Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Caoine Airdeasbog Thuama: Fuair bás 1881.

Teideal
Caoine Airdeasbog Thuama: Fuair bás 1881.
Údar
Ua Loingsigh, Domhnal,
Bailitheoir/Eagarthóir
Coimín, Dáithí
Dáta cumtha
1882
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926

Caoine air Áirdeaspog Thuama:
Fuair bás, Samhain, 1881.



Ta brón air chroidhe na cléire in Éirinn le
tréimhse geárr,
Ta Connachta na binn—Ghaedhilge faoi gheur—
ghoin o bhun go bárr,
Ta Ulaidh a's Laighin bog—bhraonach le chéile
'gus Múmhan na n—dán,
O cailleadh leomhan na cléire, geal naomhtha
an t—Áirdeaspog Seághan.



Is brónach agus buaidheartha tá Tuam anois
tar éis a bháis,
Is deorach boicht na tuatha ag cruaidh—ghol le
neart dóláis,
Is cóir gur leunmhar, uaigneach, gach truaighle
an—diu air fán,
a d'eug columhan na cléire, fíor—naomhtha,
an t—Áirdeaspog Seághan.
Dob' aireach a's neam—thuirseach bhí ár
b—prionsa gach am a's tráth,
Nuair bhí ár n—eaglais buadhartha gus
ruathar air a cléir gach lá;
Acht míle moltha 's biudheachas le Mac Dé
ghil do thug sinn slán
A's bhris na slabhraidhe daor—bhruide sul
d'eug an t—Áirdeaspog Seághan.



Dómhnal Ua Loingsigh,
Dún—Lír.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services