Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tegasc Flatha.

Title
Tegasc Flatha.
Author(s)
Mac Dáire, mac Bruadín, Tadhg,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 352


TEGASC FLATHA.
Tadhg Mac Dáire, Mac Bruadín
no
Mac Bruaidedha
ro chan



Mór a tá air thegasc flatha
Aige techt degh-ratha
Cuir righe an egar, madh áil,
Legadh tíre no togbháil.



Os do réir na neith do ní
(Móide is integaisc árdrí)
Ticc les no amhles an fhuinn,
Bés ní h-anbhés a n-abruim(1)



Ticc do'n rígh, radh go ffiadhain(2)
Mádh é do ní nemhriaghail,
Cur cháich go léir tar a les,
Ní h-é fein amháin mhilles.



Teirce, daírse, díth ana,
Plagha cogtha, conghala,
Dimbuaidh catha, gairbhshín, goid,
Tre anffír flatha fásoid.



Ag lenmhuin rígh do'n recht cháir
Ticc arís, (ríghdha an édáil)
Sgeith gach lántoraidh ré a linn,
'S gach leith d'fántolaigh Fhéilim.(3)



Ith i ttalmhuin torcair cuan,
Eisc a srothaibh sín nemhfhuar,
Aige a tá, acas tairthe sédh,
Le'r fflaith-ne trá go ttuillter.



Línfaidh fós, madh feirrde leis,
Sretha luchtmhara loingeis,
Trácht inbherthe an mhara mhín:(4)
Rágha is inbherthe d'árdrígh.



Les tuatha o thárla air a láimh,
Tegasc flatha ní fuláir;
O's é a n-dingne aan rí do recht
Do ní inmhe d'á oireacht.



Ge mádh oirches do gach aen
Tegasc rí fa recht nemhchlaen,
Is mó is fiacha é air fhilidh,
Le a thriath ó 's é héistfidhir(5)



Tegasc flatha is feidhm filidh,
Fogradh air na h-andlighidh;
Dá santoighe céim tar chert,
Gan méin n'antoile d'eistecht.



Gach rí riamh o ré na sen,
Do bhí leis lenán filedh,
Os cinn fir-fheithme an iúil ghlain
Stiuir dhíreighthe dh'á dhúthaidh.



Mar do chuaidh do'n ríghraidh riamh,
Briathra a ffiledh 's a ffáthchiall,
Go n-dechdar n-deghrígh-ne anos,
Nach nemhdhirighthe an bhreth bheros.



Mar do chuaidh tegasc Tórna, — (6)
Go n-dech dighrais n'ealadhna,
D'ua na m-Brian ó deghchlár dar — (7)
Air Niall fa dáltan dasan.



Go m-badh cosmhuil is mar do chuaidh
Tegasc Chormaic, (8) an chéd-uair,
Do char áirde air fonn Echaidh, (9)
Air Chairbre lonn Lifechar.



Ro b'inann gréim ghebhas sin
Is tegasc fírghlan Fithil, (10)
(Nír fhaith maíthmhenma do'n mhac,)
A raith claín-Temhra, (11) air Chormac.



Go ttig ar n-glór red ghruaidh ndathaigh
Mar thegasc Cuinn chett-chathaigh, (12)
'Sa gég úr an uathaidh slúagh
A múr Chruachain o Chithruadh.



Go m-badh cosmhuil 's cuid do'n rath
Fuair Ferádhach finn fachtnach,
Sa Lán d'á roith-ráidhibh ruinn
Tré ghlór mhórchille Mháruinn. (13)



Go tti mar táinic astech
Do'n rí, do Labhradh Loingsech,
Cladh fhinedh nemhriatha a nert,
Degh-bhriathra an fhiledh Ferchert (14)


L. 353


Buaidh ríghraidh rátha Lagha (15)
Go mbí air mhach mhic Dhonnchadha,
Drem le'r mínighedh mór ffonn,
Tre glór righ-fhiledh romham.



D'Iarla ua TTail, (16) fá'n toirthech fidh
Mninfidh misi, ó's dím dlighthir,
Grinn-bhertha, as a ttilfe a thír
Slighthe is inlenta d'árd-rígh.



Bídh nách ba dhalta dhomhsa
In tí is árd-fhlaith ormsa,
Ar ttriath-oighre ó a tá air ar ccosc,
Dar ffiacoibh-ne tré a thegosg.



O fuair cennas os cloinn Mhodha (17)
Donchadh ua Briain Bóramha (18)
Na bídh an imaithfir air
Ag síl finn daithghel Fhiachaidh. (19)



Tuille dhóibh le fír flatha,
Buaidh n-gliaidh, nert is nemhthacha,
Rogha sín, mór-thoirthe mes,
Torchairthe, síth is suaimhnes.



Mo ghlór rit, a rí Luimnigh, (20)
Tar gach ní ná nemhchuimhnigh,
Nar ab dáil dermaid se ar n-dáil,
A lamh derlaicthe an domhnáin. (21)



Tuig a chumhachta os do chinn,
Follamhnaigh dhó fád dhíthchill,
Bídh ad chrídhe, cidh b'é bhes,
An tí a ffuil a fflaithes.



Ná tréig coidhche cechtar dhíbh,
Serc is omhan an árdrígh,
Tús gach fír-egna is é sin,
Sír-egla Dé air na daínibh. (22)



Cuir do dháil gach laí 'n a leith
Agaill co díchra an díchleith, (23)
Im gach ní bhus oire ort,
An tí ó a ffoighe furtacht.



Na rith do réir do thoile,
Bídh gach laí, a Fhlaith Bóraimhe,
Cuis an phobuil air th'aídh;
Ní h-obair dhuine dhímhaín.



Ní bí réidh fa chúisibh cháigh,
O's dít dlighther iad d'edráin, (24)
A ghnúis réidh is réidh tabhach,
'S fád chúis féin co frichnamhach.



Ná tug d'imirt 'ná d'ól fledh,
D'fhonn ceoil 'ná chaidrebh maighden;
Sín doibherta cháigh re a ccert,
Gan dail t'oirechta d'éistecht.



Air ghrádh, air umhan, 'ná air fhuaith
Ná beir, bí ad bhreithemh nemhluaith,
Breith nár chóir, a Dhonchadh, dhuit,
Air chomhthaibh óir ná arguit.



Bídh imad, éist a ffuighle,
Lucht féchdha cús cómhairle,
Gan egla a sároighthe sin,
Lán-fhoirse d'egna is d'aimsir.



Go m-badh línmhur lucht do dhúin,
Go m-badh uathadh t'aes comhrúin;
Mór do lucht gach gel-mhúir ghlain
Nách lucht deghrúin do dhénaidh.



Caith ailghine re t'oirecht;
Caith onóir re t'fholoighecht;
Do'n t-síl mér-Chaise ó'n maith troid,
Caith nemthaisi red namhoid.



Ná fill faebhar do rechta
O nech d'uaislibh t'oirechta:
Do chrích ghég-Fhódhla is é a am, (25)
Go m-be an chéd-fhógra air comhall.



Red charaid dá ccuirid ort
Bí trén go techt an umhlocht.
Air thaithlech da ttí bidbha,
Bí go maithmhech muinterdha.



Bídh gnúis dhordha ag dul n-gliaidh
let, a chuinghidh clann shaír-Bhriain,
Is gnúis nemhdhorcha air fédh 'n-óil
Le n-dhegh-ronnfá air fher th'onóir.



Go fraechdha re fer foghla;
Go tais le haer eladhna; (26)
Bídh do nuaidh-dhrech thigh thromdha
Go suaimhnech d'fhir th'agallamha.


L. 354


Árd a n-gnímh, ísel n-uaille,
Fosaidh re h-ucht n-anbhuaine,
Bidh do mhenma a mheic inmhuin
Ferrdha a n-gleic 's a n-guais irguil.



Na caill t'icht, ná h-ob do riar, (27)
Na leig t'oifig d'fir anmhian,
Tig, a Rígh, amhriar idir
Do thír d'ainmhian oifigidh.



Na taircc, a fhlaith Léime an Chon, (28)
Dul gan fír catha a ggogadh,
'S na maith cáir a ggomha síth
Madh ail gan dol a n-dimbrígh.



Srian réd thoil, ná tar go dian;
Fulaing air uairibh t'amhriar;
Budh goiride tír dod thol
Sín t'fhoighide re t'uabhor



Comholl béithre, briathar mall,
Túrnamh dímsach, dín anffann,
Smacht air chaibhdenibh, ar síth,
Is bladh d'airdhenaibh árdrígh.



Ge m-badh lia ná ar labhair sinn
Tegasc agam ad oirchill,
Biaidh lim an t'aithghell tar m'éis
Aithgherr is ferr an fhaisnéis.



Ní mholabh, a mheic m'ochta,
Tusa ge a taí inmholta,
Dod dheirc ghoirm, ríghdha a tá um a thost
Go ccomhlína tu ar tegosc.



Ní mholadh go ttí air mo tshal,
Géga an chnis 'no an cnes donghlan; (29)
Niamh chroinn is nemhchumhga fidh
D'fialchoill ghel chúbhra Gaídhall.



No an ghruadh go ccrithir ccerdcha,
No an rélta ruisc choinnelta,
No an bél dédbhán, air snuadh sugh
'Gán buan an chéd-rádh cantur.



Léifidh dím gan techt tairrsi;
Go ccomhlína a ccanaimsi;
Nuadh-bhráighe, is a niamh mur lil,
Rian an fhuar-mháille 'n a himlibh. (30)



Ní mholfa mé, gebhadh gell,
Donghlaca is dírthe foirenn,
Meóir loinnerghela ag breith báir
Tar shreith n-doinn ingnedh n-igháin.



Ná an t-ucht bláith briser d'airmrinn;
No an taebh seghdha socair-shlim;
No an ghlún dath-ghel, choncair, chorr;
No an chorr-throigh athlamh, éttrom.



Ná an mhenma chobhsaidh, chaithmhech,
Nemhthréith, ésgaidh, innsaighthech,
Soirbh, mer, laechdha, air mhéin a m-bloid
Réidh, nemhfhraechdha acht re namhoid.



Molfa meisi, is ní me amháin,
Sibh a ghruaidh chorcra, ghnúis náir,
Dá n-derna a n-dubhramar sibh
D'fonn-rannaibh lebhra laídhibh. (31)



Molfaid grian laethe is glór én,
Molfaidh úir uisce is aiér,
Deghmholfa gach dúil fá nimh
Do shúil nemhdhocruidh, náraidh.



Biadh dord bech os bárraibh fedh,
Biadh lúgh brec air fuid n-inbher,
Ad chómholadh ag cur lem,
Is tromfhoghar n-damh n-dílenn.



Biadh an rí 'gá rádha ribh,
Biadh an file 'san féinnidh,
Nách fuighthe, a rí, d'aen nech d'ór,
Aen nech budh cuirthe ad chomhór.



M-O-R.(32)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services