Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Riaghlacha Camóguidheachta

Title
Riaghlacha Camóguidheachta
Author(s)
Craobh an Chéitinnig,
Composition Date
1904
Publisher
Banba

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Banba



Riaghlacha Camóguidheachta.
(Craobh an Chéitinnig do cheap.)



1. Camóguidheacht iseadh an imirt.



2. Camóg iseadh an bata, agus níl sé ceaduighthe
í seo bheith níos mó 'ná dha phúnt meádhchant. Ní
ceart an liathróid bheith níos truinne 'ná ó'n-a
cheithre go dtí a chúig únsa ná níos mó i dtoirt
'ná ó n-a seacht go dtí n-a naoi órdlach timchioll.



3. Ainmnightar foirne "Camóguidhthe - "



4. Bíodh faithche na himartha ó 60 go dtí 100 slat
ar fhaid, agus ó 45 go dtí 60 slat ar leithead. Bíodh
líne aoil nó caol-fhód mar theórainn timchioll faithche
na himartha. Tomhaistar líntacha chúig slat déag,
agus chuig slat agus fiche ó gach cúl, chomh maith le
líne treasna i lár buill, agus cuirtar bratacha
beaga i n-a seasamh ar na línteacha sleasa agus
ar cheithre chúinne na faithche chun na tuimhsí seo do
chur i n-iúil.



5. Cuirtar bogha an chúil i n-a sheasamh i gceart-
lár na gceann-riain, deich dtroighthe idir a dhá chrann:
crann uachtair ortha so, seacht dtroighthe os cionn
talmhan. Ar an líne cúil, deich dtroighthe amach, ar
gach taobh de'n bhogha cuirtar crainn phuinte deich
dtroighthe ar aoirde 'n-a seasamh. Tá cúil buaidhte
má chuirtar an liathróid fé'n gcrann uachtair: tá
puínte buaidhte má chuirtar an liathróidh amach i
n-éan-áit eile dtaobh istigh de'n dá chrann phuinte
is cuma cad é an aoirde. Ar an gcomhaireamh do
réir puintí seadh bhuadhfar cluithche, trí phuinte do
ghach cúl. Is neamhnídh an liathróid do chur amach
díreach os cionn crainn phuinte. Ní sos do'n imirt
má chasann an liathróid tar éis crann do bhualadh.



6. Toghtar maor: tugtar di feadán is leabhrán
riaghlacha. Is uirthi-se bheidh na riaghlach a chur i
bhfeidhm is gach aighneas a réiteach. Ní bheidh dul as a
breith-se i dtaobh ceist ar bith a bhaineann leis an
imirt. Ní fuláir gearán do dhéanamh léise láithreach
bonn nó ní éistfear leis. Cuirtar ar gach sleas-
líne cailín faireacháin ná beidh baint aici le héan
taobh : ar bheith amhlaidh dhi caithfidh gach feall do chur
i n-úil do'n mhaor. Toghadh an maor beirt fharairí
cúil ná beidh claonadh aca chun éan-taobh i gcóir gach
cinn fhaithche, duine aca a sheasamh leathstiar dhe ghach
crann puinte, agus 'sé a n-aon-ghnó-san cúil is
puintí do thabhairt fé ndeara, agus imtheacht na
liathróide thar teórainn do chur i n-iúil: tógaidís
go léir malairt ionaid ar iompódh áirde don dá
fhuirinn; mara réidhtighid ar cheist, a socrughadh do
bheith fé'n maor.



Ní sos go raghaidh an liathróid go hiomlán thar
teórainn.



Le linn imartha na bíodh ar an bhfaithche acht an
maor is an dá líon.



7. An líon imartha chun tosnughadh dháréag ar gach
taobh, gan duine fé ná thairis.



Fé'n maor seadh bheidh malairt chamóguidhe do
leigan isteach má ghoirtightar duine.



8. Caitheadh an bheirt chaptaein chun rogha áirde:
seasaimheadh an dá bhuidhin (acht amháin an bheirt chúl
báire) ar aghaidh a chéile i lár buill na faithche, ag
glacadh lámha nó camóga a chéile, chun go gcaithfidh an
maor an liathróid isteach eatortha ar an dtalamh.



9. Ma bhristear riaghail, ceaduigheadh an maor saor-
bhuille i gcoinnibh na foirne atá cionntach. Nuair a
bheifar á bhualadh so bíodh na camóguidhthe i n-éan-
pháirt is maith leó den bhfaithche, acht go dtí go
mbainfar leis an liathróid ná tagadh éinne den
bhfuirinn tall níos goire 'ná chúig slat déag, acht
nách gábhadh dhóibh dul thar teórainn i n-éin-tslighe.



Tá dhá chuma ann chun saorbhuille a bhualadh:
(a), ar an dtalamh; (b), an liathróid d'árdach ar
bais chamóige agus í bhualadh, gan í thógaint i láimh.



10. Dá fhichid nóimeat a sheasómhaidh an bualadh gan
atharrughadh áirde acht amháin tar éis lán fiche nóim-
eat d'imirt.



Beidh sé de chomhacht ag an maor aga do scoil-
eadh leis an gcomórtas de chionn éin-righneachais dá
ndeárnadh agus stad do chur leis an imirt éan-tráth
is cuibhe léi de dheascaibh dorchadais, nó cur isteach
ón lucht amhairc, nó rud ar bith eile.



Má's gábhadh soin, is ceaduighthe dhi an aimsir do
fhadughadh chun uain a thabhairt i gcóir saor-bhuille,
acht i n-a leithéid seo de chás ní áireómhthar cúl nó
puínte mara mbuadhfar díreach de bharr an éan-
bhuille amháin.



11. Feall is eadh cor coise, no sáth a thabhairt
d'éinne dhen bhfuirinn thall nó í choingáilt nó breith
uirthi, nó an liathróid a stop le n-a gúna féin.



'Sé rud é "cor coise" ná iarracht a thabhairt ar
dhuine dhen bhfhuirinn thall a leagadh leis an gcois, nó
ag cromadh ar a béalaibh nó ar a cúlaibh, nó í leagadh
de dheascaibh cos nó camóg a bhualadh fúithí on dtaobh
thiar ag soláthar na liathróide.



Glaodhfar "coingáilt" ar dhuine dhen bhfuirinn
tall a bhacadh le láimh nó le huilinn.



Ná baintar le camóguidhe, acht amháin le linn di
bheith ag imirt na liathróide. Ná dieneadh éinne de
dheóin a camóg a luighe ar imirtheóir eile ar chuma
ar bith. Gach uair a réabtar an riaghail seo faghadh
an fhuireann tall cead saor-bhuille dhá chionn.



Má bhítar ag imirt go contabharthach, tugadh an
maor fógra dóibh seo atá cionntach, agus mara
stadfar di féadfaidh an maor éinne atá cionntach a
chur i leath-taoibh agus an chúis a chur chun an árd-choiste.



Ní'l sé ceaduighthe i n-éan-chor an chamóg do
chaitheamh.



Éinne chuirtar i leath-taoibh ní bhfuighidh luighe
isteach 'sa chluithche arís.


L. 331


12. Má chuireann éinne an liathróid thar an líne
sleasa, faghadh duine dhen bhfuirinn tall saor-bhuille
ar lár ó'n mball gcéadna; gan éin-imirtheóir a bheith
níos goire dho 'ná deich slat; ní áireómhthar cúl ná
puinte dá bharr mara mbuailfar an tarna buille
ar an liathróid.

13. Má chuirtar an liathróid thar rian cinn, éinne
den bhfuirinn gur leó an taobh soin tógadh n-a láimh í
agus bhuaileadh amach ón gcearnóig i mbéal an bhogha,
gan éinne dhen bhfuirinn tall bheith níos goire dhí ná
an líne chúig slat déan go dtí go mbeidh an buille
buailte. Má bhítar mall ag bualadh amach, tá sé de
chomhacht ag an maor an imirt d'fhadughadh dhá réir.

Má chuireann camóguidhe an liathróid thar rian
cinn a muinntire féin is cuma cad ba threó dhi,
faghadh an fhuireann tall cead saor-bhuille ó'n líne
chúig slat fichead, ar aghaidh na háite n-ar ghaibh sí
thar rian.

Má chuireann camóguiche an liathróid idir chran-
naibh a muinntire féin beidh bhuaidhte i n-a gcoinnibh
cúl nó puinte pé aca é.

14. Má bhuaileann an liathróid éinne den lucht
amhairc le hais na líntí sleasa, ní fuláir pocadh
isteach do réir riaghlach a 12.

Má thárlaidheann a leithéid seo le hais an riain
chinn, caithfar poc cúil a bhualadh. Nó ceaduigheadh
an maor cúl no puinte nó saor-bhuille chuig slat
fichead pé aca is dóigh léithi a thiocfadh de ghluaiseacht
na liathróide mara mbeadh an cosc.

15. Ná tógtar an liathróid den talamh le láimh le
linn imartha is dleaghthach í árdach le camóig no
breith uirthi i láimh os cionn tailimh; agus gan da chás
so féadfaidh camóguidhe í bhualadh n-a rogha slighe.
Ní dleaghthach ámh, an liathróid a chaitheamh a láimh ná í
iomchur acht amháin ar bhais chamóige.

16. Éan-fhuireann a dhiúltóidh cluithche a lán-chríoch-
nughadh, nó a fhágfaidh an fhaithche gan cead ó'n maor,
caillfid an cluithche sin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services