BEATHA SHÉAGHAIN MHIC HÉIL, ÁIRD-
EASPOIG THUAMA.
Air n-a sgríobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an
Athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na
Cille Móire i d-Tuaim.
An Treas Caibidil.
Ó is áluinn geinealach cáidh faoi chlú.
Leabhar na h-Eagna. Caib. 4, Rann. I.
Tá se gnáthach aig lucht sgríbhinne fíor-
stáire, aithreacha agus sean-aithreacha, agus
na sinnsir a bhí rómpa sin — ó a d—táinic
sliocht onórach, — a chur síos do réir a n—
uimhire agus a n—urramais. Mar sin dé,
ní bh—fuil se as bealach go g—cuirfidhe síos
ainmne na n—aithreach agus na máithreach
ó a d—táinic Seághan Mac Héil, mac
Phádraic, mic Mhaoilmhuire, mic Séamuis,
mic Ricaird, mic Shearuin, mic Mhaoilmhuire
suas do'n cheud fhear de'n t—sloinne
a tháinic ins an dara aois deug ó
aimsir ár d—Tighearna ó Bhreatain go
h—Eirinn. 'San am sin tángadar go leor
Breatanaighe air lorg na n—uachtarán mór
do'n tír so. Is leo, agus le n—a linn
táinic clann Héil, i d—tús go Dailriada i
g—Cúige—Uladh, agus as sin go Connacht.
Ní'l fios maith, cia h—é an cheud fhear de'n
t—sloinne a tháinic anonn annso, acht amháin
go bh—fuil fios maith againn gur sheoladar
leo ann bealaigh ó Bhreatain an tráth sin;
gur an—choitchean an t—ainm baisde “Hoel”
no “Howel” an—diu féin ameasg muintire
na Breataine i Sacsainn. So h—í an chaoi
a sgríobhann siad an focal, “Hywel.”
Agus tá fios againn go raibh ins an tír
sin A.D. 940, prionsa d'ar bh'ainm “Hywel
dda” 'se sin, “deagh—Howel,” no deagh—fhear
flaitheamhail air a raibh ainm baisde Howel.
Do thogh lucht gaoil “Clainne Héil” a
d'fhan 'san m—baile i m—Breatain an
sloinne Mab—Hywel, 'se sin mac Héil
againne. Do scuir tar éis seal aimsire
an focal “Mab” do bheith 'na “ab,” agus as
sin d'éirigh “ab—Hywel” no “ap—Hywel,” —
agus faoi dheire thárla uaidh an t—ainm
“Powel” i Sacsbheurla. Mar so dé,
feicthear anois gur ó'n bh—freumh ceudna
Hoel no Howel, tá againn “Powel” a's clann
Hoeil no Héil, no MacHéil, in Gaedhilig.
“Cad é an mhaith a tá in ainm” — deir an file
— “tá baladh air rós, gidh go nglaoidhthear
ainm eile air.” Mar so bhí se leis an
leanbh óg so. Gidh gur ó bhunadh na Brea—
taine muintir a athar agus a shean-shinnsear,
d'éirigh go nadúrdha in a chroidhe fuiath air
na daoinibh agus air an tír a'r bh'as iad, de
bhrigh go righneadar díoghaltas air a thír
dúthchais féin.
De thaoibh a mháthar, do bhí aici mar athair
Tadhg Ua Maoilchiaráin, mac Bhriain, mic
sean-Bhriain a tháinic féin de shlioct
Mhaoilciaráin noch do bhí 'na g-cómhnuighe
tri céad bliadhain ó shin i g-Condae
Dúin-nangall. Do thárla so i lár na
seachtmhadh aoise deug 'n-deigh geinte Chríost,
in aimsir Chromuill, no b'fhéidir roimhe sin
'nuair cuireadh cruadhtan air na Catoi-
licighibh chum a n-díbirte as Dún-nangall.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11