Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1759
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1950)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CÁINEADH BHRIAIN UÍ CHUGAIN
I.
A Bhriain bhoicht Uí Chúgáin, cluinim do theist agus do thuarasgbháil
san tír, gidh leór d'fhuath agus d'fhor-ghráin ré a chlos é, ar son nach
é géire nó acfuinn h-aoíre nó h-ealadhna chuirfeadh buaidhreadh orainn; acht
d'eagla go mbiadh do leithéid do dheasgaidh fine, nó do bhall ar shliocht,
ag saoibh-leanmhain na healadhna cuirfeam an beagán saothair se de
thoirmeasg h'ainbhfis agus h'aineólais, agus muna leór leat so, atá ciste
doiligh dochaithmhe i seómradha na healadhna againn agus ag fileadhaibh
faobhracha focail-ghéara an chóigidh choitcheannta chóirnéalaigh agus cláir
Éireann uile, nó go ndéanam geilt glinne agus deamhan aieóir dhíot, agus
go ruaigfeam thú gosan mball as a dtángais ó thús, óir ní heólach dúinn do
shliocht, agus is baramhail linn gur chuiris do lámh i gcomairce na mbeach
fiadháin agus i nead na naithreach nimhe an tan a bheanais dúinn.



II.

A shíogaidhe don ghríbh-ealtain chruaidh bhuidhe luim
Nár fríothadh cia an daor-aicme ór ghluais do dhream,
Do ghríosadh ar ndraoithe budh nua ghlan airm
Do do stríocadh le faobhar go fuathmhar linn.



Níl fhios is ní bhfuighthear go Luan an bhráith
Ag saor-ollamh líomhtha do mhór-chloinn Ádhaimh,
cia dhíobhtha dár shíoluigh anuas an phláigh,
Mur' do dh'iarsma an tsluaigh síth é ó thuadh-chnoc Ain,



Nó do chríonach na fiodhbhaidhe do Thuatha Dé Dáin
Chuir saor-aicme Mhíleadh go luath chum báis.
A chríon-arc casta cnaoite gan snuadh, gan bhláth,
Cá bhfuightheása, a shíogaidhe, bheith an uair se 'do bhárd?



Ó nach bhfaghthar san Ádhamh-chloinn cár díobh an dream,
Is dearbh gurab ó Shátan a shíoluigh an chlann,
Nó ó Phluto atá an tráth so i nifreann na ngeall,
Do ghabhluigh an phláigh bhocht so bhuaidhir mo cheann.



A thruagháin is truaillidhe 's is gránna gnaoi,
Do mhusgail mé an uair se do dháil lé fíoch,
Le fuaim shnasta bhuan-bhlasta bharr mo thionga
Sguabfaidh mé an ghruag is na fabhraidhe dhíot.



Nó an meas duit go leigfinn mo chúrsaidhe leat?
Bím gan uillidhe ag buillidhe dá mbualadh seal -
Is mé an file d'fhuil Cholla dár dhual an ceap.



Is tusa an sean-chú don aicme úd gan dúil i spórt,
Bhíodh sealad go taithiúil fá ghlún na brón.
Ag súd baramhail don fhaisiún ba dúthcha dod phór,
Ag ithe alpán is gan altughadh lé Críost go deóidh.



A bhiodhbhaidh dheamhnaidhe, is dealbh don daol do shnódh,
A shíogaidhe sgallta 'tá feannta ó fhéith is ó fheóil,
A chríon-arc colgach cealgach is éirle clódh,
A bhrídeach sompail, bearrfaidh mé thú beó.




III.
Anois ó d'adhlaiceamar an dúil dhiabhlaidhe dhodhealbha, an deas-
gaidh fine agus an ball ar shliocht Lucifer, lér fearguigheadh an nádúir
dhaonna i n-aimsir a gheineamhna, agus go dtugamar a bhás agus a bheag-
shaoghal go nuige so, is mithid dhúinn a mharbhnaidh do chríochnughadh
ar aiste na bhfileadh, amhail do thuill uainn: -




IV.
Murabh é d'éagadar éifeacht ár ndraoithe,
'S ár saor-aicme i gcéintibh ar díbirt,
'S ár ngéar-ollaimh ghléa-ghartha líomhtha,
'S ár n-éigse lé ndéantaoi gach aoire,
Ní féidir go mbiadh éigeas bocht brídeach
Gan léigheann, gan éifeacht, gan chríonnacht,
An daor-arcán péisteach na gríbe,
Nach féidir lé héin-neoch san gcrích se,
Dár fhéach startha léighinn na saoithe,
Bhéaradh sgéala cia an aicme ór shíoluigh,
Acht fréamhadh mar aon chopóig aoiligh;
Né an raod so ghni bréan-fhás na hoidhche,
'S dá réir so' tá a fhréamha 's a dhaoine,
An feithide bocht éagcruthach íogmhar,
An céarnamhán céar-chasta daoir-fhliuch,
Do réir mheasa is baoghal dona daoine
Is do na héin le féachaint an tsíolaidhe,
Dar mo bhréithir gurab iongnadh nach sgaollaid,
'S a chlaon-ruisg ar aon slugadh míle
Arna dhaor-fholcadh i mbréan-shúithche míosa,
'S a éadan ar aon dath na ndaol ann,
Lán féirseóg mar éiling ar fiodhbhaidh,
Agus céad cnag dá éis ag teacht tríotha;
A mhalaí gorma reamhra righin dubh
Os cionn a smuit - is olc a saoitheadh;
A leaca gan fheóil 's a bheól budh faobhrach -
Ós cionn bóird níor chóir a bheith, an síofraoch,
Acht ag ithe do shop mar chleacht a dhaoine
I measg na muc mar arcán aoiligh,
Gach ball fá locht ó shoc go hinge dhe;
An míol-chú gortach lochtach cíocrach,
An basilisa diabhlaidhe fiata fíochmhar,
An crocodile suaithnidh suarach síor-shiubhail,
An toad gan suim gan ghreann gan aobhdhacht -
Samhail le cat ar chreig san oidhche é,
Nimh gan neart 's a mhaith gan bhuidhne
Easgaoin Dé is gach aon san tsaoghal ort,
Easgaoin na n-ógh, na n-órd is na n-aingeal ort,
Easgaoin na gclog, na gceall is na saoithe ort,
Easgaoin ón gcléir is gach teampall naomhtha ort,
Sgríos is pláigh is dearg-ár daoine ort,
Go n-imthighidh do rath mar chabh na gaoithe.
Is doiligh dhó - níor hórduigheadh dhíbh é -
Go dtuitidh go luath do ghruag is h'ingne,
Go mbeiridh an ghaoth ruadh 's na sluaighte síthe
Thusa leó uainn fá bhruach a ndíthribh.
Ní dáil cosgair basgadh síolaidhe
Atá gan bhrot gan smior gan smaois ann,
Gan dúil a theacht as lé haitheasg aoire -
An mithid leat stad nó an bhfuil tú claoidhte?
Finis



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services