Brighid Ní Shionnachán
Mac Cuarta cct.
I
Insa Márta fá fhéil Pádraig air an haonadh lá déag
Budh tuirseach cráite bhí fir is mná, is cárbh' iongnadh dóibh é!
Lena cáil mhaith gur sháruigh sí maitheas na nGaedheal;
Tá sí os cionn cláir faoi bhrailín bhán 's gan aon fhocal 'na béal.
II
A Bhrighid Ni Shionnachán, a chúilín famainneach is buairthe d'fhág tú a lán
Fán ionad coinne úd a bhí idir tú agus Rí na ngrás;
d'fhág tú do mháthair faoi bhearrán is beidh go lá an bhráith -
Ó d'éag an ainnir mheath an duilliúr 's chuaidh na toibreacha i dtráigh.
III
Is tuirseach buairthe a d'fhág si'buachaillí na háite go léir;
Dá mbeadh a leabaidh cóirigh'e os cionn fóide againn b'aoibhinn an sgeal;
Níl a'n óigfhear a d'fheicfeadh í Dia Domhnaigh aig pobal nó ag cléir
Nach mb'fhearr leis póg uaithe ná ór buidhe na cruinne go léir.
IV
A Bhrighid, a théagar, a mhíle céad grádh 's a chuisle mo chroidhe,
Is tú, dá bhféadfá, nach dtréigfeadh do cháirde gaoil;
Tá do chúilín péacach air dhath na céarsaighe go wásta leat síos,
'S do lioca shéimhidhe os cionn do bhéilín mar shneachta air an gcraoibh.
V
Mar dhaifidh i ngáirlín i gcathaoir phárrthais tá Bidigh 'na suidhe,
Gan ghuth gan náire, gan easbhaidh sláinte, ach air láimh ar an Rígh;
Tá an Mhaighdean mhánla 's a bantrachd álainn 'na seasamh lena taoibh,
Agus prionnda an Áird-ríogh faoin-a báinchígh comh geal léis an aol.
VI
Tá na Crosa Bána is imeal Bhaile Áth' Buidhe is Greille faoi ghruaim,
'S tá Baile an Rátha gan chnó gan áirne, gan mheasaibh gan ubhall;
Níl aon rós dár fhás ariamh i ngáirdín nach bhfuil comh dubh leis an ngual,
Ó chuaidh sí i gclárthaí, cúl na bhfáinní, d'imthigh an bainne ó na buaibh.
VII
Insa mBaile Corr faoi bhloc tin atá Bidigh 'na luighe,
'S línín velvet full mount air a comhra chaol;
Tá an ghrian a' soillsiughadh uirrthi thart timcheall is fasgadh ann ón ngaoith,
Bíonn an chuach 's an londubh i dtús a' tsamhraidh a' seinm air a' gcraoibh.
VIII
A Rí na gcréachta a d'fhulaing do chéasadh 's do sparradh air chrann,
Cárbh' iongnadh an sgéal é dá dtiocfadh éclips air an ngréin os ar gcionn?
Fá bhás na déagh-mhná chuaidh a dh'éag uainn na mílte amach thair tuinn,
'S go ndeachaidh a héagcaoin ó luighe gréine go hAlbain anonn.
IX
Cibé léighfeadh Dochtúr Céitinn insa tseanchus go fíor,
Níl aon dár fhág an saoghal so nach bhfeicfe mar arís.
An hocht déag 'gus an trí 'na dhéidh sin ó bhí sí ag ól ar an gcích:
Sin aois na déagh-mhná ag dol i gcré uainn i n-aice na naomh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11