Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Fíbín

Title
An Fíbín
Author(s)
In eagar ag Colm Ó Gaora,
Pen Name
Gruagach Bán, An (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
Ó Gaora, Colm
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaeilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN FÍBÍN



RÉAMHRÁDH.



Seo chugaibh “An Fíbín,” sean-amhráin do bhailigh mé díbh
ar fud na tíre. Tá Gaedhilge bhlasta ionnta, nó
muna bhfuil, is orm féin atá an locht. 'Sí seo an chéad
leabhar do sgríobh mé dhíbh, a Ghaedheala, agus tá súil agam
go bhfuil na mílte fáilte agaibh roimpi. Tá mé ag
soláthar na dara coda, & is geárr go mbéidh sí againn.



“AN GRUAGACH BÁN.”


L. 2


BRIGHID BHÁN NA gCARAD



I.



Tá dúthaigh mhín mhilis ag Brighdeoig taobh thall de'n tsruth
thiar,
Le go bhfásann an t-ubhall cumhra ar a mbaintear faoi dhó
'sa mbliadhain,
Tá na ródóga meala ag na beachain gach ceárd de'n tsliabh,
Go bhfuil an siúcra donn craithte ar a mblasann Brighid
Bhán de bhiadh.



II.



Má tá mise folláin, céad faraor! budh mhór an sgéal,
'S a liachtaighe bean deas a thug taithneamh do ghlór mo bhéil;
Dá mbeadh sé ag cur sheaca, ag cur shneachta as gach ceárd
de'n spéir,
Mo dhá láimh a bheith thairsti, ní bheadh orainn brón go héag.



III.



A Bhrighid Bhán na gcarad, tuig feasta nach súgradh é,
Le go dtug mo chroidhe gean duit, ar mo mhalairt ná
diúltuigh mé;
Ó thug mise taithneamh do glórthaibh binne do bhéil,
Is mór tá mo ghean ort thar a bhfacas de mhnáibh an tsaoghail.



IV.



Rachad go Sasanaibh go gceannuighe mé gáirdín ubhall.
Béidh long a'am ar fairrge le hagaidh a bheith 'déanamh
spóirt.
Filleamhaint ó Shligeach le lide ar bith fhághail de chóir,
Ní stadfainn faoi bhealach go mblasfainn do phóg mo stóir.



V.



A Bhrighid Bhán Thomáis Mhurchadha, molaim-se leat an réim,
Le gile, le finne, le deise, 's le áilne méin;
Do chúilín breagh triopallach fighte 'na dtrillsibh óir —
An té bheadh gan amharc do dhéanfadh sé soillse dhó.


L. 3


VI.



Is milse póg Bhrighdeach 'ná uisge Loch' Éirne ar fad;
Ná an chéad sgoth de'n chruithneachta, 's í fuinte as súgh
mil bheach;
Tá an bhrághaid aici is gile 'ná an eala 'na luighe ar nead,
'S gur le n-a comhrádh ciuin cliste 'sead mheall sí na
céadta fear.



VII.



Nach deas an rud eala, nuair a bhíonn sí ar tuinn ar snámh;
Ní deise ná an smóilín 's í go ceol-bhinn ar bhárr na
gcránn.
Ní dóighe do'n uisge seo tuitim 'ná intinn mná,
'S de fhear gan aon mhisneach nach rithfeadh naoi n-uaire an
fháill?



COINNLEACH GLAS AN FHOGHMHAIR



I.



Ar choinnleach glas an fhoghmhair, a stóirín, 'seadh dhearc mé
thú,
Budh deas é do sheasamh 'mbróigín, 's budh ró-dheas do
leagan súl,
Do ghruadh budh deirge 'ná an rósa, 's do chóitín a bhí fighte
dlúth —
'Sé mo thruagh gan mé 's tú pósta, nó ar bhórd luinge ag
dul anonn.



II.



Chuir mé litir sgríobhtha ag mo ghrádh geal, is casaoid
chruaidh.
Chuir sí a'am arís í, 's a croidhe istigh comh dubh le gual.
Léigh mé í go cúramach, 's na deora ag tuitim lem' ghruaidh;
Acht mí ní bhéidh mé beó, mara bpósaidh mé ainnir na gcuach.



III.



Nach cuma liom-sa céard a bheas éin-fhear a luadh ná rádh?
Tiubhraidh mé cuairt is céad ar an taobh a mbíonn mo ghrádh.
'Sí cuaichín bhárr na gcraobh í, is géagáinín an bhrollaigh
bháin;
'Sí rún is searc mo chléibh í, — ní cheilfead é ar fhearaibh
Fáil.


L. 4


IV.



Cheannuigh mé buidéal réice dam féin 's do mo mhíle stór,
Le beannacht a chur léi, 'sí cúl craobhach na bhfáinní óir;
Braon níor bhlas a béal de, is mhéaduigh sin ar m'osna go
mór,
'S a chruithneachtáin bhan Éirinn, 'do dhéidh ní bhéidh mé beó.



AN BOC BÁN



I.



Dá bhfeicfeá an Boc Bán, cé go mb' áluinn an marcach
é 'tiacht,
Go síleann na mná gur breághtha é 'ná an ghealach, 'na
an ghrian;
Dheamhan finne ná breághtha ná áilneacht i bhfear ar bith
riamh,
Nach bhfuil páirt i mo ghrádh de, cé gur náir dam bheith
'caitheamh 'na dhiaidh.



II.



A Raghallaigh, a chéad-searc, nach dtréigfeá feasta na
mná?
Nach dtiocfá liom féin mar chéile ag baile go bráth?
Thiubharfainn duit féirín lá aonaigh is airgead bán,
Cead siubhail i mbróig éadtruim go haerach fá bharraibh
na gcránn.



III.



Dá mbéinn 'mo bhreac sáile, 's deas do shnámhfainn Cuan
an Fhir Mhóir,
'S thart síos go dtí an Báighe 'san áit i gcómhnaidheann
mo stór.
Muna mbeadh amháin, is tú b'fheárr liom ná bean ar bith
beó,
Ní'l triúr ar mo cháileacht ó Árainn go Conndae Mhuigh' Eó.



IV.



Déanfad teach mór, má's beó mé, ar an mbaile úd thiar,
Áit i bhfeicfead mo stór tráthnóna is maidin ag tiacht.
'Siad na mná óga do bhreóidh mé 's bhain díom mo chiall;
Acht mí ní bhead beó, má phósair an bhean dubh ó'n sliabh.


L. 5


V.



Tá siad d'á rádh gur tú sáilín socair i mbróig;
Tá siad d'á rádh gur tú béilín milis na bpóg;
Tá siad d'á rádh, a mhíle grádh, go dtug tú dham cúl,
Acht nár fhághaidh tú deágh-bhás, má fhághann éin-bhean eile
uaim thú.



PEIGÍN DEAS NÍ MHÁILLE



I.



Is buachaillín gan mhísg mé — tá grádh agam ar chailín óg;
Ní rún dom sgaramhaint choidhche le mnaoi ar bith thug dam
póg,
Acht ní fhaca mé mo rún anois le bliadhain is ló,
Acht is luath liom pósadh dhéanamh — tá m'aois le caitheamh
fós.



II.



Buachaillín deas óg mé 'bhfuil a stór ag an bhfear gan chiall,
Do chineál daoine ar fóghnamh mé 's go leór aca fairsing
fial.
Níl locht ar bith ar phósadh agam, acht is brónach a bhíos fear
'na dhiaidh.
Mo chrádh, má rachaidh a stór leis ar nós ar bith go gcaith-
eam bliadhain.



III.



An bhean a dtug mé gean di — 'sí m'annsacht í is grádh mo
chléibh —
Tá a súil mar dhrúcht an tsamhraidh 's a cneas mar shneachta
sléibh' —
Ní milse siúcra cannda ar bhrannda 'ná póg a béil:
Go mb'fheárr liom í ar gann-chuid ná lán chnuic de bhuaibh
mar spré.



IV.



A Pheigín deas Ní Mháille, is tú chráidh mé 's bhreóidh mo
chroidhe, —
Is tú an bhean is gile geárla, a bháin-chneas an bhrollaigh
mhín;
Saidhbhreas Ríogh na Fráinnce, 's fághaim é do spré le
mnaoi,
Do mhalairt féin níor bh'áil liom — is tú an plánnda d'á
dtug mé gnaoi.


L. 6


AN tSAL-CHUACH



'Sé Paidín Seoighe an ceárdaidhe —
Bheirim féin an bárr dó;
Mar is ró-mhaith é ag cur ádhmaid le chéile;
Rinne sé glan-bhád dam
Fuair moladh ó na táintibh,
Is innseocha mise páirt díbh d'á tréithribh.
Sheól sí amach go teánn
In-aghaidh fairrge 'gus gála,
Is ní'l amhras orm nach bhfliuchfadh sí na réaltaí.
Dheamhan bréag 'n-a bhfuil ráidhte,
'S a mhéid a dhein sí 'cháthadh,
Nach dtagann sé 'na bháistigh as na spéarthaibh!



Ar choimirce Dé is Mhic Duach
A chuir mise an tSal-chuach —
'Sí an bád is deise múnla í d'á ndeárnadh.
Tá an sonas ar na sluaightibh,
Ó sheol sí ar na cuantaibh,
'S tá an fóghmhar seo 'tiacht suas go rígh-áluinn
Tá bád an iarla buailte aici,
Siúd is na sluaighte,
Is an chuid is feárr do húcairíbh Chinn tSáile;
Gur'b é deir Máirtín Breathnach liúm-sa
Nach raibh aon tsuim aige 'na cúrsaíbh
Acht oiread le geall púcáin as Beárna.



Droch-bhlas ó na táintibh
Nach dtagann ins an láithrigh,
Go bhfeicfeadh siad a frámaí le chéile;
Gur geall le obair plána
Gach uile mhíle báll di,
Is sgaracha a cuid ádhmaid níor léir duit.
Acht nár fhágha mé choidhche bás;
Go bhfeicfidh mé an lá sin
Go ndéanfadh a mhac bád dam d'á tréithribh —
Cleith ná maide rámha
Níor iarr sí riamh ar sáile,
Go mbadh chuma léi 'na bháistigh é nó 'na théaglaigh.


L. 7


Lá na gaoithe móire
Bhí mé innti ag seóladh 1
Is béidh cuimhne againn go deó ar an lá úd —
Ní bhéidís ag Ceann Bóirne
Le rachmaill a gcuid seól,
Nuair a bheadh bláth na hóige istigh i nÁrainn,
Nuair a cuirtear flít Ríogh Seóirse
Ar a luighe aige le teánn fórsa, 2
Siúd é an uair is spóirteamhla an máighistir;
'Sé dubhairt sé liom go dóchasach,
“Lom isteach an sgód —
Ní hionann bláth na hóige 's na báid sin.”



Tá Briartach Chúige Mumhan
Is Mac Con Mara fúithi 3
Ag tiacht go Cloch an Róin ag féasta;
Tá tighearnaí Bhaile Átha Luain,
'Gus Iarla bhun na Mumhan,
Lampairneacha, is b'rúinte na hÉireann.
Tá geallta go rígh-uaibhreach
Curtha as an tSal-chuach,
Mar is sgaptha atá a clú ar fud na hÉireann.
Go gcuirfinn fiche púnt
Le bád ar bith ar cuan,
Gur'b aici bheadh tús tiachta 'un céibhe.



SLIABH UÍ FHLOINN



Dá mbeadh cúpla bó ag mo stóirín, is deas a sheolfainn
iad;
Níor bh'fheárr liom áit d'á seolfainn iad ná amach go
Sliabh Uí Fhloinn,
An teach nach bhfuighmís lóistín ann, ná raibh sé rómhainn
arís —
Dheamhan a feárr liom beó bocht — táim tuirseach de mo
shaogal.



Cé'n fáth nach dtagann tú is fál a chur ar an bpáirc a mhill
tú aréir?
Má théidheann na ba 'san bhfásach, is fánach ar an bhféar;
Tá cránn amuigh 'sa ngáirdín ar a bhfásann an bláth séimh,
Is nuair a baintear an bárr de, go bráth ní fhásann sé.


L. 8


'S iomdha lá breágh aereach bhíos ar thaobh an chnuic úd thiar,
Ag breathnughadh ar gach taobh díom, 's ag féachaint ar mo
mhian,
Dá mbadh liom-sa Dúthaigh Phaorach 's í go léir faoi bhuaibh
is laoigh,
Is duit-se féin a bhéarfainn é, 's mé féin 'mo chéile choidh'e.



Go dtagaidh an tuile bháidte ar na gamhnaibh d'ith an féar!
Go dtagaidh cruas an Mhárta ar na máithreachaibh d'á réir!
Go dtagaidh arraing an bháis tré do lár, a stóir mo chléibh!
An rud a d'ith tú, nár fhághaidh tú é, a bhean shásta, le do
shaogal!



Brón go deó ar an eallach, mar is rud é tá neamh-bhuan —
Is feárr go mór an t-airgead, 'sé an t-earradh tá go
buan;
'Nuair a thiocfas lá an earraigh, ní bhéidh lagar air ná
truaigh,
Gur'b é chuirfeadh bróga deasa orm, is hata os cionn mo
chluas.



BRIGHID MO RÚIN



Nach truagh Mhuire mise lá 'le Pádraic is mo theanga chomh
bán le cailc,
'S a liachtaighe cailín deas mánla ó Ghaillimh go Bárr na
Nead,
A thiubharfadh dam póg is fáilte, is chraithfead liom lámh i
gceart;
Acht ó thárla anois ag fághail bháis mé, nach galar gan náire
an tart?



Tháinig mise isteach ag mo mháithrín 's mo bhalcaisí báidhte
fliuch:
“Ach! oidhe, a mhicín na páirte, cé raibh tú ar snámh indiu?”
“Is cuma sin duit, óra, a mháithrín — ní bhaineann an cás seo
dhuit,
Acht go ndeachaidh mé i gcontabhairt mo bháidhte, leis an
chainnt a dubhairt Máirín liom?”


L. 9


Rachaidh mé amach faoi na sléibhtibh, chomh giobach le caora
ghlais;
Ní bhainfead an fhéasóg seo dhíom-sa, go bhfásfaidh sí míle
ar fad;
Déanfaidh mé cuilt de mo bhríste a mhairfeas le linn na
bhfeart,
'S mara bhfuighidh mise bean ar an gcaoi seo, tréigfidh mé
an saogal ar fad.



Nach truagh gan mise is mo chéad searc ar mhullach an
tsléibhe thuas,
Gan duine ar bith eile 'nar dtimcheall acht an sneachta d'á
shéideadh a dtuaidh;
Shuidhfinn annsin le n-a taobh síos, 's 'na timcheall ní
léigfinn fuacht,
Go mbainfinn póg mhilis d'á béilín, do chuirfeadh na céadta
'un suain.



Éirigh is cuir ort do chuid éadaigh, is crapfaidh mé féin do
chúl;
Cheithre bhó bhainne do spré dhuit le bean ar an taobh ó
thuaidh,
'S gur glas iad na cnuic is ní féarmhar is fill orm féin, a
rúin;
Má's roghain leat mise ná an mhéid sin, ná an solus 'san
réalta sguab.



Óró, a Bhrighdín, a rúin is a chéad searc, tara 'gus éaluigh
liom,
Fág do chuid gaolta i nÉirinn, is rachad do'n Ghréig amach.
Do shaothróchainn arán agus tae dhuit — caifé, fíon, méad,
agus rum;
'S ní fheicfidh tú bliadhain ded' laethibh, go mbéidh carr agat
's b'fhéidir long.



Do b'fhíor go siubhalfainn leat Éire mar bhí mé gan chéill,
mo chreach!
Acht má dhein tú mo mhalairt de chéile, ní béidhmid i
n-éinfheacht acht seal,
'S réir mar aithnighim do bhéasa, is thuigim do mhéin i gceart,
Ní'l tusa acht ag magadh fúm féin — ná raibh ort an séan,
má's eadh!


L. 10


CUAICHÍN GLEANN' NÉIFINN



Tá na bainseóga seo go cumhra, is ní luigheann an drúcht
ortha ná an teasbach.
Nó go dtagaidh an samhradh gléigeal, béidh mil ag téacht
ann ar bharra chranna.
Tiocfaidh smúit ar na réaltaíbh, ar an ngréin, 's ar an
ngealaigh,
'S ar amharc mo shuile féin nach léir dam an bealach!



An chuaichín atá i nGleann Néifinn nár fhéad mé 'riamh a
mealladh,
Má's í a máithrín atá 'na déidh orm, deireadh saoghail aici
as an mbealach;
Á! b'fhurust aithinte dham an lá úd nár fhuasgail tú na
geasa,
Nuair a chuaidh tú ag baint na luachra, nach raibh do rún
a'ad ag teacht a-bhaile.



Fágfaidh mé an áit seo, mar tá sé 'na chír thuaithbhil,
Is leanfaidh mé mo ghrádh geal gach uile cheárd d'á
bhfuighidh mé a tuairisg.
'Nois ó tá mé ag dul thar sáile, 's ar an tsráid seo ní
blaoidfear m' ainm,
Acht slán is beannacht Dé le 'bhfuil 'mo dhéidh de na mnáibh
deasa.



Tógfaidh mé mo sheólta go Dúithch' Sheoigeach ar maidin,
Ar chuairt ag mo mhíle stóirín nár fhág riamh an baile;
Pógfaidh mé í, 'gus deórnfaidh mé 4 síos a béilín meala;
Ní léir dam ag dul an ród í, tá na deóra do mo dhalladh.



AN FIGHEADÓIR CLISTE



Ins an tsean-aimsir bhí figheadóir ann a bhí an-chliste.
Fear mór caol árd a bhí ann leis. Bhí sé dathamhail láidir,
misneach mór aige, & súil aige go mbeadh sé saidhbhir
fós. Phós sé bean dhána cholgach fheargach channtalach. Ní
riabh a leitheid le fágháil i n-aon áit ar fud na hÉireann
'na ham féin. Le linn na haimsire bhí mac aca, is, mar ba
gnáthach, 'sé an áit i mbíodh an cliabhán ag an bhfigheadóir ag


L. 11


na maidíbh cos nuair a bhíodh sé ag obair, & an bhean ag
déanamh a gnótha féin ar fud an tighe. Aon lá amháin a
bhí sé ag obair, & cad a d'éirigh do'n fhigheadóir acht an
smól a thuitim as a lámhaibh uaidh síos ar an gcliabhán. Bhí
an leanbh ag an mnaoi 'san am céadna, acht má bhí féin,
chonnaic sí céard a thuit amach.



“Ach, ochón!” ar sí, “dá mbeadh an leanbh 'san gcliabhán
anois, cad a bheadh againn? Bheadh a chorp againn, a rud
gan stuaim gan dada dh'á thabhairt, ní dhéanfaidh tú aon
phioc maitheasa coidhche,” ar sí, agus dubhairt sí a thuilleadh
nach bhfuil annseo.



“Muna bhfuil mé acht mar thug tú cáil anois orm,” ars'
an figheadóir, “béidh 'fhios sin agad gan mórán aimsire ar
bith.”



Maidin ar n-a bhárach d'éirigh an fear, & as go bráth leis,
thré chnuic 'gus thré ghleanntaibh, & é ag rádh, “Ní fheicfidh
sí mise arís go bráth, ní fheicfidh sin.” Bhí sé ag imtheacht
& ag síor-imtheacht. Do bhí an oidhche ag teacht, & is gearr
go dtáinig sé i dtigh nach raibh ann acht sean-fhear & sean-
bhean. Chuir siad fáilte roimh an bhfigheadóir, & d'fhan sé
'na bhfochair seo ar feadh bliadhna.



Bhí cráin mhuice 'san tigh seo, & dar fiadh má bhí, bhí gean
mór aici ar an bhfigheadóir, & má bhí gean aici air, bhí a dhá
oiread geana aige-san uirri-se.



Bhí an figheadóir 'na cheann mhaith dí. Ní bhfuigheadh an
figheadóir proinn ar bith nach dtiubhradh se greim nó dhó
do'n mhuic. Is gearr nach dtéidheadh an figheadóir i n-aon
áit nach mbíodh an mhuc cois ar chois leis. Níor bh'fhéidir
leis í chongbháil uaidh i n-aon chor.



Faoi dheireadh thiar thall rinne sé féin & an fear 'gus an
bhean comhairle le chéile, gur cheart dó-san an mhuc do
phósadh. Ghlac an figheadóir an chomhairle, is fuair sé chúig
phúint mar spré, & d'imthigh leis chum an phósta & an mhuc
'na dhiaidh aniar, acht má chuaidh, bhí 'fhios ag mo dhuine céard
a dhéanfadh. Bhí sé ag dul thar aonach, is dhíol sé an mhuc
an thrí phúint, & d'fhág sé an sean-fhear & a chéile siar &
aniar.



An t-am a dhíol sé an mhuc, d'imthigh leis. Bhí sé imtheacht
& ag síor-imtheacht, nó go dtáinig sé isteach i dtigh nach
raibh ann acht sean-bhean & í sáthach brónach, dar leis. Chuir
an tsean-bhean caint air & d'fhiafruigh sí, “Cé an áit
chomhnaidhe dhuit nó cé an fad a shiubhail tú?”



“Na flaitheasa is áit chomhnaidhe dham,” ar sé.


L. 12


“Muise, do chéad fáilte,” ar sise. “Ní fhaca tú mo
Sheaghán-sa ann.”



“Do chonnaic,” ar seisean.



“Bhfuil sé go maith ann?” ar sise.



“Bheadh sé maith go leór ann,” ar sé, “acht ní'l aon éadach
aige, agus dubhairt sé an uair a casfaidhe an bealach mise,
a rádh leat beagán beag eádaigh chur chuige, agus ní'l aon
bheatha aige freisin, acht an méid fhághann sé ó na comhar-
sanaíbh.”



“Dar fiadh, is maith an t-am ar casadh an bealach thú,”
ar sise. “Mar tá corna maith bréidín agam annseo, agus
mála mine coirce, 'gus croca ime. Is féidir leat iad a
thabhairt chuige leat, agus mo sheacht míle beannacht, agus
tá sean-ghearrán bán annsin thíos, agus cuir ar a dhruim
iad agus b'fhéidir go ndéanfadh siad maith dhó.”



Rinne an figheadóir mar dubhairt an tsean-bhean, agus
as go bráth leis ar dhruim an ghearráin, agus a chuid
earraidhe aige. Bhí sé ag imtheacht go raibh sé 'na mheadhon
lae, agus dá dhonacht an gearrán, b'fhearr é ná na cosa.
Is gearr a bhí sé mar sin féin go bhfaca sé 'na dhiaidh dhá
ghaisgidheach mór láidir agus iad ag cur díobh go tréan.



Bhí an figheadóir i gcruadh-chás anois, mar bhí 'fhios aige
gur dh'á leanamhaint a bhí an bheirt. Is gearr a chuaidh sé,
nuair a casadh coill mhór leis, agus ag mo dhuine bhí 'fhios
cad a dhéanfadh. Chuaidh sé isteach innti, chuir sé an
gearrán i bhfolach, & a chuid earraidhe, agus chuaidh sé féin
ar a dhá ghlúin faoi chrann mór. Is gearr go dtáinig an
dá ghaisgidheach suas chuige, agus d'fhiafruigh de céard a
bhí sé a dhéanamh.



“A dhaoine, dá mbeadh 'fhios agaibh, chonnaic mé iongan-
tas chomh mór agus chonnaic aon-dhuine riamh. Chonnaic mé
an t-aer ag fosgailt, & sáitheadh anuas dréimire, & siúd é
an dréimire a raibh an fad ann. Is gearr 'na dhiaidh sin,
go bhfaca mé capall bán agus ualach mór uirri, agus fear
'na diaidh aniar, ag dul suas ó chéim go céim, agus anuair
a bhí siad thuas, tharraing an fear céadna, sháith anuas é
suas an dréimire, agus sin é an fáth a bhfuil mé ar mo dhá
ghlúin annso. Cheap mé go rachadh an domhan go léir suas
ins an bpoll, bhí sé chomh mór sin.”



“Is dócha gur fíor é an sgeal,” ar siad-san, “agus ní'l
aon ghnótha againn dul níos fuide,” is d'imthigh siad a bhaile
trom tuirseach, acht ní mar sin do'n fhigheadóir, d'imthig
leis a bhaile, le n-a hocht bpúint, agus leis an ngearrán, is


L. 13


na hearraidhe eile. Bhí míle fáilte ag an mnaoi roimhe, agus
ní raibh aon chaismirt aca ó shoin amach.



IMIRCE NA nGAEDHEAL



Seo giota nua-dhéanta ar “Imirce na nGaedheal,” mar
thárla dhóibh thall an bhliadhain míle, naoi gcéad, agus a
cúig. Badh ró-olc an bhliadhain í, agus tá an t-amhrán ag
iarraidh cosg a chur ar an muinntir atá ag dul anonn,
agus tá ag tabhairt a n-aighthe ar an Oileán Úr, seo é mar
leanas —



A mhuinntir na hÉireann, tugaidh cluas do mo sgéal,
Beagán atá le n'aithris a'am i dtaobh imirce na nGaedheal;
Fágann siad an baile amach, as a dtír féin,
'S ní thagann siad ar ais, na céadta aca, go héag.



Is mór an chumha atá agam-sa i ndiaidh muinntire na
nGaedheal,
Ní mó 'ná tá aca-san ag fágáil a dtíre féin;
Tugann siad cuireadh do na comharsanaíbh an oidhche úd go
léir,
'S bíonn ceol aca gus damhsa amach go maidin an lae.



Ar maidin an lae sin, téidhmid leó go dtí an chéibh,
'S feicimid na céadta an lá úd, nach dtiocfaidh go héag.
Bíonn bratacha aca i n-áirde ag sgaramhaint uainn féin,
Is sinne go fíor-chráidhte ag fanamhaint i n-a ndéidh



An mhuinntir seo atá ag imtheacht as an tír anois,
Is fearr dóibh comhairle ghlacadh agus fanacht i bhfus.
Mar tá na céadta is na mílte 'san tír thiar úd faoi sgrios;
Nach bhfuil aca acht scuabadh, 's badh mhíle feárr leó bheith ar ais.



A dhaoine mo chroidhe, a cháirde, 'gus a ghaolta go léir,
Comhairle tá mé a thabhairt i n-aisge dhíbh, is glacaidh uaim é,
Fanacht 'san mbaile 'n-ar dtír dhúthchais féin;
'Gus gan a bheith ag imtheacht anonn ag iarraidh na déirc'.



BÁIDÍN SHEAGÁIN UÍ NÉIDH



Bheirim mo sheacht míle beannacht do gach fear ná bean 'sa tír,
A gheobhas mórán cainte do bhád seo Seagháin Uí Néidh;
Tá siad ag fághail cainte dhi, ó rinneadh a dhá taoibh,
Is níor fhan aon choiscéim siubhail aici gur bheannuigh an
sagart í.


L. 14


Ag dul síos an Daingean dúinn maidin ghaoth anoir,
Bhí na báid an uair seo ag Cor an Chaisleáin soir;
Ar an mbord ag Carraig a' Mhatail 'seadh bhíomar os a
gcionn,
Go raibh sí feistighthe istigh i nGaillimh sul dá rabhadar ag
Gob an Chinn.



D'éirigh mise an lá úd, is bhí an bád i mbárr an chuain:
“Ó éirigh suas, a Sheagháinín, tá do bhád breagh buailte, ar
ndóigh!”
“Éirigh suas, a Pháidín, agus croch na trí seóil,”
Is líonamar i n-ein-fheacht í, amach faoi chéibh Niomó.



Bhí báid na fairrge an uair úd siar ag Gob a' Chinn faoi
sheól,
Thugmar bord beag chum na fairrge 'gus siar faoi'n
gCarraigh Mhóir
“'S a Pháidín, ná bíodh faithchios ort, níor cháill sí coiscéim
fós,”
Acht gur'b é dubairt sé, “Iomchair uirri é, 's ná craith a
cuid cinn-seól.”



Chaith mise trí leith-bhliadhna i mbád seo Sheagháin Uí Néidh,
Ní fhaca mise fear ar bith níos flaitheamhla ná é,
Bhí fuisgí 's fíon go fairsing againn, 'gus gan caint ar bith
ar mhéad;
Sin is neart tobac againn, & beatha mhaith d'á réir.



Shiubhail mise Acaill, 'gus thart na cóstaí siar,
'S ní fhaca mise bád ar bith a rachadh os a cíonn;
Dá mbeadh a'am dá phúnt ime le cuimilt faoi n-a dhá
taoibh,
Go dtiubhradh sise an geall léi gac ceárd d'á seólfadh
sí.



Rinne sé droch-mhalairt istigh le Tomás Mór,
'Nuair a thug sé amach a bhaile í, 'gus laigheaduigh sé a cuid
seol;
Chaoluigh sé ar a cránn, is phlánáil sé ar a cránn sgóid,
Acht mo ghrádh thu, a Sheagháin Uí Néidh, is tú bhainfeadh an
siubhal as na báid.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services