Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Chlainne Gaedheal

Title
Amhráin Chlainne Gaedheal
Author(s)
Ó Máille, Mícheál / Ó Máille, Tomás,
Composition Date
1925
Publisher
Connradh na Gaeilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Réamhrádh.



An chaoi a bhfuaireamar na hAmhráin.



Thugamar “Amhráin Chlainne Gaedheal” ar na hamhráin
seo, mar is amhráin iad atá ag rith le Clainnibh Gaedheal
ó'n tsean-aimsir sa tír. An t-am ar cumadh cuid de na
hamhráin seo budh amhráin do'n tír uilig go léir iad, 'sé
sin, an fhad is bhí tuile mhór na Gaedhilge ag falughadh
na tíre ar fad; sruth glan i gcomhnuidhe ag tigheacht
ainnti & ag tabhairt ughdair nua leis i ndiaidh a chéile
& d'á coinneál úr. Acht tháinic an triomach mór &
d'ísligh an tuile & fágadh an Ghaedhilg & a cuid amhrán
dealbhuighthe amach i n-a linntreachaibh beaga annseo &
annsiúd i gcuasaibh & i gcúinnibh ar fud an oileáin.



Tá tarraint ar cheithre sgóir amhrán sa leabahr seo,
acht níl sa méid sin acht trian de na hamhráin atá
i meabhair na ndaoine ins an gceanntar seo. Seo iad
an chéad chuid a thóigeamar síos & tá níos mó ná
oiread eile cruinnighthe againn le cur sa dara cuid
de'n leabhar. Tá an tríomhadh trian lé tógáil síos
go fóill againn & ní hé an trian is lugha é. Ní
dheachamar amach tar thórainn an cheanntair seo ag
fághail éan-amhráín aca - acht ceann nó dhó. Fuair-
eamar a mbunáite ó éan-fhear amháin, Tomás Breathnach
atá i n-a chomhnuidhe i nDubhachta i gceanntar Chorr na
Móna. Thug seisean ocht sgóir amhrán síos dúinn, &
tá tuilleadh aige, dá bhfeadadh sé cuimhniughadh ortha &
iad a thabhairt 'un cruinnis. Sé cinn & trí fichid de


L. viii


na hamhráin a bhí aige atá sa leabhar seo. Fuaireamar
an chuid eile ó Shean-Tomás Breathnach, cé is móide de
cheithre cinn a fríoth ó dhaoinibh eile & tá siad sin ainm-
nighthe is na nótaíbh.



Is maith linn ar mbuidheachas a ghabháil annseo, mar
gheall ar an luach saothair a d'fhéadamar a thabhairt
do Shean-Tomás, leis na daoinibh uaisle a chuidigh linn
go fial le n-a thabhairt dó, mar tá: An Bhaintighearna
Gregorí a Gort Inse Guaire, & Mac Giolla Phádraic,
Tighearna Osruidhe, & Mairtíneach Thul' Oidhre, &
Uilliam Ó Briain an Feisire, as Teach Magh Ealla,
Cathair na Mart. Támuid an-bhuidheach freisin do
Sheosamh Laoide mar gheall ar a fheabhas & d'fhreastail
sé do'n leabhar a fhad is bhí sé dh'á chlodhbhualadh, le go
mbeadh gach uile nídh mar badh cheart ann.



'Siad na hamhráin Ghaedhilge an cruthughadh is
iomláine ar fheabhas & áilneacht inntleachta & dúthchais
na nGaedheal. Agus má tá na hamhráin iad féin le
moladh & má tá onóir ag dul do lucht a ndéanta, ní
lugha an t-ómós atá dlighte do na fearaibh & do na
seanchaidhibh & do na héigsibh Gaedhilge a choinnigh go
glan i n-a meabhair iad le sult & aoibhneas do
Chlainnibh Gaedheal. Is maith linn faisnéis & amhdach-
táil iomlán do na fearaibh sin a chur síos annseo, i
riocht is go mbéidh beannacht an léightheora dhóibh, & a
gcáil d'á faisnéis go lá an Luain, 'sé sin, an fhad is
bhéas an teangaidh Ghaedhilge d'á sgríobh' & d'á labhairt &
d'á canadh ag fearaibh Fáil.



Micheál & Tomás Ó Máille.


L. 1


Amhráin Chlainne Gaedheal.



I. Cois leasa bhíos go huaigneach.



I.



Cois leasa bhíos go huaigneach.
Ar uair na maidne im' éinfhear,
'Seadh dhearc mé an ainnir uasal —
Ba suairc agus ba séimh í —
Gur sheasail sí ar an stuaidh chnuic
An stuaidh-bhean dom' fhéachaint,
A raibh réalta na caorach
Ins gach héan-taobh dhá clóidh.
Bhí folt go féar ag casadh léithe
Go cráibhtheach ciarach stamrach síos
Ina bheartaibh 'tigheacht le chéile
Agus ag fás léi go feoir;
Bhí na raen-eairc ba ró-ghluise
Ar a héadan gan chas gan chríon
Is í ag géar-chaitheamh gaethe
I dtréar Mhic an Treoin.



II.



Ba geanamhail í ar a héadan
Is gan d'éalann uirthi acht óige;
Bhí a malaidh ghearra caol donn
Géar-shnuidhte i gcló-cheart


L. 2


A leaca shleamhuin réidh-ghlan
Ar éan-dath le rósa
Is a béal tanaidh beorach
Taobh córach gan cham.
Do líon mé ar fad fo reachtaibh cléibh
Is bhíodhg mé mear mar alt na n-éan,
Chaith mé seal ar staid-chiúin chéill
Agus mé i ngéar-ghean dá clóidh,
Gur smaoinigh mé gur sídh-bhean í
Do shíolraigh teach leasa fó mo dhéin(t)
Nó an chruinn-bhean ba cruinn deise
A thug Téirne go Máigh.



III.



Níl fhios a'm i nÉirinn
Caidé an ghaoth fúinn a sheol thú
Nó cad é an pháirt dhé Éirinn
As ar shíolraigh do phór-shliocht;
Ní féidir gur tú Éileann
A chuir Tréas ar fad faoi cheo draoidheacht
Nó Déirdre dá ngéillim
Ins gach n-éan-taobh dhá clóidh,
Nó an bhean ar shil mo ghnaoi le draoi,
Nó an bhean a shnámh na Fiarcaidh Finn,
Nó an bhean ón mbinn do thréig Conall tréan
Seal ina diaidh go mór,
Nó an ceárd-righ do b' áilne
Nó an plannda ba gile
Nó an ghrian-bhean 'sí d'fháguigh
Na sár-neasa faoi bhrón,


L. 3


IV.



Ní féidir gur tú Éileann
Nó an bhean a bhí ag Mac Tréinfhear
Le ar cheangal tusa páirt dínn
Dhe shliocht Águin mhóir.
Beannuigh dúinn faoi dhúthracht,
Cuir subhachas ar an bhFéinn
I n-éiric ó n-a laoch mear
As dhe léighead ar mo león.
Mur duine leamhuin meathta thú
Gan spot cuan na ceangal daor
An bhfuil oinneachain le finne féibh
Sa té dha mbudh cóir,
Ina réidh-sruimh & 'na tréith-sruimh
Agus na céadtha dhe Chlainne Gaedheal
Leigidh thart an ghloine timcheall
Is siúd críoch ar mo sgeol.



— Cois Leasa.



2. An Chaoin-Róis.



I.



Ta sgoith na luachradh ag fás go buacach le hadharcaibh
na mbó,
Coirce dualach ar thaltaibh truagha ag fás faoi dhó;
Clainne súighte níl gar dhá luadh linn ar an tsráid seo
níos mó,
Is go bhfuil na cuacha ar na crannaibh uaisle ag sársheinnm
cheoil.


L. 4


II.



Dá bhfeictá an oileann ar maidin aoibhinn ag snámh
ar an gcuan
A brollach sgaoilte ba solas fíor-ghlan i mbarr na
dtonn,
An eala ghléigeal níor chuibhe léithe páirt a roinnt
Agus codladh oidhche do bhain tú dhíom-sa é le lá fada
is bliadhain.



III.



Ag mo chaoin-Róis tá na naoi n-ór-fholt fighte go féar,
Gach dlaoi treormhar ar shlighe an eómbra ag fíor-
chórdachan léi;
Tá na trí seoid' aicí is córta & is deise ar bith faoi
'n saoghal.
'Sí is ró-ghile píop ó Neilí cighe comh-chruinn' ar ucht a
cléibh.



IV.



Is beag mo spéis in do mhaoin shaoghalta ná in do
shealbhán bó;
Is beag mo spéis in do sheisrigh ghléasta — níl ainnti
acht ceo;
Is beag mo spéis in do chaileadh maordha tá lach buidhe
crón,
Acht tá mo ró-spéis in mo Róis ghléigil, fhad a's mhair-
feas sí beo.


L. 5


V.



Ar cheibh na n-innsgiathach tá an sgata fionn-sgiathach
go sálaibh bróg
Nó an cuibhe dhaoibh-se an eala aoibhinn ar dheállradh
an óir;
Criostal goirmbiadh go n-iomruatha a thriall sí a
b'fheárr ciall dóibh,
Acht ní mé a mhill tú, acht na fir is gach conndae
gointe nimhneach is i ngrádh le Róis.



— Tá sgoith na Luachradh.



3. Caiptín Bruadar.



I.



Is ar an luing seo, a Phaidí Uí Linnsigh, a bhím-se ag
déanamh bróin,
Ag iosnaighil ins an oidhche & ag síor-ghol 'sa ló,
Acht anois ó dalladh m' inntleacht
Agus mé i gciantaibh ó mo mhuintir,
Dar m'fhírinn, is maith a caoinfidhe mé i gConndae
Mhuigh Eo.



II.



Agus dá maireadh mo shean-athair agam bheithinn maith
go leor,
Bheadh buidéal is gach láimh liom is mé i gcomhluadar
ban óg.
Meireach síor-ól na gcártaí,
Is an dlighe a bheith ro-láidir,
Ní i Santa Criús a fágfaidhe mo chnámha faoi'n bhfód.


L. 6


III.



Is a chomrádaidhe na dísle, nach claoidhte lag atáim,
Is ní mór go dtig liom innsin dhá dtrian mo dhuibhthin
bróin,
Acht ó's tusa is túisge a chífeas
A maireann de mo ghaoltaibh,
Tabhair mo bheannacht sgríobhta go Conndae Mhuigh Eo.



IV.



Is tabhair litir uaim go hÉirinn, is má théidheann tú
dho'n Aill Mhóir,
Agus aithris do mo ghaoltaibh go bhfuil mé faoi bhrón.
Nuair a shíl mé a dhul dá bhféachaint,
Gur gabhtha bhí mé i ngéibheann,
Is nach amhlaidh a gheall Mac Dé dhom a bheith i gcian-
taibh faoi bhrón.



V.



Tá sgoil i mBaile Neamhnach ag óig-fhir is ag mnáibh,
Is an té a mbeadh dúil sa spóirt aige ba chóir dhó a
thriall ánn.
Tá togha 'chuile cheoil ann
Dá sheinnim dho réir nótaí
Agus Paidí ann dá dtreorughadh is dá bhfoghluim
gach lá.



VI.



Tá taobh na Ceathramhan Caoile siamsamhail go leor;
Tá coiligh is cearca fraoigh ann go síorraidhe ag
seinm cheoil;


L. 7


Tá sméartha ar bharraibh craoibhe ann;
Tá ubhla cumhartha buidhe ann;
Tá géimneach bó 'gus laoigh ann, tigheacht oidh'l Muire
Móir.



VII.



Chaith mé seal mór bliadhanta go fial fairsing cóir
Faoi mhór-chion ag mo thighearna, fhad 's leig mé dho'n ól.
Acht amháin mur gcastaoi ag fiadhach me
Ní racha mé dhá bhfiafruighe;
Ní thig liom gabháil go hIar-Umhaill; tá mo phianta
ro-mhór.



VIII.



Tá punt is fiche amuigh agam i gConndae Mhuigh Eo,
Is ní racha mé dhá n-iarraidh choidhchin ná go deo,
Faitchíos go mbéarfaidhe thiar orm
Is go ngabhfaidhe i ngeall le fiachaibh mé,
Is go bhfáisfidhe boltaí iarainn ar bharr-iallachaibh mo
bhróg.



IX.



Ba bheag mo dhúil i n-imirt, acht ba mhór mo dhúil 'san ól-
Tráth chuimhnighim féin ar chuid aca 'seadh ghním an donas
mór —
Bhí sé mná déag is fiche agam,
Cáitín, Úna is Siosailí,
Is níor dhóchaidhe an t-ádh bheith ar chuid aca ná lom an
donais mhóir.


L. 8


X.



Is go dtagaidh Cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhain
Mhóir,
Acaill go Cúl Luachradh ag buachailleacht bó,
Go ndéantar Iarla i gCliartha
Dhe Dhomhnall bheag Mhac Riada,
Ní feicfhidhear mé go dtí sin i gConndae Mhuigh Eo.



XI.



An té a bhéidheas thoir Dia Domhnaigh béidh aige ughdar
grinn;
Béidh doirsí tightheadh ósta dhá bhfósgailt le n-ar linn;
Béidh fíon againn dá dhortadh,
Agus puins 'na mhugaibh bána;
Béidh buidéal den fhíon Spáinneach ag na buachaillíbh dhá
roinnt.



XII.



An té bhéidheas thoir Lá Fhéil Brighde 'sé a chífeas an
spóirt
Ag comharsannaibh go síodamhail ag ól fíona 's beoir;
Béidh na deochanna dhá líonadh
Is na gloinidheacha 'gabháil timcheall,
'S an té nár geineadh i mbroinn, béidh cuimhne aige ar
an ól.



— Is ar an Luing seo.


L. 9


4. Béal Átha hAmhnais.



I.



A phlúr na gcuach, 'sé mo thruagh go buan
Nach fút a bhuail mé i gcleamhnas,
Sul dar shiubhail mé Tuamhain, bailte móra,
Ag déanamh buadhartha 'gus amhgar.
Is dána mé ná an dánacht féin
Agus is dána an té a bhí i ndán dom,
Is go hifreann na bpéin dá gcuirtí mé,
Béidh mé a choidhche ag caint ort.



II.



Dá n-éaluighinn féin le grádh mo chléibh,
Cé bhaineann sé dho'n Eaglais?
Is ní lugha ná céad dá gcloigín féin
A chraithfidh siad gan ádhbhar.
A chuach na gcraobh, ó luaidheadh leat mé,
Ná sgiob de'n tsaoghal go fóill mé,
Is nó go dtéidhidh na spéartha dubh thre néaltaibh,
'Na dhéidh sin is tú an réalt eolais.



III.



'Siad na mná óga a mharbhuigh & a bhreoidh mé
Agus a tharraing mé i n-ól na hoidhche;
Shladadar mo phócaí gan airgead gan ór,
Agus d'fhágadar gan coróin ná pighinn mé.


L. 10


Mo mhallacht go deo dho éan-bhuachaill óg
A d'ólfhadh a bhó nó a chaora,
Is a liachta teach ósta ar fhága' mé ariamh coróin ann,
Is ní bhfuighinn uatha lóistín na hoidhche.



IV.



Ní bréag a rádh nach tusa a d'fhág
Mo chroidhe in mo lár i n-a ghual dubh,
Cidh gur náireach an nídh dhom le rádh é,
Thuit bun & barr mo ghruaige.
A Rí tá ar neamh, nach claoidhte an galar
Mé bheith ar fad i ngrádh leat?
Is gur tú mo roghain dhe mhnáibh an domhain,
Agus éaluigh liom an tráth seo.



V.



Toghadh na séad, a stór mo chléibh,
Agus fuasgail mé ó'n mbuaidhreadh,
Is go mba bhinne liom do bhéal ná an lon dubh 's an
chéirseach,
Agus iad a bheith araon i n-uaigneas.
Do bhráighe ba mhíne ná an eala ar an tuinn
Is tá gruag do chinn i n-a dualaibh,
Is a ruain mo chléibh, gluais liom féin,
Agus fuasgail mé ó'n mbuaidhreadh.



VI.



'Comhrádh le mnáibh a bhím-se go gnáthach
Agus dhá dteannadh le mo chroidhe isteach,
Ag seinnim bhéarsaí & dánta i nGaedhilge
Agus lá i n-a dhéidh sin 'mo chomhnaidhe.


L. 11


'Síor-phógadh a béil, má b'fhada an oidhche aréir,
Agus 'síos-chur na mbréag i n-umhal di,
Acht grásta Dé, ní bráthair mé
Ar an tsráid seo Bhéal Átha hAmhnais.



VII.



Siar chois cuain liom & mé go buadhartha,
Tréith-lag suaidhte sínte,
'Féachaint uaim ar an spéir ó thuaidh,
'Géilleadh dho ghlórthaibh an tsinnsir;
Níor bhfada dhúinn go bhfacamar long
Ag teacht go trúpach timcheall
Faoi n-a lán-reacht seoil ag tigheacht le cóir
Agus ruan mo chroidhe geal innte.



VIII.



Bhéarfhainn-se mo mhóide dho mhnáibh Chrích' Fódla
Gur bréaga ba chóir a chur i n-umhal dóibh,
Agus an darna móide ar chailín ró-dheas
A leigfeadh a clóca ar a súilibh;
An tríomhadh móide gan aon-bhean a phósadh
Go mbaintí an eorna faoi Lughnas,
Agus an ceathramhadh móide gan sgaradh leobhtha
Go mbeitheá ar nós eicín cúiteach.
— A Phlúr.


L. 12


5. An Bhruinnillín Phéacach.



I.



A bhruinnillín phéacach is tú a mhéaduigh an iosna in
mo lár,
Is gur b'é ceol binn do bhéilín a d'fhág na céadta fear
maith leat i ngrádh,
Do dhá shúil & do bhéilín ciuin macánta tláth,
Is mór a thaithnigheas do mhéin liom is ní éileochainn
leat sgaradh go bráth.



II.



Is nach mise an fear cúthal ag siubhal cúigí & gan
aithne orm ann,
'Cur tuairisg mo stóirín tráthnóna is go moch leis
an lá.
Ag Dia tá na cumhachtaí is níor shiubhail sé fear eile
níos feárr
Is a stóirín, ná cúl uaim, is gur tú an chúilfhionn a
dtug mé dhi grádh.



III.



Ná pós an fear óg go deo a mbéidh aige dhá chroidhe
A mbeidheadh nóta chúig bpunt aige ólta o mhaidin go
faoith;
Is má's tusa mo stóirín, seo póg dhuit amach ó mo
chroidhe,
Is ó shiubhail tú chomh mór sin, tóig lóisdín go leigidh
tú sgíth.


L. 13


IV.



Gheobhfainn togha céile dhom féin dá mbeinn feileamhnach dho
Bean in-a léine gan éadach, caora ná bó,
Saidhbhreas na hÉireann is ní hé 'ach éan-duine a
bhfeileann sé dhó;
Is dá mbudh liomsa dhom féin é, bhéarfainn é dho fhear
an chroidhe mhóir.



V.



Bhí mé i gcion mhór ag mo stóirín seal fada de'n
tsaoghal,
Is shíl mé go deo deo nach dtóigfeadh sé na cathuighthe
dhíom.
Bhéarfainn mo mhóide ar mo ghlúiníbh, shul a d'éireoch-
ainn in mo shuidhe,
Gur b'é a bhain díom an óige an pósadh, is gur dhubh sé
mo chroidhe.



VI.



Nuair a thiocfas an Bhealtaine, fásann barr glas ar
an bhféar
Agus nuair a thiocfas an samhradh béidhmuid ag éisteacht
le ceol binn na n-éan.
Tá crann ins an ngáirdín a bhfásann air bláth na sugh
craobh,
Is béidh mo stóirín ar láimh liom ó n-a máithrín, má
thigeann liom é.


L. 14


VII.



Is a stóirín mo chléibh, 'sé mo léan nach dhom tá tú i
ndán,
Is go luaidhtear na céadta le chéile nach bpósann go
bráth.
Nó go n-athruighidh na sléibhte is go dtréigidh an eala
a clumhach bán,
Ní innseochad go héag dhuit cia'n réasún a dtug mé
dhuit grádh.



— A Bhruinnillín Phéacach.



6. Peadairín Phádhraic.



I.



Is nach mé bhí go treorach tráthnóna ag tigheacht 'un an
tighe
Gan stoca, gan bróga, gan cóta, gan cuma, ná caoi!
Chonaic mé mo stóirín dá pógadh ag fear a chois tighe,
Agus thuit an sruth deor uaim is dheamhan mórán nár
briseadh mo chroidhe.



II.



Ag dul annseo aníos dam Dia hAoine ó chaltha na
mbád,
Casadh dhom Brighid is budh í an chraobh í uilig ar na
mnáibh,
Labhair sí caoidheamhail lághach síodamhail ciúin macánta
tláth,
“Gabh isteach 'un mo thighe-sa, is má tá do mhian ann,
caithfidh tú a fhagháil.”


L. 15


III.



Is a Pheadairín Phádhraic, mo ghrádh thú, cá bhfuil tú ag
tigheacht?
Fill ar t'ais i mbáireach is bíodh do ghaolta leat thoir
& thiar;
Bíodh an sagart leat go cinnte & ceann siamsa an
fuisgí a lán,
Is mur dtigidh tú caoidheamhail, díbreóchar mise as do
bhárr.



IV.



Is nach ar Mhéaróig bhí an t-ádh an lá luaidheadh léi
Paitsín ar dtús?
Tiocfaidh Diarmuid i mbáireach, a shábh aige, a shiséal 's
a thuaigh,
Go ndeasuighidh sé an bád, is go n-árduighidh sé an
aindir thar cuan;
Béidh na hóigfhir uilig cráidhte is gan áireamh ar
Sheághan Bhreathnach tá i nguais.



— Is nach mé bhí go treorach.



7. Béal an Átha Buidhe.



I.



Sgríobhfainn & léighfinn leabhar Gaedhilge,
Gidh gur milis é a bhlas,
Agus dhéanfainn céachta Gaedhealach
A réabfadh an t-iomaire ar 'fhad;


L. 16


Dhéanfhainn teach téagair
Dho mo chéad searc is bhréagfainn í seal;
Agus fear ar mo thréarthaibh,
Dheamhan a' fhéidir, nó d'éalóchadh leis bean.



II.



Agus buachaill caol árd tá in mo ghrádh,
Agus é lom tanaidhe cruaidh.
Bíonn a mhuintir dhá dhíbirt
Gach oidhche dhá dtéidheann sé ar cuairt.
Béal an Átha Buidhe
Agus bíodh sé breac ballach le buaibh,
Is go dtiubhrainn gan maoidheamh
Dho mo mhian é, faoi mhalaidh an Chnuic Ruaidh.



III.



Is iomdha áit fhánach
A ndearnaidh mé leat mo shoisgéal,
Chois claidhe, chois beárnan
Agus i lár an mhachaire réidh.
Tá arrainn go
Is gach áit díom go barraíbh mo mhéar,
Is nár fhághaidh tú na grástaí,
Má's áil leat bean eile acht mé.



IV.



Agus i mbun an chrainn ubhall
Tá tús & deireadh mo sgéil,
A shiubhailfeadh an drúcht
Is nach mbruighfeadh aon ribe de'n fhéar.


L. 17


Dá bpósainn thú, a shiúirín,
Bheadh triúr & ceathrar 'mo dhéidh;
Dhá dtéidís le cuthach,
Is tú rian & grádh geal mo chléibh.



V.



“Gheobhfaidh mé bás
Le grádh do leagan do shúl,
Agus gheobhfaidh mé bás
Le grádh do dheallradh do shnuaidh;
Gheobhfaidh mé bás
Le grádh do'n dá chois atá fút;
Agus gheobhfad seacht mbás
Má fhághann aon fhear eile uaim thú.”



VI.



Tá siad dá rádh,
Go bhfuil grádh ag m' amsín dom féin,
Agus ar ndó', má tá,
Mo chrádh! ní misde liom é!
Naoi n-oidhche, naoi lá,
Naoi dtráth & éan-tseachtmhain déag,
Bhí mé 'gus mo grádh
Ag siubhal fásach ag piocadh sugh craobh.



— Sgríobhfainn.


L. 18


8. Bidí dheas na bPéarlaí.



I.



Agus a Bhidí dheas na bpéarlaí,
A chiuin-bhean mhúinte mhaordha,
Bheirim féin an chraobh
Agus an bárr duit
Le oineach & le féile,
Le stuaim & le céill mhaith,
Agus nach aoibhinn do'n té
A bhfuil tú i ndán dó?
Tá iomad fear i ngéar-bhruid
Ag súil le theacht dho t' éiliughadh —
A phlúr na mban & ní bréag
Atá mé a rádh leat —
A ghlacfadh leat mar chéile
Agus nach n-iarrfadh aon phighinn spré leat,
Mar is aingeal thú tá naomhtha
As Párrthas.



II.



A Dhia nár lághach an tseoid í
Ag an bpobal Dia Domhnaigh —
An té a dhearcfadh í mar ba cóir
In-a cuid éadaigh —
Is go mba gile a píop 'sa córda (?)
Ná an eala ar na cóstaíbh
Is ná an sneachta a bheadh 'na phlóchta
Faoi shléibhtibh.


L. 19


B'fhearr le fir i m'eolas
An fhaoileann a fhághail le pósadh
Ná saidhbhreas Ríogh Sheoirse
Le céad bean,
Is go bhfuil soillse bhreágh ó'n nglóire
In-a brollach ag déanamh eolais
Is gur as flaithis mar réalt eolais
A thriall sí.



III.



Is a Dhia, nach beag an t-iongnadh
A fheabhas & mhol mé an fhaoileann
Mar thug sí craobh na tíre
Léithe ar bhreághachta!
Níl aon-fhear a chídheas í
Nach dtugann searc is gnaoi dhi
Is níor bhfada leobhtha an oidhche
A bheith ag caint léi.
Tá lasadh na gcaora caorthann
In-a leacaibh is gile mhíne,
An té a dhearcfadh í go grinn
In-a deallradh.
Acht is aingeal í tá naomtha
As na flaithis a cheap Críosta,
Gur fágadh ar an saoghal í
Mar áilneán.



— Agus a Bhidí.


L. 20


9. An tSail Chuach.



I.



Na hiasgairí tráth sheolas as Gaillimh le teann fóirse
Ó Conaill, cidh ba mhór é a cáil-se,
Ní bheadh sí ag Ceann Bóirne i n-aghaidh stoirm & feóchain,
Go bhfeisdighthí Bláth na hÓige istigh i n-Árainn.
Tá draft ag Pádhraic Seoighe ar shaorthaibh Críche Fódla,
Is ní comórtas do mhórán 'san áit é,
Mar is é nár chlis a phóca ariamh i dteach an ósta —
Is iomdha fear ar fóghnamh a chraith lámh leis.



II.



'Sé Pádhraic Seoighe an ceardaidhe, bheirim féin an
bárr dó,
Go paiteanta ag cur ádhmuid le chéile.
'Sé a rinne an glan-bhád a fuair moladh ar na dáintibh
Agus innseochaidh mé páirt dá tréarthaibh.
Rupadh sí comh láidir i n-aghaidh fairrgí 'gus gála
Is go bhfliuchfadh sí gan aimhreas na réalta,
Acht níl maith ar bith in mo ráidhtibh, le a áirde is bhíonn
sí ag cáthadh
Tigeann sé 'na bháisdeach ins na spéarthaibh.



III.



Dhá bhfeicta an tSail Chuach, an tráth thig sí ar na cuan-
taibh,
A bratacha breágh uasal léith' i n-áirde.
Tá sagairt is mór-uaisle teachtain faoi n-a tuairim,
Mar sháruigh sí ar luas an ghaoth Mhárta.


L. 21


Ní iarrfadh maidí rámha dhá seoladh a-bhaile i n-am,
Agus badh chuma léithe gála nó téigleadh,
Is gur geall le obair plána gac uile mhíle ball di —
Sgaracha a cuid ádhmuid is níor léar dhuit



IV.



Cuirim-se an tSail Chuac ar chuimrighe Dé is Mhic Duach,
Mar is í an bád is deise múnla dár dearnadh,
Is tá an sonas ar na sluaightibh, an tráth thig sí ar na
cuantaibh,
Agus an fóghmhar ag fás suas dúinn go háluinn.
Tá báid an Iarla buailte, sin & na sluaighte,
Agus an chuid a b'fhearr dhe shiúicéaraíbh Chinn-tsáile
Is gur b'é r'd dubhairt an Breathnach liom-sa, deamhan
suim aige 'na gcúrsaíbh
Acht oiread le gheál púcáin as Bearnain.



V.



Lá na gaoithe móire bhí mé innte ag seoladh
Is béidh cuimhne agam go deo ar an am sin;
Bhalóchad sí Ceann Bóirne go rachmallach le ceo,
Ag na fairrgíbh a thóigfead sí i mBearnain.
Nuair a cuirtear long Ríogh Seoirse 'na luighe aige le
teann fóirse,
Sin é an uair is spóirteamhla an máighistir —
'Sé r'd dubhairt sé liom go dóchasach, “lom isteach an
scód;
Ní hionann ‘Bláth na hÓige’ is na báid sin.”



— Na hiasgairí.


L. 22


10. An Caisdeach Bán.



I.



Thug mé an ruaig údan ó mhullach na Cruaiche
Chugat anuas 'un an an tSléibhe Báin
Ar thuairisg mo chailín a d'fhág m' intinn buadhartha
Agus rinne sí gual dubh dhe mo chroidhe in mo lár;
D'at mo ghuailní go snuich mo chluasa
Agus fuair mé fuagradh glan géar ó'n mbás,
Is níl duine dhá gcualaidh mo sgéal an uair sin
Nachar dhubhairt go mba truagh bocht an Caisdeach bán.



II.



Ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean —
'Sí siúd meidhreog an bhrollaigh bháin.
Is truagh nach liom í gan buaibh ná punt í
Is í bheith gan chunntas liom ar láimh.
Dhéanfainn teach mór dhi ar shúil an bhóthair
Agus chuirfinn cóiste faoi n-a clainn,
Is a chúilín eomra, dhá mblighteá bó dhom,
In do cheangal foghmhair ní chuirfinn suim.



III.



Nach aisteach an réasún le gur chuir tú i gcéill dom
Nach bhfásfadh an féar thríd an talamh aníos,
Nach ndéanfadh an ghealach solas dho Éirinn
Is nach lasfadh na réalta i dtús na hoidhche?
Níl brígh ná spreacadh i dteas na gréine
Is go snámhaidh na héisg ar an muir gan braon;
Is go n-éirighidh na tuilte chomh hárd leis na sléibhtibh
Go deo ní thréigfidh mé grádh mo chroidhe.


L. 23


IV.



Agus bhí mé sealad ag foghluim Béarla,
Agus dubhairt an chléir go mba mhaith mo chaint,
An fhad úd eile gan onnsa céille
Acht mar na héiníníbh faoi bharr na gcrann;
Amuigh 'san oidhche gan fasgadh ná dídean,
Agus sneachta dhá shíor-chur faoi íochtar gleann;
'Gus a chúilín donn-deas ar chaill mé na grádhaimh leat
Nár fhághaidh tú na grástaí, mur n-éaluighir liom.



V.



Bhí mé i gcoláiste go ham mo bheárrtha
Agus ins an árd-sgoil ar feadh chúig mbliadhan
Go bhfuair mé oideachas & comhairle ó'n Eáglais
Acht faraor cráidhte, a bhris mé thríd!
Is ríogh-mhór m'fhaitchios roimh Rígh na ngrásta
Nach bhfuil sé i ndán go dtiocfad saor,
Mar is mó mo pheachaidh ná leath Chruach Phádhraic
Mar gheall ar ghrádh a thug mé dho inghin mhaoir.



VI.



Siúd í tharainn í an eala bhán-deas,
Agus í chomh gléasta le bean ar bith;
Truagh mar geineadh í i mbruinn a máthar,
Mar is le haghaidh mo bháis a rughadh í.
Níl bun cíbe ná tulán tímchill
Ná gleanntán aoibhinn a mbíonn mo ghrádh,
Nach bhfuil ceol dá sheinnim ann dhe ló is dh'oidhche
Is go bhfóiridh Críosta ar an gCaisdeach Bán!


L. 24


VII.



Aisling bhréagach a facthas aréir dhom.
Go raibh mé 'm' aonraic ar leabaidh chlumhach,
Go dtáinic an spéir-bhean is gur shín sí taobh liom —
Ba deise féachaint & leagan súl.
Bhí cum mín cailce aici mar choinnill léimnighe,
A folt go féar léithe ag fás go dlúth;
Bhí an bhráighe ba gile aici ná an sneachta ar thaobh cnuic —
'Sí a bháisigh mé agus na céadta liom.



VIII.



Aisling bhréagach a cainictheas aréir dhom,
Agus gheit sí mé thrí lár mó shuain,
Go raibh aindirín chaoin-deas na gcíocha cruinn-gheal
Sínte síos liom taobh ar thaobh.
Ar ionntódh tharm dhom go tapa lúthmhar
'Un breith ar chúl uirthi bhí tanaidhe tréan,
Ní bhfuair mé agam ann acht binn do'n tsúsa
Agus d'fháguigh sin brúighte mé le mo shaoghal.



— Thug.



11. Bhaitéar óg a Bláca.



I.



Réir mo mheas' daoibh is mo ráidhte,
Níl fear ar bith le fághail
Chomh maith le Bháitéar A Bláca
A bhí i n-Órán.


L. 25


Is fada is is geárr
A chuaidh a theastas is a cháil
Ar na sealgairíbh a b'fheárr
Bhí i gCrích Fódla.
Dhá dtugadh Rí na ngrást
Dho Mhinor siar a cháis
Ba bheag aige é státa
Ríogh Seoirse,
Is gur b'é an sugh a bhí ins an gcnáimh
A d'fháguigh oineach ins an láimh
Agus carthannas gach tráth ann
Is córtas.



II.



Níl sionnach ruadh 'sa tír
A dhéanfadh áirneán oidhche
Ná a mharbhóchadh uan ná caora
Ar an gcomharsain
Nach raibh miotamas leis sgríobhtha
Go Blácach Thuath na Craoibhighe
Agus ‘suimisean’ sa tír
A'inn go fóill air.
A ghadhair á bheith leigthe líomhtha
Ar maidin Diardaoin
'Sé an breitheamhnas a ghníomuis
I gcómhnuidhe;
A seoladh linn síos
Go Páirc na Cloiche Maoile
Agus ar mhullach Chnoc na Craoibhighe
Tá a thóruigheacht.


L. 26


III.



Níl éan-ghiorrfhiadh crúbach
Ó Ghaillimh go Cill Chonla
Nó as sin suas
Go hAill Bhaoi Bheárra,
Thart go Páirc an Dúna
Nó as sin go Ceathramha an Bhrúnaigh,
A thiocfadh ar a chuairt
'Un na háite,
A d'íosadh aon spruille
Ar maidin ins an drúchta
Nach n-íocfad sé go dúbailte
An pháighe,
Nach mbeadh na foilliú
'Na dhiaidh ar maidin Luain
Go gcuirtí é ar bord
Ag Sur Bháitéar.



IV.



Is dá bhfeictá sgoth na mBlácach
Ar maidin Luain Cásga
Ag siubhal taltaí Ghleann na Sgáile
Go ceol-bhinn,
Is go mbudh bhinne liom go mór
Na gadhair ar maidin cheo
Ná an bheann a bhí ag Rígh Seoirse
Dhá séideadh.
Bhí a ghunna aige 'na láimh
Is é ag éirghe suas go hárd


L. 27


Is an sionnach ruadh dhá sháinniughadh
Ins na bóithribh,
Is gur ag droichead Bhaile an Chláir
Hionntuigheadh é go h-árd
Agus chrinneadar a chnamháí
Ag leacht Sheoirse.



— Réir mo mheas'.




12. Seághan Ó Ciardhubháin.



I.



Ar an meádhon lae Dia Domhnaigh
'Seadh d'éag sé an t-óigfhear —
Budh é sin an sgéal brónach
Le n-aithris dhá lán.
Dhá mbeadh maith dhúinn ag caoineadh,
Ní sguirfeamuis choidhce;
Acht a Sheághain óig, 'sé mo dhíth thú
Bheith sínte faoi'n bhfód.



II.



Tá do nuadh-chulaith phósta
'Teacht a-bhaile Dia Domhnaigh;
Tá glas buidhe de'n ór bhuidhe
Ar do chónra gheal-chlár;
Tá sibíní de'n bhéabhar
Ar do shochraoid is í gléasta
Agus a Sheághain óig, 'sé mo léan thú
A bheith 't' aonraic faoi'n bhfód.


L. 28


III.



Tá na caoirigh ag méidhleach
'Teacht a-bhaile 'na dtréadtaibh.
Tá na loilgheacha ag géimneach
Is gach éan-nídh ar fán.
Tiocfaidh an ruadh-ghéimneach
Ar bhuailtibh breágha an Mhéitsir
Is le cumhaidh i ndiaidh croidhe na féile
Ní fhásann féar ar chluain bháin.



IV.



Is truagh liom bean an Mhéitsir,
Agus is dhá thruagh liom í 'na dhéidh sin,
Is cia'r bh'iongnadh, dhá bpléasgadh
An croidhe tá 'na lár?
Mar is í a chaill an péarla
De fhíor-sgoith na féinne
Agus dubhshlán feara Éireann
Gur bréag tá mé a rádh.



V.



Is fada fairsing í do dhúithche,
Do chuid eallaigh & do chúirt bhreágh,
Is tá mil mheach ag gíosgadh
Faoi bharraibh na mbláth;
Do chuid eachraidhe & do chóiste
A bhí fuaighte le ór buidhe;
Agus dá mbeidhinn m'fhear fáirneis,
Is maith a bhéarfainn thú ó'n mbás.


L. 29


VI.



Tá Brúnaigh & Dálaigh
Agus Séamus Ruadh A Bláca;
Tá ar Méitsir croidhe, mo mháighistir,
Ag sileadh na ndeor.
Bhí iarlaí & tighearnaí
Ag súil leat mar chliamhain.
Cnoc Meádha, fágainn siar thú
Gan fear fiadhach ná spóirt.



— Ar an meádhon lae.




13. Séamus Mhac Ghiolla Dhé.



I.



Tá Cos Locha gan pléisiúr
Ó d'éag seisean, Séamus óg,
Bláth na fola ba tréine
Agus an ceannphuirt ba mhó.
Bhí an tsoineanntacht i gclár a éadain;
An fhéile ariamh 'na chroidhe is an spóirt;
Ó'n domhan go dtug sé an chraobh leis
Is níor bh'iongnadh é, ar ndóigh.
Níl pírse ar bith i nÉirinn —
'Sé a mheasaim féin — i n-éifeacht
Nach dtiocfadh seal ag aedhear leis
Nó ag seilg os a chomhair.
Tá gnaoi 'gus gean Shíl Éabha air
An méid mar thathuigh a thréarthaí;
Tá ceannas ann dá réir sin
Is urraim faoi n-a chomhair.


L. 30


II.



Tá adhbhar gol' is caointe
Ag na míltíbh i ndiaidh Shéamuis óig;
Cailleadh é Dia hAoine
Is ní feicfidhear é arís beo.
Is fíor nár mheall an saoghal é
Ná nídh ar bith eile fós;
Bhí sé flaitheamhail fial
Agus é ina Chríostaidhe bhreágh chóir;
Bhí brandaí, lionn is fíona,
Biadh is deoch gan iongantas
Ina phárlús geal a bhíodh sé
Dhá roinnt ag go leor;
Is gach ordughadh eile faoi sin,
Ina chistinigh dhá mblaoidhtear,
Agus bhí na daoine cochta buidheach dhó
Faoi dhídean a thabhairt dóibh.



III.



Ta mór-uaisle na cúige
Go dubh-chroidheach anois faoi léan,
I mbuaidhreadh 'gus i gcumhaidh
I ndiaidh Shéamuis Mhic Ghiolla Dhé.
Síneadh i dtumba dúinte é
An bhliadhain úr thar éis na n-ocht gcéad déag,
Is tá 'anam geal, tá súil a'm,
Faoi chumhachta Mhic Dé.
Is céard a dhéanfas teach na cúirte
Gan ceannphuirt lá na cúise


L. 31


Ó cailleadh é, an chraobh chumhartha
B'fhearr ordughadh & méin?
Mar is é nach dtug is nach dtiubhradh
A thoil ar olc a mhúsgladh
Chaith sé a shaoghal go cliútamhail
Is bhí cumhacht aige dhá réir.



IV.



Dia Domhnaigh i ndiaidh an fhoghmhair
Chuaidh cónra Shéamuis óig 'sa gcré;
Bhí sí déanta mar ba cóir dhí
Is ba dubh-chroidheach an sgéal.
'Sí a shochraoid a bhí go brónach
Ag sileadh na súl go réidh,
As an “band” ag seinnim cheoil dó
Lé cumhaidh mhóir 'na dhéidh.
Bhí coisidhthe, marcaigh, is cóistí
Go líonmhar ar na bóithríbh
Ó Chos Locha go Baile an Rodhba,
Is 'un an teampaill bhí a dtriall,
Gur síneadh i dtom bun leomhain é,
Is gur sgiub an bás go bóg é,
Acht ag feitheamh Ríogh na Glóire,
Go raibh a anam geal gan phian.
— Tá Cos Locha.


L. 32


14. Sicíní Bhrighid Éadhmuinn.



I.



Is a gcuala sibh nó a bhfaca sibh
Éan-sgrios ag teacht go hÉirinn
Mar rinne madadh Tomily
Ar shicíní Bhrighid Éadhmuinn?
Tháinic sé isteach as faltanas
Lá is í ag gléas a mbricfasta
Gur bhain sé an ceann gan aireachtáil
Dhe mháthair an dáréag bhoicht.



II.



D'fháguigh sin faoi leathtrom iad
Ag sgreadaigh agus ag geár-ghol,
Dhá sgapadh ar fud na ngarranta
As gan sop aca ná téagar.
Mur dtéidhidh siad ins an Sather-house
Nó ionntodh leis na Protastúin,
Níl éan tslighe ó neamh aca
Acht a dhul ag iarraidh déirce.



III.



(An madadh):



“Is a chomharsanna na gcarad,
Ná géilligidh dho Éadhmonn.
Rachaidh mé 'un phobail
Nó go bhfághaidh me ‘comadaetion’


L. 33


Gur coileán múinte socair mé
Lá thosaigh sí ag cur chogaidh orm
Cailleach as Crích Loclannach
Is í ag moladh Prasbitéarans.



IV.



“Bhí mé ag gabháil an bhaile seo
Is tháinic mé isteach tigh Éadhmuinn,
Is bhí cailleach a chos na teineadh ann
Is í 'gabháil thrí leabhar Fraoiméisin.
Ní túisge bhíos 'mo sheasamh ann
Ná labhair sí go habuighthe:
“Are you a Roman Catholic
Or what's your occupation?”



V.



“Ní bhfuair mé mórán sgoláireacht
Ná oideachas ar Bhéarla,
Acht gur ghabh mé thríd an “Spelling Book”
Is gur léigh mé beagán Gaedhilge.
Ní raibh mo mhuintir acmhuinneach
Is d'fhág sin mé réir na haimsire
'Gus 'un Aifrinn bhíos mo tharraint
Nuair annamh théidhim i n-éan-áit.”



VI.



“Diúltuigh do na hAifrinn
Agus séan an creideamh Gaedhealach;
Ionntuigh leis na Protastúin
Agus léigh an recantation.


L. 34


Tá fiúntas ann dho t'fhamily
Agus balachtáil duit thairis sin,
Agus gheobhfair post ó Ghovernment
Níor bh'ionann sin is créatúr.



VII.



Nuair a théidhim-se ag tabhairt mo thuruis,
Ní hé ag sagart é ná ag bráthair —
Ní 'comhrádh leis na cosaibh bheithinn
Is an ceann a bheith i láthair — ;
Badh leor dhuit rádh le leanabán
Le óinsigh nó le amadán;
Ní ghéillim dho do sheanmóir
Is ní chreidfinn béal an Phápa.”



VIII.



“Má léigheann siad na paidreacha,
Baineann sin dá nduty.
Ní hiad a chuirfeadh athrughadh air,
Mar'b ionann sin is Liútar.
Dhiúltuigh sé do ghrástaibh Dé,
Is chuir sé suas do'n tsacraiméid;
Shéan sé corp an tSlánuightheora,
Mar rinne an gadaidhe Iúdás.”



IX.



Nach mór an peacadh marbh
Mo chrochadh ná mo chéasadh
Mar gheall ar chailligh bhradaigh
Dhe Lochlannach as Éigipt.


L. 35


Nuair a tháinic sgéal as Sasana
Gur buaidheadh le Ó Conaill dligheadh
Cailleadh leis an aicís í
Lá a frítheadh an “'Mancipation.”



— Is a gcuala sibh.



15. 'Sé fáth mo bhuardhartha.



I.



'Sé fáth mo bhuadhartha nach bhfághaim cead cuarta
'Sa ngleanntán uaigneach a mbíonn mo ghrádh;
Bíonn mil ar luachair ann & im ar uachtar
Is go tús an fhuaicht a bhíos na crainn faoi bláth.
Níl gaoth a dtuaidh ann, níl fearthainn buan ann;
Tá caladh is cuan ann ag luing as ag bád:
Tá tuilleadh buaidh ann, níl turus na Cruaiche ann,
An té a dhéanfadh suas le n-a mhuirnín bán.



II.



Ní ar sliabh ná ar mínleach tá stór mo chroidhe-sa
Acht ar thaltaibh aoibhinn a dtig torthaí ar chrainn
Bíonn an chuach go haoibhinn ar bharr na craoibhe ann;
Tá an chruithneacht mhaol ann is an coirce bán.
Bíonn an fiadh is a laogh ann, tá bric 'na sgaoth ann;
Tá an eala go haoibhinn ar an loch is í ag snámh:
Tá an mheach lághach críonna ina nead go díonmhar;
Tá an coileach fraoigh ann, an chearc is a hál,


L. 36


III.



Is ar sliabh go cinnte atá stór mo chroidhe-sa,
Is ní chodluighim oidhche acht ag déanamh bróin,
'Sí cum an tsíoda í; 'sí méara mín' í;
Béal tanaidhe dílis & mheall sí a lán.
Ba bhinne liom uaim í is na gleanntaibh ar uaigneas
Ná ceileabhar cuaiche is ná ceol na n-éan,
Is go mb'fhearr liom ó'n uair sin, dá mbudh liom an
stuaidh-bhean,
Ná lámh i n-uachtar ar Chlainne Gaedheal.



IV.



Shíl mé, a stóirín, mar bhí tú óg deas,
Go ndéanfá fóghluim ar éalódh liom;
Is nach bhfuil trathnóna ná maidin fhoghmhair,
Nach tú an réalt eolais a bhí ag gabhail rómham.
Ag siubhal na móinte is na gcoillte clódhmhar,
Ní bheadh orm brón ná duibhthin croidhe,
Acht mé bheith pósta le mo mhíle stóirín,
Is mo lámh go bródamhail ar a brollach mín.



V.



Is a ruain is a chéad searc, a' bhfuil tú ag éisteacht
Le gach éin-nídh dhá bhfuil mé rádh?
Is dá mbeidhinn mo chléireach chomh maith le Faelean,
Ar leath do thréartha ní fhéadfainn trácht.
Bhreoidh tú mo chroidhe istigh dhe ló is dh' oidhche
Ó, a Dhia dhílis, nach cladhartha atáim?
Mé a bheith i ngrádh le plúr na mban mánla,
Agus mo chroidhe dhá rádh liom nach bhfuil maith dhom
ann!



— 'Sé Fáth mo Bhuadhartha.


L. 37


16. Aodh Óg Ó Ruairc.



I.



Ar maidin Dia Luain
'Sa drúcht 'seadh rinneadh an feall
Ar an Ruairceach breágh múinte,
Agus ní cliú é, a chailleadh le dall.
An té a shiubhail na cúig cúigí
A shamhail ní raibh i bhfus ná thall,
Agus a Aoidh óig Uí Ruairc,
'Sé mo thruaigh é do shraibh a bheith ar lár.



II.



Brón ort, a Éadhmuinn Tá,
Nach dtáinig chugainn ar cuairt,
Go dtóigtá de láimh
An cás úd le'r cailleadh Ó Ruairc.
Mur bhfághamuis ó'n mbás
Acht spás ba giorra ná uair,
Bheadh Pírsbhil ar lár
Is ní bheadh sráid Bhaile an Churraigh faoi ghruaim.



III.



Tá smúit ar an spéir
Agus ní éirigheann an ghealach gan smál;
Níl teas ins an mgréin
Agus ní féidir le meas ar bith fás.
Ní ghoirfidh an chuach
Faoi bhruach an leasa go bráthach
Ó cailleadh Ó Ruairc
A raibh an buaidh aige ar fhearaibh Crích' Fáil.



— Ar maidin.


L. 38


17. An Fear Ceoil.



I.



Agus ó's tusa an fear ceoil a shiubhaileas go leor,
Fágh thusa dhom seoid a bhéidheas agam mar mhnaoi;
Is ná sanntuigh go deo maoin chaorach ná bó,
Agus múinfidh mé an nós duit a dtoghfaidh tú í.
Bíod sí bog óg, gan mhairg, gan bhrón,
Múinte go leor ar 'chuile chor slighe,
Breágh soineannta cóir gan iomarca bróid,
Agus sin í mo stór, mur mbeadh aicí pighinn.



II.



Is tá cailín beag óg 'mo dhiaidh 'sa tóir
Is fad ó, mo bhrón, nach bhfaca mé í
Rachadh sí 'un ceoil, 'un damhsa is 'un spóirt
Agus shiubhailfeadh sí an ród liom ar uair an
mheádhoin oidhch'.
Is deise í go mór ná an lilí is ná an rós
Is tá deállradh an óir ar fad ina dlaoigh;
Is dá bhfeicinn-se an tseoid & í beith gan pósadh,
Is cinnte, ar ndóigh, gur b' agam bheadh sí.



III.



Mo chreach is mo chrádh, is agam atá 'fhios
Gur mairg a bheith i ngeall i n'-anam ag mnaoi;
Is dá mbeitheá os cionn cláir nó ar leabaidh an bháis.
Is beag dhe do chás a rachadh ina croidhe.
Gidh gur lághach iad na mná, bíonn an urchóid ánnta —
Ní féidir le fáidh ná file a gcur síos
Is gur b'é a ndeachaidh dhá ngrádh ariamh in mo lár,
Ó thosóchadh sé ag trághadh nó go dtuileadh sé aríst.


L. 39


IV.



Tá fhios ag Dia dílis dá mbudh gar dhom dá innsean.
Gur b' iomdha lá aoibhinn a chaith mé le spóirt,
Is níor mhaith liom bheith fíor-bhocht de láthair mo ghaolta,
Is ní mó ná sin d'iarrfainn-se ciste ná stór.
Níor samhluigheadh ariamh liom an pósadh a dhéanamh —
Is olc an fear siamsa mé, ragairne is óil —
Is mur bhfhuil sí 'sa tír nó i n-oileán faoi dhraoidheacht,
Níor rugadh ariamh í, mo bhean-sa go fóill.



V.



Is tá 'fhios ag an saoghal go bpósfainn mo mhian
Dhe indeoin a gaolta is a maireann dá dream,
Acht meireach gur airigh mé groidhe aicí ar dhuine 'sa
tír,
Is ní bhfuighinn ó mo chroidhe a tabhairt ó n-a grádh.
Dhá dtigead sé 'sa saoghal is go bhfuadóchainn liom í,
Sin é an nídh a cuirfidhe 'g ós árd;
Is ní bheadh eadrainn aríst acht troid & bruighean,
Is ní bheadh meas aicí ar nídh ar bith, dhá nglacfadh
mo lámh.



— Agus ó's tusa.



18. Risteard Seoighe.



I.



A Risteard, is tú a d'fhág buadhartha mé féin & mo
chomhlucht
An tráth a bhaluigh tú de'n ruaig sin thar an Mám
uainn;
Is dá siubhailinn-se cuanta na Gaillimhe faoi gcuairt,
Do shamhail is ní bhfuighinn ins an spás sin.


L. 40


'Sé nach mbeadh gruaim air ag teacht i n-am an
chruadhtain,
Ag leagan is ag bualadh an fhóghmhair
Acht an fear a chuir an ruaig air, nár chluinidh sé na
cuachaí
Is i n-ifrionn go raibh a chuairt 'un na Samhna.



II.



Tá barántas ríogh-chruaidh ar an mbaile seo ó'n uair
A tháinic arm ann ag cuartughadh gach áruis.
Meireach gur leagadar go luath na bearanna bhí thuas,
Brisfidhe iad le cuaillíbh bána.
An fear a chaith a dhúthracht istigh i gCathair Lonndan
Gan tionnabhar ar a shúil acht ag lámhach,
Ní fhaca sé dhá shúilíbh cogadh ar bith faoi ubhlaibh
Go dtáinic sé go cúrsa ar an bhFáirche



III.



Is níl solus ar an ngréin is níl taithneamh ar na
réaltaibh,
Ó d'imthigh croidhe na féile as an áit uainn.
Cidh gur binn & gur tréitheach bhíodh éanlaith ar gach
taobh dhínn,
Thuiteadar & níl ceann díobh i n-áirde.
Thréig an inchinn shléibhe & an Fhairrge Théachta
D'imthigh an dath gléigeal mar gheall air,
Acht tá mo shúil-sa leis an Tréan-rí a bhí thuas 'sa
gcrann dá chéasadh
Go dtiocfaidh sé 'sa saoghal go bhfuigheam sásamh.



— A Risteard.


L. 41


19. An gabhrín bainne (nó Seághan Mac
Dhuibhir an Ghleanna).



I.



Bheirim-se mo mhallacht
Do'n té a d'fhág mo leanbh
Ar chúl a chinn 'sa leabaidh
Agus triomach ar a bhéal,
Is a liachta lá breágh fada
Bhí ubhla ar bharraibh cranna,
Duilleabhar donn ar dair,
Agus drúcht ar an bféar.
Ceannóchad bóín bhainne
A bhéarfas mé do'n leanbh,
Arán is tae do'n chailligh,
Agus is fearrde í le n-a saoghal,
Acht an lá nach bhfuil mé i n-an' seasta
Ar an taobh seo Bhaile an Ghleanna,
Fillfhidh mé a-bhaile
Le amhgar mo sgéil.



II.



'Sé mo dhíth is mo dheacair
Nach bhfuair mé bás gan tapadh,
Shul dá bhfuair me sgannail,
Faoi mo chuid féin,
Mo ghabhrín suairc a cheangal,
A thiocfadh suas go Samhain,
Ar dhá lán mo ghlaice
Dhe bharr ghlas an fhéir.


L. 42


Is súgach lúthmhar cleasach
A d'éireochadh sí 'na seasamh,
Rachadh do'n aill mhairbh
A' fáiteall dí féin.
Agus a dhaoine uaisle an Ghleanna,
Féachaidh gur mór an peacadh
Mé bheith taobh léithe dhe eallach
Is gan a fághail faoi réir.



III.



Is iomdha punt is fiche
Dhe mo shaothar dlighte,
Is dá mbeadh roinnt de anois a'm,
Bheithinn maith go leor,
Acht ní bhfuighidh ná cárta mineadh
O éinneach beo dar rugadh,
Agus leigim ar gach cumann
Gealladh & cómhaidh.
Seo é an saoghal ar imthigh,
An fhéile & an t-oineach —
Níl i mbéal gach duine
Acht gort & dubhrón.
Dá bhfághainn an chruithneacht curtha
Thriallfainn ar na muiltibh,
An áit a bhfuighinn go minic
Aeidhear an bhaile mhóir


L. 43


IV.



Is fada mise tinn
Ar leabaidh ar chúl mo chinn,
Ag súil le fortacht
'Gus gan fóirithint le fághail;
Is nó go n-athruighidh an lá indé
Ar ais arís do'n ghréin,
T' athrughadh-sa ní dhéanfad,
A chúig mhíle grádh.
'Sé r'd dubhairt lucht an fheasa
Go mbudh tusa a bhí i ndán dom,
Agus, ar ndóigh, b'ughdar sláinte
Go síorruidhe dhom é;
Acht 'na dhiaidh sin dheamhan a cleasaighe
An t-iasg ar an lán mara
Ná t'intinn ag bean eile
Agus mise bheith liom féin.



V.



Is nach truagh sin fear mar mise,
I n-aois mo bhliadhain is fiche,
I ngrádh le cuach na finne
Is gan goir agam a fághail;
Throidfinn-se le gunna
Le claidheamh nó le piostal
Agus d'ólfainn punt is fiche
I gcomhluadar ban óg.


L. 44


'Sé t' athair a bhí go cliste
Gur chuir sé mo cháil thar uisge
Anonn go Conndae Shligigh
Agus bhí caint orm-sa rómham;
Acht meireach le humhluigheacht duit-se,
A chúilín eomrach mar an gcriostal,
Thiubhrainn-se a chuid fola
Don tsean-bhodach le n-ól.



VI.



Nuair a d'éirigh mise ar maidin,
Chualaidh mé an tiúin dá casadh,
Grian an tsamhraidh ag taithneamh,
Agus ceol binn ag na héin,
An fhuaim a bhí ag mac alla,
Ag bruic is ag míoltaibh gearra,
Creabhar na ngob bhfada,
Agus lámhach gunnaí tréan,
An madadh ruadh ar an gcarraig,
Fuililiú ag na marcaighibh,
An bhean go dubhach 'sa mbaile
Ag áireamh mo sgéil;
Acht anois tá an choill dá gearradh;
Triallamuid a bhaile,
Is a Sheághain Mhic Dhuibhir an Ghleanna,
Chaill tú do ghéim.



— Bheirim-se.


L. 45


20. Tomás Bán Mhac Aodhagáin.



I.



Agus ag dul ó theach an tórraimh dhom, a chuir mé eolas
ar mo mhian.
Mo chreach & mo bhrón, nach sa mbaile a chaith mé an
oidhch'!
Tá arrainn ag gabhail treasna thríom, & ag comhnuidhe
i lár mo chroidhe;
Acht a stóir, mar mbídh tú a-bhaile liom, ní mhairfidh
mé beo mí.



II.



Is tháinic Tomás Bán ar cuairt chugam, 'gus mé i
n-uaigneas liom féin.
'Sé r'd dubhairt sé, “Ná bíodh buaidhreadh ort, ná rud
ar bith mar é.
'Sé do chúilín dualach a mharbhuigh mé, & i ngeall air croch-
fhaidhear mé,
Is gur measa liom go mór thú, ná mo mháithrín tá 'mo
dhéidh.”



III.



Is a chomharsanna is a chomhairleacha, ná tóigidh orm é,
Má chuaidh mé ag múnadh an eoluis le stoirín gheal mo
chléibh.
Ní bhfuair mé ariamh droch-eolus air go fóill ó rugadh
mé,
Is mur bhfeicinn acht ag gabhail an bhóithrín é, go dtóigfead
sé mo chroidhe.


L. 46


IV.



Is tá cuireadh go Cill Choinne orainn is caithfeam a dhul
ann.
Béidh ann seisiún ceathramhnach idir Ghaedhil is Clainne
Gall.
Ní tligfidhear ann acht beirt eicín & crochfaidhear iad,
mo léan!
Mar tá, Tomás bán Mhac Aodhagáin & Mac Uí Mhaoláin
le n-a thaobh.



V.



A Thomáis is a annsacht, is tú searc is stór mo croidhe,
A Thomáis a dtug mé gean duit seach's fearaibh óg an
tsaoghail,
Crochfaidhear thú go cinnte mar bhfuil ag grástaibh Dé,
Is a Dhia, nár mhór an feall é, ná plannda breágh mar é.



VI.



Is a Thomáis bháin Mhic Aodhagáin, 'sé mo léan tú a
dhul i gcéin,
Is ní hiongnadh liom do mháithrin bheith brónach in do
dhiaidh.
Dá mbeitheá ar leabaidh an bháis aicí, cia'r chás dí thú
bheith tinn,
Acht do chrochadh as na sáltachaibh, & an bháisdeach le do
dhruim!



VII.



Is ní slad mainistreach ná teampall a rinne stór mo
chroidhe.
Ní feoil ná geir a shanntuigh sé ná rud ar bith mar é.


L. 47


I ngeall ar bhóllac Stanley a crochadh é, mo léan;
Is an té a bhfuil truagh do Chlainne Gall aige, an
ceann go gcaillidh sé.



VIII.



Is tá gárda bhreágh láidir ag teacht lé stór mo chroidhe,
Gearaltaigh Chluain Dálaigh & arm deas an Ríogh,
Maoir óg Ó Conaill & Ó Cealla' as Cluain Aoidh,
Is dá mbeadh triúr mar Chonall óg agam, ní crochfaidhe
stór mo chroidhe.



— Agus ag dul.



21. Máirtín Seoighe.



I.



Is dá bhfeictá Máirtín is é ag árdughadh an Mháma,
Is a phílí mná leis, má b'fhíor dhó féin!
Bhí mála lán aici le bioráin is snáthadaibh
Agus beagán fáinní i mbuisgín chaol.
Shiubhail sé a lán ar fud na háite
Go Baile an Átha & as sin síos,
As ní bhfuair sé a shásamh dhe chailín mhánla
Gur ghluais an stáid-bhean isteach 'un an tighe.



II.



'Sí Nuala Seoighe an óigbhean mhúinte
A ghluais ar cuairt isteach do'n tír.
Thug Máirtín a annsacht dí, mar bhí sé múinte,
Agus chuir sé a dhúthracht dí i gcéill.


L. 48


Níl aon-óigbhean i ngleanntaibh Dhubhuchta
Nach bhfuil ag gol d'á súilibh le cumhaidh 'na dhiaidh,
Agus mar dtigidh a-bhaile chuca, béidhid 'na gcúrsa
Go bhfághaidh siad tuairisg cia gcomhnuigheann sé.



III.



Stad thusa feasta, a Phádhraic Seoighe,
Is ná cuir do ghlórtha amach faoi 'n tír.
Má thug mé an buachaill uait is gur shiubhail sé an
ród liom,
Táir faoi bhrón go ro-mhór ina dhiaidh.
Níor chuir mé suim ariamh i nglórthaibh,
Cidh gur b'óigbhean mé a chuaidh i gcéin,
Is má shiubhail sé an bealach is é do mo threorughadh,
Nach iomdha óigfhear a dhéanfadh é?



IV.



Tá Páidín is Máire buadhartha cráidhte
I ndiaidh an óigfhir nach bhfillfidh choidhche.
Thug sé an ruaig leis go hInis Bó Finn'
Agus fuair mé a thuairisg i nAcaill thíos.
Dá mbeadh fhios agam-sa gur ar thóir mo bhuachaill
A ghluais an chuairsge údaigh isteach do'n tír,
Bheadh sgata madadh agam & báillí cruaidhe
Agus chuirfinn ruaig uirthí 'un bealaigh aríst.



V.



Cailín óg mé a fuair sgoil & fóghluim
Agus a tóigeadh go módhamhuil as tús mo shaoghail.
Bhí athair maith agam & máthair dhóigheamhail
A thug dhom comhairle, dhá ndéanainn í.


L. 49


Casadh i dtreasgairt mé de easbaidh eoluis,
'Measg gleannta ceo, cnoc & fraoigh,
Is a Mhic na mBeannacht, nach mé tá cóirighthe
Faoi mo threorughadh an Mám aníos?



VI.



Agus má thug tú mo bhuachaill leat is gur shiubhail sé
an bóthar
Go hInis Bó-Finn' & go hAcaill thíos,
Is iomdha cailín deas a bhí go plóthamhail
A thiubhradh cómhrádh dhó ag siubhal na slighe.
Ní thiubharfainn dho chailigh ar bith é ariamh gan eolus,
Mar bhí sé dóigheamhail geanamhail caoin,
Is go bhfuighinn-se céile dho a mbeadh aicí bólacht
Is nach n-iomchróchadh snáthadaí ná fáinní buidhe.



VII.



Buachaill geanamhail a bhí i Máirtín Seoighe,
Agus bhí dúil an-mhór aige 'sa spraoí,
Is má shiubhail sé an bealach léi, níor chóir é a thógbháil,
Ná a chur go mór air amach faoi'n tír.
Tháinic sí isteach aige ag sileadh deora
Ar easbadh córach & í dhá slighe,
Agus cá bhfuil fear sa mbarúntacht a chluinfheadh a
glórthaí
Nach ndéanfadh a treorughadh an Máimín Caol?



— Dá bhfeictá.


L. 50


22. An Gabhrín Donn.



I.



Is ag Caisleán na Finne cois imill an chuain
Atá an ainnir a thug buadh ar áille,
A bhfuil fighe na finne thrí lasadh 'na gruaidh,
Agus ní samhail dí gruaim gan ádhbhar.
A dhá cích chruinne mar an eala ar an snámh
Is a leacaí mar rós i ngáirdín.
Tá a malaidh chaol donn mar sgríobhfaidhe le peann
Agus tá an fíor-sgoith ainnti mar tá sí.



II.



Só-ghiorra, a bhruinneall, dá ndéantá an pósadh,
Dearbhtha is brónach a d'fhágfá
Óigfhir na n-oileán ag sile na ndeor
Is níl duine ar bith beo mar atáim-se.
Le fíon donn daithte & beath-uisge ar bórd,
Sin & beoir mhaith Mhárta,
Faoi thuairim mo Nainí tá na cannaí dá ndórtadh,
Agus feasta níl deor le fághail a'inn.



III.



D'fhág sí sgríobhtha ar bhord an ríogh
Go dtug sí an chraobh go hÉirinn —
Tá tús suidhte aicí ar mhnáibh na cruinne
Agus buadh gach cluithche ar an méid sin.
I dtús an róid a shiubhaileas a cóiste
Is a heachraidh óg ag léimnigh,
Agus ó uaisle Gall go dtug sí an geall
Go teach Uí Mháille i mBréachmhuigh.


L. 51


IV.



Ceathair & céad a sheinneas ar théadraibh
Agus ceithre mná déag tá i ngrádh leobh;
Ceileabhar na n-éan faoi bharraibh na gcraobh
Ag seinnim cheoil go sár-bhinn.
Tá an fiadh bairr & an gabhrín donn
Ag seilg fó choilltibh fásaigh,
Acht níl iasg ar linn nár thóig a cheann
Trá ghluais sí liom thar sáile.



— Is ag Caisleán na Finne.



23. An Rábaire Gabhann.
(Amhrán Muimhneach).



I.



Ar aithris mo sgéil duit do réir cheart mar chualas
Ar árd-hallaíbh tréana le taobh na séideóige,
Bhí Pádhraic na féile ann, Mac Tréitheach ina óigfhear,
Mar is ceardaidhe gan aon-locht é i nÉirinn i bhfoghluim.
Ag Droichead Aibhne Uí Cearna' tá an rábaire groidhe,
An gabha cliste láidir tá sár-mhaith sa tír.
Bheirim féin an bárr dhó ins gach ceárd dhá n-a raghad
'Sé Bhualcan gan dabht é & thiubhrainn an chraobh dhó,
Is níor mhór liom gan amhras dó an óig-bhruinneall
Bhénus.


L. 52


II.



Ghní sé dhom sgiúirse dhe rúin mhaith shiúráilte
Bhí folannach mear luthmhar leabhar-chiuimhseach so-sháithte,
Gan raon buille ord anntí acht siún-deas plátáilte,
Agus táim dearbhtha nach lúbfadh sí ina dhóirn ag fear
láidhe.
'Sí fuaim gach siolla í & is binne í ná an bheidhlín
Is ná ceolta na cruinne dhá seinnm le meidhir,
Is ná na héiníní ar maidin a bheadh ag cantainn ar
craoibh.
M'óigfhear mear leoganta a rug buaidh ar áille
Is le labhairt na fuiseoige 'seadh stróicfead sí báinte.



III.



A ghaibhní Chrích' Fódla, sin comhairle a bheirim féin díbh,
Gan a dhul i gcomórtas le mo leog-fhear mear
tréitheach.
Tá fabhairt ghlan dhe'n óige ann is é i gcóir gabhtha
gléasta —
Os cionn na hinneona ba fóirneamhail í a ghéire.
Ag rásáil an teaghlaigh ba tapa é gan dabht
Ná ar chlár bís ag greadadh ag cur slacht ar gach bord,
Mar is ceardaidhe gan easmuilt mo rábaire gabhann.
Tá sé mear luthmhar 'un úird ghlain a pléasgadh;
Tá an intleacht ar ndóigh aige & é i n-eolus a chéirde.


L. 53


IV.



Spealadóir néata é & ghní sé na cruadh-ceait



An brá-iac, an fiú-iac, sgian-fhonnsa an chúipéaraidhe;
An sábh & an gúisdiún, deimheas súcairidhe caorach;
Dhéanfadh sé luaidreacha innsí & compáis;
Ancoirí coimhdeacht dho luing is dho bhád;
Fearsad an túirne an sgriú-pin 's a' cárla;



Méaracán an táilliúra, a shíosúr is a shnáthad.



— Ar aithris mo sgéil.



24. Feichín Ó Laidhe.



I.



A Fheichin Uí Laidhe, go raibh Dia leat is do shláinte!
Go bhfeicidh mé liath thú & ciall ag do chláinn-sa!
Aindeoin t'fhad siar uaim, badh mhian liom a bheith ag
caint ort,
Is dá mbeidhinn le do thaobh-sa, níor bhaoghal choidhche an
bás dom.



II.



Níor mhó dhuit-se fuirnís ná toirneach a bheadh ag
spréachadh,
Ná gach aon bhuille ord aige ag tornáil gan tréachadh.
Tá buaidh eile ar feabhas aige seachas éan-ghabha dár
féachadh,
Níor iarr sé ariamh ordlaidhe ag tabhairt cabhair dhó i
n-am éigin.


L. 54


III.



Tá a inneoin chomh binn is, nuair a bhíonn sé dhá
pléasgadh,
Go gcluinfidhe 'gabhail fhuinn í trí mhíle gan tréachadh.
Ba geall leis an gcaor theinntidhe ag gabhail timcheall
na spéartha
A cheardcha gacha taobh de, nuair ba mhian leis bheith dhá
séideadh.



IV.



'Sé rotha na glintidheachta a chinn ar na dáintibh,
le gur cailleadh na mílte lucht intleachta mar gheall
air.
Tá sé anois déanta gan fuigheall ag mo bhráthair,
Is gur luaithe é ag gabhail timcheall ná gaoth ar lá
Márta.



V.



'Sí an tsean-uirnís dhraoidheachta a bhíodh ins an
gceardhchaidh
Ag loinnir Mhac Líomhthair tá cruinn ag mo bhráthair.
Tá na boilgeacha bríoghmhar te a dhéanfadh iad a
fhásgadh,
Go lasfaidís an caolach dhá mbeadh trian de fliuch
báithte.



— A Fheichín Uí Laidhe.


L. 55


25. Amhrán an tlú.



I.



Dá maireadh Bhulcan nó Eoghan Ó Máille
Ná Séamas Nápla a raibh a cháil faoi'n saoghal,
Bhí obair agam-sa a bhéarfadh a sáith dhóibh,
Mo thlú a tháthughadh a raibh miotal thríd.
Thug sé goradh dho a chuirfeadh áille ort,
Agus tá áit an táirne mar tá an smeach sa ríl.
Tá dath airgid ar áit mo láimhe,
Agus mar chuirfeá an plána ar an gcuid eile faoi.



II.



Is nach ait an mheabhair a gheall Dia dho'n stóicín,
Nach bhfuair dhe fhoghluim acht a dhul ag sgríobh' —
Tá intleacht beirthe leis seach fir Chrích' Fódla,
Mar bhí le Cróthach no leis na Maicibí.
Níl aon cheo ag cinneadh air, dhá ndéanfaidhe i
gceárdchaidh
Go dtí na rásúraí a bheárrfadh an rí,
An sábh is an deimheas is na lanna plána
Is na spealta a gheárrfadh na corcáin fhraoigh.



III.



Is dá gcluineadh an Sasanach nó mac Napóleon
A leithide dhe óigfhear a bheith sa tír,
Chuirfeadh cuireadh ag na bailtibh móra air
le bheith dhá dtreorughadh ins' ach uile nídh.


L. 56


Níl iongnadh annsin, tá mná na n-óstaí
Ag guidhe i gcomhnuidhe é a bheith 'na rígh,
Mar is é nár cheil ortha a mbeadh 'na phócaíbh
Acht a chaithfeadh leobhtha é ar 'ach uile spraoi.'



IV.



Agus, ariamh ó baisdeadh é bhí gnaoi ag a lán air
De'n dream a b' árdnósaighe bhí sa tír;
Ní fheicfeá fearg air i n-imtheacht ráithe,'
Acht faoidhe an gháire ag briseadh thríd.
Bhíodh lámh ar gunna aige is é amuigh ag fáiteall
A mharbhóchadh bárdail is cearcaí fraoigh
Acht má tá éan-pheachadh air, is i ngeall ar 'mhnáibh é.
Go dtugaidh Dia ngrásta dhó breithe saor.



V.



Nach mór an snas a bhí ag Rígh na nDúl air
Seach's fir na gcúigí uile go léir,
Is tá a lán ag feitheamh air dhe dhaoinibh uaisle,
Clann oidhrí dúithche dhe'n fhuil is feárr.
'Séard deir na cailíní & iad dá sgrúdughadh,
Go mbudh mhór an cliú dhóibh dhá bhféadadh a fhághail,
Is dá mbeidheadh saoghal chomh fada aige is fuair
Maitiúsaleim,
Go dtóigfeadh a stuaim é & ceird a lámh.



— Dá maireadh Bhulcan.


L. 57


26. Sinéad Ní'ac A' Bháird.



I.



Shiubhail mé formhór Éireann,
Sasana 'na dhéidh sin,
Do'n Fhrainc & go Binn Éadain,
Is 'ach éan-bhaile cuain;
Samhail mo chéad searc
Ní fhaca mé 'sa méid sin
Le oineach is le féile,
Le céill & le stuaim,
'Sí is binne meabhair mhéara
Ag seinnm cheoil ar théadraibh
'Cniteáil píosaí céimbric
Go h-éadtrom le stuaim;
Is ó's mise nach bhfuil bréagach,
Ní cháinfidh mé go héag í,
Acht mo bheannacht a chur léithi
Lá nach n-éalóchadh sí liom.



II.



An té chífeadh i dteach an óil í,
'Sí mian gach buachall' óig í —
Gach daimhseoir deas ní beo é
Gan a tabhairt leis ar láimh.
Níl fear siamsa ná dhéanta amhrán
Nach uirthí bhíos a chómhrádh,
Dhá rádh gur b'í an réalt eoluis
Gach neoin is gach maidin bhreágh.


L. 58


Tá an lilí & an rósa
Ina leacaibh is gile chómhchruinn,
Deallradh deas an óir
'Déanamh eoluis is gach céard.
Is go mbadh mhilse liom blas a póige
Ná mil na mbeach 'sa bhfoghmhar,
Mo léan gan mise pósta
Le mo stóirín, Seiní 'Bháird.



III.



Is a stóirín fearaibh Éireann,
An bhfuil tú dho mo shéanadh?
A fheabhas is mholfainn féin thú,
Agus bhéarfainn ort cáil.
Is dom a b'fhusa a dhéanamh,
Mar is mé bhí ort ag féachaint,
'Dearcadh ar chlár t'éadain,
Is ba léir dhom do shnuadh.
A stóirín fearaibh Éireann,
Ní fada a théidheas an éagcóir,
Is gearr a mhairfeas néalta
Ar ghréin an lae bhreágh.
Ainnir chroidhe na féile,
Agus a lámh gan locht, ní baoghal duit,
Tá an tsoineanntacht i gclár t'éadain
Agus barr sgéimh ar mo ghrádh.


L. 59


IV.



Is gile í, dhe réir a tuairisg,
Ná an eala ar na cuantaibh.
Is binne í ná cuachaí
Ar uaigneas na sliabh.
Cainteóir bog is cruaidh í.
Tá sí geanamhail stuamdha
Níl nídh ar bith ag dul uaithi
Dhá mbudh dual a bheith i mnaoi.
Tráth thosuigh siad ar shuairceas,
Is uirthí thigeadh buaidhreadh
'Sí an chraobh í 'measg na mbuachaillí
Nuair a bhíonn siad cruinn.
Mo léan gan mé is an stuaidh-bhean
Faoi bhruach na coilleadh ar uaigneas
Nó go dteannainn mo mhúirnín geal
Naoi n-uaire le mo chroidhe.



— Shiubhail mé.



27.
Banais Pheigí Ní Eághra as Conamara.



I.



A Labhráis Fheichín, gluais go tapa —
Is tú tá i n-an' a dhéanta,
Tabhair leat a-bhaile adhbhar rascail
Agus clóca fada síoda,
Bróga paiteann, crutaí geala,
Is ribíní deasa thríotha,


L. 60


Lamhainní 's bobs, gach éin-nidh deas
Dá aeirighe dhá bhfuil sa ríoghachta.
Bíodh sin agat pompadór
Dhe shíoda na Spáinne & dress-cap mór,
Bhuig-peirméatam, púdar is hairpin
Muf maith déanta cúmtha gléasta
Le haghaidh a fir — dhá cóiriughadh.



(Glórmach.)



II.



Éirigh ar maidin & gléas do chapall,
Imthigh leat go héasgaidh
Síos go Gaillimh go dtí ceannuidhe
Is tabhair a-bhaile gach éin-nídh:
Fíon is braindí, siugar-caindí
Piobar, caifí is tae leat,
An sgian is a forc is mias mhór gheal —
Ná dearmad an péatar.
Annsiúd a bhéidheas an bhanais mhór,
Ceathair ar fhichead dhe lucht ceoil,
Band o' music ag an gcúilfhionn
Agus iad go súgach …
Ag seinnim tiúin ar théadraíbh.



(Glórmach.)




L. 61


III.



Tabhair leat mustard, mias mhaith custard,
Túiréin mór is téapot.
Bíodh i ngach láimh leat cúpla jar
Is iad-san lán le jamaica;
Cúpla walnuts, cantrad gallda;
Lemons le puins a dhéanamh;
le fíon-decanters ina ceann
Bíodh do bhord-sa gléasta,
Banais chaithmhearach go leor;
Cácaí milse & pancakes mhór';
Fíon i nglainíbh, puins 'na stannaíbh
lán gach stairéid dá bhfuil 'sa mbaile,
A dhéanfas thú go ceann na míosa.



(Glórmach.)



Dal-dae daoi dal, &c.



IV.



Tabhair leat i mbád go líonmhar láidir
Go leor lucht dánta is siamsa.
Ná dearmad grátair, tabhair do sháith leat
Dhe nutmeg is saltpetre
Paca cártaí, bosca táipléis —
Féach, ná fág na díslí.
Sin is a lán nach bhfuil in do chárd,
Tobac láidir is píopaí.
Annsiúd a bhéidheas an bhanais mhór,
A bhfuil i nÉirinn dhe lucht ceoil,
Spóirt is aitis, glór is caismirt
Freis an ainnir
Ag lucht aerighe na tíre.



(Glórmach.)



Dal-dae-dal-daoi, &c.


L. 62


V.



Sgalabad Franncach fágh gan aimhreas;
Lang is trosg, má's féidir;
Breac is bradán, runnach sgadán,
A bheadh go ró-mhaith gléasta.
Ní mór dhuit finéal, im is péirsil —
Foghnóchaidh siad do'n méid sin;
Bran is ballach, cnudán dearg,
Congnamh 'un an fhéasta.
Gheobhfair turabod fliuch is sole,
Gliomach múrach is portán mór.
Gach nídh dhár aithris, a bhfuil sa gcladach
Go fiú an tortois, do réir mo thuisgint.
Ní bheadh ar easbadh —
Caithfear a gcur le chéile.



(Glórmach.)



Dal-dae daoi-dal, &c.



VI.



Tabhair leat mairt is bíodh dá leagan
Búistéaraidhe na tíre
A dhéanfas feannadh go luath tapa
A mhar'óchas sgata caorach.
Fiadh mór beannach, broc an ghleanna,
Sin is an eilit mhaol leat
Uan is lubhán, gabhar is mionnán —
Ní cosdas gach a bhfuighidh tú.
Ní mór dhuit mart brata gléasta ar bórd.
Torc mór reamhar is pigín óg,
Míol is coinín, cúpla sicín —
Do réir mo thuisgint, is mór an tsoillse iad
Nuair a bhéid siad bruithte is rósttha.



(Glórmach.)



Dal-dae daoi-dal &c.


L. 63


VII.



Fágh fear gunna is cuir amach é
A mhar'óchas dúinne éanlaith:
Naosg is feadóg, mias mhaith druideóg,
Creabhar caoch is céirseach;
Cúpla colm a bhéidheas 'na gcolainn,
Sin is an bunnán léana leat:
londubh gallda, crutach reamhar,
An widgeon, is maith an t-éan é;
Pataraí uisge caithfear a bhfághail
Is a gcur ar sgeibhir suas ar chlár.
Lacha is bárdal, gé is gandal,
Bheadh siad foghaintineach do'n dream sin,
Nuair a bheidís go ro-mhaith gléasta.



(Glórmach.)



Dal-dae daoi-dal, &c.



VIII.



Teighrigh go Sgiurradh, síos go Sligeach
Is tabhair Ó Conchubhair tréan leat,
Ó Flaithearta', Ó Máille, Ó Briain is Ó Dála',
Ó Cearbhalláin is Ó Néill leat.
Fiach Mac Dhonnchadha, Tighearna an Chláir,
Ó Ruairc aníos as Bréifinn,
Sin is Ó hEághra, Mac Suibhne Fánaird
Is Clann Donnchadha na Céise.
Bíodh na Seoighigh leat go leor
Is muintir Chromuil, gidh nár chóir.
An méid nach gcuimhnighinn-se
Nach bhfuil ar do liosta,
Tabhair cuireadh uilig go léir dhóibh.



(Glórmach.)



Dal-dae daoi-dal, &c.


L. 64


IX.



Cúpla sáimh bhíodh sin leat —
Is mór é a gcáil is a dtréarthaí,
Risteard Mairtín, Seoirse Mainsil
Iarla is tighearna i n-éin-fheacht.
Brúnaigh is Blácaigh, Flaitheartaigh Árann,
Agus Séamus Babaidh Frinsíos,
An dochtúir mór is Diarmuid Fasae —
Dar liom, níor chóir é shéanadh.
Bíodh gach duine mar chuaidh sé i bhféidhm
I n-ionad suidhte ar leith dhó féin,
Filí is flaith is iarla
le fios is feasa a dhéanamh.



(Glórmach.)



Dal-dae daoi-dal.



— A Labhráis



28. Micheál Mhac Suibhne.



I.



Is olc an talmhaidhe mé i dtús an Mhárta
Is ní chaithfinn láidhe go ceann sheacht mbliadhan;
Níl lámh ar gunna agam ná maide rámha
Is níl mé 'm' fháitcheallach ar muir ná ar tír.
Ní bhainfinn an phunann a bheadh i n-úd a geárrtha
Dhá gcáithtí an gráinne leis an ngaoith aniar;
Agus, óró, a chailín deas, má's mé tá i ndán duit
Is fada fánach a bhéidheas do shuidhe.


L. 65


II.



D'iarrfainn bean eicínt meireach nach bhfuighinn í
Is nach ndearna mé síol a chur 'san earrach rómham,
Acht istigh a bhfuil cailleacha ag caitheamh an phíopa
Ag troid 's ag bruighin is ag déanamh gleo.
B'fhurusda aithinte dhóibh nach raibh mé críonna
B'olc mo bhríste is níor mhaith mo bhróg —
Agus, óró, a chailín deas, má's mé do chaoiththeach,
Béidh mála 'un taoibh ort, a fhad 's bhéidheas tú beo



II.



'Séard deir mo mhuintir liom do réir a dtuairim
Go dtiubharfad ruaig go Newfoundland.
Níl mé fulannach 'un iomchair ualaigh,
I n-obair thuaighe ná i ngearradh crann.
Dhá dtigeadh an stoirm is bíodh an teach dhá fhuadach,
Ní leigfeadh an fuacht dom a dhul ó'n splainnc,
Is dá mbeadh teach tábhairne ag bun Bhinn Ghuaire,
Budh é nio dhualgas go dtairneochainn ann.



IV.



Dá mbeadh gunna agam, grán is púdar,
Mhar'óchainn cúpla is lach ar móin,
Dhéanfhanin iasgaireacht le slait nach lúbfadh,
Is badh mhaith mo chongnamh 'un a dtabhairt 'un bóird.
Chuirfinn úpanna i bhfaisiún cúigidh
Is ní fearr ná dhúinfinn-se búclaí bróg,
Bhréagfhainn cúilfhionn go croidhtheamhail lúthmhar
Is dhéanfainn súgradh le cailín óg.


L. 66


V.



'S óró, a chailíní, sin fios mo thréartha;
Tugaidh spéis dom ná leigidh dhó;
Is mo chrádh, má cheilim é ar fhearaibh Éireann,
Mar is dom féin tá a lear go deo.
Níl maoin ná cuid agam ná saidhbhreas saoghalta
Acht cróin bhreágh ghléigeal tá le haghaidh an óil.
Is má's é sin m'fhortún is gur gheall Mac Dé dhom,
Béidh fhios mo chéad searc go maith go fóill.



— Is olc.



29. Iorras Fhlonnáin.



I.



Iorras bheag & Iorras mhór,
Agus Iorras Chlann Domhnaill ó thuaidh —
I n-Iorras Fhlonnáin nach raibh cóir
Mo chreach is mo bhróin atá mé anocht.



II.



Anocht féin & arís go bráth
Nár ba fearr a bhéidheas a sleacht,
Dream codaranta na mailí gruaim,
Is olc a snuadh & ní maith a ndreach.


L. 67


III.



Dreach gann ar an mbodach fuath,
Cuisne cruaidh & breithe daor
Ar an dream codaranta an druimín chruaidh
Gur b'é an bhuidhean gan eolas a ghabhail amach.



IV.



Amach an tráth a ghabhas sé,
'Sé deireadh gach cuairsge mná;
Sgaoilidh tharaibh é
Ionann 's nach é tá ánn.



V.



Níl ann acht filí gan chóimhmheas
Ó Éabh análl,
Is níor dhóchaide dho imtheacht
Ná fanacht a'inn féin go lá.



VI.



Tráth choinic mé féin
Solus an lae ghil bhreágh,
D'eirigheas 'mo sheasamh
Agus bhreathnuigh mé uaim análl.



VII.



Dhá fhuaire an mhaidin,
Níor theasg orm thigheacht sa snámh.
Agus d'fháguigh mé mo mhallacht
I mbaile na gruaimigheacht' tháll.



Iorras.


L. 68


30. Murchadh Ó Maoláin.



I.



Is a chuainchín deas Mhuigh' Áird,
Cad as dár leig tú an fáinne ort
Gan mise a bheith sa láthair?
Is dar liom féin ba cóir.
A fheabhas is bhéarfainn cáil
Ar 'ach uile mhíle ball díot
Gruag do chinn le fánaidh
Go sálaibh do bhróg,
A bhfuil as seo go Geansaigh
Dhe fhíon, dhe bheoir, dhe bhraindí,
An méid sin is ní ghlacfainn
I n-éiric do phóg,
Acht a fhad is bheadh an Eaglais
Dho do cheangal le do ghrádh geal,
Sin é chuirfinn dh'áird ort.
An dá lá is bheithinn beo.



II.



Buachaillin deas siamsamhail
Tá in Murchadh beag Ó Maoláin;
Tá sé socair saoitheamhail
lághach caointineach le mnáibh.
Dhéamhan bean óg 'sa tír seo,
Dhá n-iarrfad sé nach bhfuighead sé,
Is leith chéad giní buidhe léi
le síneadh amach ar chlár.


L. 69


'Séard dubhairt an inghean ins an oidhche
le n-a máithrín ag ois íseal:
“Díol na ba is na caoirigh,
Is bíodh na pighneacha ar fághail:
Is níor mhór liom os a chionn sin
Culaith dheas thart timcheall,
Crios de'n tsíoda is míne
Is snaidhm air faoi n-a lár.”



III.



Siúd é an fear atá gléasta
Ina bhúclaíbh is ina bhéabhar,
A charabhata gléigeal
Agus a léine gheal bhreágh;
Bheist dhe thogha an éadaigh,
Casóg mar an gcéadna,
Cóta mór de'n bhearskin
Ba éadtruime 's a b'fhearr.
Tá a bhríste sa bhfaisiún déanta
De'n bheilbheitín ba daoire;
Tá stocaí air dhá réir sin,
Agus féachaidh ar a bhrághaid,
Tá a bhróga daithte déanta
Ó lámhaibh Sheághain Uí Bhéartha,
Agus dubhshlán fearaibh Éireann
Gur bréag atá mé 'rádh.


L. 70


IV.



D'aithneochainn féin is ba chóir dhom
A choiscéim cruaidh ar bóthar;
Is iomdha bean sa tóir air
Is ní dhóibh atá sé i ndán.
Ba fialmhar i dteach an óil é
Is air nach gcuirthí an stróbh ann
Acht “Íocfaidh mise an sgór sin
Is ólaigidh 'ur sáith
Tá an t-ór buidhe in mo phócaíbh
Agus píosaí garbha crónach
Is gearr go mbídh mé pósta
le mo stoirín cébí áit.”



V.



Siúd é an fear nár choigrigh
An ball súgartha gheall Dia dhó,
Acht a mheallfadh le ciúin-aighneas
Glan-aghaidh gach mná.
Dheamhan clúid ná ceárd ná coigrigh
Dhá rachaidh sé nach mbeidh siad
Ag fiafruighe cáide siar é
Go dtriallaidís 'na cheann,
Is go bhfuil sgata aca dhá choimhdeacht
Amach i measg na bpuiblidheach
Ag cómhrádh leis go meidhreach
Agus a fhuip aige 'na láimh.


L. 71


VI.



Agus ó d'aithris tú do bhriathra,
'Sé thuigim féin gur fíor é
Is iomdha bean dot' iarraidh
Mar ghiult ar do cháil:
Tá bean aca i gCliartha
Agus bean eile i dtóin Iar-Umhaill,
Céad is fiche maighdean
I n-iargcúl Chonndae an Chláir.
Cia'n gar atá dhá dtaibhreadh,
Dhá méadughadh nó dhá laghdughadh,
Acht a bhfágáil siar is aniar,
Mar tá an iomad aca ann.
Acht thar éis a bhfuil dá iarraidh
Ní phósfaidh sé ar an mbliadhain seo —
Is fada searc i gcian dó
Ag maighre an bhrollaigh bháin.



— Is a chuaichín.



31. Amhrán na mbuachaillí bán.



I.



Éirigidh suas is ná failligidh an uair
'Tá teachtain anois ins an láthair,
Go sgaoileam na duail atá fighte go cruaidh
Is go lasam an choinneall dho Mhártan;
Seasaidh le cliú is ná téighid ar gcúl
Go gcuireamuid fúinn gach gárda,
Biseach is buadh go bhfághamuid go luath
Is go leagaidh Mac Duach ar námhaid.


L. 72


II.



Is nach fada le fán an charraig gan smál
Nach sgoiltfidh go bráth is nach bpléasgfaidh,
Is a chruthughadh le fághail, 'sé is ainm dó Seághan,
Gur b'é Peadar a ghearr an foundation.
Tá crann i n-a lár a léighfheas d'á lán
Gur b'é Liútar a ghearr na plantations
Na suckers a d'fhás, críonfaidh a mbláth
Agus béidh siad ar lár, má's féidir.



III.



Cuirim impidhe ar an Mnaoi nár pheacuigh 'na saoghal
Is m'athchuinghe ar Rígh geal na ngrásta
Go bhfeicidh mé peelers lag marbh sínte,
Sgapadh & sgaoileadh ar ghárda,
Liberty-tree chois bhalla ’ch aon-oidhch’
Ag lucht ribíní is teinteacha cnámha;
Daly & Deely bhí a' mionnughadh ar an tír,
A gceann i mbarr spíle i n-áirde.



IV.



Dhá dtigeadh an saoghal nach mbeadh ann éan-rí
Acht sinn a bheith thrí n-a chéile,
Bheadh mo shleagh ar mo thaobh is mo chlaidheamh liom síos
Is mé ag ruagadh na nGall as Éirinn.
Tá Ruarcach Mhuigh lach gan sgolb gan sgraith.
Agus Frank Kelly ag iarraidh na déirce,
Párlioment thart & Gaedhil ar a gceart
Lucht ribíní i n-arm is i n-éadach.


L. 73


V.



Racha mé faoi do'n té bhéidheas beó arís
Go bhfuighidh Rebelmen luach a sláinte
Is a liachtaidhe sin oidhche a chaitheamar 'n-ár suidheadh
Faoi shneachta, faoi shioc is faoi bháisdigh.
Cíos an ríogh ní íocfamuid choidhch'
Is deachmhaidh ní bheidh éan-trácht air
Acht béidh talamh ar a luach & Clainne Gaedheal suas
Agus Orangemen buadhartha cráidhte.



VI.



Nár fhághaidh me bás choidhchin, mar mbeidhinn beo acht mí,
Go bhfeicidh mé síos drong Sheoirse,
lucht an dá chroidhe nach gcreideann na naoimh
Is nach ngéillfidh dho Phápa na Róimhe.
Leághfaidh an chróin & éireochaidh an ceo
Atá tuitthe le suim achair bhliadhanta;
Béidh Liútar is a chomhar dhá ruagadh sa móin
Agus Sasana stróicthe stiallta.



VII.



Dubhairt Kelly na buaile go gcaillfeadh sé a dhúithche
Nó chuirfeadh sé cúl ar an sgéal sin,
Is gur i gCill Chonaill a bhíon 'nar suidheadh ins an
oidhche
Agus íocfaidh go fóill an féarach;
Tiocfaidh an saoghal a gcuirfear air caoi,
le haitinn a déanfar é a léasadh;
Béidh Leibheas is a shluagh ar thaobh Chnuic an Dúin
Is an Trinnseach ag crith i n-a léine.


L. 74


VIII.



Is fada liom suas go gcluinidh mé fuaim
An dromadóra a ghluaisfheas ó'n Spáinneach;
Go dtagaidh sé ar cuairt go Connachta anuas
Béidh lucht ribíní ag ól a shláinte;
Fuisgí breágh cruaidh & fíon folláin fuar
A bhéidheas againn ag ruagadh ar námhad
Is cuirim Ó Ruairc amach go tigh deamhan
Is a maireann dá shluaightibh ar gárda.



— Éirigidh suas.



32. Beartlín Cing.



I.



Beir sgéala uaim chun Beartlín Cing,
An t-óigfhear moiglidhe múinte deas,
'Gus shaoil mé ariamh nár athruigh claonta
Dúithche an Fhrionnsaigh i ngioll le fear:
Siúd é an fáth 'bhfuil mé dhá rádh,
Mar thug sé an barr ó thuaidh is ó dheas,
Acht a Bheartlín Cing, mo ghrádh thú choidhch'
Tá mná na tíre buadhartha leat.



II.



Níl éan-cheárd i bhfus nó tháll
Nár shiubhail mé ann & mé go lag,
'Síor-chur tuairisg ar an mbuachaill
Ba deise gruaidh & b'áille dreach;
Oighre dúithche a d'árduigh ar siubhal é
Agus tá mo shúil go gcasfaidhe ar ais,
Acht a Bheartlín Cing, mo ghrádh thú choidhch'
Tá mná na tíre buadhartha leat.


L. 75


III.



Tráth thig na sluaighte go teach an cheoil,
Níl brígh sa spóirt go dtig sé isteach;
Bhí cion & gnaoi ag 'chuile dhream air,
Mar bhí sé moiglidhe múinte deas.
Siúd é an fáth a bhfuil mé dhá rádh,
Mar thug sé an bárr o thuaidh is ó dheas,
Acht a Bheartlín Cing, mó ghrádh thú a choidhch' —
Tá mná na tíre buadhartha leat.



— Beir sgéala.



33. Máilleach croidhe na gcarad.



I.



Is iomdha cúirt is caiseal,
Innbhear éisg is fearann,
Bhí ag Máilligh sealad
I nÉirinn le haghaidh spóirt,
Acht ca bhfios sin do bhailibh
A d'fhághadh cead a reaise
A bheith ag ithe is ag gearradh
Is ag cáineadh síos gach pór.
A Liam, ó ghabh mé in t'aice,
Mar is tú bhí i gcéill gan easmuilt,
léighfeá ar chiúin-Ghaedhil i gceart
Is thuigfeá-sa mo ghlór,
Acht an lá nach bhfuil sin againn
Sláinte do réir an chleachtaidh
le n-ar gcroidhe istigh a phreabadh,
Is fearrde sinn beith ag ól.


L. 76


II.



Nó go ndéantar fuil de'n ghealaigh,
Im dhe chlochaibh glasa,
Múille dhá gach madadh
Agus caora dhá gach bó.
Cnuic le huisge ag lasadh,
Coinnlí úr' dhe chrannaibh,
Mná ag ionntódh cneasda,
Agus gasraidh a chur ó ghleo,
Éire a thabhairt go Manainn,
Loch 'c Oirib a chur i nglaine,
Grian a thabhairt ar thalamh
le ceann is a bhfuil beo;
Croidhe fial gach drong ó Ghaillimh
Is go dtigidh neamh ar talamh,
A dhúthchas féin ní sgarfaidh
leis an Máilleach croidhe go deo.



III.



Is buadhartha bhí mé ar maidin
Ag búidhribh dho threasgairt
Is gan bonn sa domhan agam
A cheannóchadh dhom aon bhróg,
Acht ag coinneál dlighe le paca
Nachar chaoimh éin-neach cneasta,
Acht amháin seo beagán bheith aca
Dhe mhaoin nach raibh mór;


L. 77


Acht go gcumhduighidh Dia an fear úd
A d'fhuasgail mé ó gheasaibh,
An Máilleach croidhe gan ghangaid
Is go mbudh bhuan a bheidheas sé beo;
Is dá laghad é mo chuid de'n fhearainn,
Go bhfuil mé a' súil go goirid
Go mbéidhead ó bhéal gach fleasgaigh
An dá lá bhéidheas mé beo.



— Is iomdha cúirt.



34. An t-Iolrach Mór.



I.



D'éirigh mé go feargach ar maidin moch Dia Domhnaigh,
Chuir mé orm mo bhróga is mé ag dul go Tír an
Fhiadha,
Ag gabhail thrí Ghleann an Duine Mhairbh dhom casadh
an t-Iolrach mór dhom,
Is ba geall le dubhchán móna é go prámuidhe ina
shuidheadh,
Thug mé straoill is strachaille air, amadán is óinseach,
Cineál Bhriain 'ac lóbais dhe phór Chathail Bhuidhe,
Sin & mo sheacht mallacht go bhfearaidh sé go deo air
A thug mo choileach óg uaim a leigfeadh dhom a ghlaodh.



II.



“Gabh do chiall i gceart chugat is ná masluigh mé ar
an nós sin;
Dar mo mhionna is dar mo mhóide, ní thóigfinn ort
éan-dlighe;


L. 78


Níor mhór liom a mbeadh dhe bhrabach ort i dteach na
trosgadh dóighte,
Mar is duine thú bhí fóintineach i gcomhnuidhe dh'fhear
slighe.
Fill is téirigh a-bhaile is fiafruigh fhéin dhe Nóra
Cia'n t-ainm a bhí ar an óig-mhnaoi a bhí ag sgólladh
a chinn;
An clúmhach a bhí ar a leasrachaibh sa teallach aca dóighte,
D'itheadar i gcomhar é is dheamhan mórán a bhí
buidheach.”



III.



“Thug tú th'éitheach, a sglamhaire, ní hiad a chaithfeadh
i gcomhar é
Ná rud ar bith dhe'n tsórt sin, gan na comhursana
bheith buidheach,
Acht thusa do chroch leat é faoi do sgiatháin mhóra
Is ní chaithfead ráithe an fhoghmhair go gcuiridh mé
ort dlighe.
Tá roinn de leabhraibh an tseanchais i dtaisge agam i
gcófra:
Bhí t'athair ar na rógairíbh ba mhó a bhí sa tír,
Go bhfuighthidhe cearc na baintrighe sa neid aige tráth-
nóna,
Sin is gach sórt eile a gcomhairfidhe ann mísg.”



IV.



“An fhad is mhair na Fianna agam-sa ba deas an
buachaill óg mé
Níor bhradaighil a bhínn a fhoghluim acht i gcomhnuidhe ag
cur draoidheacht',


L. 79


Ag imirt lúth is gaisge, cruadh-charaidheacht' & comhraic,
Gur fágadh mé ar an nós seo, mo chreach & mo dhíth!
Tá roinn de na hughdair agam-sa nachar aithris mé go
fóill duit,” —
Nuair a chuala sé na glórtha thuit na deora uaidh síos:
“Gheobhfaidh tú amach sa tseanchas gur mac do'n Dearg
Mhór mé,
Is má's troid atá tú 'thóruigheacht, seas romham is
ní bhéidhir buidheach.”



V.



Ghléas sé a chulaith ghaisge air, a chuid airm & éadaigh,
A chlaidheamh aige ba géire dá mb'fhéidir leis a fhághail,
Mise & mo speal agam gan falach acht mo léine
Gur ionnsuigheamar a chéile go dian-mhoch sa lá.
Chífeá na teinte creasa a bhíodh na hairm a bhaint as
a chéile,
Agus leath-uair roimh an ngréin a dhul faoi b'éigean
dó a rádh;
Ba geall le dhá tharbh sinn ag foirseadh i ngleann sléibhe,
Is dheamhan fios againn araon caidé an fear a b'fhearr.



VI.



Sgríobh sé fuagradh teangmhála chugam lá'r na mháireach
Go dtroidfeamuis gan aimhreas le fáinniughadh an
lae,
Acht na grástaí go bhfághaidh Ó Donnghaile, dá mairead
sé san áit seo,
Bhéarfad sé dom sásamh nó caillfidhe leis é.


L. 80


'Sé an freagra a chuir mé ar ais aige nár ghlac mé
ariamh crith-eágla
Roimh éin-neach dá dtáinic thar sáile go tréan:
D'éirigh mé ar maidin is bhí agam talamh gearrtha
Is cluinfidh sibh ar ball go raibh an barr agam féin.



VII.



A chomhursana, a' dtaithnigheann libh a fheabhas is chruthuigh
Féidhlim
Nuair a throid sé an beithidheach éigéalta ab' éifeacht-
aighe cáil?
Chuaidh sé 'un spáirn' le fathach ba leithne ná Binn
Éadain,
Nó an measann sibh ar éan-chor go mb'fhéidir go
dtiocfainn slán?
An darna dorn a tharraing mé, bhuail mé ar chnámh a
ghéill é;
Thuit sé is dheamhan bréag nach raibh néall in mo cheann:
“Sguir anois is ná maruigh mé, is molfaidh mé go
héag thú;
Chosain tú cliú Éireann gan bhuidheachas go bráth.”



— D'éirigh



35. Risteard Ó Broin.



I.



Mór' is Muire dhuit, a shocair-bhean áluinn chiúin;
Is corrach a chodail mé aréir dho do chumhaidh;
Má's dhe chinneamhaint ná dhe fhortúin a gheall Dia
dhom thú,
Deasuigh go deas deasa ort go dtéidheam 'un siubhail.


L. 81


II.



“Tabhair fios t'ainm agus do shloinneadh dhom féin
ar dtús,
Ar fhaitchíos go n-ionnsóchá go Cúige Mumhan.
Dá ndéanainn-se leat cleamhnas is ar dtriall a bheith
'un siubhail,
Bheadh mo mhuintir go bráth i bhfeirg liom go dtéidhinn
san úir.”



III.



“Seo fios m' ainm is mo shloinneadh dhuit féin ar dtús,
Gur mé Risteard Ó Broin as Clárthaibh geala Mumhan.
A bhfuil caisleáin fhada gheala agam is iarlaigheacht
fútha
Is inghean Ridire na Coradh Finne ag dul a dh'éag do mo
chumhaidh.”



IV.



“Má's tú Risteard Ó Broin as Clárthaibh Mumhan.
A bhfuil caisleáin fhada gheala agat & iarlaigheacht fútha,
Gheobhfair ainnirín na déada cailce is na dáinte
púnt.
Slán is beannacht leat, a mharcaigh, is ní éalóchá
liom.



V.



“Fan thusa & bíodh foighid agat, & gheobhfair faisiún
gach sórt,
Gúnaí breaca do sháith & síoda go leor,
Bróga & sál árd ortha & cathbharr buidhe óir,
Agus bantracha ban bána 'do dhiaidh sa ród.”


L. 82


VI.



“Sin nídh nár chleacht mise ariamh go fóill,
Bróga is sál ortha árd & cathbharr buidhe óir,
Acht bróga dubha daithte de'n fhaisiún a bhí romham
Dubh is dearg & anraitín chaol go leor.”



— Mór' is Muire.



36. Brighid Ní Phádhraic.



I.



Deamhan mac ríogh nó ard-fhlaith
A dhearcfadh Brighid Ní Phádhraic
Nach dtiubharfadh a shearc is a ghrádh dhí
Seach's mná deasa an tsaoghail;
A súil is gluise deallradh
Ná drúcht ar maidin shamhraidh,
Is ciúin 's is deas é a gáirí
'Sí is áille ar bith méin.
Ní hiongantas feara Fáil
A bheith claoidhte i ngalra grádh léi:
An tráth chím a leacaí is áille
'Seadh sgannruigheann sí mé.
A caol-chom cailce a táirnigheadh
Gan sgíth gan stad i bPárrthus,
A píop mar ealaí ar lán-mhuir —
'Sí a bhásóchadh gach aon.


L. 83


II.



Is ariamh ó baisdeadh Críosta
Níor rugadh ar thalamh naomhtha
A samhail-se dhe mhnaoi ar bith
Ar áille go fóill.
Is lúbach bachallach coinnleach
Clúnnach clannach glunnmhar
Ag feacadh go dlúth 'na timcheall
Agus í faoi fháinnibh buidhe óir.
Tá deallradh na gcaora caorthainn
Ar a leacaíbh is gile mhíne,
Baladh breagh na taoime
Go gnáthach ar a póig.
A caol-chom cailce dílis
Nár smaoinigh an peacadh a dhéanamh
'Sí a thiubharfadh an cine daoineach
Ó'n mbás glan gan stróbh.



III.



Nuair a mhúsgluighim thall san oidhche,
Cidh gur gearr an codladh a ghním-se,
Is ort a bhím ag smaoineadh,
A mhín-chnis mar aol;
Do ghruaidh mar na caora caorthainn,
Snuadh na gile thríd sin;
A mhaighdean mhilis mhín-gheal,
'Sé do chroidhe tá mar an éan.
B'fhearr liom ná ór na ríghthe,
Dhá bhfághainn-se gean is gnaoi uait,


L. 84


Ná mé bheith i bhfoisgeacht blaoidh uait
Go leigheastá mo phéin,
Shul dá mbead sé le n-aithris choidhchin
Ag an té tá lag mar ghíoll ort
Nach dtiocfá seal 'g ois íseal
Faoi choilltibh breágh' na gcraobh.



IV.



Do'n Ráith Áird choidhche má théidheann tú,
Dearc ar stuadh na gcraobh-fholt,
Féach Bidí dheas na maol-chruth
Is ní baoghal duit éan-bhás.
Cidh gur buan tá measa ar chraobhaibh,
Fuarlaigh mealadh ar shléibhtibh,
Bheirim féin an chraobh dhuit —
Is tú péarla an bhrollaigh bháin.
A stáid-bhean dheas na méar lag
A bhfuil gnaoi as cionn Shíl Éabha ort,
Mo chliú go ndeachaidh i léig
Acht an méid a ghabh tú i láimh;
Acht ó's fíor gur tusa an péarla,
An stuaidh a lag na céadta,
'Sí fuaim is blas do bhéilín
A bhéarfadh mé ó'n mbás.



V.



Agus an fear a thois an áithbhéis
Agus cian aird' a bhí na pláinéid,
Shiubhail sé i bhfus is táll
Agus páirt de na seacht ríoghacht


L. 85


Ní bhfuair sé fios ná fáisnéis
Ar shamhail Bhrighid Ní Phádhraic
Ar gile & ar breághachta,
Ar deallradh is ar méin.
Cia'n t-iongnadh feara Fáil
A bheith claoidhte i ngalra báis léi
Nuair a chím a leacaí is áille
Go sgannruigheann sí mé!
Tá sí sínte ar chlárthaibh
Le cur i gcónra i mbáireach
Is bíod sin mar ughdar áthais
Ag mnáibh deasa an tsaoghail.



— Níl mac ríogh.



37. Liam Ó Raighille.



I.



An cumhan libh-se an oidhche úd, bhí an t-sráid seo lán de
eachraibh
Ag sagairt is ag bráithribh & iad ag trácht ar ar
mbanais?
Bhí an fheidil ar clár ann & an chláirseach dá spreagadh
Agus bhí triúr dhe na mnáibh bána ann le mo ghrádh geal
a chur ar leabaidh.



II.



'Mo bhaintreach is 'mo mhaighdean a fágadh mé go hóg
Agus tabhair sgéal ag mo mhuintir gur báthadh mo mhíle
stór.


L. 86


Dhá mbéidhinn ar an tráigh an lá sin & mo dhá láimh bheith
sa sgód,
M'fhocal duit, a bhean Uí Raighlle, is deas a leigheas-
fainn do bhrón.



III.



Ní hiongnadh sgéal cráidthe a bheith ag do mháthair is ag
t' athair
Is ag banaltra na gcíocha bán a bhíodh ag trácht ort is
tú 'do leanbh
Ní áirighim do bhean phósta nár chóirigh ariamh do leabaidh,
Is ó chuaidh tú 'un na tráighe an lá sin, mo léan gur
sháruigh ort a thigheacht a bhaile.



IV.



Is níor mhór liom dho Liam Ó Raighlle a bheith 'na chliamhain
ag an rígh,
Agus cuirtíní geala gléigeala ar gach taobh de ins an
an oidhch';
Maighdean chiuin chéillidhe a bheith ag réidhteach a chinn;
Agus ó luaidheadh sinn le chéile, is truagh mar d'éag
tú le mo linn.



V.



Tá do shúilí ag na péistibh & do bhéal ag na portáin;
Tá do dhá láimh gheala ghléigeala faoi ghéar-smacht na
mbradán;
Cúig phunt a bhéarfainn do'n té a thóigfeadh mo, dhian
ghrádh,
Acht 'sé mo léan thú bheith t' éanraic, Neilí Ghléigeal
Níc Shiúrtáin.


L. 87


VI.



Beannacht Dé do'n triúr a chuaidh go Cill Eanainn
Ag íodhlacan an Athar Peadar bhí i n-aois a cheithre
fichid.
Dhá dtigtá faoi cheann míosa — acht, mo léan choidhche,
ní thiucfaidh,
Agus nach truagh sin bean san oidhche, & a caoimhtheach i
mbarr tuinne.



VII.



Mo mhallacht dho na saothraibh a rinne an bád,
Nachar aithris dom féin go raibh an t-éag ins na cláir!
Dá dtéidhtheá go Coill Tóchair & an t-ádhmad a cheannacht
daor.
Ní báidhfidhe mo stór-sa ar chostaíbh Mal Bay.



— An cumhan libh.



38. Ar an gCoill Mhóir.



I.



Ar an gCoill Mhóir a bhím 'mo chomhnuidhe
Agus mé faoi dhólás anois le bliadhain'
Ag cuimhniughadh uirthí-se, an cúilín ómra —
A gruaidh mar rósaibh is a béal tá binn.
Ag tigheacht an Domhnaigh bím go ró-lághach
Ar shúil go seolfadh Dia in mo bhealach í;
Arís tráthnóna bím-se go brónach
Ag cuimhniughadh ar chómhrádh mo chailín caoin.


L. 88


II.



Dá mbudh liom féin í, do bhéarfainn aedhear dhí
Gach éan-lá aonaigh & margaidh,
Síodaí craereac is gach nídh dá réir sin,
Agus bheithinn mar chéile aicí ag caitheamh an
tsaoghail.
Bhuailfinn prionnda go deas i dtumba
Agus dhéanfainn sgonnsa & balla fóid.
Dúthaigh an phrionnsa, dá mbudh liom-sa é,
Is leat do roinnfinn é, mo mhile stór.



III.



Bean is fiche bhí i n-uraidh i ngrádh liom,
Acht i lán na sráide níor chuir mé suim
Nó go dtáinic an mhaighdean ba ciuine gáirí
Is gur thríd an bhfáinne go gcuirfeá a com.
Bhí culaidh gheal uirthí dhe'n tsíoda Spáinneach
Agus mil go bhfáisgfidhe as gruaig a cinn;
Is gur b'é mo ghrádh-sa do'n mhaighdean mhánla
A d'fháguigh cráidhte mé le mo linn.



— Ar an gCoill Mhóir.



39. Ruaidhrí Ó Catháin.



I.



Is a Ruaidhrí, is mór an sgéal
Nach raibh tú i n-éifeacht fad ó ariamh
I n-Achdhruim, 'sé mo léan,
A raibh na Gaedhil dá ngearradh siar.


L. 89


Thóigfeá bratach Éireann
'Gus le féidhm do chaithfeá í,
Is dá gcuirtí cróin Ríogh Séamus ort,
Cia d' éileochadh a baint díot?



II.



Is a Ruaidhrí, is mór an stáid dom
Leath do cháilidheacht a chur síos
I gcionn do mhaide láimhe
Agus do shreang á'd i n-a thaobh.
Is iomdha fear a d'fhéach tú
Agus réab tú leat 'na lígh,
Is thug tú an barr ó Éirinn
As gach gábhadh dár ghabh tú thríd.



III.



Is a Mhichíl Phádhraic Ruaidhrí,
Thug tú an buadh leat thar an gCaol,
Agus amuigh i nInse Guaire
Fuair mé tuairisg ar do ghníomh.
Anois ó táim 'mo chléireach
Is gur féidir liom a sgríobh',
An dá chineadh a chur le chéile
Agus dubhslán Éireann a gcur síos.



IV.



Mo ghrádh thú, a Shéamuis Bháitéir;
Chuir tú Páidín Thomáis síos,
Is gur b'é r'd a dubhairt an Eáglais,
“Gabh do pháidrín is ná bhí ag bruighin.”


L. 90


Teacht na Féile Pádhraic
Tiocfaidh an cás seo ar ais arís,
Is béidh Ruaidhrí flaith sáthach láidir
Is déanam ceannphuirt dhe Sheághan Aoidh.



V.



'Séard dubhairt an Genearálaidhe Tomson
Le Blácach Rinn a' Mhaoil
Gur mór a chaill an bhainríoghain
Nach raibh an dream sin faoi n-a riar:
Bheadh Bheailigint is Flanders ann
Gan chaint ar Phortuigí;
Ruaidhrí bheith 'na cheannphuirt
Is bheadh an Fhrainc aca gan pighinn.



VI.



Sheol mé in mo bhád
As Inis Bearnan go Rinn a' Mhaoil,
Ag an oileáinín taobh thall de
Le a mbíonn árus ag na naoimh;
Casadh orm an Dálach
Is níor bh'áil liom é a theacht romham;
Labhair sé go fállsa
Briseadh an sábh is níl sé i dtiún.



— A Ruaidhrí.


L. 91


40. Domhnall.



I.



Éirigh suas, a Dhomhnaill, is ná bíodh brón ort ná tada
faoi,
Is gur b'é r'd deir mná na háite is gach ceárd dá
ngabhaim thríd
Go dtug mé searc is grádh dhuit le láigheacht do chuid
grinn,
Is go siubhailfinn an domhan clár leat le áilleacht guth
do chinn.



II.



Éirigh suas, a ghrádh geal, is cuir fál ar do chuid féir,
Nó má théidheann na ba sa bhfásach, is fánach a bhéidheas sé;
Tá crann i lár an gháirdín ag a bhfásann air bláth séimh,
Is gur fíor, dá mbaintí an barr dhe, go bráthach nach
bhfásfad sé.



III.



Gheall tú cuid is maoin dom is maortha bheith ar mo
thréad;
Gheall tú dhom go ndéanfá go dílis gan bonn spré.
Nuair a shíl mé a bheith críonna 'seadh bhí mé óg gan
chéill,
Is an bhean a chreidfeadh arís thú, gur díreach a bheadh
an sgéal.



IV.



Tiocfaidh an ghaoth Márta ar na gamhnaibh ins an bhféar;
Tiocfaidh an sneachta gáibhtheach ar na máithreachaibh dhá
réir;


L. 92


Tiocfaidh 'chuile chall ort má fhágann tú mé 'do dhéidh,
Agus diombuadh Ríogh na ngrást do'n té a d'fhág mé faoi
léan.



V.



Shíl tú an aithrighe a dhéanamh acht bhí tú rud beag mall;
Rinne tú peacadh an lá sin is nár bh'é sin féin an feall?
Tá fhios ag Rígh na gCréacht is na réigiún atá thall
Go bpósfá gan pighinn spré mé, dá mb'fhéidir leat mé
fhághail.



— Éirigh suas.



41. Tá na saighdiuirí ag dul anonn.



I.



Tá na páipéir dá saighneáil & na saighdiúirí ag dul
anonn;
Tá dromadóirí aoibhinn' aereach ag Clainne Gaedheal
ag gabhail go Tír na Long.
Dá mbeadh agam, is duit a bhéarfainn céad is dá
mhíle bó
Ar chúnntar thú bheith 't' féirín liom go Conndae
Mhuigh-Eo



II.



Agus ag luighe dham san oidhche ghním osna a bhíos mór;
Ag eirghe dhom ar maidin 'sí mo phaidir mo dheor.
Tá gruag mo chinn ag tuitim & ag imtheacht mar
an gceo,
Is le cumhaidh 'do dhiaidh, a mhuirnín, ní bhéidh mé
i bhfad beo.


L. 93


III.



Nuair a éirighim amach go huaigneach & a fhéachaim uaim
ar an gcnoc úd thall,
Bím ag smuaineamh ar mo chúilín dualach a d'fháguigh an
chruadh-arrainn thrí mo lár.
Tá mo chroidhe istigh 'na leaca ghual dubh is fear mo
thruaighe níl acht Rí na nGrást,
Agus cébí cailín óg a bhéarfas uaim thú, go síntear
suas í i gcónra chláir.



IV.



Tá fhios ag Dia dílis gur b'iomdha smuaineamh cruaidh
deacrach
Ag dul treasna trí mo chroidhe istigh mar gheall
ort-sa le fada.
Dá mbeadh bliadhain ar fad san oidhche, is leat badh
mhian liom í chaitheamh,
Agus diombuadh na naomh dhuit, má ghnídh tú mo
mhalrait.



V.



Tá mó stocaí is mo bhróga stróicthe liom síos;
Tá mo nua-chualaidh phósta, mo bhrón géar, le sníomh;
Tá giní i dteach an ósta orm, is níor ól mé ariamh
pighinn;
Acht mo léan, a mhíle stóirín, gan mé is tú óg seal
arís.



VI.



Dílleacht bocht cráidhte mé a fágadh faoi leattrom,
Agus dá mbeadh mo chliú táruighthe, cér chás dom a
bheith folamh?


L. 94


Acht níl éin-fhear i nÉirinn a dhéanfadh éagcóir ar mo
shamhail
Nachar dheacair dhó a leas a dhéanamh, ná a dhul ar éan
chor dho na flaithis.”



— Tá na páipéir.



42. An Spailpín Fánach.



I.



Tá na Franncaigh anois istigh i gCill Eala,
Agus béidhmuid go leathan láidir;
Tá Bonaparte i gCaisleán an Bharraigh
Ag iarraidh an dlighe a cheap Sáirséal.
Béidh beairicí an ríogh is gach éan-oidhche thrí lasadh
Agus yeomen againn ar gárda,
Puiceanna an Bhéarla go síorruidhe d'á leagan —
Sin cabhair ag an Spailpín Fánach.



II.



B'fhuide liom lá a bheithinn i dtír gan charaid
Ná bliadhain mhór fhada is ráithche
Ag baint na díogan is d'á síor-chartadh
Go dtéidheadh an ghrian ina hárus.
Glacfad fís ó rígh na gCraipí;
Beidh spíc & cleith is gach láimh liom;
Agus ar an tsráid seo arís ní blaoidhfidhear m'ainm —
Cia gcomhnuigheann an Spailpín Fánach?


L. 95


III.



Déanfaidh mé mo leas & fanfaidh mé sa mbaile
Bliadhain bheag eile mar tá mé,
Mar is buachaillín súgach mé, lúthmhar meanmnach
Is bhréagfainn bruinneall mhánla —
Sé mná déag a bhí ag éad is ag iomadh liom,
Súil as go gcraithfinn lámh leobhtha,
Is gur b'é r'd deireadh an straoill nach dtiubharfainn
thar an tairsigh,
Behave yourself, ’Spailpín Fánach.



IV.



Ag saothrughadh mo pháighe a bhidhim-se is d'á sgapadh,
Agus ní céim síos do na mnáibh é,
Ag blaodhach mo cháirt is ag ól mo ghloine
Is d'á íoc amach gan cáirde.
B'fhearr le mo stóirín fear ceoil aici ná talmhaidhe,
Siúinéaraidhe, deileadóir ná táilliúir,
Is gur b' ag an gcréin a bheadh an méid sin 'na seasamh
Ag súil le tairbhe mo láidhe.



V.



I n-Inis a bhíos is mo chúl le balla
Agus arís go dtí lá 'r n-a bháireach;
Mná na leannta ag glaodhach isteach orm
Súil is go n-ólfhainn mo pháighe.
Tháinic mé isteach is dheamhan pighnin a bhí in mo bhealach
Agus mé go leathan láidir,
Is dheamhan cárt dighe a gheobhfainn ar m' fhocal,
Mar bhí mé 'mo Spailpín Fánach,


L. 96


VI.



Is d'árduigh mé mo láidhe liom suas go Gaillimh
Is mé ag gabhail ag saothrughadh páighe.
I gCondae an Ríogh ba mhian liom seasamh,
Acht ní bhfuighinn ann biadh ná páighe.
Ar chuantaibh Bh'l' Átha Cliath a liath mo phlaite
Is nár bh'é sin an t-aistear náireach?
Acht i measg mo ghaolta pósfaidh mé feasta
Is ní bhéidh mé 'mo Spailpín Fánach.



— Tá na Franncaigh.



43. Leaicí an chuil bháin.



I.



Is a shagairt, níor chliú dhuit an choinneall a mhúchadh,
Mar ndéantá ar Mhúr é gan tuisgint,
Is gur feasach na cúigí go bhfuair mé mo mhúnadh
Maidir leis an gcúrsa a bhí ag imtheacht
Léighfinn na hughdair is go ríogh-mhaith na nuaidheachta,
Is nach nídh é ba dual do mo bhunadh?
Acht agraighim le dúthracht an té a chuir an gúnna ort
Nár bhainidh sé dhamh-sa-an droch-ghuidhe.



II.



Is nach mithid dúinn gluaiseacht; tá an tAifreann d'á
fhuagairt,
Anois ó tá gruaim ar an sagart,
'S gur b'é aingeal an uabhair a tharraing mé i mbuaidh-
readh


L. 97


'Gus a thuill dom mé a bhualadh faoi'n tairsigh.
Níl uachtarán tuaithe as seo go bun Chruaiche
Ná chugad go mbuailidh sé Gaillimh
A chluinfeadh mo thuairisg gan áireamh ar mo shuairceas
Nach ndéanfadh annsin truaighe dho Leaicí.



III.



Is a gcualabhar, a dhaoine, gur shéan Peadar Críosta
Is nach bhfuighead sé cead suidhe leis na heasbuil,
Is go dtiubhrad sé an bhóta a bhí thíos ina phóca
Nach ndéarfad sé “gabhaim” go maidin.
Má rinne mé mísg is nach bhfillfinn arís ann,
Mar rinne na mílte romham cheana,
Dhéanfainn ann faoisdin 'gus aithrighe ghlan díreach,
Is níor chóir mo chraobhsgaoileadh faoi'n bpobal.



IV.



Tá fhios ag Rígh an Domhnaigh nach bhfuil mé 'mo rógaire
Is nach air fuair mé foghluim bheith bradach,
Is dá leagaidís a bpócaí romham ar na bóithribh,
Go mb' eol dom gan stróbh a dhul tarsta.
Níl sagart sa deóise nach dtiubradh dom a bhóta
Nach ndearnaidh mé sórt as an mbealach
Acht ag mealladh 's ag pógadh na gcailíní óg
Is nach in í a d'óirfeadh dho mo shamhail?



— Is a shagairt.


L. 98


44. An Bheinsín Luachra.



I.



Agus a chailín sgoth na luachra,
Is truagh liom do bheart ar lár.
Nách dtiocfá liom ar uaigneas
Faoi bhruach na coilleadh is gluise bláth?
Sagart ní bhfuighidh sgéal air
Ná éinneach dh'á bhfuil le fághail,
Nó go dtagaidh caint do'n chéirsigh
Agus Gréigis do'n lon dubh bhreágh.



II.



Níl stoca agam is níl bróg agam
Is níl stól agam le a suidhfinn síos;
Níl mo bhríste ar fóghnamh
Agus, dar nóinín, tá an phluid gan fighe.
Níl dá phighinn ar an domhan mór agam,
Is go bhfóiridh orm Íosa Criost,
Is tá a lán de mhnáibh na n-óstaí
Sa tóir orm faoi luach na dighe.



III.



Agus ní mheallfaidh tú mé, a bhuachaill,
Le do chluainidheacht is níl gar dhuit ann,
Is a liachta cailín stuamdha
Ag iomchar ualaigh is d'á ghabhail go fann.
B'fhearr liom ag baint na luachra
Agus dá tuaradh go lá mo bháis
Ná do leanbh bheith ar mo ghualainn
Ag cuir do thuairisg is gan tú le fághail.


L. 99


IV.



Gheall tú giní is punt dom,
Agus bhí dúil orm bheith 'cur 'na cheann,
Culaith ó bhonn go huachtar
Agus guanna de'n tsíoda bhán,
Sin is a theacht ar cuairt agam
Gach neoin is gach maidin bhreágh
Le luach mo bheinsín luachra,
'Gus a bhfuair mé dhá easnóir.



V.



Is nach olc an congantóir dhamh-sa thú
Lá an fhoghmhair is mé ag baint an lín?
Do sheisreach lá an Mhárta,
Níor bh' ádhthamhail thú ag cur an tsíl.
Ní dhéanfá cruach ná stáca
Mar dhéanfadh éan-fhear sa tír,
Agus a Mhic Mhuire is a Rígh na ngrásta,
Cér bh' áil liom bheith meath do chíonn?



— Agus a chailín.



45. Cuaichín Ghleann-Néifinn.



I.



Tá an bhainseóigin seo cumhartha;
Ní luigheann drúcht uirthi ná teasbach.
Nuair a thiocfas an samhradh gléigeal,
Béidh mil ag téachradh ar bharraibh crannaí.


L. 100


Tá cuaichín i nGleann Néifinn
Nachar fhéad mé ariamh a mealladh,
Agus a stóirín, tabhair ó'n bpéin mé;
Tá do mhéin mhaith do mo lagadh.



II.



Agus chuadhmar-ne le chéile
Ag déanamh réidtigh go teach an tsagairt.
Tháinic aithmhéala ar mo chéad searc
Agus d'éaluigh sí uaim a bhaile.
Ní cumhaidh a bhí 'na déidh orm,
Cidh nach é bhí a muintir a aithris,
Acht ar dtabhairtin ó n-a chéile,
Is a Dhia ghléigil, nach mór an peachadh?



III.



'Gus a stóirín, ó ná tréig mé,
Mar gheall ar a bheith folamh,
Is a ghoirdeacht is bheadh poll na móna
Ag tabhairt na mbó uainn is d'á mbasgadh.
Dá mbeidhinn is tú pósta
Is go n-éireochadh an saoghal go maith linn,
Bheadh airgead i n-ar bpócaíbh
Agus ór buidhe le sgapadh.



IV.



B'ait liom an fear ar foghnamh
I dtús an fhoghmhair & ráithche an earraigh,
A chuirfeadh & a bhainfeadh an eorna
Agus a chomhairfeadh í 'na beartaibh


L. 101


Saidhbhreas ríogh na Fódla
Agus a fhághail in' ór bhuidhe le sgapadh,
Agus go mb'fhearr liom mo mhile stóirín
Ná mo phósadh le baintrigh.



V.



Tóigfídh mé mo sheolta
Go dubhbrónach liom ar maidin
Ar cuairt ag mo mhíle stóirín
Is go deo deo ní chasfad.
'Séard dubhairt sí liom nach bpógfainn
A rós-bhéilín meala,
Is ní léir dhom na bóithrí
Ag na deoraibh do mo dhalladh.



VI.



B'ait liom fear láidhe,
Fear sleagháin & fear sluaisde,
A dhéanfadh a shúiste a láimhsiughadh
Ar an tsráid seo is é ag bualadh.
Fágfaidh mé an áit seo,
Mar tá sé 'na chír thuaithbhill
Agus leanfaidh mé dho mo ghrádh gheal
Is gach ceárd dhá bhfuighidh mé a thuairisg.



— Tá an bhainseóigín.


L. 102


46. An Teanga Ghaedhilge.



I.



Rachaidh sinn anonn go Tír na Long
Ar cuairt ag Righ Éamonn,
Go bhfeiceamuid cia'n fáth ar mhionnuigh sé go fallsa
Nach raibh i mbriathraibh an Phápa acht bréaga.
Acht tá sé mar sheoda i bpalás na Róimhe
Agus é 'na shuidhe i gcathaoir as Párrthus
Cuirfidh sé na hAlbanaigh síos le fánaidh
Agus crochfaidh sé an ghlas-uaithne dhúinne i n-áirde.



II.



Tá na máighistrí sgoile ag múnadh na bpáisdí
Agus d'á dteagasg i dteangaidh Naoimh Pádhraic.
Tháinic mór-uaisle anoir as Baile Átha Cliath chugainn
D'ár neartughadh is d'ár ndéanamh láidir.
Tiocfaidh an lá go fóill a mbéidh sinsear go leor
Ag guidhe ar son an pháirtigh.
Tá múnadh na Gaedhilge dh'á sgapadh ar fud na hÉireann
Agus ag díbirt ar námhad thar sáile
Go gcrochaidh sí an ghlas-uaithne dhúinne i n-áirde.



III.



Grádh mo chroidhe go bráthach an mhuintir a throid an
námhaid
Le sparraíbh & le pícibh géara —
Chuaidh sinn go Cúl Cearnadh & a dtuaidh amach an
Bhearna,
Agus an Dubhdach mór mar phrántach linn dh'ár
dtreorughadh


L. 103


Go ndeachaidh sinn 'un na Muaidhe & as sin go Cúige
Mumhan
Agus thart le bádhbhdhún Luimnigh,
Go dtáinic sinn 'un an champa bhí romhainn i gCaisleán
an Bharraigh;
Chuireamar é le fánaidh na sráide.
Throideamar an lá sin mar bheadh na leontaibh bána
Gur chroch sinne an ghlas-uaithne i n-áirde.



IV.



Tá Árd-Eaglais na hÉireann ag iomadh & ag éad
Le briseadh croidhe & le náire,
Mar leig siad an teanga Ghaedhilge le fada faoi léan
Brúighte faoi chois ar námhad,
Acht táthar d'á múnadh ar fud gach Cúige
Agus go mór ar fud na hÉireann
Acht crochfamuid i n-áirde í nuair a thiocfas an
lá breágh
Comh hárd le Cian óg ins na spéarthaibh,
Ag crochadh suas na glas-uaithne i n-áirde.



V.



Tá bunadh Mháirtín Liútair ag imtheacht le mío-rún,
Le iomradh & le bréagaibh,
Ag iarraidh deágh-mhóide a bhualadh síos le fánaidh,
Agus iad féin a bheith i gcomhnuidhe i gcéimigheacht,
Acht tá sinn ag éirghe láidir thart ins an áit seo.
Agus gan aimhreas amach ins gach réigiún,


L. 104


Agus dá dtéidhtheá anois i láthair amach thar sáile,
Gheobhfá céad míle fáilte ag fir óga & mná na
hÉireann —
Go gcrochaidh siad an glas-uaithne suas i n-áirde.



— Rachaidh sinn.



47. Seachrán Chearbhaill.



Lá breágh dhá ndeachamar ag breathnughadh ar an
rígean mhná —
Ba í siúd ainnirín na maille-rosg & na mín geal
breágh;
Bhí a gruaidh ó thrí ghartha léi mar bhreacamuinn an
t-aol mar bhláth,
Is a seang-chum mhalaidh le go searcfainn léi gach
síor-linn ann.



Tá siúd aicí — dar Peadar ó! má's fíor le rádh
Rós-bhéilín meala le caiseal is le caoin-gheal cnáimh;
A módh-chuin cailce taobh-shneachta a chuir na mílte 'un
báis.
Tar éis ón í a fheiscint 'seadh bhreathnuigheamar an nídh
do rádh.



Seachrán.



'Sé an nídh do bhreathnuigheas féin annsúd, mar
smaoinighim mo bhriathra ar mar bhearraim mo mheanmna:
dá dtugainn-se an tsaint sin do ghrádh seirc nó síor
ghrinn go ndéanfaidhe braon báis & mion-amhuill dhe
chorp aindeóin mo chroicinn orm.


L. 105


Amhrán.



A Dhia, cad é ar bh'eagal dúinn taitneamh ná pianta
báis
Ná a bheith dho mo stangadh ó go maidin midi le crann
a bheadh thart síos i mbláth?
B'fhearr liom seal fada a bheithinn ag breathnughadh ar
a mín-chnis bhreagh
Ná a bheith dh'á mealladh ó-go maidin cidh gur baoth
dhom a rádh.



Seachrán.



Níor bhaoithe dhamh-sa siúd a rádh ná dho Fhionn mhac
Cumhaill mhac Airt mhac Tréanmhóir Uí Bhaoisgne a
chaith gach lá gach bliadhain ag tos na léime brice
buaidhe, ar thaobh Bhinn Éadain mhic Éadghaoith mhic
Amhalghaidh, an áit a dtáinic an chéad laoch, an chéad long
& an chéad fhathach go nÉirinn ariamh.



Amhrán.



Tabhair sgéal uaim chuicí & aithris di nach ag taobh léi
atáim,
Go bhfuil sin bean eile go fada do mo chlaoidheadh le
grádh,
A bhfuil lán-domhan duine ins gach buinneamh d'á buidhe
fholt breágh
Nó an bhfuiltí-se 'n-'ur gcodladh nó an mithid daoibh ar
bhfor-sgéal fhághail.



Seachrán.



'Sé an for-sgéal a bhí ann-siúd: Triúr bodach a bhí
ag Cairbre Mhac Aoidh, a dhóigh a gcuid móna i dtús


L. 106


geimhridh, & i ndeireadh earraigh gan réidh-mhaide con a
bheith aca. Chuaidh siad ag iarraidh cead coille ar
Chairbre. Thug Cairbre sin dóibh. Thóigeadar leobhtha
ar maidin la'r na mháireach a dtrí tuaghanna chúl-tan-
aidhe bhéal-reamhra, a dtrí ghoithte bhriste mhaolbhearnach.
Dhearmad siad a dtapa & thugadar an mhíothapa leobhtha,
bhriseadar a gcuid maidí rámha & leigeadar a gcéasla
le sruth.



Amhrán.



Ba í siúd ainnirín na mín-chruth bán
Ag imirt an chluithche úd go hacmhuinneach síos as láimh:
Bhí pighinn ins an maide aici & dá leith-phighinn eile amach
ar chlár
Is gan obadh ó éan-chluithche ó oidhche nó go n-éirigheadh
an lá.
Mná ó! na cruinne ar fad is bídís sin ar m'éan-taobh
an chláir,
Budh tusa féin mo thogha & mo roghain, má's mian leat
m'fhághail.



Seachrán.



Sise. — lámh m'athar & mo mháthar is maith an t-ádh nach
mbím.



Amhrán.



Bím-se lá im' easbog i gCaiseal is i gcianta cách;
Mar rígh ar gach cleasaidheacht go hacmhuinneach 'seadh
bhidhim gach lá;
Lá beag eile is gan agam acht an píce i mo láimh
Siar ó choir chathuighthe & ag caitheamh ó! mo dhíslí ar
chlár.


L. 107


Seachrán.



Is beag an fáth a bhí dhamh-sa an dís údan a chaitheamh,
meireach a olca 's imrighim (an) buadh. Buadh ar sheasair
tucar-tacar táipléis óir. Lá dá rabhas & an rós-
bhéalach ag imirt chluithche fó'n eang ruadh, bhí triúr ar
chaladh, triúr ar dhoras. Tháinic treall dhona thubaisteach
de mhuintir an tighe isteach. Dubhairt an doras a
dhúnadh. D'imir beart an cleas i m'aghaidh. Dá
mbeidhinn annsin go sioc ní iarrfainn maide.



Amhrán.



Is go Druim Átha na tubaiste 'seadh casadh mise i dtír
gan snámh,
Fear na tuaighe giorra nach seinneann ó — dhe chum dheas
dán.
D'ionnsuigh dís eile an tSionainn thrí Luimneach siar le
fán
Is nach truagh ghéar sin duine a bheith i ngil-éadtrom a
bhí indé beo slán.



Seachrán.



Hibill-heabaill, giorrán capaill, easbog ceanainn
& call air.



Amhrán.



Bím lá beag eile a mbíonn mallacht ó gach Pápa 'mo
dhiaidh
Faoi mo bhean & mo leanbh & mo bhanaltra bheith i n-ánn a
gcliar;
Dheamhan sin gort socair nach i bhfogus dó tá móinín
fraoigh


L. 108


Ná an gleann domhan gan an abhainn a bheith ag gabhail thríd
síos.
Tá an rotha seo 'na shodar & dheamhan a bhfuil de chomhnudhe
faoi
Agus ní hiondamhail an sonas gan an donas a bheith i
n-ordlaighibh thríd.



— Lá breágh.



48. Cathaoir Mhac Cába.



I.



Ní cathaoir mo Chathaoir mar chathaoir na ndaoine;
Ní cathaoir mo Chathaoir mar chathaoir na rígheadh.
Níor rugadh ariamh éan-Chathaoir ó túsuigheadh an díle,
Cathaoir ar bith mar mo Chathaoir; ba í Cathaoir bhreágh
an tsiamsa í.



II.



Ba tú seabhac na hÉirne & Déadra de Chlainne
Bhaoisgne;
Ba tú bradán ruadh Loch Éirne 'sé mo léan thú bheith
sínte.
Rún-searc mo chléibh thú, mar dubhairt Déirdre le
Naoise nó an dtiocfá dom' fhéathaint lá éigin de'n mhí seo?



III.



Ní tréan mo labhairt & ní hé sin mo chúis náire,
Acht mar chadhan bocht sgoithte mé ó chaill mé mo chúl
báire.


L. 109


Níl pian & níl galra, dá mbadh gar a béith trom
chráidhte,
Mar eág na gcarad ná sgaradh na gcompánach.



IV.



Is fada mo thriall & mé ag siubhal an róid liom péin
Ar uaigh mo charad gur chailleas ann raedhearc mo shúl.
Ní bhfuair mé agam & mé ag folcadh na ndeor go trom
Acht an chruaidh-leac dhaingean & leabaidh de'n chré
bhí dlúth.



V.



Baramhail do mo bharamhail gur imthigh tú féin uaim;
Baramhail do mo bharamhail nach bhfeicfidh mé go héag
thú;
Baramhail do mo bharamhail gur giorradh thú ar mo
laethibh,
Acht ní bhfuair mé ariamh leagan nach dtóigfeadh mac
Dé mé.



— Ní cathaoir.



49. Muirréad Ní tSaibhne Bháin.



I.



A Mhuirréad óg na n-ór-fholt fighte go féar,
Na dtroillsí óir ba leora, ba deise sa saoghal;
Fuaireas póg ó mo stór is mé ag imtheacht i gcéin,
Agus naoi dtrátha beo gan éan-lón 'seadh choinnigh
sí mé.


L. 110


II.



A Mhuirréad ghléigeal, ní céile dhuit an leadaidhe
buidhe,
Nó dho do chum geal séimhidh is séigeantaighe a's is gile
ná an t-aol;
Do bhráighe ghléigeal mar na caorthaibh cruinne ar craoibh
Is go bhfuil t'fhéachaint mar réaltaibh na soininne ag
tigheacht.



III.



Is b'fhada liom uaim go ngluaiseadh solus an lae,
Is mé ag tarraint go buan ar cuairt 'un taisge
mo chléibh,
Ainnir na gcuach, is a gruaidh thrí ghartha mar an gcaoir,
Is nach mé tá go dubhach ar bhruach na coille liom féin?



IV.



Is a ghile na brice, cidh gur tanaidhe tuartha atáim,
'Sé mo ghrádh do chuimín geal mín cumhartha tláth.
Is ceann dhe do chrutaíbh a choinnigheas an fiadh 'na barr,
Acht is fear mé a chuir tú naoi n-uaire 'un báis.



V.



Thóig mé mo sheolta, & d'imthigh mé i gcéin,
Nó gur seoladh mé i seomra gan oiread an éin.
Óig-bhruinneall mhodhamhail a mharbhuigh lag mé;
Acht díth bróg ar an té a d'orduigh dhom fanacht aréir.



VI.



Bhí mise lá liom féin ag siubhal trágha
Agus gach iosna da ndéanainn réabfadh sí conra chlár


L. 111


Le cumhaidh 'do dhéidh ní fhéadainn codladh do fhághail,
Acht seacht searc mo chléibh thú, a Mhuirréad Ní
tSaibhne bháin.



VII.



Is fada liom féin go nglaodhann an coileach go hárd
Eadraibh ar aon ní fhéadaim codladh a fhághail.
Ainnir chiúin tséimh 'na dtraoth-fholt fighte go barr,
Is a charaid mo chléibh, ní baoghal duit mise go lá.



VIII.



Badh é dul idir an daraigh & a croiceann, cidh go mba
mhór an céim,
A dhul eadraibh-se feasda, 'sé a mheasaim, a stór mo
chléibh,
'Sé a thuigim gur failligheach atá do sgéal,
Acht mo sgaoth bheannacht leat, 'ainnirín, cidh gur crádh
liom é.



— A Mhuirréad óg.



50. Tomás Mhac Filbhín.



I.



Tá mo chur & mo shaothar gan caoi ar bith ná dóigh.
Níl fasgadh air ná dídean ná tuairim ar bith dhó.
Tá capaill, ba 'gus caoirigh
Ina mhullach 'chuile oidhche
Is mur bhfóiridh air mo ghaolta, ní béidh sé ar an gcóir.


L. 112


II.



Is dá mbeidhinn-se mo chléirach, is maith a sgríobhfainn
le mo pheann
Leitir faoi n-a séala bheith as léargus Clainne Gall.
Nach bhfuil fhios a'm i nÉirinn
Cia'n chiall mé a bheith i ngéibheann
Is a liachtaidhe buachaill spéireamhail a bhéarfadh ar mo
láimh.



III.



Is dá bhfághainn-se buachaill spéireamhail a bhéarfadh
leitir uaim,
Chuirfhinn í 'g óis íseal ag an dís atá faoi bhrón.
Go ngabhfainn leobhtha a bhuidheachas
Dhe láthair buidéil fíona,
Dá bhfághainn mé féin sgaoilte as na glais a bhfuil mé
ann.



IV.



An tráth do blaoidheadh orainn 'un cúirte tháinic smúit
ar an ngréin;
Bhí an tír ag gal d'á súilibh le umhluigheacht dúinn féin;
Thosuigh an Ceallach ag dúbladh
Na mionnaí éithigh le dúthracht
Thug ainglí flaitheas cúl dó & Párrthus geal na naomh.



V.



Tá fios ag Rígh na hAoine gur mhionnaigh an Ceallach cam.
Flaithis Dé nár fhághaidh sé go n-íocaidh sé féin ann!
Lucht bhriste na hAoine
Nach iad a shíl ar ndíbirt?
Acht céad glóir le Íosa Críosta, níor féadadh ar gcur
anonn.


L. 113


VI.



Is ag Risteard óg A Bláca bhí an cás seo a fheiceál
réídh;
'Sé a thóig dhe láimh é 'gus níor bhfearrde sinn é.
Acht saoghal fada ag Sifré Mártain
Agus a maireann beo d'á náisiún
Is ó'n athair maith a tháinic sé, fial-uaisle Chlainne
Gaedheal.



— Tá mo chur.



51. Taobh thall de chlaidhe na teorthann.



I.



Taobh thall de chlaidhe na teorthann tá mo stóirín is
mo mhian
A bhfuil srumh de'n fhuil mhóir ainnti, a thóigfeadh an
dólás de mo chroidhe.
Cuirim impidhe ar an Domhnach, mur beo do bheithinn
acht mí,
Seal fada go raibh do chomhnuidhe ar urlár mo thighe.



II.



Níl oidhche dá dheacra í ná maidin dá mhéad
Nach raibh mo shúil leat a bhaile go meadhon oidhche aréir.
A Rígh geal na gcarad, nach deacrach mo sgéal
Is mo chumann leat caithte nó go síntear mé i gcré.


L. 114


III.



Is truagh gan mé i m'éinín ag éisteacht le t'iosna
Nó ar oileán i loch Éirne & feara Éireann a bheith 'na
gcodladh;
Shínfhinn mo thaobh leat, a chéad grádh & a chumainn,
Ar bhainseoigín ghlais luachra is ní bheadh fuacht orainn
ná dada.



IV.



Mar éirigheas an ghealach 'seadh sgalas an ghrian,
Agus mar bhíos an lan-mara tá an fhairrge siar;
Thusa bheith sa Tuircéis & mise a bheith sa nGearmáinn
Is go n-éalóchainn ina léine le péarla an chúil bháin.



V.



Is chuaidh mo ghrádh an bealach go deireannach aréir,
Níor tháinic sé isteach & mise liom féin.
Níor bh'é sin do ghealladh, tá fhios agat féin,
Agus má ghníonn tú mo mhalrait nár théidhidh tú ar dheis
Dé!



VI.



Is truagh gan mé 'mo mháta nó 'mo chaiptín ar luing
Nó mo phabhsae dheas aereach ar Shliabh na mBan Fionn.
Chealgfainn & bhréagfainn í, péarla an chúil duinn,
Is nár ró-dheas an féirín í, dá n-éaluighead sí liom.



VII.



Gheall mo stór céad dom & dá mhíle bó,
Marcaigheacht pléisiúrthaidh & aedhear baile mhóir,


L. 115


Na ba bheith ag géimnigh & na laoghanta ag diúl,
Agus a phéarla an bhrollaigh ghléigil, nach leat a léig
mé mo rún?



— Taobh thall.



52. An Chríonach.



I.



Is a' gcualabhar gur cailleadh an Chríonach
I dtús ráithche an gheimhridh sa ngábhadh?
Tiomáineadh amach ins an maidhm í
Gur briseadh an cíle 'na lár.
Is iomdha fear maith d'fhág sí sínte
A bhfuil inchinn d'á spíonadh 'na cheann;
A gcuid fola 'na deanthach 'na dtimcheall
Is a gcroiceann mar phíosa ar an aill.



II.



Agus brón ort-sa, a Chaiptín na Críonaighe,
Nuair a tharraing tú aníos ó'n muir mhóir,
Nár spáráil do chuid soitheach fíona
Agus gan a dtabhairt dho do mhuintir le n-ól.
Da bhfantá le taobh Chrua' na Caoile
Agus t'ancoire a sgaoileadh le tráigh,
Is gearr go mbeadh céibh ar Chuan Chaorthainn
Agus beairic dh'á dhéanamh ar an árd.


L. 116


III.



Is a Mhaitís, má chaill tú an pinsin,
Caithfidh tú innsin cia'n t-am,
Is gur b'eidir an Nodlaig 's Féile Brighide
Bhíos na billí d'á sgriobh' ins an bhFrainnc.
Tá sé i n-oifig an Ríogh
Agus níl sé 'na líne níos fearr —
'Sé a thiubhradh chúig phunt ins an mí dhúinn
Agus airgead síos i n-ar láimh.



IV.



Is agam bhí an Chríonach a b'áille
Dár shnámh fhaoi na pláinéid le sgód.
Bhí lucht ainnti dhe eorna na Frainnce,
Saitín is lán barraí óir.
Níor chuala tú arm ag mársáil
Nó an band, cidh go mba bhreágh a chuid ceoil,
Ní ba bhinne ná fuaim a cuid laindéar
Nuair a thóigead sí an t-ancoire an bórd.



V.



Truagh sin nach ndearnas teach lóchrainn
Ar Chaorán na nGabhar thiar i n-am,
Shul dar chuir mé mo Chríonách ag tornáil
Is ar mhaidhm Charraig Ullta tá a háit.
Nuair a thosuigh an fhairrge ag gúgaighil,
Chuaidh an Caiptín trí huaire sa gcrann
Gur caitheadh amach a chuid pumpaí
Is chuiadh Maitís i gcontabhairt a báis.


L. 117


VI.



Is dá mbeadh froigéad lán d'airgead is d'ór á'm,
Chúig mhíle bó a fhághail de spré,
Is go mb'fhearr liom mo stóirín le pósadh
Ná a bhfuil de mhnáibh óga i Ros Cré.
Tá an Franncach ag tigheacht is a chóisear
Agus soithigh Ríogh Seoirse d'á ngléas
Faoi thuairim an cháis úd Sheaghain Seoige
Atá ag imtheacht i gcóiste leis féin.
— An gcualabhar.



53. An Chaora Ghlas.



I.



Agus a óganaigh óig, a réalta thríd an gceo,
Le go dtug mo chroidhe istigh cion go hóg dhuit,
Is gur gheall tú bheith romham ag coilltibh glas' na gcnó
Go gcuireamuis ar gcomhairle dh'éantaobh.
A chuisle & a stór, 'sé mheasaim féin, ar ndó',
Nach bhfuil peacadh ar bith níos mó le déanamh
Ná an mhaighdinín óg a mhealladh le do phóig
Agus a fágáil faoi bhrón 'na dhiaidh sin.



II.



Agus amuigh annseo i mBaile Átha 'n Ríogh 'seadh rinne
mise an gníomh
Bhí follusach ag an saoghal láimhe,
Éalódh le mnaoi tamall beag de'n oidhch'
Is a leigean uaim arís ó'n láthair.


L. 118


Dhearc mé suas ó dheas & ó thuaidh
Is ní fhaca mé an chluain fhásaigh.
Tharraing mé mo ghruag & ghuil mo chroidhe go cruaidh
Agus dubhairt na clocha ga mbudh truaigh é m'ádhbhar.



III.



Dhá dtéidhinn-se anonn do'n Spáinn & a thigheacht
a bhaile slán
Do ghrádh-sa is ní thiubhra mé dh'éan-mhnaoi.
A phéarla an bhrollaigh bháin ba gile cruth dá láimh,
Is do leacaí bhí mar bhláth na gcaorthann.
Nó go dtéidhidh lucht ime dho'n Spáinn, & an ghrian
anonn dhe shnámh
Nó an cnoc atá go hárd i Néifinn,
Go dtréigidh an eala an snámh & na caoirigh dhe ghabhail
'un báin,
Inntinn mná go bráthach ná géill dó.



IV.



Is orm-sa tá an máighistir is measa anocht le fághail,
Cidh gur soineannta é clár a éadain;
Chuirfead sé mo cháil go fada & go gearr,
Cidh b'fhurusda mo chás a réidhteach.
An chaora ghlas a' snámh, an madadh ruadh is é lán,
Mise, & mo ghrádh bheith i n-éinfheacht,
Acht ar m' fhocal duit, a Sheághain, go bhfuil an ghangaid
ins na mnáibh,
Agus codail féin go sáimh dh'á n-éagmais.



— Agus a ógánaigh.


L. 119


54. Cúirt Bhaile an Mhuighe.



I.
D'éirigh mé ar maidin Dia Céadaoin
Ag dul ag féachaint ar chúirt Bhaile an Mhuighe;
Choinic mé Neilí ag gabhail tharm
Is budh ró-dheas iad a leacaí gan chríon.
Bhí an bhráigh aici ba gile ná an eala
As í ag seasamh i lár Caisleáin an Ríogh;
A dá cích chorra cruinne ró-gheala
Is a béilín mar lasadh na gcaor.



II.



Is tá mé do mo chlaoidheadh is do mo lagadh
Is deir mo mhuintir gur athruigh mé snuadh,
Mar gheall ar an donn-bhruinnill mhaisigh
A tóigeadh le taobh Leac na n-Uan
Le iomadra geana ar an gcailín,
Mar is léithe a leig mé mo rún;
Is mur dtigidh tú liom 'un an tsagairt,
'Sí an uaighe mo leabaidh le cumhaidh.



III.



Is iomdha sin míle san mbeallach —
Ní fuide ná an baile a mbíonn sí;
Is mé ag smaoineamh ar mo stóirin 'ch éan tSatharn
Ó'n maidin go tuitim na hoidhche.
A cúilín trom clannach 's é fighte,
Cia is deise ná a leagfaidh sí an tsúil;
Is má théidheann tú thar Chaol Chonamara,
Táim cinnte nach agam a bhéas tú.


L. 120


IV.



Is a Neilí, ma ghníonn tú an pósadh,
Is go bhfágfaidh tú an óige 'do dhiaidh,
Ní bhéidh gean ag na buachaillíbh óga ort
Ná ag mórán d'ár thathuigh tú ariamh,
Má théidheann tú 'un Aifrinn Dia Domhnaigh
Is nach bhfuighidh tú éan-phóg ó do mhian,
Filleadh dhuit a bhaile tráthnóna
Béidh duibhthin an-mhór ar do chroidhe.



— D'éirigh.



55. Sagart na Cúile Báine.



I.



Thug mise an ruaig go Tobar Mhic Duain
Agus chugad anuas le fánaidh,
Go Conndae na Midhe & go Loch Dearg na naomh
Agus chugat aníos Cruach Phádhraic,
Is ar shiubhail mé go fóill níor chuala mé an ceol
Ag argain, fliút ná cláirsigh
Mar bhí ag an lón i dteach phobuil Mhuigh Eó,
'Sé sagart na Cúile Báine.



II.



Go Conndae Mhuigh Eo má théidheann tú go deo.
Cuir tuairisg ar fhear dhe Sheoigeach,
Agus gheobhfaidh tú é ag gabhail chugat an ród
Mar bheadh aingeal as ríoghacht na glóire.


L. 121


Téirigh ar do ghlúinibh & aithris do rún dó
Gur peacach tú a ghluais i gach ceárd
Agus ar uair ar mbáis na Flaithis go bhfághaidh
Ó shagart na Cúile Báine.



III.



Agus éirigidh suas go dtéidheamuid 'un siubhail
Go bhfághamuid siúd ó'n bPápa,
Is go bhfághamuid léas ar theach phobuil Mhuigh Eo
Do shagart na Cúile Báine.
Éirigidh suas go dtéidheamuid 'un siubhail
Go bhfághamuid sagart na Cúile Báine
A d'imthigh aréir is nach bhfillfidh go héag
Agus tá sé i Loch Éirne báidhte.



IV.



Tá Conndae Mhuigh Eo faoi leathtrom go deo
Ó cailleadh an t-éan-mhac Seoighe,
Is go gcuirfead sé bród ar éan-duine beo
A d'fheicfeadh é ins an éideadh Dia Domhnaigh.
Chuirfead sé séala air ag dul ins an gcré
Is go ngeobhfad sé fáilte ó Chríosta.
Chuirfead sé ar an eolus an té nach mbeadh cóir
Is go múinfead sé an treoir dhó díreach.



V.



Níor bh' iongnadh liom féin dá lasadh an t-aer
Is na néalta chomh dubh leis na háirníbh,
An deallradh ó'n ngréin is an ghealach í féin,
Ó cailleadh ceann seasta na háite.


L. 122


Paidir & cré an dá easbal déag
I n-onóir do Rígh na ngrásta
Gan sinn a dhul i gcré nó go mínighthear sgéal
Ar shagart na Cúile Báine.



— Thug mise.



56. Maire Ní Mhongáin.



I.



Bhí triúr mac agam bhí oilte tóigthe,
Agus is gearr ba lón dom iad, céad faraor géar;
D'fhág siad a ndeirbhshiúr bhocht ag sileadh deora
Gach éan-lá Domhnaigh & ní ag iarraidh a ghléis.
Ní raibh suim ar bith agam sa mac a b'óige,
Cidh ba lághach an leoinín é Peadar féin,
Acht an mac ba sine aca 'sé a chráidh go mór mé
Agus mí ní beo mé le cumhaidh 'na ndéidh.



II.



Mo Pheadar móirneach a bhí oilte múinte,
A chuaidh ar chúnntar a bheith níos fearr.
Bhí gnaoi na gcomhursan air fhad is bhí sé fróm-sa
Is ba mhaith an congantóir é amuigh le Seaghán.
Tá súil agam-sa go bhfuighidh sé iomlacht
Agus fortún cumhachtach ó Rígh na ngrást,
A thiubhras a bhaile chugam é slán gan chontabhairt,
Mar is mór mo chumhaidh i ndiaidh mo mhicín bháin.


L. 123


III.



Is cá bhfuil truaigh i nÉirinn níos mó ná mé
I ndiaidh an chéad mhic a chráidh mo chroidhe?
Ag guidhe Dé & ag déanamh déirce,
Is ní fhághaim éan-sgéal uaidh ar muir ná ar tír!
Nuair a fheicim-se gach bean aca & a gclann fré chéile,
Caillim mo raedhearc & meabhair mo chinn,
Is tá deireadh mo sheanchuis is mo chómhrádh déanta
Is ní labhróchad éan-smid go dtéidhidh mé i gcill.



IV.



Is mac gan chumann thú anois, dar liom-sa,
Nach dtigeann ar cuaird chugam dh'oidhch' ná dhe lá,
A chaith trí ráithche gan sgíth go t'iomchar
Agus a chuaidh i gcontabhairt leat oidhche an bháis.
Thug mé sgoil duit & beagán fóghlum'
Do réir mo chomhachta mar rinne a b'fhearr,
Is nach beag a ghoilleas mo ghalra dubhach ort,
Cébi chuige ag a mbíonn tú ann.



V.



Cá bhfuil truaigh i nÉirinn acht mac is máthair
A bheith ag dul i bhfán ar a chéile choidh'e,
A d'fheil go cneasta é gan ghuith gan náire
Fuair biadh & annlann maith glan d'á cíonn.
Ma's é an bás a chlis orm is a d'fhág faoi dhrámh mé,
Mar is iomdha an geall maith a chuir sé i gcill,
Is gur b'é an fortún deireannach a bhí d'á bhárr á'm,
Gur gheal mo cheann is gur dhubh mo chroidhe.


L. 124


VI.



Is nach beag a ngoilleann mo ghalra dubhach air,
Is a liachta brón ag gabhail thrí mo chroidhe;
Tháinic tinneas orm is chaill mé mórán,
Is níl luach na cónra agam anois, faraor!
Ní hé sin is measa liom ná a chráidh go mór mé,
Acht mar rinne mé an pósadh ar ais arís;
Bhain sé an chlann díom bhí oilte tóigthe
Tá muirighin óg orm is mé go lag 'na gcíonn.



VII.



Agus cá bhfuil truaigh i nÉirinn acht mac is máthair
A dhul i bhfán ar a chéile choidh'e;
Chuaidh go Sasana san arm Gallda
Gan fios a pháighe acht beagán bídh.
Dá mbadh i mBaile na Cille agam a bheadh do chnámha
Ní bheithinn chomh dubh-chroidheach ná a leath 'do dhiaidh,
Acht mo chúig chéad beannacht leat go ríoghacht na
ngrásta
Nuair nach bhfuil sé i ndán dom thú fheiceál choidh'e.



VIII.



Nach mór a ghuileas bean i ndiaidh a páisde
Má fhághann sé bás uaithi i n-aois a mhí,
Is a liachta forránach breágh lúthmhar láidir
Ag gabhail thar sáile is nach bhfillfidh choidh'e.
Ní hé sin a mharbhuigh mé, dhá mhéad mo bhuaidhreadh,
Ná a rinne gual dubh dhe mo chroidhe,
Acht níl teach mo charad a'm le dhul ar cuairt ann
Ná bean mo thruaighe bheith ann 'mo dhiaidh.



— Bhí triúr.


L. 125


57. An Cailleach.



I.



As Cill Íomair a d'éaluigh an chailleach
I-n-aice Bhaile an Ródhba,
As sin síos go Conndae Shligigh
Agus thart le Coill an Tóchair.
Dá leantaoi í go beo is go tapa,
Déanfhaidhe amach go fóill í,
Go raibh sí aréir ag ól mug leanna
I dteach i mBéal Átha Feoirlinn.



II.



Is a Mhicheáil mhac Shuibhne, táim dho t'agairt,
Ó's duine thú tá i n-aicill cuanta,
Gan luing ná bád a thabhairt do'n chailligh
Go n-íocaidh sí luach na feola.
'Séard a chuala mé ag Feichín Breathnach
Gur ionnsuigh sí Dúithche Sheoigeach,
Is má castar leat i gConamara í,
Bain mo ghiní óir dhí.



III.



Molly Coakely is ainm do'n chailligh —
Caithfeamuid a rádh i mBéarla,
'Faitchios a dhul faoi na tíorthaibh coimhthigheacha
Is nach dtuigfidhe uainn an Ghaedhilge.


L. 126


Do réir mar chuala mé ag gabhail tharm,
Is maith a bhí sí gléasta,
Le n-a cóta beag síoda is a guanna cudáis
Agus clóca dearg bearskin.



— As Cill Íomair.



58. Cuan Choilinn.



Shiubhail mé bogaigh & móinte
Agus cnuic a bhí géar as a mbarr,
Go leor bealaigh eile nach ndéarfad
Is gan onsa ar bith céill' in mo cheann,
Mar gheall ar an mbruinnillín phéacaigh
A dtug mo chroidhe spéis di is grádh
Is nach leigeann dam codladh a dhéanamh
Ag mo chroidhe tá d'á réabadh in mo lár.



II.



Agus brón ar an té nach mbíonn críonna
Is nach ndearcann an tslighe mar is cóir,
Shul dá gcuirfidhear ar bannaíbh cruadha cinnte é
Nach féidir a sgaoileadh go deo;
Toil a thabhairt duit-se & damh-sa
A mbéidh siad dh'á íoc ann go fóill,
Acht céad glór dho Mhac Dara, táim sgaoilte
Agus cead a bheith dh'á innsin ar sógh.


L. 127


III.



Agus brón ar an té chuaidh dh'á innsin,
Má bhí mé 'gus mo mhian seal ag ól,
Ar uaigneas i bhfad ó n-ar ngaoltaibh,
Is gan fúinn a bheith ann acht seal gearr.
Níl acht dhá bhfágainn-se in mo líon iad,
Sgéal cinnte go n-íocfaidís ann,
Agus a fhiosach dhóibh codladh go suaimhneach,
Is gan dada d'á chionn dóibh as a bheith ag cainnt.



IV.



Thíos ag Cuan Choilinn tá an chúilfhionn
Is deise d'ár shiubhail ar an bhféar.
A bhfuil a bráighe mar an eala lá gréine
Is a leacaí mar bhláth na subh craobh.
Is iomdha fear maith a bhí ag súil léi
Nár dhearc ar a snuadh ná a sgéimh,
Acht ól orm deoch is bí súgach
Tá tart orm ó shiubhal an lae indé.



— Shiubhail mise.



59. An Draighneán Donn.



I.



Síleann céad bean gur leobhth' féin me nuair a ólaim
lionn,
Is téidheann dhá dtrian síos díom nuair a smaoinighim
ar a gcomhrádh liom;
Sneachta séidthe is é d'á síor-chur ar Shliabh Uí Fhloinn,
Is go bhfuil mo ghrádh-sa mar bhláth na n-áirnidhe ar an
draighneán donn.


L. 128


II.



Slán feasta do'n bhaile údaigh thiar imeasg na gcrann,
Mar is ann a bhíodh mo tharraint go luath & go mall,
Is iomdha eanach fliuch salach & bóithrín cam
Ag gabhail idir mé 'gus an baile 'bhfuil mo stóirín ann.



III.



Dá mbeidhinn 'mo bhádóir is deas a shnámhfainn an
fhairrge anonn,
Agus sgríobhfainn cúpla líne ag mo ghrádh faoi fhonn;
Bheithinn ag ealódh le mo chéad searc is ag fásgadh a
cuim;
Is an lá nach bhféadaim bean do bhréagadh níl an báire
liom.



IV.



Tá ribín le mo chéad searc in mo phóca thíos,
Agus fearaibh Éireann ní fhéadfaidís an chumha a bhaint
díom;
Tá mé réidh leat go ndéantar dam cónra chaol
Is go bhfásaidh an féar in-a dhiaidh sin thrí mo lár aníos.



V.



Fuaireas féirín lá aonaigh ó bhuachaill deas
Agus céad póg ina dhiaidh sin ó phlúr na bhfear
Lá léin ar an té a déarfadh nach tú mo ghean,
Agus 'na dhéidh sin nach deas a d'éalóchainn fó na
coilltibh leat.


L. 129


VI.



Is tá smúit ar mo shúilibh is níor chodail mé néal,
Acht ag smaoiniughadh ar mo dhian-ghrádh, má b'fhada an
an oidhche aréir,
Le do chúrsaíbh-sa gur dhiúltuigh mé an domhan uilig go
léir,
Is a chraoibhín chumhartha, cia'n fáth a dtiubharfá do leabhar
i mbréig?



VII.



Is fear gan chéill a rachadh a' dréim leis an gclaidhe
bheadh árd,
Agus claidhe beag íseal le n-a thaobh sin le go leag-
fad sé air lámh;
Gidh gur b' árd é an crann caorthainn, bíonn sé searbh
as a bharr,
Agus fásann sméara & bláth sugh craobh ar an gcrann
is ísle bláth.



VIII.



Shíl mé féin nach ag ceasacht spré orm a bheadh stór mo
chroidhe
Is nach bhfágfad sé 'na dhéidh mé mar gheall ar mhaoin;
B'fhearr liom féin é ná buaibh 's ná caoirigh 's ná na
dáintí de'n tsaoghal,
Acht faraor géar, ní hagam féin atá stór mo chroidhe.



IX.



Má's ag imtheacht atáir, beir mo bheannacht is go
bhfillidh tú slán,
Mar is baileach do shladais mo chroidhe as mo lár.


L. 130


Níl coite agam le chur chomh fada leat, faraor, ná bád,
Is go bhfuil an fhairrge 'na tonnaibh eadrainn is dheamhan
a bhféadaim snámh.



X.



Tabhair do mhallacht dhot' athair & dho do mháithrín féin,
Nár thug sgoil duit as tús t'óige le mo láimh a léigheamh
Is moch ar maidin a chuirfinn chugat brígh mó sgéil,
Is bíodh mo bheannacht leat go gcastar ort i n-uaigneas
mé.



XI.



Is ní raibh fhios á'm féin, faraor géar, go raibh an mí-ádh
in mo chionn,
Nó go dtáinic sé go haereach ar a giorráinín donn,
Agus péarla an bhrollaigh ghléigil ar a chúlaibh ag tigheacht,
Is go siubhailfinn Éire gan feoirling spré léi, shul dhá
n-éireochadh grian.



XII.



Is glaise a súil ná an féar is ná an drúchta is ná
duilleabhar na gcrann,
Is gile a taobh ná an sneachta séidthe a bheadh dh'á
chaitheamh go mall;
Faraor géar nach bhfuil mé féin & grádh mo chroidhe
I ngleanntán sléibhe le héirghe gréine 'gus an drúcht
'na luighe.



XIII.



Is ní bean bhuclaí ná bean ribíní a b'fhearr liom féin,
Ná bean a bheadh faoi rufaíbh go barr an fhéir;
Cailín donn deas na gcíocha cruinn-gheal 'sí a b'fhearr
liom féin,
Acht is trom a ghuilfeas tú & is gearr go gcluinidh tú
go bpósfar mé.


L. 131


XIV.



Is a Mhuire dhílis, céard a dhéanfad, má imthigheann tú
uaim;
Níl eolas 'un do thighe agam 'un t'agaird ná do chruaich'.
Tá mo mháithrín faoi leathtrom & m' athair ins an uaigh;
Tá mo mhuintir ar fad i bhfeirg liom & mo ghrádh i bhfad
uaim.



XV.



Is a óigfir chlifeartha, cia'n fáth nach dtigeann tú fó mo
dhéint?
Is a liachtaí cogar & sgéal a d'innis tú gur mheall
tú mé.
'Séard deir gach duine aca a bhíos ag iomadradh, níl ann
acht réic,
Acht tús gach tubaiste go raibh uilig ortha acht mo
mhúirnín féin.



XVI.



A ógánaigh a chóirigheas do chúl go deas —
Ní deise ná mar a ghléasfá srian ar each —
Tá do cháirdí dh'á shíor-rádh liom nach tú mo ghean,
Acht mí ní beo mé, má phósann tú sa tír seo bean.



XVII.



Is tá cúl gruaige ar mo bhuachaill is í ag casadh 'na
barr,
Níl spuaic air ó'n tsluasaid, acht a fhuip ina láimh.
Ní díol truaigh' é choidh'e go mbuailtear air cuigeallach
mná,
A dhéanfas gual dubh naoi n-uaire dh'á chroidhe i n-a lár.


L. 132


XVIII.



Geobhfad óigfhear a ghlacfhas fós liom is nach n-iarrfaidh
éin-spré,
A thiubharfas aedhear baile mhóir dhom & arán ar tuaith,
A thiubharfas eolas gach éan-Domhnach cia rachamuid 'un
suain,
Is béidh fáilte mhór ag mo mhíle stór romham ar an
draighneán donn.



XIX.



An té le'r ba leis é, gabhad sé an ród seo siar;
An té le'r ba leis é, gabhad sé na cóstaí aniar;
An té le'r ba leis é, míle osna thrí lár a chléibh,
Acht réaltan an tsolais i mbéal an phobail 'sí grádh mo
chroidhe.



XX.



I mBaile an Lugáin ar chúlaibh an Chriogáin tá stór mo
chroidhe,
Nó ins an mbaile beag eile sin tá le n-a thaobh.
Tá súil le Muire agam mar is cuibhe dhom is le
grásta ó'n Rígh
Go gcodlóchaidh mé gan tolagás le grádh mo chroidhe.



— Síleann céad.



60. Máirín Parcer.



I.



Shiubhail me Gaillimh & Baile an Róba,
Thart Dúithche Sheoigheach & Conamara,
Páirt dhe Acaill, an Stáca Mór,
Thart bun Chruaiche & Inis Leacan.


L. 133


Ní fhaca me i n-éan-áit díobh an té
A dtiubhrainn grádh dhó spéis nó taithneamh,
Acht a síorruidhe ag smaoineamh ar mo mhíle stóirín,
Mar is í bláth na hóige í bhí 'mo dhéidh sa mbaile.



II.



A Mháirín Parcer, mo chúig chéad slán duit,
Is tá gean mór agam ort le fada,
Is go mbeithinn sásta dá bhfeicinn sgáile
Do chúilín fháinnigh ag dul an bealach.
Saidhbhreas Sheoirse cidh gur mór é
Agus fághaim é i n-a ór bhuidhe le sgapadh,
Is go mb'fhearr liom pósta le mo mhíle stóirín,
Is tá faitchíos mór orm nach í bhéidheas agam.



III.



Ag dul aníos dom ag Cloich an Dá Mhíle
Tháinic buaidhreadh orm & tuirse;
Shuid mé síos ar thulán cíbe
Agus rinneas smaoiteamh ar a thigheacht a bhaile;
Fuair mé tuairisg go raibh sí pósta
Le buachaill óg as an mBaile Raithnighe
Is má's é Donnghaile no Seághainín óg é
Go deo deo ní fhillfidh a bhaile.



— Shiubhail mé.


L. 134


61. Máire Óg na gCraobh.



I.



Is a Mháire óg na gcraobh is ró-mhilse béal,
Is gur mar an eómbra tá do chéibh sgaoilte
Is gur lóchrann ó'n ngréin gach éin-deireadh lae
Tú, a óigbhean a thug sgéimh an tsaoghail leat.
Tabhair seo dhom féin dhe mhór-ghean mar spré,
A stór gheal & béidheam saoghalach;
Ól fada & aedhear a gheobhfair le do ré
Is do phógadh gach éan-oidhche.



II.



B'fhuide liom-sa oidhche ar oileán gan í
Ná seachtmhain eile mí gus ráithche.
Cuirim-se mo sgaoth bheannacht leis an ngaoith
Amach ar an saoghal láimhe.
Tá fairrgí an chinn ag dul eidir mé 'gus í
Agus aithris dho mo mhian dh'áithrid,
Go bhfuil mise, faraor, ceangailte ag an tuinn,
Agus gur árduigh an sluagh sídhe an bád uainn.



III.



Choinic mise lá an chuid aca a b'fheárr
Agus tuilleadh do'n dream uasal;
Thóigidís mo pháirt i dtoiseach ar a lán
Mo thuirse, cidh táim buadhartha.
Má thugais dam do gheall, t' fhocal & do lámh,
Agus cliseadh i n-am chruadhtain;
Focal de do chaint ní chreidfidh mé go bráthach
Agus gur b'é is deireadh gach grádha buaidhreadh.


L. 135


IV.



Goirim thú, a shiúr, goirm thú a ruain,
Agus goirim thú naoi n-uaire;
Goirim do chúl fada réidh dlúth,
Agus grádh mo chroidhe do chum uasal.
Nach agad féin tá m'anam ar do láimh;
Tearuigh, a ghrádh agus fuasgail,
Agus coinnigh agat féin mise ó'n éag
'Ainnirín na séad geal cumhartha.



— Is a Mháire ó.



62. Bean an fhir ruaidh.



I.



Is a bhruinneall gan smál
A bhfuil an deállradh deas in do ghruaidh,
'Sé an buachaillín bán
A b'fhearr liom seal leat d'á luadh;
Ní cheilfidh mé ar chách
Fios m'ádhbhair is go bhfuil mé faoi ghruaim;
Acht dh'aindeoin fearaibh Fáil
'Sí mo ghrádh geal bean an fhir ruaidh.



II.



Nuair a théidhim-se thart síos,
Bím i bpríosún cheangailte chruaidh,
Boltaí ar mo chaol
Is na mílte glas as sin suas.



Thiubhrainn-se an sidheadh
Mar thiubhradh an eala thar cuan
Nó go síninn mo thaobh
Seal síos le bean an fhir ruaidh.



III.



Tabhair leitir uaim sgríobhtha
Síos go baile chois cuain
Chuig an gcailín beag caoin
A bhfuil na caorthaidhe thrí lasadh 'na gruaidh,
Agus go sgriosfad sí an draoi
Is tá ná mílte fear léi d'á luadh,
Acht glach misneach, a Bhrighid,
Is ní chaoimhtheach dhuit feasta an fear ruadh.



IV.



A pheata ruadh an sgéimh,
'Sé mo chéad beannacht leat go lá an Luain —
Tá mé gointe ag an éag
Le n-a mhéad is tá do thathuighe i bhfad uaim.
Dá mb' eol duit é a léigheadh
D'éagcánfá m' anacair chruaidh,
Is nó go síntear mé i gcré
'Sí mo chéad searc bean an fhir ruaidh.



V.



Is nár théidhidh mé de'n tsaoghal seo
Choidhche & nár chaillidh mé an greann
Go mbídh mé 'gus mo mhian
Seal sínte faoi bharraibh na gcrann


L. 137


Gan éinneach beo a bheith i n-ar ngaobhar
Acht coiligh fraoigh is duilleabhar na gcraobh,
Is an fear ruadh a bheith sínte
I gCill Bhrighde & leac ar a cheann.



VI.



Tá crann ins an ngaírdín
Ar a bhfásann duilleabhar is bláth buidhe,
Is nuair a leagaim mo lámh air
Nach láidir nach bpléasgann mo chroidhe?
Ní iarrfainn de spás
Ar an Áird-rígh ó fhlaithis anuas
Acht éan-phóigín amháin
Is a fághail ó bhean an fhir ruaidh.



— A bhruinneall.



63. Aithrighe an Táilliúra.
(Faoi Bhean an Fhir Ruaidh.)



I.



M'och, ars an táilliúir,
Is gearr ó mo cholainn an uaigh,
Go mbídh mo shúilí ag na péistibh
Is gan éisteacht ar bith in mo chluais
Tiocfaidh lá an tSléibhe,
Is béidh an sgéal seo dh'á tharraint anuas
Do mo dhealughadh ó'n tréad —
'Sé mo léan-faoi bhean an fhir ruaidh.


L. 138


Níl tuile nach dtráigheann
Acht na grástaí ó fhlaithis anuas,
Is gur b'é faoisdin na Cásg
A shlánuigheas gach anam ó ghuais.
Tá an fhairrge lán
Is ná báid d'á dtarraint 'un cuain,
Is peacadh ríogh-ghránna
A bheith i bpáirt faoi bhean an fhir ruaidh.



III.



Tá an sagart d'ár dtreorughadh
Dé Domhnaigh gach éin-tseachtmhadh lá
Ag múnadh an eólais
Dúinn 'un bóithrin na bhflaitheas a dh'fhághail.
An té a bhí cóir
Tá an treóir sin aige le fághail,
Acht diúltuighim níos mó
Do umhluigheacht chathuigh'e na mná.



IV.



Bhí ar mbeatha le fághail
Gan tsaorthughadh ó fhlaithis anuas,
Meireach Éabh & Ádhamh
Chuaidh dhe léim ins an bpeacadh ro-luath;
Bhain siad an t-ubhall
Le umhluigheacht chathuigh'e na mná,
Is d'fhág sin muid ó'n uair sin
'Teacht suas ar allus ar gcnámh.
— M' och.


L. 139


64. Caiptín ó Máille.



I.



An chéad lá de'n mhí & dh'fhoghmhar a chrochamar ar seolta
Ag tarraint ar na cóstaidhe úd tóin an Bhunnáin
siar,
Thart annseo le Cliartha, Acaill bheag taobh thiar dhe
Is go hInis Tuirc dhá dtrialladh, bheadh aodhaireacht
orainn ann,
Tart le Rinn an Mhaoile, síos 'un Crua' na Caoile,
An Cloigeann le n-a thaobh sin & Tráigh Bhrighid ina
dhiaidh
Nó gur dhoirteamar le fánaidh, thrí fhairrgíbh 's í ag
cáthadh,
Go ndeachamar do'n Ráithche, mar is ann a bhí ar
dtriall.



II.



'Síneadh dhúinn le hÁrainn, mhéaduigh orainn gála
Bhí cúrsaidhe istigh ar tráigh á'inn is níor thráth
faillighe é;
D'árduigh sé 'un feóchain & as sin 'un gaoithí móire
Gur chrochamar na seolta, is níor mhór dhúinn é
i n-am;
An fhairrge gur ghéim sí & las na tonna tréana,
Chriothnuigh na spéartha & mhéaduigh an ceo;
Is dá mbeadh cainnt ag na clárthaibh, d'innseochaidís
sgéal cráidhte,
A ghoireacht is chuaidh an bás dúinn is gan eadrainn
acht iad.


L. 140


III.



Bhí crua na luinge ar éan-chor ag dearcadh ar chlár
m'éadain,
Ag súil le cabhair a dhéanamh, is gan éan-mhaith dhóibh
ánn,
Acht dubhairt mé leobhtha ar éan-chor go ndéanfainn
dóibh a bhféadfainn
Ag iomchar a cuid éadaigh fhad is b'fhéidir léithe snámh;
Tá mo lámha stróicthe go síorruidhe ag tarraint rópaí;
Tá an croiceann 'gus an fheoil tóigthe amach ón
gcnáimh;
Acht má's é an bás a gheall Mac Dé dhúinn, cia'n gar atá
dh'á shéanadh,
Acht a dhul go flaithis Dé dhúinn ar éan-stáid amháin.



IV.



Ag teachtain dúinn go hÉirinn, bhí fíon is brandaí is
tae linn,
Tobac & seiméice & gach éan-tsórt d'á raibh ánn;
Píosaí fada síoda & sgafanna dhá dhaoire
Cébi cailín óg is mian liom, is dí shínfeas mé mo
lámh.
Mo shoightheach bocht tá brúighte ó earrainne go glúinibh,
A cuid bultaí gur lúb, is cia'n náir dhí é,
Acht anois ó lag an feochan, is go bhfuaireamar an
chóir mhaith,
Críochnuigheamuid an t-amhrán & ólamuid drám.


L. 141


V.



Nár mhór an cliú 's a' t-ádh dhúinn an bealach údaigh a
shárughadh,
Is gan ann acht ar námhaid romhainn is 'n-ar ndiaidh
Ag water-guards 'san áirdeall & pólíos le n-a sálaibh,
Revenue na háite is gach spíodóir d'ár gabh leobh.
Bhí cutters bheaga is mhóra ann, píleóití salach' leobhtha,
Luingiseacha Sheoirse 'sa tóir uilig 'mo dhiaidh,
Acht is mise Seoirse Ó Máille, fear maith dhe bhunadh
Ghráinne —
Cuireadh i dtír mo lucht go sásta, & ná raibh maith aca
dh'á chíonn.



— An chéad lá.



65. Bideach Dheas Ní Nigh.



I.



Agus thiar ar an gCoill mhóir tá an ainnirín is gleoite
A gheobhfá i mbaile mór ar bith i nÉirinn.
Tá a hintinn an-mhór, is í ag rinnce ar na bóithribh,
Agus chuaidh a cáil faoi Éirinn.
Bhí Rí na Fraince is a chuallacht ag tarraint,
Súil is go bhfuighead sé féin í,
Nó gur chuala sé ar na cóstaibh go raibh an ainnir
pósta
Is nach leigfidhe an tseóid as Éirinn.


L. 142


II.



Tá Búrcaigh ag triall ag teacht d'á hiarraidh,
Gearaltaigh, Brianaigh 'gus Dálaigh:
Tá Máilligh ag triall ó chuala siad gur b'í
An pabhsae ba deise bhí le fághail í.
A gruaidh mar na caorthaibh, a leaca mar an aol,
Agus tá na céadtha claoidhte i ngrádh léith'
Acht níor thug sí gnaoi dh' éin-fhear faoi'n saoghal
Acht dho Mhicheal Bhriain Uí Chnáimhse.



III.



Níor bh'iongnadh liom féin, dá dtuiteadh an t-aedhear
Seacht mbliadhna déag roimh an dáta,
Is dá n-éirigheadh an saoghal chomh hárd leis an spéir,
Bhí cumhachtaí Dé chomh láidir.
Níl solus ar an ngréin is níl taithneamh ar na réaltaibh,
Níl againn ann acht gaoth mhór is báisdeach;
Níl fás faoi'n bhféar ná tairbh ar an gcré
Ó comhaireadh an spré do'n Chnáimhseach.



IV.



Agus nó go dtuitidh an t-aedhear anuas ar an bhféar
Ní bhfuighidh tú an chraobh ins an áit seo,
Agus go mbíonn fíor & bréag 'teacht ina bhéal
Dhá chanadh ag an té bhíos cráidhte.
A ghiolla gan chéill tabhair aire dhuit féin,
Má thug tú spéis ná grádh dhi,
Is gur b'é bríthin mo sgéil duit a ghlacadh go réidh,
Is níl tuile dhá mhéad nach dtráigheann.


L. 143


V.



Ní himirce shuarach a rinne an stuaidh-bhean —
Níl sí i nguais ná i ngéibheann;
Tá marcaigheacht uaibhreach aicí i n-éadach uasal
Dh'á chaitheamh ar uair a pléisiúir,
Dho réir mo thuairim', is nídh é is dual duit
Go dtiocfaidh ort nuall & díthcéille,
Agus má thug an ainnir fuath dhuit, bí feasta ag
déanamh buadhartha,
Is dheamhan fear do thruaighe ar an taobh seo.



VI.



Níl sean-bhean chríonna ná páiste míosa
Aníos ó Bhearnaidh an Chóiste,
Nach bhfuil ag tigheacht ar shiubhal oidhche dh'amharc ar an
aoileann
'Sé samhail dí bláth na hóige.
Tá folt breágh buidhe le n-a básta síos,
Agus a bráigh mar an aol lá gréine,
Acht molaim-se Brighid i dtoiseach ar mhnáibh an tsaoghail
Shul fheicfeas mé choidhche éin-réaltan.



VII.



Níor bh'fhada liom mo shaoghal ins an mbaile agá n-a
mbím —
Tá bláth subh craobh ann & sméara;
Cruithneacht mhaol & coirce thríd
Agus ceileabhar caoin ag éanlaith.


L. 144


B'fhearr dhuit, a Bhrighid, sa taobh agá n-a mbím
Go mór mór Aoine an Chéasta
Ná taobh thall de'n chaol i mbothán gan díon
Ag éisteacht le fraoch ag pléasgadh.



— Thiar ar an gCoill Mhóir.



66. Nuair a theidhim-se amach.



I.



Nuair a théidhim-se amach i gcionn mo láidhe,
Ní bheirim sáthadh dhí mar is mian,
Ag mo chroidhe in mo lár dh'á chur as a áit
Is gan fios cia'n fáth acht mar gheall ar mhnaoi.
Níl acht tuar mí-ádh dhom a bheith mar atáim
Agus néall ní fhághaim dhe chodladh oidh'e,
Is mur bhfhuil sé i ndán dom thusa a dh'fhághail,
Go seolaidh an t-Árd-Rí mé as do líon.



II.



Éirigh, a shiúr, & gluais 'un siubhail
Nó go dtóigidh tú an brón & an tuirse dhíom,
Is má leig mé mo rún le do bhéilín ciúin
M'ainsín thú seach's mná an tsaoghail.
Mo ghalra dubhach gan me 'gus tú
Faoi choilltibh dlútha 'gabhail faoi dho'n ngréin
Is go Cúig' Uladh dhá dtéidhinn is tú,
Chuirfinn mo dhúthracht duit i gcéill.


L. 145


III.



Is nuair a théidhim-se síos go hÍochtar Thíre
Ag iarraidh mná agus í ag magadh fúm,
Ag filleadh aníos ar m'ais arís,
Is cosamhail mé le hamadán.
Ag éirghe an lae ba truagh mo sgéal
Nuair a shíl mé bheith dh'á teannadh liom —
Nach é mo chroidhe tá cráidhte fao'n mnaoi tá ar lár
Is nach bhfeicfidh mé go bráth 'na seasamh romham?



IV.



Níl mé tinn & níl mé slán
Agus cia'n fáth, a ghrádh, nach dtuigir é?
Maighre mná an bhrollaigh bháin
Bhí súgach sásta soineannta.
Tá siolla dhe do ghrádh 'gabhail thrí mo lár,
A mhíle grádh 'gus an iomarca
Tuirse an tsaoghail dho mo chlaoidheadh,
Má 'sí anocht an oidhche dheireannach.



V.



Cuir do lámh faoi mo cheann
Agus teann anall do chionn-adhairt liom
Leag do bhéal le mo bhéal
Go ndéanamuid féin ar gcomhrádh ciúin.
Sín do thaobh geal le mo thaobh
Mar is é nach bhfuair mé éan-mhailís ann;
Nó rachaidh mé dhe éag seach's fir óga an tsaoghail
Is, a Dhia, nach mé bhí im' amadán.



— Nuair a théidhim-se.


L. 146


67. Meiriceá.



I.



Tá cnuic is gleannta Éireann
Ag dul ó léargus orm & béidh go deo,
Má dealuighthear ó chéile
Mé féin & mo mhíle stór.
Tá an fhairrge dh'á tógbháil
Is níl seóladh le fághail ag luing ná ag bád;
Is mur bhfághamuid malrait chórach,
Glac mo chomhairle & fan go lá.



II.



Agus mo léan gan mé & mo stóirín
Agus ar lóistín tóigthe á'inn i Meirceá,
Nó an long is fearr ag Seórise
Faoi reacht seóil againn ag tarrainnt ann.
Saidhbhreas ríogh na Fódla
Go deo & a fhághail le mnaoi
Agus go mb'fhearr liom geall a pósta
Ar mo stór agam ná an méid sin cruinn.



III.



Is truagh gan mé im' éinín
Nó im' fhéileacán o thom go tom
D'aithriseochainn sgéal dho do bhéal;
Dá ndéantá rún;


L. 147


Do ghruaidh ba deirge ná an caor,
Is tú is deise méin & leagan súl.
Nach cladhartha bocht an sgéal é
Is mo ghaolta uilig i bhfeirg liom.



— Tá cnuic.



68. Linnseach Bheárnan.



I.



Déanfar droichead óir ar Pholl an Eistre fós
Agus béidh airgead i stórthaibh an mháighistir,
Arm seasta i gcóir ag tigheacht ag déanamh spóirt
Ag amharc ar an óighfhear áluinn.
Fíon is puinns go leor bhéidheas eadrainn ar bórd,
Sláinte fear dh'á ól trí ráithche;
Súid séan ar an oighre óg nach sgarfaidh leis go deo,
Agus buaidh Chonnachta le Linnseach Bheárnan.



II.



Tá luingiseacha ag an Linnseach a rinneadh ins an
tír seo
Dhe choilltibh & de chrainntibh a d'fhás dó;
Gléasfaidhe an cobhlach grínn i bhfoirm cheart 's i gcaoi —
A ngunnaí ar a dtaobh ag lámhach.
Nach mór an spóirt sa tír nuair a bhéidheas a chobhaltach
linn,
A gcuid slata seoil faoi shíodaibh bána,
Acht anois tá an chuallacht cruinn, tiocfaidh análl.
ar rí,
Agus béidh sé ar cuireadh míosa i mBeárnain.


L. 148


III.



Cad a dhéanfas muid ann siúd, má théidheann sé
choidhche anonn?
Tuitfidh an dúithche uilig faoi smúit mar gheall air;
Agus chuaidh na meacha ó dhiúl a gcuid meala le n-a
chumhaidh
Is na héanlaith thuit a gclúmhach le fánaidh
Linnseach áluinn úr a bhfuil liaga ina chomhair,
A dtig iasg ar 'chuile chuan mar gheall air.
Is gur deise ghluise a shúil ná an réalt ar maidin
drúcht'
'Sé samhail dó bláth ubhall 'san ngáirdin.



IV.



Fásann cruithneacht féin san áit a siubhaileann sé
Chomh paiteanta is tá féar i mBeárnain.
Is gile a thaobh ná an t-aol & is deirge a ghruaidh ná an
chaor,
Nuair a aipigheann sí ar chraoibh i ngleánntaibh.
Inghean Ríogh na Gréige atá ag fághail bháis d'á éag,
Is níor chodail a súil néal le ráithche
Is gur b'ér'd deir briathra a béil gur b'aingeal é féin
Bhí i gcomhluadar Mhic Dé na ngrásta.



— Déanfar.



69. Neileach.



I.



Lá breágh dh'ár eirigh mé ar árd-Inis Beárnan
Choinic mé an phláinéad faoi dhuibhthin is faoi cheo,
Is go mba airde a cuid deataigh ná ceo Bhéal an Mháma
Agus chrithfead sí tráigheanna Chonndae Mhuigh Eo!


L. 149


Ghearr sí an aithghiorra soir thrí na sléibhtibh;
I n-aicill Mhám Éan a chuaidh sí 'un suain;
Anoir léi ar maidin is í 'sa reacht céadna
Gur ghlan sí Ceann léime is Béal Cathlaigh taobh thuas.



II.



Rachaidh mé i mbannaidhe gur sgéal i n-aghaidh nádúir
Do Dhomhnall a bheith ag trácht ar a ghnathaibh níos mó,
An uair nach raibh gléas aige a chuirfeadh ó shnámh í,
Agus 'fhusacht dó a báthadh ar thóin an Phuill Mhóir!
Ba láidre ag teacht í ná neart Fhianna Éireann
Ná na ceárdaidhthe a d'fhéachadh a neart ar an tráigh;
Ba luaithe í ná an capall a b'fhearr a bhí i mBréachmhuigh,
Gan snáithe dhe'n eádach acht teine & gual.



III.



Rachad go Gaillimh & caithfidh mé tréimhse ann,
Geobhfad caipín repéil do'n chreideamh is cóir;
Tiubharfar an fhairrge suas thrí na sléibhtibh;
Béidh saothrughadh dh'á réir ann & bochtóchaidh an chróin.
Rachad do'n Fhrainc leis an mBainríoghain 'un
pléisiúir,
Béidh páirt de'n Ghearmáinn aicí marbh go fóill,
Acht cia'n mhaith a bhfaca tú ar thalamh na hÉireann?
'Sí Neileach an réalta & maireann sí beo.



IV.



I gCaladh na hInse 'seadh choinic mé an t-iongantas
Nach bhfeicfidh mé arís, dá mairinn choidh'e beo,
Long ar an bhfairrge & lucht os cionn dlighe aicí
Agus Neileach 'na suidheadh ar an lacar d'á gabhail.


L. 150


Bhaluigh sí tharm mar shiolla de'n ghaoith
Agus d'fháguigh Rinn Mhaoile gan imirt gan ól.
Mo mhisneach a chaill mé & gur le donacht a bhí mé
Nach rachainn i dtír leat go Conndae Mhuigh Eo.



V.



An ceathramhadh lá fichead a d' imthigh Neil mhór uainn
Agus thóig sí na seólta 'un na fairrge siar,
Ag gabhail leis na Blascaeid ag tigheacht an tráthnóna
A mhéaduigh an ceo is an duibhthin 'na diaidh;
Tháinic sé garbh & chuaidh sí ar chúrsaíbh
Agus chaill sí an Triúr a b'fhearr ins an rian;
Chuaidh sí dho'n Tuircéis an chéad mhí dhe'n fhoghmhar
Gur cuireadh an chróin uirthí láthair an Ríogh.



VI.



A Tim 'Conamara, má ghníonn tú mo chomhairle,
Ceannóchaidh mé stiúir dhuit is culaith mhaith sheoil
Go dtéidh tú ar an mBeirtráigh an chéad lá de'n
fhóghmhar,
Go dtóigidh tú an duais uath' ag Poll Bháid an Chuain
Mhóir.
Má théidheann sé chomh gar dhuit is go gcuirfhidhear un
cúrsa thú
Le cuim an tráthnóna ná ag éirghe dho'n ló,
Is le neartughadh na fearthainne seadh a dhéanfhamuid
dúiseacht
Is béidh an frighdeoir dh'á phlúchadh le stoirm is gaoith
mhóir.


L. 151


VII.



Tá aos óg an bhaile seo ag leanamhaint a chéile;
Níl coimhthigheach acht éanacha Chonndae Mhuigh Eo.
An bhean a bhí agam a shníomh mo chuid bréidín,
Caithfidh mé féachaint a' bhfuil sí ar an ról.
Gráinne na gCearrbhach an bhean a bhí siamsamhail —
Col-ceathar a bhí sí ag Neileach faoi dhó —;
Stop sí go fearamhail na duis as na píopaí;
Bhí an teach gan éin-tsiamsa go dtáinic Mills mór.



VIII.



Bhí beirt is na slataibh is fear eile ag rífeáil
Ba cosamhail le luing í bheadh ag imtheacht faoi cheo,
A d'fháguigh a seacht mallacht ag Gairbhín sgríobhtha
Is go Caladh na hInse ní fhillfidh go deo.
Bhí ceathrar 'un tosaigh & iad i n-a léine
Agus fear eile ag féachaint i n-aireachas chruaidh
Ar dhoimhneacht na fairrge is dá thos leobhth' 'na péirsíbh
Agus is meathta fríoth Éire is í a leigean de'n chuan.



IX.



Cuirfidhear géar-sgrúdughadh & ruaigfidhear i gcéin é
Is béidh Brighdín Níc Thaeil ag sileadh na ndeór;
Tá Diarmuid ar creathaibh & is rígh-bheag an sgéal é —
Tá an bhruinneall faoi éicliops fhad is mhairfeas sí
beo —
Sgannruigh sí Acaill & an siubhal a bhí léithe
Agus bhaluigh sí Árainn an lá sin ó ló;
Go Béal Feirste bhí a tarraint, 'sé a d'aithris a máta,
Gur sháruigh sí an Árgó ag imtheacht le sgód.



— lá breágh.


L. 152


70. Neileach Mhór.



I.



Agus a Neileach Mhór, mo mhíle stór,
Gan mé leat ar bhord na luínge
Ag seinnm cheoil & ag iomchar seoil
Go mbaluigheadh cóstaí Ríchil.
Racham le cóir go hInis Bó-finn',
Gheobhfamuid beóir is fíon ann,
Agus amuigh i gCeann Bóirne racham 'un comhnuidhe
Agus gheobhfam lóistín oidhche ann.



II.



Níl éin-cheárd i bhfus ná thall
Nár shiubhail mé ag déanamh pléisiúir;
Éan-aon amháin a bhí in mo láimh
Nuair a fuair mé an chárta déidheanach
Leag mé an mámh go dlúth le clár
'Gus ba mhaith an beart le déanamh,
Agus ní chuirfinn mo gheall nach bhfuil fear 'san áit
Nach bhfuil sáthach sásta ina intinn.



— Agus a Neileach.



71. Máire.



I.



Déanfaidh mé cuilt de mo bhríste
A mhairfeas le saoghal na bhfear
Is ní bhainfidh mé an fhéasóg seo dhíom-sa
Go bhfásaidh sí bliadhain ar fad.


L. 153


Ionnsóchaidh mé anach faoi na tíorthaibh
Chomh multhach le caoirigh ghlais,
Is mar bhfághaidh mé bean ar an gcaoi sin,
Fágfaidh mé an saoghal ar fad.



II.



'Sé mo chreach is mo chrádh
Nach bhfeicim-se Máire ag tigheacht
Treasna thrí mhalaidhe an Chnuic Bháin
Nó aithghiorra an Mháma aniar.
'Sé mo chroidhe tá lag marbh in mo lár —
Is fuide liom lá ná bliadhain —
Agus a stóirín, mur dtigidh tú i mbáireach,
Béidh mé faoi'n gclár 'do dhiaidh.



III.



Éirigh is cuir ort do chuid éadaigh
Is téanam liom féin 'un siubhail
Anonn mar bhfuil Easbog na hÉirne
Go gceangaltar mé 'gus tú.
Saothróchaidh mé arán & tae dhuit,
Beóir mhaith na hÉireann 's lionn,
Is ní fheicfidh tú bliadhain dhe mo laethibh
Go mbídh bád againn is, b'féidir, long.



IV.



Éirigh is cuir ort do chuid éadaigh
Is téanam liom féin 'un siubhail.
Fiche bó bhainne dhe spré
Leis an ainnir atá ar thaobh an chuain.


L. 154


Deir siad go bhfuil sí lághach péacach
Is gur cosamhail le Bhénus í,
Acht is glas iad na cnuic is ní féarmhar,
Agus fill orm féin arís.



V.



Is truagh gan mise & mo chéad searc
I mullach an tsléibhe amuigh,
Gan duine ar bith beo bheith 'nar ngaobhar,
Acht sneachta dh'á shéideadh a dtuaidh.
Shínfhinn síos le na caol-chum
Is ní leigfinn d'á gaobhar fuacht,
Agus bhéarfainn póg mhilis d'á béilín
Chuirfeadh na céadta 'un suain.



— Déanfaidh mé.



72. Máire Ní Taidhg óig.



I.



Is níl lúibinn claidhe na scailpe ná bainseoigín réidh
Ó bharr Lug na nEach go Párrthus na naomh
Nár shiubhail mé gan tuirse ar bith le grádh geal mo
chléibh,
Mar shúil is go bhfuighinn toil uaithi acht sháruigh sí mé.



II.



Mo léan géar nach bhfuilim & an té a b'annsa liom
faoi'n saoghal
I lúibinn Lug na nEach nó i bPárrthus na naomh,


L. 155


Mo dhá láimh a bheith fúithí 's tairsi 's mé ag pógadh
a béil
Agus an oidhche bheith chomh fada le éin-tseachtmhain
déag.



III.



“Éirigh suas, a dhearbhráthairín, & buail faoi'n ród;
Tabhair leat do chapall buidhe ar a tóir;
Téirigh go bord an chalaidh & aithris di mo bhrón,
Agus tabhair leat a bhaile í, Máire Ní Taidhg óig.”



IV.



“Ná héirigh 'do shuidheadh, a dhearbhráthair, & ná buail
faoi'n ród,
Agus ná tabhair leat do chapall buidhe ar a tóir;
Ná téirigh go bord an chalaidh & ná haithris di a bhrón,
Agus ná tabhair leat a bhaile í, Máire Ní Taidhg óig.”



V.



Is úire í ná an dris & is áille í ná an sgéimh;
Is fiú chúig mhíle eile a cáilidheacht is a méin.
Tá an rós i n-a leacaíbh & nach áluinn é?
Agus is truagh gan mise is Máire i n-árus dúinn
féin.



VI.



Ní féidir liom a ceannach & ní díoltar an stuaim,
Agus Éire uilig ní ghlacfainn i n-éiric mo ruain
Go dtagaidh réalta ó fhlaitheas a chuirfeas sinn 'un
suain,
Agus tá na spéartha ag cur mhealadh ins an taobh
seo thiar a dtuaidh.



— Níl lúibinn.


L. 156


73. Muruisg.



I.



Mo shlán-sa dhuit, a Mhuruisg, a bhí siamsamhail suairc,
Is dho na sléibhtibh breágha mealadh bhí ar an taobh
deas de'n Chruaich
Ba bhinne liom an roilleach is í 'siubhal suas ó'n tuinn
Ná ceólta na cruinne & bídís uilig cruinn.



II.



Is nuair a éirighim féin ar maidin & fheicim i bhfad
uaim siar an Chruach,
Bíonn mo chroidhe istigh ar mire & m' aigneadh go
buan;
Níl na daoine seo mar chleacht mise síodamhail ná
suairc,
Acht mar déanfaidhe de'n ghlas-dair geárrtha amach
le tuaigh.



III.



Dá bhféadainn-se féin seasamh go labhruigheadh an chuach,
D'fhillfinn a bhaile & dhéanfainn mo chuairt.
Meireach an umhluigheacht a bhí agam ariamh do'n ord,
Ní thréigfinn choidhche Muruisg ná aoibhneas na gcuan.



— Mo shlán-sa dhuit.



74. An Druimfhionn dubh.



I.



Is óro, a dhruimfhionn dubh, óighiorra, a bhó,
Agus óighiorra, a dhruimfhionn dubh dhílis ó,
An maireann do mhuintir nó an bhfuil siad-san beo?


L. 157


Tá siad sa díogaidh & béidh le n-a ló
Ag súil le Righ Séamus a thiachtain i gcróin.



II.



D'éirigh mé féin ar maidin go moch
Agus fuair mé an druimfhionn dubh ins an ngort.
'Sí a b'fhearr bainne & ba mhilse blas
Agus tá súil le Íosa Críosta á'm go ndéanfam ar
leas.



III.



D'éirigh mé féin ar maidin Lá'il Pádhraic
Agus fuair mé an druimfhionn dubh i bpoll mhóna
báithte;
Ghread mé na bosa & leig mé na gáraighil,
Agus tá fhios ag Dia dílis, má's á'm a bhí a ádhbhar.



IV.



Nár bh'fhurusda dhuit féin a ghabhail 'un na buaile
Agus do sháith de'n bhainne a ól an uair sin:
A bhó bhuidhe & a bhó bhreac, sin & a bhean uasal,
Agus a bhóín bheag eile nár chuir cor i n-a buaraigh?



V.



Sláinte Ríogh Séamus is é ag léimnigh i mbruinn a
mháthar,
Dalta na cléireach & oighre na Breatáiní,
Sasanach ná Albanach nach n-ólfadh a shláinte,
Ar chúl a chinn i n-ifrionn & aghaidh a chos i n-áirde!



— Is Óró.


L. 158


75. Giorróid Ó Mórdha.



I.



Dá bhfeictá cúirt Bhalla i lár Chonndae Mhuigh-Eó
Agus a háiléir bhreágh' gheala tá le fada faoi bhrón!
Tá an tighearna bocht craithte & ní bhéidh sé i bhfad beo
Faoi n-a chliamhain a dhul i dtalamh, crann seasta gach
spóirt.



II.



Is a Ghiorróid óig uasail a fuaduigheadh 'sa mbruighin,
Idir eachraidh & tú ar uaigneas 'sé mo thruaigh an
Bo Peep;
Bhí lásaí ar ghruamaíbh & a' t-airgead ag sileadh síos;
Bhí ór buidhe ar do ghuaillíbh & é ag fuadach le gaoith.



III.



Dá bhfeictá-sa Giorróid is é 'na sheasamh ar an tsráid
Ag comhrádh leis na h-óig-mhnáibh & a fhuip ina láimh.
Cuireadh dólás ar mhórán i bhfus & thall;
Cuireadh teimheal ar an ngréin & bhí an ghealach 'na
dall.



Is a gheirrfhiadhacha na tíre, ceannuigidh luing,
Agus téigidh dhe'n sgríb sin thar fairrge anonn;
Níl fasgadh ná dídean a chois claidhe ná tuim
Ó cailleadh an Bo Peep & an Galloper Donn.


L. 159


V.



Is níl éinín dá bhinne ná iolrach dá mhéad
Nach bhfuil ag éalódh ó'n sionnach faoi bharraibh na
gcraobh,
Ó chuaidh ar an eilit & go ndeachadar uilig i léig,
A Chnoc Bharúin na mallacht, nár fhásaidh ort éin-ribe
féir.



VI.



'Gus a bhaintighearna Máire, 'sé mo chrádh thú bheith 'do
bhaintrigh,
Agus i n-aimsir na rásaí b'áluinn é do mharcach;
Nuair a shíl tú a bheith réidh & sgéal a theacht 'do choinne
Tháinic leitir faoi n-a séala gur éag sí an chraobh-laogh.



VII.



Dá mairidís na Múrthaí ag an Múta mar ba cleachtadh,
Bhainfheadh asta an t-uabhar an t-uaigneas is an
macnas.
Ní hé sin is truagh liom, is mór liom le n-aithris;
Fíor-scoth na huaisle a bheith sínte ins an talamh.



— Dá bhfeictá.



76. Seághan Ó Máille.



I.



Bhí mé lá breágh ag dul an bealach
Agus casadh an cailín óg dham
I dteach fhuar fholamh gan déidh ná deatach
Agus bhí sí ag gol go mór mór.


L. 160


D'fhiafruigh mé go ciúin de'n ainnir
“An mar sin a bhíos tú i gcomhnaidhe?”
“Níor thriomuigh mo shúil & níor thaobhuigh mé an baile
Ó choinic mé thú 'sa bhfoghmhar.”



II.



“Tabhair thusa do mhallacht dot' athair
Nachar chuir ag sgoil go hóg thú,
A thiubhradh dhuit-se mo leitir a thuisgint
A chuirfinn chugat ar uaigneas.
Annsin a chuirfinn mo dhúthracht i gcion duit
Nach sgarfainn le mo ló leat,
Is nuair nach bhfuil an cás mar sin,
Mo bheannacht leat, a stóirín.”



III.



“Agus a ógánaigh mhúinte, gheall tú dhamh-sa,
Nó cia'n fáth nach dtigeann tú dom' éiliughadh,
Nó an é an sluagh bruighneach a thóig th'aghaidh dhíom,
Agus an gealladh cruaidh a thug tú féin dom?
Nuair a b'annsa leat mise, níor bh'annsa liom thú,
Agus ní fheileann an dá nós a chéile,
Agus gur bh'é an cleachtadh a bhíodh agat ins gach bealach
ag a siubhailteá
Do speal a bhaint as cúilfhionn ar bith a d'fhéadfá.”



IV.



Siúd í samhail dho mo chailín mhaiseach
Cúilín clannach claonach,
A gruaidh thrí lasadh & a béilín mealadh,
Agus í mar sneachta ar thaobh cnuic;


L. 161


Is caol é a malaidh, is mín é a leacaí
Is nach aoibhinn dh'fhear a bhréagthá?
Acht mo chrádh dá gcrochtaoi i mbáireach mise,
Mar grádh buan a thug me féin dí.



V.



Cailín bocht mé a rugadh le fortún,
Agus faraor bhí sé i ndán dom
Go mbeithí ag caint orm ar fud an phobuil
I ngeall ar Sheaghán Ó Mháille.
B'fhearr liom féin, ní mór mé a chrochadh
Nó mo losgadh idir theintíbh cnámha,
Shul a thiubharfainn le rádh dho éinneach beirthe
Go silfhinn deor mar gheáll air.



— Bhí mé.


L. 163


Míniughadh ar na hAmhráin.



1. Cois Leasa bhíos go huaigneach.



Seo amhrán maith a bhfuil go leor cruadh-Ghaedhilge & sean-chainte
ann. Thóigeamar síos ó bheirt é .i. ó Thomás Bhreathnach i gCorr
na Móna i gCondae na Gaillimhe & ó Mhicheál ó Chadhain as an
gCraobhaigh i n-aice Chunga i gCondae Mhuigh Eo. Níl fhios againn
cia rinnigh é, acht is cosamhail go bhfuil sé déanta le hanfhada.
Acht cébi cia chum é, is deacair a fhághail, i dteangaidh ar bith, amhrán
is fearr ná é.




“Micheál Ó Bruadair, a bhí ina chomhnuidhe ar an gCeathramhain
Chaoil i n-aice na Fáirche a rinnigh an t-abhrán. 'Séard a bhí in
Micheál Ó Bruadair caiptín luinge ar luing robála ag linnseach
Bhaile Neamhnach & d'éirigh sé as na loingseachaibh & cheannuigh sé
long dhó feín. Lochtáil sé annsin í i Santa Criús le theacht go
hÉirinn. Bhí sé feín & caiptíní eile loingise & na loingseacha
lochtáilte aca le triall go hÉirinn. Rug fear aca ar láimh leis
& d'ól sé a shláinte & dubhairt sé: “Faraor gan an greim sin
agam ar Chaiptín Bruadar.” “Is dócha go mb'olc an duine é sin,”


L. 166


arsa Bruadar. ‘Sé an robálach ba mhó a bhí faoi'n domhan é,’
adubhairt an caiptín eile. ‘D'innseochainn-se dhuit,’ arsa
Bruadar, ‘acht fios a bheith agam nach n-innseochthá choidhche é.’ ‘Ní
innseochad,’ a dubhairt an caiptín eile. ‘Mé féin an duine sin,
acht d'éirigh mé as an gceird sin & tá luing agam féin le haghaidh
tráchtála,’ arsa Bruadar. Chuir an caiptín eile fios ar an
ngárda & gabhadh é & cuireadh cúirt air & fuair sé dhe thríáil an
t-amhrán a dhéanamh. Crochadh é & díoladh an long.”
— Tomás Breathnach.



I.1. Paidí Uí Linnsigh: Bhí an linnseach ina chomhnuidhe i mBaile
Neamhnach i n-aice Locha Measga i gCondae na Gaillimhe.
Ag déanamh bróin: “lamenting.” ”



VI.1. An Cheathramha Chaol: i n-aice Locha Measga i gCondae na
Gaillimhe.


L. 167



3. Mur gcastaoi: cuirtear an “t” sa leagan seo i gcomnuidhe
thar éis “mur.” Breathnuigh ar nóta II.I, Caoin-Róis



Cnoc na Cruaiche .i. Cruach Phádraic.



4. Béal Átha hAmhnais.



Seo amhrán nach bhfuil fhios againn cia rinnigh é, acht ba duine
aedhearach go maith a bhí ann do réir na cainnte atá aige san amhrán.




III.3. Shladadar mo phocaí … .i. gur fhágadar gan airgead
ná ór iad.


L. 168


5. An Bhruinnillín Phéacach.



Choiniceamar an t-amhrán seo, & bhí ceathramha nó dhó dhe'n amhrán
atá ina dhiaidh measgtha thríd, acht níl baint ar bith ag an dá amhrán
le n-a chéile. Ní'l fhios againn cia rinne an t-amhrán seo; acht is é
Seághan Breathnach a bhí sa Ros Ruadh a rinne an t-amhrán eile.
I.1. an iosna: Rule


L. 169


6. Peadairín Phádhraic.



“Seaghán Breathnach a bhí sa Ros Ruadh a rinnigh an t-amhrán seo
do Pheadairín Phádraic & do chailín óg a raibh sé féin & fear eile
ag cúirtéaracht léithe.”
— Tomás Breathnach.



I.1. Tá go leor focla sa dá líne seo ag tosaigh leis an leitir
chéadna.



IV.4. ar Sheaghán Bhreathnach, .i. an fear a rinnigh an t-amhrán.



7. Béal an Átha Buidhe.



Buachaill óg a bhí mór le cailín, & bhí a muintir d'á chomhairleachan
gan í a phósadh. Rinne file eicín, ní'l fhios cia hé, chúig ceathramhna
dhe amhrán dó féin & do'n chailín.


L. 170


8. Bidí dheas na bPéarlaí.



Fear dhe Chlainn 'Ac an Aola a bhí thiar ag Muigh Árd (Co. na
Gaillimhe) a rinnigh an t-amhrán. Bhí Bidí dheas na bpéarlaí ar na
mnáibh ba deise a bhí idir an Líonán & an Clochán le n-a linn féin.
I mBun Abhann (Conamara) bhí sí 'na comhnuidhe, agus phós sí fear
de chlainn Mhac an Righ as Leitirgeis, acht d'imthigh sí uaidh arís ar
a comhairle féin.



13. “A ghlacfadh leat mar chéile”: b'fhiú dho dhuine a bheadh ag
foghluim Gaedhilge leaganacha de'n tsórt seo a thabhairt faoi deara.


L. 171


9. An tSail Chuach.



Féidhlim Mhac Dhubhghaill a chum an t-amhrán seo faoi bhád a rinnigh
Máirtín Breathnach as Casla. Níor bhféidir éan-bhád a fhághail ba
mheasa ná í, acht bhí an file ag déanamh amach go raibh sí thar cionn.



Shílfeadh duine gur b'é an Caisdeach (nó Caisideach) é féin a
rinnigh an t-amhrán seo, acht níl tada againn a chruthóchadh gur b'é,
mar is gnás filidheachta sa nGaedhilge amhráin a chumadh mar seo
agus an chainnt a chur i mbéal an duine a ndéanfaidhe an t-amhrán
faoi.



I.1. Mullach na Cruaiche .i. Cruach Phádraic.



8. Caisdeach .i. Caisideach, nó Ó Caiside.


L. 172


11. Bháitéar óg a Bláca



Fear ar Dhúithche an Bhlácaigh a rinnigh an t-amhrán.



I.4. Órán: i.e., Órán mór.



12. Seághan Ó Ciardhubháin.



Tunónta ar a dhúithche féin, thuas ag Sruthair, a rinnigh an t-amhrán.
Amhrán ríogh-bhrónach é.



VI.7. Cnoc Meádha fágaim siar thú .i. go raibh Cnoc Meádha
ar deireadh.


L. 173


13. Séamus Mhac Ghiolla Dhé,



'Séard a bhí in Séamus Mac Ghiolla Dhé duine uasal a bhí ina
chomhnuidhe i gCoslocha i n-aice Bhaile an Róba. Gaedheal maith a bhí
ann & bhí sé go mór i bhfábhar muintire na tíre i n-aimsir '98.
Cailleadh é bordáil is céad bliadhain ó shoin, & fear as a bhaile
féin a rinnigh an t-amhrán.



II. ag aedhear leis .i. ag siubhlóid, nó ag spaisdeoireacht leis.



II.3. Cailleadh é Dia hAoine .i. fuair sé bás Dia hAoine.



5. Nár mheall an saoghal .i. nár chuir sé a mhuinighin ar fad sa
saoghal.



IV.5, 6. 'Sí a shochraoid … réidh. Is breágh an dá líne iad seo.



8. 'Na dhéidh .i. ina dhiaidh.



14. Sicíní Bhrighid Éamoinn.



Seo amhrán greannmhar a rinnigh fear as Magh Cuilinn faoi na
“soupers” san áit sin. Bhí an file ag caint i n-ainm an madaidh
mar dhóigh dhe, ag rádh go bhfuigheadh sé “post ó Government,” dhá
n-iompuigheadh sé ina Ghall.


L. 174


VIII.4. Mar b'ionann sin .i. níor bh'ionann sin.



4. “dhe Lochlannach as Éigipt”: níor thasbáin sé seo go raibh
mórán tír-eoluis ag an bhfile.



15. 'Sé fáth mo bhuadhartha.



Is breágh deas an t-amhrán é seo, acht ní bhfuaireamar éan
tuairisg cia rinnigh é.


L. 175


16. Aodh Ó Ruairc.



Duine uasal a bhí i n-Ó Ruairc, & ní raibh éan-Ghaedheal le fághail
a b'fhearr ná é. Mharuigh Gall a bhí ar leath-shúil é ar maidin go
moch. Bean a bhí i ngrádh leis a rinnigh an t-amhrán. Ba dearbhrá-
thair dhí-se Éamonn



17. An Fear Ceoil.



Fear óg a bhí i ngrádh le cailín, acht facthas dó gur mó an cion
a bhí aici ar fhear eile. Níl fhios cia chum an t-amhrán, acht tá
baramhail ag daoinibh gur b'é an Suibneach a chum é.


L. 176


4. “a dtoghfaidh tú í.” See note in “'Sé fáth mo bhuadhartha” or
“a mbíonn.”



18. Risteard Seoighe.



Fear as an gCloich Bhric (i n-aice Locha Measga, i gConndae
na Gaillimhe), ar cuireadh barántas air, a bhí in Risteard Seoighe.
Dearbhráthair dhó a rinnigh an t-amhrán.



I.2. An Mám, áit i nDúithche Sheoigheach.



19. An Gabhrín Bainne.



Chonnaiceamar aithris eile ar an amhrán seo, nach raibh bun ná barr
leis, & níor bhféidir éan-mheabhair a bhaint as, mar bhí an chainnt
measgtha thrí na chéile.


L. 177


20. Tomás Bán Mhac Aodhagáin.



I gConndae Muigh Eó a bhí Mac Aodhagáin ina chomhnuidhe. Bhí sé
ina Ghaedheal, & d'éaluigh cailín dhe mhuinntir Stanley leis. Lean a
hathair í & rug sé ortha, & chuir sé Mac Aodhagáin isteach i bpríosún.
Ní raibh ceart ar bith le fághail ag na Gaedhil an t-am sin, & tligead
'un a chrochta é. Acht, má's fíor do'n sgéal, rinne sise an t-amhrán
seo do'n chuisne & sgaoileadh amach é.


L. 178


21. Máirtín Seoighe.



Tomás Breathnach as Baile an Tobair a rinnigh an t-amhrán, & 'sé
féin a thug dúinn é. Rinneadh é faoi mhnaoi óig a chuaidh amugha i
lúibinn ghleanna sléibhe bordáil is dá fhichead bliadhain ó shoin.
Chuaidh Mairtín Seoighe dhá treorughadh amach as an ngleann.



22. An Gabhrín Donn.



8. Bréachmhuigh, áit i n-aice Chaisleáin a' Bharraigh, i gConndae
Mhuigh Eo.



23. An Rábaire Gabhann.



Dubhairt an seanchaidhe gur “Amhrán Muimneach” a bhí ins an
amhrán seo & dubhairt sé na foclaí glan-díreach mar tá siad dh'á
labhairt i gCúige Mumhan. Cuir i gcás “séideóige,” “raghad,”
“amhras,” “fuiseóige,” &c.


L. 179


I.3. Pádraic na Féile: is dócha gur b'é aseo an gabha.



3. raon (raen) buille ord: recte rian buille uird.



24. Feichín Ó Laidhe.



Fear a chuaidh 'un na ceardchan ag Feichín le láidhe a fhághail
déanta, & ní raibh a luach aige. “Ó déanfaidh mé amhrán dó ar chuma
ar bith,” ar seisean. Rinne sé an t-amhrán & fuair sé an láidhe
déanta.



25. Abhrán an tlú.



Tomás Ó Cadhain a rinnigh an t-amhrán seo. Bhí tlú aige le
deasughadh & thug sé é do Thomás Sheághain Bhreathnaigh (an fear ar
fríoth na hamhráin seo uaidh), le deis a chur air, mar bhí Tomás ina


L. 180


ghabha. Dheasuigh Tomás Bhreathnaigh an tlú cidh go mbadh doiligh dhó
é, mar bhí “miotal” thríd. Annsin rinnigh Tomás Ó Cadhain an
t-amhrán d'á mholadh.



26. Sinéad Ní'ac a' Bháird.



Miceál Mhac Suibhne a rinnigh an t-amhrán seo. Thiar ag an
gCladach Dubh, i gConamara, a bhí Sinéad Ní'ac a' Bháird 'na
comhnuidhe.


L. 181


9. Is uirthí thigeadh buaidhreadh; other versions: is uirthi bhíodh
ar ngluaiseacht.



Seo ceathramha eile a fuaireamar:



Is deise í 'ná a cuid éadaigh;
Ní deise ná a méin mhaith;
Is deas é a chúilín péarlach,
Agus tá a héadan gan smál;
Is deas é a brollach gléigeal
Na cruinne cíche géire;
Is deas é clár a héadain,
Agus tá an caorach 'na gruaidh,
Ó is aicí bhí na béasa;
Níor smuainigh sí ariamh ar éin-fhear;
Is doiligh bean d'á tréarthaibh
Ar éan-staid a dh'fhághail.
Gidh gur mór le rádh sa mBéarla,
Apollo, Juno is Bhénus,
Ní hiad seo a thug an chraobh leobhtha,
Acht an Péarla Seni Bhárd.



Fuaireamar aithris eile de'n amhrán seo ó Thomás Ó Mháille as
Doire Iolra i n-aice le Cois Locha i gConndae Mhuigh Eo.



27. Banais Pheigí Ní Eághra.

Seo amhrán croidhtheamhail a rinnigh Micheál Mhac Suibhne faoi
bhanais a bhí i gConamara. Is dóchaidhe go raibh an bhanais bocht go
leor, acht ba mhaith leis an Suibhneach a chur i gcéill go raibh 'chuile
rud ar a fheabhas aca. Bheadh an t-amhrán maith go leor meireach go
bhfuil an-chuimse focla Béarla measgtha isteach thríd. Ó Thiobóid
Seoighe i gCuilleach i n-aice an Líonáin i gConndae na Gaillimhe a
fuaireamar an t-amhrán seo.



IV.12. Freis = leis.



28. Micheál Mhac Suibhne.



Seo amhrán a rinnigh Micheál Mhac Suibhne d'á cháineadh féin.
Níor amhduigh sé go raibh déantus maitheasa ar bith ann, acht go raibh
sé ag glacadh leis an saoghal do réir mar tháinic sé chuige. Níor
mhaith leis duine ar bith a chur amudha mar dubhairt sé féin: “'S


L. 182


óró, a chailiní, sin fios mo thréartha, tugaidh spéis dom nó leigidh
dhó.” Is cosamhail go raibh caint mhór ar Newfoundland an t-am
sin. Dubhairt an Suibhneach go ngabhfad sé ann meireach acht go
raibh sé ro-leisgeamhail.



I.2. go ceann sheacht mbliadhan: the genitive of numerals is as-
pirated when article is not used. Bliadhan is the gen. plu. of
bliadhain, which is used with numerals.



29. Iorras Fhlonnáin.



Seo amhrán a rinnigh an Suibhneach ar a bheith ag iarraidh lóistín dó
i n-Iorras Fhlonnáin, & ní raibh sé ag fághail éan-lóistín ó dhuine
ar bith. Nuair a bhí sé cinnte ar an lóistín a fhághail, rinne sé an
t-amhrán.



I.1. Iorras Bheag: tá na h-áiteacha seo i n-aice an Chlocháin
i gConamara. Tá Iorras Fhlonnáin 'na sgoich amach sa bhfairrge
& an fhairrge ar gach éan-taobh dí.



3. nach raibh cóir: notice the negative form of attributive
adjective.



V.2. Éabh, Eve.


L. 183


30. Murchadh Ó Maoláin.



Micheál Mhac Suibhne a rinnigh an t-amhrán seo. Bhí Mac Suibhne
mór le cailín óg & rinneadh cleamhnas idir í féin & Murchadh
Ó Maoláin. Nuair a chualaidh Mac Suibhne go raibh sí le pósadh,
tháinic sé ag an teach a raibh sí ann. Acht an fhad is bhí an pósadh
dhá dhéanamh tugadh ól do Mhac Suibhne & cuireadh ar meisge é le
faitchíos go ndéanfadh sé gleo, & as sín thuit sé 'na chodladh. Nuair
a bhí sé sgathamh 'san oidhche, dhúisigh sé & d'iarr duine eicín air
amhrán a rádh. “Tugaidh spás ceathramha uaire dhom, d'eile,” ars'
seisean, “& déarfad.” Tugadh an spás sin dó & sheas sé suas &
dubhairt sé an t-amhrán seo.



I.1. Muigh Árd: i gConamara idir an Clochán & Leitir Fraig.



VI.4. Mar ghiult ar = mar gheall ar.


L. 184


31. Amhrán na mBuachaillí Bán.



An Reachtúire a rinnigh an t-amhrán seo. Tá sé i gclódh cheana
ag an gCraoibhín Aoibhínn, i measg amhrán an Reachtúire. Is amhrán
é a rithfeadh go maith idir Ghaedhil.



Seo leath-cheathramha eile a fuaireamar san amhrán:



“Mar thiocfadh ga gréine idir na céadtaí,
Beannacht Mhic Dé 'nar dtimcheall,
Is béidh ribíní uaithne d'á gcaitheamh gan suantas
Ag buachaillibh tuaithe gan Béarla.”



32. Bheartlín Cing.


L. 185


I gConamara a rinneadh an t-amhrán seo.



33. Amhrán na Máilleach.



Bhí triúr nó ceathar dhe dhearbhráithreacha 'na dtogha fear, & is dóibh
rinneadh an t-amhrán seo. Bhíodar 'na gcomhnuidhe i n-aice Innbhir.



34. An t-Iolrach Mór.



Féidhlim Mac Dhubhghaill a rinnigh an t-amhrán seo. Bhí Féidhlim as
baile lá & tháinic bean éicín ar cuairt ag bean an tighe i dteach
Fhéidhlim. Mharuigh bean Fhéidhlim coileach mór a bhí aca dhi féin
& do'n mhnaoi a tháinic ar cuairt. Nuair a tháinic Féidhlim a bhaile
d'iarr sé cia ndeachaidh an t-éan sin. Dubhairt an bhean go dtáinic
an t-iolrach mór & gur thug sé leis é. Chualaidh Féidhlim roimhe
sin céard a d'imthigh ar an gcoileach & rinne sé an t-amhrán mar-
dhóigh-dhe ag sgiolladh ar an iolrach mór.




L. 186


Féidhlim Mac Dhubhghaill.



File cumasach a bhí in Féidhlim Mac Dhubhghaill & file a bhí i n-a
athair freisin. Tháinic an t-athair ar cuairt ag Féidhlim lá agus
ní raibh ag Féidhlim acht teach dona. Nuair a dhúisigh an t-athair ar
maidin lá'r na mháireach, bhí na gathanna gréine ag tigheacht isteach
thríd an mballa. D'éirigh sé sa leabaidh & dubhairt sé:—



Rinne seisean Féidhlim teach i ngleann sléibhe
I bhfad ó bhaile ar bhord na trághadh,
San áit a mbíodh na bric ag léimnigh
Ag an Átha Leacach.
Dheamhan gaoth dh'á dtig as aedhear
Nach mbíonn ag cur taorughadh thríd an mballa,
Agus chugat chugat ar na maidíbh gréine
Ag éirghe lae ar fud na leabtha.
D'fhreagair Féidhlim é & dubhairt sé:
Is iomdha óig-fhear múinte tréitheach
A ghab an gleanntán sléibhe seo an Átha Leacach,
Acht níor fríoth éan-locht i gcaitheamh an tsaoghail air
Go dtí an mhaidin chéadna a dtáinic m'athair.



35. Risteard Ó Broin.



Bhí Risteard Ó Broinag imtheacht ar a chapall lá & chonaic sé
cailín óg a bhí ag nigheachán éadaigh le hais droichid. Facthas dó
gur b'í an cailín ba deise d'á bhfaca sé ariamh & labhair sé léithe &
bhí an chaismirt seo eatorra,


L. 187


I.1. Mór is Muire dhuit. Móra dhuit is a common phrase for
“go mbeannuighidh Dia dhuit” in some places. Perhaps this is the
origin of “good-morrow.”



2. dho do chumhaidh: “through being sad about you.” Compare
this phrase to the verbal noun phrase dho do bhualadh, & c.




36. Brighid Ní Phádhraic.



Is ar an Ráith Áird taobh thiar dhe Bhaile an Róba a rinneadh an
t-amhrán seo. Brighid Ruadh Ní Dhraighneáin a bhí uirthí acht gur
Pádhraic a bhí ar a hathair, — sin é an fáth ar tugadh Brighid Ní
Phádhraic uirthí. Bhí a hathair & a dhearbhráthair & comhursa ag ól &
bhí sise istigh 'na cailín óg i n-éinfheacht leobhtha. Bhí gach éan-duine
aca ag déanamh ceathramhan go bhfeicidís cia haca is fearr a
mholfadh í. Ní dhearnaidh an triúr acht trí cheathramha.
— Tomás Breathnach.



I.16. Gach éan .i. gach éan-duine.



II.10. Is gile mhíne. For aspiration on m in míne see Note III.
10, in “Bidí dheas na bPéarlaí.”



IV.2. craobh-fholt: pronounced craobh-fholl in this instance



37. Liam Ó Raighille.



Amhrán a rinnigh bean Liam Uí Raighlle d'á fear. Chuaidh sé ag
tíodhlacain an tsagairt a bhí thar éis é a phósadh, & báthadh é nuair a
bhí sé ag tigheacht a-bhaile. Peigí Ní tSiúrtáin (nó Ní Mhuiltsiúr-
táin) a bhí ar a mhnaoi. Ní hé an déanamh céadna atá ar na
ceathramhnaibh go léir: siolla gearr ag déanamh na rannaigheachta i
gcuid aca & siolla fada i gcuid eile. Cuir i gcás “eachraibh” &
“banais” sa gcéad cheathramhain, & “óg” & “stór” sa dara ceann.


L. 188


38. Ar an gcoill mhóir.
Ó Enrigh Ó Rodaigh, i gCondae Shligigh, a fríoth an t-amhrán seo.



39. Ruaidhrí Ó Catháin.



Seághan Mac Conmara as Inis Bearnan i mbéal an Chaol'áire a
rinnigh an t-amhrán seo. Bhí dhá dhream daoine i n-aghaidh a chéile — na
Cathánaigh & na Máilligh & is ag trácht ar cheannphuirt na gCathánach
.i. Ruaidhrí Sheághain Aoidh, a rinneadh an t-amhrán. Fear bríoghmhar
leathan nach raibh an-árd a bhí in Ruaidhrí, & bhí sé i gceist gur fear
an-láidir a bhí ann. Rinnigh Seághan Mac Conmara go leor amhrán
eile & tá cuid mhaith aca i gcomhnuidhe ag na daoinibh tá ar 'ach
éan-taobh de'n Chaol'áire. Cailleadh Seághan Mac Conmara tuairim
& dá sgór bliadhain ó shoin.



I.1. Is mór an sgéal: “'tis a great loss.”



3. I nAchdhruim. Sin é an áit ar buaileadh Pádhraic Sáirséal &
'na Gaedhil. Is cumhaidheamhail an dá líne iad seo.



5. Bratach Éireann: “the Irish flag.”


L. 189


3. Inse Guaire .i. Gort Inse Guaire i gConndae na Gaillimhe.



7. An dá chineadh .i. na Máilligh & na Cathánaigh.



41. Tá na saighdiúirí ag dul anonn.



2. Tír na long .i. Sasana.


L. 190


42. An Spailpín Fánach.



Seo amhrán a bhfuil malrait leagain sa 'chuile áit air & níl 'fhios
cia'r dearmadh ar dtús é. Támuid-ne ag tabhairt innseachta na
háite seo air. Is amhrán é a ritheadh thar cionn idir Ghaedhil, & is
cosamhail gur b'í an uair a rinneadh é nuair a bhí na Franncaigh
i gCill Eala.



8. Spailpín fánach, fear a bheadh ag dul ag saothrughadh a pháighe
ó áit go h-áit.



43. Leaicí an Chúil Bháin.



Bhí leaicí ag coláisde le bheith ina shagart, acht cuireadh as an
gcoláisde é, mar d'ionntuigh sé amach ina réic. Col-ceathar dhó a bhí
ina shéiplíneach 'san áit, & bhí sé ag iarraidh leaicí a smachtughadh, acht


L. 191


is cosamhail as an amhrán go raibh sé ró-dhian ar Leaicí bhocht, mar
nach raibh sé chomh dona sin, & bhí sé ag déanamh aithrighe. Mar
dubhairt sé féin, “ní dhearna sé sórt as an mbealach.” Thíos i
bPartraighe i n-aice Locha Measg a bhí Leaicí ina chomhnuidhe.



IV.8. A d'óirfeadh .i. a d'fheilfeadh.



44. An Beinsín Luachradh.



Seo amhrán an-deas & is cosamhail go bhfuil sé déanta le han-
fhada, mar tá sé coitcheann i gCúige Mumhan & i gConnachta.



45. Cuaichín Ghleann-Néifinn.



46. An Teanga Ghaedhilge.



Seo amhrán a rinnigh Séamus Ó Domhnaill, Éireannach maith, atá
i na chomhnuidhe i n-aice Bhéal Easa, i gConndae Mhuigh Eo, & is uaidh
a tóigeadh síos é.


L. 192


IV.8. Cian óg .i. ceann de na réaltaibh sa spéir.



47. Seachrán Chearbhaill.



“Bhí Cearbhall i ndiaidh Ailíneoir, & thug sé grádh dhí. Chuaidh
sé go dtí gréasaidhe uair & dubhairt sé go raibh sé féin ina
ghréasaidhe, & shocruigh sé leis an ngréasaidhe. Thainic péire bróg
ó Ailíneor le déanamh ag an ngréasaidhe. D'iarr Cearbhall cead
ceann dhe na brógaibh a dhéanamh. Dubhairt an gréasaidhe nach
bhféadfadh sé a thabhairt sin dó, go mbudh le Ailineor na bróga &
nach bhféadfadh sé a dtabhairt dó. ‘Tabhair ceann aca le déanamh
dhom,' adeir sé,” & má mhillim í, íocfa mé féin í.’ Rinne sé ceann
de na brógaibh annsin & nuair a chuaidh an gréasaidhe leis na
brógaibh, nuair a chuir sí na broga uirthí, níl éan uair a shiubhaileadh
sí, nach labhróchadh an bhróg a rinnigh Cearbhall ‘cucú.’ ‘Caidé an
chiall,’ ars sise, ‘nach ndearna tú an ceann eile mar í seo?’
Caithfidh tú an ceann eile a dhéanamh mar í seo, nó ní bhfuighidh tú
éin-cheo go deo ar a son.’ Tháinic an gréasaidhe a-bhaile & d'agair
sé Cearbhall bróg eile a dhéanamh mar rinne sé cheana. ‘Ní
fhéadfhainn-se a déanamh,’ arsa Cearbhall ‘nó go dtógainn a miosúr.’
Chuaidh sé & thóg sé a miosúr. Rinne sé an péire bróg mar a chéile
go labhruigheadh gach éan-cheann aca ‘cucú’ nuair a bhíodar réidh.
Ní ghlacfadh sé annsin go dtéidheadh sé féin leis na brógaibh go dtí
Ailíneór. Nuair a chuaidh sé leis na brógaibh dho Ailineór bhí a raibh
dhe éadach ar a leath-taobh stróicthe ina ribínibh uilig fré chéile, &
bhí an t-éadach ar an taobh eile mar bhí sé ariamh. ‘Cia'n chiall,’
arsa Ailíneór, ‘do chuid éadaigh a bheith stróicthe mar sin, taobh de
stroicthe & an taobh eile go maith.’ ‘Ó tá,’ ar seisean: ‘An lá a bhí mé
ag tógáil miosúir leat, sin é an taobh a theangmhaigh leat atá slán le
grádh dhuit, & an taobh eile nár theangmhaigh leat, b'éigin dom é a
strócadh fré chéile an uair nár theangmhaigh sé leat le méid mo
ghrádh ort.’ Bhíodar féin ag dul ag sgríobh' ag-á n-a chéile ní badh
mhó, & bhí siad i ngrádh le chéile. Rinnigh a hathair a cleamhnas le
fear eile, & bhí sí le pósadh leis an bhfear eile nuair a tháinic
seisean isteach sa teach. Leig seisean air féin nach raibh brígh ar
bith ann gur thosuigh sé ag déanamh na n-amhrán, & níl éan-cheo d'á
raibh sé a rádh nach raibh sise a thuisgint.


L. 193


Nuair a tháinic sé isteach, bhí caithréim ar fud an tighe. Chuaidh
seisean & shuidh sé isteach idir phostaibh an bhuird. Sin í an uair a
bhí sé i ngil-éadtrom. Nuair a bhí seisean ag rádh na n-amhrán,
shílidís-sean sgathamh gur b'é bhí ann. D'abruighidís arís nuair a
déarfadh sé an seachrán nár bh'é a bhí ann chor ar bith, nach raibh ann
acht amadán. Bhí sise thiar sa seomra & bhí sí ag tuisgint 'chuile
shórt & d'éaluigh sí leis faoi dheireadh. Nuair a d' imthigheadar le
chéile annsin, dá bhfághadh athair Ailíneoir amharc ortha, sin é a raibh
dhe shaoghal aca, mharbhóchadh sé iad ar an bpointe. Tháinic nioscóid
chléibhe annsin ar athair Ailíneoir, & bhí sé i n-ucht an bháis. Nuair
a chualaidh Cearbhall go raibh athair Ailíneoir ar leabaidh an bháis,
tháinic sé chomh fada leis & leigheas sé é. ‘Ó, ní dhearnaidh éan
duine beo me a leigheas acht Cearbhall, & bhearfaidh mé cead a
gcinn dóibh níos mó.’ Thug sé cead a gcinn dóibh.”



— Sean-Tomás Breathnach.



II.1. dar Peadar ó! .i. dar naomh(?) Peadar.


L. 194


4. I ngil-éadtrom, i. i n-eiliotrom, nó os cionn cláir. Bhí sé
ina shuidheadh idir dhá phosta an bhuird, áit a gcuirtear an chónra nó
an corp i n-áiteachaibh i n-Éirinn.



48. Cathaoir Mhac Cába.



Bhíodh Cathaoir Mhac Cába ina chompánach ag Cearbhall (no Cear-
bhallán) a bhí 'na dhall. Bhí Cearbhallán uair & bhí sé i bhfad imthighthe
as an áit & nuair a tháinic sé ar ais casadh dhó Cathaoir ar an
mbóthar, & níor aithm sé é. “Cia'n chaoi a bhfuil Cathaoir Mhac
Cába,” adubhairt sé le Cathaoir. “Ó tá sé caillte,” adubhairt
Cathaoir. “Cia'n áit a bhfuil sé curtha,” arsa Cearbhallán. Thug
Cathaoir é go dtí an roilig & thasbáin sé leacht dó: “Sin í a uaigh,”
adubhairt sé. Chuaidh Cearbhallán ar a ghlúinibh ar an uaigh & thosuigh
sé ag déanamh an amhráin. Bhí an t-amhrán chomh brónach sin is go


L. 195


mb'éigin do Chathaoir tosaigh ag caoineadh & annsin d' aithin Cear-
bhallán é.



49. Muirréad Ní tSaibhne Bháin.



Fear a bhí i ngrádh le Muirréad Ní tSaibhne & bhí sé ag imtheacht
roimhe mar bheadh sé as a chéill nuair a phós sí. Tá déanamh maith
filidheachta ar an amhrán seo.



50. Tomás Mhac Filibín.



I gCoslocha i n-aice Bhaile an Róba a rinneadh an t-amhrán seo.
'Sé Tomás Mhac Fhilibín, é féin, a rinnigh an t-amhrán & bhí sé istigh
sa bpríosún nuair a rinne sé é.



Note II. 5: “Sinéad Ní 'ac a' Bháird.”


L. 196


51. Taobh thall de chlaidhe na teorthainn.



52. An Chríonach.



'Sé an Maitias a bhfuil caint air sa tríomhadh ceathramha a
rinnigh an t-amhrán. Is ar an gCríonaigh a bhí sé, & níor tháinic éin
fhear beo dh'á raibh uirthí acht é.


L. 197


54. Cúirt Bhaile an Mhuighe.



I.2. Baile an Mhuighe. Níl éan-tuairisg againn cá bhfuil an
áit seo.



II.4. Leac na n-Uan. Nó Leac na n-Uan acht oiread.




55. Sagart na Cúile Báine.



Is cosamhail gur áit éicin gConndae Mhuigh Eo an Chúl (nó an
Chúil) bhán. De Sheoigheach 'seadh bhí an sagart & bhí cion mór ag
daoinibh na háite air. Is i gConndae Mhuigh Eo a bhí sé ina
chomnuidhe.



56. Máire Ní Mhongáin.



“Máire Ní Mhongáin bean thiar ar an nGoirtín Cloch i Rinn
Mhaoile i gConamara a rinnigh an t-amhrán. Rinneadh baintreabhach
dhí & phós sí an dara huair, & sgap an chéad chlann uaithí, & mar
gheall air sin a rinne sí an t-amhrán,” — Tomás Breathnach.


L. 198


57. An Chailleach.



“Sean-bhean a tháinic ar lóistín thíos tigh Michíl Uí Bhriain
nDruinní gConndae Mhuigh Eo. Ghoid sí giní ag imtheacht di ar
maidin, & rinnigh Micheál Ó Briain trí cheathramha dh'amhrán dí”
— Tomás Breathnach.



58. Cuan Choilinn.


L. 199


59. An Draighneán Donn.



Tá fiche ceathramha sa leabhar seo de'n Draighneán Donn. Tá
ceithre ceathramhna eile san amhrán acht níor fhéadamar iad a fhághail.
Níl fhios againn cia'n file a chum é; acht cébi duine a rinne é, is
deacair amhrán chomh maith a fhághail i dteangaidh ar bith.



Budh é ba cionn-tsiocair leis an amhrán seo a dhéanamh: Fear a
bhíodh ag dul ag aonach i bhfad ó bhaile, & bhíodh sé ar lóistín i dteach
i n-aice na háite a raibh an t-aonach. An cailín óg a bhí sa teach bhí
sí 'na cailín an-bhreágh, acht, cébí sgéal é, rinne sí fhéin & an fear
seo mór le chéile. Sgathamh ina dhiaidh sin chuaidh an t-aonach dho
léig, & ní bhíodh seisean ag tarraint ann chor ar bith, & is cosamhail,
le linn an achair sin, go ndearnaidh sé dearmad ar an gcailín.
D'fhan mar sin nó gur dearnadh a chleamhnas-seisean le bean eile —
col-ceathar do'n chéad chailín a raibh sé mór léithi. Chuaidh sé ann
sin leis an mnaoi eile seo a phósadh — 'un a tighe — & bhí banais &
caithréim mhór aca ann. Nuair a chualaidh an chéad chailín go raibh
sé ar thí a phósta, chuir sí éadaigh sean-mhná uirthí féin, & d'imthigh sí
roimpí go dtáinic sí isteach san áit a raibh an bhanais ar siubhal.
Shuidh sí síos sa gcúinne, & má shuidh fhéin, níor chuir éan-duine suim
ainntí go dtáinic an fear seo anuas as an seomra & go bhfaca sé
í. “Ní cóir,” ar sé leis féin, “duine ar bith a bheith annseo gan
biadh ná deoch a thairsgint dóibh. Céard a ólfas tú, a bhean?” ar
seisean. “Ní ólfaidh mé tada, & ní ghlacfaidh me deoch ó éan-duine
sa teach, mura bhfághaidh mé as do lámhaibh féin í,” ar sise. “Mar-
gadh réidh,” ar seisean, & dheamhan ar aithin sé dhí. Thug sé anuas gloine
fíona, & sheachad sé chuicí an ghloine. “Ní ólfaidh me deoir de,” ar
sise, “mura n-ólaidh tú féin gach le blogam liom.” 'Na dhiaidh sin
féin, ní raibh sé dh'á haithneachtáil. Bhí fáinne óir aicí a fuair sí
uaidh féin roimhe sin, & chaith sí isteach san ngloine é. D'aithin sé
an fáinne ar an bpointe a bhfaca sé é, & ghlac cumha & aithmhéala é,
& is annsin a dubhairt sé an chéad chuid de'n Draighneán Donn.
D'fhreagair sise é, & bhí fhios aige annsin cia bhí ann. Bhíodar ag
cainnt & ag ceileabhar annsin le n-a chéile & gan éan-duine dhá
dtabhairt faoi deara, gur bh'é deireadh an sgéil gur éaluigh sé
léithe, & gur fhág sé an bhanais & an bhean eile ina dhiaidh.


L. 201


62. Bean an fhir ruaidh.



Seo amhrán a bhfuil an-mheas air i measg muinntire na tíre, &
a bhfuil an cháil air a bheith ina amhrán dheas. Tá dhá aithris de tugtha
síos ag an gCraoibhín i nAmhráin Ghrádha Chúige Chonnacht.


L. 202


63. Aithrighe an táilliúra.



“Seo ceithre ceathramhna a rinnigh an táilliúr nuair a bhí sé ag
déanamh aithrighe faoi a bheith mór le bean an fhir ruaidh.” — Tomás
Breathnach.



64. Caiptín Ó Máille.



Tá sé tuairim 's ceithre sgóir bliadhanta ó bhí Caiptín Ó Máille
ann. Bhí long aige, & bhíodh sé ag tráchtáil idir Éirinn & an
Fhrainnc. Long leis an rígh a bhí d'á leanamhamt, & d'imthigh sé
uaithi isteach ar sgáth Inse Bearnan, i mbéal an Chaol-Sháire. Cheap
an mhuinntir eile nach raibh acht cuisle bheag fairrge ann, & go raibh
an Máilleach i sáinn aca. Chuaidh sé amach an taobh eile & d'imthigh
sé uatha.



I.2. Tóin a'Bhunnáin, aliter Tóin an Mhionnáin.



V.7. Gráinne .i. Gráinne Ní Mháille.



65. Bideach dheas Ní Nigh.


L. 203


66. Nuair a théidhim-se amach.



7. a dh'fhághail: recte do fhághail.



II.7. Cúig' Uladh: the accent is here put on the last syllable to
rhyme with tú.



67. Meiriceá.


L. 204


69. Neileach.



Seo amhrán a rinnigh an file Seághan Mac Conmara do luing ghaile
a tháinic isteach air sa gCaolsháire. 'Sé an fáth a dtug sé Neileach
ar an luing mar ba cosamhail an pictiúr a bhí ar a tosach le spéir-
bhean bhreágh a bhí 'na chomhnuidhe i Muruisg i gConndae Mhuigh Eo,
ar b'ainm di Neileach. Budh 'in í an chéad long ghaile a tháinic ar
an gcuan. Bhí an file ag ceapadh nach raibh éan-mhaith do Dhomnall
Ó Chonaill a bheith ag cainnt nuair nach raibh sé i n-an' loingseacha
Shasana a chur ó shnámh.



V.3. Na Blascaeid: oileáin atá i n-aice Conndae Chiarraidhe.



4. Duibhthin: “gloom.”


L. 205


70. Neileach Mhór.



Seo amhrán a bhfuaireamar dhá cheathramhain de isteach leis an
amhrán atá roimhe. Is dearbhtha nach dhe'n amhrán chéadna iad, acht is
dóchaidhe gur b'é Seághan Mhac Conmara a rinnigh iad, faoi'n
Neileach chéadna a raibh a samhail (má b'fhíor dhó) ar an luing.



71. Máire.



I.6. chomh multhach .i. chomh giobach.



III.2. Téanam .i. tarr uait.




Id. Easbog na hÉirne; shílfeadh duine as na foclaibh seo go
rabhadar i n-áit éicín i n-aice na hÉirne, má's í an Éirne céadna
í tá i bhFearaibh Monach. Tagann an focal seo Éirne isteach go
minic ins na hamhráin.



IV.5. Lághach péacach: lághach here has the force of an adverb
qualifying péacach. Lághach péacach, means “proud enough.” Cf. Is
lághach críonna bhíos an mheach nuair a ghníos sí a nead; dá mbeadh
spré ag an gcat is lághach deas a pósfaidhe é,


L. 206




72. Máire Ní Taidhg óig.




73. Muruisg.



“Sagart a bhí i Muruisg a hathruigheadh soir amach. Bhí cumhaidh
air, & bhí sé a' caitheamh i ndiaidh na háite thiar” — Tomás Breathnach.




74. An Druimfhionn Dubh.



Is i n-aimsir Ríogh Séamus a rinneadh an “Druimfhionn Dubh.”
B'amhrán é a rithfeadh go maith idir Ghaedhil an t-am ar dearnadh é.
Bhí faitchíos ar an seanchaidhe (Sean-Tomás Breathnach) é a thabhairt


L. 207


dúinn chor ar bith. “Bhí tráth ann, bhí sin,” adubhairt sé, “& dá
mbeithí ag éisteacht leat ag rádh an amhráin sin, cuirfidhe isteach sa
bpríosún thú.”



75. Giorróid Ó Mórdha.



“Chuaidh Giorróid Ó Mórdha go rásaibh Chnoc Bharúin. Bhí a bhean
ag iarraidh é a choinneál go mbead sí féin leis, & dubhairt sé go
gcuirfeadh sé sgéal 'na coinne lá an rása. 'Sé an sgéal a tháinic
chuici gur mharuigh a chapall é.” — Tomás Breathnach.



76. Seághan Ó Máille.



“Fear óg a thug grádh do mhnaoi & ní bhéarfadh a muinntir dhó í.
Casadh leis í, oidhche annsin, & chuir sé caint uirthí.” — Tomás
Breathnach.


L. 222


Aguisín an Eagarthóra.



Amhrán 1, l. 1: Amhrán Muimhneach é seo. Seón Llúid nó
Seághán Llóid (John Lloyd) ab' ainm do'n fhile. Deir Tomás
Ó hAodha gur Seaghán Ó hEoinín (nó Ó hEoghainín ?) ab' amm dó ó
cheart. Ba de mhuintir Thuadhmhumhan (Chontae an Chlár) é. 'Sa
bhliadhain 1773 do sgríobh sé an t-amhrán so do réir Sheagháin Uí
Dhálaigh (Reliques of Irish Jacobite Poetry. l. 110, mar a bhfuil sé i
gcló as láimhsgríbhinn Muimhnigh). Féach mar an gcéadna An
Londubh, 5, áit a bhfuil an fonn fá chló agus beagnach an innsint
chéadna ar an amhrán féin. Soillsigheann siad so cuid de na
logannaibh dorcha, m.sh., “raen-eairc” = “réalt-dheasca,” i pl.



Amh. 2, l. 3: Amhrán Óirghiallach an ceann so. Duine de thogha filí
Óirghiall do chum .i. Séamus Mac Cuarta nó, mar tugthar í
gcoitchinne ar, Dall Mhac Cuarta. Róise Ní Raghailligh ab' ainm
do'n ógmhnaoi. Bhí sí ag díol giosán (stocaí) ar aonach, agus ní
raibh duine 'gá gceannach, do bhárr í bheith comh gránna sin gur beag
duine théidheadh fá n-a déin. Chualaidh an Dall an sgéal so agus
cheannuigh sé péire giosán uaithi, agus rinne an t-amhrán annsin ar
an toirt ag árd-mholadh Róise. Do leath an t-amhrán ar fud Leithe
Cuinn ar fad. Fuaras féin é i n-Óirghiallaibh agus i dTír Chonaill
agus é i bhfad níos iomláine ná mar atá sé annso. Féach ainm
Shéamais Mhic Cuarta ag Ó Raghailligh i n-a leabhar Irish Writers.



Amh. 19, l. 41: Amhrán Muimhneach ata anois ag an nGaedhealtacht
i gcoitchinne. Tá oiread eolais air i n-iargcúil Thíre Chonaill agus
atá sa Mhumhain féin.



Amh. 22, l. 50: Amhrán Conallach. Do chualas féin é i dTír Chonaill
go minic. “Caisleán na Finne” an t-ainm atá air annsúd. B'é
adhbhar a dhéanta, do réir mar chualas, bean uasal óg a pósadh le
Dálach Thíre Conaill ag Caisleán na Finne (Castlefinn, in Co.
Donegal).



Amh, 23, l. 51: Amhrán le hEoghan Ruadh Ó Súilleabháin é seo
féach “Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin, 21, l. 55. Seo mar
fhreagrann na ceathramhna atá annso leis an innsint do fuair an
tAthair Pádraig Ó Duinnín air: I = VII.; II. = VI.; III = I.
IV. = V.


L. 223


Amh, 35, l. 80: Amhrán atá ar eolas i gcúig cúigíbh na hEireann.
“Ó Broithne” an sloinneadh bhíos ann i gcorr-áit.



Amh. 37, l. 85: Amhrán coitchionnta é seo freisin. Tá meas mór
air 'san uile áit.



Amh, 45, l. 99: “Cuaichín Bhinne Éadair” atá d'ainm air freisin.



Amh. 47, l. 104: Fuaras féin innsint eile ar an gceann so i dTír
Chonaill. “Crosánacht Chearbhaill Uí Dhálaigh” atá ag Conallaighibh
air.



Amh. 59, l. 127: An innsint is iomláine d'á gcuala nó d'ár
léigheas riamh ar an amhrán so.



S.L.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services