Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1745
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


LOM NA FÍRINNE
Ittear iasg i mBaile Shac,
is uibhe cearc i mBaile Áth'Truim;
is dá usa síol a chur i sac
ná gaineamh i ngad, a chríoch Chuínn.



As gach áird a thig an ghaoth,
bíonn laogh ag an mart;
don mo sgéil oram féin
acht mur fearr a' snámhaidhe an gé ná an chearc.



Bíonn bróga ar fhear ionad an ríogh,
ag dol ar sluaghadh ní dual a bheith dá chois;
ittear pis i bhFine Gall,
is dá lia arc ann ná céis.



Bíodán cailleach ní maith an comhluadar sin,
don bhás carad an galar is truaighe ar bith,
Ní dual searrach ar mhachaire cruaidh gan rith,
's ní dual cailín gan aire aici ar bhuachaill fir.



B 1856lsc 19L
U 0401
Ní mé féin a chuir an chéad chloch i gcaiseal Droichead Áth',
'S ní chuirfinn sé chóiste shéideóig go malaigh an tSléibh' Báin;
Más Gréagach an phéacóg ní phiocthar a cnáimh,
'S níl acht créafóg san léinteóig sin ortsa, a Sheóin Tágha.



Tá bean a chois Bóinne ní cóta is tuilleadh ar líon,
Is tá feóil ar bórd i nGaillimh dá díol;
Tá beóir go leór i Lundoinn is fíon,
'S is iomdha fear óg a pósadh anuraidh le mnaoí.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services