AN GHAEDHILIG INS AN NAOMHADH AOIS DEUG.
Is aois iongantus an aois so: atáid uallaighe ag a d-tarruing ar bhóithribh, agus
talamh ag a treabhadh, le brighibh teine agus uisge; agus ar muir atáid loingeas gan fiu
an t-seoil ag imtheacht “I n-aghaidh na tuile 's i g-coinne na taoide,” agus i g-coinne na
gaoithe mar an g-céadna. Is féidir teacthaireacht i sgribhinn do chur timchioll na cruinne
arís agus arís i g-ceathramha uaire an chloig: agus is féidir le beirt caint do dhéanadh
le chéile agus leithead baile mhóir eadorra. Déantar iomhaighe do dhealbhadh le gaethibh
na gréine a smeide súl, agus soillsighthear bailte móra le solus electreach: agus mar
sin do chéad nídh eile; atáid siad ag a n-déanadh i módh do measfaidhe a bheith 'na dhraoigheacht
tamall o shoin. Agus ní h-é amháin go bh-fuil ealadhna nuadha ag a g-cumadh, agus neithe
nuadha ag a bh-fághail amach gach lá, acht fós atá an fhírinne ag a nochtadh i d-taoibh neitheadh
ar a raibh daoine in ainbhfios 'riamh roimhe so. Do saoileadh 'riamh gus an aois so go m-budh
teangtha comhghaoil an Eabhrais agus an Ghaedhilig, acht is eol do gach fear leighin anois
gur ab gaol i bh-fad amach atá aca le chéile. Is fios, mar an g-céadna, do gach
n-duine eolgach gur ab fogus é gaol ár d-teangan-ne do'n Laidion, do'n Ghreigis, do'n
Bhéarla, do theangtaibh na Gearmáine, na Fraince, na Spáinne, na h-Iodáile agus na
h-India Shoir. Is foigse, fós, do'n Ghaedhilig an Bhreathnais agus teanga na Breatainne
bige 'sa' bh-Frainc: agus is ró bheag nach í an chaint chéadna a tá againn féin agus ag
muintir thuaiscirt Albann. An fad do bhí Eireannaighe mar so a n-ainbhfios i d-taoibh a
d-teangan, do sgríobhadar mórán uirre do thug cúis maga fútha do luchd léighin, acht ó
fuaradh amach go cinnte fios a comhghaoil do na teangthaibh eile úd do mhéaduigh meas na
bh-fíor-eolgach uirre ar módh go bh-fuil mórán díobh anois i d-tíorthaibh coigcríche ag a
fóghluim. Is nidh iongantach dar n-dóigh ollamhain na Fraince, na Gearmáine agus na
h-Iodáile — na daoine is mó eolus 'san g-cruinne — a bheith ag fóghluim na teangan ar a
bh-fuil meas comh beag ag an droing d'ar ab teanga dhílis í. Ní furus an teanga so na
h-Éireann d'fhóghluim, go h-airighthe do'n mhuintir ná'r chualaidh focal dí ariamh ó bheul
duine. Atá fios gach fóghluma le fághail ag muintir na g-críoch úd a dúbhradh 'na
d-teangthaibh féin, cread fá, uime sin, a bh-fuil siad ag caitheamh a n-aimsire le tean-
gain coigcríche? Is mar gheall ar an mór-ionmhuis a tá i d-teangain agus i bh-fóghluim
na h-Éireann atá siad ag glacadh an duaigh so orra féin. Atá meas chomh mór sin
ag lucht an mhór eoluis ar na h-ionmusaibh láimh-scríobhtha a tá againne, go d-tig mórán
díobh go h-Éirinn ag fóghlunn Gaedhilge nuair gheibhid siad faill air a n-áit dul ar
lorg caitheam-aimsire, no fós, sláinte, mar an chuid eile de'n t-saoghal. Atá le ráithe
duine uasal o'n bh-Frainc, gan focal Béarla in a bheul, gach lá 'san Árdsgoil ríoghamhuil
Gaedhealach a m-baile Atha-cliath. Ní luaithe h-osgaltar na dóirse i meádhon-lae do'n
choitchionntachd má bhíonn se 'san teach astigh, agus ó'n tráth sin go n-dúntar na doirse
uim thráthnona ní theid sgith air acht ag leigheadh agus ag sgríobhadh Gaedhilge chomh
dithchiollach agus dá m-beidheadh a anam air.
Atá arís na h-árd-ollamhain so a g-críochaibh imchiana ag cur in eagar agus
ag craobh-sgaoileadh leabhar Gaedhilge, agus sinne ag a bh-fuil ualaighe de na leabhraibh
so ag dróghadh, gan duine againn ar éigin dar ab eol iad do leigheadh amháin.
A mhuintir na h-Éireann, an bh-fuil so creideamhnach duinn? Nach d-tiubhramaoid lámh
cunganta dóibh so atá ag iarraidh an droicmheas so do sgrios amach. Nach d-tiubhramaoid
lámh do'n droing ag iarraidh teanga bhur n-duithce do choimead beo, agus í do
mhúnadh do bhur n-aos-óg ionnos go m-b eol dóibh in a dhiaidh so an obair úd do dhéanadh a tá
anois ag a déanadh dhúinn ag na daoinibh a g-críochaibh eile. Ag so an dá ghnódh go ró
áirighte fá'r cuireadh ar bun an t-Iris so na Gaedhilge.
Léighfidh sibh 'san iris so a n-diu athrádh fada ró thabhachdach as an iris-nuadhachda
is mó comhachta agus is foirleithne do leighthear d'á bh-fuil ar dhruim talmhan — na h-Aimse-
ara (The Times). Adeir sgribhneoir an áilt so: “Atamaoid uile, Sagsanaigh agus
Ceiltigh ar aoin-inntin le Aondacht na Gaedhilge san nidh so :— budh maith linn uile go
n-déanfaidhe teanga na h-Éireann do bheodhúghadh. Is uaisle agus is luachmhaire teanga
duthcusach iná aon iarsma eile de'n t-sean-aimsir.” Ar a shon sin, adeir sé, is
dithcéille a tá ar an muintir a tá ag cailleamhuin a n-aimsire agus a saothair ag iarraidh
an teanga so do choimeád beó óir ní choimeádfaidh muintir beó dóibh í. In áit a bheith ag
déanadh a n-dithchill mar so go diomhaoin, budh céillidhe an nidh do'n Aondacht an Gaedhilig
do chur in íocaibh agus í do leagadh asteach a d-tigh sean-neitheadh éigin. Atá seod-
chomharthaidhe áille againn a d-tighthibh iongantus do'n t-samhuil so — seod-chomarthaidhe óir
agus airgid agus fionndruinge, agus mór-chuid díobh; agus is dóigh leis an ollamh so go
d-táinic an t-am chum teanga na h-Éireann do chur in a bh-focair súd. Acht atá againn
ualaighe de na leabhraibh láimh-sgríobhtha úd ar a d-tugaid lucht na fóghluma ionmhuis
agus saidhbhreas. Níor cuireadh in eagar fós acht fíor-bheagán díobh so; atá an chuid
eile dhíobh ag dróghadh 's gan seisear in Éirinn eolach ar iad do léigheadh amháin. Cread
déanfamaoid leis na leabhraibh so? Ní thabharfadh na daoine is mó eolus is na críochaibh
úd do luaidheadh linn cheana orlach dhíobh ar ór dá m-budh leo iad. An m-bronnfamaoid
orra iad, agus a rádh leo olc no maith a dhéanamh dhíobh? Cread deir sibhse, a mhuintir
na h-Éireann? Cuimhnighidh go m-b' fheárr míle uair iad do bhronnadh ar aon droing faoi'n
ngréin do dhéanfadh iad do craobhsgaoileadh iná iad do dhróghadh annso: agus ní bh-fuil
aon rogha eile againn, acht ár leabhra Gaedhilge do bhronnadh, a leigion dóibh dróghadh, no
teanga Ghaedhealach do mhúnadh d'aos óg na h-Éireann, go h-áirighthe ins na h-áitibh in a
bh-fuil sí 'na m-beul fós ag óg a's aosta. Tugaidh nidh eile fá deara fós: atá cuid de na
sean-leabhraibh so nach n-déanfar a thuigsin na do chur in eagar choidhce le h-aon neach
acht le duine éigin do labhair Gaedhilig o n-a óige.
Atá an duine uasal úd ó'n bh-Frainc do luaidheadh shuas ag aisdriúghadh Annála
Ríoghachta Éireann (Annála na g-Ceithre Maighistir) go Fraincís. In ráithe aimsire, ó
thainic sé go h-Éirinn, do chuir sé a g-clódh a b-Páiris cuid inmheasda de leabhar de na
h-Annálaibh so. A mhuintir na h-Éireann, feuchaidh ar so: bhur leabhra féin agus fos
mórán agaibh nach feas dóibh iad do bheith ann no as, d'á n-aisdriúghadh ó Ghaedhilig go
Fraincís agus d'á g-clódhughadh ann imigcéin, 's gan acht fíor bheagán agaibhse ionnamhuil
chum iad d'aisdriúghadh go Béarla.
Acht cionnas do múinfear d'aos óg na h-Éireann na sean-leabhra so do léigheadh
agus do thuigsin ionnus go m-beidís eolgach ar a g-cur a n-eagar agus a d-treas-
bhéarlughadh 'na dhiaidh so? Go furus? O Dhoire Choluim Cille timchioll go Portláirge atá
an Ghaedhilig in a m-beulaibh ag úrmhór na n-daoineadh. Atá, fós, mórán de na daoinibh
óga anns na ceanntaraibh so chómh neimh-eolgach sin ar Bhéarla gur ab diomhaoineas iad do
mhúnadh trés an teanga sin. Déantar na leinbh anns na h-áitibh so do mhúnadh tres an
nGaedhilig ar d-tús agus na dhiaidh sin beidh siadh ionnamhuil chum gach foghluim eile do
dhéanadh. Mar shuidhiughadh ar an nidh so, cuirfear síos a n-áit eile 'san Iris baramhla agus
fiadhnuise na n-daoine is barántamhla beó ar aon cheisd bhaineas le tabhairt suas na n-aos
óg. Adeir siad so uile nach b-fuil acht an t-aon-t-slighe amháin céillidhe chum aos óg gan
Béarla do mhúnadh agus is é sin, tre n-a d-teanga duthchais féin i d-tosach. Dá múinfidhe
mar so na leinbh a bh-fuil Gaedhilig aca do dheanfaidís gach cineul foghluma go maith; do
leighfidís agus do thuigfidís uile an Ghaedhilig, agus do dheanfadh an drong inntleachdach
díobh eólus d'fághail uirre mar gheibhid muintir na Gearmáine, agus fós níos feárr iná
iad so. Arís tugann na céadta de mhuintir na h-Eireann bliadhna ag foghluim teanga
na Gréige; agus tugann na milte ógánach agus cailín díobh cuid mhór de bhliadhain
no dhó ag foghluim Fraincíse, agus sin uile gan aon tairbhe. In beagán aimsire
cailltear an Gréigis go h-iomlán; agus ní thiocfadh le trian na milte úd eile do bhíonn
an fhad úd le Fraincís deich bh-focail cainte do dhéanadh le Francach gan é do chur ag
crochadh a ghualann gidh mór a bhéasamhlacht. An mhuintir ag a bh-fuil inntleachd agus aimsir
agus acfuinn chum mór-fhoghluim do dhéanadh, déanaidís í: trághaidís “tiobruid an fhis” go
disc. Acht iad so nach bh-fuil aca acht beagán aimsire le tabhairt le sgoil, is baois dáoibh an
beagán so do chaitheamh ag rith ar bárr Fraincíse na a samhla d'fhoghluim gan tairbhe. Atá
sult agus tairbhe a m-beagán féin de theanga na h-Éireann, agus ní beagán dí do
bheidheadh ag an té do chreanfadh an oiread aimsire léi agus do chreanann na milte úd
gach bliadhain le foghluim dhíomhaoin. Ní'l aon taobh d'Éirinn in a d-triallfaidh duine
nach g-cluinfidh se ainm baile no abhann, no sléibhe no maighe a nGaedhilig, agus dár
n-dóigh is sultmhar an nidh ciall na bh-focal so do thuigsin. Agus mar so do mhórán
neitheadh eile, faghann an té thuigeas an Ghaedhilig sult ionnta.
Dár n-dóigh is nuadhachd 'san aois so, agus 'san g-ceathramha dheigheanach dhí, Iris-
leabhar toirbheartha go h-uile agus go h-iomlán do chúmhdhach agus do bheódhúghadh bhur
d-teangan féin. Má thugann sibh-se, a mhuintir na h-Éireann, lámh fhonnmar dóibh so at á
ag cur an Iris-leabhair so in eagar ní h-eagal do'n Gaedhilig bás d'fhághail 'san aois so
ná 'san aois so chúghainn. Is cóir díobh, fós, a bheith tuigsionnach ceannsa leó. Is sean-
fhocal eadraibh gurab tathuighe a dhéanas maighisdreachd, agus ní raibh le fada mórán
tathuighe ar a d-teanga féin do sgríobhadh ag muintir na h-Éireann. Acht atáid siad
anois ag a fóghluim go luaith-léir. Atá docamhal eile ins an t-slíghe: ní bh-fuil ainm
Gaedhilge ar aon nídh do cumadh, no do fuaradh amach le deighionaidhe, acht dar n-dóigh is é
an cás céadna i m-Bearla é: ní béarla telegraph, telephón, geometrí, ná a samhail, agus
atá an Ghaedhilig chom h-oireamhnach chum a cuma féin do chur ar bhriathraibh iasachta le h-aon
teanga 'san domhan.
Mar atá Aondact na Gaedhilge ag glaodhach oraibh-se a n-diu a Mhuintir na
h-Éireann, do ghlaodh Aodh Buidhe Mac Cuirtín go h-árd orra, céad go leith bliadhain ó
shoin. Adubhairt se:
“A uaisle Eireann áile, A chrú na g-céimeann g-combáidhe,
Treigidh bhur d-trom-shuan gan on, Céimidh lomluadh bhur leabhar.”
Do rinne se casaoid le n-a h-uaislibh so ins na briathraibh truagha so in ár n-diadh:
“Trom an teidhmse thárlaidh dhaoibh, idir mhnáibh agus mhacaoimh,
Ar séanadh seanradh bhur sean, Cómhrádh soluis bhur sinnsear.”
Do thug sinsear bhur n-uachtaráin, Cathal Oirbhídineach Ua Conchubhair, Bhéil-átha-na-
g-cárr, toradh ar ghairm an fhilidh; acht is beag eile “d'uaislibh Éireann áile” dho chuir
suim ann. Do ghoir an file mar an g-céadna ar na Gaill, ag rádh:
“Aithchim fós na Gaill ghlana, le bh-frith fios gach fóghluma.”
Ní feas dam cia aca Gaill na h-Éireann no Gaill Sagsan d'aithchidh sé, acht do
fuair se éisteacht o'n Ollamh Ionson, o Eadhmon de Búrc, ó'n Taoiseach Bhalensí, agus ó
Hannrí Flood, mar atá an Aondacht a n-diu ag fághail éisteachta agus cabhartha ó dhaoinibh
nach de phór na h-Éireann.
Treimhse o shoin do ghlaodhamar ar ár m-bráithribh i d-tuaisceart Albann, agus
atámaoid anois arís ag glaodach orra. Atá an teanga chéadna againne agus ar an
d-taoibh eile de Shruth na Maoile; atá na cleasa céadna againn agus na geasrógaidh
céadna. Céad bliadhain o shoin do bhí dís d'árd-fhilidhibh i g-comh-aimsir ann — Riobárd
Burns ins na h-Árdaibh in Albainn, agus Brian Mac Giolla Meidhre i g-Contae an
Chláir in Éirinn. Do scríobh an dís so dánta timchioll na h-uaire céadna — an
t-Eireanneach, “Cúirt an mheádhoin-oidhche” agus an t-Albannach “Hallow-E'en.” 'San
“g-Cúirt” atá na ranna so:—
“Níor bh'áil liom codladh go socair aon uair díobh,
Gan lán mo stoca de thorthaibh fam' chluasaibh,
Is deimhin ná'r bh'obair liom trosgadh le cráibhtheacht,
A's gréim ná blogam ní shloigfinn trí trátha.
I n-aghaidh an t-srotha do thomainn mo léine
I súil trém' chodladh le cogar mo chéile.
Is minic do chuaidh me sguabhadh ó'n stáca,
M'ingne a's mo ghruaig fá'n luaith-ghríos d'fhágfainn.
Do chuirinn an t-súist faoi chúl na gaibhle
Do chuirinn an rán go ciuin fa'n adhairt chúgham.
Do chuirinn mo choigíl i g-cillín na h-átha,
'S do chuirinn mo cheirtlín i d-tein-aoil Mic Rághnaill.
Do chuirinn an ros air chorp na sráide,
'S do chuirinn 'san t-sop chúgham tor cabáiste.”
Déanaidís ár leightheoiridhe coimeas idir na ranna shuas agus iad so eile shíos do
sgríobh Burns. [Feuch ar an dtaoibh eile.]
Ciannos do thárla do'n bheirt so na cleasa céadna do bheith aca 'na n-dántaibh ar
gach leith? Ní fheacaidh aon duine aca riamh dán an duine eile. Do chongbhaigh na Gaedhil
thall agus abhus a d-teanga mar aon le na cleasaibh geasrogacha so agus a nósa eile
ar feadh trí céad deug bliadhain. Dár n-dóig ní leigfidh siad anois an teanga so do
chailleamhuin. Atá an Bhreathnuis i m-beul na n-daoineadh dárab teanga duthchuis í ag
bláthughadh, agus an m-beidh Gaedhil Albann agus Éireann gan focal d'a d-teangain
uasail? Nár ceaduíghthear an náire sin do theacht ar chineadh Scoit, acht go raibh ré na
Samhna ag taithneamh orra, agus gaoth séin na Samhna ag séideadh orra, agus iad le
guaillibh a chéile ar son a d-teangan.
Seághan Pléimion.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11