AN t-ULTACH
II. 4. Uimhir MHÓR MÍ NA FEIL' EOGHAIN, 1925. Luach 4Ph.
SEAN-CHROS, ATÁ 'NA SEASAMH AIR THAOBH AN
BHOTHAIR I BHFOGUS DO INIS-CHAOIN-DÉAGHA.
DÚN-DEALGAN 'SAN tSEAN-AIMSIR.
ÉIMER 'SA LUCHT FREASTAIL.
AN SEAN-CHAISLEÁN AIGE TEARMONN-FÉICHIN, CO. LÚGHMHAIGHE (1791).
MNÁ UAISLE AMHÁIN.
Seal goirid ó shoin bhí orm turus a dheanamh go
déirfeach ó Mhuineachán go Tír Chonaill. Bhí fuadar an
domhain orm an mhaidin sin a fuair mé sgeal le h-imtheacht,
ag cur seo agus siúd isteach in mo mhála nuair a chuala mé
bean a' tighe ag sgairtigh liom:
“Is fearr duit brostú ort, má tá tú ag imtheacht ar
thraen a deich, óir ní bhéidh am ar bith le sparáil agat
anois feasta.”
Ba leór sin. Dhruid mé an mála agus cha mhó ná go
rabh 'fhios agam i gceart caidé bhí ann nó as, bheir greim
air a's as go brath liom an méad a bhí in mo chorp go dtí
an stáisiún. Smaointigh mé, a's mé ar mo choiscéim, gur
traen as Béal Feirsde a bhéadh ann agus go mbéadh moill
beag uirthi siocar an chuartú, ach nuair a bhain mé an
t-ardán amach a's m'anal i mbarr mo ghuib, chonnaic mé
go raibh an cuartú go léir deanta a's an traen réidh le
h-imtheacht. Rith duine de'n lucht freastail anonn,
d'fhosgail doras damh agus isteach liom gan faill agam
“seadh” nó “ní h-eadh” a rádh, le sin craitheadh brat glas,
séideadh fídeóg agus ar shiubhal leis an traen ag
preabadaigh, mé fhéin a's mo mhála cuachuighthe istigh inntí
go slán sábháilte.
Nuair a fuair mé faill m'anal a tharraingt, d'amharc
mé thart fá dtaobh díom. An chéad rud a thug mé fá dear
go raibh “MNÁ UAISLE AMHÁIN” sgríobhtha ar fhuinneóig
na caraisde; an dara rud go raibh beirt bhán 'mo
chuideacht, bean aca meadhon-aosta, árd, caol, cnámhach,
an bhean eile níos óige, cailín plucach, measardha
dathamhail. Mheas mé go raibh gaol eatorra mar bhí súile
dubha-donna aca araon, agus an dá ghnúis a bhí orra an-
chosamhail le chéile. Bhí an bhean chaol, chnamhach, ag utamal
le'n a mála, ag iarraidh ghá dhruid agus tuile cainnte ar
siubhal aici. Bhí 'fhios agam ar an bhomaite boise ó'n a
gcuid cainnte gur chaith siad cuid d'a saoghal i Meiricia
mar bhí blas na Meiriciánach go láidir aca araon. Ba
ghoirid go raibh 'fhios agam fosta gur ag cáineadh an fhir
a bhí in diaidh a mála a chuartú, a bhí an bhean chaol, chnamhach.
“An bostún sin! Ní dhearna sé cúis innsint dó ná
raibh a dhath 'sa mhála ach mo chuid éadaigh. B'éigin dó gach
uile rud dá raibh istigh ann a shuathadh agus a tharraingt
amach. 'Nois tá mo ghúna deas síoda briste bruighte!”
“Nár sotalach an mhaise dó é, a rádh go raibh sé droch-
amhrasach fá do léitheid-se,” ars an cailín óg.
“Ná bí ag cainnt air,” arsa'n bhean eile, “sáruigheann
sé an diabhal dubh.”
Nuair a stad an traen ag Achadh Gé, fosgladh na
doirse go léir, chuir buachaill a cheann isteach agus
dubhairt:—
“Fosglaidh gach uile duine a chuid bagaisde chun
sgruduighthe.”
“An dairíribh atá sé!” arsa'n bhean chaol chnámhach,
“cuartú eile annseo! Tá rud éigin cearr 'sa tír seo.”
Fosgladh na málaí, tháinig fear an bhearaid bháin
isteac.
“Bhfuil rud ar bith cáineach annseo agaibh?”
“Níl,” arsa'n triúr againn d'aon ghuth.
D'amharc sé isteach i ngach mála aca, chuir a lámha
thart le h-imeall na dtaobh ag fiachalt an mothochadh sé
buideál uisce-beatha, bosca milseán, stiall tobac nó nidh
cáineach ar bith eile; acht níos mhothuigh. Dhruid aríst iad,
tharraing stríoc ar an taobh amuigh díobh le giota cailce
agus d'imthigh leis fá'n a ghnaithe.
Bhí go maith go dtangamar go hInis Ceithlinn.
Tháinig fear amach as an tigh taibhirne ar an ardán agus
braon maith ólta aige do réir cuma. Rinne sé caol
díreach — cam leath-chosach ba cheart damh a rádh — ar an
charraisde go raibh muid-ne ann. Nuair a bhí a lámh ar an
doras aige, d'éirigh an bhean chaol, chnámhach, chuir a ceann
amach ar an fhuinneóig a's dubhairt:
“Níl cead agat teacht isteach annseo; dearc air
sin,” ag síneadh a méir chuig an fógra ar an fhuinneóig,
“MNÁ UAISLE AMHÁIN.”
“Mná uaisle an diabhail!” ars eisean, ag baint lán
a súl as an triúr againn a's ag cur cáir air fhéin a chuir-
feadh creathnú ar dhuine. “Seadh, mná uaisle ifrinn! Dá
mbéinn mar 'ibh, rachainn i bhfolach in áit éigin sul a
gcuirfinn samhnas ar dhaoinibh doigheamhla ag amharc
orraibh.”
Nuair a chuala an gárda an carrabuaca, tháinig sé
anuas, fuair greim gualann ar an fhear agus dubhairt:
“Seo, isteach leat go tapaidh nó béidh an traen
imthighthe.”
Ní raibh le cluinstin uaidh-sean ach “Mná uaisle an
diabhail,” &rl, agus dhá thaoibh an ardáin leis ag deanamh
ar charaisde eile.
Shuidh an bhean síos agus nuair a tháinig innti labhairt:
“Eisean ag cainnt fá shamhnas a chur ar dhaoinibh
doigheamhla! An rí-amhamán sin, 'sé is doighe. Char chuala
mé a leitheid ariamh; tá an tír seo ag dul 'un donais.
Dá mbeadh sé sin thall i Meiricia ba ghoirid go gcuirfidhe
múineadh air.”
Lean sí leithi ag strocadh air le'n a teangaidh gur bhain
sí na seacht seithe de, ach níor chuir sin as dó-san, óir nuair
a tháinig sé amach ag an Omhaigh agus é ag siubhal síos an
t-ardán chonnaic sé ise 'na suidhe ag an fhuinneóig, ghread
leis ar an sean-phort:
“Mná uaisle an diabhail,” &rl.
B'éigin damh sgaradh leobhtha ag an Srathbán. I rith an
chuid eile de'n turus, bhí mé ag smaoitiú ar an méad
sgéaltaí a chuala mé fá shaoghal agus béasa na ndaoine
i Meiricia. Dar liom gur mhaith ádh damh an turus a
dheanamh i gcaraisde “MNÁ UAISLE AMHÁIN” chun bheith
ag éisteacht leis an mhnaoi údaigh, nó is aici a bhí luth na
teangadh ar dhóigh. — Bail ó Dhia uirri.
BRIGHID Ní DHOCHARTAIGH.
BEIRT BHAN-GHAISGIDHEACH.
Tá Mín a' Chuill iomráidhteach mar gheall ar a
dtearnadh de ghníomhartha gaile agus gaisge ann ó'n lá a
chuaidh an chéad chréatúir a chomhnuidhe ann. Bhí sin i dtrátha
an ama a dtug Cromail na Mallacht ordughadh do na
h-Éireannaigh nar thaitin leis, glanadh leobhtha siar thar an
tSionnain nó síos thar an —.
Bhí fir agus mna Mhín a' Chuill go minic ar an anas de
thairbhe droch-ghléas beatha, acht le tíogbhas agus le tábhacht
bhuaidh siad ar an leathruim, agus tá cuid aca indiu a bhfuil
dóigh bhréagh leacanta ortha. Dá mbeitheá 'san áit Domhnach
Aifrinn, chuirfeadh an cóiruighadh a bíos ar chuid de na
daoine ann — go h-áirighthe na mná óga — Sráid Ghrafton i
mBaile Átha Cliath nó “rue” eigin i bPáras na Fraince i
gcuimhne duit. “Cé bhéadh 'na dhiaidh ortha?” arsa tusa.
Ní'l mise 'na dhiaidh ortha, acht tá mé ag iarraidh a bheith ag
innse an rud a chonnaic mé le mo dhá shúil fhéin, ar eagla
go sílfea gur sgéal sgéil atá sa mhéid atá sgríobhtha agam
annseo. Agus rud eile, a dhuine, ní thearn mise cleachtadh
de bheith ag innse bréag ariamh, agus níor bhfiu damh
toiseacht anois, agus mé ag bacadrughadh anonn go
deireadh mo shaoghail. B'fhéarr a d'fhóirfeadh sé damh mo
Phaidreacha a bheith in mo bhéal agam feasta. Agus ar chaoi
ar bith, creidim nach mbaineann sé domh-sa nó duit-se a
rádh caidé an cóiriughadh is ceart do bhunadh Mhín a' Chuill a
chur ortha fhéin, agus fágfamuid an sgéal mar sin.
Dubhairt mé go rabh bunadh Mhín a' Chuill tíogbhasach
tábhachtach, acht le n-a chois sin, tá siad cróga calma neamh-
eaglach, agus ní cheileann siad a mbaramhail ar aonduine.
Tá siad síodamhail síothchanta, má bhíonn tú leobhtha, acht
go bhfóiridh an t-ádh ort, má théidheann tú in a n-éadan.
Ní'l iongantas ar bith mar sin, go dtug siad dubhshlán an
tighearna mhóir nuair a bhagair sé ortha go bhfágfadh sé gan
teach gan cró iad, mur ndíoladh siad an cíos leis i n-am.
Agus ar ndóighe, ní'l áireamh ar bith ar chomh minic is
mhionnuigh siad nach mbéadh siad umhal a choidhche do chumhacht
na Sasan, agus nach rachadh néal i gceart a súile oidhche nó
lá go bhfeiceadh siad Seán Buidhe ag áirdiughadh leis a chuid
bagáistí, agus ag imtheacht leis ar fad amach as an tír.
Acht, faraor, tá aon locht amáin ar chuid gaisgidheachta
bunadh Mhín a' Chuill, agus is é sin nach dtig leobhtha uilig
na buillí a bhuaileadh i n-aoinfheacht — go díreach an locht
céadna atá ar mhórán diombainte dóbhtha. Tá seo amhlaidh
go h-áirighthe i ngnóithe poilitidheachta, acht mar sin fhéin,
is minic a ghníthear ádhbhar grinn de'n easaontas.
Cúpla bliadhain ó shoin nuair a bhí an racán milltineach
eadar na h-Éireannaigh agus na Sasanaigh, bhí dhá dhream
poilitidheachta ins an áit, agus creidim nach dtearnadh a
léitheid de spóladh 's de bhearradh i n-aon bhaile amháin
ariamh isr inneadh ann ar feadh an ama sin. Bhí na fir go
measardha socair, — acht na mná — deir siad liom go rabh
spuaiceacha ar a dteangaidh agus piachán ionnta le tréan
sgolladórachta a's clamhairte. Acht bhí beirt de na mná
seo a sáruigh an chuid eile aca amach 's amach le luth
teangtha agus nimheadóracht, agus a rinne ainm dóbhtha
fhéin le linne an chogaidh — Máire Ní Chearbhalláin agus
Anna Ní Shiadhail, nó mar bhéarfadh na comhursana ortha:
Máire Mhicí Mhóir agus Anna Pheadair Bháin. Bhíodh an
chuid eile de mhná an bhaile ag iarraidh comhairle a chur
ortha, acht sin a mbíodh aca ar a shon. Bhéadh sé chomh maith
agat a bheith ag caitheamh cloch ar an ghealaigh le bheith ag
iarraidh comhairle a chur ar an bheirt roighineálach udaí.
Bhéadh a gcomhairle fhéin aca-san cé bith a déarfadh aon-
dhuine. Ní rabh an bheirt ar aon sgéal fá'n chúis
poilitidheachta, agus ba é dicheall a gcuid fear iad a
choinneáil ó bhéile, nó dá bhfaghadh siad comhgarach da chéile
nuair a bhéadh an chorruighe phoilitidheachta ortha i gceart,
ní'l dadaidh níos cinnte nach strócfadh siad an grágán da
chéile.
Níor thoisigh an greann (má's greann a bhí ann) i
gceart go rabh an Toghadh Mór ag tarraingt comhgarach.
Nuair a tchífeadh Anna Ní Chearbhalláin, Máire Ní Shiadhail
ag dul 'un an tobair, sheasfadh sí 'sa doras agus
thoiseóchadh sí a sgairtigh i sean-árd a cinn:
“Suas le —! Síos le —!” agus chuirfeadh sin Máire
ar an daoraidh. Lá amháin da rabh sí ag teacht ó'n tobar,
chaith sí a rabh de uisge léithe isteach 'san aghaidh uirthi.
“Fuaróchaidh sin thú,” ar sise.
“Maise, b'fhearr a d'fhóirfeadh sé duit steall de a
chur ar do chroiceann droch-dhaithte fhéin,” arsa Anna.
Acht is greannmhar mar thuiteas rudaí amach i
n-amanna. Tráthnóna amháin, chuir gasúr de chuid Anna
“brat na dtrí ndath” i n-áirde ar shimléir sgioboil bunadh
Mháire. Nidh narbh iongnadh, nuair a shonnruigh Máire é,
bhí sí ar na caorthacha mire. Ar shiubhal thart léithe go binn
an toighe go bhfuair dréimire, agus suas léithe ar an
dréimire mar bhéadh mionnán gabhair ann, go mullach an
sgioboil. Is cosamhail go rabh an gasúr a chuir an brat
i n-áirde i bhfolach i gcoirneál eighinteacht, agus caidé a
rinne mo dhiulach nuair a fuair sé an bhean ar bhárr an
sgioboil, acht an dréimire a áirdiughadh leis agus í a
fhágail annsin. Bhí sí annsin agus an brat in a láimh agus
í ag sgairtigh ar dhuine eighinteacht a theacht 'un tárrthála
uirthi mar gheall ar an ádh. Mhothuigh an bunadh a bhí istoigh
an callán agus amach leobhtha. Bhí Anna Ní Chearbhalláin
'na seasamh ar an tsráid agus í i riocht sgoilteadh leis na
gáirí.
“Cad chuige nach gcraitheann tú an brat,” a deárfad
sí. “Craith go maith é, agus abair ‘Suas le —’”
I lár an ghleo uilig — cumhdach an ádha orainn —
mothuighidh siad an cródán fá chionn an bhealaigh mhóir, agus
an dara bumaite caidé tchí siad ag tarraingt ortha acht
truacaill ghluaisteáin agus í lán saighdiúirí. Maraim nach
rabh greann ar bith annsin; agus an chuid ba mheasa de'n
sgéal, bhí Máire bhocht i n-áirde ar an sgiobol agus “brat
na dtrí ndath” in a láimh aicí! Thainic na saighdiúirí chomh
tobann sin uirthi go rabh a meabhair chóir a bheith caillte
aici, agus ní rabh fhios ag an chréatúr céaca ins an spéir
nó faoí'n talamh a bhí sí. Ar ndóighe, shíl na saighdiúirí
gur méirleach corpardha a bhí innti nuair a chonnaic siad
“brat na dtrí ndath” léithe. Mhínigh Máire an cás dóbhtha,
agus d'fhág sí an locht uilig ar an mhnaoi eile. Acht, mo
chreach a's mo chrádh, bá é an deireadh a bhí ar an sgéal go
dtug siad leobhtha í fhéin agus Anna agus chuir 'un an
phríosúin iad.
Chaith an bheirt bhán seachtmhain i gcuideachta a chéile i
bpriosún Dhoire, agus níorbh iongantaighe le bunadh Mhín a'
Chuill ná an sneachta dearg an bheirt acha ag teacht anuas
an bealach mór an lá a leigeadh saor iad, agus iad ag
comhrádh le chéile go caoin carthanach. Rinne buachaillí óga
na h-áite teine mhór ag an chrois-bhealach ag cur fáilte
roimhe an bheirt bhan-ghaisghidheach.
“Suas le —!” arsa Anna nuair a bhí na daoine ag
sgabadh. “Suas leis 'fhad is t'ann!” arsa Máire.
Bíonn bród an tsaoghail ortha anois ag innse fá'n am
mhór a bhí aca i bpríosún Dhoire i gcuideachta na mná uaisle
a rabh a fear 'na Th. D.; agus le cúpla bliadhain thart i
gcuirm an lae a cuireadh 'n an phríosúin iad, bíonn
“brat na dtrí ndath” i n-áirde ar an tsimléir aca, agus
i ndiaidh dul ó sholas dó, cruinnigheann an t-aos óg isteach
agus bíonn fleadh agus féasta, damhsa agus pléaráca
agus oidhche go maidin aca.
“TAOBHOG.”
TOMÁS MHAC CHUILEANNÁIN,
Árd-Cheannuidhe, Dún Dealgan.
Tá togha gach bídh agus rogha gach dighe le fághail annseo.
SIUBHÁN NÍ DHÚIBHIR.
(Innsint Óméith.)
'Sag éirghidh air maidin damh a tharraing mé 'nan aonaigh
mhóir
A' díol 'sa' ceannach mar bhí mó mhui'tir rómham,
Bhain tart air a' bhealach damh 'gus shuidh mise síos ag ól,
'S gur le Siubhán Ní Dhuibhir a chaith mise luach na mbróg.
Gan bó, gan gamhain in mo leanbh a rugadh mé
A's da mbéadh spré aca ní chugam a fágfaidhe é
Ag dul siar a' chois cladaigh damh, b'aigeantach árd mo
léim
Agus béidh bean agam, nó ceathrar ma's áil liom é.
A Shiubhan Ní Dhuibhir, ar mhisde leat a' mbéinn-sa tinn?
Brón orm dar mhisde liom da mbéifeá faoí úir i gcill,
Bróinte muilinn thart timcheall air chúl do chinn
As tú bheith in ifreann go dtiocfaidh Síol Éabha 'un chinn.
Cúradh air an chodhladh is misde leat go mór nó'n leann
Gaoth mhór agus fearthainn 'ga mo thiomaint ó thonn go
tonn,
I ndúil 's go mbéinn 'sa bhaile a bhfeil mo Mhollaidh inn,
Och! Dia lem' anam ó chaill mé mo chiall le mnáibh.
Saighdiur bocht mise bhí briste as gárda an ríogh
Chan fheil dhá phighinn agam a bhearfainn air chárta díghe.
Buailfidh mé an droma as seinnfidh mé ar chláirsig chaoin,
'S ag an Churrach Chilldara a scar mé le grádh mo chroidhe.
Tabhair scéul uaim chuicí, ma's minic a phóg mé a béul
Nach bposfaidh mé anois í a'mur dtabharfadh a cáirde
spré,
Tabhair sceul uaim chuicí nach bposfaidh mé anois í a
choidhch'
Blath bán na finne a cliseadh mo phósadh léithí.
A Shiubhan Ní Dhuibhir is tú bun agus barr mo scéil,
Air mhnáibh na cruinne go dtug sí an báire léithí:
A chraobh an fhinne a d'eitigh má phósadh aréir
'S nach mise an truagh Mhuire, mo chiorradh, a scaramhaint
léithí. MUIREADHACH MÉITH.
CORA CAINNTE A'S TÍR CHONAILL.
(Cead foillsighthe mar leabhar ar cosnamh ag an
sgríbhneóir.)
AN-CHUMA — Tháinig an-chuma ar an fear sin .i. Tháinig
cuma mhí-nádurdha air.
ANFAS — Tá anfas mór ar an fairrge indiú .i. Tá sí
tógtha go mór.
ANGADH (Ang-gú) — Chuaidh dealg i n-a chois agus rinn sé
angadh inntí .i. Chuir an dealg an chos a dhéanamh
silidh aige. Ní'l deireadh leis an angadh, má tá an
cogadh thart fhéin .i. Tá an nimh ins an fheoil ag
daoine dá chéile aindeóin go bhfuil deireadh leis an
chogadh.
ANONN — Is ionann anonn agus ó'n am i láthair. Anall
.i. Ó am éighinteach atá thart go dtí an t-am i láthair.
Béidh sé buidheach duit lá is fuide anonn .i. Béidh
buidheachas aige ort ins an am atá le theacht — nuair
a bhéas sé níos sine. Tá Séamus anonn go maith
i n-aois .i. Tá gearr-aois mhaith aige. Creidim go
bhfuil sé anonn go maith ins an lá .i. go bhfuil cuid
mhaith de'n lá caithte. Bhí sé anonn go maith ins
an bhliadhain ag teacht 'n-a' bhaile dóbhtha .i. Bhí cuid
maith de'n bhliadhain caithte nuair a tháinig said 'n a'
bhaile.
AN-RÓ (Á-RÓ) — Bíonn an-ró mór ar na h-iasgairí ins an
gheimhreadh … Bíonn saoghal cruaidh aca le fuacht,
doininn, &c.
AN-RÓIGHTEACH (Á-RÓITEACH) — Obair an-róighteach í sin
.i. Obair í a mbíonn an-ró léithe.
ANUAS — Tá an sagart anuas ar a damhsa ghallta seo .i.
Tá sé i n-a éadan. Tá; agus tá sé anuas ar an
mhuinntir a bíos ag gabhail dó .i. Bheir sé achmhusán
do na daoine a bíos 'á dhéanamh. Bíonn an t-athair
anuas ar na mic .i. Bíonn sé trom, no cruaidh ortha.
AOIBH — Tháinig aoibh as cuimse air .i. D'éirigh sé iongantach
pléisiurtha. Chuir an braon beag (biotáilte) aoibh
air .i. Rinn an deoch pléisiúrtha é. “Tá aoibh ar
Aifistín,” adeirtear nuair a thig aoibh ar dhuine i
ndiaidh é bheith fá ghruaim.
AOIDHEACHTACH — Bhí an fear bocht ag gabhail thart ag
aoidheachtaigh .i. ag gabhail ó theach go teach ag
iarraidh lóistín.
AOIS — Ca h-aois thú? .i. Caidé an aois atá agat? Tá
crag-aois mhaith ag an fhear sin .i. Tá an fear sin
anonn go maith i n-aois. Is ionann aois domh fhéin
agus dó-san .i. An aois amháin (nó céadna) atá
agam fhéin agus aige-sean.
AOS — Béidh an gasúr sin i n-a fhear mhaith, má h-aostar
air .i. Má bhíonn sé saoghalach, má mhaireann sé.
AR — Chonnaic mé sin ar an pháipéar. Cuir gráinnín
siuchra, nó braon bainne ar an tae. Ní dhéanfainn
sin ar a bhfaca mé ariamh .i. Ní dhéanfainn sin dá
dtugthaidhe domh a bhfaca mé ariamh. Sin agat
Pádraig ar a bhfaca tú ariamh .i. Tá sin go díreach
cosmhail le rud a dhéanfadh Pádraig. Tá caoclódh
air .i. Tá athrach aimsire ag teacht. Caidé tá ort?
.i. Caidé tá cearr leat? Caidé an chainnt atá
ort? .i. Cad chuige a bhfuil tú ag déanamh oiread
cainnte? Ní'l faghail air .i. Ní thig a fhaghail. Níor
mhaith liom bheith ar an té déarfadh sin leis .i.
B'fhearr liom gur duine eile a déarfadh sin leis.
Tá Séamus Mór ar na fir is láidre ins an Chonndae
.i. Tá Séamus Mór ar fhear de na fir is láidre ins
an Chonndae — Is duine de na fir is láidre é.
ARAICÍS — Bhí Máire ag teacht ar an traen agus chuaidh
Seán chuig an stáisiún i n-a h-araicís. Is doiligh
leis an dá dhream theacht i n-araicís a chéile .i. Is
doiligh le gach a'n taobh géilleadh do'n taoibh eile.
ARÁN — Ní choinnighthear cuimhne ar an arán a h-itheadh .i.
Ghní daoine dearmad de'n mhaith a rinneadh dóbhtha.
Tá siad i n-arán chruaidh .i. Tá siad i gcruadh-cás.
ÁRD — Sgairt sé chomh h-árd 's bhí i n-a chloiginn .i. Chomh
h-árd 's thainig leis. Theich siad go h-árd
acfuinneach .i. D'imthigh siad (leis an eagla) chomh
gasta 's thainig leo.
ÁIRDIGH — Chonnaic mé ag áirdiughadh an chaoráin é .i.
Chonnaic mé ag gabhail suas an caorán é. D'áirdigh
sé leis a mhála .i. Thóg sé a mhála agus d'imthigh sé.
ARIAMH — Bhí sé mar sin ariamh .i. bhí sé mar sin i
gcomhnuidhe.
AS — Bhí an Ghaedhilg ag Niall as a leanbuidheacht .i. Tógadh
Niall leis an Ghaedhilg. Ní thig liom an rádh sin a
mhíniughadh, ach tuigim as .i. Tuigim an bhrigh atá leis.
Thárla ann iad, agus níor thárla as iad .i. Thárla
go rabh siad ins an áit (nó ins an chontabhairt) agus
chaithfeadh siad a ndícheall a dhéanamh i n-áit bheith ag
mairgnigh cionn 's gur casadh annsin iad. Caidé
atá asta sin agaibh? .i. Caidé gheibh sibh ar son na
rudaí sin (stocaí, cuir i gcás) a dhéanamh? Ní h-as
do'n tábla a bhfuil sibh ag tarraint air. Deirtear
sin le daoine a bíos ag gabhail chun bidh agus iad
ocrach, géar-ghoileach. Chuaidh an teine as .i. Fuair
an teine bás. Cuir as an choinneal .i. Múch an
choinneal.
ASAIR-CHÓSÁIN — Rinn' an t-eallach asair-chosáin de'n
choirce .i. Leag an t-eallach an coirce, agus mhill
siad faoi n-a gcosa é.
ASAL — Ní rachainn fá bhúithre asail dóbhtha .i. Ní rachainn
ar a n-amharc nó ar a n-eisteacht.
ASCAIDH — Rinn' an saor an obair domh i n-ascaidh .i. Ní
ghlacfadh an saor airgead ar bith ar son na h-oibre
a rinn sé domh. Ní thabhairfeadh seisean mórán i
n-ascaidh duit .i. Ní thabhairfeadh sé mórán duit gan
rud eighinteach a fhaghail ar a shon. Fuair mé an rud
a bhí de dhíth orm, ach, má fuair, chan i n-ascaidh .i.
Ní fhuair mé gan cheannacht é, nó gan oibriughadh ar
a shon. Bhí ar dturas i n-ascaidh againn .i. Ní
fhuaireamar an rud a deachamar fá n-a choinne, nó
dá iarraidh.
ATHAIN — Ní'l ann ach go n-aithnim eatortha .i. Bheir sé
obair domh iad a aithne ó chéile. Is furus aithne nach
bhfuil mórán le déanamh agat .i. An chuma atá ort.
d'innseóchadh sí do dhuine nach bhfuil mórán le
déanamh agat. D'aithneóchainn a chroiceann ar
chrann thall i n-Albain .i. D'aithneóchainn é, ba chuma
caidé an t-athrach cuma bhéadh air. Aithnim agus
admhuighim, go bhfuair tú sgannradh .i. Aithnim gur
cuireadh eagla ort, mar deir tú.
ATH-CHOGNADH — Tá an t-eallach ag ath-chognadh .i. Tá siad
ag cognadh a gcodach aith-iarraidh.
ATHCHOMAIR — Ní'l mé ró-athchomair ag an obair seo .i.
Ní'l lámh ró-mhaith agam ar an obair seo.
ATH-LASADH — Ghearr Séamus a mhéar agus bhí sé ag
creasughadh, ach chuaidh salachar ann agus rinn' sé é
a ath-lasadh .i. Chuir an salachar an chreadh chun
dainnseire arís. SEÁN MAC MAOLÁIN.
AIGE BRUACH DHÚN-RÉIMHE.
(Fuair mé an ceol seo air an phónográf, eadar scoith
agus focla, ó Bhean Uí Airmheadhaigh atá 'na comhnuidhe go
seadh i gCluain-na-Liag, Co. Árdmhacha. Dar liom fhéin,
is é seo an ceol is binne da'r chum Árt Mhac Chubhthaigh
ariamh.)
Aig' bruach Dhún Réimhe air uaigneas
lae, ba shnuadh mhar géaga
bláthgheal, Chualas
géimneach cuantaí Éireann, 'gus
fuaim 'sa spéir in áis-
de, Na dúile le 'bpéin 'sa
gcúl le céile Is gnúis na
gréine báidhte, Gur
plús na n-éan, ag fuagradh
sgéil, le cúmhaidh gur éag na
cága.
Tráth chualaidh an t-éan mé a luadhadh Síol Néill
Le cumhaidh gur éirigh in áirde
Bhí a sgiathanna scaoilte síos go féar
Agus bhuail sé a thaobha go cráidhte.
Ag rádh gur buartha baoth mo scéal
Ó chuaidh faoí liagaibh sparrtha,
A's da gcuartochainn fhéin fá'n tuamba chéadna
Nach bhfuighinn ann acht cré gur cnámha.
Eoghain Ruaidh, mo léan, thú bheith fuar i gcré,
Á ruaigfeadh an ceithearnach Gallta,
'S gur fuaduigheadh Féidhlim uasal tréitheach
Go Cúige Laighean d'a bhás fhághail'
Tighearna Uibh Éathach gus uaisle Gaedhil
Nó gur chríonaigh an t-éag a gcnámha
'S cá bhfuighfear a léithid aríst chun féadhma
Ó síneadh i gcré 's i gclárthaí iad.
(Gheobhthar sé ceathramhna eile in “Abhráin Áirt Mhic
Chubhthaigh.” Cha rabh acht na trí ceathramhna air thuas aige
Bean Uí Airmheadhaigh, acht chualaidh sí an ceol uilig aige
a máthair, bliadhanta ó shoin.) MUIREADHACH MÉITH.
COLÁISTE THEIDHLEANN.
I bparóiste Ghleann Cholmchille,
i nDeisceart Thírchonaill.
A MHÚINTEOIRÍ!
AN MAITH LIBH FÍOR-SCOITH NA GAEDHILGE A BHEITH
AGAIBH?
TÁ TOGHA AGUS ROGHA NA GAEDHILGE AG MUINTIR
THEIDHLEANN Ó DHUINE LIATH GO LEANBH.
Tá an áit breagh folláin agus Muir agus Sliabh in
aice leat.
Béidh dhá chraoibh againn i mbliadna agus tá áit do
265 MÚINTEOIRÍ.
Sgríobh chuig an Rúnaí agus cuir focal ar lóistín in
ám.
SEAGHAN MHAC CUINNEAGHÁIN.
An Charraig,
Tírchonaill.
COLÁISDE BHRÍGHDE, OMHÉITH.
(Cois Loch Cháirlinne agus na Beanna Boirche.)
Béidh an Cúrsa ann do na múinteoirí.
Béidh dhá sheisiun do dhaoine nach múinteoirí chomh maith.
MÓDH NA RÁIDHTE i bhféidhm mar is gnathach.
IÚL agus LUGHNASA.
“DÚN-NA-SEÓD” i gcóir na mban.
Gheobhaidh tú gach eolas acht sgríobhadh chuig:
PEADAR Ó DUBHDA,
DÚN DEALGAN.
AIR IMEALL NA TEORANN (Co. Lúghmhaighe).
CAISLEAN A' MHAIGHRE
(Moiry Castle)
Agus
BEARNAS MOR n-ULADH.
Triallann Slighe Midhluachra (Bealach a' Mhaighre)
tríd an Bhearnas.
LEABHAR NUADH.
AMHRÁIN SHEUMAIS MHIC CHUARTA.
(An Cheud Chuid.)
“MUIREADHACH MÉITH” do chuir in eagar.
Réidh air lá deireannach de'n mhí seo.
Cuir fios air anois chuige PREAS DHÚNDEALGAN.
LEABHRA SAORA LE h-AGHAIDH NA bPÁISDÍ-SCOILE.
POTA CNUASAIGH:
“Muireadhach Méith” do chuir in eagar.
Le fághail ó Oifig an Ultaigh.
AN CHÉUD CHUID (22 leathanaigh): 9bp; post, 10½bp.
Sgeulta, Ceolta agus Rannta.
AN DARA CUID (24 leathanaigh): 4ph; post, 5ph.
(Sgeulta agus Pictiúirí.)
A MHÚINTEÓIRÍ:
Badh chóir díbh cóipeanna de'n dá leabhar seo
'fhághail nuair a bheas sibh a smaoineadh air Chlár na bliadna
seo romhainn.
Clódbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig “Scriúduightheoir Dhúin Dealgan,” i nDún Dealgan
AN t-ULTACH.
Árus Chonnradh na Gaedhilge,
5, Plás na Trágha,
Dún Dealgan.
SEO chugaibh, a cháirde, uimhir mhór na Féil' Eoin; agus
is maith a b'fhiú dhíbh fanacht léithe mar gheobhaidh sibh
inntí na smaointeacha agus na baramhlacha atá ag cuid
de na sgríobhnóiribh is fhéarr againn. Gheobhaidh sibh aistí
ó “Bhrighid,” ó “Iolann Fionn,” ó “Thaobhog,” ó'n tSagart
Mhac Giolla Cheara, ó “Mhuireadhach Méith,” ó Bhrighid Ní
Dhochartaigh, ó Éamonn Ó Tuathail, ó “Oirghialla,” agus ó
Ultaighibh eile. Mara dtig leis an fhuirinn sin sibh-se a
shásamh, caithfidh sé go bhfuil rud éigin ar cearr, mar tá
blas agus snas agus fuinneamh in gach rud dá sgríobhann
siad.
THÁINIC “AN t-ULTACH” ar an tsaoghal nuair a bhí
gábhadh mór le n-a léithid seo de pháipeur. Bhíthear
ag leigint orra fhéin i n-áiteacha áirighthe sa tír seo nárbh'
fhiú do dhuine ar bith bomaite a chaitheamh ag smaointiughadh
ar an Ghaedhilg atá againne. Bhíthear a rádh nach rabh
litridheacht againn arbh' fhiú trácht uirthi (vide Ó Corcordha),
nach rabh sean-sgríbhinní againn i nGaedhilg Chúige Uladh atá
comh maith, comh luachmhar leis na sgríbhinnibh eile atá le
fagháil i leabharthaibh anois. Rinneadh dearmad mór nuair
fiachadh a léithid d'éagcóir a chur i n-iúl do Ghaedhil. Bhí a
fhios ag sgaifte beag Ultach go rabh dochar mór deánta
orainn, agus nach rabh dóigh ar bith eile fágtha againn le
deireadh a chur leis an éagcóir a d'fhulaing muid leis na
bliadhantaibh ach a dhul a dh'obair, agus, go h-áirid, a dhul
i gcionn ár gcuid peann.
RINNEAMAR amhlaidh. Agus cá bhfuil an duine anois
i measg na bhfíor-Ghaedheal ar fud na hÉireann nach
n-abrann go dtearn na hUltaigh obair mhór le tamall maith
anuas? Chan fheil Ultach ar bith ar ár n-eolas nach
n-aidmhigheann go rabh muid rud beag fadalach ag teacht
'un tosaigh, gur leig muid do na daoinibh eile iad fhéin
a chur os árd, agus go rabh muid sásta ar an saidhbhreas a
bhí againn a choinneáil i bhfolach. Míle altughadh do Dhia,
támuinn muscailte anois; támuinn ag obair mar nár
oibrigh muid ariamh aroimhe; agus tá rún daingean againn
ár gcroidhe-dhícheall a dheánamh de ló is d'oidhche le n-ár
nGaedhilg fhéin a chur ar sochar d'Éirinn uilig.
DUINE ar bith i measg na nUltach atá i n-amhras fá'n
obair a thig linn a dheánamh agus fá'n fhonn mhór atá
orainn le n-a deánamh, chan fheil súil aige le feiceáil ná
cluas le h-éisteacht. Cead aige an cheist a chur air fhéin:
goidé bhí sé a dheánamh nuair a bhí Ultaigh eile ag tabhairt
le tuigbheáil do achan duine — do charaid agus do námhaid
mar an gceudna — nach mbéadhmaois sásta ar chor ar bith
gan ár gceart comhthrom fhéin a fhagháil? Is iomaidh dóigh
ar tugadh sin le tuigbheáil do na daoinibh atá inár leith
agus dóbhtha-san nach bhfuil. Agus, tá a shliocht air, tá
sin tuigthe. Támuid ag dul ar aghaidh; tá sin soiléir go
leor. Ná bíodh sé le rádh fá Ultach ar bith go bhfuil sé i
n-amhras dá laighead fá'n riachtanas atá ann le áit onórach
a fhagháil d'ár nGaedhilg fhéin ar sgoil agus i dteach pobail,
ar na páipéairibh nuaidheachta agus i leabharthaibh, ag
cruinneachaibh Gaedhil agus i mbailtibh na ndaone.
SGRÍOBH muinn an méid seo thuas le tabhairt le fios
do lucht ár léighte goidé mar tá an sgeul i láthair
na huaire seo. Chuadhmar ar aghaidh ó chuireamar an cheud
uimhir de'n “Ultach” i gcló. Tháinic na sgríobhnóirí is
fhéarr dá bhfuil againn i gCúige Uladh (b'fheudfaidhe gur
cheart dúinn a rádh i nÉirinn), tháinic siad le cuidiughadh
linn, agus chan beag ná suarach an obair a rinne siad ar
son ár dteangtha fhéin. Gaedheal ar bith a bhfuil meas aige
ar an Ghaedhilg is glaine, is nádúrtha, is bríoghmaire dá
bhfuil le fagháil i nÉirinn, agus a chuireas suim i bhfíor-
litriughadh na Gaedhilge sin, gheobhaidh sé an cineál
Gaedhilge sin, agus an litriughadh ceart coitcheannta sin
ar an ULTACH. Má's duine de lucht foghlumtha na
Gaedhilge é, cha dtig leis rud ar bith níos fhéarr a dheánamh
'ná AN GHAEDHEALG A THÓGÁIL MAR TÁ SÍ LE
FAGHÁIL AR AN ULTACH ó mhí go mí.
GOIDE mar thig le gach Gaedheal i gCúige Uladh rud
éigin, a bheag nó a mhór, a dheánamh le n-ár nGaedhilg
fhéin a chur 'un tosaigh? Má tá duine ar bith ann atá faoi
chineál draoidheachta, agus a shaoileas nach bhfuil ár
nGaedhilg fhéin lán comh maith, agus lán comh glan le
Gaedhilg ar bith eile atá dá labhairt indiu, caithfidh sé an
smaointiughadh sin a chaitheamh as a chionn. Agus, annsin,
béidh sé réidh le n-a chuid fhéin a dheánamh le cuidiughadh linn
san obair atá eadar lámha againn. Tcífidh sé ar leathanach
eile de'n uimhir seo go bhfuil cuid mhaith leabhar curtha i
gcló cheana féin i nGaedhilg an Tuaiscirt. Cuireadh an
liosta sin i gcló de'n cheud uair in-uimhir na Féil Brighde
(Mí Fheabhra). Bhí éileamh mór ar an uimhir sin, agus ba
ghoirid go rabh sí uilig díolta. Ach, tá an liosta ceudna
'á chur i gcló san uimhir seo.
TCHÍFEAR ó'n liosta seo nach bhfuil agus nach rabh
sgríobhnóirí an Tuaiscirt ina gcodladh. Ach, is
iomaidh seod luachmhar againn go fóill nach bhfuil le fagháil
i bhfuirm leabhair ag an phobal. Tá súil as Dia againn go
musclóchaidh an méid de na hUltaighibh atá spadánta
agus dearmadach, agus go gcuideochaidh siad linn san
obair uasail seo: na seodaí sin d'fhoillsiughadh. Is cúis
lúthgháire dhuinn go léir a chluinstin go mbéidh ceann de
na seodaibh sin le fagháil againn gan mhoill, mar atá
DÁNTA AN FHILE BHINN-BHRIATHRAIGH SIN, SEUMAS
DALL MHAC CHUARTA. Sé “Muireadhach Méith” atá i
mbun na hoibre seo, agus feudamuid a bheith cinnte gur
fiú do achan Gaedheal cóip de'n leabhar seo a cheannach
comh luath agus bhéas sé réidh.
BÉIDH a lán Ultach ag na cúrsaibh speisialta ar féadh
an t-samhraidh seo. Thig leo mórán a dheánamh le
cuidiughadh leis na daoinibh atá ag obair fá láthair i mBaile
Átha Cliath agus i n-áiteachaibh eile (1) leis an ULTACH a
chur níos daingne ar a bhonnaibh agus (2) leis na sean-
seodaibh atá againne a fhoillsiughadh. B'fheudfaidhe nach
gcuirfinn mí-shásamh ar dhuine ar bith dá leiginn an rún
amach go bhfuil dream áirighthe Ultach ag brath ar dhóigh a
fhagháil leis an sean-sgríbhinnibh a bhaineas le Cúige Uladh
a chur i leabharthaibh do réir a chéile. Tá na hádhbhair leabhar
ann, go leor aca, ach tá cuidiughadh na nUltach uilig a
dhíoghbháil orainn. Tá an cheud pháirt den obair dá dheánamh
cheana féin; .i. na láimh-sgríbhinnibh a chur i n-eagar. Is ar
na hUltaighibh uilig a bhéas an dara páirt den obair a
dheánamh; .i. an chaoi a thabhairt dúinn leis na leabharthaibh
a chur i gcló.
TAITNEANN an “Chearnóg” go mór linn i gcomhnuidhe,
agus uimhir na Bealtaine comh maith le ceann ar bith
dár cuireadh i gcló go seadh. Cuiridh sé áthas orainn a
fheiceáil go bhfuil muintir an pháipéair seo ag brath ar
aire speisialta a thabhairt do ghnaithe an Fháinne i
gConnachtaibh ó seo amach. Cha dtig leo obair níos fhéarr
a ghlacadh as láimh, mar chan fheil cumann ná comhlucht ná
gleus ar bith eile sa tír indiu a dtig leis oiread a
dheánamh ar son na Gaedhilge agus thig leis an Fháinne.
CORMAC.
Ma tcí tú stampa an “ULTAIGH” annseo
cuirfidh sé air do shúile duit go bhfeil do shíntiús
bliadhna caithte.
AN CHOIGCRÍOCH.
Tarraingeadh cainnt air i dteach i mBaile Átha Cliath,
ar an tsean-sgéal a bhfuil meirg air, ar éalódh na
nGaedheal. Níor fhan mé le smuaintiughadh ar an cheist; bhí
sí comh coitcheannta agus nach rabh mé ag deánamh
iongantais ar bith daoithe. Cé gur mór an t-ádhbhar
iongantais an ghrian, nach annamh a smuaintigheas duine
oirthí: tá sí againn achan lá. Acht anocht, 'mo shuidhe
ar an uaigneas a chois na teineadh, tháinig an cheist sin
arais chugam. Tháinig sí mar thiocfadh taidhbhse an deoraidhe
isteach fríd an bhalla, agus d'amharcóchadh sé orm go
truacánta, agus a shúile dearg agus a ghruaidh fliuch.
Chuir sí a smuaintiughadh go duibheagánach mé go dtí go
bhfacaidh mé na luingis ag sgaradh ó chuid ceidheann na
h-Éireann agus ag treabhadh na dtonn amach go bun na
spéire. Ba léar damh na scaiftí ar bórd, ag crothadh
amach a lámh ar an talamh ar tarraingeadh as iad mar
strócfaidhe crainn as na fréamhachaibh le doineann.
Choimheád siad an cladach ag snámh uatha; choimheád siad na
cathracha breaca ag dul i ndorchadas; choimheád siad na
cinn ag leanstan na codach eile; choimheád siad an sliabh
deireannach ag gabhail síos mar bhéadh snámhaidhe claoidhte
ann faoi'n fhairrge; agus níor fágadh acú acht an blár
liath fairrge, agus an spéir os a gcionn. Chonnaic mé
Éire annsin, an tír a d'fhág siad 'na ndiaidh. Chonnaic mé
í 'na luighe gonta agus sroithte fola ag teacht léithe, a
neart agus a h-áilneacht agus a cuid meadhair agus grinn
ag imtheacht, agus lagar fuar dorcha ag teacht oirthí.
Corr-uair thigeadh éadóchas cosgarthach ann a súilibh; corr-
uair chuireadh sí a chuid lámh ar na cneadhachaibh mar ndúil
is go gcuirfeadh sí cúl ar na linntibh dearga; corr-uair
théidheadh sí a chunntas na ndeor, mar bhéadh sí ag meas
cá fhad a bhí aicí le mairstin.
Acht ní'l sé i nádúir dhaonna stánughadh ar a léitheid
seo de radharc. Dhruid mé mo shúile agus rinne mé
m'inntinn comh folamh le duilleóig nach deachaidh peann
oirthí. Tamall beag i gcruadh-chomhrac, agus chonnaic mé
Róisín Dubh arais. Bhí sí creasuighthe, agus cuid mhór
coilmneach inntí. Bhí sí críonna agus bhí sí aosta; ba sine
í ná an Chailleach Bhéarra. Tháinig sí chun na teineadh agus
a fallaing ag scuabadh an urláir. Shuidh sí agus chuaidh
sí a chainnt:
“Ní bhfuair mé bás. Claoidheadh mé acht níor casgradh
mé. Annseo comhgarach duit, ar Mhaigh Mhuirtheimhne, a
chuaidh Cúchulainn chun comhraic le fearaibh an Deiscirt.
Cuireadh sleadh fríd a chaomh-chorp, agus cheangail sé é
féin do charraig, le bás a fhághail ar a chosaibh mar ba
dhual dó. Agus tháinig Clann Chailitín anns an aer air,
agus chuaidh siad a chur éadochais ann a chroidhe. Acht
buaidheadh leis ortha. D'imthigh siad agus tháinig leanbh
beag agus fuair sé greim láimhe air.
“‘Cé an dia tréan thú a fuair buaidh ar Chlann
Chailitín,’ arsa Cúchulainn, agus d'éag sé.
“Agus sin mar d'éirigh de mo chlainn ar feadh na
céadtaí bliadhain. D'éag siad, acht níor éag a ndóchas.
D'imthigh Oisín uaim, acht phill sé anns orm, ná b'fheárr
leis mé ná an óige. D'imthigh mo chuid naomh uaim, agus
níor phill siad; thug siad grádh creidimh ar an éalodh, acht
ní bhfuair siad sogh ar bith le na linn sin. D'imthigh
Diarmaid na nGall uaim, agus phill sé orm arais agus
m'aimhleas leis. D'imthigh na h-Iarlaí uaim. D'imthigh na
Géacha Fiadhaine uaim. D'imthigh Tone uaim. Agus mhair
mé 'na ndiaidh uilig, go dtí go dtáinig an bhuaidh agus an
sogh agus gur fhán mo chlann ann mo mhuinighin.”
D'imthigh sí uaim agus a cuid síoda ag cogarnaigh
leis an aer. Nuair a chaill mé radharc oirthí, shuidh mé agus
mheabhruigh mé liomh. B'fhíor m'aisling. Nuair a bhéadh
an deor dheireannach a chomhair a bheith dóirte, léigheasfaidhe
í. Acht cá h-uair a bhéadh an t-am aicí éirigh ann a neart
agus ann a sláinte? Nárbh 'iomdha deor a chaillfeadh sí
roimhe sin?
Is iad na Gaedhilgeoirí is mó atá ag imtheacht. Anois
nuair atá an uile duine a bhfuil Gaedhilic aige a dhíoghbháil
go cruaidh ar an tír, tá cainnteoirí maithe ag imtheacht
agus dá slugan anns an Ghalldacht.
Ní'l aon sean-sgéal dá gcualaidh mé ariamh fá'n
choigcrích nár reath fríd mo cheann. Na daoiní a phóg
leacacha an doruis ag imtheacht, daoiní ar bhris a gcroidhe
ar bórd na luinge, nuair a chaill siad amharc ar a gcuid
sean-chladach. Chonnaic mé Loch an Ghainimh i dTír Chonaill,
linn fhuar chiúin taobh amuigh de'n Eargal. Sin an áit ar
ghnathach leis an deoraidhe a bhíodh ag fágháil Rosa Thír
Chonaill sgaradh le na bunadh, anns an am nach rabh bóithre
iarainn ar bith ann. Agus is í Loch an Ghainimh an áit is
deise dé'n uaigh i gcanamhain na Rosann. Is iomdha deor
a sileadh ar a cuid bruach, is iomdha glór cosgarthach mná
a bhain mac alla as a cuid cladach.
Innseochaidh mé sgéal Dhómhnaill Ailic as Ath-na-
gCoire. D'fhág sé Ath-na-gCoire agus gan oiread Béarla
aige agus d'iarrfadh a bhricfeasta agus bhain sé an
t-Oileán Úr amach. Ag teacht 'na céidheamh dó sgairt fear
i nGaedhilic leis as imeasc an tsluaigh:
“An bhfuil Dómhnaill Ailic as Ath-na-gCoire annsin?”
“Tá mé annseo,” arsa Dómhnall.
Tháinig an diumhlach fhad leis agus péire piostal ar
iomchar leis. Chuir sé fáilte roimhe. Ba as a phobal féin
é. Thug leis é go dtí teach ósta. Ag gabhail isteach do
fuair sé bean 'na suidhe i gcois na teineadh. D'amharc sí
seal beag air, agus annsin d'éirigh sí, agus seo an rann
a bhí léithe:
Bhí an tseanbhean anns an chlúdaigh 's a stocaí ar a
glúine,
Agus d'éirigh sí go luthmhar ann m'airicis le póig;
'Sheacht mh'anam fear do thíre thar a bhfacaidh mé do
dhaoiní,
'S gur tógadh 'dtús mo shaoghail mise i mbaile dheas
na bó.
Annsin a d'aithin sé í. Tógadh 'sa dorus aige í. Rinne
siad stopalláin an uair nach rabh Oileán Úr ar bith ann.
“Ag cuid sroithte Bhabilon shuidh muid is chaoin muid
nuair a smuaintigh muid ar Sion.” …
Bhí an teine na luaith mhairbh nuar a thug mé fá dear í.
“Cé bith a dheánfas Dia liom ní rachaidh mé chun Oileáin Úir
a choidhche,” arsa mise liom féin agus chuaidh mé a luighe.
Ná goidé a thig le duine a dheánamh nuair a bíos sé seal
ag meabhrughadh, acht a dhul a luighe, ná béile bidhe a
chaitheamh, ná a chóta mór a chur air, ná ceann éigin de na
cleasaibh seo a imirt a choinnigheas sinn ó amharc isteach i
gcroidhe an tsaoghail.
IOLANN FIONN.
CATHACH CHUILM-CILLE.
Macasamhail de Dhuilleóig a 41 (cúl). Cuid de'n Saltair
atá ann (Sailmeacha Ixxx. 12–Ixxxi. 7).
Deirtear gurab é an leabhar seo ba bhun le Cath Chúl-
Dreimhne agus le díbirt Cholm-cille as Éirinn.
PÁIDÍN MAC GIOLLA BHUIDHE AS BUN THROISC.
OIDHCHE ÁIRNEÁIL.
I ndiaidh luighe na gréine an tráthnóna sin tharraing
Páidin agus mórán eile comh maith leis ar thigh Mhíchil Gabha
leis an oidhche do chaitheamh ag éisteacht le Seumas an
Cheoil ag cur de. Bhí teanga mhaith chainnte ag Seumas
agus í leigthe, réidh go leor fhad agus a bhí cluas le fághail.
Nuair a bhí an bhaicle cruinnighthe, an solus lasta, agus
gal geal ag éirghe as píopaí na bhfear, d'iarr Páidín ar
Sheumas innse fa'n chailligh ar chuir stacan giumhaise an
diabhal aiste.
“Ní fhuil mórán le h-innse uilig,” arsa Seumas;
“sceul goirid é acht ní breug ar a shon sin é. Bhí bean 'n-a
comhnuidhe 'san áit seo am amháin agus fágadh uirthí go
dtug sí í fhéin suas do'n diabhal. Má thainig meath ar im
no ar bhainne ag comharsanach cuireadh síos do'n mhnaoi
seo é, óir b'í a cliú gur cailleach phisreogach a bhí inntí.
Acht is cosamhail go raibh an sceul ní ba mheasa na sin.
Thainig amharc fiadhain ar a súla agus bhuaileadh taomogaí
tinnis go minic í go mbéadh sí i riocht duine a bhéadh ag
saothrughadh an bháis, ag speacharnaighe agus ag cur cubhair
as a bheul. Ní raibh amhras ar bith ar na daoine na bhí an
droch-rud istigh inntí. Bhí an eagla sin uirthí fhéin fosta
agus chuir sí sceula chuig an mhinistir agus chuig an
tsagart. Ní thiocfadh leis an mhinistir í réidhtiughadh ó'n
leatrom agus ní thug an sagart áird ar bith ar a sceul.
Bhí gnás ag na daoine dul go Loch Dearg an t-am sin
mar atá fa láthair le breitheamhnas aithrighe do chur ortha
fhéin, agus tharla do bhuachaill óg 'san áit go raibh sé ag
dul go Purgadóir Phádraig fa'n am ar a bhfuilmid ag
trácht. Chuir an chailleach teachtaireach chuige braon uisce,
maide, no neach eigin do thabhairt chuice as an áit
bheannuighthe, óir chualaidh sí iomrádh frid na Gaedhil ar
léigheas a bheith i n-adhmad agus i n-uisce na locha. Gheall
an buachaill sin dí. Rinne sé an turas ar an oilean gan
oiread agus smaoitiughadh ar athchuinge na caillighe agus
phill 'na bhaile. Ag teacht thar purtach dó i n-aice leis an
bhaile bhuail sé a chos ar stacan giumhaise, agus le sin,
chuimhnigh sé ar an gheallstain a thug sé do'n tsean-mhnaoi
ag imtheacht dó. Dubhairt sé leis fhéin go ndeánfadh an
sean mhaide graithe na caillighe maith go leor, mar nach
mbéadh fios an duifir aice agus thóg leis é. Shín sé an
maide chuice nuair a casadh air í, agus ní luaithe a shín
na leim an diabhal amach aiste.
‘Chan do shean-stacan salach purtaigh a dhíbir mise,’
ars an diabhal, ‘acht dóchas na caillige.’ Sin mar a
díbhrigheadh an diabhal. H-iompuigh an bhean Gaedhealach
agus mhair sí go cneasta, cráibhtheach 'n-a dhiaidh sin go
bhfuair sí bás.”
Chuaidh an seanchus agus an comhrádh chun cinn fa na
léigheasanna a bhíodh ag na daoine nuair a bhí an bacach ag
éirghe aníos 'n-a ghasur. Seo cuid acu do réir mar a
d'innis Páidín fa dtaobh díobh go minic i ndiaidh na
h-oidhche úd:—
Léigheas faithinne: Glac naoi n-ailt cocháin agus
deán pearsal díobh. Gearr an deicheamhadh ceann agus
caith thar do ghualainn dheas é ‘In ainm an Athar, &c;
Dia i n-aghaidh na h-urchóide.’ Nuair a bhéidheas tú ag
siubhal amuigh caith uait na h-ailt eile agus imtheochaidh na
faithinníní. An cheud duine a thógfas ceann de na h-ailt
béidh na faithinníní airsean.
Léigheas leónta: Ma chuireann aoinneach a bhfuil
cnámh leónta air an chnámh sin an cheud rud i láimh
naoidheanáin, béidh léigheas leónta ag an leanbh sin.
Léigheas déididh: Bhíodh órtha fa choinne an déididh mar
seo:—
Luigh Peadar ar leic Íosa
Agus thainig Íosa ós a chionn.
“Cad é sin ort, a Pheadair?”
“A Thighearna, m'fhiacal atá tinn.”
“Éirigh suas, a Pheadair, agus abair go bhfuil tu slán
Chá mhinic a bhíonn órtha agus déideadh
'San aon bheul amháin.”
“Acht,” adeir Páidín, “ní sin mar atá an órtha ag
mo mháthair mhór, acht mar seo:
Bhí Peadar 'n-a shuidhe ar chloich, agus thainig an
Tighearna ós a chionn.
‘Cad é sin ort, a Pheadair?’ ‘A Thighearna, tá
m'fhiacal tinn.’
‘Éirigh suas, a Pheadair, agus bí slan; ní tusa amháin
sin acht gach aon chongbhóchas na briathra seo i gcuimhne, i
scríbhinn, no i mbriathra. I n-ainm an Tighearna. Amen.’”
“Maith an gasur thú,” ars an t-iomlán. “Tá tú trom
go leor ag Seumas.”
D'aontuigh Seumas go raibh agus thoisigh sé ar
léigheasanna a dheántaoi le luibheanna nuair nach raibh
doctúirí ró-líonmhair 'san tír. Fa choinne na casachtaighe
ghlacadh daoine searbháin measctha le siúchra agus
tréiceal. Léigheasadh an leamh-buidhe an tocht fuail, dá
mbruithfidhe na rútaí agus bainne milis do chur ar an
tsugh. Mar an gceudna bhí an ceannadh-dubhthasach bruithte
mar tae maith ag oibriughadh croidhe. Annsin rinneadh
trácht ar léigheasanna do'n teinidh aighthe, do'n fhiabhras
croidhe agus do'n chaitheamh.
Léigheas teine aighthe: Cuimil píosa óir no síbhin
chocháin thart ar gach ball nimhneach d'a bhfuil ar an aghaidh,
ag deánamh fíoghar na croise “I n-ainm an Athar, &c;
teine aighthe; teine a chuir. Is lag an teine, is beo an
duine; Mac Dé A chuir.” Tá sin le rádh trí h-uaire;
uair gach am a chuimiltear.
Léigheas fiabhras croidhe: Glac cupa min-choirce agus
tarraing sgian thar bheul an chupa go raibh an mhin cothrom
le n-a bheul. Leag an cupa i gceithre h-áiteacha ar
chroiceann an duine tinn, fa'n bhásta, faoi'n chroidhe agus
siar fa'n druim. Deán sin trí cúrsaí. Deán fhéin agus
an duine breóidhte bhur gcoisreacadh i dtoiseach agus
abairigidh, “Dia i n-aghaidh na h-urcóide.” Bí fhéin ag rádh
an “Phaidear” agus an “t-Abhe Maria” fhad agus atá tu
ag deánamh an léighis, agus cuir trí “Paidreacha” agus
trí “h-Abhe Maria” ar an duine tinn mar bhreitheamhnas
aithrighe le Dia a bheith i n-aghaidh na h-urchóide.
Léigheas ainmhidhe caithte: Is minic, do réir mar
adubhairt Seumas an Cheoil, a chaitheann na sidheogaí
ainmhidhe, cuir i gcás, bó, agus seo an dóigh a ndeántar
léigheas. Tomhais an bhó ó ruball go srón le do láimh ó
uilinn go bárr na meus, agus i gcionn gach aon fhaid
láimhe gearr fíoghar na croise. Annsin glac maide briste
agus aibhleog, agus cuir an aibhleog anonn faoi bholg na
bó. Bíodh duine thall agat ar an taobh eile de'n bhoin
leis an aibhleog do chur anall chugat thar a druim. Gearr
an chroch chéasta ar an fhionnadh ar chúl-druim na bó.
Cuir anonn an aibhleog aríst faoi'n bholg mar an gceudna,
agus nuair a thugas tú anall thar an druim í, geárr an
chroch chéasta leis an aibhleog eadar dhá shlinneán na bó,
an tríomhadh h-uair rachaidh an aibhleog anonn faoi'n
sgeadamhán agus anall thar an mhuinéal, agus an iarracht
seo, gearrfaidh tu fíoghar na croise eadar dha adhairc na
bó. Béidh seo uilig le deánamh trí maidne i ndiaidh a
chéile. Nuair a bhíonn ainmhidhe caithte síneann sé, agus
béidh a fhios agat as an tomhais go gcrupann sé gach lá
go mbéidh an fad ceart ann an tríomhadh maidin.
Chuaidh an oidhche thart mar sin, le cainnt agus
sceulaidheacht, le míniughadh agus ceastaireacht, gach aon
duine agus a fhocal fhéin aige, agus Páidín inchurtha léis
an chuid acu. Ní fhuil an trian no an ceathramhadh cuid
annseo acht thiocfadh le Páidín an t-iomlán d'innse.
Rinne bean Mhíchíl tae dóibh agus, mar sin, ní raibh deifre
corrughadh ortha. Bhí am luighe dóimhin ann nuair a sgar
siad, agus chuaidh Páidín 'na bhaile agus a cheann lán.
P. MAC GIOLLA CHEARA.
CISTE AN ULTAIGH.
£ s d
An Sagart Ó Corcráin, Cnoc-bhríghde 1 0 0
An Sagart Ó Maolain, Árd-bó 0 10 0
An Sagart Mhac Niallghuis, Gall-bhaile,
Co. Thír Eoghain 1 0 0
An Sagart Mhac Ruaidhri, An Charraic Mhór,
Tír Eoghain 1 0 0
Peadar Ó Dubhda 0 10 0
Thug beirt eile 5/- dúinn mar shíntiúsai bliadna.
COS AN t-SAOGHAIL.
(Ar leanamhaint.)
“Sin a bhfuil ag cur buadhartha orra,” arsa Mícheal
Sheaghain. “Tá a gcuid ag teacht chuca go réidh. Dá
mbéadh acu le fanacht leis an phighinn atá in údh na bó na
leis an phréata atá 'san iomaire, ní bhéadh oiread callain
acú.”
Duine coinnteanach a bhí i Mícheal, nach rabh duine ar
bith in a shásamh nó ní bhéadh rud ar bith deanta ar coidh mar
ndeanadh seisean é, agus ar an ádhbhar sin bhí droch-mheas
aige ar na cailíní seo.
“Is cuma caidé tá acu na caidé nach bhfuil is mór an
moladh 'ba chóir dóibh fhaghail, teacht anuas annso agus a
gcuid ama a chathadh 'san áit uaignigh seo, mar gheall ar
an ghrádh atá acú ar an Ghaedhilg,” arsa Peadar Phádraic.
“Is ar mhaithe leis féin ghnidheas an cat crónan,” arsa
Mícheal Sheaghain arís. “B'fhéidir go dtiocfadh an lá go
fóill ar mhaith leo an Ghaedhealg acú.”
Bhí na fir anois chóir a bheith le taobh na gcailíní agus
mar sin de stad an chainnt. Nuair a bhí an ceól
críochnuighthe ag na cailíní agus fhad agus bhí siad ag fanacht
ar na buachaillí theacht fhad leo, chuaidh siad ag deanadh
coiscéim dhamhsa Ghaedhealaigh, agus b'iad a bhí in innibh é
'dheanadh. Nuair a thainic na fir chuca, labhair bean leo,
agus arsa sise:
“Go mbeannuighidh Dia dhíobh, 'fheara.”
“Dia 's Muire duit agus díobh uilig,” arsa na fir,
i naon-ghuth, “nach fuar an tráthnóna é seo?”
“Maise, is fuar,” arsa na cailíní, “acht dheanfadh
duine dearmad ar an fhuacht leis an amharc deas a chonnaic
sinne le luighe gréine.”
“Caidé sin?” arsa duine do na fearaibh.
“Tá,” arsa bean do na cailíníbh, “bhí sinn ag amharc
ar an ghréin ag dul fé, agus ag cathadh a cuid gaethe glór-
mhara trasna na báighe sin amuigh; agus ba deas agus ba
ró-dheas an pioctúr a dheanfadh sé.”
“Maise,” arsa duine eile dó na fearaibh, “is beag a
shílfeas sinne dó agus sinn ag amharc air gach eile lá 'sa'
bhliadhain.”
“Ó! maise is truagh nach dtig linne é fheiceal gach lá
'sa' bhliadhain, bharr a's a bheith sáidhte istoigh 'sa' chathair
mhóir ghránna agus gan aon rud le feiceal agat acht toit,
agus smut, agus dusta,” arsa bean dó na cailínibh.
“Bhal!” arsa duine dó no fearaibh, “is minic a
chuala sibh an tsean-ráidhte — ‘Tá nuaidheacht 'sna
h-athruighthe’ agus creidim gur b'é a dhálta sin libhse é.”
“B'fhéidir sin,” arsa na cailíní.
Fhad agus bhí an bunadh eile ag cainnt bhí an cailín a
thug an buachaill coimhthightheach fé ndeara tráthnóna ag
breathnughadh go geur air; agus ní rabh méid frí dó, ó
dhonn go bathais nar thug sí isteach go cruinn. Thaitin a
eudan solasta, a bhathais leathan agus a shúile gorma,
pléisiurtha go hana-mhaith léithe. Rud eile fé ndeara dí
agus ba sin go rabh cuma an-chúmhalta air, ná 'fhad agus
bhí an chuid eile ag cainnt agus ag cómhradh níor labhair sé
oiread agus focal amháin.
Chuaidh sí anonn chuig an bhuachaill a bhí ag
cromráduigheacht leis agus d'fhíafruigh sí de, os íseal,
cé'r bh'é an buachaill coimhthightheach.
“Sin col-ceathar damh atá ag caitheamh cupla lá-saora
linn,” ar sé. “As Baile-na-gCrampan é.”
“An gcuirfeá i naithne domh é le do thoil?” arsa sise.
“Cinnte, le croidhe mór,” arsa seisean.
Thionntuigh sé thart chuig an bhuachaill choimhthigheach agus
arsa seisean:
“Seo é Páidín Ua Ceallaigh, a Nighean Uí Dhubhlain.
Seo í Nighean Uí Dhubhlain, a Pháidín.”
Shín Páidín amach a lamh, go faiteach, agus arsa
seisean, le na ghlóir ar crith, “Tá lúthgháir orm, casail
ort; agus 'sé do bheatha 'n-a tíre seo.”
“Go rabh maith agat,” arsa sise, “agus tá lúthgháir
ormsa casail ortsa.”
Shiubhail siad araon cos ar chois aniar an bothar agus
gan focal as beul cheachtair aca. Fa dheireadh d'amharc
sí suas 'san aghaidh air agus arsa sise:
“An bhfuil eagla ort rómhamsa?”
“Cad chuige an mbéadh eagla orm rómhat-sa?” arsa
seisean.
“Agus cad chuige nach bhfuil tú ag cainnt?” arsa sise.
“Nach bhfuil Gaedhealg agat?”
“Tá maise, agus neart dí,” arsa seisean, “ná sí'n
cheud rud a cuireadh ar pláta damh í.”
“Is maith liom sin a chloistean,” arsa sise. “Tá tú
'do chainnteoir dhúthchais mar sin.”
“Caidé deir tú?” arsa seisean, agus shílfea, ar
dhóigh ínteacht, nar thuig sé go ró-mhaith, caidé bhí i n-a cionn
nuair a dubhairt sí ‘cainnteoir dhúthchais.’
“Deirim,” arsa sise, “go bhfuil tú 'do chainnteoir
dhuthchais sin, go bhfuil an Ghaedhealg agat ó'n chliabhan.”
“Ar ndóigh,” arsa seisean. “Char labhair mo
mhuinntear a'n fhocal Béurla ariamh, agus níor labhair mise
a'n fhocal dí acht oiread, nó go deachaidh mé 'na scoile
agus is truagh 'Dia gur fhoghluim mé a'n fhocal dí annsin
fhéin.”
“Cad chuige a n-abrann tú sin?” arsa sise.
“Cad chuige nach n-abrochainn sin?” arsa seisean.
“Caidé'n mhaith atá dúinne, i bhfos annso ar bhruach an
chladaigh seo, no amuigh ag Bun Sliabh-a-Liag, 'sa'
Bheurla. Cinnte, tá sí toghta agaibhse 'sa' chathair, nó is
léithi a gheibh sibh bhur ngreim agus bhur ndeoch, acht sinne
i bhfos annso, b'fhéidir nach labharfadh sinn ceithre fhocal
Béurla ó chionn go cionn na seachtmhaine. Ar ndóigh níor
chualaidh Dia ná duine a leithid d'amaduigh ariamh, tabhairt
ar pháistibh na háite seo Béurla fhoghluim.”
“Tá sin ceart go leor,” ar' sise, “acht 'fhad agus
nach dtugann siad orraibh stad de'n Ghaedhilg ní dheanfaidh
an Béurla dochair ar bith díobh. In 'áit sin, is mó maith a
dheanfas sí díobh, ná dá mheud teangthacha agus bhéidheas ag
duine is amhlaidh is fearr dóibh é, ma's rud é go mbéadh
acú dul ar an choigcrích. Cinnte, tuigim féin nach bhfuil
mórán gnoithe le aon rud eile acht Gaedhilg 'san áit seo,
agus is maith liom cloisint go bhfuil an oiread sin do
mheas agaibh uirthi, agus tá súil agam gur fada a bhéidheas
sibh mar sin; acht mar a dubhairt mé cheana féin dá mba
rud é go mbéadh agatsa le dul le do chuid a shaothrughadh
i naon áit eile tríd an domhan, bhéadh an Béurla a dhíth ort,
go cionn tamaill eile i gcás ar bith. Ní'l go leor eolais
ag mór-chuid dó na daoinibh go fóill ar an Ghaedhilg, le
teanga thráchtala a dheanadh dí, acht b'fhéidir le Dia go
dtiocfadh an lá nuair a thiocfadh le duine dul ó chionn go
cionn an dómhain agus gan aige 'na phluc acht Gaedhilg.”
“Chidhim,” ar seisean. “Mar sin de, ní'l aon mhaith 'sa'
Ghaedhilg acht fá choinne na n-iasgairí agus na ndaoine atá
beo imeasg na sléibhte, agus fá choinne cathad-aimsire a
thabhairt dó dhaoine a thig anuas as an chathair le í a
fhoghluim.”
“Ní mar sin atá,” arsa sise, go tapaidh agus í lasta
dearg 'san aghaidh, le cotughadh, as siocar an dóigh ar thuig
an buachaill na focla a dubhairt si. “Ní mar sin atá ar
chor ar bith, agus acht go b'é go bhfuil sinn ró-chomhgarach
dó'n toigh anois agus nach bhfuil faill agam, mhíneóchainn
ciall mo chuid cainnte duit.”
“Béidh mé annseo tráthnóna i mbárach, agus gach
tráthnóna go cionn seachtmhaine,” arsa seisean.
“Maith go leor,” arsa sise, “chidhfidh mé thú tráthnóna
i mbárach agus béidh seanchas agam leat. Tá súil agam
nach bhfuil tú i bhfeirg liom, agus má chuireas fearg ort,
tá brón orm, no ní le fearg a chur ort a dubhairt mé aon
fhocal; agus má dubhairt mé rud ar bith nar thaitin leat,
tá brón orm agus na bí 'n-a dhiaidh orm.”
“Ní'l fearg ar bith ormsa,” arsa seisean, “na síl
go bhfuil. Cad chuige a mbéadh fearg orm? Ar ndóiche
níor dhubhairt tú rud ar bith liomsa.”
“Is maith liom sin a chloistin,” arsa sise, “agus
anois na dean dearmad theacht aniar tráthnóna i mbárach.
Seo é an teach a bhfuil sinne ag baint fúinn ann agus béidh
mise a dul síos leis na cailíní eile. Slán leat anois.”
“Go dtéighidh tú slán, agus codladh sáimh, slán duit,”
ar seisean.
Bhí siad anois ag bun an chasain atá ag dul síos go
toigh Dhómhnaill Bhrighde agus sheas siad uilig annsin ar
feadh tamaill. Bhí gach eile duine agus a sceul fhéin aige,
duine ag cur amach tómhas, duine ag innsint sgéil
greannmhair, duine eile ag fiafruigh caidé mar déarfa
siúd's seo i nGaedhilg; duine eile ag rádh gur so mar a
déarfa é agus duine eile ag cur in aghaidh.
Nuair a bhí siad ar an obair sin ar féadh leath-uaire
na mar sin, d'fhág na fir agus na cailíní slán ag 'na chéile
agus chuaidh gach dream acu a mbealach féin.
OIRGHIALLA.
(le leanamhaint.)
Cycles, Motor Cycles, Motor Cars.
Sports Goods of Every Description.
T. WILLIAMSON, DUNDALK.
UGHDAIR AGUS LEABHARTHAÍ CHÚIGE
ULADH.
(Is maith aige scoltachaibh i dTuaisceart Éireann an
gearr-chunntas seo, agus badh chóir do scoláiribh na
Gaedhilge 'sa Chúige an liosta a shábháil agus a choinneáil
air láimh. Tcífear nach bhfuil Ultaigh a dhath air bith air
deireadh le saothar pinn.)
SÉAMUS Ó GRIANNA (“Máire”): “Mo Dhá
Róisín,” “Caisleáin Óir.” As Rann-na-feirste i Rosa
Thírchonaill do Shéamus Ó Grianna agus ní dóigh go bhfuil
ball eile i n-Éirinn is fearr Gaedhilg 'na an baile talaimh
céadna. Mairidh cuid mhór i gceart de'n tsean-léigheann
agus de'n fhiannaidheacht agus de'n fhilidheacht ann go
fóill. Agus bhí siad seo uilig mar oighridheacht ag Séamus
mar is léar o'n dá leabhar seo atá sgríobhtha aige. Duine
ar bith a bhfuil eolas aige ar Ghaedhilg Thír Chonaill agus
a léighfeas saothar Shéamuis, 'tchifidh sé nár fhág Séamus
a dhath ina dhiaidh da bhfuil beo de sgoith na Gaedhilge ó
Inis Eoghain go Cuan na gCeall. Tá an chaint go beacht,
bríoghmhar, líomhtha; tá sí go nádurtha glan agus lán de
chorra-chainte breaghtha na fior-Ghaedhilge. Gheobhaidh tú ann
an chulaith cheart Ghaedhealach ar na smaointe mar tháinig
siad as béal gach glúine dá rabh i gCrích Chonaill Mhic
Néill.
Is fearr an dóigh a bhfuil an dara sgéal curtha i ndiaidh
a chéile ná'n chéad cheann. Is léar go dtáinig feabhas
mór ar an ughdar idir an dá am. Is mó is cosamhla
“Caisleáin Óir” leis na Finn-sgéalta atá le fághail i
dteangacha eile ina dhéanamh agus ina chosamhlacht.
Tuigidh Séamus ealadha an scéalaidhe mar cleachtuightear
í i litridheacht na h-aimsire seo. Cuiridh sé fuireann an
scéil a dh'obair mar dhéanfadh caiphtín luinge i lár na
mara. Gheobhfar cuid mhór corra-cainnte agus téarmaí a
bhaineas le h-iasgaireacht agus le saoghal na ndaoine a
chois cladaigh i gcuid leabharthaí Shéamuis.
MÁGHNUS MAC CUMHAILL (“Fionn Mhac Cumhaill”):
“Maicín,” “Tusa, a Mhaicín,” “An Dochartach.” Scríbh-
neoir eile de mhuintir Thír Chonaill Mághnus agus, dálta
Shéamuis, tá lúth na teangtha leis agus snas ar an rud a
scríobhaidh sé. Aindeoin gurab í an Ghaedhilg chéadna atá
ag “Fionn” agus “Máire,” is fiú a gcuid saothar a chur
a gcomortas le chéile. Ní fhaghann cuid scéalta Fhinn
greim ort mar chuid “Mháire,” acht ní hionann sin agus
a rádh nach dtig le Fionn scéal maith, croicneach, sub-
sainteach a innse, agus nach dtig leis an croidhe a bhogadh
agus an deor a bhaint as an tsúil nuair is mian leis é.
Saoilim fhéin gurab é “Maicín” an scéal is fearr dár
scríobh sé. Chuirfinn “An Dochartach” sa dara háit agus
“Tusa, a Mhaicín” ar deireadh. A bhfuil scríobhtha ag
Fionn go fóill dearbhuigheann sé go bhfuil féith na scríbh-
neorachta ann agus go bhfuigfidh sé lorg a láimhe ar
Ghaedhilg Leath Chuinn.
SEÁN MAC MEANMAN: “Sgéalta Goiride
Geimhridh,” “Fear Siubhail.” As Gleann Fhinne Seán agus
is furust aithne ar an dá leabhar seo go bhfuil Gaedhilg
mhaith bhlasta sa cheanntar sin mar i gcéadna, aindeoin
gur maith le Seán úsáid a dhéanamh annso agus annsiud
de fhuirmeachaibh nach bhfuil le cluinstin i mbéal na ndaoine
i dTír Chonaill. B'fhéidir gurab é an rud atá ina intinn
droichead a dhéanamh eadar a chuid Gaedhilg fhéin agus
Gaedhilg na gcúigeadh eile, ach measaim fhéin gur truailliú
ar a chuid Gaedhilge é agus go bhfuil sé céim luath
smaointiú ar a léithid a dhéanamh go fóill. Is fearr go
mór an leabhar “Fear Siubhail” 'ná an ceann eile. Tá an
chaint níos nádúrdha ann agus tá na scéalta fhéin níos
Gaedhealaighe. Cosamhail leis an dá scríbhneoir atá
luaidhte cheana féin, is ar shaoghal na ndaoine i dTír
Chonaill a bhí Seán ag trácht ina chuid scéalthach.
SÉUMAS Ó SEARCAIGH: “Cloich-Cheannfhaolaidh,”
“Faire Phaidí Mhóir,” agus “Mháire.” Gaedhilg na
Rosann i dTír Chonaill atá aige Séumas fosta. Is fiú do
gach duine ar maith leis na leagain agus na fuirmeacha
cearta a bheith aige do réir canamhaint Chúige Uladh,
staideir cruinn a dheánamh air na leabharthaí seo, agus na
nótaí a cuirtear leobhtha a léigheadh go cúramach. Tá
eolas domhain aige Séumas air an t-sean-Ghaedhilg agus
air an mheadhon-Ghaedhilg, agus air fhoghraidheacht na
Gaedhilge, agus tá lorg an eolais sin go léir le feiceáil
air a chuid oibre.
SÉUMAS UA CRÉAG: “Iasgaireacht Shéumais Bhig,”
“Teagasc na Máthara,” “Ór-scéul an Chreidimh,” agus
leagan Ultach air “Clann Lir,” “Clann Uisnigh” agus
“Clann Tuireann.” As na Gleanntaí i dTír Chonaill do'n
ughdar seo. Rinn an Créagach saothar mór, agus tá a
chuid Ghaedhilge simplidhe so-léighte. Gheobhaidh an lucht
foghlumtha mórán eolais air chorra-chainnte agus air
phoinnte gramadaighe 'na chuid leabharthach. Acht tá a
leitriú fhéin aig an Chréagach. Ba mhaith leis an casán a
réidhteach don scolaire; agus rinn sé iarracht an Ghaedhilg
a scríobhadh síos mar atáthar dhá labhairt. Bíonn an cleas
ceudna ar siubhal ag muintir Chúige Mumhan, ó'n Athair
Peadar anuas, acht caithfidhmid admháil gur bh'fearr agus
gur chéillidhe go mór fada an iarracht ar rinn an Créagach.
SÉUMAS MAC A' BHÁIRD: “Troid Bhaile-an-
Droichid.” Fear as Oileán Thoraighe Séumas. Níl fhios
agam ar sgríobh sé leabhar ar bith eile acht an ceann seo
agus is mór an truaighe mar do réir mo bharamhla níor
cuireadh leabhar i gcló go fóil i gcanamhaint an Tuaiscirt
is fearr Gaedhilg agus rith cainnte ná “Troid Bhaile-an-
Droichid.” Ní fiú mórán an sgéal é féin mar níl ann acht
cunntas ar throid bataí acht tá an Ghaedhilg ar fheabhas ann.
SEÁN MAC AN BHÁIRD: “Gabháil na h-Éireann,”
“Beatha Naomh Adhamhnáin,” “Leabhar Filidheachta fa choinne
na scoil,” “An Cruinneoluidhe.” Taobh amuich de
leabhartaí urnaighthe agus tionntódh ar na “Soisgéil,” &rl,
tá na leabhartaí atá ainmnighthe thuas sgríobhtha ag Seán.
Bhí eolas maith ag Seán ar an Mheadhon-Ghaedhilg agus is
léar ó n-a bhfuil fágtha ina dhiaidh go rabh claonadh aige
leis an Céiteannach a leanstan.
AN SAGART PÁDRAIC MAC GHIOLLA CHEARRA:
“Scéal na h'Éireann fa choinne na bPáistí.” As Fánaid
i dTír Chonaill don tSagart Mac Giolla Chearra agus tá
obair iongantach thairbheach déanta aige nuair a chuir sé
le chéile an leabhar toirteach seo. Níor sgríobhadh leabhar
seanchais ar bith go dtí an ceann seo i nGaedhilg Chúige
Uladh; agus caithfear a admháil go bhfuil an scéal innste
go deas réidh nádurtha aige agus iarraidh déanta aige
thall 'sa bhfus le feallsamhnacht an tseanchais a mhíniú
dúinn.
PEADAR MAC FHIONNLAOICH (“Cú Uladh”):
“Eachtra Aodha Ruaidh,” “Conchubhar Mac Neasa,” “Ciall
na Sean-Ráidhte,” “An Cogadh Dearg,” agus cúpla
dráma beag. Oibridhe cruaidh “Cú Uladh” agus rinne sé
saothar mór le deich mbliadhna fichead ar son na
Gaedhilge. Rugadh agus tógadh i dTír Chonaill é acht
d'fhág sé a áit dhútchais go h-óg agus níl an greim
céadna aige ar an teangaidh agus ar na corra-chainnte
breaghtha atá innti 's atá ag na sgríobhnoirí eile atá
luaidhte againn.
SEOSAMH LAOIDE: “Dúnaire na Midhe,” “Fian-
Laoithe,” “Seachrán Chairn tSiadhail,” “Cruach Chonaill,”
“Trí Torpáin,” “Alasdair Mhac Colla,” “Sgéul
Chuchulainn ag Cuan Carn,” “Dearg-ruathar Chonaill
Chearnaigh,” “Brisleach Mhór Mhaighe Muirtheimhne,”
“Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Deacair,” “Sgéulaidhe
Oirphialla.” Chan úr-sgéultaí ceann air bith aca seo acht
sgéultaí as laimh-scríbhinní a's ó bheulaibh na ndaonnaí.
Tá sgéultaí agus ceoltaí cruinnighthe ag an Laoideach, go
h-airiste i “Sgéulaidhe Oirghialla,” “Dúnaire na Midhe”
agus “Seachran Chairn tSiadhail,” nach mbéadh ar fághail
indiu murab é. Bhí eolas iongantach aige air gach
canamhain, agus scoláireacht air fheabhas. Chuir sé nótaí
tairbheacha leis na leabhraí uilig, agus tá rian a chuid
scolaireachta le feiceáil ionnta go h-iomlán.
PEADAR Ó DUBHDA (“Cú-Chulainn”): “An
Seanchaidhe,” “Air Lorg an tSeanchaidhe.” “Lá na
Cúirte,” “Paidín Ó Ceallaigh,” “Rannta Naoidneán.”
Ghaedhilg Oirghialla is mó atá ins na leabhraí seo agus
is maith is fiú a leigheadh le h-eolas 'fhagháil air chanamhaint
an cheanntair ud. Le n-a chois sin, tá eolas a chéirde ag
an ughdar seo. Cruthuigheann “Lá na Cúirte” agus “Air
Lorg an tSeanchaidhe” go dtigidh leis úr-scéul deas
taithneamhach, greannmhar, soi-léighte a chumadh.
ÉNRÍ UA MUIRGHEASA (“Feargus Mhac Róigh”):
“Seanfhocla Uladh,” “Amhrain Áirt Mhic Cumhaidh,” “Céud
de Ceoltaibh Uladh,” “Maighdean an tSoluis,” “Ceithear-
nach Uí Dhomhnaill,” “Bruidhean Chaortainn,” “Greann na
Gaedhilge,” “Oidhche Airneáil,” “Donnbó.” As Deis-
ceart Uladh d'Énrí. Chuir sé spéis mór i gcomhnuidhe i
gcanamhaint Fhearnmhuighe agus Oirghialla agus coinneochaidh
a chuid leabhar an chanamhaint sin beo lá is fuide anonn.
ÉAMONN Ó TUATHAIL: “Rainn agus Amhráin.”
Cnuasacht Rann agus Amhrán ó Chonndae na Midhe, ó
Chonndae Lughmhaidh agus ó Chonndae Árdmhacha atá sa
leabhar so. Tá eolas maith ag Éamon ar chanamhain na
n-áiteach sin agus chuir sé na dánta so in-eagar le cúram
agus le scoláireacht.
AN SAGART LORCÁN Ó MUIREADHAIGH (“Muir-
eadhach Méith”): “Ceolta Óméith,” “Pota Chnuasaigh”
(Cuid a haon agus cuid a dó). Ins na leabhraibh seo
gheobhthar an Ghaedhilg mar atá sí dá labhairt go fóill
i n-Óméith, i dtuaisceart Laighean, agus 'tchífidh gach duine
a léighfeas iad gur ionann an chanamhain agus canamhain
Chúige Uladh.
LEABHRA EILE.
AN SAGART DOMHNALL Ó TUATHAIL: “Toraidheacht
ar Lorg Chríost.”
ANTOIN MAC A' BHÁIRD: “Omar Caighiaim.”
SEÁN MAC MAOLÁIN: “An Bealach chun na
Gaedhealtachta.”
BRIGHID NÍ DHOCHARTAIGH: “Cainnt Choitcheannta ón
Ghaedhealtacht,” “Comhrádh Cois Teineadh.”
ANTOINE Ó DOCHARTAIGH: Leabhra Scoile.
MÍCHEÁL Ó DOCHARTAIGH: “Scéaltaí Beaga.”
EAMONN MAC LOINGSIGH agus ANDRIAS Ó
BAOIGHILL: “Fir Mhóra na hÉireann.”
AOIDHMHÍN MAC GRÉAGÓIR: “Siamsa na Beanna
Fada.”
PÁDRAIG Ó DUBHTHAIGH (Inis Chaoin Deaga):
“Mion-chainnt na Midhe.”
ÚNA NÍ FHAIRCHEALLAIGH: “Smaointe ar Árainn,”
“Grádh agus Crádh,” “Filidheacht Sheáin Uí Neachtain.”
N.B. — Cuid de na leabhraibh ar luaidheadh thuas ortha
tá siad as cló le fada. D. E. C.
AMHRÁIN PHÁDRUIG MHIC GHIOLLA
FHIONNDAIN.
I.
A RÍ, LER FUASGLADH.
A Rí, ler fuasgladh as geimheal guaise do phoball uasal
ón Éigipt,
'S choinnigh i n-uachtar na tonna suas ag freastal uaire na
raogh-chlann;
'S arís ler buaileadh na dílte anuas ag díbirt uabhar na
n-eiriceach —
Cuir Maoise an uair-se nó dídean uaid-si gan sgíste a
shuaimhneadh na h-Éireann.
Anois ó d'athruigh an Rí is a ghárdaí 's gur imthigh an
Pháraoh bhí ag Ioseph
Ler tugadh fáilte do mhacaibh Iácob i n-inis áitreibhe
Góshen,
Tá ceasnaoi ag fás uile ar mhaghaibh fál-tuinne ar eaglais
Phápa na Rómha,
Ach d'eagla a mbáidhte níor dheas dá náimhdibh a dhol 'ar
sáile dá bhfógra.
An Triath badh gháirdeach a' riaradh cáich ag a mbiadhthadh i
bhfásaighibh an ló sin,
I ngliadh badh gháibhtheach an sgiath le tárrtháil é d'iarsma
Raichel faoi Ioshua;
Ariamh ó tá sé 'na Dhia ró-ghrásamhail 's go mbiaidh go
bráth bhruinne i gcomhnuidhe,
Go bhféachaidh an tráth-sa ar an iath is a' fál ós dá bpianadh
atá siad i mbeó-bhruid.
I gcath na Mídians mar ar teasgadh daoine fá imioll chríche
a raibh balaam,
Níor fritheadh acht míle do mhacaoimh Israel as gach aon
treibh i ngábhadh;
'S is follus daoibh-si go bhfaghthar sgríobhtha gur lomadh an
tír leofa an lá sin,
'S go dtoilidh an gnoid (?) ar n-eaglais Chríost-inne a'
lasadh i dtíorthaibh a námhad.
Ó sé ceann ar gcléire fó thíorthaibh Éireann Aodh do fhréimh
Cholla dhá Chríoch,
Oide léighinn na sgol is na dtéxa 'tá anois i gcéime
Naomh Pádruig;
Go mairidh sé feasta i dteist mar Elias chuaidh fá néallaibh
gan bhásughadh,
Nó mar Eliseus a d'fhan 'na dhiaigh sin ar aiste an éarlaimh
i ngrásaibh.
Is iomdha géag threabhar shochma dhéad-ghlan atá faoi n-a
réim-sean go h-Árdmhach
Do thoghadh cléire do chlannaibh Néill dar dhual ceannus
Éireann na n-árd-fhlaith;
Is díobh Conn is Féidhlime sona séanmhara, tonna féile
gan dásacht,
Gan fhonn mar éigin acht sompla a dhéanamh tre lonn má
ghéillid don Phairlement.
Sé deireadh dúllachta ceatha dlúthmhara a chur dá ngnúisibh
do néallaibh,
'S loinnir úr-ghlan do theacht i gciúin-staid i leabhar-chúrsa
na gréine;
Is follus fúithe d'aicid mhúsgalta ós na sgrúduighthe do
shliocht Pheneus
Go spriocthar fútha lucht teasgtha na glúine sin mar leagadh
an tuata Turgésius.
Mar d'fhurtaigh Iudith do chlannaibh Reubin s gach planda
shiubhail leófa i n-éinfeacht
Le basgadh an lúiste ler creachadh a ndúithche nár chreid i
ndúil (?) acht do dhéithe;
Le barramhail dhamh-sa gan chead do Lúter go leagfaidh
glún ortha an mhaighdean
Is treise i gcúirtibh nó seisear giúistis le meisnigh a
dhúsacht i nGaedhlibh.
NÓTAÍ.
I ndá láimh-sgríbhinn a fuair mé an t-amhrán seo.
Pádruig Ó Prontaigh (1759) a sgríobh ceann acu agus
Muiris Mhac Gormáin (1745) a sgríobh an ceann eile.
Deir Ó Prontaigh gurab é “Pádruig Mhac a
Lionduinn” a rinne é. Go raibh “géar-leanamhuin agus
perseacuision ag teacht ar an Eaglais timchioll seacht
mbliadhna fichead” roimh an am sin .i. an t-am bhí Ó
Prontaigh ag sgríobhadh cóipe de. Mar sin rinneadh an
t-amhrán timchioll na bliana 1732. D'éag Mac Ghiolla
Fhionndain bliain 'na dhiaigh sin.
Caint do-thuigthe atá i gcuid den seachtmhadh
ceathramhain mar tá sé curtha síos ar na láimh-sgríbhinní.
Níl an méid sin in mo shásamh go foill, aindeóin gur
fhéachas le feabhas a chur air.
Ionann “Pheneus” agus Phinehas (mac Eleasair,
mhic Aaroin) — nó Féinius Farsaidh, b'fhéidir. Aodh
(ceathramha a cúig) .i. Aodh Mhac Mathghamhna, Easbog
Árdmhacha. Dúil (ceath. 8) — Dúileamh (?).
ÉAMONN Ó TUATHAIL.
AN CUMANN URRADHAIS GAEDHLACH GENEREÁLTA
IS MÓ IS É —
AN GAEDHEAL-CHOMHLUCHT TAIGHDHE
UM URRADHAS NÁISIÚNTA,
TEORANTA.
(The Irish National Assurance Company, Ltd.)
Gustal (1923) suas le £115,000;
Ar Iasacht suas le £150,000.
An gnó a ghníthear:
SAOGHAL, DÓIGHTEÁN, TIONÓISC — GHLUAISTEÁIN,
BANNAÍ DÍLSEACHTA AGUS URRADHAIS
GHENEREÁLTA.
Is le n-a Gaedhil agus fá stiúradh na nGaedheal an
Comhlucht so.
Príomh-Stiúrthóir:
D. P. Ó Gallchobhair, A.L.A.A.
Árd-Oifig:
30, Faithche an Choláiste. Áth-Cliath.
I dTIR NA hOIGE.
NAOMH PÁDRAIG AGUS AN FATHACH.
(An t-Athair Conn Mhac-an-Ghirr do chnuasaigh.)
'Sa tsean-aimsir, bhí Naomh Pádraig ag cur suas
seipéil i nDomhnach-an-Eich, agus cha raibh a'n ghreim d'a
gcuirfeadh sé suas ins an lá nach dtiocfadh tarbh dubh agus
leagfeadh sé é ins an oidhche. Ghuidh Naomh Pádraig chun
Dé air fathach a chur chuige a bhearfadh aire dó 'san oidhche.
Tháinic an fathach chuige agus d'iarr Pádraig air an séipéal
a choimhead. Ins an oidhche 'na dhéidh sin, tháinig an tarbh
chuig an fhathach agus thosuigh sé leis 'ga throid. Mharbh an
fathach é, agus in éis é a mharbhadh, bhain sé an craiceann
de, agus d'ith sé a shaith de'n fheoil. Annsoin thuit sé na
chodladh.
Nuair a tháinig Naomh Pádraig air maidin lá'rt na
bhárach, agus chonnaic a raibh réidh aige, ghlac sé eagla go
marbhfadh an fathach uilig iad, air éirghidh as an chodhladh dó.
Ghuidh sé air Dhia a laidireacht a bhaint de, agus bhain Sé.
Mhúscail an fathach tamall 'na dhéidh sin, acht d'a mheud na
h-iarrachta a rinne sé éirghidh, cha dtiocfadh leis.
“O! a Phádraig, a Phádraig, goidé seo a rinne tú
orm?”
“Is fhéarr dhuit,” ars an Naomh, “iarraidh air do
bhaisteadh ná'n cheist sin a bheith ag tabhairt orm.”
D'iarr an fathach air Phádraig an baisteadh a thabhairt
dó. Acht nuair a chuaidh Pádraig leis an uisce a chur air,
thug sé a chroisin don fhathach le greim a choinneált air, agus
nuair a bhí seisean d'a ghlacadh leig Pádraig an croisin,
gan-fhios dó, air uachtar choise an fhathaigh, agus d'imthigh
tuile fola as. Char chuir an fathach cor de, agus char leig
sé smid de fhad's bhí Pádraig ag tabhairt an t-sacramaint'
dó. Nuair a bhí an baisteadh tabhartha dó ag Pádraig,
chonnaic seisean an fhuil agus bhí iongnadh mór air ar
fhaoighid 'sar fhad-fhulaing an fhathaigh, agus dubhairt sé leis:
“Goidé thug ort gan scread orm an croisín a bhaint
de do chois-sa?”
“Ó!” ars' an fathach, “shaoil mé gur bhain sé don
bhaisteadh.”
Labhair Pádraig annsoin leis i dtaoibh slighe-bheatha na
ndaoine san am fadó, agus faoí'n chaidreamh a bhíodh aca
le Día, agus adubhairt:
“Sí mo thuairim go rabh Día ró-cháirdeamhail libh 'sa
t-sean-aimsir. Creidim go rabh Sé air mur gcomhairle
fhéin agaibh annsin.”
“Maise,” ars' an fathach, “cha rabh comhairle Aige
orrainn, agus cha rabh comhairle againn Air.”
“Agus goidé'n sórt aimsire a bhíodh agaibh i d'am
sa?” arsa Pádraig.
“Bhail,” arsa'n fathach, “bhíodh geimhreadh ceodhach,
earrach reóghach, samhradh broinn-te agus fóghmhar greanach
ann.”
Thug an fathach buidheachas do Dhía mar gheall air A
Mhaitheas dó i rith an ama nach rabh fhios aige Air. Bhronn
Día a láidireacht ar ais aríst dó mar aon leis an
bhaisteadh, agus ó'n lá sin amach go lá a d'éug sé, choinnigh
an fathach an creideamh Caitliceach, agus bhíodh sé aige
Pádraig i ngach aon áit a rabh féidhm aige air, ag cur suas
séipéil.
A NÓTAÍ.
Domhnach-an-Eich — I bhfogus don Oghmaigh — Ta sean-roilig
san ait go seadh.
Fhaoighid — pron. weed.
Reoghach — frosty.
Broinn-te — boiling hot (common in Omeath.).
Greanach — blustery (?)
DORNÁN SGEULTHACH.
(Do chnuasaigh Brian Mhac Cathbhaid i dTír Cónaill.)
(Tharluigh seo i gCloich-Cheann-Fhaoilidh beagán bliadhanta
ó shoin.)
Fuair sean duine as Cill-Ultach séic airgid ó n-a
mhac a bhí in Albain. Chuaidh a inghean go dtí an siopa, lá-
thar-na-bhárach, agus fuair sí briseadh an airgid agus
cheannuigh sí earraidhe. Cheangail sí an t-airgead i
gcoirnéal a naipcín póca agus d'imthigh sí 'na bhaile,
trasna na gcnoc.
Bhí dulanna curtha ag a h-athair ar an chnoc, agus,
dar léi fhéin, b'fhéidir go mbeadh gearrfhiadh i gcionn acú.
Suas leithe go dtí dul amháin acú agus fuair sí pléoite
de ghearrfhiadh bhréagh mhór ann, acht chá rabh sé marbh.
Chuir sí a naipcín thart ar a mhuineál agus shníomh teannta
air leis an gearrfhiadh a thachtadh; annsin d'fhág sí é 'na
luighe, marbh, mar shíl sí, agus chrom sí le n-a cuid
earraidhe a thógbhail. Acht, caidé do bharamhail, d'éirigh an
gearrfhiadh agus as go bráthách leis agus an naipcín agus
an t-airgead leis.
D'imthigh an cailín bocht agus a croidhe trom brónach,
agus a póca éadtrom, agus d'innis sí an sgéal sa bhaile
acht ní rabh léigheas air.
An Samhradh 'n-a dhéidh sin, bhí fear uasal ag séilg ar
an chnoc céadhna agus chonnaic sé gearrfhiadh agus rud
inteacht géal thart fá n-a mhuineál. Sgaoil sé leis agus
thuit an gearrfhiadh marbh. Ba é an gearrfhiadh céadhna é
a d'imthigh leis an airgead.
Nuair chualaidh na daoine a chaill é go bhfuarthas arís
é, chuaidh an cailín comh fhada leis an fhear agus thug sé an
naipcín agus an t-airgead dí. Cha rabh pinghinn amháin
fhéin caithte ag an ghearrfhiadh.
Bhí bean as Albain i n-a comhnuidhe i dToraigh uair
amháin, agus bhí sí ag dul ar cuairt chuig a nighin a bhí
pósta ar fhear amuigh ag taobh Dhoire. Tháinig sí amach go
dtí an tír mhór, ar lorg hata, agus chuaidh sí go Gort-a-
Choirce.
Cha sásochadh hata ar bíth í ach ceann cocháin. Cha rabh
dul aici ceann cocháin a fhághail 'nGort-a-Choirce agus
shiubhail sí soir léithi go Dún Fionnochaidh. Shiubhail sí ar
'ach a'n tsiopa éadaigh 'sa bhaile, agus sa deireadh tháinig
sí ar ceann a thaitin léithe go maith. Chuir bean an t-siopa
ceist uirthi nar b'fheárr a thiocfadh hata síoda na hata
cleite dí.
“Bhal,” ar sise, “b'fhéidir gur bh'fearr, ach leis an
fhírinne a innsint, b'fheárr liom fhéin ceann cocháin, ná
nuair a bhéas mo sheal-sa as, dheanfhaidh sé greim do'n
bhuin.”
Bhí cailín ann uair agus bhí beirt stócach aici. Bá
ghnáthách le duine acú a theacht le í a fheiceail gach oidhche,
fliuch no tirim, ach chá dtáinig an fear eile ach go fíor-
annamh.
B'fhearr leis an chailín an fear nach dtáinig ach go
fíor-annamh, agus ba chuma léithe fán bhoc a bhí ag teacht
gach oidhche. Oidhche amháin tharluigh go dtainic an bheirt acú
agus casadh ar a chéile iad.
Shiubhail an bheirt acú suas an bealach go dtí an teach
in a rabh an cailín 'na comhnuidhe. Bhí sí fhéin amuigh ag an
gheafta an oidhche chéadna. Bheannuigh siad dí, agus
dubhairt sí:—
“Fáilte romhat a mhinic nach dtig,
Fáilte romhat a mhinic a thig,
Is truaigh liom é nach é minic nach dtig
A thig comh minic le minic a thig.”
Seo an tuighe nach bhfuil brádán le fagháil i mBáighe
na Maol Ruaidhe.
Nuair a bhí Colmcille ag dul thart fá Dhún na nGall,
bhí sé ag teacht amach ó'n Torach maidin amháin. Bhí currach
leis agus cha rabh ann ach é fhéin. An mhaidin sin, bhí beirt
fhear ag iasgaireacht brádán 'mBáighe na Maol Ruaidhe,
agus chan fhuair siad ach dhá cheann.
Chonnaic siad an Naomh ag teacht in a churrach fhéin,
agus bhí fhíos acú go mbéadh sé réidh fa choinne a
bhricfeasta. Bhí fhíos acú go maith fosta go mbéadh
brádán a dhíth air. Cha rabh ach an dá cheann acú agus ba
bheag ortha ceann a thabhairt do'n Naomh agus chuir siad i
bhfolach iad.
Tháinig an Naomh aníos chomh fada leo agus chuir sé
céist ortha an bhfuair siad a dhath, agus dubhairt siad nach
bhfuair. D'amharc an Naomh go géar ortha agus bhí a fhíos
aige go rabh siad ag innsint bréig, agus annsin dubhairt
sé:—
“Muna bhfuair sibh go b'fhaghaidh sibh agus má fuair,
nar fhaghaidh sibh a choidhche.”
O'n lá sin amach cha rabh brádán le fagháil 'mBáighe
na Maol Ruaidhe.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11