Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 2.

Title
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 2.
Author(s)
Ua Caoimh, An tAthair Pádraic,
Translator
Flemming, John (Seághan Pléimion)
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CÓMHRÁIDHTE DEIGHBHEUSACHA: Uimh. 2.



Air n-a sgríobhadh i Sacsbheurla leis an Athair Pádraic
Ua Caoimh, ó Ard-fhairce Caisil:
agus aisdrighthe go Gaedhilig le Seághan Pléimion.



Do ghrádh ár g-Cómhursan.



Is mar so d'aithneochaid na daoine uile
gur ab deisciobail damhsa sibh, má bhidheann
grádh agaibh féin d'á chéile (Naomh Eoin,
xiii. 35).



Is é cómhartha dílis an fhíor-Chríostaidhe
grádh do bheith aige d'á chómhursain: “Is mar
so,” ar Críost, “d'aithneochaid na daoime
gur ab deisciobail damhsa sibh, má bhidheann
grádh agaibh feín d'á chéile.” Is leis an
g-cómhartha so d'aithin na págánaighe na
Céad-Chríostaighthe: “Feuch na Críostaighthe
so,” adeiridís, “an grádh atá aca d'á chéile.”
Do measfaidhe nach raibh aca acht aon chroidhe
agus aon anam amháin. Do righne Críost
féin cúram áirighthe de'n cheacht so na car-
thanachta do theagasg d'á luchd leanamhna
go léir: “Is í so m'aithne-si.” ar se, “go
m-beidheadh grádh agaibh d'á chéile mar do bhí
agam-sa díbh-se.” (Naomh Eoin, xv. 12.)
“Gráidheochaidh tu do chómhursa mar thu feín”
(Naomh Mátha, xxii. 39.) Grádhuighidh bhur
naimhde, déanaidh maith dóibh so fhuathuigheann
sibh. Beannuighidh iad so do mhasluigheann
sibh, agus guidhidh orra so do cháineann sibh.”
(N. Lucas, vi., 27, 28.) Ní raibh Naomh Eoin
sásta aon am acht nuair bhidheadh se ag
seanmóir air ghrádh bráithreamhail; in a
shean-aois, nuair nach raibh se air a chumas
seanchus fada do dhéanadh d'á luchd éiste-
achta, do shásuigheadh sé é féin leis an
ngearr-theagasg so: “A bhráithre, bidheadh
grádh agaibh d'á chéile.” Agus nuair
d'fhiafruigh duine muinteardha dhé cread
fá é bheith ag ath-rádh na seanmóra so chomh
minic sin, d'fhreagair se, do réir Naoimh
Ieróm: “Is aithne d'aitheantaibh an Tighearna
grádh ár g-cómhursan, agus is leor cóimh-
líonadh na h-aithne so chum na beatha
síoruidhe.” Agus adeir Naomh Pól:
“Cóimhlíontar an dlighe go léir in aon fhocal
amháin: gráidheochaidh tu do chómhursa mar tu
fein.” (Gal. v. 14.)



Ní féidir Dia do ghrádhughadh gan an
chómhursa da ghrádhughadh. Sgríobhann Naomh
Eoin: “Má deir aon duine, tá grádh agam
do Dhia, agus fuath aige d'á bhráthair, is
duine breugach é. Óir an té nach ngrádhui-
gheann a bhráthair a chidh se ciannos is féidir
dó Dia do ghrádhugadh nach bh-feiceann se.”
(I. N. Eoin, iv. 20,) Agus arís: “An té
nach ngrádhuigheann cómhnuigheann se i m-bás.”
(I, N. Eoin, iii. 14,) Agus cuireann Naomh
Ághuistin leis so, go b-fuil duine de'n
t-samhail so marbh, ní h-é amháin do chionn
creucht peacaidh throim do bheith air, acht fós
de bhrigh go bh-fuil freumh an uile pheacaidh
curtha in a anam. Gan grádh do'n chómhursain
ní fhuil aon mhaith i láthair Dé in urnuighe ná
i n-déirc, ná i sacraimintibh, ná in íodhbairt.


L. 89


Adeir Dia go soilléir: “Uime sin, má
thoirbhireann tu do thabhartas aig an altóir,
agus gur cuimhin leat ann súd go bh-fuil
aon nidh aig do bhráthair ad' choinne, fág ann
súd do thabhartas i láthair na h-altórach
agus imthigh air d-tús agus déan ath-mhuin-
teardhas led' bhráthair, agus air d-teacht
duit ann sin déanfaidh tu do thabhartas do
thoirbhirt.” (Naomh Mátha v. 23, 24.) Dá n-
déanfadh sibh bhur maoin go léir do roinn
chum na boicht a chothúghadh, agus dá n-déanfadh
sibh bhur g-coirp do thabhairt le n-a losgadh,
agus gan grádh agaibh do bhur g-cómharsain,
ní'l aon tairbhe dhíbh ann. “Is é an grádh,”
ar Naomh Ambrós, “freumh gach deigh-
gníomh.”



Anois cread e an riaghail a tá leis an
bh-fíor-ghrádh bráithreamhail? Cread is
dealbh do'n bh-fíor-ghrádh so? Adeir Naomh
Pól go m-badh cóir do ghrádh na cómharsan
a bheith dealbhtha air an ngrádh agus an
g-cóimh-cheangal, a tá idir bhallaibh an choirp
daonda. “Is aon an corp aig a bh-fuil
mórán de bhallaibh. … Is eadh Críost
mar an g-ceudna.” (1 Cor. xii. 1.2,) Mar
thugaid baill an choirp go léir congnadh agus
cabhair go h-aontamhail d'á chéile, mar an
g-ceudna badh cóir do bhallaibh an chinidh
daonda congnadh agus cabhair do thabhairt
go h-aontamhail d'á chéile. Badh cóir dúinn,
air an adhbhar sin, fóirighin air an easbadhach,
sólás do chur air an duine doilghíosach,
guidhe air son na g-cionntach; in aon fhocal
is eigin dúinn cúram do dhéanadh d'ár g-
cómhursain. Do chuir Dia cúram a chómhur-
san air gach n-duine againn. Badh cóir
dúinn cúram do dhéanadh d'á anam comh maith
le n-a chorp. A deir Naomh Bernárd, ag
trácht air an g-cúram so: “Tuiteann an
t-asal agus tógthar gan moill é; cailltear
anam, agus ní chuireann aon neach spéis
ann.”



Arís, badh ceart do ghrádh ár g-comhursan
a bheith cosamhail leis an ngrádh a tá againn
dúinn féin. Atá grádh an duine dhó féin
fíor agus ionraic, atá se caoin, buan,
gníomhach; is é a leithéid de ghrádh is ceart
dúinn a bheith againn d'ár g-cómhursain. Ní
ceart dúinn olc do dhéanadh dhó in a phear-
sain, in a mhaoin, ná in a chlú: badh ceart
dúinn a mhaith d'iarraidh, agus labhairt go
maith air; badh ceart dúinn guidhe air a shon,
agus i g-cómhnuidhe congnadh do thabhairt dó,
chomh maith a's is féidir linn, in a riachtanas
anama a's coirp. Badh ceart dúinn déanadh
dhó mar badh maith linn é-sean do dhéanadh
dhúinn. “Mar budh maith libh,” ar Críost,
“daoine do dhéanadh dhíbh, déanaidh-si mar an
g-ceudna dhóibh-sean.” (N. Mátha, vii. 1 2.)
Badh cóir dúinn ár g-cómhursa do ghrádhúghadh,
ní le briathar ná leis an teangain, acht le
gníomh agus le fírinne.



Fá dheoigh, badh ceart d'ár ngrádh d'ár
g-cómhursain a bheith cosamhail le grádh
Chríost dhúinne. “Is 'san (nidh) so is aithnidh
dúinn grádh Dé, de bhrigh go d-tug se a anam
féin air ár son, agus badh cóir dúinne, mar
an g-ceudna, ár n-anam do thabhairt air son
ár n-dearbhráthar.” (I. Eoin, iii. 16,) Do
ghrádhuigh Criost sinn i n-Dia agus air son
Dé; uime sin badh cóir dúinne ár g-cómh-
ursa do ghrádhughadh i n-Dia agus air son Dé.
Caithfidh grádh ár g-cómhursan teacht ó ghrádh
Dé, caithfidh se fás as mar d'fhásann crann
as an bh-freumh.



Ní fuláir dúinn grádh a bheith againn do'n
chineadh daonda go léir, idir olc agus mhaith
mar do bhí aig Críost. Ní bh-fuil aon leith-
leachas le déanadh dhíobh so nach bh-fuil d'aon-
chreideamh linn, ná fós díobh so do dhéanann
olc orrainn. Caithfimíd grádh a bheith againn
dóibh so do dhéanann díoghbháil dúinn cómh
maith leis an droing ler ab ionmhuin sinn:
“Oir,” adeir Críost, “má tá grádh agaibh
do'n droing a ghrádhuigheas sibh cread é an
luaidheachd a gheabhaidh sibh; nach n-déanaid
na puibliocánaighe féin an nidh so?” (N.
Mátha, v. 46.) Is maith le Dia grádh a bheith
againn d'ár naimhdibh chomh maith le n-ár
g-cáirdibh. “Grádhuighidh bhur naimhde,” ar
Criost, “déanaidh maith do'n droing
d'fhuathuigheas sibh, agus guidhidh air son na


L. 90


droinge a dhéanas inghreim agus cúlchaint
orraibh.” (N. Mátha, v. 44.) Má do righne
do chómursa díoghbháil dibh, agus má mhasluigh
se sibh, cuímhnighidh gur mhasluigh se Dia cómh
mór ceudna, agus i bh-fad níos mó; air a
shon sin, atá grádh aig Dia dhó; cread fá,
air an adhbhar sin, nach m-beidheadh grádh
agaibh-se dhó mar an g-ceudna? Tá grian
Dé ag taithneamh air an bh-fíreun agus air an
g-cionntach; ú ruigheann fearthainn Dé an
neimhchionntach agus an peacach: atá grádh
Dé uime sin ag leathadh amach air a namhaid.
An bh-fuil se iomarca súil a bheith go
ngráidheochadh sibh-se an té d'á bh-fuil grádh
ag Dia. A bhráithreacha mo chroidhe, is baoghal
liom gur fada sinn ó fhior-ghrádh ár g-cómh-
ursan! Is baoghal liom go bh-fuilmíd
ro-thabhartha do chúlchaint, a's do cháineadh a's
do dhíomholadh ár g-cómhursan. Níor
bh'fhéidir le Naomh Ághuistín radharc fir na
cúlchainte d'fhulang. Bídheadh na briathra
so sgríobhtha ar mhúr a phroinntigh: “Ní
bh-fuil gabháil le luchd cúlchainte aig an
m-bórd so.” Cionntuigheann an Sgríbhinn
Diadha an gobaire 'sna briathraibh is soilléire
air bith: “Déanfaidh an gobaire a anam
féin a thruailliughadh, agus beidh gráin air aig
an uile dhuine: agus beidh an té do chomh-
nuigheas maille leis gráineamhail: tabhar-
far onóir do'n duine ciuin ciallmhar.”
(Ecclus xxi. 31.) “Is é fear na cúl-chainte
dubhghráin na n-daoine.” (Seanr. xxiv. 9,)
Adeir Naomh Ligóri go neamheaglach: “Atá
an diabhail i m-beul an té labhras go neamh-
charthanach ar a chómhursain, agus i g-clua-
saibh an té d'éisteas leis.”



Bíodh grádh againn uime sin air ár g-cómh-
arsain — grádh fíor ionruic. Bíodh grádh
againn dó, mar a bheidheadh againn air an té
tá déanta in iomhaigh agus i g-cosamhlacht
Dé, agus fuasgailte le fuil mhórluaigh Íosa
Críost. Bíodh grádh againn dó mar a
bheidheadh againn air an té do cruthuigheadh
mar sinn féin chum radharc Dé shealbhughadh
air feadh na síoruidheachta!




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services