Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Religious Poems by Micheál Óg Ó Longain

Title
Religious Poems by Micheál Óg Ó Longain
Author(s)
Micheál Óg Ó Longain,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1805
Publisher
B.Á.C.: Brún agus Ó Nualláin

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



7. - NAOIMH AN EARRAIGH.
Naoimh an Earraigh dom chabhair gach lá le Pól,
Brighid 's a banna agus banaltra an Áirdmhic mhóir,
Saoithe seasaimh is fearra chum námhad do chlódh,
'S go dtighidh dá bhfeartaibhsin mh'anam bheith sámh i nglóir.



Naoimh an tSamhraidh tagadh im dháil le hEóin
Um Íosa an Leanbh do cheannuigh ar árdchrois slóigh,
Is díobhsan Peadar 's ní fheadar cá bhfágfainn Pól,
Dís le leagthar an t-eascara is dána beó.



Naoimh na scaball is fearra atá ar fagháil san bhFóghmhar
Tigheadh dom thearmuin feasta le Parthalón;
Bíodh an t-aingeal im fharra, agus Máire an ógh,
Go ndíonaid m'anam ar lasair ghuirt ghránna an smóil.



Naoimh an tailimh is aingil na n-áirdreann róm
Um Íosa neartmhar mo chara is mo Shlánuightheóir,
Ós fíor go gcleachtaid an charthannacht ghrádhach mar nós,
San nGeimhreadh aitchim go dtagaid dom árdach leó.
Amen.



FÓRÍOR DEACRACH.
Fóríor deacrach atuirseach aoirdéigneach
Mo chomhnuidhe fada san bpeacadh go míbhéasach
A Eóin bhinn Bhaiste, a chara na bhfíornaomha
Fóir, fill, freagair is cneasuigh mo dhaoirchréachta.



Tóg dínn feasta gach scamall ler fríth daor sinn,
Móidí is eascaine fearg is fíoch fraochta,
'S gach sórt díobh chleachtainn, nár cheaduigh an dlighe dhéanamh,
Trér breódhadh brígh is balla mo bheathadh is mo mhínchéadfadh.



Ós deóruidhe dealbh le fada óm thír féin me,
'S gan lón puinn agam chum tagartha an laoi dhéadhnaigh,
Ó bhrónscíos cleasa agus cealg an tsaoighil bhréagaigh,
Treóruighidh bealach mo leasa go mín réidh me.



Ós díbh dfhreagrann beannuightheachtaí an lae indiu,
'S gur nós díbh cabhair na bpeacach do ghuidheann géar sibh,
Seóil sinn teagaisc is bailigh go prímhléideach
Ag comhall dlighe an Athar fá bhrataigh an chrainn chéasta.



A chrainn chéasta chaoin chraoraic do breacadh de chrú
Chríost ghléigil, Rí naomhtha na bhflaitheas gan chúis,
Síth déin dam, bí réidh liom, is glacaidh me chughaibh,
Ag caoidh an scéil sin fít ghéagaibh go hatuirseach dubhach.



9. - A EÓIN BHAISTE GHLÓRMHAIR.
A Eóin Bhaiste ghlórmhair 's a ghliadhaire chlúmhail,
Ós leór linn mar lón tu san mbliadhain seo chughainn,
Fóirse gach móircheas is dianbhruid dúinn,
Is treóruigh san ród sinn go Dia na ndúl.




Ó Longáin dixit ar an mbóthar láimh le séipeal na gCloithínidhe,
1821, a n-aice Chorcuidhe.



10. - A NAOIMH EÓIN BAISTE.
A Naoimh Eóin Baiste bí im aice san gcrích dhéadhnaigh,
Mar fhíorstór seasaimh dom anam le linn glaedhte air;
Tá an tslighe rófhada is ní fheadar cá tír dhéanfainn,
'S a laoigh, seóil mar sin go cathair na bhfíornaomh sinn.



Díon fós m'anam ar dheamhan na daoimhéinne,
'S ar ghaoith chró cathuighthe cealg an chríontsaogail;
An chlí dhreóil dhealbh so ceangaltar í ar céadna,
I slighe chóir aithreachais fhada agus fírthréadhnais.



An Fear Céadna cct do Naomh Eóin Baiste an 24 lá Mheitheamh
an tsamhraidh 1830.




11. - MO BHRÓNSCÍOS DEACRACH.
Mo bhrónscíos deacrach atuirseach fírdhéarach,
Me im dheóruidhe dealbh ar mhachaire an chlaointsaoghail,
Gan stór puinn agam ná caraid ar tí a dhéanta,
Is a Eóin bhinn Bhaiste bí im aice le linn m'éaga.




Micheál Ó Longáin cct d'Eóin Baiste naomhtha san mbliadhain
1810.




12. - A PHÁDRAIG, A ÁRDASPAIL.
A Phádraig, a Árdaspail Éireann tiar,
Is náireach mar táidsin tar th'éis san iaith,
Ag fáscadh go dána ar chlaenbheart dian,
Gan chrábhadh gan ghrása gan ghéill do Dhia.



Is cás liom mar thárlaidh dhon Ghaedhlfhuil fhiail
Dobfheárr, de shliocht Ádaim, reacht béasa is ciall,
Le láneasbaidh fagháltais go faonlag fiar,
Gan fábhar le fagháil dóibh ná réidhteach fiach.



Chomh cráidhte agus táidsin ag claonspruit dhiabhail
Tháinig don ádhbhadh so Néill is Bhriain,
Go bhfuil lánchuid den táin sin ag gléas chum triall
Tar clár glas na lánmhara i gcéin gach bliadhain.



13. - MO THURAINN MO CHREACH.
Mo thurainn mo chreach mo cheas mo mhíle léan
Mo thuirse mo dheacair chneadach chnaoite ghéar,
Iomad na gcean ag teacht im shlighe gach lae,
'S ná tigeann liom leath mo bheart go cruinn do léigheamh.


L. 626


A Mhuire na bhfeart s a Bhanaltra aoirdmhic Dé,
Guidhse do Leanbh geal mo dhíon ar bhaoghal,
Ó iomarca cealg cleas is claoine an tsaoghail
Na spride nach maith is neart na clí nach réidh.



Rí na naomh dar ndíon gach lae
Ar shaigheadaibh daora an diabhail
Dobhíonn go géar ar tí gach n-aon
De chloinn bhoicht Ébha riamh;
Mo mhíle léansa claoidhte faon sinn
Faoi gach éileamh dian;
Acht tríotsa, a Éinmhic dhílis Dé
Go dtigheamna saor ón bpian.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services