Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Bionaid, Art,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1850
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CONSPÓID NA gCAILLEACH
Art Mhac Bionóid do chum



Cha dtearna mé a leithid ariamh is Cia hé seo 'na shuan go huaigneach
faoin bhórd seo?
Tá, deireadh na huaisle uachtair Oirthear.
Nár cuireadh cruinniughadh air a chineadh 's air a ghaoltaí?
Tá a lán acu d'imigh is nach dtilleann a choidhche.
Cia hí seo nach n-aithnim ag tafainn insa chóirneál?
Bean bhocht as Caramanainn - is é is áinm damh Móra.
Tá mur-ainne cortha de lucht málaí gach lá sa tseachtmhain.
d'fhág easbhaidh na bpreátaí a lán air seachrán.
God é ruaig a strathaidheacht fán áit seo chomh mall thú?
Chuala mé trácht ortsa agus b'áil liom bheith a' caint leat.
Nárbh eól dhuitse an fial-mhac ciallaidh seo thuireamh?
Cha dtearma mé a leithid ariamh is níor hiarras orm é.
Nach mbíonn tuireamh nó caoineadh insa taoibh sin air tóramh?
Char chuala mé in mo shaoghal air aosda ná air óg é.
Is god é d'fhág chomh beártha géar in do chaint thú?
Ag ól súgh na créachtaighe fá Bhealtaine cinnte.
Tá rannamh air do gháilleach mar bheadh gráinneug a' méinfigh.
Gé go bhfuilim mar tá mé, de Chloinn Pharthaláin ó fhréimh mé.
Sin muintir mó mháthara - céad fáilte dhuit, a shiúr.
Go mairidh tusa slán, a stáidbhean na lúb.
God é mar chualaidh tusa tualas fán chás so?
Thainig chugam cuach dá fhuagradh go cráidhte.
Sin an t-éan is binne de chineál a' chluimhrigh.
Ach amháin de nach sinneann sí i n-aimsir an gheimhridh.
Codlann sí san fhuacht go dtig bruach na Cásga.
Tá cineál eile cuacha ann a bhíos a' fuachas air fáighe.
Budh mhór a' truaighe thú nach bhfuair fuaghlaim in d'óige.
Coinnigheadh 'mo sguaid a' buachailleacht bó mé.
'Sé Dia a chas i n-aice liom thú is gan a bheith i n-acara tuataigh.
Ghéanfaidh mé do réir m'acmhuinne, ach glacsa mé go stuama.
Níl tusa ach óg is níl tú eólach air a shinnsir.
Glacfaidh mé seóladh, air ndóigh, le haimsir.
Nár cuireadh marcach gléasda fá Ghleadaigh na Clár-choill'?
Tá roinn den fhéin sin ba chóir a shéanadh go láidir.
Is furas aithneadh air a' chlár so go dteachaidh ar gcáirde i n-éagcruth.
Tá mórán i láthair dhíobhtha muna n-athra' siad béasa.
Nach mó le rádh iad ná a lán 'a bhfuil sa ghleann seo?
Nach mb'fhearr gan trácht air Phádraig nó air Phroinsias?
B'iad sin na fir chéillidhe bhí réimiúil subháilceach.
Adeir Padaigh Kate go raibh siad bréagach truaillidhe.
Chan iongnadh dhó an sgeótair feannta.
Is fearr é ná a bhfuil beó de phór an dream' sin.
Budh iad sin na fir chliúiteach lúthmhar láidir.
Nach mbeadh siad dá rúisgeadh fá rútáil phreátaí?
Bheadh a gcuid ballaí bána lán de eallach.
Cha lugha oram an bás ná blámás cailleach.


L. 11


Bheadh maithis na condae gach am acu air féasda.
nuair a thiocfadh siad a rannsughadh na ngandar is na ngéann.
Tá do theanga ró-líomhtha a' gríosadh mo chéadfaidh.
Cha deas leat an fhírinne dá míniughadh, a phléiceas.
Cha dtainig mise a phléideáil ach ag éagcaoin mo ghleacaidhe.
Ná deana thusa sgléip, oir cha leigimsa leat é.
Dá mbeadh Dochtúr Keating agam léighfinn a ghaol dhuit.
B'fhearr dhúit céibhthe nach séidfeadh an ghaoth dhíot.
Chainic mé eachraidh cóisde aige go leór dá dhaoine.
dá mbeadh siad dá gcóir bheadh siad leó insan oidhche.
Chainic mé lásaí óir air a gcuid cótaí agus hataí.
Is lia bhí an córda air a sgórnaigh dá dtachtadh.
Nach air hallaí bána bhí siad a lán den aimsir?
I bpríosún Ard Mhach' agus gárdaí 'na dtimcheall.
Budh fhogus a pháirt do áird-cheann na cléire.
Bhí siad ní ghnásaighe air mhálaí is air dhéirce.
Bhí leabhthacha clúmhaigh acu is cúirtíní satin.
Dá mbeadh sé san ubhair bheadh sé lúbhtha ina n-ascaill.
Budh é seo an fear ba deise agus ba mhaisighe bhí san áitidh.
Nach é bheadh a' leisíneacht air chroisíní insa chlábar?
Bharruigh sé air a' tsluagh le fuaim a chuid téadaibh.
Budh bhinne liom na buaibh insa bhuailidh a' géimnigh.
Ghéanfadh sé bróga d'fóirfeadh don Phápa.
Bhí sé mórán ní b'eólaighe air rósadh a spága.
Beidh boirille an fhíona air a chír aige amárach.
De uisge na díoga atá i n-íochtar na páirce.
Tá an clár so ró-ghann aige coinnleóir de do shórtsa.
A chailleach a' charsáin, feannfaidh mise an tsrón dhíot.
Thainig tú go plánaigh, a bhairdigh, chum díospóireacht'.
Bhuailfinnse boc báire faoi chamuil na cuspóireacht'.
Cuirfidh tú air siubhal mé agus smúid air mo mhailigh.
Mo mhallacht in do lúba, a dhall-dúdaire caillighe!
Finis.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services