Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1719
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tuireamh Mhaly Ni Bhruin



VIII
Budh síor-dhamhna fír-mheanma an sgéal dhuit
gach saor-phlanda fíneamhna do do ghéagaibh,
do do bhráithribhse d'fhás uile ó fhréimh-shliocht,
Seón, searcna n-óg bais-geal méar-lag,
slat chnósmhar atá ag beó-lasadh an léighinn
in gach eólas ar nós Archimédes,
craobh chumhdaigh nár leónadh i n-éigean,
fear foghlamtha ro-chlisde i dtréidhibh,
is an t-óg-phlanda, maorga, eadhón Hénrí,
re dtógthar súd smól deacra do chéadaibh,
's ní dearmad craobh chabhra do chréachtaibh,
ar n-annsacht Bily, an deirbh-chrithir dhéid-gheal,
dá shealbh dhlighthear gealltar Ghaliénus,
agus Frainc, an fear fearga nár baoghluigheadh
ina dteannta ar bith i n-aimsir an éigin,
's an saor-mhacaoimh lán-tapaidh, an tréan-Art,
atá ag fás anois i ngrásaibh le séanstaid.



IX
A Thomáis óig mhaisigh, a leómlhain ghasda na féile,
is mór an clódh tuirse chuirfeas do bhrón ar an déagh-mhac
chuaidh as Fódla le dúil fóirthin do Ghaedhlaibh,
an fial-mhacaoimh na ngrian-bhratach, Séamus,
do dhiúlt do chreidimh Lúitéir an Bhéarla,
fear ciúin clisde lúthmhar na ngéarlann,
bráthair niamh-ghlan ríogh Oirghiall is Uí Raghallaigh,
is an iarla ó Chill fhial Dara, cé tréan sin,
an t-óg-chaiptín cródha na n-éacht glan,
bráthair buadhach Mhaly, an stuaire na séamh-rosg,
an tsuairc-inghean mhilis uasal na réadh-ghlac
atá go huaigneach anois san tuamba sa gcréafóig.
Míle seacht gcéad do réir gach seanchaidh fós,
sin is a naoi déag an méid atá dealbhtha i gclódh,
ó theacht Mhic Dé go géig na bhfainnchaibh n-óir,
ria Maly dhol a dh'éag 's nár thréigidh an bhantragh an glór.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services