Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos. (ar leanamhain.)

Title
Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos. (ar leanamhain.)
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGEUL AN FHIR DO CHUAIDH AMACH LE
FÓGHLUIM CRIOTHNUIGHTHE LE FAIT-
CHÍOS.



Air leanamhain.



Air maidin, le h-éirghe ar lae, d'éirigh an
t-ógánach, do chuir se a chuid airgid in a
phóca, do bhuail se an bóthar; agus deireadh
se leis féin go minic air a bhealach, “dá
bh-feudfainn creathadh le faitchíos!” Do
thárla go d-táinic fear suas leis, agus
nuair bhidheadar air an m-bóthar tamall
geárr 'na dhiaigh sin, in áit a bh-faca siad
croch 'na seasadh, dubhairt an fear leis;
“An bh-feicidh tu an crann sin, áit ar'
chongbhaigh móirsheisear daoineadh banais
inghine an teudaire, agus a bh-fuilid anois
ag fóghluim eitiollaidh. Suidh faoi n-a bun,
agus fan go d-tiocfaidh an oidhche, agus mo
mhóide dhuit go g-crithneochair as sin go
maidin.” “Muna bh-fuil níos mó ioná sin
le déanadh,” dubhairt an t-óglách, “is furus
sin a chríochnughadh, agus má fóghluimim
creathadh cho réidh sin is leat-sa a bheidheas


L. 242


mo chuíg ranna deug airgid: fill air ais
chugam-sa go moch air maidin.” Chuaidh an
t-ogánach agus do shuidh se faoi bhun na
croiche go d-táinic an oidhche.

Do bhí an oidhche fuar, garbh, agus righne se
teine dhó féin; acht i d-taca an mheádhoin-
oidhche, dh'iompuigh an oidhche an-fhuar, cho fuar
a's nach bh-feudaidh se é féin a chongbháil teith.
Annsin, do réir mar neartuigheadh an ghaoth,
bhí na conablacha a bhí crochta air an g-croich
ag bualadh faoi chéile, ionnos go raibh siad
air fad ag bogadh in aghaidh a chéile. Dubhairt
seisean leis féin; — “Tá me ionnan a's a
bheith reoidhte air aghaidh na teineadh, mar sin
cia an cuma is cóir a bheith air na daoinibh
so shuas air an g-croich. Táid ag criothnugh-
adh, agus tá gíoscán fiacal orra.” Mar
do bhí se deagh-chroidheach, d'éirigh se suas ó'n
d-teine, fuair se dréimire le h-ais na croiche
'na sheasadh, do chuir se in a h-aghaidh é, chuaidh
se suas, agus do sgaoil se iad duine le
duine i n-diaigh a chéile go raibh an móirshei-
sear anuas aige. Annsin do chorruigh se
suas an teine, do dhearg se í go maith, agus
do chuir se iad 'na suidhe uimpi, ionnos go
m-beidheadh siad d'á ngoradh. Do shuidheadar
annsin gan corrughadh no gur ghlac a g-
cuid eudaigh teine. Annsin nuair do
chonnairc se sin dubhairt se leo. “Muna d-
tabharfaidh sibh aire dhaoibh féin, crochfad-sa
suas arís sibh.” Acht mar ná'r chualaidh na
daoine marbha é, do bhidheadar balbh, budh
dóigh leis, agus do bhí a g-ceirteacha dóighte.
Uime sin do ghlac se fearg, agus dubhairt
se leo, “Muna b-feuchaidh sibh timchioll or-
raibh, agus aire thabhairt daoibh féin, ní fhuil
neart agam-sa orraibh, acht ní fhuileongad
sibh a dhóghadh.” D'éirigh se annsin, rug se
iad duine le duine, agus do chroch se suas
iad ins an áit cheudna mar bhí siad cheana.
'Na dhiaigh sin d'fhill se air ais, do suidh se
air aghaidh na teineadh, agus do thuit suan
air.



Air maidin tar éis sin, tháinic an fear
air ais chuige go bh-feicfeadh se cia an chaoi
ar' chaith se an oidhche, no ar chreath se le fait-
chíos. Annsin dubhairt an fear “Tabhair
dam mo chúig ranna airgid, anois tá me
cinnte go bh-fuil fios agat creud é crioth-
nughadh le faitchíos.” D'fhreagair an t-
óglách agus dubhairt se; “Cia an chaoi a m-
beidheadh fios agam le criothnughadh nuair
níor labhair siadsan shuas focal ó d'imthigh
tu; agus mar bhí an oidhche cho cruaidh agus
cho fuar sin, do thóg me anuas iad, agus do
chuireas air aghaidh na teineadh iad chum go
n-déanfaidís a ngoradh, agus annsin do
leigeadar d'á g-ceirteachaibh bheith dóighte.
Annsin chonnairc an fear nach raibh se i
n-dán an t-airgead a bheith aige an lá sin.
D'imthigh se in a bhealaighibh ag rádh leis
féin: — “Ní fhaca me aon fhear ariamh mar é
sin.” D'imthigh an t-óglách mar an g-ceudna
in a bhóthar, agus é ag rádh leis fein; — “Och!
dá bh-feudfainn criothnughadh le h-eagla.”
Thainic cairéaruidhe éigin suas leis air an
m-bóthar. Do chualaidh se é ag rádh na cainte
so. Mar do bhí iongantas air cia an cineul
duine a bhí ann, a bhí air an g-caint sin,
d'fhiafruigh se dhé, “Cia h-é tusa?” “Ní'l
fios agam,” d'fhreagair an t-óglách. D'iarr
an cairéaruidhe arís dé, “cáide ghluais
tu? ”Ní'l fios agam,” a dubhairt se. ”Cia
h-é d'athair?” d'fhiafruigh an fear dé fós.
“Ní fhuil cead agam sin d'innseacht,”
dubhairt an fear óg. “Mar sin” dubhairt
an fear eile, “ce an sórt clamhsán agus
caint dithchéille sin ort thríd do chuid feus-
oige?” “Maiseadh,” dubhairt an fear óg,
“is truagh dham nach féidir liom criothnughadh
le faitchíos, acht ní fheudaim duine air bith
fhághail a mhúnas dam é.” “Leig thart do
dhíthcéille,” dubhairt an t-iomcharthóir, “agus
tar liomsa agus feuchfad an bh-feudfad-sa
duine éigin fhághail a thaisbeánas duit
criothnughadh le sganra.” Do ghluais an t-
ógánach leis an iomcharthóir no go d-táng-
adar go tigh ósda, an áit a rabhadar leis
an oidhche a chaitheadh. Cho luath agus chuaidh
se asteach ins an t-seomra dubhairt se de
ghlór árd, “O dá bh-feudfainn creathndh.”
Do chualaidh fear an tighe é agus righne se


L. 243


gáire agus dubhairt se leis, “Mhá tá tóir
agat air sin bhéarfad-sa bealach dhuit le n-a
dhéanadh, creid me.” “Bí do thost,” dubhairt
bean an tighe le n-a fear, “is iomad
buachaill meisneamhail a d'íoc go daor le
dul annsin, agus badh mór an peacadh agus
an truaighe do shúilibh breágha an fhir óig nach
bh-feicfeadh siad solus an lae ghléghil go
bráth.” Acht d'fhreagair an t-óglách í agus
dubhairt se, — “Is cuma liom cia an chonta-
bairt atá me le dul thríd; d'fhág me an
baile le fóghluim.” Níor thug se suaimhneas
d'fhear an tighe no gur innis se dhó an stáir
so. “Slighe geárr as so,” dubhairt an fear,
“tá caisleán agus tá se faoi mhallacht,
agus mo mhóide dhuit, duine air bith a chaith-
feadh trí oidhcheadha i n-diaigh a chéile go bh-
fóghlómadh se é. Iomorro in a cheann sin
do gheall an righ a inghean a phósadh do chia
air bith duine a chaithfeadh trí oidhcheadha ann.
Leis sin ata si air mhnáibh óga is breágha
ar thaisbeán an ghrian a riamh í féin uirre,
Agus in éinfheacht leis sin tá taisge mór
i bh-folach ins an g-caisleán agus droch-
spioraide ag faire air na cisdibh. Is fada
le na taibhsibh go bh-fanfadh duine air bith
trí oidhcheadha 'san g-caisleán, mar gheall má
sheachainidh se an bás go m-beidheadh siadsan
saor, agus go n-déainfhadhe duine saidhbhir as
duine bocht. Air an adhbhar sin is iomdha
buachaill maith a d'fheuch leis cheana agus
a chuaidh ann, acht níor fhill aon duine aca
ó shoin.” Air maidin lá'r n-a mhárach chuaidh
an t-óglách ós cómhair an righ, agus, air bh-
fághail cead le labhairt dó, dubhairt se
leis, — “Mo righ a's mo thighearna, tháinic me
in do láthair ag iarraidh impidhe ort, 'se
sin, cead fhághail dul asteach ins an g-
caisleán, agus ó thárla tá se agat le iom-
dha bladhanta dúnta,agus nach bh-feudfadh aon
duine maireachduin ann, agus aon duine d'á
n-deachaidh ann níor fhill se ó shoin, rachadh
mise ann agus feuchfad-sa creud a fheudfas
me a dhéanadh.” D'fheuch an righ air agus
ghlac se gean mór air a mhacántacht agus
dubhairt se leis — “Tá cead agat trí neithe
áirighte iarraidh, acht nach neithe saoghalaighe
iad, agus feudfaidh tu a d-tabhairt asteach
'san g-caisleán leat.” Ann sin d'fhreagair
se an righ agus dubhairt se, — “Air sin iarr-
fad teine, an cheud rod, an dara nidh clár
tornadóra agus taobh ann le gearradh
le sgian féin, agus an treas rod
taobhan súipéir.” “Caithfidh tu sin fhághail,”
dubhairt an righ.” Ann sin thug se órdughadh
na neithe so a shaláthair agus a bh-fhághail
ins an g-caisleán. Do righneadh sin.



Clann Conchobhair.



(Le bheith air leanamhain.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services