Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Six Hundred Gaelic Proverbs Collected in Ulster

Title
Six Hundred Gaelic Proverbs Collected in Ulster
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mac Adam, Robert
Composition Date
1861
Publisher
(Béal Feirste: Ulster Archaeological Society, 1861-62)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



458. Is fearr an t-ágh maith ná éirigh go moch.
459. Is fearr a bheith sona ná críonna.
460. Guid é a bhain dó? - an rud a bhí a g-cos na ceirce, (sin a
mi-ágh).
461. Ma's fada a bhios an t-ágh, thig se fa dheireadh.
462. Anns' a deireadh thig a biseach.
463. Léig an donas chun deiridh, a n-dúil s' nach d-tiocaidh se choidhche.
464. Biann a mhi-ágh féin a' brath air gach duine.
465. Biann ágh air amadan.
466. Fuair se air siubhal eadar cliath a's ursainn.
467. Chan mur shaoiltear a chríochn'ar.


L. 224


468. Lá fheil' Pádruig earraigh, biann nead air gach coill, breac air gach
linn, agus laogh boinionn ann gach airidh-bhó a n-Eirinn.
469. Gaoth ó dheas, teas a's toradh;
Gaoth ó n-iar, iasg a's boinne;
Gaoth ó thuaith, fuacht a's feannadh;
A's gaoth ó n-ear, meas air chrannaibh.
470. An lonn dubh a sheineas go binn 's na Faoilligh, gulaidh se go cruaidh
's a Mart.
471. 'Sé an sioc soinionn an earraigh,
'Sé 'lionas fearantaidh le stór;
B'fhearr cith cloch-shneachta a d-tús an Iobráin
Ná leathad an aigeáin de'n ór.
472. Fiach dubh foghmhair, agus feannog earraigh.
473. Nodhlaig ghlas agus roilig mhéith.
474. Ceatha Iobráin a neartuigheas na saorclann.
475. Trath 'ghoireas a chuach air a sgeathach lom, díol do bhó a's
ceannaigh arbhar.


L. 225


476. Is bliadhain shóghmhuil shocharaidh
Bliadhan róghmhuil sgeachairidh.
477. Oidhch' fheil' Finnín finn
'Sé a thig rinn air an uair;
Agus lá Padruig na bh-feart
A bheir neart do'n chloch fhuar.
478. Trí lá lomartha an loinn,
Trí lá sgiuthanta an chlaibhreáin, three days of punishment for
the stonechatter
Agus trí lá na bó riabhaighe.


L. 226


479. Ma thig a Mharta a steach mur a leomhan, théid si a mach mur an uan.
480. Is tuar fearthana alt áilleog.
481. Geimhreadh ceóthach, earrach róghach pleasant,
Samhradh ríabhach, agus foghmhar gríanach.
Geimhreadh róghach, earrach ceóthach,
Samhradh grianach, agus foghmhar riabhach variable.
482. Dearg a n-iar, is ionann é a's grian,
Dearg a n-oir, is ionann é a's sioc.
483. Bogha fliuch na maidne, bogha tirm an trathnóna.
484. Dearg a n-úas, fearthain a's fuacht,
Dearg a n-oir, fearthain a's sioc,
Dearg a n-íos, fearthain a's gaoth,
Dearg a n-iar tuineadh thawing a's grian.
485. Rith con air a mónaidh, oidhche fhoghmhair ag tuitim.
486. Ná mol a's ná di-mol goirt
No go d-ti go rachaidh an mhi mheodhan thart.


L. 227


487. Iobrán bog braonach a bheir boinne aige bá a's ag caoraigh.
488. Beidh tu beó an bhliadhain so, a nois a bhímoid a' tracht ort.
489. A n-diúgh an Aoine a's go soirbhidh Dia dhóibh cha chluin siad sinn.
490. Aghaidh gach nidh fa dheas.
491. Cuir an gloine thart fa dheas.
492. Fios cionn fiaigh.
493. Féuch nach n-dean tu droch-amharc air.
494. Chuala me an chuach 's gan biadh ann mo bhroinn,
An cheud selide a'siubhal air a leac lom,
Uan dubh 's a tón liom,
'S nach b'fhuras damh aithint nach n-éireochadh an bhliadhain
sin liom.
495. Ni fearr dhuit Aoine throsgadh
Ná dar-daol a losgadh.


L. 228


496. Ta cam roilig ann a chois.
497. An rud a sgríobhas a Púca, leigheadh se féin é.
498. Ta se comh fíor 's go bh-fuil Púca, a g-Ceanadas.
499. Dia, a's Muire, a's Eóin baiste linn.
500. Ná créid feannog no fíach
No Dia bréige mna;
Moch no mall mar éirochas a ghrían,
'S mur is toil le Dia a bhíos a lá.



501. Chuir si bioran suain ann a chionn. Said of a profound sleeper
502. Tracht air a diabhal, agus taisbeanaidh se é féin.
503. Baitear a long ann a n-aon pheacaidhe.


L. 229


504. Cha deachaidh aon fhear a ríamh go h-Ifrionn gan sé phighinidh air
faghail bháis dó.
505. Urchar an daill fa'n dabhach.
506. Ta se comh bréugach le h-Oram.
507. Ceathrar d'a d-tug Fionn fuath,
Cú truagh, agus each mall,
Tighearna tíre nach m-béidheadh glic,
A's bean fir nach m-beireadh clann.
508. Trí h-iongantuis Bhaile Fhóir; - muileann gan sruth, angcoire
g-cloich, agus mainistear air fhásach.
509. Ta se comh crionna 's go d-tiobhradh se breith eadar Conall a's
Eóghan.
510. Sin deireadh le h-obair a Dreagaigh.


L. 230


511. Is leúr do'n dall a bhéul.
512. Budh chóir an dán a dheanadh go maith air tús, mur is iomad fear
millte a thig air.
513. Is iomadh sgéul a thig ann a m-bliadhain;
'S iomadh fear nach chíor cionn líath;
'S is iomadh fial air bheagan stóir.
514. Is fearr rith maith ná seasamh fada.
515. Tabhair a rogh do'n m-bodach, agus 's é a díogadh a thoghfaidh se.
516. Is doiligh roghain a bhaint as a díogadh.
517. Iall fada de leathar cháich.
518. Is bog reidh gach duine fa chraicion dhuine eile.
519. Iomad na lamh a bhaineas a cath.
520. Ni'l ó mheud a teachdaire nach móide na gnothuighe.


L. 231


521. Mol a mhónaidh a's seachain í,
Cáin an choill a's tathuigh í,
522. Maith air shean n-duine, maith air án-nduine, agus maith air
leanabh, trí neithe a théid a mógha.
523. An úair 'íosas a mhuc a sáith, éirigheann a biadh searbh.
524. O chaith tu an choinneal, caith an t-orlach.
525. Creach Peadar a's díol Pól.
526. Na bain tuibhe de do thigh féin le sglátaidh a chur air thigh fir
eile.
527. Ta fuasgladh gach ceisde innti féin.
528. Teilg ailp a m-béul a mhadaidh. Applied to a person who talks
too much.
529. An fad a bhíos naosg air móin, no cleite air a tóin, no gob uirthi.
530. An t-olc gan mhaith a d-tóin a chóimhigh.
531. An nidh a deir gach uile dhuine, caithidh se bheith fíor.
532. Cha n-é gach aon lá a mharbhas Muiris bulog.
533. Comh cleachdta air a's bheidheadh fear mire air chaitheadh sean-hata.
534. Is ionann 's a cás, a t-éug 's a bás.
535. Astar bó ion-laoigh. Said of any long-winded affair


L. 232


536. Cha dearna se poll nar chuir mi-se táirne ann. Said when one person
is arguing with another.
537. Sin a chloch a n-áit na h-uibhe.
538. Sin a sóp a n-áit na sguaibe.
539. Ta do chuid 's do bhuidheachas agad.
540. An uile nidh ag íarraidh a chóir féin, agus a gaduidh ag iarraidh a
chrochadh.
541. Ta se mur dearnad ann a stocaidh.
542. Tarruing ribe as 'fhéasóig, a's féuch fein an rachaidh leat.
543. D'íosadh na caoraigh an féur thríd.
544. Fear na bó 's an 'ruball.
545. Ná fag fuighleach táilleair do dhéigh.
546. Geinn d'í féin a sgoilteas a darach.
547. Ma bhris tu an cnámh, char dhiúghail tu an smior.
548. A' mu'r robh ann acht a sagart a's a brathair, chaill mí-se mo
chuid.
549. O thigh an diabhail go tigh an deamhain.
550. As a choire anns a teinidh.
551. As na síor-thathaigh thig na cathaighe.
552. Is fearr suidhe ann 'aice ná suidhe ann 'áit.


L. 233


553. Dean taise le truaighe, a's gruaim le namhuid.
554. Nach é so saoghal fa seach, 's a t-each air mhuin a mharcaigh.
555. An nidh is anamh, is é is iongantaighe.
556. Focal amláin, agus dealg labáin, agus snaithe bog ola a ghearras go
cnámh, na trí neithe is géire air bith.
557. An té 'bhíos buaidheartha, bíann se bogadaigh,
'S an té 'bhíos aedharach, biann se 'mogadh air.
558. Biodh a sligean aig Pádruig a's mo chrág agam féin.
559. An uair is cruaidh do'n chailligh, caithidh si rith.
560. Ta dhá chionn a teud a's cead a tharruing aige.
561. Is mór órlach de shróin duine no de nidh comh beag leith'.
562. Is mairg a chaillfidh ann uair onfa.
563. Ma ghradhann tu an t-aoileach, ni fhaic tu dúragan ann.
564. Deireadh gach sean-mhallacht, sean-ghearran bán. Meaning that
the finishing stroke of ill-luck is being served with a law "process".
565. Briseadh gach uile dhuine fuinneog dó féin, mur dubhairt an t-amadan.
566. Is iomadh gléus ceóil a bhíos ann, ars' an fear a robh a trumpa maide
aige.
567. Ta se comh daor le h-im na Fraince.
568. Ni lia tir ná gnathas.
569. Ni faghthar saoi gan locht.


L. 234


570. Mac baintreabhaighe aig a m-bidh crodh, searraeh sean-lárach
air feúr, agus madadh muilleora aig a m-bidh min, triúir is
meanmnaigh air bith.
571. Is cruaidh an cath ó nach d-tig fear innsidh an sgéil.
572. Féudaidh an cat amharc air an righ.
573. An chearc a' dul ag íarraidh an ghéidh.
574. Sin a ghrideal a'tabhairt tón dubh air a b-pota.
575. An chapall a phreabas 's é éimheas.
576. An té 'bhrathas 's é mharbhas.
577. Maireann an chraobh air a bh-fál, a's cha mhaireann an lamh a
chuir i.
578. Loisgeann se a choinneal 's a da chionn.
579. Is de'n imirt mhaith a choimhead.
580. Caithtear cuinm a n-déigh Cásg.
581. 'S é an gaduidhe is mó is fearr a ghnidh crochadair.
582. Is olc a breitheamh air dhathaibh dall.
583. An t-seóid is dó-fhaghala, 'sé is áille.
584. Ta cead cainnte aig fear caillte na h-imeartha.
585. Ciall, foighid, is fárus, a's ná dean aimhleas.
586. Goid ó ghaduidhe, faghail a n-asgaidh.


L. 235


587. Aois crann darach: -
Míle blíadhan a' fás,
Míle bliadhan a stát,
Míle bliadhain air lár,
A's mile bliadhan de bhárr,
Bainfear clar donn daraigh as a lár.
588. Suan-ghoil do chathbhruith, agus cead raflaigh do'n bhrochan.
589. Chighim comh fada 's a chloch mhuilinn leis a bh-fear a bhreacas
í.
590. Fuair si fad a bhróige.
591. Cha troimid' an loch an lach,
Cha troimid' an t-each an srian,
Cha troimid' an chaora an olan,
Cha troimid' an cholann an chiall.
592. Gnidh sparan trom croidhe éadtrom.
593. 'Sé fear na fiadhnuise is mó chidh an racan.
594. Ta se amhuil a's mala pioba, cha seineann se go m-beidh a bholg lán.
595. As a g-cisteanach 'thig an fonn.


L. 236


596. Is maith sgéul go d-tig sgéul eile.
597. Is fusa tuitim ná éirigh.
598. Leigeann gach duine uallach air a ngearran éasgaidh.
599. Gearr mo chionn a's cuir ceirín air.
600. Ma thréigear a sean-fhocal, ní bhréugn'ar é.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services