Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1822
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MARBHNAIDH SHÉAMUIS GREEN



I
Dá n-éisteadh cách seal éigin go ndearbhíonn dóif an sgéala
A d'fhág mo chroidhe dá réabadh a's m'aigneadh 'lic faoi ghleó,
An ní sháruigheas mo laig-chéadfaidhe is d'fhág mé ar mearadh céille,
Is d'fhág mo rosg gan léarsa agus m'inntleacht faoi cheo.
Dá bhfuighinnse deoch mar fhéirín as sruth Helicon an tsléibhe,
Mar Homer bhéil-bhinn Ghréagach le filidheacht thug buaidh,
Sgríobhfainn marbhnaoi le caoil-pheann ar nos na n-ollamh Gaedhealach
Air Shéamus Green an tréin-fhear a leagadh sínte i n-uaigh.



II
Súd samhail dó le héifeacht, mar Alasdran mór éachtach,
Nó 'n laoch a shnámh fá Héro, gidh gurab insa muir gur éag:
Ní áirmhighim Polydamus ná clann álainn Rí Priamus,
Ná 'n prionnsa flaitheamhail Jason thug an chreach leis ón nGréig.
Do bhí sé gaisgeamhail fearamhail fialmhar soilbhir subháilceach séanmhar,
Treiseamhail ann gach déigh-ghníomh ag coimhéad aitheanta Dé,
Ach ó goineadh leis an éag é tá smúid go dlúth air Ghaedhealaibh
Fán ngéagán úr don bhfréimh cheart bheith faoi liagaibh dúnta i gcré.



III
Is iongantach anois mar tá Bail' na Gaoth a's Baile 'n Rátha,
Gan meas air chrainn ná bláth nachar chaill go léir a mbrígh:
Na faithibh áluinn sgiamhach a's na coillte dlúth-ghlas craobhach
Gan ceileabhar cuach ná smaolach ach faoi léan do ló 'gus d'oidhch'.
Atá a athair bocht ró-bhuadhartah, go dubh-chroidheach tinn tréath-lag,
'S a bhuime thug súgh a cléibh dhó 'gus na soighde tar éis a claoi;
Atá 'n bhantracht óg a' fuachas 's a dhearbhráithre ag cruadh-ghol
Fán leóghan a dúnadh uathasan i dtuama 'nois 'na luighe.



IV
'Sé mheasaim go bhfuil dualgas air sgaith na n-ollamh stuama,
A bhfuil a n-eagnaidheacht 's a bhfoghluim mar thuile a' teacht ré réim,
Bheith go cinnte a' snasadh véarsaí hríd chríochaibh oirdheirc Éireann,
A' dubladh a chliú 'gus a fhéile le na thréartha chuir i gcéim.
Bhí sé críonna saoitheamhail céillidh le carthannacht 's le déagh-chroidhe,
Bhí grádh 'gus gean gach aon leis ariamh dar thathaigh é:
Tá guidhe buan na cléire leis is guidhe cháich go léir leis,
Le n'anam geal gan teagmhuis dhol i láthair bhreithe Dé.



V
Glac leithsgéal damhsa, a léightheóir: ná déan fanamhóid dióm air aon chor.
Atá lionndubh air mo chéadfaidhe <'s mé> i n-ainbhfios faoi ghruaim,
Fá Shéamus, croidhe na féile, i dtús a mhaise 'gus a sgéimhe,
I dtús a neart is a thréine mar do shlad an t-éag é uaim.
An mílidh barramhail buagach nachar claoidheadh le béim i gcruadh-chath,
d'fhág na mílte laoch is gruagach go huaigneach a' frasadh deór:
Atá 'n sean 's a' t-óg fán truagha gus na deóra a' ródadh a ngruaidhe
Le tréamhaoin os cionn na huaighe tráth síneadh é faoi fhód.



VI
Aois Mheic Dé tráth d'éag sé, an curaidh cródha éachtach,
Ocht gcéad déag do bhliadhnaibh, an dóchad 'gus an dó:
d'éis dhá bhliadhain air fhichid dá théarma a chaitheamh air an tsaoghal so
d'fhág sé beannacht re na ghaoltaí 's gach neach dá maireann beó.
An uair nach dual d'aon neach aisioc fhagháil ón éag dó,
Guidheadh cách go léir le n'anam gea gan fhuath,


L. 12


A dhol faoi bhrataibh geal' an mhaighdion fuair mar phronntanas ó na
hAon Mhac
Bheith 'na bean impidhe ag na Gaedhealaibh i nGleann Josaphat a' tsluaigh.



Beannacht le n'anam go cathair na glóire,
Agus beannacht don ffilidh a chanuigheas an ceól dó.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services