Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Six Hundred Gaelic Proverbs Collected in Ulster

Title
Six Hundred Gaelic Proverbs Collected in Ulster
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mac Adam, Robert
Composition Date
1858
Publisher
(Béal Feirste: Ulster Archaeological Society, 1858)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1. An té cheanglas, 's é shiubhlas.
2. An té nach gcuireann 'san earrach, cha bhaineann se san fhoghmhar.
3. An té chuireas, 'sé bhaineas.
4. Amharc romhad sul a d-tabhraidh tu do leum.
5. Séid sula n-deóchaidh tu.
6. An té nach g-caomhnaigh beagan cha bhiann móran aige.
7. An té nach g-cuiridh snaim, caillidh se a cheud ghreim.


L. 178


8. Gearr an gad is foisge do'n sgórnach.
9. An té nach g-cleachtann marcaigheacht, dearmadann se na spuir.
10. Cuireann duine snaim le n-a theangaidh nach bh-fuasglochaidh
'fhiacla.
11. Fanann duine sona le séun, agus bheir duine dona dubh-léum.
12. Cha n-diolaidh si a cearc a riamh 'sa lá fhliuch.
13. Is fearr pilleadh as lár an atha ná bathadh 'sa tuile.
14. Is searbh d'a íoc a fíon ma's milis d'a ól.
15. Is cóir nidh a thaisgidh le h-aghaidh na coise galair.
16. Is mairg a leigeas a rún le cloidh.
17. Ná cuir an t-uisge salach a mach, go d-tiobhraidh tu an t-uisge
glan a steach.
18. Is iomad tuisleadh o'n láimh go d-tí an béul.
19. Salachaidh aon chaora chlamhach sréud.
20. Is fearr aithreach agus fuireach ná aithreach agus imtheacht.
21. Rinne se an féur, fad a's bhi an ghrían suas.
22. An té fhanas a bhfad a muigh, fuarann a chuid air.
23. Cuid an taisgeáir aig an g-caithteáir.
24. Chan fhuair an madadh ruadh teachdaire a ríamh a b'fhearr ná é féin.
25. Is maith dhá órus a bheith air do chuigeal.
26. As a cionn a bhlichtear an bhó.
27. 'Nuair a chríonas slat, is deacair a sniomhadh.
28. Is breállan an té nach nglacfadh airgead a d'fhuralochadh air.
29. Is maith a séideadh sróine do dhuine, smug fhaiceal air dhuine eile.
30. Ni'l brigh 'san luibh nach bh-faghthar a n-ám.
31. Ná caill caora le luach pighine de tharra.
32. Is fusa sgapadh ná cruinniughadh.
33. Cha n-é lá na gaoithe lá na sgolba.
34. Ná dean cró a roimhe na h-arcaibh.
35. Ná beannuigh an t-iasg go d-tiocaidh se a d-tír.
36. Mur rinne tu do leabaidh, luidh uirrthi.
37. Sin ag cur muiníghne a g-claidheamh briste.
38. Is beag a t-éibheall a lasas teine mhór.
39. Ma cheannaigheann tu droch-nidh, ceannochaidh tu aríst go h-aithghearr.
40. Ní'l ó mheud an phráinn nach lughaide na gnothuighe.
41. Ma shíneann tu le do láimh, cuairteochaidh tu le do chois.
42. Ma's milis a mhil, ná ligh-sa de'n dréasoig í.
43. Ná cuntais na sicínidh no go m-beidh siad leigthe.
44. Ní sgéul rúin é, ó chluinneas triúir é.
45. Thainig a tón chun talamh eadar a dhá sdól.
46. Faghann na h-eich bás, fhad a's bhios a féur a'fás; or, Gheibh na
h-eich bás, etc.
47. Tarruing do lamh comh reidh a's thig leat as béul a mhadaidh.
48. Sgéul a chuala mi-se, a's chuir me a m-briotal faoi dhó,
Go n-dean a beach dó féin teach anns a g-ciúin ghrían-ló.
49. Ni gheabhar an cú go n-imthigh an fiadh.


L. 181


50. Sabhálann greim a n-ám dhá ghreim.
51. Is sleamhuin leac dorus tigh móir.
52. Is farsuing béul a bhothain.
53. Cuidigheann Dia leis a té a chuidigheas leis féin.
54. Is fearr lúbadh ná briseadh.
55. Ma's fada an lá, thig an oidche fa dheireadh.
56. Buail an t-iarann fad a's ta se teith.
57. Is fearr mall ná go brath.
58. Cha ghabhann dorn druidte seabhac.
59. Chan fhaghthar saill gan saothar.
60. 'Sé an t-éun maidne a gheabhas a phéisdeog.
61. Is trían de'n obair, tús a chur.
62. Luidh le h-uan, a's éirigh le h-éun,
O fhaiceas tu cleath agus fear 'n a déigh,
Go bh-feicidh tu cruacha mónadh a's cocaidh féir.
63. Dean sin mur a bheidheadh teine air do chraicionn.
64. An té is luaithe lamh, bíodh aige an gadhar bán 's a fiadh.
65. Is fearr éirigh moch ná suidhe mall.


L. 182


66. Char fhag se cloch gan tionta.
67. Sgíste ghiolla an ghobha, ó na builg chun na h-inneora.
68. Ma's gasta an gearr-fhiadh, beirthear fa dheireadh air.
69. Is minic a bhi cú mall sona, a's cú dona 'n a rith.
70. Is minic a rug fear a deich air a dá fhichid.
71. A n-déigh a chéile tógthar na caisleáin.
72. Is éigin do leanabh lamhachan sul ma siubhalaidh se.
73. Cha chruinnigheann cloch chasaidh caonach.
74. Gheibh béathach cheithre g-cos tuisleadh.
75. Faghann íarraidh íarraidh eile.
76. Mu'r robh gnothuighe a mach acu, beidh a sáith gnothuighe a bhaile acu.
77. Da m-beidheadh aon ribe air do chuigeal, cha deantá sin.
78. Is ionmhuin leis a chat iasg, acht ni h-áill leis a chrúba fhliuchadh.
79. Is maith a saoghal é ma mhaireann se a bh-fad.
80. 'Sé'cuid an t-searraigh de'n chliath a ta agad-sa.


L. 183


81. Ta uallach mhic léisge ort.
82. Léisge luidhe agus léisge ag éirigh, sin mallachd Choluim-chille.
83. Is trom an t-uallach an fhallsachd.
84. Ghnidh codladh fada tón lom.
85. Budh mhaith an teachdaire le cur a g-coinne an bháis thu.
86. Eisd le tuile na h-amhna, a's gabhaidh tu breac.
87. Eisd le gaoith na m-beann go d-traoghthaidh na h-uisgidh.
88. Ni fiú an sógh an té nach bh-fulaingidh an-ndóigh tamull.
89. Is fada an ród nach m-biann casadh ann: -
Is díreach an bothar nach m-biann cásadh ann.
90. Is faide go bráth ná go bealtuinn.
91. Is subhailce an fhoighid nach d-tugann náire.
92. An nidh nach féadar a léigheas, is éigin 'fhulaing.
93. Is olc an ghaoith nach séididh go maith do dhuine éigin.
94. Chn 'uil tuile ó mheud nach d-traoghann.
95. Nachar leór do dhuine dhona a dhichioll a dheanamh.
96. Cha bhiann imirce gan chaill.


L. 250


97. Foghnaidh go leór comh maith le féusda.
98. Is fearr teine bheag a ghoras ná teine mhór a losgas.
99. Is fearr leith-bhuilin ná a bheith falamh gan aran.
100. Is fearr péire maith bonn ná dhá phéire uachdar.
101. Is beag a rud nach fearr ná diúltadh.
102. An úair is gainne an meas 's é is fearr a bhlas.
103. Is maith an t-annlann an t-ocras.
104. Is fearr marcaigheachd air ghabhar ná coisigheacht ó fheabhas.
105. Is fearr díomhaineach ná ag obair a n-asgaidh.
106. Is fearr fuigheall ná bheith air easbhuidh.
107. Is fearr 'na aonar ná bheith a n-droch-chuideachd.
108. Ná dean beagan de do mhéis.
Gan fios nach péisd a bheidheadh d'a meas;
Ni fearr an mhias mhéith
Ná 'n mhías réidh a d-tiocar leis.


L. 251


109. Cha n-é gach aon n-duine d'ar órduigh Dia sponóg airgid ann a bhéul.
110. Cha lugha do mhaoin ná do mhuirighin.
111. Is fearr an t-sláinte bhocht ná an táinte air chnoc.
112. Is fearr paiste ná poll,
Is fearr lom ná léun,
Is fearr maol ná bheith gan cheann,
A's diabhal ann acht sin féin,
113. Ma's dona maol, is míle measa mallog.
114. Is fearr suidhe gearr ná seasamh fada.
115. Iomarcaidh d'aon nidh, 's ionann sin 's gan aon nidh.
116. Is fearr teacht a n-deireadh cuirme ná a d-toiseach troda.
117. Is maith an gearran nach m-baineann tuisle úair éigin dó.
118. Súil le cúitiughadh a mhilleas a cearbhach.
119. Is fearr fuighleach madaidh ná fuighleach mogaidhe.
120. Cha d-tuigear feum an tobair no go d-téid se a d-tráigh.
121. Beagan síl de'n athruigh chóir
A's beagan bó a bh-féur maith
Beagan cáirde a d-tigh an óil
Sin na trí bheagain is fearr air bith.


L. 252


122. Cúradh mo chroidhe ort, a bhothain,
'S tú nach m-biann a choidch' acht a g-cothan;
Acht cáil bheag bhuideach de do shochar
Moch no mall a thigim
Gur b'ionnad is fusa damh mo chosa 'shíneadh.
123. Is fearr falamh ná droch-sgeul.
124. An té nach ngabhaidh comhairle, glacaidh se comhrac.
125. Léig dó fuaradh 'sa g-craiceann a'r theith se ann.
126. Ná taisbean do fhiacal 's an áit nach d-tig leat greim a bhaint
a mach.
127. Ma's maith leat síochaint, cairdeas, a's moladh,
Eisd, faic, is fan balbh.
128. Ná labhair gach nidh do b'áill leat, le h-eagal go g-cluinfeá nidh
nar bh'áill leat.
129. Da fhaide a's bheidheas tu a muigh, ná beir droch-sgéul a bhaile ort
féin.
130. Théid focal le gaoith, a's théid buille le cnáimh.
131. Chan sgéul rúin a chluinneas triúir.
132. Cha deanann balbhan bréug.


L. 253


133. Is olc nach ngabhaidh comhairle, acht is míle measa a ghabhas gach
uile chomhairle.
134. Is furas beagan cainte a leasughadh.
135. Is binn beul 'n a thosd.
136. Ná bi 'g 'ul eadar a craiceann 's a crann.
137. Is fearrde do'n m-bró a bhreacadh gan a bhriseadh.
138. Ná luadh gach nidh do chifear duit,
Is beag an dioghbháil a ghni an tochd;
Eisd le comhairle dhuine ghlic,
Tuig, a's léig móran tharad.
139. Biann marbhadh duine eadar dhá fhocal.
140. Is éasgaidhe neóin ná maidin.
141. Is mithid a bheith bogadh na ngad.
142. Ná cuir do ghnothuighe ó 'n-diugh go d-ti a máireach.
143. Thainig tu an lá a n-déigh an aonaigh.
144. 'Sé triall na g-cearc ag 'ul go h-Albainn.


L. 254


145. Fál fa'n ngort a n-déigh na fóghala.
146. A n-déigh 'aimhleis do chithear a leas do'n Eirionnach.
147. Is maith an t-eólaidhe deireadh an lae.
148. Fa choin-fheasgar aithnighear fear.
149. Is fearr an chiall cheannaighthe ná a faghail a n-asgaidh.
150. 'Sí an chiall cheannaighthe is fearr.
151. Is a g-cionn na bliadhna innsidheas iasgaire a thábhachd.
152. Biann eagla na teine air a leanabh dóithte.
153. Is mall gach cos air chasan gan eólus.
154. Moladh gach duine an t-ath mur gheabhaidh se é.
155. Mol a dheireadh.
156. Is maith a sgéulaidhe an aimsir.
157. Is fear eólus an uilc ná an t-olc gan eólus.


L. 255


158. Cha ghabhar sean-éun le cábh.
159. Mol do ghad, 's na mol do shlat; oir is iomadh slat áluinn nach
sníomhann.
160. Is trom an t-uallach aineólas.
161. Cruthughadh na putóige a h-ithe.
162. Is árd géim bó air a h-aineólas.
163. Char órduigh Dia béul gan biadh.
164. Char dúnadh dorus a ríamh nar fosgladh dorus eile.
165. Char dhruid Dia bearn a ríamh nach bh-fosgoladh se bearn eile.
166. Char uaith na madaidh deireadh na bliadhna go fóill.
167. Is fearr muinighin mhaith ná droch-aigneadh.
168. Ta íasg 's a bh-fairge ni's fearr ná gabhadh a ríamh.
169. An úair a thig cabhair, thig dhá chabhair.


L. 256


170. Is breitheamh mall Dia,
Nach dearna 'riamh acht an chóir;
Chuir sé Cormac a mach 's a t-sliabh,
A's léig se an diabhal le n-a thóin.
171. Cha bhiann Dia le mi-rún daoine.
172. Is maith Dia go lá, a's ní fearr ná go brath.
173. An nidh nach n-ithtear a's nach ngoidtear, gheabhar é.
174. Is farsuing Dia 's a g-cumhanglach.
175. Is minic a bhi dubhach mór air bheagan fearthana.
176. Is beó duine a n-déigh a dhaoine, acht ni béo é a n-déigh an náire.
177. Is úaisle onoir ná ór.
178. Is fearr paiste ná poll, acht is onoraigh poll ná paiste.
179. Is beag a rud a shalaigheas brighiste, agus ni lugha a thuilleas
díomadh.
180. Glacaidh gach dath dubh, acht ni ghlacaidh an dubh dath.
181. Lán duirn de shógh, agus lán baile de náire.
182. Ma's mór do chliú, cha mhaith.
183. Is búaine cliú ná saoghal.
184. Is fearr diol tnu ná diol truaighe.


L. 257


185. Is fálta duine a g-clúid dhuine eile.
186. Ghnidh suidhe isioll goradh árd.
187. Is minic a fagadh an té bu mhó mheisneach, a's thainig a deireóil
saor.
188. 'Sí an días is truime is ísle chromas a cionn.
189. Fear falamh a bheidheas gan nidh,
Suidheadh sios a bh-fad o chách;
O mheud a maise bhios 'n a chorp,
Is iomadh lochd a chithear 'n a lár.
190. Ná biodh do theangaidh fa do chrios.
191. Ná seachain a's ná h-agair an cath.
192. Beidh nidh ag an sárachan, 'n úair a bhíos an náireachan falamh.
193. Is fearrde a dhearcas bréug fiadhnuise.
194. Bíann an fhirínne searbh go minic.


L. 258


195. An lus nach bh-fuighthear, 'sé 'fhóireas.
196. Cha deanann bodach bréug 's a chlann a lathair.
197. Cha deachaidh se air sgath an tuir leis.
198. Meallann a fear bréugach a fear sanntach.
199. Ni fiú sgéul gan ughdar éisdeachd.
200. Mhionnochadh se poll thríd chlár.
201. Ná bain leis an nidh nach m-baineann duit (or leat).
202. Ghoideadh se an ubh o'n chorr, a's a chorr féin fa dheireadh.
203. Saoileann gaduidhe na g-cruach gur sladaidibh an sluagh.
204. Eugcóir os cionn gach eugcóir, eugcóir a dheanamh air dhuine mhaith.
205. An uair a thuiteas rógairidh a mach, tocaidh duine macanta air a chuid
féin.
206. Is beag a ta eadar an chóir a's an eugcóir.
207. Cuir an ceart 'roimh an bh-féile,
208. Cuntas glan fhagas cáirde buidheach.
A charas Criosd, cuir a nall an fheóirlin.


L. 259


209. Saoileann gach éun gur b'é a chlann féin is deise air a g-coill.
210. Is teann gach madadh air a charnan féin.
211. Is teann an madadh gearr a n-áit a m-biann a thathaigh.
212. Ni aithnigheann a mhuc a bhios 'sa chró a mhuc a bhios dul a ród.
214. Sin ag deanamh sgléipe os cionn sglámhaireachd.
214. Ni thuigeann an sáthach an seang.
215. Biann duilleabhar áluinn a's toradh searbh air chrann na sgéimhe.
216. 'Nuair a bhios bolg a chait lán, ghnidh se crónan.
217. Is mur gheall air féin a ghnidheas a cat crónan.
218. Cha chuimhnigheann a fear cíocrach a chú go m-beidh a bhrú féin lán.
219. Seól do shean-mhathair lachanaidh a bhleaghan.
220. Gach duine a' tarruing uisge air a mhuileann féin.
221. Is mian leis a chléireach mías mhéith comh maith leis an t-sagart.
222. Is maith fa sheóladh an bhothair an té a bhios olc fa aoidheachda.
223. Is maighistreas a luchog air a thigh féin.


L. 260


224. 'Sí a chneadh féin is luaithe mhothuigheas gach duine.
225. Is mór an caolach a bhi air do bheagan arbha.
226. Molaidh an gníomh é féin.
227. Torann mór air bheagan ola.
228. Leig fad an aghastair leis.
Teilg an t-aghastar fa n-a chionn.
229. Saoileann se gur b'é féin an chloch a caitheadh leis a g-caislean.
230. Is binn gach éun ann a dhoire féin.
231. Chan úaisle mac righ ná a chuid.
Is tu-sa an tighearna O'Néill,
A's mi-se mac t-séin mhic Cuirc;
Tiontamaois a t-sudog air aon,
Chan uaisle mac righ ná a chuid.
232. Biann adharca móra air bhá a bh-fad ó bhaile.
233. Is glas na cnuic a bh-fad uainn.


L. 261


234. Cha deanann aon áilleog samhradh.
235. Suairc an taobh a muigh agus duairc an taobh a stigh.
236. Is minic grána greannmhar, a's éadan des air mhísteáir.
237. Troid chaoracha maola.
238. Ma's olc a dath, is maith a dreach.
239. Taisbean an laogh biadhta, acht ná taisbean an nidh a bhiadhtaigh é.
240. Ghnidh aran cam bolg direach.
Alluding to oaten cakes which become crooked when toasted at the fire
on the "maide aráin".
241. Cha chluinnean se an nidh nach binn leis.
242. Is anamh bhios teangaidh mhilis gan gath ann a bun.
243. Blichtear na bá buidhe, a's óltar a g-cuid boinne.
Agus théid na bá bána gan sál chun a bhaile.
244. Biann borb faoi sgéimh.
245. Biann cluanaidhe a n-deagh-chulaidh.
246. Cionn éireóige air shean-cheirc.
247. Ainm gan tábhacht.
248. Is maith an sgeul (or an greann) a líonas bolg.
249. Cha líontar an bolg le caint.
250. Beiridh cearc dhubh ubh bhán.


L. 262


251. An úair a bhios an deóch a stigh, biann a chiall a muigh.
252. Is cuma liom cumann bean leanna.
253. Is giorra deóch na sgeul.
254. Is iomad gron a chithear air a duine bhocht.
255. Milleann a bhoichtineacht a choingeall.
256. Ta gob a phócain air a chapán aige. The capan is the
wooden dish or bowl in which poor people knead their bread.
257. Chan'uil aige acht o'n láimh go d-ti an beul.
258. Is ball buan do'n donas an náire.
259. Brosnuigheann airc intleacht.
260. Is iomad sift a dheanas duine bocht sul a sgabadh se tigh.
261. Is buidh le bocht a bh-faghann.
262. Is baile bocht, baile gan toit gan teine.
263. Is ionmhuin le Dia duine bocht súgach, acht ni lugha air an diabhal ná
duine bocht lúbach.
264. Millidh an ainnis an t-iasacht.
265. An té a bhios síos buailtear clóch air, a's an té a bhios súas óltar
deóch air.
266. Cha seasann sac falamh.
267. Ni baoghal do'n m-bacach an gaduidhe.


L. 263


268. Cha robh se air faghail, 'n úair a bhi an chiall da roinn.
269. Cha robh se go maith, o rinne slat cóta dó.
270. Falaigheann gradh gráin, agus chi fúath a lán.
272. 'Sé an t-uisge is éadomhuine is mo tormán.
272. Is beag a ghaoith nach ngluaisidh guaigín.
273. Chaithfeadh an té gheabhas súas leis eirigh go móch.
274. Is tréise an dúchas ná an oileamhuin.
275. Is búaine an buinneán maoith ná an crann bromanta.
276. Is iomadh taod a thig ann a lá earraigh.
277. Is mian le h-amadan imirce.
278. Is minic a fuaras comhairle ghlic ó amadan.
279. Gach cat a n-déigh a chineáil.
280. An úair a ghlaodhas a sean choileach, foghlumaidh an t-óg.
281. Ta gó a n-aghaidh gó, agus camadh a n-aghaidh caim, agus casadh
a n-aghaidh na gangaide.
282. Ta nios mó ná a phaidireacha aige.
283. Ta nios mó ná miola ann a cheann.
284. Ta fios aige ca mheúd gráinne pónair a ghnidh cúig.
285. Briseann an dúchas tre shúilibh a chait.


L. 264


286. Thug se ó dhúchas é, mur thug a mhuc a rútail.
287. Aithnigh cú géur a lócht.
288. Guid é dheanadh mac a chait acht luchóg a ghabháil?
289. Gach eún mur oiltear é, ars' an chuach a' dul 's a neanntáig.
290. Gach eún mar oiltear é, a's an uiseag chun na móna.
291. Budh dual do laogh an fhiaidh, rith a bheith aige.
292. An rud fhásas 's a g-cnáimh, ni féadar a dhíbirt as a bh-feóil.
293. Chan 'uil amadan air bith is measa ná sean-amadan.
294. An té is mó fhosglas a bhéul, 'sé is lugha fhosglas a sporán.
295. Da d-treabhadh se an tír, chaithfeadh se an ríoghachda.
296. 'Sé an carr falamh is mó a ghní toran.
297. 'Sé an t-uisge ciuin is doimhne a ritheas.
298. Béul eidhnáin, a's croidhe cuilinn.
299. Bíann a donas a m-bun na stiocaireacht.
300. An Laighneach laoigheach,
An Mumhaineach spleaghach,
An Conachtach béul-bhinn,
'S an t-Ultach beadaidh.
301. Tabhartus Ui-Néill, 's a dhá shúil 'n a dhéigh.


L. 265


302. Roinn mur do dhaoine, a's ná fág thu féin falamh.
303. Da g-cuirinn gruaig mo chinn faoi n-a chosa, cha sásochadh se é.
304. Is fiata feargach gach lag-neartmhar.
305. An té d'uaith an fheóil, óladh se an brot.
306. An té a bhualadh mo mhadadh, bhualadh se mé féin.
307. Cha mhilleann deagh-ghlór fiacal.
308. Chan fhaghann fear mogaidh modh.
309. Cúairt go h-anamh go tigh do charaid, a's fanach gearr goirid ann.
310. Aidigheann a tosdach.
311. Cha n-é an té 'chomhnuidheas a d-tigh gloine, is cóir a cheud
chloch a chaitheadh.
312. Thig se gan iarraidh mur thig a dó-aimsir.
313. Ná cuir do chorran a ngort gan iarraidh.
314. Ta sneag an cheapaire nar uaith tu ort.
315. Cha robh tu a ríamh gan Diarmaid agad.


L. 266


316. Ná cuir do ghob a g-cuideachta gan íarraidh.
317. Cha d-tainig fear an eadarsgáin saor a ríamh.
318. An té is measa beáirt a's béusa.
Is lía bheir tó-bhéum do gach aon neach;
Is léur dó locht gach duine ann 'éudan
'S ní léur dó an lán-locht a n-damantar é féin thrid.
319. A ghreideál a' tabhairt tón dubh air a b-pota.
320. Comhairle charaid gan a h-íarraidh, chan fhuair si a riamh an meas
budh chóir di.
321. An té a bhios 'n a mhaighistear, aithneochar é.
322. An té a luidheas leis na madraidh, éireochaidh se leis na dearnadaidh.
323. Is maith an sgathan súil charad.
324. A n-am na ciorra aithnighear an charaid.
325. Bain le ruincín, a's bainidh an ruincín leat. peevish man
326. Théid gach éun le n'alt fein.
327. Eunlaith an aon eite a n-éinfheacht ag eitiollaigh.


L. 267


328. Bog a bodach a's bain beum as; ól a ghloine a's bi reidh leis.
329. Cha robh caora chlamhach air a t-sréud a riamh, nar mhaith leithi
comráda bheith aici.
330. Ni heólus gan iontuigheas.
331. Na tréig do charaid air do chuid.
332. Bhearaidh aon mhadadh a mháin air mhadaidh an bhaile tafann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services