Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beside the Fire

Title
Beside the Fire
Author(s)
In eagar ag Douglas Hyde,
Compiler/Editor
Hyde, Douglas
Composition Date
1890
Publisher
David Nutt, London

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN TAILIUR AGUS NA TRI BHEITHIGEACH



Bhí táiliúr aon uair amháin i nGaillimh, agus bhí sé ag
fuaigheál eudaigh. Chonnairc se dreancuid ag éirighe
amach as an eudach, agus chaith se an tsnáthad léithe agus
mharbh sé an dreancuid. Dubhairt se ann sin "Nach breágh
an gaisgidheach mise nuair a bhí mé abalta air an drean-
cuid sin do mharbhadh!"



Dubhairt sé ann sin go gcaithfeadh sé dul go B'L'acliath
go cúirt an rígh, go bhfeicfeadh sé an dtiucfadh leis a
deunamh. Bhí an chúirt sin 'gá dheunamh le fada, acht an
méad dí do gníthidhe ann san lá do leagaidh ann san oidhche
é, agus níor fheud duine air bith a chur suas mar gheall
air sin. 'S iad tri fháthach a thigeadh 'san oidhche a bhidheadh
'gá leagadh. D'imthigh an táiliúr an lá air na mhárach,
agus do thug se leis an uirlis, an spád agus an
tsluasad.



Níor bhfada chuaidh sé gur casadh capall bán dó, agus
chuir se forán air. "Go mbeannuigh Dia dhuit," ar san
capall, "cá bhfuil tu dul?" "Tá mé dul go B'L'acliath,"
ar san táiliúr, "le deunamh cúirte an rígh, go bhfágh' mé
bean-uasal, má thig liom a deunamh," mar do gheall an
rígh go dtiúbhradh sé a inghean féin agus a lán airgid
léithe don té sin a thiucfadh leis an chúirt sin do chur suas.
"An ndeunfá poll dam?" ars san sean-ghearrán bán,
"rachainn i bhfolach ann nuair atá na daoine mo thabhairt
chum an mhuilinn agus chun an atha i riocht nach bhfeicfidh siad
mé, óir tá mé cráidhte aca, ag deunamh oibre dhóibh."


L. 4


"Deunfaidh mé sin go deimhin," ar san táiliúr, "agus
fáilte." Thug sé an spád leis agus an tsluasad, agus
rinne sé poll, agus dubhairt sé leis an g-capall bán dul
síos ann, go bhfeicfeadh sé an bhfóirfeadh sé dhó. Chuaidh an
capall bán síos ann san bpoll, acht nuair d'fheuch sé do
theacht suas arís as, níor fheud sé.



"Deun áit dam anois," ar san capall bán, "a thiucfas
mé aníos as an bpoll so nuair a bhéidheas ocaras orm."
"Ní dheunfad," ar san táiliúr, "fan ann sin go dtigidh
mé air m'ais, agus tógfaidh mé aníos thu."



D'imthigh an táiliúr an lá air na márach, agus casadh
dhó an sionnach, "Go mbeannuigh Dia duith," ar san
sionnach. "Go mbeannuigh Dia 'gus Muire dhuit." "Cá
bhfuil tu dul?" "Tá mé dul go B'L'acliath go bhfuchaidh
mé an dtiucfaidh liom cúirt dheunamh do'n rígh." "An
ndeunfa áit dam, a rachfaínn i bhfolach innti," ar san
sionnach, "tá an chuid eile de na sionnaighibh do m' bhualadh
agus ní leigeann siad dam aon nidh ithe 'nna g-cuideachta."
"Deunfaidh mé sin duit," ar san táiliúr. Thug sé leis
a thuagh agus a shábh, agus bhain se slata, go ndearnaigh
sé, mar dheurfá, cliabh dó, agus dubhairt sé leis an tsion-
nach dul síos ann, go bhfeicfeadh se an bhfóirfeadh sé dhó.
Chuaidh an sionnach ann, agus nuair fuair an tailiúr shíos
é, leag sé a thóin air ain bpoll a bhí ann. Nuair a bhí an
sionnach sásta faoi dheireadh go raibh áit dheas aige d'iarr
sé air an táiliúr a leigean amach, agus d'fhreagair an
táiliúr nach leigfeadh; "Fan ann sin go dtigidh mise air
m'ais," ar sé.



D'imthigh an táiliúr an lá air na mhárach, agus ní fada
bhí sé siúbhal gur casadh madr'-alla dhó, agus chuir an
mádr'-alla forán air, agus d'fhiafruigh sé dhé cá raibh sé
ag triall. "Tá me dul go B'L'acliath go ndunfaidh mé
cúirt do'n rígh má thig liom sin dheunamh," ar san táiliúr."
"Dá ndeunfá ceucht dam," ar san madr'-alla, "bheidheadh


L. 6


mise agus na madr'-alla eile ag treabhadh agus ag
forsadh, go mbeidheadh greim againn le n-ithe ann san
bhfóghmhar." "Deunfaidh mé sin duit," ar san táiliúr.
Thug sé leis a thuagh 's a shábh, agus rinne sé ceucht. Nuair
bhí an ceucht deunta chuir sé poll ann san mbéam (sail)
agus dubhairt se leis an madr'-alla dul asteach faoi an
g-ceucht go bhfeicfeadh sé an raibh treabhach maith ann. Chuir
sé a earball asteach ann san bpoll a rinne se, agus chuir
sé "peg" ann-sin ann, agus níor tháinig leis an madr'-
alla a earball tharraing amach as arís. "Sgaoil mé
anois," ar san madr'-alla, agus deasóchamaoid féin agus
treabhfamaoid." Dubhairt an táiliúr nach sgaoilfeadh sé
é no go dtiucfadh sé féin air ais. D'fhág sé ann sin é agus
chuaidh sé go B'L'acliath.



Nuair tháinig sé go B'L'acliath chuir sé páipeur amach an
méad luchd' céirde do bhí ag tógbháil na cúirte do theacht
chuige-sean, agus go n-íocfadh seisean iad ---- agus ní
bhídheadh daoine ag fághail 'san am sin acht píghin 'san lá.
Do chruinnigh a lán luchd céirde an lá air na mhárach, agus
thosaigh siad ag obair dó. Bhí siad ag dul a bhaile andhi-
aigh an laé nuair dubhairt an tailiúr leó "an chloch mhór
sin do chur suas air bhárr na h-oibre a bhí deunta aige."
Nuair d' árduigheadh suas an chloch mhór sin, chuir an tailiúr
slighe éigin fúithi go leagfadh sé anuas í nuair a thiucfadh
an fathach chomh fada léithe. D'imthigh an luchd oibre a bhaile
ann sin, agus chuaidh an tailiúr i bhfolach air chúl na cloiche
móire. Nuair tháinig dorchadas na h-oichche chonnairc sé na
trí fathaigh ag teacht, agus thosuigh siad ag leagadh na
cúirte no go dtáinig siad chomh fada leis an áit a raibh an
táiliúr shuas, agus bhuail fear aca buille d'á ord air
an áit a raibh sé í bhfolach. Leag an tailiúr an chloch
anuas air, agus, thuit sí air, agus mharbh sí é. D'imthigh
siad a bhaile ann sin, agus d'fhág siad an méad a bhí ann
gan leagan, ó bhí fear aca féin marbh.


L. 8


Tháinig an lucht céirde arís, an lá air na mhárach, agus
bhí siad ag obair go dtí an oidhche, agus nuair a bhí siad
dul abhaile dubhairt an tailiúr leó an chloch mhór do chur
suas air bhárr na h-oibre mar bhí sí an oidhche roimhe sin.
Rinne siad sin dó, agus d'imthigh siad abhaile, agus cuaidh
an tailiúr i bhfolach, mar bhí sé an trathnóna roimhe sin.
Nuair bhí na daoine uile imthighthe 'nna suaimhneas, tháinig
an dá fhathach, agus bhí siad ag leagan an mhéid a bhí
rompa; agus nuair thosuigh siad, chuir siad dá ghlaodh asta.
Bhí an tailiúr air siúbhal agus é ag obair no gur leag sé
anuas an chloch mhór gur thuit sí air chloigionn an fhathaigh a
bhí fúithi agus mharbh sí é. Ní raibh ann sin acht an t-aon
fhathach amháin ann, agus ní tháinig seisean go raibh an
chúirt críochnuighthe.



Chuaidh an táiliúr chum an righ ann sin, agus dubhairt sé
leis, a bhean agus a chuid airgid do thabhairt do, mar do
bhí an chúirt déanta aige, acht dubhairt an rígh leis nach
dtiúbhradh sé aon bhean dó, no go marbhfadh sé an fathach
eile, agus nach dtiúbhradh sé dadamh dó anois no go
marbhfadh sé an fear deireannach. Dubhairt an táiliúr
ann sin go marbhfadh sé an fathach eile dhó, agus fáilte,
nach raibh aon mhaille air bith air sin.



D'imthigh an táiliúr ann sin, go dtáinig sé chum na
h-áite a raibh an fathach eile, agus d'fhiafruigh ar theas-
tuig buachaill uaidh. Dubhairt an fathach gur theastuigh,
dá bhfághadh sé buachaill a dheunfadh an rud a deunfadh sé
féin. "Rud air bith a dheunfas tusa, deunfadh mise é,"
ar san tailiúr.



Chuaidh siad chum a ndinéir ann sin, agus nuair bhí sé
ithte aca dubhairt an fathach leis an táiliúr an dtiucfadh
leis an oiread anbhruith ól agus é féin, aníos as a fhiucadh.
"Tiucfaidh," ar san tailiúr, "acht go dtiúbhraidh tu uair
dam sul a thosóchamaoid air." "Bhéarfaidh mé sin duit,"
ar san fathac. Chuaidh an tailiúr amach ann sin, agus


L. 10


fuair se croicionn caorach agus d'fhuaigh sé suas é, go
ndearnaigh sé mála dhé agus dheasuigh sé shíos faoi na chóta
é. Táinig sé asteach ann sin, agus dubhairt sé leis an
bhfathach galún dén anbhruith ól i dtosach. D'ól an fathach
sin aníos as a fhiuchadh.



"Deunfaidh mise sin," ar sant áiliúr. Bhí sé air
siúbhal gur dhóirt sé asteach san g-croicionn é, agus shaoil
an fathach go raibh sé ólta aige. D'ól an fathach galún
eile ann sin, agus leig an táiliúr galún eile síos 'san
g-croicionn, acht shaoil an fathach, go raibh sé 'gá ól. "Déan-
faidh mise rud anois nach dtiucfaidh leat-sa dheunamh," ar
san táiliúr. "Ní dhéanfá," ar san fathach, "creud é sin
do dhéanfá?"



"Poll do dheunamh, agus an t-anbhruith do leigean
amach arís," ar san táiliúr. "Déan thu féin i dtosach é,"
ar san fathach. Thug an táiliúr "prad" de'n sgín, agus
leig sé amach an t-anbhruith as an g-criocionn. "Déan,
thusa, sin," ar sé leis an bhfathach. "Déanfad," ar san
fathach ag tabhairt prad de'n sgín 'nna bhuilg féin gur
mharbh sé é féin. Sin é an chaoi a mharbh sé an tríomhadh
fathach.



Chuaidh sé do'n rígh ann sin, agus dubhairt sé leis, an
bhean agus a chuid airgid do chur amach chuige, agus go
leagfadh se an chúirt muna bhfághadh sé an bhean. Bhí fait-
chios orra ann sin go leagfadh sé an chúirt arís, agus
chuir siad an bhean amach chuige.



Nuair bhí sé lá imthighthe, é féin agus a bhean, ghlac siad
aithreachas agus lean siad é, go mbainfeadh siad an bhean
dé arís. Bhí an mhuinntir do bhí 'nna dhiaigh 'gá leanamhaint
no go dtáinig siad suas do'n áit a raibh an madr'-alla,
agus dubhairt an madr'-alla leó. "Bhí an táiliúr agus
a bhean ann so andé, chonnairc mise iad ag dul thart,
agus má sgaoileann sibh mise anois tá má níos luaithe 'ná
sibh-se, agus leanfaidh mé iad go mbéarfaidh mé orra."


L. 12


Nuair chualaidh siad sin sgaoil siad amach an madr'
alla.



D'imthigh an madr'-alla agus muinntir Bh'L'acliath,
agus bhí siad dá leanamhaint go dtáinig siad do'n áit a
raibh an sionnach, agus chuir an sionnach forán orra, agus
dubhairt sé leó, "bhí an táiliúr agus a bhean ann so
air maidin andiú, agus má sgaoilfidh sibh amach mé tá
mé níos luaithe 'ná sibh agus leanfaidh mé iad agus
béarfaidh mé orra." Sgaoil siad amach an sionnach
ann sin.



D'imthigh an madr'-alla agus an sionnach, agus arm
Bh'L'acliath ann sin, ag feuchaint an ngabhadh siad an tái-
liúr, agus, táinig siad do'n áit a raibh an sean-ghearrán
bán, agus dubhairt an sean-ghearrán bán leó, go raibh an
táiliúr, agus a bhean ann sin air maidin, "agus sgaoili-
gidhe amach mé," ar sé, "tá mé níos luaite 'ná sibh-se
agus béarfaidh mé orra." Sgaoil siad amach an sean
ghearrán bán, agus lean an sean-ghearrán bán, an sion-
nach, an madr'-alla, agus arm Bh'L'acliath an táiliúr 's a
bhean, i g-cuideacht a chéile, agus níor bhfada go dtáinig
siad suas leis an táiliúr, agus chonnairc siad é féin 's a
bhean amach rompa.



Nuair chonnairc an táiliúr iad ag tígheacht tháinig sé
féin 's a bhean amach as an g-cóiste, agus shuidh sé síos air
an talamh.



Nuair chonnairc an sean-ghearrán bán an táiliúr ag
suidhe síos dubhairt sé, "Sin é an cuma a bhí sé nuair
rinne sé an poll damhsa, nár fheud mé teacht amach as,
nuair chuaidh mé asteach ann; ní rachfaidh mé nís foigse
dhó."



"Ní h-eadh," ar san sionnach, "acht is mar sin, do bhí sé
nuair bhí se dhéanamh an ruid dam-sa, agus ní rachfaidh mise
níos foigse dhó."



"Ní h-eadh!" ar san madr'-alla, "acht is mar sin do


L. 14


bhí sé nuair bhí sé déanamh an cheuchta 'nna raibh mise
gabhtha. Ní rachfaidh mise níos foigse dhó."



D'imthigh siad uile uaidh ann sin, agus d'fhill siad. Tháinig
an táiliúr agus a bhean a bhaile go Gaillimh. Thug siad
dam stocaidh páiréir agus bróga bainne ramhair - chaill
mé iad ó shoin. Fuair siad-san an t-áth agus mise an
lochán, báitheadh iad-san agus tháinig mise.



BRAN



Bhí cú breágh ag Fionn. Sin Bran. Chualaidh tu caint
air Bhran. Seó an dath a bhí air.




Cosa buidhe a bhí air Bhran
Dá thaoibh dubha agus tárr geal,
Druim uaine air dhath na seilge
Dá chluais cruinne cóimh-dhearga.




Bhéarfadh Bran air na Gaéthibh-fiádhna bhí sí chomh luath sin.


L. 16


Nuair bhí sí 'nna coileán d'éirigh imreas no troid éigin
ameasg na g-con a bhí ag an bhFéin, agus




Trí fiche cu agus fiche coileán
Mharbh Bran agus í 'nna coileán,
Dá ghé-fiadháin, agus an oireadh leó uile.




Sé Fionn féin a mharbh Bran. Chuaidh siad amach ag
fiadhach agus rinneadh eilit do mháthair Fhinn. Bhí Bran dá
tóruigheacht



"Eilit bhaoth fág air sliabh
ar Fionn.



"A mhic óig," ar sise, "Cá rachfaidh mé as?"




Má théidhim ann san bhfairrge síos
Choidhche ni fhillfinn air m'ais,
S má théidhim ann san aer suas
Ní bheurfaidh mo luathas air Bhran.




"Gabh amach eidir mo dhá chois," ar Fionn. Chuaidh sise
amach eidir a dhá chois, agus lean Bran í, agus air
ngabhail amach dí, d'fháisg Fionna dhá ghlúin uirri agus
mharbh sé í.



Bhí inghean ag Bran. Cu dubh a bhí ann san g-coileán
sin, agus thóg na Fianna í, águs dubhairt siad leis an
mnaoi a bhí tabhairt aire do'n choileán, bainne bó gan aon
bhall do thabhairt do'n choileán, agus gach aon deór do
thabhairt dó, agus gan aon bhraon chongbháil uaidh. Ní
dhearnaidh an bhean sin, acht chongbhuigh cuid de'n bhainne gan
a thabhairt uile do'n choileán. An cheud lá do sgaoil na
Fianna an cu óg amach bhí gleann lán de ghéadhaibh fiadháine
agus d' eunachaibh eile, agus nuair sgaoileadh an cú dubh
'nna measg, do ghabh sí iad uile acht fíor-bheagán aca a
chuaidh amach air bhearna a bhí ann. Agus acht gur chong-


L. 18


bhuigh an bhean cuid de'n bhainne uaithi do mharbhfadh sí iad
uile.



Bhí fear de na Fiannaibh 'nna dhall, agus nuair leigeadh
an cu amach d'fhiafruigh sé de na daoinibh a bhí anaice leis,
cia an chaoi a rinne an cú óg. Dubhairt said-san leis gur
mharbh an cu óg an meud gé fiadháin agus eun a bhí ann san
ngleann, acht beagán aca a chuiadh amach air bhearna, agus
go raibh sí teacht a bhaile anois. "Dá bhfághadh sí an
bainne uile a tháinig de'n bho gan aon bhall," ar san dall,
"ni leigfeadh sí d'eun air bith imtheacht uaidhi," agus
d'fhiafruigh sé, ann sin, cad é an chaoi a raibh sí tígheacht a
bhaile. "Tá si teacht anois," ar siad "agus, sgáil' lasta
as a muineul agus i air buile."



"Tabhair m'impidhe dham anois," ar san dall, "agus
cuir mé 'mo shuidhe ann san g-cáthaoir agus cuir gual ann
mo láimh, óir muna marbhaim í anois marbhfaidh sí muid
(sinn) uile. Tháinig an cú, agus chaith sé an gual léithe
agus mharbh sé í, agus é dall.



Ach dá bhfághadh an coileán sin an bainne uile do thiuc-
fadh sí agus luidhfeadh sí síos go socair, mar luidheadh
Bran.



MAC RIGH ÉIREANN



Bhí mac rígh i n-Éirinn, fad ó shoin, agus chuaidh sé amach
agus thug sé a ghunna 's a mhadadh leis. Bhí sneachta
amuigh. Mharbh sé fiach dubh. Thuit an fiach dubh air an
tsneachta. Ní fhacaidh sé aon rud budh ghile 'ná an sneachta,


L. 20


ná budh dhuibhe 'ná cloigionn an fhiaich dhuibh, ná budh dheirge
'ná a chuid fola bhí 'gá dortadh amach.



Chuir sé faoi geasaibh agus deimúgh (sic) na bliadhna nach
n-íosadh sé dhá bhiadh i n-aon bhord, ná dhá oidhche do chodhladh
ann aon teach, go bhfághadh sé bean a raibh a cloigionn chomh
dubh leis an bhfiach dubh, agus a croicionn chomh geal leis an
tsneachta, agus a dhá ghruaidh chomh dearg le fuil.



Ní raibh aon bhean san domhan mar sin, acht aon
bhean amháin a bhí ann san domhan shoir.



Lá air na mhárach ghabh sé amach, agus ní raibh airgiod
fairsing, acht thug sé leis fiche púnta. Ní fada chuiadh sé
gur casadh socraoid dó, agus dubhairt sé go raibh sé chomh
maith dhó trí choiscéim dhul leis an g-corpán. Ní raibh na
trí choiscéim siúbhalta aige go dtáinig fear agus leag sé
a reasta air an g-corp, air chúig phúnta. Bhí dlígheadh i
n-Eirinn an t-am sin, duinea ir bith a raibh fiacha aige air
fhear eile, nach dtiucfadh le muinntir an fhir sin a chur,
dá mbeidheadh sé marbh, gan na fiacha d'íoc, no gan cead
ó'n duine a raibh na fiacha sin aige air an bhfear marbh.
Nuair chonnairc Mac Rígh Éireann mic agus ingheana an
duine mhairbh ag caoineadh, agus iad gan an t-airgiod aca
le tabhairt do 'n fhear, dubhairt sé leis fein, "is mór an
thruagh é nach bhfuil an t-airgiod ag na daoinibh bochta,"
agus chuir sé a lámh ann a phóca agus d'íoc sé féin na cúig
phúnta, air son a chuirp. Dubhairt sé go rachfadh sé chum
an teampoill ann sin, go bhfeicfeadh sé curtha é. Tháinig
fear eile ann sin, agus leag sé a reasta air an g-corp
air son cúig phúnta eile. "Mar thug mé na ceud chúig
phúnta," ar Mac Rígh Éireann leis féin, "tá sé chomh maith
dham cúig phúnta eile thabhairt anois, agus an fear bocht
do leigean dul 'san uaigh," D'íoc sé na cúig phúnta
eile. Ní raibh aige ann sin acht deich bpúnta.




L. 22


Níor bhfada chuaidh sé gur casadh fear gearr glas dó
agus d'fhiafruigh sé dhé cá raibh sé dul. Dubhairt sé go
riabh sé dul ag iarraidh mná 'san domhan shoir. D'fhiafruigh
an fear gearr glas dé, an raibh buachaill teastál uaidh,
agus dubhairt sé go raibh, agus cad é an pháidhe bheidheadh
sé ag iarraidh. Dubhairt seisean "an cheud phóg air a
mhnaoi, dá bhfághadh sé í." Dubhairt Mac Rígh Éireann go
g-caithfeadh sé sin fhághail.



Níor bhfada chuaidh siad gur casadh fear eile dhóibh agus
a ghunna ann a láimh, agus é ag "leibhléaracht" air an
londubh a bhí thall 'san domhan shoir, go mbeidheadh sé aige
le n-aghaidh a dhinéir. Dubhairt an fear gearr glas le
Mac Rígh Éireann gó raibh sé chomh maith dhó an fear sin
ghlacadh air aimsir, da rachfadh sé air aimsir leis.
D'fhiafruigh Mac Rígh Eireann an dtiucfadh sé air aimsir
leis.



"Rachfad," ar san fear, "má bhfágh' mé mo thuarastal."



"Agus cad é an tuarastal bhéidheas tu 'g iarraidh?"



"Áit tíghe agus gardha."



"Geobhaidh tu sin uaim, má éirigheann mo thuras liom."



D'imthigh Mac Rígh Eireann leis an bhfear glas agus
leis an ngunnaire, agus ní fada chuaidh síad gur casadh
fear dóibh, agus a chluas leagtha air an talamh, agus é
ag éisteacht leis an bhfeur ag fás.



"Tá sé chomh maith dhuit an fear sin ghlacadh air
aimsir," ar san fear gearr glas.



D'fhiafruigh Mac Righ Eireann de 'n fhear an dtiucfadh
sé leis air aimsir.



"Tiucfad má bhfágh mé áit tighe agus gardha."



"Geobhaidh tu sin, uaim má éirigheann an rud atá ann
mh cheann liom."


L. 24


Chuaidh Mac Righ Eireann, an fear gearr glas, an gun-
naire, agus an cluasaire, agus ní fada chuaidh siad gur
casadh fear eile dhóibh agus a leath-chos air a ghualainn,
agus é ag congbháil páirce geirrfhiadh gan aon gheirrfhiadh
leigean asteach ná amach. Bhí iongantas air Mhic Rígh
Eireann agus d'iafhfruigh sé cad é an chiall a riabh a leath-
chos air a ghualainn mar sin.



"O," ar seisean, "dá mbeidheadh mo dhá chois agam air
an talam bheidhinn chomh luacht sin go rachfainn as amharc."



"An dtiucfaidh tu air aimsir liom," ar san Mac Righ.



"Tiucfad, má bhfágh' mé áit tighe agus gardha."



"Geobhaidh tu sin uaim," ar Mac Rígh Éireann, "má
éirigheann an rud atá ann mo cheann, liom."



Chuaidh Mac Righ Eireann, an fear gearr glas, an gun-
naire, an cluasaire, agus an coisire air aghaidh, agus níor
bhfada go dtáncadar go fear agus é ag cur muilinn gaoithe
thart le na leathpholláire, agus a mheur leagtha aige air
a shrón ag druidim na polláire eile.



"Cad chuige bhfuil do mheur agad air do shrón?" ar Mac
Rígh Eireann leis.



"O," ar seisean, "dá séidfinn as mo dhá pholláire do
sguabfainn an muileann amach as sin suas 'san aer."



"An dtiucfaidh tu air aimsir?"



"Tiucfad, má bhfágh' mé áit tighe agus gardha."



"Geobhaidh tu sin, má éirigheann an rud atá ann mo
cheann liom."



Chuaidh Mac Righ Eireann, an fear gearr glas, an gun-
naire, an cluasaire, an coisire, agus an séidire go dtán-
cadar go fear a bhí 'nna shuidhe air thaoibh an bhóthair, agus
é ag briseadh cloch le na leath-thóin agus ní raibh casúr ná
dadamh aige. D'fhiafruigh an Mac Rígh dhe, cad chuige a
raibh sé ag briseadh na g-cloch le na leath-thóin.




L. 26


"O," ar seisean, "dá mbualfainn leis an tóin dhúbalta
iad dheunfainn púghdar díobh."



"An dtiucfaidh tu air aimsir liom?"



"Tuicfad, má bhfagh' mé áit tíghe agus gardha."



D'imthigh siad uile ann sin, Mac Rígh Eireann, an fear
gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, an coisire, an
séidire, agus fear briste na g-cloch le taoibh a thóna
agus bheurfadh siad air an ngaoith Mhárta a bhí rompa
agus an ghaoth Mharta a bhí 'nna n-diaigh ní bhéurfadh sí
orra-san go dtáinig trathnóna agus deireadh an laé.



Dhearc Mac Rígh Éireann uaidh agus ní fhacaidh sé aon
teach a mbeidheadh sé ann an oidhche sin. Dhearc an fear
gearr glas uaidh agus chonnairc se teach nach raibh bonn
cleite amach air, ná bárr cleite asteach air, acht aon
chleite amháin a bhí ag congbháil dídinn agus fasgaidh air.
Dubhairt mac rígh Éireann nach raibh fhios aige cá chaithfeadh
siad an oidhche sin, agus dubhairt an fear gearr glas go
mbeidheadh siad i dteach an fhathaigh thall an oidhche sin.



Tháinig siad chum an tighe, agus tharraing an fear gearr
glas an cuaille cómhraic agus níor fhág sé leanbh i mnaoi
searrach i g-capall, pigín i muic, ná broc i ngleann nár
iompuigh sé thart trí uaire iad le méad an torain do bhain
sé as an g-cuaille cómhraic. Tháinig an fathach amach
agus dubhairt sé "mothuighim boladh an Éireannaigh bhinn
breugaigh faoi m'fhóidín dúthaigh."



"Ní Éireannach binn breugach mise," ar san fear gearr
glas, "acht tá mo mháighistir amuig ann sin ag ceann an
bhóthair agus má thagann sé bainfidh sé an ceann díot."
Bhí an fear gearr glas ag meudughadh, agus ag meudughadh
go raibh sé faoi dheireadh chomh mór leis an g-caisleán. Bhí
faitchios air an bhfathach agus dubhairt sé, "Bhfuil do
mháighistir chomh mór leat féin?"


L. 28


"Tá," ar san fear gearr glas, "agus níos mó."



"Cuir i bhfolach mé go maidin go n-imthigheann do mhái-
ghistir," ar san fathach.



Chuir sé an fathach faoi ghlas, ann sin, agus chuaidh sé
chum a mháighistir.



Tháinig mac rígh Éireann, an fear gearr glas, an gunnaire
an cluasaire, an séidire, an coisire, agus fear briste na
g-cloch le taoibh a thóna, asteach 'san g-caisleán, agus chaith
siad an oidhche sin, trian dí le fiannaigheacht agus trian le
sgeuluigheacht, agus trian le soirm (sic.) sáimh suain agus
fíor-chodalta.



Nuair d' éirigh an lá air na mhárach thug sé leis a
mháighistir agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an
coisire, agus an séidire, agus fear briste na g-cloch le
taoibh a thóna, agus d'fhág sé amuigh ag ceann an bhóthair
iad, agus tháinig sé féin air ais agus bhain sé an glas de
'n fhathach. Dubhairt sé leis an bhfathach gur chuir a mháigis-
tir air ais é i g-coinne an bhirréid dhuibh a bhí faoi cholbha
a leabuidhe. Dubhairt an fathach go dtiubhradh sé hata dhó nár
chaith sé féin ariamh, acht go raibh náire air, an sean-bhirreud
do thabhairt dó. Dubhairt an fear gearr glas muna
dtiubhradh sé an birreud dó go dtiucfadh a mháighistir air
ais, agus go mbainfeadh sé an ceann dé.



"Is fearr dam a thabhairt duit," ar san fathach, "agus
uair air bith a chuirfeas tu air do cheann é, feicfidh tu uile
dhuine agus ni fheicfidh duine air bith tu." Thug sé dhó an
birreud ann sin, agus chuaidh an fear gearr glas agus thug
sé do mhach rígh Éireann é.



Bhí siad ag imtheacht ann sin. Do bhéarfadh siad air
an ngaoith Mhárta do bhí rómpa, agus an ghaoth Mhárta
do bhí 'nna ndiaigh ní bhéarfadh sí orra-san, ag dul


L. 30


do'n domhan shoir. Nuair tháinig tráthnóna agus deireadh
an lae dhearc mac rígh Eireann uaidh agus ní fhacaidh sé aon
áit a mbeidheadh sé ann an oidhche sin. Dhearc an fear
gearr glas uaidh, agus chonnairc sé caisleán, agus dubh-
airt sé, "an fathach atá an san g-caisleán sin, is dear-
bhráthair do'n fhathach a rabhamar aréir aige, agus béidhmíd
ann san g-caisleán sin anocht." Tháinig siad, agus d'fhág
sé mac rígh Eireann agus a mhuinntir ag ceann an bhóthair,
agus chuaidh sé chum an chaisleáin, agus tharraing sé an
cuaille cómhraic, agus níor fhágh sé leanbh i nmaoi ná
searrach i g-capall ná pigín i muic ná broc i ngleann, i
bhfoigse seacht míle dhó, nár bhain sé trí iompódh asta leis
an méad torain a thug sé as an g-cuaille cómhraic.



Tháinig an fathach amach, agus dubhairt sé, "Mothuighim
boladh an Éireannaigh bhinn bhreugaigh faoi m'fhóidín dúthaigh."



"Ní Eireannach binn breugach mise," ar san fear gearr
glas, "acht tá mo mháighistir amuig ann sin ag ceann an
bhóthair, agus má thagann sé bainfidh sé an ceann díot."



"Is mór liom dhe ghreim thu, agus is beag liom de dhá
ghreim thu," ar san fathach.



"Ní bhfuighfidh tu mé de ghreim air bith," ar san fear gearr
glas, agus thoisigh sé ag meudughadh go raibh sé chomh mór
leis an g-caisleán.



Tháinig faitchios air an bhfathach agus dubhairt sé,
"bhfuil do mháigistir chomh mór leat-sa?"



"Tá agus níos mó," ar san fear beag glas.



"Cuir i bhfolach mé go maidin go n-imthigheann do
mháigistir," ar san fathach, "agus rud air bith atá tu ag
iarraidh caithfidh tu a fhághail."



Thug sé an fathach leis, agus chaith sé faoi bheul dabhaich
é. Chuaidh se amach agus thug sé asteach mac rígh Eireann,
an gunnaire, an cluasaire, an seídire, an coisire, agus
fear briste na g-cloch le taoibh a thóna, agus chaith siad
an oidhche ann sin, trian le fiannuigheacht trian le sgeu-


L. 32


laigheacht, agus trian le soirm sáimh suain agus fíor-
chodalta, go dtí an mhaidin.



Air maidin, lá air na mhárach, thug an fear gearr glas
mach rígh Eireann agus a mhuinntir amach as an g-caisleán
agus d'fhág sé ag ceann an bhóthair iad, agus tháinig sé
féin air ais agus d'iarr sé na sean-slipéaraidh a bhí faoi
cholbha an leabuidh, air na bhfathach. Dubhairt an fathach go
dtiúbhradh sé péire bhútais chomh maith agus chaith sé ariamh
d'a mháighistir, agus cad é an maith a bhí ann sna sean-
slipéaraibh! Dubhairt an fear gearr glas muna bhfághadh
sé na slipeuraidh go rachfadh sé i g-coinne a mháighistir,
leis an ceann do bhaint dé. Dubhairt an fathach ann sin
go dtiúbhradh sé dhó iad, agus thug. "Am air bith," ar sei-
sean, "a chuirfeas tu na slipeuraidh sin ort, agus "haigh
óibhir" do rádh, áit air bith a bhfuil súil agad do dhul ann,
béidh tu innti."



D'imthigh mac rígh Eireann agus an fear gearr glas,
agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire
agus an séidire, agus fear briste na g-cloch le taoibh a
thóna, go dtáinig tráthnóna agus deireadh an laé; agus
go raigh an capall ag dul faoi sgáth na coróige agus ní
fanfadh an chopóg leis. D'fhiafruigh mach rígh Eíreann de'n
fhear gearr glas ann sin, cá bheidheadh siad an oidhche sin,
agus dubhairt an fear gearr glas go mbeidheadh siad i
dteach dearbhráthar an fhathaigh ag a raibh siad areir.
Dhearc mac rígh Eireann uaidh agus ni fhacaidh sé dadamh.
Dhearc an fear gearr glas uaidh agus chonnairc sé
caisleán mór. D'fhágbhaigh sé mac rígh Eireann agus a
mhuinntir ann sin agus chuaidh sé chum an chaisleáin leis
féin, agus tharraing sé an cuaille cómhraic, agus níor
fhágbhaigh sé leanbh i mnaoi, searrach i láir, pigín i muic, na
broc i ngleann, nár thionntuigh sé thart trí uaire leis
an méad torain a bhain sé as an g-cuaille cómhraic.
Tháinig an fathach amach agus dubhairt sé "mothuighim


L. 34


boladh an Éireannaigh bhinn bhreugaigh faoi m'fhóidín dú-
thaigh."



"Ní Éireannach binn breugach mise," ar san fear
gearr glas, "acht tá mo mháighistir 'nna sheasamh ann sin,
ag ceann an bhóthair, agus má thagann sé bainfidh sé an
ceann díot."



Agus leis sin thosuigh an fear gearr glas ag méadu-
ghadh go raibh sé chomh mór leis an g-caisleán faoi dheireadh.



Tháinig faithchios air an bhfathach, agus dubhairt sé, "bhfuil
do mháighistir chomh mór leat féin?"



"Tá," ar san fear gearr glas, "agus níos mó."



"O cuir mé a bhfolach, cuir me i bhfolach," ar san fathach,
go n-ímthigheann do mháighistir, agus rud air bith a bhéidheas
tu ag iarraidh caithfidh tu a fhághail."



Thug sé an fathach leis agus chuir sé faoi bheul dabhaich é,
agus glas air.



Tháinig sé air ais agus thug sé mac rígh Éireann, an
gunnaire, an cluasaire, an coisire, an séidire, agus
fear briste na g-cloch le taoibh a thóna asteach leis,
agus chaith siad an oidhche sin go súgach, trian dí le
fiannuigheacht, agus trian dí le sgeuluigheacht, agus trian
dó le soirm sáimh suain agus fíor chodalta.



Air maidin, lá air na mhárach, thug sé mac rígh Eireann
agus a mhuinntir amach agus d'fhágbhuigh sé ag ceann an
bhóthair iad agus tháinig sé féin air ais, agus leig sé
amach an fathach, agus dubhairt se leis an bhfathach an cloi-
dheamh meirgeach a bhí faoi cholbha a leanbuidh do thabhairt dó.


L. 36


Dubhairt an fathach nach dtiúbhradh sé an sean-chloidheamh sin
d' aon duine, acht go dtiúbhradh sé dhó cloidheamh na trí
faobhar, nár fhág fuigheal buille 'nna dhiaigh, agus dá bhfág-
fadh sé go dtiubhradh sé leis an dara bhuille é.



"Ní ghlacfaidh mé sin," ar san fear gearr glas, "caithfidh
mé an cloidheamh meirgeach fhághail, agus muna bhfágh' mé
é rachfaidh me i g-coinne mo mháighistir agus bainfidh sé an
ceann díot."



"Is fearr dam a thabhairt duit," ar san fathach, "agus
cia bé áit a bhualfeas tu buille leis an g-cloidheamh sin
rachfaidh sé go dtí an gaineamh dá mbudh iarann a bhí
roimhe." Thug sé an cloidheamh meirgeach dó ann sin.



Chuaidh mac rígh Eireann agus an fear gearr glas, agus
an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire, agus an
séidire, agus fear briste na g-cloch le taoibh a thóna ann
sin, go dtáinig trathnóna agus deireadh an laé, go raibh
an capall ag dul faoi sgáth na copóige agus ní fhanfadh
an chopóg leis. Ní bhéarfadh an ghaoth Mhárta a bhí rompa
orra agus an ghaoth Mhárta a bhí 'nna ndiaidh ní rug sí
orra-san, agus bhí siad an oidhche sin ann san domhan shoir,
an áit a raibh an bhean-uasal.



D' fhiafruigh an bhean de mhic rígh Eireann creud do
bhí sé ag iarraidh agus dubhairt seisean go raibh sé ag
iarraidh íféin mar mhnaoi. "Caithfidh tu m'fhághail," ar sise,
"má fhuasglann tu mo gheasa dhíom."



Fuair sé a lóistín le na chuid buachaill ann san
g-caisleán an oidhche sin, agus ann san oidhche tháinig sise
agus dubhairt leis, "seó siosúr agad, agus muna bhfuil
an siosúr sin agad air maidin amárach bainfighear an
ceann díot."


L. 38


Chuir sí biorán-suain faoi na cheann, agus thuit sé
'nna chodladh, agus chomh luath a's thuit sé nna chodladh
rug sí an siosúr uaidh agus d'fhágbhuigh sí é. Thug sí an
siosúr do'n rígh nimhe, agus dubhairt sí leis an rígh
an siosúr do bheith aige air maidin dí. D'imthigh sí ann sin.
Nuair bhí sí imthighthe thuit an rígh nimhe 'nna chodladh
agus nuair a bhí sé 'nna chodladh tháinig an fear gearr
glas agus na sean-slipéaraidh air, agus an birreud
air a cheann, agus an cloidheamh meirgeach ann a láimh,
agus cia bé áit a d'fhágbhuigh an rígh an siosúr fuair
seisean é. Thug sé do mhac rígh Eireann é, agus nuair
tháinig sise air maidin d'fhiafruigh sí "a mhic rígh Eireann
bhfuil an siosúr agad?"



"Tá," ar seisean.



Bhí tri fíche cloigionn na ndaoine a thánig 'gá h-íarraidh
air spícibh thimchioll an chaisleáin agus shaoil sí go mbeidheadh
a chloigionn air spíce aici i g-cuideacht leó.



An oidhche, an lá air na mhárach, tháinig sí agus thug sí
cíar dó, agus dubhairt sí leis muna mbeidheadh an chíar
aige air maidin nuair a thiucfadh sí go mbeidheadh an ceann
bainte dhé. Chuir sí biorán-suain faoi na cheann agus thuit
sé 'nna chodladh mar thuit sé an oidhche roimhe, agus ghoid
sise an chíar léithe. Thug sí an chíar do'n rígh nimhe agus
dubhairt sí leis gan an chiar do chailleadh mar chaill sé an
siosúr. Tháinig an fear gearr glas agus na sean-sléipa-
raidh air a chosaibh, an sean-bhirreud air a cheann agus an
cloidheamh meirgeach ann a láimh, agus ní fhacaidh an rígh é
go dtáinig se taobh shiar dé agus thug sé an chíar leis
uaidh.



Nuair tháinig an mhaidin, dhúisigh mac rígh Eireann agus
thosuigh sé ag caoineadh na ciaire a bhí imthighthe uaidh. "Ná


L. 40


bac leis sin," ar san fear gearr glas, "tá sé agam-sa."
Nuair tháinig sise thug sé an chíar dí, agus bhí iongantas
uirri.



Táinig sí an tríomhadh oidhche, agus dubhairt sí le mac righ
Eireann an ceann do cíaradh leis an g-cíair sin do bheith
aige dhí, air maidin amárach. "Nois," ar sise, "ní raibh
baoghal ort go dtí anocht, agus má chailleann tu an t-am
so i, tá do chloigionn imthighthe."



Bhí an biorán-suain faoi na cheann, agus thuit sé
'nna chodladh. Tháinig sise agus ghoid sí an chíar uaidh.
Thug sí do'n rígh nimhe í, agus dubhairt sí leis nár fheud
an chíar imtheacht uaidh no go mbainfidhe an ceann dé.
Thug an righ nimhe an chiar leis, agus chuir sé asteach í i
g-carraig cloiche, agus trí fiche glas uirri, agus shuidh
an rígh taoibh amuigh de na glasaibh uile ag doras na
carraige, 'gá faire. Tháinig an fear gearr glas, agus
na slipeuraidh agus an birreud air, agus an cloidheamh
meirgeach ann a láimh, agus bhuail sé buille air an
g-carraig cloiche agus d'fhosgail suas í, agus bhuail sé
an dara bhuille air an rígh nimhe, agus bhain sé an ceann
dé. Thug sé leis an chiar chuig (do) mac rígh Eireann ann
sin, agus fuair sé é ann a dhúiseacht, agus é ag caoineadh
na ciaire. "Súd í do chíar duit," ar seisean, "tiucfaidh
sise air ball, agus fiafróchaidh sí dhíot an bhfuil an chíar
agad, agus abair léithe go bhfuil, agus an ceann do
cíaradh léithe, agus caith chuici an cloigionn.



Nuair tháinig sise ag fiafruigh an raibh an chiar aige,
dubhairt sé go raibh, agus an ceann do cíaradh léithe, agus
chaith sé ceann an rígh nimhe chuici.



Nuair chonnairc sí an cloigionn bhí fearg mhór uirri, agus
dubhairt sí leis nach bhfuighfeadh sé í le pósadh go bhfághadh
sé coisire a shiúbhalfadh le na coisire féin i g-coinne trí
bhuideul na h-íochshláinte as tobar an domhain shoir, agus


L. 42


dá mbudh luaithe a tháinig a coisire féin 'ná an coisire
aige-sean, go raibh a cheann imthighthe.



Fuair sí sean-chailleach (bhuitse éigin), agus thug sí trí
buideula dhí. Dubhairt ar fear gearr glas trí buideula
do thabhairt do'n fhear a bhí ag congbháil páirce na ngeirr-
fhiadh, aghus tugadh dhó iad. D'imthigh an chailleach agus an
fear, agus trí buidéala ag gach aon aca, agus bhí coisire
mic rígh Éireann ag tígheacht leath-ealaigh air ais, sul a
bhí an chailleach imthighthe leath-bhealaigh ag dul ann. "Suidh
síos," ar san chailleach leis an g-coisire, "agus leig do
sgíth, tá an bheirt aca pósta anois, agus ná bí briseadh
do chroidhe ag rith." Thug sí léithe cloigionn capaill agus
chuir sí faoi na cheann é, agus biorán-suain ann, agus
nuair leag sé a cheann air, thuit sé 'nna chodladh.



Dhóirt sise an t-uisge a bhí aige amach, agus d'im-
thigh sí.



B'fhada leis an bhfear gearr glas go raibh siad ag
tígheacht, agus dubhairt sé leis an g-cluasaire, "Leag do
chluas air an talamh, agus feuch an bhfuil siad ag teacht."
"Cluinim," ar seiseann, "aan chailleach ag teacht, agus tá
an coisire 'nna chodladh, agus é ag srannfartuigh."



"Dearc uaith," ar san fear gearr glas leis an ngun-
naire, "go bhfeicfidh tu ca bhfuil an coisire."



Dubhairt an gunnaire go raibh sé ann a leithidh sin d'áit,
agus cloigionn capaill faoi na cheann, agus é 'nna
chodladh.



"Cuir do ghunna le do shúil," ar san fear gearr glas,
"agus cuir an cloigionn ó na cheann."



Chuir sé an gunna le na shúil agus sguaib sé an chloigionn
ó na cheann. Dhúisigh an coisire, agus fuair sé na buideula
a bhí aige folamh, agus b'éigin dó filleadh chum an tobair
arís.



Bhí an chailleach ag teacht ann sin agus ní raibh an coi-
sire le feiceál (feicsint). Ar san fear gearr glas ann


L. 44


sin, leis an bhfear a bhí ag cur an mhuilinn-gaoithe thart
le na pholláire, "éirigh suas agus feuch an g-cuirfeá an
chailleach air a h-ais." Chuir sé a mheur air a shrón agus
nuair bhí an chailleach ag teacht chuir sé séideóg gaoithe
fúithi a sguaib air a h-ais í. Bhí sí teacht arís agus rinne
sé an rud ceudna léithe. Gach am a bhídheadh sise ag teacht
a bhfogas dóibh do bhídheadh seisean dá cur air a h-ais arís
leis an ngaoith do shéideadh sé as a pholláire. Air deireadh
séid se leis an dá pholláire agus sguaib sé an chailleach
chum an domhain shoir arís. Tháinig coisire mic rígh Eireann
ann sin, agus bhí an lá sin gnóthuighthe.



Bhí fearg mhór air an mnaoi nuair chonnairc sí nach dtái-
nig a coisire féin air ais i dtosach, agus dubhairt sí le
mac righ Eireann, "ní bhfuighidh tu mise anois no go
siúbhailfidh tu trí mhíle gan bhróig gan stoca, air shnáthaidibh
cruaidhe."



Bhí bóthar aici trí mhíle air fad, agus snáthaide geura
cruaidhe craiththe air, chomh tiugh leis an bhfeur. Ar san fear
gearr glas le fear-briste na g-cloch le na leath-thóin,
"téidh agus maol iad sin." Chuaidh an fear sin orra le
na leath-thóin agus rinne sé stumpaidh dhíobh. Dubhairt an
fear gearr glas leis dul orra le na thóin dhúbalta. Chuaidh
sé orra ann sin le na thóin dhúbalta, agus rinne sé
púghdar agus praiseach díobh. Tháinig mac rígh Éireann
agus shiúbhail sé na trí mhíle, agus bhí a bhean gnóthuighthe
aige.



Pósadh an bheirt ann sin, agus bhí an chéud phóg le fághail
ag an bhfear gearr glas. Rug an fear gearr glas an
bhean leis féin asteach i seomra, agus thosuigh sé uirri.
Bhí sí lán dhe naithreachaibh nimhe, agus bheidheadh mac rígh
Éireann marbh aca, nuair a rachfadh sé 'nna chodladh, acht
gur phiuc an fear gearr glas aisti iad.



Thainig sé go mac rígh Eireann ann sin, agus dubhairt sé
leis, "Tig leat dul le do mhnaoi anois. Is mise an fear


L. 46


a bhí ann san g-cómhra an lá sin, a d'íoc tu na deich
bpúnta air a shon, agus an mhuinntir seó a bhí leat is
seirbhísíghe iad do chuir Dia chugad-sa."



D'imthigh an fear gearr glas agus a mhuinntir ann sin
aghus ní fhacaidh mac rígh Éireann arís é. Rug sé a bhean
abhaile leis, agus chaith siad beatha shona le chéile.



AN ALP-LUACHRA



Bhí scológ shaidhbhir a g-Connachtaibh aon uair amháin, agus
bhí maoin go leór aige, agus bean mhaith agus muiríghin
bhreágh agus ní raibh dadamh ag cur buaidhreadh ná triob-
lóide air, agus dheurfá féin go raibh sé 'nna fhear compór-
tamhail sásta, agus go raibh an t-ádh air, chomh maith agus
air dhuine air bith a bhí beó. Bhí sé mar sin gan bhrón gan
bhuaidhreadh air feadh móráin bliadhain i sláinte mhaith agus
gan tinneas ná aicíd air féin ná air a chloinn, no go
dtáinig lá breágh annsan bhfóghmhar, a raibh sé dearcadh
air a chuid daoine ag deunamh féir annsan moínfheur a bhí
a n-aice le na theach féin, agus mar bhí an lá ro theith d'ól
sé deoch bláthaiche agus shín sé é féin siar air an bhfeur úr
bainte, agus mar bhí sé sáruighthe le teas an laé agus
leis an obair a bhí sé ag deunamh, do thuit sé gan mhoill
'nna chodladh, agus d'fhan sé mar sin air feadh tri no
ceithre uair no go raibh an feur uile craptha agus go raibh
a dhaoine oibre imthighthe as an bpáirc.



Nuair dhúisigh sé ann sin, shuidh se suas air a thóin, agus
ní raibh fhios aige cia an áit a raibh sé, no gur chuimhnigh se faoi
dheire gur annsan bpáirc air chúl a thíge féin do bhí sé 'nna
luidhe. D'éirigh sé ann sin agus chuaidh sé air ais chum a
thighe féin, agus air n-imtheacht dó, mhothaigh sé mar phian no


L. 48


mar ghreim ann a bhoilg. Níor chuir sé suim ann, acht shuidh
sé síos ag an teine agus thosuigh sé 'gá théigheadh féin.



"Cá raibh tu?" ars an inghean leis.



"Bhí mé mo chodladh," ar seisean, "air an bhfeur úr
ann sa' bpáirc 'nna raibh siad ag deunamh an fhéir."



"Creud a bhain duit," ar sise, "ní fhéuchann tu go
maith."



"Muire! maiseadh! ni'l fhios agam," ar seisen, "acht
tá faitchios orm go bhfuil rud éigin orm, is aisteach a
mhothaighim mé féin, ní raibh mé mar sin ariamh roimhe seó,
acht béidh mé níos fearr nuair a bhfuighfidh mé codladh
maith."



Chuaidh sé d'á leabuidh agus luidh sé síos, agus thuit sé
ann a chodladh, agus níor dhúisigh sé go raibh an ghrian árd.
D'éirigh sé ann sin agus dubhairt a bhean leis, "Creud do
bhí ort nuair rinn' tu codladh chomh fada sin?"



"Níl fhios agam," ar seisean.



Chuaidh sé annsan g-cisteanach, n'áit a bhí a inghean ag
deunamh cáca le h-aghaidh an bhreách-fast (biadh na maidne),
agus dubhairt sise leis, "cia an chaoi bhfuil tu andiú, bhfuil
aon bhiseach ort a athair.?"



"Fuair mé codladh maith," ar seisean, "acht ní'l mé
blas níos fearr 'ná bhí mé aréir, agus go deimhin dá
g-creidfeá mé, saoilim go bhfuil rud éigin astigh ionnam,
ag rith anonn 's anall ann mo bhoilg o thaoibh go taoibh



"Ara ní féidir," ar s an inghean, "is slaighdeán a fuair
tu ad' luighe amuigh ané air an bhfeur úr, agus muna
bhfuil to níos fearr annsan trathnóna cuirfimíd fios air
an docthtúir."




L. 50


Tháinig an trathnóna, acht bhí an duine bocht annsan gcaoi
cheudna, agus b'éigin dóibh fios chur air an dochtúir. Bhí
sé ag rádh go raibh pian air, agus nach raibh fhios aige go
ceart cad é an áit ann a raibh an phian, agus nuair nach
raibh an dochtúir teacht go luath bhí sgannrughadh mór air.
Bhí muinntir an tighe ag deunamh uile shóirt d'fheud siad
dheunamh le meisneach a chur ann.



Tháinig an dochtúir faoi dheire, agus d'fhiafruigh sé dhé
creud do bhí air, agus dubhairt seisean arís go raibh rud
éigin mar éinín ag léimnigh ann a bholg. Nochtuigh an
dochtúir é agus rinne sé breathnughadh maith air, acht ní
fhacaidh sé dadamh a bhí as an m-bealach leis. Chuir sé a
chluas le na thaoibh agus le na dhruim, acht níor chualaidh
sé rud air bith cidh gó raibh an duine bocht é féin ag
rádh - "Anois! Nois! nach g-cluinn tu é? Nois! nach
nach bhfuil tu 'g éisteacht leis, ag léimnigh?" Acht níor
thug an dochtúir rud aír bith faoi deara, agus shaoil
sé faoi dheire go raibh an fear as a chéill, agus nach raibh
dadamh air.



Dubhairt sé le mnaoi an tighe nuair tháinig sé amach, nach
raibh aon rud air a fear, acht gur chreid sé féin go raibh sé
tinn, agus go g-cuirfeadh sé druganna chuige an lá
air na mhárach a bhéarfadh codladh maith dhó, agus a shoch-
róchadh teas a chuirp. Rinne sé sin, agus shluig an duine
bocht na druganna uile agus fuair sé codladh mór arís
acht nuair dhúisigh sé air maidin bhí sé níos measa 'ná 'riamh,
acht dubhairt sé nár chualaidh sé an rud ag léimnigh taobh
astigh dhé anois.



Chuir siad fios air an dochtúir arís, agus tháinig se
acht níor fheud sé rud air bith dheunamh. D'fhág sé drug-
anna eile leis an bhfear, agus dubhart sé go dtiucfadh
sé arís i g-ceann seachtmhuine eile le na fheicsint. Ní
bhfuair an duine bocht fóirighí air bith as ar fhág an doch-
túir leis, agus nuair dáinig an dochtúir arís fuair sé é


L. 52


níos measa na roimhe sin; acht níor fheud sé aon rud dhéa-
namh agus ní raibh fhios air bith aige cad é'n cineál tinnis
do bhí air. "Ní bhéidh mé ag glacadh d'airgid uait feasta,"
ar seisean, le mnaoi an tíghe, "mar nach dtig liom rud
air bith dhéanamh annsan g-cúis seó; agus mar nach
dtuigim creud atá air, ní leigfidh mé orm é do thuigsint.
Tiucfaidh mé le na fheicsint ó am go h-am acht ní ghlacfaidh
mé aon airgiod uait."



Is air éigin d'fheud an bhean an fhearg do bhí uirri do
chongmháil asteach. Nuair bhí an dochtúir imthighthe chruinnigh
sí muinntir an tighe le chéile agus ghlac siad cómhairle,
"An dochtúir bradach sin," ar sise, "ní fiú traithnín é.
Bhfuil fhios aguibh creud dubhairt sé? nach nglacfadh sé
aon airgiod uainn feasta, agus dubhairt sé nach raibh
eólas air bhith aige air dadamh. "Suf," air! an bitheamhnach"
ní thiucfaidh sé thar an tairseach só go bráth. Rachfamaoid
go dtí an dochtúir eile, má tá sé níos faide uainn, féin, is
cuma liom sin, caithfimíd a fhághail." Bhí uile dhuine a bhí
annsa teach air aon fhocal léithe, agus chuir siad fios air
an dochtuir eile, agus nuair tháinig sé ní raibh aon eólas
do b' fhearr aige-sean 'ná do bhí ag an g-ceud-dhochtúir acht
amháin go raibh eólas go leór aige air a n-airgiod do
ghlacadh. Tháinig sé leis an duine tinn d'fheicsint, go
minic, agus gach am a tháinig se do bhí ainm eile aige níos
faide 'na a chéile air a thinneas, ainmneacha (anmannna)
nár thuig sé féin, ná duine air bith eile, acht bhí siad aige le
sgannrughadh na n-daoine.



D'fhan siad mar sin air feadh dhá mhí, gan fhios ag duine
air bith creud do bhí air an bhfear bocht, agus nuair nach
raibh an dochtúir sin ag déanamh maith air bith dhó, fuair
siad dochtúir eile, agus ann sin dochtúir eile, no go raibh
uile dhochtúir a bhí annsa' g-condaé aca, faoi dheire, agus


L. 54


chaill siad a lán airgid leó, agus b'éigin dóibh cuid d'á
n-eallach dhíol le h-airgiod fhághail le na n-íoc.



Bhí siad mar sin le leith-bhliadhain ag congmháil dochtuir
leis, agus na dochtúiridh ag tabhairt druganna dhó, agus
an duine bocht a bhí ramhar beathaighthe roimhe sin, ag
éirighe lom agus tana, go nach raibh unsa feóla air, acht
an croicion agus na cnámha amháin.



Bhí sé faoi dheire chomh dona sin gur air éigin d'fheud sé
siúbhal, agus d'imthigh a ghoile uaidh, agus budh mhór an
thriobloíd leis, greim aráin bhuig, no deoch bainne úir do
shlugadh agus bhí uile dhuine ag rádh go m-b'fhearr dó bás
fhághail, agus budh bheag an t-iongnadh sin, mar nach raibh
ann acht mar bheidheadh ngáile i mbuideul.



Aon lá amháin, nuair bhí sé 'nna shuidhe air cháthaoir ag
doras an tighe, 'gá ghrianughadh féin ann san teas, agus
muinntir an tighe uile imthighthe amach, agus gan duine ann
acht é féin, tháinig seanduine bocht a bhí ag iarraidh déirce
o áit go h-áit suas chum an dorais, agus d'aithnigh sé fear
an tighe 'nna shuidhe annsa' g-cáthaoir, acht bhí sé chomh
h-athruighthe sin agus chomh caithte sin gur air éigin d'aith-
neóchadh duine é. "Tá mé ann ró arís ag iarraidh déirce
ann ainm Dé," ars an fear bocht, "acht glóir do Dhia
a mháighistir creud do bhain duit ní tusa an fear céudna
a chonnairc mé leith-bhliadhain ó shoin nuair bhí mé ann so,
go bhfóirigh Dia ort."



"Ara a Sheumais," ar san fear tinn, "is mise nach
bhfeudfadh innsint duit creud do bhain dam, acht tá fhios
agam air aon rud, nach mbéidh mé bhfad air an t-saoghal
so."



"Acht tá brón orm d'fheicsint mar tá tu," ar san déir-
ceach, "nach dtig leag innsint dam cia an chaoi ar thosuigh
sé leat? creud a dubhairt na dochtúiridh?"



"Na dochtúiridh!" ar san fear tinn, "mo mhallacht
orra! ní'l fhios air dadamh aca, acht ní chóir dam bheith ag


L. 56


eascuine agus mise chomh fogas sin dom' bhás, "súf" orra
ni'l eólas air bith aca."



"B'éidir," ar san déirceach, "go bhfeudfainn féin
biseach thabhairt duit, dá n-inneósá dham creud atá ort.
Deir siad go mbídhim eólach air aicídibh, agus air na
luibheannaibh atá maith le na leigheas."



Rinne an fear tinn gáire. "Ní'l fear-leighis ann sa'
g-condaé," ar sé, "nach raibh ann só liom; nach bhfuil leath
an eallaigh a bhí agam air an bhfeilm díolta le na n-íoc!
acht ní bhfuair mé fóirighin dá laghad ó dhuine air bith aca,
acht inneósaidh mé dhuit-se mar d'éirigh sé dham air dtús."
Agus ann sin thug sé cúntas dó air uile phian a mhothuigh
sé, agus air uile rud a d'orduigh na dochtúiridh.



D'éist an déirceach leis go cúramach, agus nuair chríoch-
nuigh sé an sgeul uile, d'fhiafruigh sé dhé, "cad é an sórt
páirce í air ar thuit tu do chodladh?"



"Is móinfheur a bhí ann," ar san duine tinn, "acht bhí sé
go díreach bainte, ann san am sin."



"Raibh sé fliuch," ars an déirceach.



"Ní raibh," ar seisean.



"Raibh srothán uisge no caise a' rith thríd?" ars an
déirceach.



"Bhi," ar seisean.



"An dtig liom an pháirc fheicsint?"



"Tig go deimhin, agus taisbéunfaidh mé dhuit anois é,"



D'éirigh sé as a cháthaoir agus chomh dona agus bhí sé, strách-
ail sé é féin air aghaidh, no go dtáinig sé chum na h-áite
ann ar luidh sé 'nna chodladh an trathnóna sin. Bhreath-
nuigh fear-na-déirce air an áit, tamall fada, agus ann
sin chrom sé air an bhfeur agus chuaidh sé anonn 's anall
agus a chorp lúbtha agus a cheann cromtha ag smeurthacht
ann sna luibheannaibh, agus ameasg an luibhearnaigh do bhí
ag fás go tiugh ann.



D'éirigh sé faoi dheire, agus dubhairt sé, "Tá sé mar
shaoil mé," agus chrom sé é féin síos arís, agus thosuigh


L. 58


ag cuartughadh mar roimhe sin. "Thóg sé a cheann an dara
uair, agus bhí luibh bheag ghlas ann a láimh. "An bhfeiceann
tu sin," ar sé, "áit air bith ann Éirínn a bhfásann an luibh
seó ann, bíonn alp-luachra anaice leis, agus shluig tu
alp-luachra."



"Cad é an chaoi bhfuil fhios agad sin?" ars an duine
tinn, "dá mbudh mar sin do bhí se, is dóigh go n-inneósadh
na dochtúiridh dham é roime seo."



"Go dtugaigh Dia ciall duit, na bac leis na dochtúiribh,"
ars an déirceach, "ni'l ionnta acht eallta amadán. A
deirim leat ar s, agus creid mise, gur Alp-luachra a
shluig tu; nach dubhairt tu féin gur mhothuigh tu rud éigin
ag léimnigh ann do bholg an chéad lá 'réis thu bheith tinn.
B'é sin an alp-luachra, agus mar do bhí an áit sin ann
do bholg strainseurach leis i dtosach, bhí sé mí-shuaimhneach
innti, ag dul anonn 's anall, acht nuair bhí sé cúpla lá innti,
shocruigh sé é féin, agus fuair sé an áit compórtamhail
agus sin é an t-ádhbhar fá bhfuil tu ag congmháil chomh tana
sin: mar uile ghreim d'á bhfuil tu ag ithe bíonn an alp-
luachra sin ag fághail an mhaith as. Agus dubhairt tu féin
liom go raibh do leath-thaobh athta, is í sin an taobh 'n áit a
bhfuil an rud gránna 'nna chómhnuidhe."



Níor chreid an fear é, a dtosach, acht lean an déirceach
dá chómhrádh leis, ag cruthughadh dhó, gur b' é an fhírinne a
bhí sé ag rádh, agus nuair tháinig a bhean agus a inghean air
ais arís do'n teach, labhair sé leó-san an chaoi cheudna
agus bhí siad réidh go leór le na chreideamhaint.



Níor chreid an duine tinn, é féin, é, acht bhí siad uile ag
labhairt leis, go bhfuair siad buaidh air, faoí dheire; agus
thug sé cead dóibh trí dochtúiridhe do ghlaodhach asteach le
chéile, go n-inneósadh se an sgeul nuadh so dhóibh. Tháinig
an triúr le chéile, agus nuair d'éist síad leis an méad
a bhí an déirceach ag rád, agus le cómhrádh na mban,
rinne siad gáire agus dubhairt siad nach raibh ionnta acht


L. 60


amadáin uile go léir, agus gurb' é rud eile amach 's amach
a bhí air fhear-an-tighe, agus gach ainm a bhí aca air a thin-
neas an t-am so, bhí sé dá uair, 's trí huaire níos faide 'ná
roimhe sin. D'fhág siad buidéul no cúpla buideul le n-ól
ag an bhfear bocht, agus d'imthigh siad leó, ag magadh faoi
an rud a dubhairt na mná gur shluig sé an alp-luachra.



Dubhairt an déirceach nuair bhí siad imthighthe. "Ní'l
iongantas air bith orm nach bhfuil tu fághail beisigh má's
amadáin mar iad sin atá leat. Ní'l aon dochtúir ná
fear-leighis i n-Éirinn anois a dheanfas aon mhaith dhuit-se
ach aon fhear amháin, agus is sé sin Mac Diarmada,
Prionnsa Chúl-Ui-Bhfinn air bhruach Locha-Ui-Gheadhra
an dochtúir is fearr i g-Connachtaibh ná 'sna cúig cúigibh.
"Cá bhfuil Loch-Ui-Gheadhra?" ars an duine tinn. "Shíos
i g-condaé Shligígh; is loch mór é, agus tá an Prionnsa
'nna chómhnuidhe air a bhruach," ar sé, "agus má ghlacann
tu mo chómhairle-se rachfaidh tu ann, mar 's é an chaoi
dheireannach atá agad, agus budh chóir duit-se, a mháighis-
treas," ar sé ag tiontódh le mnaoi an tighe, "do chur iach
(d'fhiachaibh) air, dul ann, má's maith leat d'fhear a bheith
beó."



"Maiseadh," ars an bhean, "dheunfainn rud air bith a
shlánóchadh é."



"Mar sin, cuir go dti Prionnsa Chúil-Ui-Bhfinn é,"
ar seisean.



"Dheunfainn féin rud air bith le mo shlánughadh," ars an
fear tinn "mar tá 's agam nach bhfuil a bhfad agam le
marthain air an t-saoghal so, muna ndeuntar rud éigin
dam a bhéarfas congnamh agus fóiríghin dam."



"Mar sin, téidh go dtí an Prionnsa," ar san déirceach.



"Rud air bith a mheasann tu go ndeunfaidh sé maith dhuit
budh chóir dhuit a dhéanamh, a athair," ars an inghean.



"Ní'l dadamh le déanamh maith dhó acht dul go dtí an
Prionnsa," ars an déirceach.


L. 62


Is mar sin bhí siad ag árgúint agus ag cuibhlint go dtí
an oidhche, agus fuair an déirceach leabuidh tuighe annsa'
sgioból agus thosuigh sé ag árgúint arís air maidin go
mbudh chóir dul go dtí an Prionnsa, agus bhí an bhean agus
an inghean air aon fhocal leis, agus fuair siad buaidh air
an bhfear tinn, faoi dheire; agus dubhairt sé go rachfadh
sé, agus dubhairt an inghean go rachfadh sise leis, le
tabhairt aire dhó, agus dubhairt an déirceach go rachfadh
seisean leó-san le taisbéant an bhothair dóibh. "Agus
béidh mise," ars an bhean, "air phonc an bháis le h-imnidhe
ag fanamhaint libh, go dtiucfaidh sibh air ais."



D'úghmuigh siad an capall agus chuir siad faoi an gcairt
é, agus ghlac siad lón seachtmhuine leó, arán agus bagún
agus uibheacha, agus d'imthigh siad leó. Níor fheud siad
dul ró fhada an cheud lá, mar bhí an fear tinn chomh lag sin
nár fheud sé an crathadh a bhí sé fághail annsa' g-cairt
sheasamh, acht bhí sé níos fearr an dara lá, agus d'fhan siad
uile i dteach feilméara air thaoibh an bhóthair an oidhche sin
agus chuaidh siad air aghaidh arís air maidin, agus an
tromhadh lá annsan trathnóna tháinig siad go h-áit-chómh-
nuidhe an Phrionnsa. Bhí teach deas aige air bhruach an
locha, le cúmhdach tuighe air, ameasg na g-crann.



D'fhág siad an capall agus an cairt i mbaile beag a
bhí anaice le háit an Phrionnsa, agus shiúbhail siad uile le
chéile go d-táinig siad chum an tighe. Chuaidh siad asteach
'san g-cisteanach agus d'fhíafhruigh siad, "ar fheud siad an
Prionnsa d'fheicsint." Dubhairt an searbhfóghanta go
raibh sé ag ithe a bhéile acht go dtiucfadh sé, b'éidir, nuair
bheidheadh sé réidh.



Tháinig an Prionnsa féin asteach air an móimid sin
agus d'fhiafhruigh sé dhíobh creud do bhí siad ag iarraidh.
D'éirigh an fear tinn agus dubhairt sé leis gur ag iarraidh
conghnamh ó na onóir do bhí sé, agus d'innis sé an sgeul


L. 64


uile dó. "'Nois an dtig le d'onóir aon fhóirighín tabhairt
dam?" ar sé, nuair chríochnuigh sé a sgéul.



"Tá súil agam go dtig liom," ar san Prionnsa, "air
mhódh air bith déanfaidh mé mo dhíthchioll air do shon, mar
tháinig tu chomh fada sin le m'fheicsint-se. B'olc an ceart
dam gan mo dhíthchioll dheunamh. Tar suas annsa bpárlúis.
Is fíor an rud a dubhairt an sean duine atá ann sin
leat. Shluig tu alp-luachra, no rud éigin eile. Tar
suas 'sa' bpárlúis liom."



Thug sé suas leis é, agus is é an béile a bhí aige an lá
sin giota mór de mhairtfheóil shaillte. Ghearr sé greim
mór agus chuir sé air phláta é, agus thug sé do'n duine
bocht le n-íthe é.



"Óró" Créad atá d'onóir ag déanamh ann sin anois,"
ars an duine bocht, "níor shluig mé oiread agus toirt uibhe
d'fheóil air bith le ráithche, ni'l aon ghoile agus, ní thig liom
dadamh ithe."



"Bhí do thost a dhuine," ars an Prionnsa, "ith é sin
nuair a deirim leat é."



D'ith an fear bocht an oiread agus d'fheud sé, acht nuair
leig sé an sgian agus an ghabhlóg as a láimh chuir an
Prionnsa iach (d'fhiachaibh) air iad do thógbháil arís, agus
do thosughadh as an nuadh. Chongbhuigh sé ann sin é ag
uthe, go raibh she réidh le pleusgadh, agus níor fheud sé
faoi dheire aon ghreim eile shlugadh dá bhfághadh se ceud
púnta.



Nuair chonnairc an Prionnsa nach dtiucfadh leis tuil-
leadh do shlugadh, thug sé amach as an teach é, agus dubhairt
sé leis an inghin agus leis an t-sean-déirceach iad do
leanamhaint, agus rug sé an fear leis, amach go móinfhéur
breágh glas do bhí os coinne an tighe, agus sróthán beag
uisge ag ri tríd an móinfheur.



Thug sé go bruach an t-srotháin é, agus dubhairt sé leis,
luidhe síos air a bholg agus a cheann chongbháil os cionn


L. 66


an uisge, agus a bheul d'fhosgailt chomh mór agus d'fheudfadh
sé, agus a chongbháil, beag-nach, ag baint leis an uisge,
"agus fan ann sin go ciúin agus na corruigh, air d'anam,"
ar sé, "go bhfeicfidh tu creud éireóchas duit."



Gheall an fear bocht go mbeidheadh sé socair, agus shín
sé a chorp air an bhfeur, agus chongbhuigh sé a bheul fos-
gailte os cionn an t-srotháin uisge, agus d'fhan sé ann
sin gan corrughadh.



Chuaidh an Prionnsa timchioll cúig slata air ais, air a
chúl, agus tharraing sé an inghean agus an sean-fhear leis,
agus is é an focal deireannach a dubhairt sé leis an
bhfear tinn, "bhí cinnte" ar sé, "agus air d'anam na
cuir cor asad, cia bé air bith rud éireóchas duit."



Ni riabh an duine bocht ceathramhadh uaire 'nna luidhe mar sin
nuair thosuigh rud éigin ag corrughadh taobh astigh dhé agus mho-
thaigh sé rud éigin ag teacht suas ann a sgornach, agus ag
dul air ais arís. Tháinig sé suas, agus chuaidh sé air ais trí
no ceithre uaire andhiaigh a chéile. Tháinig sé faoi dheire go
dtí a bheul, agus sheas sé air bhárr a theanga acht sgann-
ruigh sé agus chuaidh sé air ais arís, ach i gceann tamaill
bhig tháinig sé suas an dara uair, agus sheas sé air bhárr
a theanga, agus léim sé síos faoi dheire annsan uisge.
Bhi an Prionnsa, ag breathnughadh go geur air, agus
ghlaodh sé amach, "na corruigh fós," mar bhí an fear dul
ag éirighe.



B'éigin do'n duine bocht a bheul fhosgailt arís agus
d'fhan sé an chaoi cheudna, agus ní raibh sé móimid ann, no
go dtáinig an dara rud suas ann a sgornach an chaoi
cheudhna, agus chuaidh sé air ais arís cúpla uair, amhail a's
mar bhí sé sgannruighthe, acht faoi dheire tháinig seisean mar
an cheud-cheann suas go dti an beul agus sheas sé air bhárr
a theanga, agus faoi dheire nuair mhothuigh sé boladh an uisge
faoi, léim sé síos annsan tsrothán.




L. 68


Chogair an Prionnsa, agus dubhairt sé "Nois tá 'n
tart ag teacht orra, d'oibrigh an salann a bhí 'sa' mairtfheóil
íad; nois tiucfaidh siad amach." Agus sul do bhí an focal
as a bheul thuit an tríomhadh ceann le "plap" annsan
uisge, agus mómid 'nna dhiaigh sin, léim ceann eile síos
ann, agus ann sin ceann eile, no gur chómhairigh siad, cúig,
sé, seacht, ocht, naoi, deich g-cinn, aon cheann deug, dá
cheann deug.



"Sin duisín aca anois," ar s an Prionnsa, "sin é an
t-ál, níor tháinig an t-sean-mháthair fós."



Bhí an fear bocht dul 'g eírighe arís, acht ghlaodh an
Prionnsa air. "Fan mar a bhfuil tu, níor tháinig an
mháthair."



"D'fhan sé mar do bhí sé, acht níor tháinig aon cheann eile
amach, agus d'fhan sé níos mó ná ceathramhadh uaire. Bhí
an Prionnsa féin ag éirige mí-shuaimneach, air eagla nach
g-corróchadh an sean-Alt-pluachra chor air bith. Bhí an
duine bocht chomh sáruighthe sin agus chomh lag sin go m'
b'fhearr leis éirighe 'ná fanamhaint mar a raibh sé, agus
ann aindheóin gach ruid a dubhairt an Prionnsa bhí sé ag
seasamh suas, nuair rug an Prionnsa air a leath-chois agus
an déirceach air an g-cois eile, agus do chongbhuigh siad
síos é gan bhuidheachas dó.



D'fhan siad ceathramhadh uaire eile, gan fhocal do rádh,
agus i g-ceann an ama sin mhothuigh an duine bocht rud
éigin ag corrughadh arís ann a thaoibh, acht seacht n-uaire
níos measa 'na roime seó, agus is air éigin d'fheud sé é
féin do chongbháil o sgreadach. Bhí an rud sin ag corru-
ghadh le tamall maith ann, agus shaoil sé go raibh a chorp
reubtha an taobh astígh leis. Ann sin thosuigh an rud ag teacht
suas, agus tháinig sé go dtí a bheul agus cuaidh sé air
ais arís. Tháinig sé faoi dheire chomh fada sin gur chuir
an duine bocht a dhá mheur ann a bheul agus shaoil sé
greim fhághail uirri. Acht má's obann chuir sé a mheura


L. 70


'steach is luaithe 'ná sin chuaidh an tsean alt-pluachra air
ais.



"'Ór! a bhitheamhnaigh!" ar san Prionnsa, "cad chuighe
rinn' tu sin? Nach dubhairt mé leat gan cor do
chur asad. Má thig sé suas arís fan go socair."
B' éigin dóibh fanamhaint le leath-uair mar do bhí
sean-mháthair na n-alp-luachra sgannruighthe, agus bhí
faithchios urri theacht amach. Acht tháinig sí suas arís, faoi
dheire; b'éidir go raibh an iomarcuidh tart' urri agus
níor fheud sí boladh an uisge a bhí ag cur cathuighthe uirri
sheasamh, no b'éidir go raibh sí uaigneach 'r éis a clainne
d'imtheacht uaithi. Air mhódh air bith tháinig sí amach go bárr
á bhéil agus sheas sí air a theanga chomh fad agus bheitheá
ag cómhaireamh ceithre fichid, agus ann sin léim sí mar
do léim a h-ál roimpi, asteach'san uisge, agus budh thruime
toran a tuitim' seacht n-uaire, 'ná an plap a rinne a
clann.



Bhí an Prionnsa agus an bheirt eile ag breathnughadh
air sin, go h-iomlán, agus budh bheag nach raibh faitchios
orra, a n-anál do tharraing, air eagla go sgannróchadh
siad an beithidheach gránna. Chomh luat agus leim sí asteach
'san uisge tharraing siad an fear air ais, agus chuir siad
air a dhá chois arís é.



Bhí se trí huaire gan fhocal do labhairt, acht an cheud
fhocal a dubhairt sé, budh h-é "is duine nuadh mé."



Chongbhuigh an Prionnsa ann a theach féin le coicídheas é,
agus thug se aire mhór agus beathughadh maith dhó. Leig sé
dhó imtheacht ann sin, agus an inghean agus an déirceach
leis, agus dhiúltuigh sé oiread agus píghin do ghlacadh uatha.



"B'fhearr liom 'ná deich bpúnta air mo láimh féin," ar
sé, "gur thionntuigh mo leigheas amach chomh maith sin; nár
leigfidh Dia go nglacfainn pighin no leith-phi'n uait. Chaill
tu go leór le dochtúiribh cheana."




L. 72


Tháinig siad a bhaile go sábhálta, agus d'éirigh sé slán
arís agus ramhar. Bhí sé chomh buidheach de'n deirceach
bocht gur chongbhuigh sé ann a theach féin go dtí a bhás é.
Agus chomh fad a's bhí sé féin beó níor luidh sé shíos air an
bhfeur glas arís. Agus, rud eile; dá mbeidheadh tinneas
no easláinte air, ní h-iad na dochtúiridh a ghlaodhadh sé
asteach.



Budh bheag an t-iongnadh sin!



PÁIDÍN O'CEALLAIGH AGUS AN EASÓG



A bhfad ó shoin bhí fear d'ar' bh'ainm Páidín O'Cheallaigh
'nna chómhnuidhe i ngar do Thuaim i gcondaé na Gaillimhe.
Aon mhaidin amháin d'éirigh sé go moch agus ní raibh fhios aige
cia an t-am a bhí sé, mar bhí solas breágh ó'n ngealaigh.
Bhí dúil aige le dul go h-aonach Cháthair-na-mart le storc
asail do dhíol.



Ní raibh sé níos mó 'na trí mhíle air an mbóthar go dtáinig
dorcadhas mór air, agus thosuigh cith trom ag tuitim. Chon-
nairc sé teach mór ameasg crann timchioll cúig cheud slat
ó'n mbóthar agus dubhairt sé leis féin, "rachfaidh mé chum
an tíghe sin, go dtéidh an cith thart." Nuair chuaidh sé chum
an tíghe, bhí an doras fosgailte, agus asteach leis. Chon-
nairc sé seomra mór air thaoibh a láimhe chlé, agus teine
bhreágh 'san ngráta. Shuidh sé síos air stol le cois an
bhalla, agus níor bhfada gur thosuigh sé ag tuitim 'nna
chodladh, nuair chonnairc sé easóg mhór ag teacht chum na
teineadh agus leag si ginidh air leic an teaghlaigh agus
d'imthigh. Níor bhfada go dtáinig sí air ais le ginidh eile
agus leag air leic an teaghlaigh é, agus d'imthigh. Bhí sí
ag imtheacht agus ag teacht go raibh cárnán mór ginidh air


L. 72


an teaghlach. Ach faoi dheireadh nuair d'imthigh sí d'éirigh
Páidín, agus chuir sé an méad óir a bhí cruinnighthe aici ann
a phóca, agus amach leis.



Ní raibh sé a bh-fad imthighthe gur chualaidh sé an easóg
ag teacht 'nna dhiaigh agus í ag sgreadaoil chomh h-árd le
píobaibh. Chuaidh sí roimh Páidín air an mbóthar agus í ag
lubarnuigh anonn 's anall agus ag iarraidh greim sgor-
naigh d'fhághail air. Bhí maide maith darach ag Páidín agus
chongbhuigh sé í uaidh go dtáinig beirt fhear suas. Bhí madadh
maith ag fear aca, agus ruaig sé asteach i bpoll 'san
mballa í.



Cuaidh Páidín chum an aonaigh, agus ann áit é bheith tígh-
eacht a bhaile leis an airgiod a fuair sé air a shean-asal,
mar shaoil sé air maidin go mbeidheadh sé ag deanamh,
cheannuigh sé capall le cuid de'n airgiod a bhain sé de'n
easóig, agus tháinig sé a bhaile agus é ag marcuigheacht.
Nuair tháinig sé chomh fada leis an áit ar chuir an madadh an
easóg ann san bpoll, thainig sí amach roimhe, thug léim suas,
agus fuair greim sgornaigh air an g-capall. Thosuigh an
capall ag rith, agus níor fheud Páidín a cheapadh, no go
dtug sé léim asteach i g-clais mhóir a bhí líonta d'uisge
agus de mhúlach. Bhí sé 'gá bháthadh agus 'gá thachadh go
luath, go dtáinig fir suas a bhí teacht as Gaillimh agus
dhíbhir siad an easóg.



Thug Páidín an capall a bhaile leis, agus chuir sé as-
teach i dteach na mbó é, agus thuit sé 'nna chodladh.



Air maidin, lá air na mhárach, d'éirigh Páidín go moch, agus
chuaidh sé amach le uisge agus féar thabhairt do'n chapall.
Nuair chuaidh sé amach chonnairc sé an easóg ag teacht
amach as teach na mbó, agus í foluighthe le fuil. "Mo


L. 76


sheacht míle mallacht ort," ar Páidín, "tá faitchios orm
go bhfuil anachain déanta agad." Cuaidh sé asteach, agus
fuair sé an capall, péire bó-bainne, agus dá laogh marbh.
Tháinig sé amach agus chuir sé madadh a bhí aige andhiaigh na
h-easóige. Fuair an madadh greim uirri agus fuair
sise greim air an madadh. Budh madadh maith é, acht
b'éigin dó a ghreim sgaoileadh sul tháinig Páidín suas; acht
chongbhuigh sé a shúil uirri go bhfacaidh sé í ag dul asteach i
mbothán beag a bhí air bhruach locha. Tháinig Páidín ag
rith, agus nuair bhí sé ag an mbotháinín beag thug sé cra-
thadh do'n mhadadh agus chuir sé fearg air, agus chuir sé
asteach roimhe é. Nuair chuaidh an madadh asteach thosuigh
sé ag tathfant. Chuaidh Páidín asteach agus chonnairc sé
sean-chailleach ann san g-coirnéul. D'fhiafruigh sé dhí an
bhfacaidh sé easóg ag teacht asteach.



"Ní fhacaidh mé," ar san chailleach, "tá mé breóidhte le
galar millteach agus muna dtéidh tu amach go tapa glac-
faidh tu uaim é."



Chomh fad agus bhí Páidín agus an chailleach, ag caint, bhí
an madadh ag teannadh asteach, no go dtug sé léim suas
faoi dheireadh, agus rug sé greim sgornaigh air an g-cail-
ligh.



Sgreadh sise, agus dubhairt, "tóg díom do mhadadh a
Páidín Ui Cheallaigh, agus deunfaidh mé fear saidhbhir
díot."



Chuir Páidín iach (d'fhiachaibh) air an madadh a ghreim
sgaoileadh, agus dubhairt sé, "Innis dam cia thu, no cad
fáth ar mharbh tu mo chapall agus mo bha?"



"Agus cad fáth dtug leat an t-ór a raibh mé cúig
cheud bliadhain 'gá chruinniughadh ameasg cnoc agus gleann
an domhain."



"Shaoil mé gur easóg a bhí ionnad," ar Páidín, "no ni
bhainfinn le do chuid óir; agus nidh eile, má tá tu cúig


L. 78


cheud bliadhain air an tsaoghal so tá sé i n-am duit im-
theacht chum suaimhnis."



"Rinne mé coir mhór i m'óige, agus táim le bheith sgaoilte
óm' fhulaing má thig leat fiche púnta íoc air son ceud agus
trí fichid aifrionn dam."



"Cá bhfuil an t-airgiod?" ar Páidín.



"Éirigh agus rómhair faoi sgeich atá os cionn tobair
bhig i g-ciorneul na páirce sin amuigh, agus geobhaidh tu
pota líonta d'ór. Íoc an fiche púnta air son na n-aif-
rionn agus béidh an chuid eile agad féin. Nuair a bhain-
feas tu an leac de'n phota, feicfidh tu madadh mór dubh ag
teacht amach, acht ná bíodh aon fhaitchios ort; is mac damh-
sa é. Nuair a gheobhas tu an t-ór, ceannuigh an teach ann
a bhfacaidh tu mise i dtosach, geobhaidh tu saor é, mar tá
sé faoi cháil go bhfuil taidhbhse ann. Béidh mo mhac-sa shíos
ann san tsoiléar," ní dhéanfaidh sé aon dochar duit, acht
béidh sé 'nna charaid maith dhuit. Bhéidh mise marbh mí ó'n
lá so, agus nuair gheobhas tu marbh mé cuir splanc faoi
an mbothán agus dóigh é. Ná h-innis d'aon neach beó aon
nídh air bith de m'thaoibh-se, agus béidh an t-ádh ort."



"Cad é an t-ainm atá ort?" an Páidín.



"Máire ní Cairbháin," ar san chailleach.



Chuaidh Páidín a bhaile agus nuair tháinig dorchadas na
h-oidhche thug sé láidhe leis agus chuaidh sé chum na sgeiche a
bhí i g-coirneul na páirce agus thosuigh sé ag rómhar. Níor
bhfada go bhfuair sé an pota agus nuair bhain sé an leac
dé léim an madadh mór dubh amach, agus as go bráth leis,
agus madadh Pháidin 'nn a dhiaidh.



Thug Páidín an t-ór a bhaile agus chuir é i bhfolach i
dteach na mbó é. Timchioll mí 'nna dhiaigh sin, chuaidh sé go
h-aonach i Gaillimh agus cheannuigh sé péire bó, capall


L. 80


agus duisín caora. Ní raibh fhios ag na cómharsannaibh
cia an áit a bhfuair sé an t-airgiod. Dubhairt cuid aca
go raibh roinn aige leis na daonibh maithe.



Aon lá amháin ghleus Páidín é féin agus chuaidh sé chum
an duine-uasail ar leis an teach mór, agus d' iarr air,
an teach agus an talamh do bhí 'nna timchioll, do dhíol leis.



"Tig leat an teach bheith agad gan chíos, acht tá taidhbhse
ann, agus níor mhaith liom thu dul do chómhnuidhe ann, gan a
innsint; acht ní sgarfainn leis an talamh gan ceud púnta
níos mó 'ná tá agad-sa le tairgsint dam."



"B'éidir go bhfuil an oiread agam-sa 's atá agad
féin," ar Páidín, "béidh mé ann so amárach leis an air-
giod má tá tusa réidh le seilbh do thabhairt dam."



"Béidh mé réidh," ar san duine-uasal.



Chuaidh Páidín abhaile agus d'innis d'á mhnaoi go raibh
teach mór agus gabháltas talmhan ceannuighthe aige.



"Cia an áit a bhfuair tu an t-airgiod?" ar san bhean.



"Nach cuma dhuit?" ar Páidín.



Lá air na mhárach, chuaidh Páidín chum an duine-uasail, thug
ceud púnta dhó, agus fuair seilbh an tighe agus na talmhan,
agus d'fhág an duine-uasal an truscán aige asteach leis
an margadh.



D'fhan Páidín ann san teach an oidhche sin, agus nuair
tháinig an dorchadas chuaidh sé síos ann san tsoiléar, agus
chonnairc sé fear beag la na dhá chois sgartha air bháirille.



"'Nidh Dia dhuit, a dhuine chóir," ar san fear beag.



"Go mbudh h-é dhuit," ar Páidín.



"Ná bíodh aon fhaitchios ort rómham-sa," ar san fear
beag, "béidh mé mo charaid maith dhuit-se má tá tu ionnán
run do chongbháil."


L. 82


"Táim go deimhin. Chongbhuigh mé rún do mhátar, agus
congbhóchaidh mé do rún-sa mar an g-ceudna."



"B'éidir go bhfuil tart ort," ar san fear beag.



"Ní'l mé saor uaidh," air Páidín.



Chuir an fear beag lámh ann a bhrollach, agus tharraing
sé corn óir amach, agus thug do Pháidín é, agus dubhairt
leis, "tarraing fíon as an mbáirille sin fúm."



Tharraing Páidín lán coirn agus sheachaid do'n fhear
beag é. "al, thu féin, i dtosach," ar seisean. D'ól
Páidín, tharraing corn eile agus thug dón fhear beag é,
agus d'ól sé é.



"Líon suas agus ól arís," ar san fear beag, "is mian
liom-sa bheith go súgach anocht."



Bhí an bheirt ag ól gó rabhadar leath air meisge. Ann
sin thug an fear beag léim anuas air an urlár, agus
dubhairt le Páidín, "nach bhfuil dúil agad i g-ceól?"



"Tá go deimhin," ar Páidín, "agus is maith an damh-
sóir mé."



"Tóg suas an leac mhór atá 'san g-coirneul úd, agus
geobhaidh tu mo phíobaidh fúithi."



"Tóg Páidín an leac, fuair na píobaidh, agus thug do 'n
fhera beag iad. D'fháisg sé na píobaidh air, agus thosuigh
sé ag seinm ceóil bhinn. Thosuigh Páidín ag damhsa go raibh
sé tuirseach. Ann sin bhí deoch eile aca, agus dubhairt an
fear beag:



"Deun mar dubhairt mo mháthair leat, agus taisbéan-
faidh mise saidhbhreas mór duit. Tig leag do bhean thab-
airt ann so, acht ná h-innis dí go bhfuil mise ann, agus
ní fheicfidh sí mé. Am air bith a bhéidheas lionn nó fíon ag
teastáil uait tar ann so agus tarraing é. Slán leat


L. 84


anois, agus téidh ann do chodladh, agus tar chugam-sa an
oidhche amárach."



Chuaidh Páidín 'nna leabuidh, agus níor bhfada go raibh
sé 'nna chodladh.



Air maidin, lá air na mhárach, chuaidh Páidín a bhaile agus
thug a bhean agus a chlann go dtí an teach mór, agus bhíodar
go sona. An oidhche sin chuaidh Páidín síos ann san tsoiléar.
Chuir an fear beag fáilte roimhe, agus d'iarr air "raibh
fonn damhsa air?"



"Ní'l go bhfágh' mé deoch," ar Páidín.



"Ól do shaith," ar san fear beag, "ní bhéidh an bháirille
sin folamh fad do bheatha."



D'ól Páidín lán an choirn agus thug deoch do 'n fhear
beag; ann sin dubhairt an fear beag leis:



"Táim ag dul go Dún-na-sídh anocht, le ceól do sheinm
do na daoinibh maithe, agus má thagann tu liom feicfidh tu
greann breágh. Bhéarfaidh mé capall duit nach bhfacaidh
tu a leitheid ariamh roimhe."



"Rachfad agus fáilte," ar Páidín, "acht cia an leis-
sgeul a dheunfas mé le mo mhnaoi?"



"Téidh do chodladh léithe, agus bhéarfaidh mise amach ó n-a
taoibh thu, a gan fhios dí, agus bhéarfaidh mé air ais thu an
chaoi cheudna," ar san fear beag.



"Táim úmhal," ar Páidín, "béidh deoch eile agam sul a
dtéidh mé as do láthair."



D'ól sé deoch andiaigh díghe, go raibh sé leath air meisge
agus chuaidh sé 'nn a leabuidh ann sin le na mhnaoi.



Nuair dhúisigh sé fuair sé é féin ag marcuigheacht air
sguaib i ngar do Dhún-na-sídh, agus an fear beag ag mar-
cuigheacht air sguaib eile le na thaoibh. Nuair tháinig siad
chomh fada le cnoc glas na Dúin, labhair an fear beag


L. 86


cúpla focal nár thuig Páidín; d'fhosgail an cnoc glas,
agus chuaidh Páidín asteach i seomra breágh.



Ní fhacaidh Páidín aon chruinniughadh ariamh mar bhí ann
san dún. Bhí an áit líonta de dhaoinibh beaga, bhí fir agus
mná ann, sean agus óg. Chuireadar uile fáilte roimh
Dómhnal agus roimh Páidín O Cheallaigh. B'é Dómhnal
ainm an phíobhaire bhig. Tháinig rígh agus bainríoghan na
sídhe 'nna láthair agus dubhairt siad:



"Támaoid uile ag dul go Cnoc Matha anocht, air
cuairt go h-árd-righ agus go bainríoghain ár ndaoine."



D'éirigh an t-iomlán aca, agus chuaidh sias amach. Bhí
capaill réidh ag gach aon aca, agus an Cóiste Bodhar le
h-aghaidh an rígh agus na bainríoghna. Chuadar asteach
'san g-cóiste. Léim gach duine air a chapall féin, agus
bí cinnte nach riabh Páidín air deireadh. Chuaidh an pío-
baire amach rompa, agus thosuigh ag seinm ceóil dóibh, agus
as go bráth leó. Níor bhfada go dtángadar go Cnoc
Matha. D'fhosgail an cnoc agus chuaidh an sluagh sídh
asteach.



Bhí Finbheara agus Nuala ann sin, árd-rígh agus bain-
ríoghan Shluaigh-sídh Chonnacht, agus mílte de dhaoinibh beaga.
Tháinig Finbheara a láthair agus dubhairt:



"Támaoid dul báire bhualadh ann aghaidh sluaigh-sídh
Mhúmhan anocht, agus muna mbuailfimíd iad tá ár g-clú
imthighthe go deó. Tá an báire le bheith buailte air Mháigh-
Túra faoi shliabh Belgadáin."



"Támaoid uile réidh," ar sluagh-fidh Chonnacht, "agus ní'l
amhras againn nach mbuailfimíd iad."



"Amach libh uile," ar san t-árd-rígh, "béidh fir Cnuic
Néifin air an talamh rómainn."



D'imthigheadar uile amach, agus Dómhnal beag agus dá
'r dheug píobaire eile rómpa ag seinm ceóil bhinn. Nuair


L. 88


thángadar go Mágh-Túra bhí sluagh-sídh Mhúmhan agus sidh-
fhir Chnuic Néifin rompa. Anois, is éigin do'n tsluagh-sídh
beirt fhear beó do bheith i láthair nuair a bhíonn siad ag
troid no ag bualadh báire, agus sin é an fáth rug Dómhnal
beag Páidín O Cheallaigh leis. Bhí fear dar ab ainm an
Stangaire Buidhe ó Innis i g-condaé an Chláir le sluagh-
sídh Mhúmhan.



Níor bhfada gur ghlac an dá shluagh taobha, caitheadh suas
an liathróid agus thosnuig an greann dá ríribh.



Bhí siad ag bualadh báire agus na píobairidhe ag seinm
ceóil, go bhfacaidh Páidin O Ceallaigh sluagh Mhúmhan ag
fághail na láimhe láidre, agus thosuigh sé ag cuideachtain
le sluagh-sidh Chonnacht. Tháinig an Stangaire i láthair
agus d'ionnsuigh sé Páidín O Ceallaigh, acht níor bhfada
gur chuir Páidín an Stangaire Buidhe air a thar-an-áirde.
a bhualadh-báire, thosuigh an dá shluagh ag troid, acht níor
bhfada gur bhuail sluagh Chonnacht an sluagh eile. Ann sin
rinne sluagh Mhúmhan priompolláin díobh féin, agus thosuigh
siad ag ithe uile nídh glas d'á dtaínig siad suas leis.
Bhíodar ag sgrios na tíre rompa, go dtangadar chomh
fada le Conga, nuair d'éirigh na mílte colam as Pholl-mór
agus shluig siad na priomrolláin. Ní'l aon ainm air an
bpoll go dtí an lá so acht Poll-na-gcolam.



Nuair ghnóthuigh sluagh Chonnacht an cath, thángadar air
ais go Cnoc Matha, luthgháireach go leór, agus thug an rígh
Finbheara sporán óir do Pháidín O Cheallaigh, agus thug an
píobaire beag a bhaile é, agus chuir sé 'nna chodladh le na
mhnaoi é.



Chuaidh mí thart ann sin, agus ní thárla aon nidh do
b'fhiú a innsint; acht aon oidhche amháin chuaidh Páidín síos
'san tsoiléar agus dubhairt an fear beag leis, "tá mo
mháthair marbh, agus dógh an bothán os a cionn."


L. 90


"Is fíor duit," ar Páidín, "dubhairt sí nach raibh sí le
bheith air an t-saoghal so acht mí, agus tá an mhí suas
andé."



Air maidin, an lá air na mhárach, chuaidh Páidín cum an
bhotháin agus fuair sé an chailleach marbh. Chuirsé splanc
faoi an mbothán agus dhóigh sé é. Tháinig sé a bhaile ann
sin, agus dínnis sé do'n fhear beag go raibh an bothán
dóighthe. Thug an fear beag sporán dó agus dubhairt,
"Ní bhéidh an sporán sin folamh chomh fhad agus bhéidheas tu
beó. Slán leat anois. Ní fheicfidh tu mé níos mó, acht
bíodh cuimhne grádhach agad air an easóig. B'ise tosach
agus príomh-ádhbhar do shaidhbhris."



Mhair Páidín agus a bhean bliadhanta andhiaigh seó,
ann san teach mór, agus nuair fuair sé bás d'fhág sé
saidhbhreas mór 'nna dhíaigh, agus muirighín mhór le na
chathadh.



Sin chugaibh mo sgeul anois ó thús go deire, mar chualaidh
mise ó mo mháthair mhóir é.



UILLIAM O RUANAIGH



Ann san aimsir i n-allód bhí fear ann dar ab ainm
Uilliam O Ruanaigh, 'nna chómhnuidhe i ngar do Chlár-
Gaillimh. Bí sé 'nna fheilméar. Áon lá amhain tháinig an
tighearna-talmhan chuige agus dubhairt. "Tá cíos tri
bliadhain agam ort, agus muna mbéidh sé agad dam faoi
cheann seachtmhaine caithfidh mé amach air thaoibh an bhóthair
thu.



"Táim le dul go Gaillimh amárach le h-ualach cruith-
neachta do dhíol, agus nuair a dheoghas mé a luach íocfaidh
mé thu," ar Liam.



Air maidin, lá air na mhárach, chuir sé ualach cruith-
neachta air an g-cairt agus bhí sé dul go Gaillimh leis.


L. 92


Nuair bhí sé timchioll míle go leith imthighthe o'n teach, tháinig
duine-uasal chuige agus d'fhiafruigh sé dhé "An cruithneacht
atá agad air an g-cairt?"



"Seadh," ar Liam, "tá mé dul 'gá dhíol le mo chíos
d'íoc."



"Cia mhéad atá ann?" ar san duine uasal.



"Tá tonna cneasta ann" ar Liam.



"Ceannóchaidh mé uait é," ar san duine uasal, agus
bhéarfaidh mé an luach is mó 'sa' margadh dhuit. Nuair a
rachfas tu chomh fad leis an mbóthairín cártach atá air
do láimh chlé, cas asteach agus bí ag imtheacht go dtagaidh
tu go teach mór atá i ngleann, agus béidh mise ann sin
rómadh le d' airgiod do thabhairt duit



Nuair tháinig Liam chomh fada leis an mbóthairín chas sé
asteach, agus bhí sé ag imtheacht go dtáinig sé chomh fada
le teach mór. Bhí iongantas air Liam nuair chonnairc sé
an teach mór, mar rugadh agus tógadh ann san g-cómharsan-
acht é, agus ní fhacaidh sé an teach mór ariamh roimhe, cídh
go raibh eólas aige air uile theach i bhfoigseacht cúig mhíle
dhó.



Nuair tháinig Liam i ngar do sgioból a bhí anaice leis
an teach mór tháinig buachaill beag amach agus dubhairt,
"céad míle fáilte rómhad a Liaim Ui Ruanaigh," chuir sac
air a dhruim agus thug asteach é. Tháinig buachaill beag
eile amach, chuir fáilte roimh Liam, chuir sac air a dhruim,
agus d'imthigh asteach leis. Bhí buachaillidhe ag teacht, ag
cur fáilte roimh Liam, agus ag tabhairt sac leó, go raibh
an tonna cruithneachta imthighthe. Ann sin tháinig iomlán
na mbuachaill i láthair agus dubhairt Liam leó: "Tá
eólas agaibh uile orm-sa agus ní'l eólas agam-sa orraibh-
se." Ann sin dubhradar leis, "téidh asteach, agus ith do
dhínnéar, tá an máighistir ag fanamhaint leat."



Chuaidh Liam asteach agus shuidh sé síos ag an mbord.
Níor ith sé an dara greim go dtáinig trom-chodladh air


L. 94


agus thuit sé faoi an mbord. Ann sin rinne an draoidh-
eadóir fear-bréige cosmhúil le Liam, agus chuir a bhaile
chum mná Liaim é, leis an g-capall, agus leis an g-cairt.
Nuair tháinig sé go teach Liaim chuaidh sé suas ann san
t-seomra, luidh air leabuidh, agus fuair bás.



Níor bhfada go ndeacaidh an gháir amach go raibh Liam
O Ruanaigh marbh. Chuir an bhean uisge síos agus nuair
bhí sé teith nigh sí an corp agus chuir os cionn cláir é.
Tháinig na cómharsanna agus chaoineadar go brónach os
cionn an chuirp, agus bhí truagh mhór ann do'n mhnaoi bhoicht,
ach ní raibh mórán bróin uirri féin, mar bhí Liam aosta
agus í féin óg. An lá air na mhárach cuireadh an corp
agus ní raibh aon chuimhne níos mó air Liam.



Bhí buachaill-aimsire ag mnaoi Liaim agus dubhairt sí
leis, "budh chíor duit mé phósadh, agus áit Liaim ghlacadh."



"Tá sé ró luath fós, andhiaigh bás do bheith ann san
teach," ar san buachaill, "fan go mbéidh Liam curtha
seachtmhain."



Nuair bhí Liam seacht lá agus seacht n-oidhche 'nna chodladh
tháinig buachaill beag agus dhúisigh é. Ann sin dubhairt sé
leis, "táir reachtmhain do chodladh. Chuireamar do chapall
agus do chairt abhaile. Seó dhuit do chuir airgid, agus
imthigh."



Tháinig Liam a bhaile, agus mar bhí sé mall 'san oidhche ní
fhacaidh aon duine é. Air maidin an laé sin chuaidh bean
Liaim agus an buachaill-aimsire chum an t-sagairt agus
d'iarr siad air iad do phósadh.



"Bhfuil an t-airgiod-pósta agaibh?" ar san sagart.



"Ní'l, ar san bhean, "acht tá storc muice agam 'sa'
mbaile, agus tig leat í bheith agad i n-áit airgid.



Phós an sagart iad, agus dubhairt, "cuirfead fios air
an muic amárach."



Nuair tháinig Liam go dtí a dhoras féin, bhuail sé buille


L. 96


air. Bhí bean agus an buachaill-aimsire ag dul chum
a leabuidh, agus d'fhiafruigh siad, "cia tá ann sin?"



"Mise," ar Liam, "fosgail an doras dam."



Nuair chualadar an guth bhí fhios aca gur 'bé Liam do
bhí ann, agus dubhairt a bhean, "ní thig liom do leigean
asteach, agus is mór an náire dhuit bheith teacht air ais an-
dhiaigh thu bheith seacht lá san uaigh."



"An air mire atá tu?" ar Liam.



"Ní'lim air mire," ar san bhean, "'tá fhios ag an uile
dhuine 'sa' bparáiste go bhfuair tu bás agus gur chuir mé
go geanamhail thu. Téidh air ais go d'uaigh, agus béidh
aifrionn léighte agam air son d'anma bhoicht amárach."



"Fan go dtagaidh solas an laé," ar Liam, "agus
bhéarfaidh mé luach do mhagaidh dhuit."



Ann sin chuaidh sé 'san stábla, 'n áit a raibh a chapall
agus a mhuc, shín sé ann san tuighe, agus thuit sé 'nna
chodladh.



Air maidin, lá air na mhárach, dubhairt an sagart le
buachaill beag a bhí aige, "téidh go teach Liaim Ui Ruanaigh,
agus bhéarfaidh an bhean a phós mé andé muc duit le tabh-
airt a bhaile leat."



Tháinig an buachaill go doras an tíghe agus thosuigh 'gá
bhualadh le maide a bhí aige. Bhí faitchios air an mnaoi
an doras fhosgailt, acht d'fhiafruigh sí, "cia tá ann sin?"



"Mise," ar san buachaill, "chuir an sagart mé le muc
d'fhághail uaith."



"Tá sí amuigh 'san stábla," ar san bhean.



Chuaidh an buachaill asteach 'san stábla agus thosuigh ag
tiomáint na muice amach, nuair d'éirigh Liam agus dubhairt,
"cá bhfuil tu ag dul le mo mhuic?"



Nuair chonnairc an buachaill Liam, as go bráth leis,
agus níor stop go ndeacaidh sé chum an tsagairt agus a
chroidhe ag teacht amach air a bheul le faitchios.



"Cad tá ort?" ar san sagart.


L. 98


D'innis an buachaill dó go raibh Liam O Ruanaigh ann san
stábla, agus nach leigfeadh sé dhó an mhuc thabhairt leis.



"Bhí do thost, a bhreugadóir," ar san sagart, "tá Liam
O'Ruanaigh marbh agus ann san uaigh le seachtmhain.



"Dá mbeidh' sé marbh seacht mbliadhna connairc mise
ann san stábla é dhá mhóimid ó shoin, agus muna g-crei-
deann tu, tar, thu féin, agus feicfidh tu é."



Ann sin tháinig an sagart agus an buachaill le chéile go
doras an stábla, agus dubhairt an sagart, "téidh asteach
agus cuir an mhuc sin amach chugam."



"Ní rachfainn asteach air son an mhéid is fiú thu," ar san
buachaill.



Chuiadh an sagart asteach ann sin agus bhí sé ag tiomáint
na muice amach, nuair d'éirigh Liam suas as an tuighe agus
dubhairt, "cá bhfuil tu dul le mo mhuic, a athair Phádraig?"



Nuair a chonnairc an sagart Liam ag éirighe, as go
bráth leis, ag rádh: "i n-ainm Dé orduighim air ais go dtí
an uaigh thu a Uilliaim Ui Ruanaigh."



Thosuigh Liam ag rith andhiaigh an tsagairt, agus ag rádh
"A athair Phádraig bhfuil tu air mire? fan agus labhair
liom."



Níor fhan an sagart acht chuaidh a bhaile chomh luath agus
d'fheud a chosa a iomchar, agus nuair tháinig sé asteach dhún
sé an doras. Bhí Liam ag bualadh an dorais go raibh sé
sáruighthe, acht ní leigfeadh an sagart asteach é. Faoi
dheireadh chuir sé a cheann amach air fhuinneóig a bhí air bhárr
an tíghe agus dubhairt, "A Uilliam Ui Ruanaigh téidh air
ais chum d'uaighe."



"Tá tu air mire a athair Phádraig, ní'l mé marbh, agus
ní raibh mé ann aon uaigh ariamh ó d'fhág me bronn mo
mháthar," ar Liam.



"Chonnairc mise marbh thu," ar san sagart, "fuair tu
bás obann agus bhí mé i láthair nuair cuireadh thu 'san
uaigh, agus rinne mé seanmóir bhreágh os do chionn."




L. 100


"Diabhal uiam, go bhfuil tu air mire chomh cinnte a's
atá mise beó," ar Liam



"Imthigh as m'amharc anois agus léighfidh mé aifrionn
duit amárach," ar san sagart.



Chuaidh Liam a bhaile agus bhuail sé a dhoras féin acht ní
leigfeadh an bhean asteach é. Ann sin dubhairt sé leis
féin, "rachfad agus íocfad mo chíos." Uile dhuine a chon-
nairc Liam air a bhealach go teach an tighearna bhí siad ag
rith uaidh, mar shao i leadar go bhfuair sé bás. Nuair chua-
laidh an tighearna talmhan go raibh Liam O Ruanaigh ag
teacht dhún sé na doirse, agus ní leigfeadh sé asteach
é. Thosuigh LIam ag bualadh an dorais mhíor gur shaoil an
tighearna go mbrisfeadh sé asteach é. Tháinig an tighearna
go fuinneóig a bhí air bhárr an tíghe, agus d'fhiafruigh, "cad
tá tu ag iarraidh?"



"Tháinig mé le mo chíos íoc, mar fhear cneasta," ar Liam.



"Téidh air ais go dtí d'uaigh, agus bhéarfaidh mé maith-
eamhnas duit," ar san Tighearna.



"Ní fhágfaidh mé seó, go bhfágh' mé sgríbhinn uait go
bhfuil mé íoctha suas glan, go dtí an Bhealtaine seó
chugainn."



Thug an Tighearna an sgríbhinn dó, agus tháinig sé abhaile.
Bhuail sé an doras, acht ní leigfeadh an bhean asteach é, ag
rádh leis go raibh Liam O Ruanaigh marbh agus eurtha, agus
nach raibh ann san bhfear ag an doras acht fealltóir.



"Ní fealltóir mé," ar Liam, "tá mé andhiaigh cíos trí
bhliadhain d'íoc le mo mháighistir, agus béidh seilbh mo thighe
féin agam, no béidh fhios agam cad fáth."



Chuaidh sé chum an sgiobóil, agus fuair sé barra mór
iarainn agus níor bhfada gur bhris sé asteach an doras.
Bhí faitchios mór air an mnaoi agus air an bhean nuadh-
phósta. Shaoileadar go rabhadar i n-am an eiseirighe, agus
go raibh deire an domhain ag teacht.



"Cad chuige ar shaoil tu go raibh mise marbh?" ar Liam


L. 102


"Nach bhfuil fhios ag uile dhuine ann san bparáiste go
bhfuil tu marbh," ar san bhean.



"Do chorp ó'n diabhal," ar Liam, "tá tu ag magadh
fada go leór liom. Fágh dham nidh le n-ithe."



Bhí eagla mhór air an mnaoi bhoicht agus ghleus sí biadh
dhó, agus nuair chonnairc sí é ag ithe agus ag ól dubhairt
sí, "tá míorbhúil ann."



Ann sin d'innis Liam a sgeul dí, o bhonn go bárr, agus
nuair d'innis sé gach nídh, dubhairt sé, "rachfad chum na
n-uaigh amárach go bhfeicfead an bitheamhnach do chuir sibh-
se i m'áit-sé."



Lá air na mhárach thug Liam dream daoine leis, agus
chuaidh sé chum na roilige, agus d'fhosgail siad an uaigh, agus
bhíodar dul an chómhra d'fhosgailt, agus nuair a bhí siad
'gá tógbháil suas léim madadh mór dubh amach, agus as go
bráth leis, agus Liam agus na fir eile 'nna dhiaigh. Bhíodar
'gá leanamhaint go bhfacadar é ag dul asteach ann san
teach a raibh Liam 'nna chodladh ann. Ann sin d'fhosgail
an talamh agus chuaidh an teach síos, agus ní fhacaidh aon
duine é ó shoin, acht tá an poll mór le feicsint go dtí an
lá so.



Nuair d'imthigh Liam agus na fir óga abhaile d'innis síad
gach nidh go shagart na paráiste, agus sgaoil sé an pósadh
a bhí eidir bean Liaim agus an buachaill-aimsire.



Do mhair liam bliadhanta 'nna dhiaigh seó, agus d'fhág
sé saidhbhreas mór 'nna dhiaigh, agus tá cuimhne air i
g-Clár-Gaillimh fós, agus béidh go deo, má théidheann an
sgeul so ó na sean-daoinibh chum na ndaoine óg.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services