Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Air Bhás Leomhain na h-Áirde i n-Iar, Seághain Mhic Héil, Airdeasboig Thuama.

Title
Air Bhás Leomhain na h-Áirde i n-Iar, Seághain Mhic Héil, Airdeasboig Thuama.
Author(s)
De hÍde, Dúghlas,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1882
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Air Bhás Leomhain na h-Áirde in-iar, Seá-
ghain Mhic Héil, Airdeasboig Thuama.



Samhain, 1881.



Leis an g-Craoibhín Aoibhinn.



Tá brón fuar a's ceo dubh go ro-thuigh 'sna
speurthaibh
Tá donas air sholus a's sonas geal Phoebus:
Fuiseoga 's spideoga gan ceol in a m-
beulaibh;
An bhó ins an m-buaile gan liugh a's gan
géimnigh.



Ní luascann gal gaoithe bárr craoibhe no
crainn
Is iongantach ciuineas na b-plúr a's na
d-tom.
Na neullta 's na speurthaibh go bagarach donn
'S tá tachtadh 'san aer tiugh atá se cho trom.



Is marbh an torrann aig srothán an t-sléibhe,
A n-dé bhí ag ritheadh go h-aoibhinn 's go
h-aereach,
Ní'l bricín san uisce ag rinnce 's ag léimnigh
Ní'l filbín ag sgríoch ná feadóg ná eun ann.



Tá'n neanntóg ruadh air chúl an bhalla,
An fóthanán cruaidh 's an chul óg ghrána,
An fligh 's gach luibh tá go tiugh ag fás ann
Go socair socair 's cosamhlacht báis ann.



Och, is forus aithne go bh-fuil an bás ann
Is forus aithne air lionndubh Nádúir,
Air throime na spéire bhí go h-áidhbheul
Go raibh adhbhar geur-ghoil air feadh an
náisiuin.



Is bás níos measa 'ná míle bás é,
Bás an athar budh chiuin, 's budh ghrádhach,
Athair árd na cléir' 's na m-bráthair
Och, is é do bhás-sa do mhill an náisiun.



Airdeasboig dhílis, grádh na cléire
Grádh na n-daoineadh, 's croidhe na féile,
Mórdháil Chonnacht, mórdháil Éireann
Mo mhíle truagh, a Sheághain Mhic Héil thu.



Ni fheudaim an sgeul sin do sheasadh gan
caoineadh
'Sé an sgeul é, le h-éisteacht, is measa
lem' chroidhe-se,
D'fhág Eire go ceusta, í féin a's a daoine
D'fhág Connacht go dona gan solus 'na
croidhe 'stigh.



Is tusa bhí críona, ciallmhar, gach am,
Ag seoladh na n-daoineadh 'san t-slighe nach
raibh cam,
Is tusa do scríobhfadh mar naomh le peann
Mar fuair tu ó Dhia do chiall 's do cheann.



Acht b'fheárr 'ná sin uile, 's nach breágh é le
rádh,
Na'r chaill tu ariamh do spéis agus grádh
Do theangain na h-Éireann tá caoin-mhilis
árd,
Sean-teanga shiubhalach na nGaedheal a's na
m-Bárd.



An tráth nach raibh bárd ann, bhí thusa ad'bhárd,
Ár d-teanga leat-chráidhte do thóg tu go
h-árd,
Budh tu an fear d'fheudadh ár g-ceol do
thógáil
Ní thiocfaidh go deo linn do shamhail-se
d'fhághail.



'S ní bh-fuighid cáirde na Gaedhilge beo,
Choidhche aon chara is áirde 'ná thu,
Tá solus na Gaedhilge múchta go deo
Agus solus na h-Éireann tá báidhte faoi cheo.



Air n-éisteacht an sgéil sin 's nuadhacht
an bháis,
Do thuit ó n-ár g-croidhe 'stigh aon sgríoch uath-
bháis,
A's truagh atámuid, is cruaidh ár g-cás
An sonas ag imtheacht, 's an donas ag fás.



An tráth chuaidh d'anam go Flaitheas le léim,
Budh chruaidh an buille do thuit orrainn féin
'Nuair síneadh do chorp air an g-clár bog
déal
Och! chuaidh ar ngrádh leat a Sheághain Mhic
Héil.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services