Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Uiseog

Title
An Uiseog
Author(s)
Ó Searcaigh, Donnchadh,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN PÓTAIRE.



Nach dona 's nach brónach do'n té bhíos ag ól?
Níl sógh ag n-a mhnaoi bhoicht ná lón ar a bhórd;
Níl bó i n-a bhoitheach ná caora 'na chró;
Is gur chuma leis fá 'n domhan mhór mur rabh acht gloine
'na dhórn.



Níl ór i n-a phócaíbh ná coirce 'n-a stór;
Tá a chosa 'lig stróctha 's a bhróga ag gabháil cheóil;
Tá a pháistí gan éadach 's ní bhéidh siad 'bhfad beó;
'S go ndíolfadh sé a anam ar ghloine de'n bheóir!



Níl deoch ins an chupán 'ná lónughadh d'á chómhair;
Tá 'n dúidín beag folamh is eisean i dtigh 'n óil;
Nuair a thiocfas an Domhnach, ní'l aige aon lón;
Ní théid sé chun Aifrinn is tá sé faoi bhrón.



Tá na cearca ag cleitigh 's na madaidh ag glaodh;
Tá a mbolg fann folamh dhe dhíoghbháil min' bhuidhe.
Tá a theangaidh tirm tartamhail 's níl aige an tslighe
Le an bóthar do bhualadh go dtí teach na dighe.



Tá na páistí ag méadughadh 's ag Nóra bhí sógh,
Agus Pádraic ag laghdughadh 'san choirneál gan teódhacht;
Tá a bhean bhocht ag guidhe Dé fá a thionntodh ó'n bheóir,
Le a bheatha do leigheas dó i ngleann so na ndeór.



Tá Máire go dona is Nuala faoi bhrón,
Is, ag éalódh dó, easbhaidh air gach clúdaigh d'á chómhair.
Tá na hiasgairí cruinn is na bádaí faoi sheól,
Agus Seón óg go hathchuingeach air ó chlár tighe an óil.



Ar phór óil na meisge deán a seachnadh go deóidh;
Acht mur leobhtha-san an saoghal seo, tá a dtuigse faoi cheó.
'Sé comhairle mo chroidhe díbh gan barraidheacht d'ól,
Má's mian libh saor-chomhnuidhe i bhFlaitheas na mbeó.


L. 2


AN CHRÚBACH I dTORAIGH.



An lá chuaidh an chrúbach go Toraigh,
Níor chúgail sí fodar ná féar,
'S níor leig sise búithre le hocras,
Acht cumhaidh a bheith uirthi 'g dul siar,
Níor bh'fhada a seal ar an oileán
Gur thriall sí ar ais go tír mór,
'S deir daoine nach gcoisgfidh sí an turas
Go nglanaidh sí timcheall Ghaoith Dóir.



D'éirigh Éamonn Ó Dubháin 'na sheasamh
Is d'fhiafruigh cá dteachaidh a bhó.
Hubhradh go rabh i Mín an Chladaigh
Ná i n-Inis Bó Finne d'á chómhair.
Deir daoine, má chuaidh sí go Croichshlighe,
Nach baoghal díthe pilleadh níos mó,
Ná tá Cormac ruadh 'deánamh curraigh
'Gus is aige tá craiceann na bó.



Deir Cormac, “Ní mhaoidhfear a craiceann,
Ná ní maith liom-sa aon dhuine d'á luadh,
Acht cuirfidh mé an cás i gcúirt easbog,
Mur saorfar go tapaidh an fear ruadh,
Mar shamhailt na laochraidhe bhí i dTeamhair
I ngníomhaibh 's i n-aigneadh go buan,
Ná 'n gearrfhiadh a chlaoidh le n-a chonairt,
Acht ní baoghal dó an currach chur suas.”



Bhí sí go lúthmhar i bponc seal
Le gearrfhiadh ag bun sléibhe ná ag bárr,
Go dtainic Éamonn Ó Dubháin as Toraigh
Is gur dhearc sé ar a cab 's ar a cárr.
D'amhairc sé uirthi siar fá'n leath deiridh
Is d'éirigh sí 'na seasamh i léim,
Sráid Ghuirt an Choirce gur ghlan sí,
'S bhí a cuid fhéin de'n mhargadh léi.


L. 3


Beir sgéala uaim siar chun na Rosa,
'Ionns' ar an Dálach ar'b ainm dó Aodh,
Gur éaloidh an chrúbach as Toraigh,
'S go dteachaidh sí 'nonn ar an Ghaoth.
A samhailt ní rabh ins an tír seo,
Agus ní fhacas ariamh go fóil,
'Gus 'sé chluinim ar maidin Dia hAoine
Gur bhuail sí an cladach faoi sheól.



Maise, a Éamonn Uí Dhubháin i dToraigh,
Dar mo chúise, níor mhaith liom do bhó;
Ná budh tusa an fear clúiteach i mbaile,
Budh subhach a bhí seal i dtigh an óil.
Dá mairfeadh an chrúbach in d'aice,
Bhéidheadh lúdair comh farsaing le móin,
Is níor bh'fhearr léithi siubhal ar an talamh
Ná cúrsáil amach go tír mór.



Is dona a chlaoidh mé mo thuras —
An siubhal nár fhág crioth in mo stuaic —
Ó'n Luinigh 'nonn thríd Bhun na Leice,
'S go Croichshlighe, ag Cormac ruadh.
Bhí táilliúir na tíre ann, lucht teagaisg,
Is níor mhór leo-san marbhadh mo bhó —
Choingbheóchadh siad cómhrádh le heasbog
'S an pota ar an teinidh 'gabhail cheóil.



NACH AOIBHINN DO'N ÉANLAITH.



Nach aoibhinn do'n éanlaith a d'éirigheas gach lá
A chodluigheas 'na dhéidh sin ar an aon chraoibh amháin.
Chá n-é sin damh féin ná dom' chéad míle grádh,
Is fada fada ó n-a chéile bhíos ar n-éirighe gach lá.



An ghrian os cionn duibheagáin tá ar m'aigneadh, faraor!
Gan faoiseamh ná furtacht le tuilleadh is bliadhain.
'Sí sin an bhliadhain mhór fhada d'fhág an arraing in mo
thaoibh,
Is nach truagh dhuit mé ag éagcaoint, a chéadh-ghrádh mo
chroidhe!


L. 4


Nuair a fhosglas na spéartha is éirigheas an lá,
Tá'n lán mara 'na dhéidh sin 'g dul i n-aghaidh srotha ag
trághadh.
Ní mar sin, och, a bhím-sa 's mo chúig míle grádh!
Is fada fada ó n-a chéile bhíos ar n-éirighe gach lá.



Is báine í ná 'n lile, is deise í ná 'n sgéimh;
Is binne í ná 'n bheidhlín 's is soillsighe í ná 'n ghréin;
Is fearr ná sin uile a huaisleacht 's a méinn;
Is a Mhuire tá ins na flaithis, deán fuasgladh dem' phéin.



MALAIDH BHÁN.



Do bhí mé lá gan amhras
Ag dul sráid an bhóithrín bhuidhe,
Ó, maidin aoibhinn shamhraidh,
Dhar liom, bhí 'n drucht na luighe;
Cia thárla dhamh acht spéir bheag;
Budh deise, b'fhearr a dlaoigh
Mo chreach, mo léan is m'angar!
'Sí 'n bhean do bhraith mo chroidhe.



A Dhé gan mise i Muineachán,
Is mé in mo cheannaidhe snáth;
Mo mhuirnín deas i n-aice liom'
Níor bh'fhada liom an lá.
Do sgairtfinn ar an bhiotáilte,
'Gus dhíolfadh Máire 'n cháin,
Is shnámhfainn ar an fhairrge
Dom' mhaighre barramhail mná.



A stóir, ná bíodh ort buaidhreadh,
Ná brón ná briseadh croidhe,
Ná nídh ar bith de'n tseórt soin,
Acht aer is spórt an tsaoghail.
Dá mbeadh agam an domhan mór
'S a bhfuil i gcófra ghlais an ríogh,
Is duit-se bhéarfainn é mar fhéirín,
Acht éalodh liom mar mhnaoi.


L. 5


Och, luighfidh mé 'sa' chóirneál,
Is béidh mé breoite tinn,
Ag fiafruighe de mo mhuirnín,
An gcíorfaidh sí mo chionn.
Tá na céadta fear i ngrádh léi
Go bráth nach dtig 'un cinn,
'S má thug mé grádh do Mhalaidh bháin
Ní'l náire ar bith liom ionn.



NANSAÍ NÍ GHRIOBÚIN.



Seo thíos an gleann íseal i gcomhnuidheann mo ghrádh —
A com is míne 'ná an síoda 's is gile 'ná an bláth,
'S tá mo chroidhe-se 'n-a thrí mhíle osna 'n-a lár —
Acht mur' bpóga mé an stáid-bhean, is comrádaidhe dhamh
an bás.



Nuair a éirighim-sa ar maidin, is ádhbhar damh an brón;
Nuair a luighim-sa 'san oidhche, is paidir damh an deór.
Tá gruaige mo cheann-sa ag síor-imtheacht mar cheó,
Agus 'sé do ghrádh folaigh nach gceilim go deóidh.



Dá mbéidhinn-se beó ná folláin teacht an tsamhraidh, rachainn
síos,
'S a bhfuil beó agus marbh ní thabhairfidh mé aníos.
Míle b'fhearr liom ar an bhaile udaigh 'n áit ar chaith mé
tús mo shaoghail,
'Ná da bhfuighinn-se mil ar chuiseogaibh ag bun an Taoibh
Mhín.



Dá bhfuighinn teachtaire beag gasta rachadh thairis an sliabh,
Bhéarfadh sgéala uaim chuici go bhfuil mé ar mo thriall,
'S a Nansaí Ní Ghriobúin, is tú mhearuigh mo chiall,
'S duit a d'ársóchainn tús agus deireadh mo sgial.



RÓISE DHUBH



A Róise, dá m'áil liom thú, nar bh'aoibhinn duit?
Is deas a chealgfainn do leanbh bán dá mbéidheadh sé ag gul.
I nAlbain dá gcasfaidhe sinn i ndé nó i ndiu,
Sgéal cinnte sin nach bpillfimis araon gan guth.


L. 6


A Róise bhinn mhodhmhar is áilne méin,
Tar chun mo thórraidh-se go brónach, má's áil leat é;
A lóchrann udaigh tógthar i lár an lae,
'S gur bh'í an phóg sin Dia Dómhnaigh a bhásuigh mé.



Marbh mise, a bhradaigh, 's nár bhudh éadáil duit,
'S go bhfuil m'anam istig a gheall ort, 's chan i ndé nó i ndiu,
D'fhág tú mé lag anbhfann gan gné gan chruth;
Rinn tú feall orm sul mar dhearbhuigh mé mo thréartha dhuit.



A Róise an cúil dualaigh is na gruaige tiugh
Anuas le do ghualannaibh mar bhláth na sruth,
Chuala mé do thuaraisg, 's chan i ndé nó i ndiu,
'S gur ag dul i bhfuaradh ionnam gach uile uair atá mo
Róise Dhubh



Tá réalt ins na spéarthaibh leis a ndóirtfear fuil;
Tiocfaidh an Éirne 'n-a tonnaibh tréana is raobfar cnuic;
Raobfar Carn Téine agus na móinte uilig,
I n-amharc Éireann sul a n-éagfaidh sí, mo Róise Dhubh.



Tá réalt ins na spéarthaibh i n-imeall na ceó,
Is a leitheid níl i nÉirinn is ní bhéidh go deoidh.
A chruithneacht ar mhnáibh Éireann, agus a phlúir ban óg,
Is gur léigheas ar an déideadh an té bhlasfadh do phóg.



Tá mé éadtrom in mo chéadfadhaibh, 's ta mo chroidhe d'á
shlad,
Táim i dtionnsanadh coinsinsium, a mhíle stór, le seal;
Ór na Frainnce dá bhfaghainn gan roinn é gan do phóg, ní'l
gar,
Do bhéilín cruinn deas, is míle milse é, 'ná stor na mbeach.



Tá mé iomarbháigheach in m'intinn ar nós fear meisg';
Tá nídh éigin do mo bhuaidhreadh 's ta mé i gcomhnuidhe i
mbruid;
Tá guth na n-éan ag gul 's ag géar-ghul fá mo loiteadh go
tiugh
'S gur áil liom fhéin bheith ag siubhal an tsléibhe le mo Róise
Dhuibh.


L. 7


A chraobh an áighe, ná cuir i gcás mé fá ar éirigh dhuit,
Ná tá bráthair duit ar sáile 's ag triall thar muir.
Tiocfaidh do phárdún ó'n Phápa 's ó'n Róimh anoir,
'S ní spáráilfear fíon Spáinneach ar mo Róise Dhuibh.



Is fada an réim a leig mé léithi ó 'ndé go 'ndiu,
Trasna an tsléibhe is mé 'n-a déidh mar seoladh dhamh.
An Éirne go dtug sí léim thairsti, cé gur mór an sruth.
Mar ga gréine ar mhullach sléibhe go bhfuil mo Róise Dhubh.



Dá mbeidheadh seisreach agam, threabhfainn i n-aghaidh na
gcnoc,
Léighfinn soisgéal Dé in' Aifrionn do mo Róise Dhuibh;
Phógfainn a béilín meala thug an óige dhamh,
Is dhéanfainn cleas ar rígh na gcleasann do mo Róise
Dhuibh.



Tá aghaidh fhionn gheal ghléigeal is áilne lí,
A bhfuil céad grádh agam fhéin uirthi thríd lár mo chroidhe;
Éaloidh liom-sa, a chéad-shearc, agus fág an tír,
Is má 's féidir é, dhéanfaidh mise báinríoghan díot.



Is deise í 'na bláth na Beáltaine, mo Róise Dhubh;
Is báine í 'na bláth na háirne ins an mhaidin mhoich;
Tá a gruaidh áluinn mar rós i ngárrdhaidh ná bláth na sruth;
Tá lile deas is com cláirsighe ag mo Róise Dhuibh.



TIOCFAIDH AN SAMHRADH.



Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar,
Agus tiocfaidh an duilleabhar glas ar bharr na gcraobh;
Tiocfaidh mo chéad-searc le bánughadh an lae
Agus buailfidh sí port ciuin le cumhaidh 'mo dhéidh.



Is óg agus is óg a chuir mé dúil i ngreann,
Agus dhéanfainn súgradh le mo rún ar faill,
Níl baile cuain ar bith d'á ngluaisfeann ann
Nach bhfuighinn cailín óg deas do shiubhailfeadh liom.



Is plóid ar an fhairrge, mar'b í tá mór!
Chuaidh sí eadar mé 's mo míle stór.
D'fhág sí ar an bhaile seo mise ag deánamh bróin,
Agus aon dheór chá nguilim a choidh'e níos mó.


L. 8


Shiubhail mise thoir agus shiubhail mé thiar;
Shiubhail mé Corcaigh agus Baile Átha Cliath;
Shiubhail mé an baile seo fá dhó le bliadhain,
Ag iarraidh mo stóirín bhain díom mo chiall.



Tá 'n oidhche seo dorcha agus béidh go lá
Le dhul 'n an Mhuine suas ag iarraidh mná
'S ar Aodh Mac Fhionnle 'bhfuil aige a sháith
Go bhfághmuid Máire uaidh agus faoi n-a láimh.



Tá ceathrar agus fiche acú i n-i mbaile amháin,
Agus 'sí mo bhean fhéin acú an bhean is fearr.
Tá blas na meala uirthi agus an boladh breágh —
'Sí an péarla áluinn í tá doiligh 'fhághail.



AN CAILÍN DONN.



Thíos i dtigh an tórraidh chuir mé eolas ar mo chailín donn;
Bhí a gruaidh mar na rósaibh is a béilín mar an siúcra donn;
Bhí hata os cionn a clóca uirthi is búclaí buidhe de'n bhrís
a b'fhearr;
Bhí ribíní i n-a brógaibh — 'sí mo stóirín í go bhfuighe mé bás.



Acht mo mhallacht rith an tsaoire ar an té udaigh thug mo
ró-ghrádh uaim,
Nach leigfeadh ar mo ghaobhar í Dia hAoine ná go moch
Dia Luain,
Acht dá mbéidheadh sé ag dórtadh fhearthainne 's é bheith
'síobadh sneachta ó thuaidh,
Le mo ghrádh dá bhfaghainn cead éalóidh go mbéidhinn comh
haoibhinn leis an eala ar cuan.



Bhí mé lá breágh shamhraidh i ngleanntán 's mé ag seoladh bó;
Casadh orm an spéir-bhean 's í gléasta ins an éideadh chóir.
Bhí mil ar bharr na gcraobh ann agus céir bheach ag bun na
gcrann;
Bhí iasg na finne ag léimnigh le haoibhneas go rabh sí liom.



Bhí mé lá go ceólmhar ar mo sheól agus mé i gceann a tighe,
Ag síor-ghabhail do'n cheól 's ag cur na mbréag i n-umhail
do ghrádh mo chroidhe.
Níl binn aici ar mo ghlórthaibh, mar shaoileann sí gur ag
magadh bhím,
Acht támaid óg go leór 's ní phósfamaid acht stór ar
gcroidhe.


L. 9


Chaith mé bliadhain 's trí ráithe i n-obair cheárdcha is mé
i gCúige Laighean,
'S níor stad mé riamh de'n rása sin ná go dteachaidh mé go
Connacht' fhéin:
Ní rabh mo mhuintir sásta fa'n chuirm sin a dheanamh réidh,
Acht dá n-éalóchadh mo ghrádh liom ar a máithrín go
gceilfinn é.



Maidin cheodhach d'ar éirigheas — dar liom fhéin bhí 'n mhaidin
fuar,
Bhreathnuigh mise an spéir-bhean i n-a gréibhlíbh is budh deas
a gruaidh.
Dhruidmear le n-a chéile mar ndúil 's go rachfamais
fá'n chuan;
'S le 'mhéid is bhí 'na déidh orm níor éirigh leóbhtha a mealladh
uaim.



AN CAILÍN THRÉIG MÉ.



Thug mé rása go mullach an árdáin
'S an dara rása 'un a' tsléibhe fraoich;
Ag iarraidh tuairisg an chailín d'fhag mé
Nach í rinn bás díom thríd lár mo chroidhe.



Dá mbéidhinn 'mo bhádóir, nach deas mar shnámhfainn
Gach ceann 's gach ceárn i mbídheadh grádh mo chroidhe?
Bhéidhinn 'mo ruithe leis na tonnaibh bána
Is mé 'g éirighe i n-áirde leis na bruaich bhuidhe.



Nach meall 's nach lúbach a chuir sí i gcéill damh
Nach bhfásadh an féar thríd an talamh 'níos;
Nach dtabhradh an ghealach a solus d' Éirinn,
'S nach soillseadh na réalta le linn na hoidh'e.



Bhí an cailín óg deas do shiubhladh an ród liom
Mar phéarla seoide i gcúirt an ríogh,
Ag soillsiughadh 'n bhealaigh, ag siubhal an róid dúinn,
Is mar réalt eolais lém' thaobh 'san oidh'e.



Bhí fliúit is orgáin ag seinm ceoil ann,
Is mo chailín óg deas ag siubhal an tighe,
'S ní iarrfainn de shaidhbhreas go huair mo bháis léi
Acht aon phóg amháin fhagháil ó stór mo chroidhe.


L. 10


Chrap mo ghuailneacha go dtí mo chluasaibh
Is fuair mé fuagairt ghlan ghéar ó'n bhás,
Is ní'l aon dhuine d'á bhfuair mo thualasc
Nár dhubhairt, “Mo thruagh chroidhe mo bhuachaill bhán!”



SAIGHDIÚR TRÉIGTHE.



Ó, ag éirighe damh-sa ar maidin Dia Céadaoin'
Níor choisreac mé m'éadan, faraor!
Ná gur bheir mé ar an arm budh ghéire
'Gus gur chuir mé a bhéal le cloich mhín.
Ó, chaith mise díom mo chuid éadaigh,
Agus mo chiall mhaith gur léig mé le gaoith
'S nuair a chuala mé iomrádh ar mo chéad searc
Ó, stoll mé an chorr-mhéar de'n alt díom!



Deir daoine go bhfuil mé tinn tréith-lag
'S nach bhfuil faeiseamh ag m'aicid le fághail,
Ó chuir mé mo spéis ins an spéir bhig
Tá 'na comhnuidhe ar thaobh Chondae 'n Chláir.
Tá 'n bhrághaid aici is gile ná an faeileann
Ná 'n sneachta a shéidfidhe ar árd;
Tá rós bréagh 'gus lile 'na héadan
'S ní fhaca mé éin-bhean ab' fheárr.



Is fada mo chrádh chroidhe d'á dheanamh,
'S mo thumba d'á bhreacadh ag síon,
Mo chomhnair d'á tógáil lá an earraigh,
'S na buachaillí deasa ag gol faom.
Dá mbéidhinn-se cúig bliadhna faoi'n talamh
Ná i bhfiabhras na leaptha 'mo luighe,
Dá dtiocfá is m' fhiafruighe, a chéad searc
Sgéal cinnte go n-éireóchainn 'mo shuidhe.



Ó, is fada mo chosa gan bróga,
'S is fada mo phócaí gan phighinn,
Is fada mé ag ól le mhnáibh óga,
'S níor ól mé riamh deór le mo mhaoin.
Is cosamhail gur marbh bhí m'athair,
Nuair a leig mé go harm an ríogh,
'Sí an uaigh, ó, mo chruaidh-leabaidh feasta,
'S nach truagh leat, a shearc-rúin, mo luighe?


L. 11


CAITLÍN TRIALL.



Tiocfaidh an oidhche agus luighfidh an ghrian,
Agus thuas ins an chlúdaigh béidh mise liom fhéin;
Tiocfaidh mo ghrádh-sa le bánughadh an lae,
Agus béidh mise ag imtheacht i mbárach léi.



Níl mo ghrádh-sa dubh, níl mo ghrádh-sa buidhe,
Agus is fiú í cheannacht le hór a dlaoigh.
'Sí an plannda cúil-chruinne í, mar d'órduigh an Rí,
'S tá 'n talamh rígh-bheannuigh'e 'na siubhlann sí.



Is mé an fear malluigh'e tá i ngrádh le bliadhain,
Agus b'fhearr liom-sa bean 'na a bhfaca mé riamh.
Leig mé na sagairt is na heasbuig dhíom siar,
Agus leanfaidh mé go bás thú, a Chaitlín Triall.



Gheall tusa domh-sa agus gheall tú fá dhó
Nach ndéanfá mo mhalairt-se anois nó go deóidh,
Ná go bhfacas thú fhéin 's an fear udaigh 'g ól,
I gcúil an tuim driseóige, mug leanna in do dhórn.



Níl aonach ná margadh i mbéidh mise ar an tsráid
Nach bhfeicim-se Ceití ag díol a cuid snath.
Sgairt mé isteach uirthi agus bhuail mé an clár,
Agus a Cheití na n-anam, fan agam go bráth.



Siubhail mise thoir agus shiubhail mé thiar
Ó chéidh Bhéil Átha Seanaigh go sráid Bhaile Átha Cliath.
Agus a leithéid de chailín ní fhaca mé riamh
Go dtainic mé 'n a' bhaile go Caitlín Triall.



TRÁIGHEANNA AN DÚIN MHÓIR.



Ó 'gus éalóchaidh mé i mbárach go Mullach Dubh Gállda
dom' chómhair,
'Gus is tuirseach gan áidhbhéil a ghním na tráigheanna romham
a threabhadh;
Acht ó's nídh é bheas déanta 's nach bhfuil a áthrach anois
rómham,
'Sé mo chéad beannacht a fhágaim ag tráigheannaibh an
Dúin Mhóir.


L. 12


Agus ná saoil nach bhfuil fárus damh i Mullach Dubh Gállda,
mar is cóir,
Ná tá óig-fhir na háite sin i ngrádh orm go mór;
'Siad a roinnfeadh súgh an ghráinnín i dtigh na táibhirne ar
an bhórd,
Agus nach n-iarrfadh sin m' áthrughadh comrádaidhe go
deóidh.



Tá mé i n-eolas na dtráigheanna so gach aon áit go dtí 'n
Bhóinn,
Ó Cheann Ghlinne go Fánaid, 's go Cúil Inis Eoghain;
Bhí spórt agus fáilte ins an áird sin uilig romham.
Acht tá pléisiúr na háite uilig i dtráigheannaibh an Dúin
Mhóir.



Acht tá mé 'nois d'á bhfágail go bráth uilig 'mo dhéidh;
Tá mé 'g dul imeasg mo cháirde agus is mór an sásamh
sin fhéin;
I n-íochtar Mhullach Dubh Gállda béidh m'fhárus níos mó,
Acht mo chéad beannacht 'sé fhágaim ag tráigheannaibh an
Dúin Mhóir.



MAC NÉILL NA CARRAICE.



Ó, 'sé 'n mac sin Néill na Carraice
An t-amharc dubh ag Sasanaigh —
Éirinn mhór agus Albain a bhí seasta le n-a ló;
Le na thaobh-san níor bh'fiú bearán
Ua Néill nó Liam Bhailis
Ná'n Diuic of Cumberland bhí ceannusach ag briseadh
Fointeanóigh.



Ar éirighe suas ó'n talamh dó,
'Sa bholgóig aeir gur bhreathnuigh sé
Suidheachán na Sasanach, 'gus intleacht an tslóigh;
Mar Bhónapáirt 's mar Napper Tandi
Bhí Éamonn óg le beartaibh,
Ar cheathramha bóird 'na sheasamh i n-aimsir chatha is
gleó.


L. 13


Ar sgaoileadh 'mach a luinge dhó
Gur sháruigh se Columbus,
Caiphtín Drake 's ghach ceannphort de'n iomlán riamh
d'ar sheól;
Cabhlach mór na Frainnce,
Gur umhluigh dó le gradam,
'S gur b'é 'n focal a bhí ag gach ceannphort, “Slack
down colours all.”



Gluais sé leis na míltibh sgalgánta,
Anonn go Gibearaltar,
Go mbreathnóchadh sé na hairseanna bhí druidte os
a gceann;
Na sliogáin uadh go gcaithfeadh sé,
Na caithreacha go loisgfeadh sé,
Is go réabfadh sé na geaftaí, dá mbéidheadh a bhealach
ann.



Ó, is é mo bhrón is m'aingneadh,
Nach rabh Éamonn óg 'sa champa,
I n-Eachdhruim d'fhág an t-iomlán de'n dream so faoi
bhrón;
Béal Atha Luain go cinnte
Bhéidheadh ag Sáirséal le n-a ransom,
Chuirfeadh 'n tóir ar Gheinearál Ginceall agus ar Rí
Uilliam Mhór.



CEÓL LOCH' OIDHE.



Sean-fhocal a chuala mé & chreidfeas mé i gcomhnaidhe,
Gach aon ariamh mar oiltear é 's an uiseóg ins an mhónaidh;
Cé bith tír a rachaidh mise ná a mbéidh mé ann 'mo chomhnuidhe,
Béidh mo chroidhe ag bruach Loch' Oidhe 'stigh i lár na sléibhte
móra.



Tá dhá oileán ar an loch bheag seo comh deas & tá i nÉirinn,
Tá an loch 's an ghé is nead acú faoi thom-bhláth ghorm
fraochlaigh;
Go mbh'fhearr liom a bheith 'g iasgaireacht breac geal uirthi
'sa tséasúr,
Ná bheith 'gcaisleán thall i Sasain ag na huaisle uilig ar
féasta.


L. 14


Ó'n chnoc árd-ghlas taobh thall de'n loch tá'n t-amharc
aoibhinn áluinn,
Na luingis ag teacht ar fairrge ó Dhoire 'steach go
Málainn;
Ag siubhal annsin ab' aite liom ó mhaidin go dtí 'n oidhche,
'S nach smaointeóchá ar an pheacadh leis na huain bheag'
óga ag gaoibheal.



Ar an taoibh i bhfos tá an míodhdún glas ó'n uisge go dtí
'n bóthar,
Tá fás gach uile sheóirt annsin & tighthe deasa cómhnaidhe;
Seinnidh an chuach i dtús an tsamhraidh ann ó mhaidin go
tráthnóna,
Tá an eala 'gus an fhaoile ann, an londubh 's an chorr
mhónadh.



'S iomdha maidin shamhraidh a d'éirigh mé in m' óige,
Ag éisdeacht leis na héanachaibh ag déanamh a gcuid ceóil
bhinn;
Iad ag gol ó thom go tom ag eiteallaigh go ceólmhar,
'S a nguth lán binn ag teacht faoi dhuilleabhar ghlas na
gcrannaibh óga.



'S iomdha lá breágh fada chaith mé annsin ar bheagán
buadhartha,
Agus is iomdha lá breágh fada a chaith mé annsin ag deanamh
uabhair;
Ag seóladh na mbó breac amach thríd ghleanntán dheas na
luachra,
I ndéid a bheith ins an loch le teas na gréine 'g iarraidh
fuaraidh.



Seo an áit ar oil mo mhuintir mé nuair bhí mé beag
tréith-lag;
Seo an áit ar cuireadh a chodladh mé le ceóltaibh binn 'na
Gaedhilce;
Seo an áit i mbím anois i bhfad ar shiubhal ag deanamh
uaignis,
Ag smaointiughadh ar mo bhunadh tá 'n-a gcodladh ins an
uaigh ghlais.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services