Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


XVI - CAITRÍN NÍ CHÁLÁN.
MAC CUARTA cct.



I.
'Sí Caitrín Ní Chálán an bharr lagthach dearbhtha,
'S gur gile í ná a lán do mhnáibh na Banba,
Mar lile gan smál tré rósaidhe dearga,
'S feasta níl fáth dúinn a grádh do leanamhain;
Ó's do Cholla bhí i ndán bheith i láthair na salma,
Pronnaim go bráth í ar dháimh shíol gCearbhaill.



II.
Ó bó! a Cholla, is iomdha duine ag éad leat,
Macnaidh air buile 's gan tiodhlan dá gcéill aca;
Is measa 'tá mise ná tuilleadh 'gus céad díobh,
Lán de thinneas ó theinidh do ghéarshearc'.
Ó tharla gur tusa ghlac sise mar chéile
Ó d'fhág sí mise, maithim dise má éagaim.



III.
A Cholla mhic Shéamuis, d'éirigh an séan leat,
Ní dual duit a choidche cumhaidh ná léan ort,
Is agad atá an ríogain chríonna chéillidh,
Gidh nach dtáinic h'aois air an tsaoghal díth dhéanamh.
Ó's tusa do ghlac sí 's gach aon eile thréigbheál,
Go mairidh sibh araon bhur saoghal réna chéile.



IV.
Créad iongnadh mé féin a bheith ag éad 's air mearbhall
Fán ríogain chéillidh dhéid-ghil gheanmnaidh,
Do mhaithibh na nGaedheal 's gan céim de air dearmad,
Sliocht Uaidhne mhic Néill a fuair géilleadh i n-Albain;
Ó sheachain sí mé is na céada dá leanamhaint,
Fá maith liom ag Gaedheal í do fhréimh shíol gCearbhaill.



V.
Go Béal Áth' Ceallaigh tabhair beannacht thair chéad uaim
Is toirbhir do Chaitrín é bhí carthannach méineamhail,
Gidh go ndearna sise malairt oramsa im aonar
Air phlannda den abhaill bhí fearamhail de shliocht Éibhir,
Ó Cearbhaill do chleacht a bheith i bhfearann dubh Éile,
A chuirfeadh na catha re lannaibh air Laighnigh.
"Foirchionn agus finit ar cheól Chaitrín Ní Chalan,
Ceól comh maith agus thiucfadh leat íarraidh."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services