Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1856
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


XI. AN ROSARY INA VEARSAÍ
EAMONN MHAC CUBHAIDH do chum.



Na Cúig Rúindiamhra Lúthgháireacha.



Druididh anuas leis na véarsaí subháilceach
Agus molamuist go buan an t-Ard-rí,
Chuir a Mhac anuas as na flaithis uachtarach
Chum sinne d'fhuasgladh ó pheacaidh an tsaoghail.
Go raibh a ainm naomhtha molta a choidhche
Ó éirghe na gréine go dtí a luighe,
'S gur trí bliadhna déag agus fiche mar léightear
Ó d'fhuiling sé go foidhideach ar son an chine dhaonn'.



I. An Chéad Rúindiamhair:
Teachtaireacht an Aingil.



Thainig aingeal naomhtha ó na flaithis le sgéala
Chum na Maighdine Muire Ógh,
Agus níor sgar sé léithe nó gur chuir sé i gcéill dí
Go raibh sí i bhféibhir ag an Tríonóid Naoimh.
D'umhluigh sí annsin í féin faoi chosa an tsaoghail,
'S is gearr 'na dhéidh sin gur harduigheadh í
Chum na céime is airde faoin Tríonóid i bParrthus,
Chum a bheith 'na máthair ag ar Slánuightheóir Iosa.



II. An Dara Rúindiamhair: Cuairt na Maighdine Muire chuige
Naomh Elizabeth.



D'aithnigh an Mhaighdean ó bhéal an aingil
Go raibh a siúr Naomh Elizabeth muirighneach;
Chum compórt a thabhairt dí agus a cuairt a dhéanamh
Chuaidh sí tarsna shléibhte garbha Iudea.
Ar dteacht i láthair dí is é rinneadh an fháilte,
Mar bhí fhios aici an Slánuightheóir a bheith fána broinn,
Ag rádh, "Dia do bheatha, a Mhuire, atá lán do ghrásta,
Is beannuigh'e thú thair mhnáibh an domhain gan roinn."



III. An Treas Rúindiamhair:
Rugadh ar Slánuightheóir i gCathair Bethlehem.



Tar éis téarma naoi míosa do bheith críochnaiste
Thainig ar Slánuightheóir Iosa chum an tsaoghail,
Ó bhroinn na Maighdine Muire gan claonadh,
Ina stábla fhaobhthaigh is ina mainséar fhuar,
Thainig ríghthe tréana do bhí lán daonnacht'
Agus phronn siad saidhbhreas ar Mhac an Ríogh.
Chuir sin sólás air chroidhe a mháthara bhí lán dóláis,
Is i n-inghreim brónach fánar bpeacaidh chlaon.



IV. An Ceathramhadh Rúindiamhair:
Timchillghearradh ar dTighearna Iosa Críosta.



I gcionn ocht lá dh'aois don leanbh Iosa
Chuaidh an Mhaighdean Naomhtha leis go teampall Dé
Chum timchillghearradh dhéanamh air 's a' dligheadh a choimhlíonadh,
Mar d'orduigh Maoise do réir thoil Dé.
Bhí Simeón naomhtha ann do bhí lán daonnacht',
Is tráth chonairc sé Críosta d'aithnigh sé é,
Thóg sé eidir a dhá láimh é agus theann lena chroidhe é,
Agus d'aidmhigh gurbh é fíorshoillse an domhain é.



V. An cúigeadh Rúindiamhair:
Fagháil an leinbh Iosa insa teampall.



Chaill an Mhaighdean a leanbh is a haon Mhac,
'S níorbh é sin a cionfath' ach toil a' Ríogh;
Bhí sí dá iarraidh go mí-fhoidhideach trí lá is trí hoidhche,
Agus air a' ceathramhadh lá is é fuair sí é
I measg na ndoctúraí a' díospóireacht leófa
Agus é i gcionn aoise a dhá bhliadhan déag.
Aige sin cúig sólás na Maighdine glórmhair'
A fuair sí go rómhail i dtús a saoghail.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services