá sin féin!" Ag so mar
fuair mo chara an t-athair O Gramhna "fáilte an
Dómhnaigh i nÁrainn.



FÁILTE AN DÓMHNAIGH



Fáilte an Dómhnaigh
Andhiaigh na seachtmhaine
Lá breágh saoire
D' orduigh Críost dúinn,
Le n-ár n-anam do dheunamh.



Corruigh do chos go moch chum Aifrinn,
Corruigh do bheul ar na briathraibh beannuighthe,
Corruigh do mhéara ar shlabhra na h-anama,
Fosgail do chroidhe agus sgaoil an ghanguid as,
Breathnaigh suas ar Mhac na Banaltra,
Ó 'sé féin is fearr do cheannuigh sinn.



Crann díreach duilleabhrach glas
Ar crochadh Críost faoi 'na bhun,
Fillimid ort arís a chrois
[Fillimid ort aris le fonn].



Tá píosa eile aca dar b' ainm "Beannacht an
Dómhnaigh," acht ni thugaim ann so é, óir is beag-nach
do-thuigsionach ar fad é. Ag so píosa beag ar an
gcrois, cosmhúil leis na líntibh shuas, mar tá sé aca
i nÁrainn agus i gConamara.



GO MBEANNUIGHTHEAR DHUIT A CHROS.



Ga mbeannuighthear dhuit a chros
A bhuinneáin ghlégil úir,
Go mbeannuighthear dhuit a chroinn
Le 'r ceusadh Críost


L. 382


Go mbeannuighthear dhuit a rígh
Do síneadh ar an gcrois,
Impidhe cuirim ort
Gac smál peacaidh d'á bhfuil ar m'anam
É leagaint ar an gcolainn,
Ó 'sí is mó rinne an choir.



Ag so píosa eile do sgríobh an fíor Ghaedheal sin
an Liathánach síos ó bheul mná as Beul-an-átha i
gcondaé Mhuigh Eó. Dubhairt sí gur gnáthach a rádh
ar bhfeicsint teampoill uait.



GO MBEANNUIGHTHEAR DHUIT A ALTÓIR.



Go mbeannuighthear dhuit a altóir
A chros bhréagh dhuilleabhrach ghlas,
Nár leigidh tu m'anam thart,
Go gcongbhuighidh tu mé ar dheagh-stáid,
Go bhfillidh tu muid-ne [sinn-ne] ar ár leas,
Go meuduighidh tu ár gcroidhe le glóir d'fághail.
Go líonaidh tu ár súile le deóraibh na h-aithrighe,
Go dtugaidh tu ár gcion dúinn de gach aifrionn
D'á léightear ann san Róimh andiú
Agus ar fud an domhain mhóir.



No mar chualaidh an t-Athair O Gramhna é ó oide-
sgoile .i. Dáibhi O Ceallacháin i n-Árainn Mhóir.



Go dtagaidh dhuinn cion Críostaidhe
De luaigheacht Aifrinn an laé andhiú
Agus de gach aifrionn d'á léightear ann san Róimh
Agus timchioll an domhain Mhóir ar fad.


L. 384


Ag so urnuighe áluinn do chualaidh an t-Athair
O Gramhna i nInis Meadhon, d'á rádh le linn an
aifrinn agus tar éis an choisreagtha.



MILE FÁIlTE RÓMHAD A CHUIRP AN TIGHEARNA.



Míle fáilte rómhad a chuirp an tíghearna,
A mhic no shíolruigh o'n óigh is gile 's is míne,
'Sé do bhás-sa
Ar chrann na páise
D' fhuasgail síol Éabha a's bhasguigh* coir.



Ó's peacach bocht mé tá ag deunamh ort
Ná nocht orm an chóir,
Cidh do thuill mé t' fhearg a Íosa Críosta
Fill orm agus fóir.



Íosa cheannuigh muid [i.e., sinn]
Íosa bheannuigh muid
Íosa [an] phaidrín pháirteach sic,
Ná deun sinn do dhearmad,
Anois no ar uair ar mbáis.



O a Chríost do ceusadh Dia h-Aoine
Do dhóirt do chuid fola dá'r maitheadh 's d'ár saoradh,
Grásta an Spioraid Naoimh ann ár gcaoidhe 's ann ár
n-inntinn
Gach athchuinge d'á n-iarramaoid Mac Dé d'á réidhteach



*No "bhásaigh."


L. 386


Ag so sórt gníomha croídhe-bhrúighte, do sgríobh an
Liathánach síos o bheul duine as condaé na Gaillimhe.



CUIMHNE DÉ.



Cuimhne Dé os cionn mo chuimhne,
Leath mo peacaidh ni thig liom innseacht,
Gach ar innis mé 's nár innis mé,
Tá mé ag iarraidh párdúin ar Íosa Críosta.
I láthair cathaoire na faoisdine.



O a Thighearna fuair pianta
A's d'fulaing an Pháis,
Ag do stialladh le h-iarann
O mhullach go bárr,
Na dhiaigh sin fuair Tú tarcuisne
'Gus na créachta ar do láimh,
O a Thighearna, is ag iarraidh
Do choimirce táim.



Fuair mo chara fíor-mhaith nach maireann, an sgoláire
cliste Gaedheilge Pádraig O Laoghaire, na focail
chéadna so, beag-nach, i n-iarthar chondae Corcaighe.
Dubhairt sé gur labhaireadh iad "ar dteacht duit ar
do ghlúnaibh san tséipéal."



LEIGIM MÉ FÉIN.
Leigim mé féin i n-imioll Do ghrás,
Ar urlár Do thighe féin,
Ag umhlughadh do'n teampoll Catoilcidhe,
Umhluighim gan chealg im chroidhe,*
Mo ghlún deas le taithneamh do'n Áird-righ.



*"Umhluighim mo chealg óm, chroidhe" mar fuair Pádraig
O Laoghaire é.


L. 388


An dara glún le géill do Dhia,
An triúr is beannuighthe i n-Aon-Dia.
Am' sheachaint ar shluaightibh dobróin,
A's go mbuaidhtear m'anam do'n Trionóid.



A Thighearna fuair pianta
A's d'fhulaing an Pháis,
Do stialladh le h-iarann
O bháthas go trácht,
'Na dhiaidh san fuair an Tighearna
Na croibthe [craobha?] ann a láimh,
A Dhé dhil ag iarraidh
Do choimirce táim!



Gach peacadh d'á ndearna†
O'n lá rugadh mé riamh
Mac Mhuire na ngrás
D'á rádh liom "maithim duit iad."
An leanbh do crádhadh
Tá 'na dhuine 's 'na Dhia
Dá'r seachaint go bráth
Ar ghárthaibh luchta na bpian.



Ag so píosa eile de'n tsórt céadna do sgríobh an
Gaedheilgtheóir agus an sgoláire cliste sin, an Liath-
anach o Philadelphia, ann san Oileán úr, ó bheul Eilís
ni Ghallchúbhair éigin, o chondaé Dhún-na-ngall. Do
chuir an Liathánach comaoin agus oibliogáid an-mhór ar
Ghaedheilgtheóiribh an domhain, agus an méad


L. 390


d'abhránaibh agus de dhántaibh agus de neithibh eile do sgríobh
sé síos go h-aireach agus go beacht o bheul na ndaoine
do casadh air i nAmericá, gan aon nidh d'athrughadh
ná do leasughadh, acht iad do thabhairt go díreach mar
do chualaidh sé iad. Thug sé cuid de na paidreachaibh
do fuair sé mar so, dom' charaid Eóghan O Gramhna,
sagart, agus chuir sé tuilleadh aca i gclódh ann san
"nGaodhal," an páipéar sin do thuill ár mbuidheachas
le mórán bliadhan ar son an mhéid do rinne sé d'ár
dteangaidh. Cidh nach bfuair sé an píosa so ó Chonn-
achtach, budh thruagh gan a chlóbhualadh ann so le n-a
shábháil. Chuir an t-athair O Gramhna chugam-sa é. Is
cosmhúil leis an "Ave Maris Stella" é.



FÁILTE DHUIT A MHUIRE MHÓR.



Fáilte dhuit-se a Mhuire mhór,
[Fáilte] a Mhaighdean shiorraidhe,
Ar ár ndeacair [a Mhuire], fóir,
A Mhuire a mháthair Íosa.
A réalt na maidne, a sgiath na mbocht,
Is tu anam-charaid [atá gan locht].



Is tu do thug ar ais an bláth
Do thuit le h-Éabha [i n-áon-tráth].



Thóg tu an t-Uan do shaoraigh sinn
Bí 'nois 's ar uair ár n-éaga linn.



Tomhaigh (?) dúinn-ne síothchán Dé,
Is caol na glais a cheanglaigheas mé.



Greim do'n bhocht, 's do'n dall a shúil,
A mháthair mhúirneach, righ na ndúl,


L. 392


A sgatháin na subháilce, a airc an reachta,
A cháthaoir na h-eagna 's na h-úmhluigheachta.



Sábháil sinn ar chéim do Mhic
Ar olc, ar uair éiric.



A réalt na maidne is áirde céim
Seachain sinn ar dhubhadh na bpian.



Go moltar faoi do choimrighe
An t-Athair an Mac 'san Spiorad Naomh.



Ag so anois deireadh na seiseadh caibidile d' Abh-
ránaibh Chúige Connacht. Acht fillfidh mé ar na dán-
taibh diadha so arís, le congnamh Dé, óir is lán-
iomadamhail luachmhar in-léighte iad, agus is leath-
riachtanach iad do dhuine ar bith ar mian leis anam
Chonnacht do thuigsint. Fágfaidh mé ann so buaidh
agus beannacht ag mo lucht-leigte, agus má tá aon
rud ann san leabhar so nach dtaithnigheann leó, iarraim
párdún orra, agus tá súil agam nach dtogfaidh siad
orm é, óir do rinne mise mo dhíchioll, ag cruinniughadh
a bhfuil ann, agus 'gá chur síos go díreach mar do
fuaireas é.



CRÍOCH.


L. 395


NÓTAÍ.



Tá corr-fhocal insan leabhar so nach litreóchainn indiu mar do
litrigh mé é ar sgríobhadh an leabhair seo dham ar dtús. Ag so an
chuid is mó de na foclaibh d'athróchainn dá mbéinn ag ath-sgríobhadh
an leabhair. Sgríobhfainn "indiaidh," "luighe," "suidhe," "thuas,"
"thíos," "thoir," "thiar," i n-ionad "i ndiaigh," "luidhe," "suighe,"
"shuas," " shíos," "shoir," "shiar." Sgríobhfainn "seo," i n-ionad
"seó," agus "de, i n-ionad "dé," "in," i n-ionad "ann," "Gaedhilge"
i n-ionad "Gaedheilge," agus b'éidir "gheobhad," i n-ionad "geobhad."
Sgríobhfainn "aí" nó aidhe," san uimhir iolraidh i n-ionad "aidh,"
mar atá "plátaí" no "plátaidhe" i n-ionad "plátaidh."
Sgríobhfainn an fhoirm iomlán atá ar aimneachaibh áiteann, mar
Baile-átha-luain i n-ionad B'l'áthluain, agus c.



Ceartóchaidh na notaí seo leanas na lochta is mó atá in san
leabhar no atá i litriughadh an leabhair.



P. 10, l. 11. - B'fhearr "Dlighthe pianamhla," l. z. read "Spáiníse."


L. 396


P. 24, l. 1. - B'fhearr "nochtuighthe." l. 16. - Léigh
"parráistidhe."



P. 28, l. 1. - B'fhearr píosaidhe no piosaí, acht tá eagla orm gur
rómhinic sgríobhas aidh i leabaidh aidhe no aí san uimhir
iolraidh.



P. 38, l. 18. - B'fhearr "do bhí sé 'labhairt."



Ni thiubhraidh neach de'n triúr
Do'n dís eile, tá ollamh claon,
An chuid do roicheadh é féin
Ar a gcuid súd araon.


L. 397


Cé sin sios ag teacht go dti mé
Mar a bheith gaduidhe bheith ar sioluigheacht (?) oidhche,
A thuagh in a dheas-láimh agus í líomhta,
Agus claidheamh na n-uaireann in a láimh chlí leis.



Mise an Bás tá tigheacht go dti thu,
Agus a dhuine bhoicht na glac bíodhgadh,
Beirim an t-óg an mór 's an críon liom, etc.


L. 399


B'fhearr "bodhruighthe."



CRÍOCH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services