Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gúgán Barra.

Title
Gúgán Barra.
Author(s)
Ua Callanáin, I.I.,
Translator
Ua Loingsigh, Domhnal
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GÚGÁN BARRA.



le I.I. Ua Callanáin: rugadh i 1795; fuair
bás i 1829.



Air n-a chur in Gaedhilig le Dómhnal Ua
Loinsigh; Dúnlír.



Tá glas-oileán grianmhar i loc Ghúgáin
Barra,
Mar a láchann an Laoi gheal a slighe chum
na mara
I n-Deasmhúmhain na n-doimhin-ghleann tá
míle srothán
Teacht anuas go d-tí'n loch úd ó chnoc go
cnocán;
Annsúd fásann an fhuinseog; 'san t-sliuthur-
nach fann,
Feuchann síos le gruaim uaigneach air
luathgháir na d-tonn:
'S na tonnta tá gléigeal go léir ag gáiridhe
Faoi ghnúis chaithte fhainn laig an chrainn
sliuthurnaighe.


L. 220


'Gus na cnoic dúbha mor-d-timcheall dá bh—
feicfeá 'na lasair,
Measg tóirneach a's splanncach go teann
déanamh branair,
'Gus na h-aibhne le díogras ag rínceadh chum
ratha
Mar laochaibh na tíre go cíocrach chum
catha;
'S is gléigeal gach tonn díobh's mar ór buidhe
do lasaid
A's na fiolair ó Mhaolach is treun-mhaith do
sgreadaid.
O cá bh-fuil an ball deas in gleanntaibh no
in árdaibh,
Mar an oileáinín aonar so déanadh do
bhárdhaibh?



Budh mhinic mo rian a's an ghrian fuidhe air
Chlára,
'Gus ag lasadh go h-aorach dubh-fhraoich cnoc
Ibheára,
Ag dul chugat a baill dheis óm' thigh cois na
sáille,
'S ag siubhal dam le bárd-chroidhe gach áit
díot dob' áille,
'S do chuimhneas air dhíbirt ár bh-fileadh 's ár
n-éigse,
'S mar fuaradar suaimneas ad' chuasaibh
feadh tréimhse
Ag eulughadh bruid Sacson 's ag ceapadh
binn-dánta
Measg guth ceoil do chomair, cois imill do
bhánta.



A shár-fhir na n-dán binn ná'r bh'-áluinn mo
smaointe,
'S me casadh le h-árd-chroide bhur lán-laoidh
's bhur g-caointe,
Cidh aig Inis Fáil bhí báird grádhmhar' d'á
moladh,
Do dhúisigheas bhúr g-cláirseach bhí sámh síos
'na codladh
'S do mheasgas arís le ceol binn na
srothán
An t-abhrán milis Gaedhilge bhí tréith-lag
air fán
'S do bhailigheas gac sgeul bhí le fada air
feodh
Mar a snámhann orra báisteach ó'n sáille
'gus ceo.



A fhile is lúgha, dá m-badh liomsa do réim-se,
'Gus ceol-chroidhe do chláirsighe, dob' árd í mo
léim-se,
Leis an eugcóir do cheangail mar tú dom'
thír féin me,
'S do bhrat ceoil am' mheabharuigheacht mar
bhóisgín geal gréine,
Gan staonadh do mhairfeadh an t-Saoirse
'nár d-teannta
S do chuirfeadh a gáir do dhruim árd-chnoc
a's gleannta,
A's b'fhéidir go lasfadh dhúinn reultan na
saoirse
'S go scuabfaidhe go deo uainn dobrón
agus daoirse.



Agus beidhead-sa faoi'n m-bán mar na
bárdaibh úd sínte,
Acht beidh m'ainm fuaid Éireann ag saor-
fhir d'á chaoine',
'Gus tiocfaidh go h-uaigneach air m-uaigh
déanadh laoithe',
Filidh croidhe-cheolmhar idir cómhbhrac lae 's
oidhche
As guidhfid air m'anam “Ár n-Athair” go
fonntach
Mar a snámhann an Abhainn Bhuidhe air a
slighe chum na d-tonnta
No cuirfid c'róin blátha ó bhántaibh na h-
abhann úd
Ós cionn croidhe agus clairsighe beidh lán-
lag san ngleann úd.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services