Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1841
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MOUDA NÍ DHUBHDA



I
Má théid tú a dh'iarraidh sgéala té go sign an Fhir Ghléigil,
is annsin a gheabhas tú sgéimh na háille,
Mar a bhfuighidh tusa an féirín faluigh bhí aig Séamus:
Mouda na brághaide báine.
'Sí is faide ghile ghléigile ná an eala 'tá air an Éirne,
a cum mar an aol agus a bráighe,
'S go bhfuil sáith an ríogh mar chéile an taobh so do mhalaigh 'n tsléibhe,
'S go n-éagfadh fir Éireann dá grádh-sa.



II
Tá Mathghamhnaigh is Búrcaigh 's ní áirmhim Mathamh Courtney,
's fir óga Chonndae Lúgha 'lic i ngrádh léi,
Sgathfairí an dúin seo, lucht chlársach is Chúpit,
a' feitheamh air acúl breágh fáinneach.
Tá Séamus na lúb is gan amharc ina shúil,
agus siege aige le cuan Droichead Áth' 'muigh -
Le méin mhaith, le múinteacht 's le sgéimh na gcúig gcúigeadh
's gurab aig Mouda Ní Dhubhda atá sé.



III
Tá mór-uaisle Chóigeadh Laighean a'teacht ar cuireadh fá do dhéin-se,
a bhruinneal, go meadhrach amárach;
Tiocfaidh an Justice 's a' méire agus uachtarán na cléire,
óir thuiteadar go léir uilic i ngrádh leat.
Beidh na mílte do lucht arm ann ó shléibhte Dhún Dealgan,
sin agus fir chalma na Triúcha,
'S a bhfuil ó Shliabh na gCearc i ngeall leat go droichead Lios
gCearbhach,
's ní dhearmadaoim-se Mouda Ní Dhubhda.



IV
'Sí dúllán fhearaibh Éireann í is grianán mná na sgéimhe,
rialt eólais Dhún Léire agus Cháirlinn;
Ní bhfuil baile cuain inÉirinn nach bhfuil cuid de do chuid véarsaí
sgríobhtha go meidhreach i bpáipéir.
Tá meilteóirí na cléire a' cuir cuireadh air an méid sin
ó Fhráoileann na séad go Dún Pádraig,
'S gurab in do chuid plantations tá árus ag na héanlaith,
an spid, an truid, an traona is an áinleóg.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services