MAILLSIGH NÍ DHÚITHCHE
MAC CUARTA cct.
I
Má théid tú chois fairge teacht samhraidh nó dubhlacht',
Beir mo bheannacht is annsacht gan fhallsacht thríd dhúthracht
Chuig an maighdin chiúin leanbaidhe le mb' ionmháin bheith a' súgradh,
'S go dtug sí an chraobh ó gach bantracht .i. Maillsigh Ní Dhúithche.
II
Tá an chléir dá shír-dhealbhughadh, agus tarngaireacht na n-ughdar,
Gur baoghal go dtiocfadh cabhlach go críocha Banba thair na cuantaí,
A ghéanfas léin-sgrios is marbhadh ó Chluain Tarbh go dtí an Rúta,
'S ní gheobhaid saidhbhreas ná ransom gan Maillsigh Ní Dúithche.
III
Léightear air dhún na hEamhna 's air gach dream dá raibh 'na cúram,
Gur héignigheadh bean as Albain darbh ainm Bláthnaid chumhra;
Gé gur éag sí, tá dá dhearbhughadh na mairbh gur mhúsgail,
'S go dtug sí an léas air gach balsam do Mhaillsigh Ní Dhúithche.
IV
Is féidir leat a dhearbhughadh don mall-rosgaigh múinte
Nach léigim í choidhche air dearmad nó go ndalltar mo shúile:
Ach mé féin léithe nach samhlaim is a liacht seang-mharcach súgach,
A mb' éadáil leófa gealtanas fhagháil ó Mhaillsigh Ní Dhúithche.
V
Níl aon sgéimh ag Diana, Helena ná Júno,
Ná aig an maighdin Cassandra, ná aig an mbainríoghain Hecúba,
Nach go nuadh 'tá air a tearmainn aig leanbán an úr-chroidhe,
Is fa-raor, gurab í marbhthóir í Maillsigh Ní Dhúithche.
Finit de sin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11