Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1851
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN BÁS



I
Ag teacht aimsir chodlata dhamh air bheagán suaimhnis
'sé tháinig air cuairt chugam an seanóir críon,
Bhí éadan caite air, air bheagán gruaige,
's budh é an fear budh truaillidhe dá bhfaca mé.
Coimhtheachas leaptha 'sé d'iarr an gruagach,
's dhruid mé suas uadh go tapaidh géar,
An sioc 's a' sneachta a' teacht ó thuaithe,
's dair liom go mb'fhuaire é ná iad araon.



II
"Cuirim-sa ceist ort as ucht na humhlaigheacht:
cá fhad a shiubhail tú nó cá bhfuil do thriall?"
"Mise an curaidh a chlaoi Fionn mhac Cumhaill mhóir,
's cá hiongnadh dhamhsa bheith caite críon?
Má budh láidir Hercules do bhain mé an siubhal de,
leag mé clann Dáibhídh agus Oisín grinn,
Tháinig mé an bealach so go mbeadh Mac Dúill liom -
Bí air a'n iúil agus ná déan moill."



III
Air an iomrasgáil gur thoisigh an cúpla,
's nachar dheacair damh-sa dhol i ndeabhaidh lann!
Thug mé strupladh air fad a' rúim dó
agus leag mé an búillean air chúl a chinn.
Chuir mé mo lámh taobh thiar díom's chas orm súiste,
agus bhuail mé cumhaidh na seacht séan air-san,
"Ceathramha m'anama, a Doyle, tabhair damh-sa
is beidh mé air siubhal uait anois gan mhoill."



IV
Air chonditions thug mé cead na slighe dhó
air acht fios mo shaoghail fhagháil nó fadú lae,
'S gan a theacht a dh'fheill orm le buille taoibhe
nó go ndéanfainn síothcháin le síol Ádhaimh is Éabh.
"Tá sé i n-aghaidh na n-aitheanta tú fios do shaoghail fhagháil;
chan fhuair na naoimh é 'tá i bhflaitheas Dé,
Ach déan leas d'anama 's ná léig an oidhche ort,
's ná caill a' tsíorthaidheacht mar gheall air spré.



V
"Nachar dhána dhuit-se a theacht liom-sa a spáirnn,
a leag mac Dáibhídh bhí socamhail i séan,
A leag Goliath agus rí na bpágán,
ós iad do bhí láidir neartmhar tréan.
God é an hurly-burly thóig mé i gcampa Pháraoh,
sa muir gur bháth mé a chuid fir go léir,
'S nachar dhíomhaoin duit-se a theacht saor ón láimh sin
a leag Priámus ina chathair féin!



VI
"Imeóchaidh mé anois uait seal beag suarach,
's pillfidh mé anuas ort le mo lannaibh géar,
'S a dhuine dhona, nach tusa an truaighe
's gan d'fhuasgailt ach ag Mac Dé.
Cuir do mhuinghin as Muire, ós í 'tá uasal,
's guidh go cruaidh air cheann na cléir',
Sil deór aithrighe bhéaras duit-se fuasgailt
ó na gleanntáin uaigneach so go flaitheas Dé."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services