Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fáilte d'Irisleabhar na Gaedhilge go Portlairge.

Title
Fáilte d'Irisleabhar na Gaedhilge go Portlairge.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FÁILTE D'IRISLEABHAR NA GAEDHILGE
GO PORTLAIRGE.



I.



Do'n irisleabhar fáilte,
Anois atá againn;
A's do na daoinibh buidheachas
Do chuir dúinn é air bun:
Do'n irisleabhar áluinn,
Anois tá 'gam am' láimh
Bidheadh beatha bhuan-saoghalach,
Iongantach, ghlórmhar, shámh.
Fáilte, fáilte, fáilte,
Fáilte, seadh, ó'm chroidhe,
Do'n irisleabhar so áluinn,
Go mairfidh se go groidhe.



II.
Tuilleann an leabhairínso,
Ár molta-ne go léir;
A's tuilleann na h-árd-daoine
Bheith molta suas do'n spéir,
Do chuir ós cionn a chéile,
Chum tairbhe na nGaedheal,
Án t-irisleabhar so ionghantach
I d-talamh Ghráinne-Mhaol.
Fáilte, fáilte, etc.

SEAMRÓG.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services