AMHARCA CLEASACHA: Uimh. 3.
Brian Boroimhe agus a bhárd, MacLiag.
[Brian, Maolsúthain, MacLiag i láthair.]
Brian. — Ghéabhaidh an Gall an cead a tá
se ag iarraidh,
Agus níos mó 'ná sin. Laibheoraidh se
Ní h-é amháin liom-sa, Áirdrigh na h-Éireann,
Acht fós le h-uile righthibh in mo shluagh.
Beidh tionól righeamhail ann ag éisteacht leis.
Caithfidh se fuireach tamall beag, mar tá
An mhaidin moch anois. Thusa, a shaoi,
Mhaoilsúthain, imthigh chuige, labhair leis
Go taithneamhach, sámh, sultmhar: congbhaigh é
In do bhoith féin, mar teachtaire árd-uasal.
[Téidh Maolsúthain amach.]
Fan tusa liom, MhicLiag, phlúir na m-bárd,
Táim-se fuireach air mo mhac annso,
Mo mhac is sine, Murchadh. Tá se teacht,
Agus i g-cuideacht leis atá do mhac-sa,
Mar bhidheann se i g-cómhnuighe. Fan go
fóil,
Déanfamaoid caint le chéile no go d-tioc-
faid,
Mar's maith liom caint le caraid, flaith a's
bárd.
MacLiag. — A Áirdrigh uasail, fhiail, a
Bhriain mhaith,
Is mór an t—áthrughadh air do chúmhacht anois
Ó'n sean—am chonnarcas 'sa d—tosach thu;
Ní fhuil áthrughadh in do chroide. Is cuimhin
liom
An cheud uair thuit mo shúile ort, a righ!
Bhí tu annsin i d—Tuath—Mhúmhain 'sa bh—fásach
Ag luidhe led' laochaibh air an talamh fuar.
Annsin a bhidheadh do leaba ins an am úd
Nuair thosuigh tu, mar ógánach ró—fhial,
An troid uathbhásach sin in aghaidh na nGall.
Ins an am úd, am baoghail, am mór—fhulaing,
Bhidhtheá i g—cómhnuighe ciuin i measg na
guaise,
I g—cómhnuidhe calma le na namhadaibh,
Ariamh macánta, sámh le daoinibh eile.
D'airigheas annsin an mhórdhacht do bhí ionat,
Agus do tháinic iongantas air m'intinn,
Agus d'fhás grádh cómh—bhuadhartha in mo
chroidhe.
Ní raibh acht buachail óg an tan sin ionam:
Agus an príomh—fhoroideas filidheachta
Bhí mise ag fóghluim, chum bheith am' bhárd
Aig Tadhg Ua Ceallaigh, mar atáim anois,
Mar bhí m' athair aig a athair cheana.
Acht, a Áirdrigh, budh mhó an gean 'san grádh
Do bhí gam' tharruing chugat in do chogadh;
Agus go minic d'fhág me brúgh m'athar,
Agus thriallas tar tír chlochaigh Tuath—
mhúmhan
Go bh—faghainn thusa ins na coilltibh dorcha,
A fhir is láidir lámh, is fial anam!
Budh mhaith liom caitheadh gaethadh in do chathaibh,
Budh mhaith liom feuchain air do ghníomharthaibh!
Budh mhian liom éisteacht le do chómhradh árd
Agus, ag dul air m'ais dam go mo thír
Budh ghnáth liom innseacht air an meud d'á
dheárnais,
Agus bheith canadh air do chródhacht mhóir,
Agus bheith smuaineadh air do bheusaibh
ceannsa.
Nuair eirigheas am' fhear agus am' ollamh,
D'eirigh do chúmhacht a's do chlú níos mó:
D'eirighis ad' righ Tuathmhúmhan, agus Múmhan,
D'eirighis ann sin ad' Áirdrigh glórmhar
Éireann!
Go minic thangas—sa le feuchain ort,
Thangas chum feuchain air gach mhórdháil nuaidh,
Acht fuaras an fear ceudna ionat fós,
Budh chuimhin liom ó bhliadhantaibh na h—óige.
Brian. — Ro thangais—se mar charaid
chugam—sa,
Agus ro ghlacas mar mo charaid thu:
Ní mór an nidh sin. Acht mór an t—iongnadh,
Tu, ag bheith ad' bhárd aig Tadhg Ua
Ceallaigh,
Gur annsa leat bheith ad' bhárd agam-sa.
Muna m-beidheadh Tadhg fial 'na bhuan-
charaid dam
Ní leigfidh, ní fhuileongaidh se é sin.
MacLiag. — Ní leigfidh se é, ní fhuileon-
gaidh se!
A Áirdrigh mhóir, ná bí caint 'nois mar sin.
Nach maith fós do Mhaoilsheachlainn féin go
bh-fuil
Duine mar tá Mac Coise aige-san?
Dá m-beidheadh bárd eile aige, bárd mar
mise,
Go deimhin caillfidh se a bhárd anois,
Mar chaill se roimhe so árd-réim na h-
Éireann.
Is mó an file 'ná an bárd MacCoise.
Is maith a d'fóghluim se an fhilidheacht
Uile go leir: tá blas, tá intinn aige,
Acht le gach tiodhlaiceadh mór-luaigh fós,
Le dúthchas agus le árd-mhúineadh freisin,
Ní fhuil acht daoránach ann. A tá se cean-
gailte;
Ceangailte fós bheith mar a athair cheana,
Ceangailte le aon sloinne a's aon sliocht,
Ceangailte i ngach nidh tá se le rádh,
Ceangailte air an nós tá se le labhairt;
Ceangailte leis na sgiamhachtaibh do fuair se
Ins na sean-bhárdaibh a's 'san bh-filidheacht.
Is leantóir é — tá blas a's intinn aige,
Ní fhuil an t-saoirse, ná an teine, ná an
chúmhacht.
Nuair bhí se déanadh céasachta in aghaidh
Na n-daoineadh d'árgain é, a bhrúgh 's a thír,
a shíol breug Neill ins an tuaisceart iad-
san,
É féin ag labhairt le Ua Néill in Aileach,
Agus ag canadh ós a chómhair go h-árd;
Nach bh-fuil fios agat creud a righne se?
Níor labhair se le feirg air an olc;
Níor lámh se fós labhairt air-sean go
beacht,
Cheil se é féin faoi bhraisgeul fonnmhar, ait,
A's chuir na daoine ag gáiridhe air a dhochar;
No go le sgiamhachtaibh an-bheaga, míne,
D'eirigh Righ Dómhnall féin lán-sasda leis
A's fuair Mac Coise an righ bheith leis go
h-iomlán.
Fear eile mise. Ní ag cumadh braisgéil
Do bhidheas-sa an lá sin aig Ceann-coraidh,
Nuair thuit an t-iongnadh orm roimh an
táin-bó
An-mhóir ro facas ann, a's dubhairt tu liom,
“Dá mór an meud sin, is leat-sa é air
fad” —
A's thugas ort frioth-ainim, Brian Boroimhe.
Budh mhó mo dhian-ghrádh-sa air d'anam mór
'Ná air do bhrontanas. Grádhuighim gach nidh
A bh-fuil fíor-uasal, árd, a's caithfidh me
Chur grinn mo shúl air, agus ceol mo ghotha.
Dob' áil liom bheith am' bhárd aig Tadhg Ua
Ceallaigh,
De bhrigh gur mhaith leis me ag leanamhain duit,
A's leig se fós dam féin go minic bheith
In éinfheacht leat, i measg na neitheadh mór,
Ós cionn na neitheadh beag. Is maith liom fós
Cath, agus cogadh, agus cúmhacht dá ríribh;
An fhírinne ro-mhór gan sgiamhacht bhreugaigh.
Ann sin do griostar m'anam suas go
h-iomlán,
Atá an teine 'g lasadh in mo chroidhe;
Agus do caithtear gaethe ceoil amach,
Go cian, agus go láidir, a's go buan.
Brian. — Is fiu mar bhárd thu, fiu mar
Éireannach,
Gach tabhartas do fuair tu as mo láimh.
Agus is fiu Tadhg díoghraiseach Ua Ceallaigh
An tabhartas níos mó tá aige uait,
An clú bheidh air a ainim as do bheoil.
MacLiag. — Is fiu Tadhg fial: acht ní fiu
Maoilsheachlainn,
Dearbhráthair a mháthar, bheith i bh-fochair leis,
Is minic chidhim iad-san le chéile,
Nuair bhidheann mise a's Mac Coise ag
canadh —.
A Airdrigh! ná cúir muinighin i Maoilsheach-
lainn.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11