Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Ó Gormáin, Muiris,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1750
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TUIREAMH EÓGHAIN RUAIDH UÍ NÉILL



Muiris Ó Gormán cct



I
Níl fáth dá shéanadh an sgéal 'tá i gcló go nuadh,
Gur fhág rath Dé na Gaedhil, mo bhrón, monuar;
Gan gháir, gan chéim tá riaghail chríoch Chóbhthaigh i nguais,
Gan ghrádh dá chéile ón éag sin Eóghain Ruaidh.



II
Tá eaglais Dé 's an chléir 'na dheóidh faoi ghruaim,
Gan ádh, gan séan, gan réim, faoi cheó go buan,
Gach stáid-bhean tséimh is a céibh go feór léith' anuas,
Ag fras-chur déar fán tsaor-mhac Eóghan Ruadh.



III
Cú Chulainn na n-éacht an tréan budh cródha i nguais,
Chuir ár air Mheidhbh 's a threaghdadh a slógh gach uair,
An Subhaltach féin an laoch na gcomhlann cruaidh,
Ba samhail gan bhréig an féinnidh Eóghan Ruadh.



IV
Táid Ultaigh na séad faoi léan, faoi bhrón, faoi ghruaim,
Táid Muimhnigh is Laighnigh 'na dhéidh go treóth-lag truagh,
Táid Connachtaigh féin gan chéim ón ló do-chuaidh
An mac so, mo léan, i gcré, eadhón Eóghan Ruadh.



V
Is cráidhte an sgéal is gan aon a d'fhóirfeadh ar ngruaim,
Do sháir-shliocht Ghaedhil Ghlais éachtaigh chródha chruaidh;
Táid faoi léan is béid go ló chríoch an Luain
Gan damhna réx ón éag sin Eóghan Ruaidh.



VI
B'é grádh gach aon do Ghaedhealaibh Eóghan Ruadh,
Is dhá ghrádh na maighdean mbraghaid-gheal snóidh-dheas nuadh,
Trí ghrádh na héigse is aon chréacht Fódla a dtuaidh,
'S mo sheacht ngrádh féin i gcré tá i gcomhraidh fhuair.



VII
'Sé rádh gach aon ag céimniughadh thar bóchna uainn,
'S ag fras-chur déar go dtréigfead Fódla an truaill,
Nár chás do Ghaedhil gach réx dár phós í suas,
Dá bhfásgadh léith' gur treaghdadh Eóghan Ruadh.



VIII
Chuaidh an sgéal so i gcéin thar bóchna uainn
Fán Spáinn, fan nGréig, gach taobh is fán Eóraip má gcuairt,
Fán Asia féin is fán Éigipt óirdhearc uair,
'S ó básuigheadh é beid Gaedhil chríoch Chóbhthaigh i nguais.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services