Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1779
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Marbhnaidh Thoirdhealbhaigh Uí Raghaillaigh



I
Anois is mian liom tráchtadh air Terry Ó Raghallaigh an sár-mhac
Bhí ríoghamhail saoitheamhail sásta 's thug barr maise in gach céim,
Mar bhí sé 'na chommander air na mílte fear don náisiún,
'S go ndéanfadh seisean ármhach le sásadh thabhairt do Ghaedhil.



II
Tá an Sean-Chárnán go brónach is na tíortha 'lic faoi dhólás
Ó d'éag sé an planda dhen mór-fhuil - 'sé mo bhrón é dhol i gcill;
Tá clann Liútair ina bpléisiúr ó síneadh síos i gcré é,
Mar bhí siad-san faoi ghéar-smacht ag Ó Raghallaigh lena linn.



III
'Sé mheasaim féin in m'inntinn gur chóir a chur i bprionnda,
Ómra chur leis timchioll 's a throillseadh 'rís le hór,
Tá a chéile buairthe tinn bocht is stuair na ndualaibh a' troillseadh,
'S a mháthair féin go cinnte ag tiomsughadh gach brón.



IV
Tá súil as Rígh na ngrása agam go bhfuil a anam geal i bPárthus
Ag ionntuigheas naomh go sásta nó i lár i bhflaitheas Dé';
Tá buachaillí na háite faoi smúid ag bodaigh ghállta
Ó d'éag sé an barraidhe álainn, cúl báire chlanna Gaedheal.



V
Aois Mhic Dé mar léightear dhúinn as na hughdair Ghaedhealach;
Míle 'gus seacht gcéad is 'na dhéidh sin trí fichid,
An naoi ar an deich dá réir sin ó ghlac sé páirt air léigse,
'S gur i Maigh nEalta 'sé mo léan é bheith i gcré uainn 'na luighe.


L. 11


B 1910c 19>
<G U Mn>
U 3001
B
Well anois is mithid liom trácht ar Terry O'Reilly a' stáidfhear
A bhí croidheamhail lúthmhar láidir 's thug buaidh in gach cás,
Ó mar bhí sé 'na chommander air mhíle fear don náisiún,
Gheanfadh siad-san ármhach a' baint sásadh amach as Goill.
Ach ó d'éag sé maighistir Reilly tá gruaim os cionn na hÉirinne,
Cha dtig driúcht ar bharr an fhéir - níl fiú na héisg a' fuireach' beó.
Ó d'éag sé an planda méineamhail - 'sé mo bhrón nach dteachaidh i gcill -
Tá clann Liútair ar a bpléisiúr dá dhúnadh insa chré.
'Sé bhainfeadh urra as bodaigh a' Bhéarla; cha bheadh maith a' pléadáil
leis ina gcaint,
'Sé sheasfadh i lár an aonaigh a' baint urra as bodaigh a' Bhéarla.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services