Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Go mairidh na Gaedhil.

Title
Go mairidh na Gaedhil.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1882
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GO MAIRIDH NA GAEDHIL!



Go mairidh na Gaedhil a's a g-caoin-chaint
cheoil!
Go mairid le saoghaltaibh i d-treise 's i
d-treoir,
Nach taithneamh libh an sceul, nach grádh
libh an glór -
“Anois tá na Gaedhil in Eirinn beo!”



Ní fíor go bh-fuil an ti'r no an teanga dul a
bh-feogh'
Ní fíor go bh-fuil ár meanmain caithte go
fóill,
Cia seal dúinn faoi scamall 's le tamall faoi
cheo,
Tá Gaedhil agus Gaedhilig in Eirinn fós.



Och is sámh linn na sceula, is grádh linn
an glór,
Go bh-fuil sean-teanga Eireann ag éirghe
in onóir,
Biodh an guidhe in ár g-croidhe anois a's
le n-ár ló,
Nár raibh Eire gan Gaedhealaibh, gan
Gaedhilig go deo!



Go mairidh na Gaedhil! a startha 'gus a
sceoil,
A ngean as a ngreann, a g-cluichthe 'gus
a g-ceol,
Má's mian linne féin, má's dúinn croidhe
na d-treon,
Béidh na Gaedhil as an Ghaedhilig faoi
fhírmheas fós.



Mar le cluasaibh 's le croidhthibh na nGall
fad ó
Ba bhinne ár nGaedhilig a's do b'fheárr ná
ceol,
Ag sliocht na nGall g-ceudna ta andiu
grádh mór
Air ár d-teangain, sin ár g-ceangal, ó's
le h-Eirinn dóibh.



Gaill agus Gaedhil in aon ghrádh teo,
Acht Gaedhil-fhir go léir ins an aon
chaint bheo,
Do Dhia na bh-flathas biodh seacht míle glóir
Tá caithréim agus clú i n-dán dúinn fós.



Go mairidh na Gaedhil 's a bh-fuil i ngrádh
leo!
Sonas agus seun ortha, aosda a's óg,
Suaimhneas a's síodh aca d'oidhche a's do
ló —
Mar sin go raibh se linn in ár d-tír go
deo!



LEATH CHUINN.



Oidhche Shamhna, 1882.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services