Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1725
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1950)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DANTA DE CHUID ULADH



Curtha i n-eagar ag an Ollamh Eamonn O Tuathail



Uimh. X.



"BEANNACHT UAIM GO hEIRINN"



Eóghan Mhac Canna cct.



Budh beag do ghrásta mo ríogh
go dtilleamaois arís slán,
go crích Eireann na gcuach,
mar a bhfuigheamaois duais ós dán.



Go dtugadh uaisle clanna Gaedhil
barr tréine isan áit,
go suidhfidis gach eighre mar budh dual
i n-oileán na mbuadh Inis Fáil.



'Na dhiaidh níor ghairid liom mo shaoghal
i n-oileán na naomh tar muir thall;
fir an domhain go lá an bhráith
ní bhfuigheadh áit mar Eire áin.



Eire bhraonach bhanach bhláth,
oileán na ngrás do gach neach,
fód ní fhacas mar an gcrích,
ó thréigeas í mo dheór níor stad.



Budh binn guth cláirsighe for a bórd,
oileán na seód agus na naomh;
budh binn ann an maighre óg
ag canadh ceóil do gach saoi.



Budh binn guth gadhair 'na gleann,
conairt algadh ar lorg míol;
budh binn óigfhir sgolach ard
for a bánta - seo creach mo chlí.



Monuar, budh binne iad ná gach ceól
dá gcualas fós ó sgar rem chrích,
siansán conairte ar maidin cheó
ag seilg gan bhrón for achaidh fraoigh.



Budh binn guth faoilinn for a tráigh,
an lon go sáimh for a craoibh,
ar choillte bachlach bláth
is ró-áluinn fá chorcraibh caor.



Dá gcóir dob aoibhne liom gach uair
dá bhfuigheadh gach eighre dar dual a cheart,
tréansmacht Gall do chur ar gcúl
is Gaoidhil go dlúth a bheith 'na neart.



Gaill i neart, och! 'sé mo chrádh,
mo chroidhe im lár, och! 'tá tinn,
créad nach sgreadfainn ag gol 'sag caoi
tré mhaith mo thíre do chur i gcill.



Fiosruighim féin do na naoimh,
do Phádraig caomh na n-uile fheart,
an dtiocfaidh a dtairgialladh go héag
'na mbiaidh Gaedhil arís i neart?



Gaoidhil i neart, och, ní bhfuil fos,
so fáth mo bhróin bheir mé fann,
na tréinfhir an t-am bhá beó
ag dáladh seód don uile fhann.



A theachtaire úd a lingeas go luath,
beir beannacht uaim go hEirinn uill,
go crích na gcaradh is na gcuach,
is aithris uaim go bhfuilim tinn.



Sgéala leat má bhís thall,
an maireann an dream do bhí san áit?
nó an ndíolann Gaoidhil, monuar,
a gcíos cruaidh le clanna Gall?



Budh éigean dóibh, is sin fá bhrón,
nó a gcrochadh beó as géagaibh crann,
ceap nó geimhleach nó sgriosadh a bpóir -
so riocht mo ghleó, do dhaoineach dream.



Aithris dóibh go dtiubhraid diól
in gach fial dar gonadh leó,
má fhilleann Gaedhil chun a gcrích,
ní nár an gníomh for an bpór.



Ní bhfuil neach dar goineadh leó
ó ár na Bóinne isan tír thall
nach ndíolfar orra má bhíomna beó
ar bhfilleadh go fód an dílis-dream.



Och! ar Eire is fann mo thrácht,
filleadh don áit is deacair dhúinn,
amharc uirre ní bhfuigheam go bráth,
och, truagh an cás gur sgar óm dhúth.



Seo mo sgéal, mo sgéal bocht,
gurab mé anocht do thréig mo thír;
anois, a theachta, beirse uaim
beannacht bhuan go hEirinn aoibh.



Mo bheannacht arís d'Eirinn áin,
gé go bráth nach bfaicfead í,


L. 6


re go nguidhfidh an chliar gan cháin
rem anam atá marbh gan bhrígh.



Peadar, Pádraig, Pól is Eóin,
Séam is Tadhg gach ló ag díon
Eire algadh 's a fuireann chóir -
gan so is brón bheas im chroidhe.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services