BROLLACH.
I n-ainm Dé. Amén.
Nocha rightear a leas acht fíor-bheagán tráchta do chur síos ar an
leabhar-sa ann so. Do-bhéaram ar dtús fios a fhátha agus a dhéanta.
Is é Seaán Mac Énrí liaigh do chuir fá deara é do ghabháil do láimh agus
do chur le chéile amhail do-rónadh linn sonn. Ag so tugaid a dhéanta.
Feacht n-aill iomorro tarla tionól agus tiomsughadh ar dhruing ré
leabhraibh de Chuallacht Chosnamha na Gaedhilge. Cuiris Seaán Mac Énrí
liaigh, fá uachtarán ós cionn an tionóil sin, i suim a theirce do
bhíodar leabhair i gcanamhain an Fhochla, agus iar n-a chlos dó fá'n tráth
sin cnuasach sean-sgéal do bheith i dtaisgidh ag an bhfear teagair, iarrais
cead ar lucht an tionóil fá n-a gcur i gcló, ionnus go mbeadh sás an
riachtanais sin do chosg feasda ann. D'aontuigh cách, agus do-rónadh leó
amhlaidh sin.
Dála na canamhna, nocha n-ionann nós di thuaidh agus theas i dTír
Chonaill. Is iomdha deismireacht air sin ré a faicsin isan bhfoclóir noch
do chuirfeadh míothaitneamh ar an druing lé'r bhfearr gach focal do bheith
ar aon nós amháin agus adéaradh nár cheart dá nós ar fhocal. Mo fhreagra
air sin gurab treise canamhain iná gach ní agá sgríobhadh dhúinn, agus
gurab éigean dúinn géilleadh di má chuireann sí éagsamhlacht chrotha ar
an bhfocal gcéadna i gceanntar agus i n-alltar na tíre, má tá gurab
i n-aon leabhar amháin do bheadh an dá nós fá chló.
Nocha gcanfam ní eile feasda acht a rádh nach taithleachas is déanta
dhúinn, acht uaill, fá na foclaibh Sagsbhéarla do dhíothláithriughadh, cibé
sgéal i n-a dtarla i bhfeidhm iad.
Ní beag sin.
Mise
FEAR TEAGAIR AN LEABHAIR-SI.
D'éis Uí Dhomhnaill Dhúin ós sáimh,
Dá dtáinig tús ár dtocráidh,
Ní guth truime do thuirsi —
Uille ná th'uch th'adhbhuir-si.
Eoghan Ruadh Mac an Bháird.
I. SGÉAL SHEAGHÁIN.
1. Bhí baintreabhach mhná ann fad ó shoin. Bhí triúr
mac aicí, agus bhí am cruaidh ann. Arsa fear aca:
“Éirigh a mháthair, agus déan toirtín lóin damh —
sílim go racha mé a dh'iarraidh m'fhortúin.
Rinne a mháthair toirtín lóin dó, agus, nuair a bhí sí
'a thabhairt dó:
“C'acú is fheárr leat,” ars' ise, “a leath agus mo
bheannacht ná é uilig agus mo mhallacht?”
“'S fheárr liom é uilig agus do mhallacht,” ars'
eisean; “tá sé beag go leór agam.”
Thug sí dó uilig é, agus bhí sí a' mallachtaighe air gur
fhág sé a hamharc.
2. Níor shiubhail sé i bhfad annsin gur chas tobair dó
a rabh uachtar meala air agus íochtar fola. Shuidh sé a'
snathad an aráin leis a' mhil agus thainic madadh beag
'ionns' air.
“'Dtabharfa tú damh-sa cuid ar leith agus coimh-
linnt?” ars' an madadh beag.
“Cha dtugaim, a choileáin bhig shalaigh!” ars' an fear;
“imthigh leat!”
Mheasg an madadh a ruball ionnsa' tobar agus chuir
sé uachtar fola air agus íochtar meala.
3. Ní rabh aige acht siubhal leis annsin agus a'
t-arán ithe tur. Níor shiubhail sé i bhfad gur chas fear air.
“Cá bhfuil tú ag 'ul indiú?” ars' an fear.
“Tá mé 'g iarraidh maighistir,” ars' eisean.
“Maith mar thárlaidh,” ars' an fear, “maighistir mise
tá 'g iarraidh buachalla.”
4. Rinn sé fasdádh nó margadh leis, lá is bliadhain,
agus ca bith duine acú a mbéadh fearg air, a' duine eile
stiall a bhaint dá dhruim agus dá bholg agus é imtheacht
leis.
Thug sé a shuipeár bracháin min' choirce agus bainne
mhilis dó an oidhche seo, agus chuir sé amach ar maidin lá
har n-a bhárach é 'un a' sgiobóil a bhualadh arbha, agus
bhuail sé go ham bricfasta agus ní bhfuair sé greim
bricfasta. Bhuail sé go ham dínneora; ní bhfuair sé
a'n ghreim dínneora.
5. Tháinic a' maighistir amach 'un a' sgiobóil 'ionns
air i ndéidh am dínneora. Níor iarr sé air a dhul
isteach 'ionns' air a dhínneoir, acht d'fhiafruigh sé dó a'
rabh fearg air.
“Goidé mar bhéinn acht fearg orm,” ars' eisean,
“nach bhfuair a'n ghreim le hithe indiú?”
“Seas suas annseo,” ars' an maighistir, “go bhfágha
mise mo mhargadh, agus imthigh leat.”
Bhain a' maighistir stiall dá dhruim agus stiall dá
bholg, agus d'imthigh leis stróicthe a bhaile 'ionns' air a
mháthair.
6. Ars' a' darna fear;
“Do mhona 's do mhórnán, do chat mara 's do mharbh
fáin, is dona a d'éirigh duid. Éirigh, a mháthair, is deán
toirtín lóin damh — sílim go racha mé fhéin a dh'iarraidh
m'fhortúin.”
Rinn sí toirtín lóin dó, agus, nuair a bhí sí 'á thabhairt
dó, d'fhiafruigh sí dó;
“C'acú is fheárr leat, a leath agus mo bheannacht, ná
é uilig agus mo mhallacht?”
“Is fheárr liom é uilig is do mhallacht — tá sé beag
go leór agam.”
7. Thug sí dó uilig é, agus bhí sí a' mallachtaighe air
gur fhág sé a hamharc, agus níor shiubhail sé i bhfad gur
chas tobar dó a chas do'n fhear eile, a rabh uachtar meala
air agus íochtar fola.
Shuidh sé a' snathad an aráin leis a' mhil. Thainic
madadh beag 'ionns' air.
“'Dtabharfa tú damh-sa cuid ar leith agus coimh-
linnt?” ars' an madadh beag.
“Cha dtugaim, a choileáin bhig shalaigh!” ars' an fear
“Imthigh leat!”
Mheasg a' madadh a ruball ionnsa' tobar, agus chuir
sé uachtar fola air agus íochtar meala.
8. Ní rabh aige acht siubhal leis agus a' t-arán ithe
tur. Níor shiubhail sé i bhfad gur chas fear dó, a' maighis-
tir a chas do'n fhear eile.
“Ca bhfuil tú 'g 'ul indiú?” ars' an fear.
“Tá mé 'g iarraidh maighistir.”
Maith mar thárlaidh! Maighistir mise atá 'g iarraidh
buachalla.”
9. Rinn sé margadh leis, lá is bliadhain, mar rinn sé
leis a' chéad fhear. Thug sé a bhaile é, agus thug sé a
shuipeár dó, brachán min' choirce is bainne mhilis, mar
thug sé do'n chéad fhear. Chuir sé amach é ar maidin 'un
a' sgiobóil a bhualadh arbha, agus bhuail sé go ham
bricfasta.
Ní bhfuair sé a'n ghreim bricfasta. Bhuail sé go ham
dínneora. Ní bhfuair sé a'n ghreim dínneora. Agus
níor iarr sé air dhul isteach 'ionns' air dhínneoir, acht
d'fhiafruigh sé dó a' rabh fearg air.
“Goidé mar bhéinn acht fearg orm,” ars' eisean,
“nach bhfuair a'n ghreim le hithe indiú?”
“Seas suas annseo,” ars' an maighistir, “go bhfágha
mise mo mhargadh, agus imthigh leat.”
10. B'éigean dó seasamh suas gur bhain a' maighistir
stiall dá dhruim agus stiall dá bholg. D'imthigh sé a
bhaile 'ionns' air a mháthair stróctha mar sin, agus ars'
an fear is óige:
“Do mhona 's do mhórnán do chath mara 's do mharbh
fáin, is dona a d'éirigh daoibh. Éirigh, a mháthair, agus
deán toirtín lóin damh — sílim go racha mé fhéin a
d'iarraidh m'fhortúin.”
Rinn a mháthair toirtín lóin dó, agus, nuair a bhí sí 'á
thabhairt dó:
“C'acú is fheárr leat,” ars' ise, “a leath agus mo
bheannacht ná é uilig agus mo mhallacht?”
“Is fheárr liom a leath agus do bheannacht,” ars'
eisean.
11. Thug sí a leath dó, agus bhí sí a' beannachtaighe air
gur fhág sé a hamharc. Níor shiubhail sé i bhfad gur chas
a' tobar air a rabh uachtar meala air agus íochtar fola.
Shuidh sé a' snathad an aráin leis a’ mhil, agus thainic
madadh beag 'ionns' air.
“'Dtabharfa tú damh-sa cuid ar leith agus coimh-
linnt?” ars' an madadh beag.
“Bhéarfaidh; suidh isteach agus deán comhar liom.”
“Cha suidhim; caith greim beag amach 'ionns' orm.”
“Ní chaithfidh; suidh isteach is deán comhar liom.”
12. Shuidh a' madadh isteach le n-a thaobh, agus d'ith a'
bheirt a' t-arán agus a' mhil, 'fhad is mhair sé, agus ars'
a' madadh:
“Fuaidh beirt dearbhráithreacha duit-se thart, agus ní
thabharfad siad dadaidh damh-sa, agus b'olc a fuaidh
dóbhtha, agus casfaidh an maighistir céadna duit-se anois
agus ghéanfa sé margadh leat, mar rinn sé leis a' bheirt
eile, agus gabh thusa anocht 'ionns' air sheanbhean atá 'sa
chomharsain, agus deán margadh léithí, an méid a bhuail-
feas tú go ham bricfasta, go dtabharfa tú doí é ar
do bhricfasta, an méid a bhuailfeas tú go ham dínneora,
go dtabharfa tú doí é ar do dhínneoir, agus béidh tú ion-
churtha leis.”
13. Níor shiubhail sé i bhfad annsin gur chas an maighis-
tir dó.
“Ca bhfuil tú 'g 'ul indiú?” ars' an fear, nuair a
chas sé dó.
“Tá mé 'g iarraidh maighistir.”
“Maith mar thárlaidh! Maighistir mise tá 'g iarraidh
buachalla.”
Rinn sé a fhasdádh, lá is bliadhain, mar rinn sé an
bheirt eile, agus ca bith duine a mbéadh fearg air, stiall
a bhaint dá dhruim agus stiall a bhaint dá bholg agus
imtheacht leis.
Agus fuair sé a shuipeár an oidhche seo mar fuair a'
bheirt eile, agus fuaidh sé 'ionns' air a' tseanbhean a bhí
'sa chomharsain. Rinn sé margadh léithí, an méid a
bhuailfead sé go ham bricfasta go dtabhairfead sé doí
é ar a bhricfasta, agus an méid a bhuailfead sé go ham
dínneora, go dtabhairfead sé doí é ar a dhínneoir.
14. Chuir a' maighistir amach ar maidin é 'un a' sgiobóil
a bhualadh arbha, agus bhuail sé go ham bricfasta, agus
ní bhfuair sé a'n ghreim bricfasta, acht an méid a bhí
buailte aige, chruinnigh sé é agus thug sé do'n tsean-
bhean é ar a bhricfasta, is a' méid a bhuail sé go ham
dínneora, thug sé doí é ar a dhínneoir.
Thainic a' maighistir amach i ndéidh am' dínneora, agus
d'fhiafruigh sé dó:
“Ca bhfuil a' méid arbha a bhuail tú indiú?”
“An méid a bhuail mé go ham bricfasta, thug mé ar
mo bhricfasta é; agus an méid a bhuail mé go ham
dínneora, thug mé ar mo dhínneoir é. Bhfuil fearg ort?”
ars' eisean leis a' mhaighistir.
“Ní'l,” ars' an maighistir, acht d'aithin a' maighistir go
mbéad sé ionchurtha leis.
15. Fuaidh a' maighistir 'ionns' air sheandhuine dhall a
bhí 'sa chomharsain aige a raibh sórt fiosa aige, ag iarraidh
comhairle air goidé an dóigh a bhfuighead sé a chuir ar
siubhal. Ars' an seandhuine:
“Cuir 'un a' chnuic i mbárach fá choinne molt le
marbhadh é, is tá reithe mór ar a' chnoc nach bhfacaidh a'n
dhuine riamh nár mharbh sé é, agus muirbhfe sé é.”
Ar maidin lá har n-a bhárach, d'iarr a' maighistir air
dhul 'un a' chnuic fá choinne molt le marbhadh, agus fuaidh
sé 'un a' chnuic, agus nuair a hainic a' reithe é, thar-
raing a' reithe air, agus bhuail sé tulc agus tuaim air,
agus chuir sé ar a chúl giota beag é.
“Dar siud is dar seo,”
Arsa Seaghán go prab,
“Má ghní tú sin ar ais,
Ní racha sé leat!”
Fuaidh a' reithe ar a chúl ar ais, agus thainic sé 'un
tosaigh ar ais, agus bhuail sé Seaghán agus leag sé ar
a leathghlúin é.
“Dar siud is dar seo,”
Arsa Seaghán go prab,
“Má ghní tú sin ar ais,
Ní racha sé leat!”
16. Fuaidh a' reithe ar a chúl ar ais, agus a' teacht dó
'un tosaigh, fuair Seaghán greim air, agus bhí siad a
tulcadh leobhtha annsin, ghach a'n dara leagadh agus
éirghe acú, go rabh
Neoin agus deireadh an lae ann,
Agus uisge a' méadughadh,
Agus clocha a' géarughadh,
Agus éanacha beaga na coilleadh craobhaighe
Ag 'ul fá chomhnuidhe,
agus fuair Seaghán buaidh air, agus sgaoil sé a gháirteál
de agus chuir sé ar adhairc an reithe é, agus fuaidh sé a
mharcaigheacht air, agus thainic sé a bhaile a' feadalaigh
'ionns' air a mhaighistir.
“Ó, a Sheagháin dhílis!” ars' an maighistir, “ca bhfuil
tú 'g 'ul leis a' bheathach sin?”
“Ó, 's fheárr é seo le marbhadh ná dhá mholt,” arsa
Seaghán.
“Ó, a Sheagháin dhílis! leig ar siubhal é. Ní theánfadh
a'n dhuine dadaidh leis a' bheathach sin le fórsáil mhór.”
17. Leig Seaghán ar siubhal é, agus fuaidh a' maighis-
tir an oidhche seo 'ionns' air a' tseandhuine dhall, ag
iarraidh comhairle goidé an dóigh a bhfuighead sé Seaghán
a chur ar siubhal.
“Maise,” ars' an seandhuine dall, “cuir a threabhadh
é, a leithid seo 'thalamh i mbárach, agus tá péist ionnsa'
talamh, a shlugfas é féin agus a' dá chionn capall, agus
béidh tú réidh leis. Cuir gasúr beag leis a cheannair-
eacht, agus abair leis a' ghasúr, nuair a mhoitheocha sé an
talamh ar crith, a ráidht go bhfuil a chionn tinn, go gcaithfe
sé dhul a bhaile.”
18. Ar maidin lá har n-a bhárach chuir a' maighistir a
threabhadh é, agus gasúr beag leis a cheannaireacht.
Nuair a mhoithigh an gasúr a' talamh ar crith, dubhairt sé
go rabh a chionn tinn, go gcaithfead sé dhul a bhaile.
“Imthigh leat,” arsa Seaghán; “ghéanfamuid gnaithe
gan tú.”
Ní rabh an gasúr i bhfad ar siubhal gur chuir a' phéist
a cionn aníos as a' talamh agus gur shlug sí cionn de
na capaill as a' tseisrigh.
“Dar siud is dar seo”,
Arsa Seaghán go prab,
“Má ghní tú sin ar ais,
Ní racha sé leat!”
Chuir sí aníos a cionn ar ais agus shlug sí an cionn
eile.
“Dar siud is dar seo,”
Arsa Seaghán go prab,
“Má ghní tú sin ar ais,
Ní racha sé leat.”
19. Chuir sí aníos a cionn an tríothadh uair agus rug
sí greim coise ar Sheaghán agus tharraing sí síos Seaghán
giota, agus tharraing Seaghán ise aníos giota agus fá
dheireadh fuair Seaghán a tarraint aníos ar fad agus
cuir sé 'sa tseisrigh í agus threabh sé go dtí an oidhche
léithí.
Thainic sé a bhaile a' marcaigheacht agus a' feadalaigh
uirthi tráthnóna 'ionns' air a mhaighistir.
“A Sheagháin dhílis!” ars' an maighistir, “ca bhfuil tú
'g 'ul leis a' bheathach sin?”
“Seo beathach maith,” arsa Seaghán. Tá a láidireacht
fhéin agus láidireacht do dhá chionn capall-sa inntí anois,
agus go mbarramus tú go n-oibeora mise léithí.”
“Ó, a Sheagháin dhílis!” ars' an maighistir, “ní thiocfadh
le a'n dhuine dadaidh dheánamh léithí sin. Leig ar
siubhal í.”
20. Leig Seaghán ar siubhal a' phéist, agus d'imthigh sí
ar ais ionns an áit a d'fhág sí.
Fuaidh a' maighistir 'ionns' air a tseandhuine dhall
an oidhche seo ar ais ag iarraidh comhairle goidé an dóigh
a bhfuighead sé a chur ar siubhal.
“Maise,” ars' an seandhuine, “cuir 'un na coilleadh é
i mbárach fá choinne mála éanach, agus fídeog leis, agus
tá leoghan ionnsa' choill nach bhfacaidh a'n dhuine riamh
nár mharbh sé agus muirbhfe sé e.”
Chuir a' maighistir lá har n-a bhárach 'un na coilleadh
é, agus fídeog leis, a chruinniughadh mála éanach, agus,
nuair a fuaidh sé isteach thar a, chloidhe 'un na coilleadh,
shéid sé an fhídeog.
Chruinnigh na héanacha fá dtaobh de gur líon sé a
mhála i n-am ghoirid.
21. Nuair a chualaidh an leoghan an fhídeog, tharraing
sé air.
“'Dtabharfa tú damh-sa an fhídeog,” ars' an leoghan
“go ndeana mé fead léithí?”
“Cha dtugaim,” arsa Seagháin, “acht gheánfa mé cionn
duid.”
Thaiseán sé an bealach dó go teach a' mhaighistir, agus
é tuagh agus tor agus tál a thabhairt leis, agus go
ndeánfad sé fídeog dó.
D'imthigh an leoghan leis fá n-a gcoinne, agus, nuair
a hainic na bailtí é a' teacht, bhí siad a' reathaigh ar
shiubhal ar na cnuic ab' airde — shaoil siad gur mharbh
an leoghan Seaghán agus go rabh sé ag éirghe amach dá
marbhadh uilig.
Stróc a' leoghan na hursanacha as a' dorus, ag 'ul
isteach, go bhfuair sé tuagh agus tor agus tál. Thug sé
leis 'un na coilleadh iad 'ionns' air Sheaghán.
22. Bhain Seaghán a' crann ba ramha hainic sé, agus
rinn sé poll tor ann, agus d'iarr sé ar a' leoghan a
theangaidh chur ionnsa' pholl agus séideadh. Chuir a
theangaidh ann agus bhí sé 'séideadh agus ní thainic leis
fead ar bith a dheánamh.
“Maise,” arsa Seaghán, “cuirfe mise dóigh ort a
ndeánfa tú fead.”
Rinn Seaghán geanntracha síos le teangaidh an leogh-
ain, agus ní thainic leis a' leoghan a theangaidh fhagháil
leis. Nuair a hainic sé an dóigh a chuir Seaghán air,
thug sé iarraidh ar Sheaghán le n-a mharbhadh agus ní thainic
leis maith a dheánamh.
23. An crann a bhí ar a theangaidh, bhí sé ag 'ul i
bhfastádh ionns na croinn eile, agus bhí siad mar sin a'
troid go rabh
Neoin agus deireadh an lae ann,
Agus uisge a' méadughadh,
Agus clocha a' géarughadh
Agus éanacha beaga na coilleadh craobhaighe
Ag 'ul fá chomhnuidhe,
agus fuair Seaghán buaidh air agus thug sé leis é a
bhaile a' marcaigheacht, air gur iomchair a' leoghan é féin
agus mála na n-éanach a bhaile 'ionns' air a mhaighistir.
“Ó, a Sheagháin dhílis!” ars' an maighistir, “leig ar
siubhal an beathach sin; ní choinneochadh duine ar bith é
sin fá'n teach.”
24. Leig Seaghán ar shiubhal é. Fuaidh a' maighistir
'ionns' ar a' tseandhuine dhall an oidhche seo ar ais, ag
iarraidh comhairle air goidé an dóigh a bhfuighead sé é
chur ar siubhal. Ars' an seandhuine dall:
“Ní'l 'fhios agam goidé an dóigh a bhfuighe tú a chuir
ar siubhal, mur dtuga tú do nighean dó le pósadh agus
a gcur ar siubhal an áit nach bhfeiceann tú chóidhche iad.”
Nuair a thainic a' maighistir a bhaile, d'fhiafruigh sé
do Sheaghán a' bpósfad sé a nighean.
“Pósfaidh,” arsa Seaghán, “má phósann tusa mo
mhathair-sa tá 'na cómhnuidhe i dteach beag fód léithi
fhéin.”
25. Ba doiligh leis a' mhaighistir sin a dheánamh, acht,
'gheall ar fagháil réitigh'e le Seaghán, dubhairt sé go
bpósfadh; agus pósadh Seaghán agus nighean a' mhaighis-
tir, agus bhí siad 'na gcómhnuidhe i dteach mhaith, agus
b'éigean do'n mhaighistir dhul a chómhnuidhe i dteach na
bhfód 'ionns' air mháthair Sheagháin.
Bhí siad tomall maith pósta. Annsin arsa Seaghán lá
amháin:
“Nár chóir dúinn dhul a dh'amharc ar mo mháthair go
bhfeicfiomuist goidé mar tá d'athair agus mo mháthair a'
cur a saoghail isteach?”
Dubhairt sí gur chóir.
26. D'imthigh siad agus bhí siad ag 'ul trasna caorán
mór, agus hainic Seaghán a' reithe 'gus a' phéist 'gus a'
leoghan a' tarraint air, agus smaoitigh sé go rabh siad
a' teacht le n-a mharbhadh. Chuir sé a lámh thar a bhean
aniar, agus iad 'na seasamh ionnsa' chaorán, agus theann
sé isteach le n-a chroidhe í, agus thug sé póg doí, le
sásamh amháin a bheith aige sul má bhfághad sé bás.
Sheas a' reithe 'gus a' leoghan 'gus a' phéist a' coimheád
air.
“Goidé tá sé dheánamh?” arsa cionn acú leis a' chionn
eile.
“Tá sé a' sgaoileadh gáirteáil de le cur im' adharc-
aibh,” ars' an reithe, “le dhul a mharcaigheacht orm le mo
thabhairt leis a bhaile.”
“Ní'l,” ars' an péist, “tá sé ag 'ul do mo chur-sa
ionnsa' tseisrigh.”
“Ní'l,” ars' an leoghan, “tá sé 'g 'ul a ghearradh
crann le mo theangaidh-sa chur ann.”
27. D'imthigh an triúir leobhtha comh tiugh is thainic
leobhtha — d'imthigh siad leobhtha ionns na fatha fásgaidh
le heagla roimhe Sheaghán.
Chuaidh siad-san a' t-áth, is mise an clochán. Báitheadh
iad-san is thainic mise.
II. FIONN MHAC CUMHAILL AGUS
SEACHT GCATHA NA FÉINNE.
1. Bhí mise fad ó shoin, agus má's fada, bhí.
Bhí Fionn mhac Cumhaill agus seacht gcatha na Féinne
'na gcomhnuidhe thiar i gCuan Bhinn' Éadain. D'éirigh
siad amach a'n mhaidin amháin a dheánamh seilg' maidne
agus mór-sgaramhaint shléibhe. D'imthigh siad leobhtha
faoi chnuic agus sléibhte. Níor bh'fhada gur bhuail seach-
rán sídhe iad. D'imthigh fear seir agus fear siar. Níor
fhan a'n fhear ag Fionn mhac Cumhaill é féin.
Níor bh'fhada dó gur ghlan a' ceó go dtainic aníos
annseir mór-sheisear buachaillí. Bheannuigh siad do
Fhionn mhac Cumhaill agus bheannuigh Fionn mhac Cumhaill
dóbhtha ionnsa' chanamhaint a bhí 'g dul an uair sin.
2. “An misde damh a fhiafruighe,” arsa Fionn mhac
Cumhaill, “ca bhfuil sibh ag dul, a bhuachaillí?”
“Ní misde duid go dearbhtha, a Fhinn,” arsa fear acu;
“buachaillí sinne atá ag iarraidh aimsir'.”
“Is maith mar tharlaidh,” arsa Fionn mhac Cumhaill,
ars' eisean, “ní rabh buachaillí a dhíoghbháil orm comh
mór is tá siad indiú. Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars'
eisean leis a' chead fhear.
“Mise Fead mhac Feide,” ars' eisean; “thiocfadh liom
fead a dheánamh chruinneochadh thusa agus seacht gcatha
na Féinne ar a'n talamh amháin i dtrí bómaite.”
“Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus
a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.”
3. Níor bh'fhada gur ghlan a' ceo aríst 's go dtainic
aníos annseir diúlach beag fionn ruadh. Bheannuigh sé
do Fhionn mhac Cumhaill agus bheannuigh Fionn mhac
Cumhaill dó.
“Cuirim thú,” ars' eisean, “faoi na deasa droma
draoidheachta, laithe is measa agus is míthreoraighe, do
choimheád beatha agus báis a bhaint díod, mur rabh tú
fhéin agus seacht gcatha na Féinne thall ag Rígh na
Frainnce ionnsa' mheadhon lae i mbárach.”
“Goidé thig leat-sa dheánamh?” arsa Fionn mhac
Cumhaill leis a' darna fear.
“Mise Eolaidhe mhac an Eolaidhe,” ars' eisean.
“Goidé thiocfadh leat a dheánamh le do chuid eoluis?”
arsa Fionn, ars' eisean.
“Dheánfainn eolus,” ars' eisean, “isteach faoi chúirt
agus chaisleán Ríogh na Frainnce gan a dhul leathad
snáithe síoda ar seachrán go mbeinn thall.”
“Is maith thusa” ars' Fionn, “agus is ró-mhaith, agus
a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.”
4. “Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars' eisean leis a'
tríomhadh fear.
“Mise Fios mhac Feasa,” ars' eisean, “dheánfainn fios
duit-se agus do sheacht gcathaibh na Féinne, goidé bheadh
le teacht oraibh go cionn lá agus bliadhna.”
“Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus
a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.
5. “Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars' eisean leis a'
ceathramhadh fear.
“Mise,” ars' eisean, “Neart mhac Neirt.”
“Goidé thiocfadh leat-sa dheánamh le do chuid neirt?”
“'Á gcuirtheá an domhan uilig eadar mo dhá láimh,
bheinn ró-láidir aige.”
“Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus
a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.”
6. “Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars' eisean leis a'
cúiceadh fear.
“Mise Slis mhac Slise,” ars' eisean; “dheánfainn long
mhór dhomhain thaidhbhseach d'iomprochadh thusa agus seacht
gcatha na Féinne agus mur seacht n-oiread, 'á mbead
siad ann le dhul air.”
“Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus
a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.”
7. “Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars' eisean leis a'
seiseadh fear.
“Mise Dreapaire mhac an Dreapaire. Dheánfainn
dreapaireacht suas snáithe síoda, 'á mbead sé míle agus
fiche ar airde, agus anuas a' taobh eile gan troisliughadh,
gan leagadh, gan leonadh.”
“Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus
a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.”
“Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars' seisean leis a'
tseachtmhadh fear.
“Mise Gadaidhe mhac an Ghadaidhe. Ghoidfinn an uibh
o'n chuirr, agus a' chorr a bheith 'na luighe uirthi.”
“Níor ghnódhuigh mé dadaidh riamh ar ghadaidheacht,” arsa
Fionn mhac Cumhaill, “agus ní bhéidh tusa liom,” ars'
eisean, “ar chor ar bith.”
“Maise, mur rabh seisean leat, ní bhéidhmuid-sinne
leat,” ars' an seisear eile.
“Bhéarfa mé liom é,” arsa Fionn, “acht ní thiubharfa
mé tuarastal ar bith dó.”
“Maise, a' dtabharfa tú cuid dó?” arsa Neart mhac
Neirt, ars' eisean.
“Dar mo chubhaise, bhéarfaidh,” arsa eisean, “má
fhághaim féin é. Tá sin ionnraice go leor,” arsa Fionn
mhac Cumhaill, “agus tá an margadh deánta anois.”
8. Ní rabh a'n fhear ann annsin acht Fionn mhac Cumhaill
agus a mhór-sheisear buachaillí d'fhasduigh sé. Bhí an
chuid eile ar seacrán uilig ionnsa' cheó.
“Maise, faicim anois, a Fhead mhic Feide, a' ndeánfá
do ghnaithe maith.”
Chuir Fead mhac Feide a mhéar i n-a bhéal. Rinn sé
fead. Ine gcúig bhómaite bhí seacht gcatha na Féinne
'na seasamh ar a'n talamh amháin.
9. Arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean:
“Caithfe mise dhul anonn 'un na Frainnce, mé féin
agus seacht gcatha na Féinne, agus a bheith thall ionns a'
mheadhon lae i mbárach, agus ní'l faill agam,” ars'
eisean,” a dhul a bhaile lé ainnse do mo bhean ca an
áit a bhfuil mé 'g dul, acht seo é Tóin Iarainn gan
Tapadh bhíodh a' nigheadh na bpréataí dhúinn thiar i gCuan
Bhinn' Éadain — cuirfiomuid a bhaile é le sgéala ann-
seir mo bhean agus annseir mo chlann go bhfuil mé 'g
dul 'un na Frainnce.”
10. Chuir siad Eolaidhe mhac an Eolaidhe amuigh ar a
dtoiseach. D'imthigh siad leobhtha fríd mhullacha cnuic,
fríd aithghearracha sléibhe go rabh neoin bheag agus
deireadh an lae ann, gur bhuail siad isteach faoi Bhaile
Átha Cliath.
Arsa Eolaidhe mhac an Eolaidhe:
“Ní thig liom-sa dhul níos fuide — sin an fhairrge,
ars' eisean, “agus bháithfidhe mé.”
“Ca bhfuil Slis mhac Slise,” arsa Fionn mhac Cumhaill
“gheall damh-sa go ndeánfad sé long mhór dhomhain thaidhbh-
seach a d'iomprochadh mise agus seacht gcatha na Féinne
anonn 'un na Frainnce?”
“Tá mé annso, arsa Slis mac Slise, ars' eisean.
11. Chuir sé a mhéar isteach i bpóca a bheiste agus
tharraing sé amach a sgin phóca. Bhain sé anuas a
cháibín dá chionn, chuir sé a lámh isteach ann is thug sé
amach as giota 'mhaide. Ghearr sé trí sliseannaí de'n
mhaide leis a' sgin phóca. Chuir sé ar a bhais iad. Chuir
sé séideog orthu as a bhéal. Chaith sé long mhór domhain
thaidhbhseach amach ar an fhairrge. Chuaidh siad isteach
uirthí. Croith siad ó n-a bun go dtí n-a barr í go
bhfeicead siad a' rabh sí daighean go leór le iad iompar.
'Sí bhí daighean go leór. Chuir siad Eolaidhe mhac an
Eolaidhe aig an stiúir.
12. Thóg siad a seoltaí bocoideacha bacoideacha. Níor
fhág siad rópa gan síneadh, téad tíre gan tarraint,
maide rámha gan bhriseadh. Bhí siad ag éisteacht le
lupadáin, le lapadáin, le búirthigh péistí móra, le
sgreadach faoileann fionn ag ionnsaighe an aeir go fíor-
ghlinnte amach, gur stiúir siad an long isteach faoi
chúirt agus chaisleán Ríogh na Frainnce. Tharraing siad
isteach a long agus chuir siad feiste lá is bliadhna
uirthí.
13. Thainic Rí na Frainnce anuas agus a hata i n-a
dhorn leis. Chuir sé céad míle fáilte agus sláinte
roimh' Fhionn mhac Cumhaill agus seacht gcatha na Féinne
'un a thíre-san.
“Tá sin maith go leor,” arsa Fionn, “acht goidé thug
ort-sa a leithid a sgéala gearr-sgéalach a chur 'inn-
seorm-sa?”
14. “Tá sin maith go leor, a Fhinn mhic Cumhaill,”
eisean, “acht caithfe tú éisteacht liom-sa go h-innsidh
mé mo sgéal duid. Dhá bhliadhain 's lá indiú rugadh
mac óg do mo mhnaoi. Goideadh an páiste an oidhche
sin, 's ní bhfuair mé lá sgéala ca dteachaidh sé. Bliadhain
's a lá indiú rugadh mac eile do mo mhnaoi. Goideadh
an páiste an oidhche sin. Ní bhfuair mé lá sgolb ná
sgéala cá dteachaidh ceachtar acú ó'n lá sin go dtí an
lá indiú. Rugadh mac óg do mo mhnaoi tá uair ó shoin,
sin a' tríomhadh duine,” ars' eisean; “chuala mé go
dtiocfadh leat-sa agus le seacht gcathaibh na Féinne rud
ar bith a dheánamh, agus a choimeád a nglacfadh sibh as
láimh a dhéanamh, agus chuir mé fá mur gcoinne go
gcoimheádfad sibh a' páiste a'n oidhche amháin fhéin damh,
agus hea' bith ór ná airgead atá a dhith oraibh, tá sé le
fághail agaibh.”
15. “Tá sin maith go leór,” arsa Fionn, ars' eisean,
“ghéanfamuid ar ndícheall a' páiste a choimheád.”
Chaith siad trian de'n lá le spóirt, trian le ceól, is
trian le síor-chodlata go dtainic an oidhche.
Cuireadh an páiste isteach i gcliabhán óir agus fágadh
i lár na cisteanaighe é. Chuir Fionn mhac Cumhaill
seacht gcatha na Féinne thart taobh 'muigh de'n chaisleán ar
gárda. Shuidh sé féin istoigh sa chisteanaigh agus a mhór-
sheisear buachaillí, agus shuidh siad thart fá'n chliabhán.
“Is doiligh a ráidht, a bhuachaillí,” ars' eisean, “nach
mbéidhmuid i n-innimh' an páiste a choimheád go maidin.”
16. Níor bh'fhada dóbhtha gur seinneadh an fhídeog ba
bhinne chuala siad ariamh ionns a' domhan. Thuit a rabh
istoigh ionns a' Fhrainnc 'na gcodladh acht Fionn mhac
Cumhaill agus a mhór-sheisear buachaillí d'fhastuigh sé.
Níor bh'fhada dóibh go dtainic a' lámh mhór fhada bhuidhe
'steach ar a' tsimileoir. Chuir sé isteach i gcrios
ceangail a' leinbh é 'gus d'áirdigh sé a' páiste 'mach as
a' chliabhán.
“Ca bhfuil Neart mhac Neirt?” arsa Fionn mhac
Cumhaill, “a gheall dhamh-sa, 'á mbéadh á' domhan mór
eadar a dhá láimh, go mbéad sé ró-láidir aige?”
“Tá mé annseo,” arsa Neart mhac Neirt.
“Faicim,” ars' eisean; “ná leig amach a' páiste.”
17. Thug a' fear sin léim 'na sheasamh agus fuair sé
greim ar a' láimh taobh thuas de'n uille. Tug sé tarraint
anuas dó agus thug sé go dtí an t-urlár é, a' lámh agus
a' páiste. Thug a' fear a bhí amuigh tarraint suas agus
thug sé an páiste agus Neart mhac Neirt 'steach go dtí
bun a' tsimileoir. Thug Neart mhac Neirt a' darna
tarraint anuas agus thug sé an páiste go dtí an
t-urlár agus a' lámh. Thug a' fear a bhí amuigh tarraint
eile suas. Bhain sé cnagarnach as mullach a' toighe.
Shaoil Fionn mhac Cumhaill go rabh an cionn amach de'n
teach acú. Ghlac Neart mhac Neirt fearg agus thug sé
tarraint anuas agus thug sé an lámh amach ó'n ghualainn
as. Thuit sé féin annsin, agus fhuaidh meadhrán i n-a
chionn agus leig sé amach a' greim a bhí aige ar a' pháiste.
Chuir a' Ruagaire Luath-Lámhach isteach a' láimh eile agus
d'áirdigh sé leis a' páiste.
18. “Nach iongantach,” arsa Neart mhac Neirt, “nár
choinnigh sibh 'stoigh a' páiste go bhfághainn-se éirghe, agus
thairneochainn a' láimh eile as?”
“'Á mbéadh fhios agam anois,” arsa Fionn mhac
Cumhaill, “cá an áit ionns na seacht ríoghachta a bhfuil
a' páiste, rachainn go mbaininn amach é le bárr mo
chlaidhimh. Ca bhfuil Fios mhac Feasa,” ars' eisean, “a
gheall damh-sa go ndeanfad sé fios damh goidé bhí le
theacht orm go cionn lá agus bliadhna?”
“Tá mé annseo,” arsa Fios mhac Feasa.
“Deán fios damh,” ars' eisean, “ca bhfuil a' páiste.”
Rinn sé fios dó.
“Tá sé thoir ionns a' Domhan Thoir,” ars' eisean, “aig
an Ruagaire Luath-lámhach. Tá sé 'diúl ar a mháthair, a'
Lugh Fhada Bhuidhe, agus tá beirt mhac eile an ríogh aige,”
ars' eisean; “tá siad ag iompar uisge le dhá mheadar,
agus dá chathamh isteach i n-áit na láimhe a tairngeadh as
a' Ruagaire Luath-lámhach.”
“Is maith mar thárlaidh,” arsa Fionn mhac Cumhaill;
“rachamuid seir.”
19. Chuaidh siad síos 'fhad leis a' tsean-luing. Chroith
siad ó n-a bun go dtí n-a bárr í go bhfeicead siad a'
rabh sí daighean go leór 'un fairrge.
Thóg siad a seoltaí
Bocoideacha bacoideacha
I mbárr na gcrann coimhde,
Ag ionnsaighe na fairrge
Go folpanta falpanta.
Níor fhág siad
Rópa gan síneadh,
Téad tíre gan tarraint,
Maide rámha gan ró-bhriseadh;
Ag éisteacht
Le lupadáin, le lapadáin,
Le gotha rónta,
Le feadalach easgannaí,
Le sgairteach faoileann fionn,
Ag ionnsaighe an aeir
Na fíor-ghlinnte amach,
gur stiúir siad 's gur sheól siad a long 'steach faoi
chaisleán a' Ruagaire Luath-lámhaigh ionns a' Domhan
Thoir.
20. Chuaidh siad suas 'fhad leis a' chaisleán, agus bhí an
caisleán deánta fiche míle ar airde. Ar mhullach a'
toighe bhí an dorus. Ní thainic leobhtha fághail 'fhad leis
a' dorus annsin; bhí sé ró-árd.
“Ca bhfuil Dreapaire mhac an Dreapaire,” arsa
Fionn, “gheall damh-sa go ndeanfad sé dreapaireacht
suas snáithe síoda bheadh míle agus fiche ar airde?”
“Tá mé annseo,” ars' eisean, “acht goidé an mhaith
damh-sa dhul suas? Ní bhfuighe mé an páiste ghoid ua'n
chailligh.”
21. “Ca bhfuil Gadaidhe mhac a' Ghadaidhe,” arsa Fionn,
“a gheall damh-sa go ngoidfead sé an uibh o'n chuirr agus
a' chorr a bheith 'na luighe uirthi?”
“Tá mé annseo,” ars' an Gadaidhe, ars' eisean.
“Gabh suas,” arsa Fionn. “agus goid a' páiste.”
“Níor gheall tú dadaidh damh,” ars' eisean, “agus ní
theanfa mé dadaidh duid. Dubhairt tú liom,” ars' eisean,
“nár ghnódhuigh tú dadaidh ariamh ar ghadaidheacht, agus
nach dtabhairtheá tuarastal ar bith damh.”
“Ó, a rúin,” arsa Fionn, ars' eisean, “ní am géibhinn
am faltanas, acht a' bith tuarastal,” ars' eisean, “gheo-
bhas a' chuid eile, bhéarfa mé a dhá oiread duit-se acht a'
páiste ghoid.”
22. Chuir Dreapaire mhac a' Dreapaire an Gadaidhe
ar a dhruim is rinn sé dreapaireacht suas a' caisleán
go dtí an dorus. Casadh beirt mhac a' ríogh dó thuas
ag iompar uisge leis a' dá mheadar a chuir isteach i n-áit
na láimhe ionns a' Luath-lámhach. Ars' an Gadaidhe, ars'
eisean:
“Ní hé sin mur n-athair a' chor ar bith. Siubhlaigidh
liom-sa a bhaile agus bhéarfa mé 'innseir mur n-athair
fhéin sibh.”
23. Thainic a' Gadaidhe thart ar a sháil, ghoid sé an
páiste 'mach o'n chailligh, thug se an páiste eadar a dhá
láimh leis, chuir sé an bheirt ghasraidhe ar a dhruim agus
chuaidh sé suas ar dhruim a' Dreapaire, a' dreapaireacht
anuas a' taobh eile de'n chaisleán, gan truisliughadh, gan
liogadh, gan leónadh.
Chuaidh siad síos 'fhad leis a' luing. Chuaidh siad isteach
uirthí.
“Is maith na buachaillí sibh,” arsa Fionn, “noir atá
triúr mac Ríogh na Frainnce linn a bhaile 'innseir.
Deán fios damh anois,” ars' eisean le Fios mhac Feasa,
“a' bhfuil dadaidh le theacht orainn go dtéidhmuid a
bhaile.”
24. Rinn sé sin fios dó.
“Tá, maise,” ars' eisean; “nuair a mhoitheochaidh a'
Ruagaire Luath-lámhach an t-uisge 'stad de dhul isteach
i n-áit na láimhe, bhéarfa sé léim 'na sheasamh, racha
sé 'fhad leis a' mháthair agus 'tchífe sé go bhfuil a'
páiste ar s'ubhal. Béarfa sé greim dhá chois uirthí,
buailfe sé a claigionn i n-éadan a' chaisleáin. Cluinfe
tú an mac alla bhuailfeas sé dá claigionn i n-éadan a'
chaisleáin. Féadann tusa agus mise bheith a' deánamh
cnuipí 'san am sin, ná báidhfe sé sinne!”
25. Níor bh'fhada go gcuala siad a' mac alla dá
bhualadh. Shíl siad gur thuit na cnuic ar 'ach uile thaoibh
díobh isteach sa mhullach orthú. Níor bh'fhada dóbhtha go
bhfaca siad fear mór a' teacht a' siubhal na fairrge go
folpanta falpanta mhísgiamhach.
Nuair a thainic sé fá chúig mhíle de'n luing, is mó bhí
sí 'g dul ar gcúl ná bhí sí 'g dul 'un tosaigh leis na
tonnaibh bhí sé thógáilt le n-a dhá chois.
“Ca bhfuil Neart mhac Neirt,” arsa Fionn, “a gheall
damh-sa, 'a mbeadh a' domhan uilig de'n tsaoghal eadar a
dhá láimh, go mbead sé ró-láidir aige.”
“Tá mé annseo,” ars' eisean.
“Faicim,” ars' eisean; “coinnigh ar siubhal a' beathach
salach adaidh, sol má mbáidhfe sé sinn.”
26. Chuaidh an fear sin siar agus chéimnigh aniar agus
siar bórd na luinge go bhfeicead sé a' rabh sé daighean
go leór le léim a' ruide a gheárradh amach 'un na cúig
mhíle i n-airicis an fhir mhóir.
D'éirigh Neart mhac Neirt amach de bhórd na luinge
mar d'éireochadh seabhac ar eiteoig. Thainic sé anuas i
mullach a chinn ar a' Ruagaire Luath-lámhach. Thoisigh an
dá fhear mhóra ar a chéile mar bheadh dá leomhan ná dhá
tharbh cuithigh go dtearn siad bogán de'n chreagán,
creagán de'n bhogán, toibreacha fíor-uisge fríd lár na
gcloch nglas aníos. 'A dtigeadh éinneach ó íochtar a'
domhain go dtí uachtar a' domhain, gur a dheanamh aeir
agus eibheár ar a' dís a thiocfadh.
27. Bheir Neart mhac Neirt air i n-a leath-láimh agus
thug sé thart os cionn mullacha a chinn é, agus bhuail sé
síos é ar an aibhéis mhór. Rinn sé dá sgoilteán fríd
n-a lár de. Chuaidh sé síos le aon tumadh amháin gur
bhuail sé a dhá chois ar thóin na fairrge, agus thainic sé
aníos de aon léim amháin; agus thainic sé isteach 'un na
cúig míle le aon léim amháin isteach ar a' luing.
28. Thainic siad ann sin isteach go cúirt agus caisleán
Ríogh na Frainnce. Bhí deireadh acú dá rabh istoigh 'sa
Fhrainnc 'musgladh as i n-am a dtainic siad. Nuair a
hainic Rí na Frainnce a thriúr mac i n-áit aon dhuine
amháin, bhí an-lúthghair air. Chuir sé amach a' bollsaire
gur thug sé cuireadh do 'ach uile fhear, bocht agus nocht,
dá rabh istoigh 'sa Fhrainnc 'un a' bhaistthe. Mhair a'
baisteadh rith bliadhna. Níor stad siad a dh'ithe agus a
dh'ól agus a seinnim, agus a' damhsa, a' gearradh léim-
nighe agus ag iomáin, a' coraidheacht, a' tógáil a chéile ar
ghreim iosgaide. Níor mhoithigh siad go rabh an bhliadhain
istoigh.
29. Arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean:
“Tá sé lá 'gus bliadhain indiú ó d'fhág mise an baile,
agus is mithid damh dhul a bhaile anois 'innseir mo bhean
agus 'innseir mo chuid páistí.”
Ghléas Rí na Frainnce trí luingis go lastálad sé
le ór agus le airgead iad, le cuir a bhaile le Fionn
mhac Cumhaill. Dubhairt Fionn nach nglacfad sé ór ná
airgead ar bith, acht gur seo mór-sheisear buachaillí
d'fhastuigh sé, agus, 'á ndíolfad sé a dtuarastal, go
raibh sé maith go leór.
30. “A Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Eolaidhe mhac an
Eolaidhe, “is tusa d'fhastuigh sinne, agus is tú chaithfeas
ar dtuarastal a dhíol.”
“Dheánfa mise sin,” arsa Fionn, “acht caithfe sibh dhul
a bhaile liom.”
D'fhág siad slán ag Rígh na Frainnce agus ghluais
siad síos 'innseir a' tsean-luing. Chuaidh siad isteach
uirthí, chroith siad ó n-a bun go dtí n-a bárr í go bhfeic-
ead siad a' rabh sí daighean go leór le iad a thabhairt
go hÉirinn. Chuir siad Eolaidhe mhac an Eolaidhe aig an
stiúir.
Thóg siad a seoltaí
Bocoideacha bacaideacha
I mbárr na gcrann coimhde.
Ag ionnsaighe na fairrge
Go folpanta falpanta.
Níor fhág siad
Rópa gan síneadh,
Téad tíre gan tarraint,
Maide rámha gan bhriseadh;
Ag éisteacht
Le lupadáin, le lapadáin,
Le gotha rónta,
Le búirfheach péistí móra,
Le sgreadach faoileann fionn
Ag ionnsaighe an aeir
Go fíor-ghlinnte amach,
gur stiúir siad agus gur sheol siad a' long isteach faoi
Bhaile Átha Cliath. Ghearr siad na téadaí agus leig siad
a cionn amach 'un na fairrge móire doí.
31. Chuir siad Éolaidhe mhac an Eolaidhe ar a dtoiseach
aríst. D'imthigh siad leobhtha fríd mhullacha cnuic, fríd
aithghearracha sléibhe, go rabh
Neoin bheag agus deireadh an lae ann,
Soillse solus a' lae 'g imtheacht uabhtha,
Deallradh dubh dorcha na hoidhche a' tarraint orthú,
Éanacha na coilleadh craobhaighe ag dul faoi thortha
'un suain agus síor-chodlata.
32. “A Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Eolaidhe mhac an
Eolaidhe, “seo an áit ar fhastuigh tú sinne” — an talamh
céadna ar fhastuigh sé iad, thainic siad 'fhad leis anois —
“agus seo an áit a gcaithfe tú ar dtuarastal a dhíol
linn.”
“Maise, ní rabh mé comh gann riamh i n-airgead is tá
mé anois,” arsa Fionn mhac Cumhaill; “siubhlaigidh a
bhaile liom go Cuan Bhinn' Éadain go dtabhairfe mé mur
dtuarastal daoibh — tá neart airgid 'sa bhaile agam.”
“Seadh, a Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Eolaidhe mhac an
Eolaidhe, “acht goidé an lucht fear atá 'teacht aniar
annsin?”
33. D'amharc Fionn mhac Cumhaill thart, é féin agus a
chuid fear — shaoil siad gur cogadh bhí a' teacht orthú.
Nuair a thionntuigh siad thart aríst, ní rabh a'n fhear
de'n mhór-sheisear buachaillí le feiceáil acú; bhí siad
uilig ar s'ubhal.
“M'áigh Ó!” arsa Fionn mhac Cumhaill, “nach tapaidh
d'imthigh na buachaillí bréaghtha sin uaim, ná ní bhfuair
a'n fhear bocht ariamh buachaillí ba bhréaghachta ná iad ná
comh maith leobhtha!”
Leis sin, dhruid a' ceó isteach ar ais. Thainic seachrán
sídhe orthú. D'imthigh fear seir agus fear siar. Ní rabh
a'n fhear aig Fionn mhac Cumhaill ar a' talamh a rabh sé
'na sheasamh acht é féin ine gcúig bhómaite.
34. Níor bh'fhada dó gur ghlan a' ceó go dtainic aníos
'innseir a' chailleach chorpaidhe chasta mhísgiamhach. An
fhiacail ab' fhuide aniar i n-a cárr a' deanamh sgeafóg
ar abar doí. Fionnfhadh a cinn a' folach a slinneán.
Fionnfadh a slinneán a' folach a hiosgadaí. Fionnfadh a
hiosgadaí a' sguabadh féar agus uisge léithí. A'n súil
amháin i gclár a héadain, bhí comh mór le cliabh portaigh.
Lamh chnupach chnapach mhísgiamhach agus í amach as clár a
hochta.
35. Bheannuigh sí do Fhionn mhac Cumhaill agus bheannuigh
Fionn mhac Cumhaill doíthe ionns a' chanamhaint a bhí 'g
dul an uair sin.
“A n-imreochthá cluiche, a Fhinn mhic Cumhaill?” ars' ise.
“Ní rabh mé riamh nach n-imreochainn,” arsa Fionn,
“acht níor thug mé an chulaith imeartha liom, a' fágáilt
a' bhaile damh.”
“Níor shiubhail mise” ars' an chailleach, “ó throigh go
dtí an tsáil gan dhá chulaith imeartha bhreith liom,” ars'
ise, “cionn damh fhéin agus cionn duit-se.”
36. Shuidh siad síos agus d'imir siad cluiche. Chuir a'
chailleach cluiche air.
“Tug do bhreith, a chailligh,” ars' eisean.
“Maise, cuirim-sa thusa,” ars' an chailleach, “faoi na
deasa droma draoidheachta, a' lá is measa agus is mí-
threóraighe, do choimheád beatha agus báis a bhaint díod,
mur dtéidh tú seir 'un a' Domhain Thoir agus cionn
Chnobhchair na gCros a thabhairt aneir 'innseorm sa, gan
a'n fhear a bheith leat acht Tóin Iarainn gan Tapadh atá
'nigheadh na bpréataí thiar i gCuan Bhinn' Éadain agaibh.
Béidh tú seacht mbliadhna 'g dul seir agus beidh tú
seacht mbliadhna a' teacht aneir; sin ceithre bliadhna
déag. Is beag a' mhaith thú do do bhean agus do do
pháistí, nuair a thiocfas tú ar ais.”
37. Ghlan a' ceo agus chruinnigh seacht gcatha na Féinne
aríst ar an talamh amháin. Shiubhail siad leobhtha isteach
siar go Cuan Bhinn' Éadain.
D'éirigh sé ar maidin agus thug sé leis Tóin Iarainn
gan Tapadh, agus ghluais siad 'un a Domhain Thoir. Ní
rabh lúthmhaireacht ar bith i dTóin Iarainn gan Tapadh,
agus bhí croidhe Fhinn mhic Cumhaill briste a' fanacht leis.
'Tchíonn sé chuige ionns a' cheó diúlach beag ruibeach
ruadh. Bhí bogha geárr agus saighead leis. Níor sgaoil
sé riamh nach mbuailfead sé, agus níor bhuail sé riamh
nach muir'fead sé. Dhírigh sé an bogha siar le Tóin
Iarainn gan Tapadh is sgaoil sé leis agus chaith sé
isteach i n-eabar ar mhullach a chinn é.
Arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean:
“Do mhona 's do mhóirne, do theil is marbh-fásg ort!
Goidé thug ort a' chuideachta mhaith a bhí agam a mharbhadh?”
“Maise, má mharbh mise a' chuideachta bhí agat,” ars'
eisean, “racha mé fhéin leat i n-a áit.”
“'A olcas a' chosamhlacht eisean,” arsa Fionn, “is
measa an chosamhlacht thusa.”
Shíl sé nach rabh an fear beag comh maith le Tóin
Iarainn gan Tapadh.
“C'ainm a bheirfeas mé ort?” arsa Fionn mhac
Cumhaill.
“Ní'l ainm ar bith orm,” ars' eisean, “acht a' bith
ainm a bheirfeas tú orm tiocfa mé leis.”
“Bheirfe mé Ceóchán ort, nuair a tháinic tú 'ionnsorm
as a' cheó.”
38. D'imthigh an bheirt leobhtha annsin agus Ceóchán dhá
uair comh lúthmhar le Fionn. Ní rabh Fionn i n-innimh'
coisidheacht a choinneáil leis. Bí croidhe Fhinn briste ag
iarraidh coinneáil suas leis; ní raibh sé a' bualadh comh
lúthmhar leis. Shuidh a' fear beag síos ar thúrtóig go
dtainic Fionn 'fhad leis.
“Is feárr duid, a Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Ceóchán,
“a dhul ar mo dhruim, go n-iomprócha mé thú.”
Smaoitigh Fionn nár chuideachta ar bith dó é. Luigh
sé síos i n-a mhullach go mbrúighead sé na putógaí as.
Cuir an fear beag siar a dhá láimh agus fuair sé greim
dhá chois ar Fhionn mhac Cumhaill. D'imthigh sé ar eiteoig
leis ar s'ubhal ins an aer.
39. Tráthnóna shuidh sé síos ar thúrtóig. Théid Fionn
amach dá dhruim.
“Míle altughadh 'Dhia!” arsa Fionn, “go bhfuair mé
amach de do dhruim! Tá mo dhá leis marbh crochta síos
liom.”
“Maise,” arsa Ceóchán, “bheitheá seacht mbliadhna ag
dul 'un a' Domhain Thoir. Ní'l tú acht dhá uair go leith
ar mo dhruim-sa anois, agus sin thall teach Chnobhchair na
gCros. Gabh anonn anois agus bain an cionn de, má
tá tú i n-innimh'.”
“Tá mé ró-thursach,” arsa Fionn, ars' eisean, “agus
fanócha mé go maidin sol má dtéidh mé 'un troda leis.”
“Agus ca an áit a bhfanóchamuid anocht,” arsa
Ceóchán, ars' eisean, “nó ní bhéidhmuid beo ar maidin?”
“Caithfiomuid teach innteacht fhagháil a rachamuid
isteach ann,” arsa Fionn.
“Racha mise anonn,” arsa Ceóchán, ars' eisean,
“'ionnsair theach Chnobhchair na gCros dh'fhéacháilt a'
dtiubhradh sé teach dúinn go maidin.
40. Chuaidh sé anonn 'un a' dorsa boltáilte, agus
bhuail sé buille dá chois ar a' dorus tosaigh agus chuir
sé amach fríd a' dorus cúil é.
“Cé an rásgal nó an rógaire siud,” arsa Cnobhchar
na gCros, “atá 'briseadh mo chuid dorsa?”
“Ceóchán, buachaill Fhinn mhic Cumhaill, atá ag iarraidh
teach damh fhéin is do mo mhaighistir go maidin.”
“Tá teach amhas thiar annsin,” arsa Cnobhchar na
gCros; “tá céad amhas ann, agus, má's treise leat-sa
ná na hamhais, bíodh a' teach uilig agat.”
“Cuir amach fear liom thaiseanfhas a' teach damh.”
Chuir sé amach buachaill bog bán leis.
“Sin thiar a' teach,” ars' a' buachaill, “agus, má
théidheann tú dá gcomhair, íosa siad thú!”
41. Bhuail sé bos o'n chluais go dtí an béal ar a'
bhuachaill bhog bhán. D'fhág sé a inchinn a' fionnaoladh
an bhalla. Chuaidh fé siar 'fhad leis a' dorus 'un na
n-amhas. Rinn a' t-amhas thíos gáire. Rinn a' t-amhas
thuas gáire. Ní rabh a'n amhas ionns a' teach nach dtearn
gáire. Rinn a' t-amhas mór dhá gáire. Rinn Ceóchán
trí gháire.
“Goidé thug ort-sa trí gháire dheánamh,” ars' a' t-amhas
mór, “ná rinn mise dhá gháire?”
“Goidé thug ort-sa dhá gháire dheánamh?” arsa Ceóchán.
“Tá, mar hainic muid 'oiread de fheoil úr go bpioc-
famuist do chnámha.”
“Sin a' t-ádhbhar céadna,” arsa Ceóchán, ars' eisean,
“thug orm-sa trí gháire dheánamh, mar hainic mé 'oiread
de bheithigh salacha go ndeánfainn mo lámh oraibh.”
42. Thug Ceóchán léim isteach i n-a measg. Reath
a' t-amhas thíos. Chuir sé maide ar a' dorus. Reath a'
t-amhus thuas. Chuir sé maide ar a' dorus. Ní rabh a'n
amhas ionns a' teach nár chuir maide ar a' dorus. Chuir
a' t-amhas mór dhá mhaide ar a' dorus. Chuir Ceóchán trí
maide ar a' dorus.
“Goidé thug ort-sa,” ars' an t-amhas mór, ars' eisean,
“trí maide chur ar a' dorus, nuair chuir mise beirt air?”
“Goidé thug ort-sa agus ar 'ach uile amhas maide chur
ar a' dorus, agus tusa, a amhais mhóir, beirt a chur air?”
“Ar shúil nach n-imeochthá uainn, go dtí go bpiocfa-
muist do chnámha.”
“Sin a' t-ádhbhar céadna,” arsa Ceóchán, ars' eisean,
“thug orm-sa trí maide chur ar a' dorus, ar shúil, dhá
n-imeochadh aon chionn agaibh aon chasán, go ndeánfainn
mo lámh oraibh.”
43. Fuair Ceóchán greim dhá chnámh lurgan ar an
amhas mór, agus bhrúigh an chuid eile leis. Nuair a bhí
an cionn deireannach marbh aige, ní rabh aige acht dhá
chnámh lurgan an amhais mhóir. Bhí a ndeireadh marbh
aige.
Chuaidh sé amach agus thug sé isteach Fionn Mac
Cumhaill.
“'Nois, a Fhinn mhic Cumhaill,” ars' eisean, “dá mbéadh
ar gcuid againn, bhí muid maith go leór. Racha mé soir
ar ais, 'innseir Chnobhchar na gCros, 'fhághailt a' bhfuigh-
muist greim bídh uadh a d'íosamuist.”
44. Bhuail sé buille dá chois ar a' dorus tosaigh agus
chuir sé amach fríd a' dorus cúil é.
“Cé an rásgal nó an rógaire é siud, tá 'briseadh mo
chuid dorsa?” arsa Cnobhchar na gCros.
“Ceóchán, buachaill Fhinn mhic Cumhaill as Éirinn, ag
iarraidh bídh damh fhéin is do mo mhaighistir.”
“Tá coire thiar annsin, agus céad saighdiúr agam-sa
dá choimheád. Tá trí chéad mart ann,” ars' eisean.
“agus tá trí chéad molt ann, agus tá trí chéad torc
ann, agus má's treise leat-sa ná leis a' chéad saighdiúr,
bíodh a' coire uilig agat.”
“Cuir amach a' fear a thaiseanfhas damh ca an áit a
bhfuil sé.”
Ní rachadh fear ar bith leis.
45. Chuaidh sé siar an áit a bhfacaidh sé a' cruinniughadh
mór fear. Thoisigh na saighdiuirí a sgaoileadh leis.
“Mur stadaidh sibh ag cathamh gramhar mónadh agus
cac caorach orm-sa, cuirfidh mé fearg oraibh, nuair a
rachas mé siar 'fhad libh!”
Chuaidh sé siar 'fhad leóbhtha, agus chuaidh sé isteach i
n-a measg. Bheir sé ar a' ladar bhí 'tógáilt a' bhrot,
chaith sé síos ionns a' choire é, agus thoisigh sé a chathamh
an bhrot ar na saighdiúraibh agus é ag goil, go dtí gur
bhruith sé leith-chéad acú, agus d'imthigh an leath eile ar
reathaigh. Bheir sé ar a' choire eadar a dhá láimh. Níor
stad sé gur fhág sé istoigh 'sa chóirneál ag n-a mhaighistir
é i dteach na n-amhas. D'ith siad a sáith de'n fheoil agus
d'ól siad a sáith de'n bhrot, agus chodluigh siad a sáith go
maidin.
46. “'Nois,” ars' eisean le Fionn mhac Cumhaill, arsa
Ceóchán, “tá sé comh maith agad dhul anonn agus a'
cionn a bhaint de Chnobhchar na gCros.”
“Tá eagla orm,” arsa Fionn, “nach mbím i n-innimh'
aige.”
“Maise, b'fhéidir go mb'fheárr damh-sa dhul ann ó thús
agus comhrac a thabhairt dó. Is fusa duid-se a mharbhadh
annsin, nuair a bheas mise réidh leis.”
Thug Ceóchán leis claidheamh Fhinn mhic Cumhaill. Chuaidh
sé anonn agus bhuail sé buille ar a' chuaille comhraic.
Níor fhág sé searrach i gcapall, uan i gcaora, pisín i
gcat, coileán i madadh, 'á mbéadh a' lochóg bheag agus a'
lochóg mhór, nár sgar le n-a chéile leis a' bhúirfhe a bhain
sé amach as a' chuaille comhraic.
47. D'éirigh Cnobhchar na gCros mar bheadh gasúr dhá
bhliadhain déag ann, agus a chlaidheamh leis. Thoisigh an
bheirt ar a chéile go dtí go dtearn siad bogán de'n
chreagán, creagán de'n bhogán. 'Á dtigeadh éinneach ó
íochtar a' domhain go dtí uachtar a' domhain, gur a
dheánamh aeir agus eibhear ar a' dís a thiocfadh. Throid
siad annsin go dtí uair a' mheádhoin lae, nuair a bhuail
Ceóchán aon bhuille amháin ar Chnobhchar na gCros agus
chaith sé an cionn naoi n-eite agus naoi n-iomaire amach
de'n cholainn.
48. Thainic sé anall agus a' cionn leis 'innseir Fhionn
mhac Cumhaill. Ní thearn Fionn mhac Cumhaill a'n gháire
ó d'fhág sé an baile go dtí sin. Fuair sé greim dhá láimh
ar Cheóchán agus thug sé póg dó.
“Is tú an gaisgidheach ab' fheárr,” ars' eisean, “a
hainic me riamh de do mhéid nó de aon mhéid!”
“Maise,” arsa Ceóchán, “tá sé comh maith dúinn a bheith
'tarraint ar a' bhaile. Tá sé comh maith duid, a Fhinn mhic
Cumhaill,” ars' eisean, “a dhul ar mo dhruim ar ais.”
49. Chuir sé Fionn mhac Cumhaill ar a dhruim ar ais
agus a' cionn 'n-a asgaill. Bhéarfad sé ar a' ghaoith
Mhárta bheadh roimhe agus ní bhéarfadh a' ghaoth Mhárta
bheadh 'na dhéidh air, bhí sé comh lúthmhar sin, gur shuidh sé
síos ar árd agus gur leig sé Fionn amach dá dhruim.
“Tá mé tuirseach, a Fhinn mhic Cumhaill,” ars' eisean.
“Ní'l amhras ar bith agam ort,” arsa Fionn, ars'
eisean, “ná roinn' tú rása maith glan. Goidé an rud é
sin thiar istoigh 'san abar?” arsa Fionn mhac Cumhaill,
nuair a d'amhairc sé thart.
“Tá, sin Tóin Iarainn gan Tapadh,” arsa Ceóchán.
50. Chuaidh Ceóchán siar agus bhuail sé bhárr-chos ar
Thóin Iarainn gan Tapadh. D'éirigh Tóin Iarainn gan
Tapadh 'na sheasamh. Ars' eisean:
“Leóga, a mhaighistir, shaoil mé go rabh mé 'mo
chodladh!”
“Bhí,” arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean, “agus
ba mhaith damh-sa go rabh.”
“'Nois,” arsa Ceóchán, ars' eisean, “a Fhinn mhic
Cumhaill,” ars' eisean; “'nois, a Fhinn mhic Cumhaill, ní
mise Ceóchán 'chor ar bith, acht is mise Neart mhac Neirt,”
ars' eisean, “a thainic a chuidiughadh leat, nuair a hainic
mé thú i gcruadh-chás. Nuair a thiocfas a' chailleach
'innseort-sa chuir faoi na deasa thú, fiosruigh doíthe
'bhfuil do dheasa díod. Nuair a déaraidh sí leat go bhfuil
na deasa díod,” ars' eisean, “gheanfa sí gáire go bhfeic-
feá an dubhradán dubh bheadh thíos ar thóin a goile. Caith
thusa an cionn agus buail isteach i mbéal a goile uirthí
é agus muir'fidh tú í.”
51. Thainic a' chailleach is d'fhiosruigh Fionn a' rabh a
dheasa de. Dubhairt sise go rabh, is rinn sí an gáire,
is chaith Fionn a' cionn is mharbh sé an chailleach is chuir
sin deireadh leóbhtha leis a' sgéal. Chuaidh Fionn mhac
Cumhaill a bhaile go Cuan Bhinn, Éadain.
Chuaidh siad-san a' t-áth agus chuaidh mise an clochán.
Báitheadh iad-san agus thainic mise a bhaile, agus tá mé
thuas i nDún na nGall indiú i n-éis a' sgéal 'innse.
III. MAC BHACAIGH CHILLE MHIC
n-ÉANÁIN.
1. Fad ó shoin é, agus is fada é, bhí sin ionn agus
bhí sin ionn fear dár bh'ainm Mac Bhacaigh Chill' 'ic
nÉanáin.
Gasúr óg a bhí ann. Nuair a d'imthigh a athair, dubhairt
sé le n-a mháthair go gcaithfead sí cíoch a thabhairt dó go
mbead sé ábalta crann a tharraint as a' talamh.
Chuir sí amach 'un a' ghárrdhaidh é 'bhaint ubhlaí de'n
chrann. Bheir sé ar a' chrann agus d'umhluigh sé anuas is
lúb sé. Tharraing sé as a' talamh é. Thug sé isteach
'un a mháthar é. D'iarr sé uirthí fhéin na hubhlaí phiocadh
de'n chrann. Dubhairt sí leis go gcaithfead sé chul i
gcionn a sheifte dó fhéin, gur sin a dtug a athair a
spás dó, go mbead sé ábalta crann a tharraint as a'
talamh.
2. D'imthigh sé leis is casadh maighistir air. Rinn a'
maighistir é fhastódh 's é ghreamughadh. Thug sé amach 'un
a' sgiobóil é. Dubhairt sé leis go gcaithfead sé chul a
bhualadh arbhair. Dubhairt seisean go dtiocfadh leis sin
a dheánamh, dá mbeadh 'fhios aige an dóigh. Dubhairt a'
maighistir go dtaisteanfhad sé an dóigh dó.
Thug sé dó súiste agus bhí an súiste ró-bheag aige.
Chaith sé bhuadh é, is chuaidh sé amach 'un na coilleadh agus
ghearr sé dhá chrann. Chas sé an bheirt le chéile go dtear'
sé ceangal do n-a shúiste. Ghearr sé cionn eile annsin
ní ba thruime fá choinne lámhchrainn. Ghearr sé annsin
cionn eile fá choinne buailtín.
3. Tháinic sé isteach annsin agus a shúiste leis. Nuair
a hainic a' maighistir a' teacht é, d'imthigh sé, é fhéin agus
a bhuachaill. A' chéad bhuille tharrainn sé, bhain sé an
cionn de'n sgioból. Bhuail sé an chruach a bhí 'sa sgioból.
Bhí trí cruach agus fich' 'sa ghárrdhadh. Bí siad buailte
uilig tráthnóna.
Thoisigh an maighistir a' glacadh eagla. Bhí sé 'meas
go muir'feadh an gasúr uilig iad, mar bhí sé 'na ghais-
gidheach gomh mór sin. Bhí sean-dall ionns an áit. Chuaidh
a' maighistir 'fhad leis. Dhubhairt sé leis go mbainfead
sé a ghléas beó dó, mur n-innseochad sé dó goidé'n
gléas báis a chuirfead sé ar a' ghaisgidheach óg.
4. Dubhairt a' sean-dall leis go rabh molann i n-a
leithid seo dh'áit nach dteachaidh a'n fhear ariamh 'un a'
mhuilinn i ndéidh na hoidhche nár marbhadh. Dubhairt sé
leis dórnán de'n choirce a thabhairt 'un a' mhuilinn agus
min fhagháil deánta.
Dubhairt a' maighistir leis an fhear óg go gcaithfead
sé seo a dheánamh.
D'imthigh an stócach agus ghlan sé an coirce, a' mead
a bhí ar na ceithre cruaich agus fich', is chuaidh sé 'un na
coilleadh gur ghearr sé ceithre chrann. Cheangail sé 'ach
a'n bheirt acú dá chéile. Thug sé leis iad agus chuir sé
a' mead coirce bhí ar na ceithre cruacha agus fich' isteach
ionns a' dá rópa agus thóg sé leis ar a dhruim go dtí go
rabh sé ionnsa' mhuileann le cuim na hoidhche.
5. Casadh fear a' mhuilinn air ag imtheacht 'un a' bhaile.
Dubhairt sé leis fuireacht ná go dtí go meilfead sé
a' dórnán seo dó-san. Dubhairt sé nach bhfuireochadh.
Dubhairt seisean leis eochair a' mhuilinn a thabhairt dó
fhéin. Thug sé an eochair dó.
Chuaidh sé fhéin isteach. Chuir sé teinidh leis an áithe.
D'oibir sé leis go dtí an dó a chlog. Thainic ceathrar
fear 'steach ar a' dorus agus comhnáir dhubh leobh. D'fhág
siad síos ar a' talamh í. D'éirigh fear amach as a' chomh-
Muileann; acht “muilinn” a bhí aige ar gheinidin i gcomhnuidhe, agus
tá “muileann” féin 'sa sgéal.
Bhí an stócach 'na shuidhe ag amharc orthú. Smaoitigh
sé nach leigfead sé daoibhthe é. Tharrainn sé cloch 'mach
as taobh a' bhalla. Thoisigh sé ar a' cheathrar gur chuir sé
amach iad.
6. Chuir sé c'ist ar an fhear a d'éirigh amach as a' chomh-
náir an rabh ocras air. Dubhairt sé nach rabh sé saor.
Chuir sé amach 'na habhna é go dtí go dtug sé isteach
uisge. Fhliuch sé céad mine ná go dteár' sé arán. Nuair
a bhí an t-arán raoidh, * thoisigh an bheirt a dh'ithe an aráin.
Níor shásuigh sé an stócach a' dóigh a rabh an fear eile
ag ithe. Tharrainn sé a lámh agus sgab sé a chlaigionn
ar thaoibh a' bhalla:
“Cé bhéidheadh ag amharc ort-sa ag ithe, a ráglomáin?”
ars' eisean.
D'ith sé fhéin céad na mine uilig i n-a arán.
7. Chuaidh sé 'un a' bhaile annsin agus a mhin deánta
leis. Bhí an maighistir annsin gomh holc agus bhí ariamh
nó nachar marbhadh ionnsa' mhuileann é. Chuaidh sé annsin
chuig an tsean-dall. Dubhairt sé leis go dtainic a'
fear adaidh ar ais:
“Ná goidé gheanfas muid leis anois,” ars' eisean,
“ná muir'fe sé muid uilig, sol a n-imthighe sé?”
8. Dubhairt a' sean-dall é a thabhairt siar go taoibh
a' chnuic, é fhéin agus a' sean-ghearrán bán.
“Agus tá cullach mire 'gabhail thart ar thaoibh a
chnuic,” ars' eisean. “Cha dteachaidh a'n dhuine ariamh a'
biolach nachar mharbhuigh an cullach.”
Dubhairt a' maighistir leis a' stócach go gcaithfead sé
chul, é fhéin agus a' sean-ghearrán bán, go dtreibhfead
sé taobh a' chnuic.
9. Chuaidh sé fhéin 's a' sean-ghearrán siar go taobh a'
chnuic. Cha rabh sé i bhfad ionn nuair a thainic a' cullach
air agus d’ith sé an sean-ghearrán bán. Bhí eagla ar a'
stócach roimhe. Chrom sé agus thóg sé dhá chloich, cionn i
n-'ach a'n láimh, tonna agus fich' i n-'ach a'n chionn acú.
Dubhairt sé leis a' chullach:
“Má thig tú 'fhad liom-sa, béidh daor ort.”
'Sé an deireadh bhí air, gur chuir sé an cullach isteach
'sa tseisrigh, gur threabhuigh sé taobh a' chnuic. Bhí sé réidh
tráthnóna.
10. Thainic sé 'un a' bhaile agus a' cullach leis.
Cheangail sé istoigh 'sa stábla é ionns an áit a bhfuair
sé an sean-ghearrán bán. Chuaidh sé isteach chuig an
maighistir.
“Tá tú ar ais,” ars' an maighistir. “Goidé mar
d'éirigh leat indiu?” ars' an maighistir.
“Char éirigh ró-mhaith,” ars' an stócach. “Thainic a'
cullach agus d'ith sé an sean-ghearrán bán.”
“Goidé roinn' tú annsin?” ars' an maighistir.
“Char leig mise ar shiubhal le sin é. Chuir mé isteach
ionnsa' tseisrigh é, ná gur threabhuigh mé taobh a' chnuic
uilig.”
“Cér fhág tú é,” ars' an maighistir, “nuair a bhí tú
raoidh?”
“D'fhág mé ionnsa' stábla é,” ars' an stócach, “an
áit a bhfuair mé an sean-ghearrán bán.”
“B'fheidir,” ars' an maighistir, “go bhfuil na beathaigh
ithte uilig anois aig an chullach!”
“Má tá fhéin,” ars' an stócach, “ní rabh neart ar bith
agam-sa air.”
11. Chuaidh siad amach. Bhí an cullach ag ithe a' seacht-
mhadh cionn de na beathaigh.
“Siubhail leat,” ars' an maighistir, “agus fág é 'san
áit a bhfuair tú é, agus bhéarfa mé duid d'ultach óir.”
'Fhad agus bhí an stócach ar shiubhal leis a' chullach, bhí'n
maighistir aig a' tsean-dall ag iarraidh tilleadh comh-
airle. Dubhairt a' sean-dall leis go rabh 'ach a'n rud
fiachta:
“Abair leis a chul go hifrionn,” ars' eisean, “agus
d'athair mór a thabhairt as.”
12. D'imthigh an stócach agus a' mead nár ith a' cullach
de na beathaigh. Phioc sé an cionn ab' fheárr acú agus
d'imthigh leis annsin ná go dtí go rabh sé i n-ifrionn.
Chuir sé c'ist a rabh athair mór a' mhaighistir annsin.
Thoisigh siad a' gáiridhe-mhagadh air.
'Ar leis fhéin go rabh sin gránna aige, iad a bheith a'
gáiridhe 'magadh air. Bheir sé greim dhá chois deiridh ar
a' bheathach. Chuaidh sé go dtí an cóirneál ab' fhuide ar
shiubhal 'sa teach. Chuir sé amach ar a' dorus uilig roimhe
iad. Bhí sé 'á ngreadadh go rabh sé aig teach a' mhaighistir.
13. Bhí an beathach caithte aige go dtí an dá lurgain
bhí i n-a dhórnaibh. D'iarr sé ar a' mhaighistir theacht amach
agus a athair mór a phiocadh astú seo, gur bh'fheárr an
aithne a bhí aige air ná bhí aige-san.
D'amhairc a' maighistir amach 'gus nuair a hainic sé
goidé an bhaicle 's an sgaifte bhí amuigh, thuit sé annsin.
Ní rabh deifre mhór ag éirighe air, acht, nuair a thainic sé
chuige fhéin, d'iarr sé ar a' stócach chul agus a bhfágáil
ionns an áit a bhfuair sé iad. Dubhairt a' stócach nach
rachadh.
“Tá sé gomh furusta agat-sa,” ars' eisean, “a chul
agus iad d'fhágáil ionn agus bhí sé agam-sa iad a
thabhairt as.”
Gheall sé ultach óir dó acht iad a chur ar shiubhal. Mar
bhí an stócach sanntach ar an airgead, d'imthigh sé agus
thiomáin leis iad go dteachaidh sé píosa ar shiubhal.
14. Phill sé ar ais 'un a' bhaile.
“Ní'l níos mó oibre agam duid,” dubhairt a' maighistr.
“Tabhair damh mo chuid airgid,” ars' a' stócach.
Chuaidh a' maighistir agus a' buacaill suas 'un
tseamra. Thug siad anuas lán tobáin de dh'ór.
“Cé gcuirfe tú seo?” dubhairt a' maighistir.”
“Cuir isteach i bpóca mo chóta é,” ars' an stócach.
Chuaidh siad suas 'un tseamra ar ais agus thug siad
anuas lán eile an tobáin.
“Cé gcuirfe tú seo anois?” ars' an maighistir.
“'Steach ionnsa' phóca eile,” ars' an stócach.
15. D'fhág siad a' tobán síos ar a' talamh.
“'B'é seo a bhfuil mé 'g dul fhagháil?” ars' an stócach.
“Sin a bhfuil de dh'airgead,” ars' an maighistir.
“Má 'sé,” ars' an stócach, “cha dtig leat níos mo
thabhairt bhuaid.”
Chuaidh a' stócach 'un a' bhaile chuig n-a mháthair agus
lán a' dá thobán de dh'ór leis. Tá siad 'na gcomhnaidhe
go maith, agus le bliadhain agus lá ní fhaca mise iad.
Chuaidh mise an tráigh agus chuaidh siad-san a' clochán.
Báitheadh iad-san.
IV. CÁIN MHIC ÉNRÍ.
1. Mac ríogh (nó duine uasal) a bhí le pósadh, agus
cuirm na bainse a bhí aige. Bhí duine uasal eile le
cuirm a bheith aige fhéin agus chuir sé bhuachaill (.i. ceith-
earnach) 'un a' toighe go bhfeicead sé an dtiocfadh leis
an chéad chuirm a cháineadh. Mac Énrí bhí ar an fhear a
rab an chuirim aige agus Mac Gacháin a bhí ar an fhear
eile chuir an ceithearnach 'un na bainse.
2. Nuair a bheannuigh an ceithearnach isteach, dubhairt sé:
“Anois, tabhraigidh deoch do'n cheithearnach:
Mise agus mo chadágh bán,
Is mór mo sgáil ag teacht isteach;
I dtoigh na cuirme ní fheicim áit —
'Sé measaim gur feárr damh dhul amach!”
3. Hiarradh air suidhe annsin, agus dubhairt sé:
“Ibh na corra in mo láimh liom,
Tharlaidh mise — is olc an t-am:
'Tchím ghach duine 'sa domhan éinfheacht;
Ní fheiceann éinneach mé dá bhfuil ann.”
4. Fuair siad gloine dó annsin, agus dubhairt sé:
“Brón ort 's mo mhallacht go bráthach,
A chopáin ghránna ghainn!
Is mar (an) gcéadna ar an chnapán
Nár chuir a leath-lán ann!”
5. Fuair sé gloine mór annsin, agus dubhairt sé:
“Is mór do thorann ar clár,
'S is geárr a mhaireas do lón;
Ní'l 'fhios agam cá dteachaidh do lán,
Mur' in do lár atá do thóin!
“Deocha móra chleacht mise,
Feadh a shiubhail mé go fóil,
'Measg gasraidhe loma rinneach —
Ní fear min-dheoch mé, ar ndóigh!”
6. Bhí adharc aige faoi n-a chlóca agus é ag cur na
biotáilte i bhfalach ann, agus ní rabh sé dá hól. Thainic-
eas air annsin agus é ag cur an uisge beatha 'san
adhairc, agus chuairtigh siad é. Rinn siad amach nach rabh
sé ábalta an méid biotáilte 'ól is bhí sé 'fhagháil, agus
chuartuigh siad arís agus fuair siad an adharc lán biot-
áilte. Nuair a fuaras an adharc aige annsin, tugadh
air iomlán an uisge beatha bhí 'san adhairc 'ól. Nuair
a bhí an méid sin ólta aige, b'éigin dó an cúrsa dúbalta
'ól annsin — sin na cúig phonta (de) cháin a dhíol.
7. Thuit sé thart annsin trí lá marbh ar meisge, agus
luigh sé ar an urlár ar meisge gan corrughadh ann go
dtí go rabh an bhainis thart, agus annsin bhí sealbhán
ban agus sealbhán cailíní ag glanadh an toighe, agus
streachluigh siad ó thaobh go taobh de'n teach é as a
gcasán, agus annsin thainic giománach isteach 'un na
cisteanaighe agus d'fhiafruigh sé cé é fhéin ná cár bh'as é.
8. Annsin dubhairt sé:
“Ceithearnach Mhic Gacháin ó'n Draoi mé,
'S ní lámh i n-áirde 'un bídh mé,
Acht óglách báidhte ine bhfíon mé,
Is ní bheidh mé go bhráth mar bhí mé.
"Tá mé tuirseach sáruigh'e siabhruigh'e,
'S is ró-bheag m'áird ar mhnáibh na gciabhraidhe
Tá mé le trí lá gan áird gan fhiafruighe,
'S mo chúl le lár ag cáin Mhic Énrí.
“D'oibir mé a lán le bárr mo mhéara:
Chuaidh mé in mo bhás i ndáil na péiste;
Mharbh mé Fáthach na Fáithche Léithe,
'S is measa liom náire cháin Mhic Énrí.”
V. AN CEAPAIRE MIN-SGÉAL-
AIDHEACHTA.
AN TOMHAS.
1. Triúr ar mhuin triúir
Agus triúr eile 'na ndéidh;
Naonbhar de chlainn aon mháthar amháin
Ag iarraidh mná dá máthair fhéin,
Sin anois a' tomhas.
AN SGÉAL.
2. Bhí fear siubhail aon lá amháin agus fuaidh sé
isteach i dteach tráthnóna beag. Ní rabh istoigh acht bean
a' toighe, agus d'iarr sé lóistín uirthí.
Dubhairt bean a' toighe leis nár ghnáthach le fear a'
toighe duine ar bith a choinneáilt go maidin acht a' té
'mbéidheadh a' ceapaire min-sgéalaidheacht' aige.
Dubhairt fear a' tsiubhail go rabh sé aige-sean, agus
d'iarr sí air annsin suidhe.
3. Nuair a thainic fear a' toighe isteach, d'innis a' bhean
dó go rabh an fear seo 'g dul 'fhanacht go maidin, agus
dubhairt fear a' toighe, má bhí an ceapaire min-sgéal-
aidheacht' aige, é 'fuireacht go maidin, agus dubhairt fear
a' tsiubhail go rabh cinntí.
4. Rinn siad annsin a suipeár, agus, nuair a bhí an
suipeár thart, d'innis fear a' toighe sgéal, agus d'fhia-
fruigh sé de'n fhear tsiubhail:
“Ca bhfuil mo cheapaire min-sgéalaidheacht'?”
Dubhairt fear a' tsiubhail nach rabh 'fhios aige goidé a'
rud é.
5. D'éirigh fear a' toighe agus thug sé leis slata
draoitheachta agus bhuail sé trí bhuille ar fhear a'
tsiubhail agus rinn sé bean dó.
Bhí sé annsin 'na bhean go rabh triúr mac aici. Thainic
a' fear 'fhad léi (nó leis) annsin, agus d'fhiafruigh dó an
rabh an ceapaire min-sgéalaidheacht' aige, agus dubhairt
sé nach rabh.
6. Bhuail fear a' toighe trí bhuille eile de shlata
draoitheachta air agus rinn sé sean-chapall bán de.
Bhí sé annsin 'na shean-chapall bán go rabh trí sear-
raigh aige.
Thainic fear a' toighe 'fhad leis annsin ar ais, agus
d'fhiafruigh a' rabh an ceapaire min-sgéalaidheacht' aige
anois.
7. Dubhairt sé nach rabh, agus bhuail fear a' toighe trí
bhuille de shlata draoitheachta air, agus rinn sé cú de.
Bhí sé 'na chú annsin go rabh trí choileán aige.
Thainic a' fear 'fhad leis annsin ar ais agus d'fhia-
fruigh dó an rabh an ceapaire min-sgéalaidheacht' aige.
Dubhairt sé nach rabh.
8. Bhuail fear a' toighe trí bhuille eile de shlata
draoitheachta air ann sin agus rinn sé préachán breac de
Bhí dóigh iongantach shásta air annsin. Rinn sé nead
a chois a' tsimleoir ar thaobh an fasgaidh, agus annsin
a chodluighead sé an oidhche.
9. Oidhche amháin a thainic fear siubhail isteach ionnsa'
teach agus d'iarr sé lóistín agus fuair sé é, mar bhí an
ceapaire min-sgéalaidheacht' aige.
Nuair a fuair siad a suipeár, d'innis fear a' toighe
sgéal, agus dubhairt fear a' tsiubhail:
“Míle beannacht le hanam do cháirde!”
10. Chualaidh an préachán breac seo, agus d'aithin sé
gurb é a' ceapaire min-sgéalaidheacht'.
Nuair a thainic fear a' toighe 'fhad leis annsin, d'fhia-
fruigh dó a' rabh an ceapaire min-sgéalaidheacht' aige
anois. Dubhairt sé:
“Míle beannacht le hanam do cháirde!”
Bhuail fear a' toighe annsin trí bhuille dá shlata
draoitheachta air, agus rinn sé buachaill úr óg de.
11. Agus sin a' t-am a chuaidh sé a dh'iarraidh na mná
nuair a fuaidh
Triúr ar mhuin triúir,
Agus triúr eile 'na ndéidh;
Naonbhar de chlainn aon mháthar amháin
Ag iarraidh mná dá máthair fhéin.
VI. AN FEARDHAMHAN.
1. Fear de na Fiannaibh an Feardhamhan. Bhí sé 'na
chomhnaidhe ar an Áigh agus bhí sé faoi gheasaibh, agus rud
ar bith a d'iarrfaidhe air gan a dheánamh, sin a' rud a
dheánfad sé.
2. Bhí sé ag fágáil baile agus bhí ceithre mhadadh leis,
Mulaigh, Loinseachán, Mín a' Ghriobaigh, agus Deárathán.
Ag fágáilt baile dhó, hiarradh air gan a chul a chomhair
na muice bhí i Malán na Muice i nGleann Mhór na
nGleanntach.
3. Nuair a thainic a' Feardhamhan go dtí nead na
muice, bhí 'n tsean-mhuc ar shiubhal ó'n nead agus d'fhág
sí beirt óga ionns an nead 'na déidh. Tharraing a'
Feardhamhan a sgin as a phóca agus ghearr sé an ruball
de 'ach a'n chionn acú.
4. Nuair a thainic a' mhuc ionns an nead, d'imthigh sí
agus fuair sí an dá chionn óga agus a rubaill díobhtha.
Chuaidh sí i ndéidh an Fheardhamhain agus chuaidh sí suas
leis cómhgarach do'n nead agus thúsuigh an troid. Chuir
sé an madadh Mulaigh innti agus mharbhuigh sí an madadh
sin agus tá an t-ainm Mulaigh ar an talamh ó shoin.
5. Shiubhail sé giota maith eile annsin, agus é ag
troid léithi ar a dhícheall. Dhreasuigh sé annsin Loin-
seachán innti. Mharbh sí Loinseachán annsin, agus é fhéin i
gcomhnaidhe ag troid ar a dhícheall go dtí go dtainic sé
tomall fada, agus dhreasuigh sé annsin Griobach inntí,
agus throid sé mar an gcéadna léithí comh maith agus
thainic leis.
6. Mharbh sí an madadh sin agus throid leobhtha annsin
giota fada go dtí gur chuir sé an madadh deireannach
inntí, Deárathán.
Bhí na madaidh uilig marbh annsin, agus throid sé fhéin
agus a' mhuc annsin le chéile go dtainic siad go dtí an
Chró Cham.
7. Chuir a' mhuc annsin ar a dhá ghlúin é cúig ná sé
chuarta agus léim sé anuas le spinc comhgarach ag Loch
Muc agus marbhadh é.
Chuaidh a' mhuc annsin go bruach an locha 'gus d'ól sí
deoch agus stiúg sí.
8. Bhí deirbhshiúr an Fheardhamhain, Finngheal, 'na cómh-
naidhe i nGleann Léichín, agus chuala sí guth an Fhear-
dhamhain, a dearbhráthar, agus tháini' le cuidiughadh leis
go bruach Loch' Finne agus thóg sí trí charraic i n-a
naprún agus shiubhail sí trasna an locha.
9. Nuair a bhí sí taobh thall ar a' Chró Cham, shíl sí go
rabh guth a dearbhráthar ar a' taobh bfhos. Chuaidh sí
trasna an locha trí huaire le tárrtháil a thabhairt ar a
dearbhráthair. Casadh gruaig a cinn i ladhraibh a cos
agus báitheadh í.
10. Tá na trí clocha bhí léithí i n-a naprún go fóil 'na
luighe ionns a' chaineál i Loch Fhinne. 'Sise thug ainm do
Loch Finne.
11. Cuireadh an Feardhamhan ar a' Chró Cham. Tá a
uaigh annsin go fóil le feiceáil. Tá suas le daichid
bliadhain ó shoin, chualaidh na comharsannaí go rabh
fáinní óir ann ar a mhéaraibh. Thachail siad suas an
uaigh agus hainic siad méara a lamh, acht ní rabh fainne
ar bith orthu. Tá a chnámha le feiceáil annsin go fóil.
Dhruid siad suas an uaigh aríst.
VII. AN TRIÚR GAISGIDHEACH AGUS
NA FIANNA.
1. Triúr gaisgidheach a thainic le Fiannaibh Éirinne a
mharbhadh uilig. Thainic siad annsin 'fhad le teach Ghoill
mhic Mhóirne. Sgá'ruigh na Fianna nuair a hainic siad
ag teacht iad.
2. Ghlac na mná dóigh lé na Fianna shábháil: Conán
mhac Móirne chur 'n-a luighe ionns a chliabhán agus Goll
mhac Móirne chur ag buachailleacht an eallaigh. Thóg
bean léithí cloch uachtair na bróine. Rinn sí taos
de mhin agus chuir sí ar chloich na bróine uilig é, gur
fhág ar chuma bonnóige aráin é. Chuir sí córda ionns
a' pholl a bhí ionns a' chloich, agus chuir sí ar mhuineál
Chonáin é ionns a' chliabhán, mar bheiread sí áilleacán
do pháiste.
3. Thainic na fir mhóra isteach. D'fhiafruigh siad de
na mnáibh cá rabh na Fianna.
“Tá siad ar shiubhal ag seilg,” arsa na mná.
“Goidé an duine annso atá ionns a' chliabhán?”
“Páiste beag gasúir.”
“Goidé tá ar a mhuineál?”
“Bíonn ocras go minic air,” ars' an bhean, “agus
sin tuirtín aráin chuir mé ar a mhuineál le hé bheith dá
ithe.”
4. D'iarr fear de na fearaibh móra giota de'n tuir-
tín ar an pháiste. Chuir an páiste an tuirtín uilig in'
airicis. Chuir an fear mór i n-a bhéal é, agus, nuair a
chagnuigh sé é, bhris sé mórán dá fhiaclaibh agus níor
bhain sé dadaidh de.
5. D'iarr an fear mór eile air a mhéar a chur i mbéal
an pháiste, go bhfeicead sé goidé an cineál fiacal bhí ag
an pháiste d'itheadh an t-arán sin. Chuir sé a mhéar i
mbéal an pháiste. Theann an páiste ar an mhéar agus
thug sé leis é.
6. Bhí an ghaoth ionns a' dorus ag na mnáibh. Dubhairt
na fir mhóra go rabh an ghaoth ionns a' dorus acú.
Dubhairt na mná seo, nuair a thiocfadh na Fianna a
bhaile, go dtionntóchad siad an teach go gcuirfead siad
a chúl ionns a' ghaoith. Bhuail an triúr fear mór amach
agus rug siad ar an teach. Cham siad agus bhog siad é,
agus sháruigh orthú é thionntódh.
7. Thainic siad isteach 'anns' air na mnáibh agus d'iarr
siad a ndínneár. Dubhairt na mná nach rabh na Fianna
'sa bhaile leis an tseilg, acht go rabh tarbh leis na buaibh
agus gasúr dá bhuachailleacht. Fuaidh an fear ab
fheárr acú fá choinne an tairbh. D'éirigh Goll mhac
Móirne a bhí ag buachailleacht an eallaigh agus rug sé
greim ar adhairc an tairbh agus rug an fear mór ar an
adhairc eile, agus sgoilt siad síos an tairbh go bárr an
rubaill go rabh leath ag gach duine acú.
8. Thainic an fear 'un toighe agus leath an tairbh leis
i n-a láimh, agus chaith sé síos é 'anns' ar an bheirt eile,
agus dubhairt leobhtha:—
“Ithigidh seo go gasta. Is mithid dúinn bheith ag imtheacht.
An gasúr a bhí ag buachailleacht an eallaigh, choinnigh sé
leath an tairbh uaim, agus an páiste bhí ionns a' chliabhán,
bhain sé an méar díot-sa. Má thigeann na Fianna a
bhaile agus sinn annseo, ní bhéidh aon fhear againn beó
bóiminte.”
D'imthigh an triúr, 's níor phill níos mó.
VIII. BEAN GHLEANNA CÚ CADHAIN.
1. Bhí sin ann, mar is fad' ó shoin a bhí fear 'n-a
chomhnaidhe i nGleann Chú Chadhain, agus bhí bean aige.
Lá amháin thainic fear éigint an bealach sin. Bhí sé
ionns a' sgéal go rabh sé 'na mhangaire, rud a dtugann
siad a' peidleáraidhe air, a' díol seod agus áilleacán,
Bhí an bhean 'na seasamh ionns a' dorus, agus d'fhiafruigh
sí de'n fhear c' fhad a shiubhail sé.
2. Bhí sé 'na strainseáraidhe. D'innis sé doí go
dtáinic sé as na flaithis.
“Maise,” ars' ise, “fuair tachrán liom bás. B'fhéidir
go bhfaca tú é,” ars' ise.
“C'ainm a bhí ar do thachrán?” ars' eisean.
“Conall Ó Canáin a bhí air ag dul go flaitheas,”
ars' ise.
“Ó, hainic mise Conall,” ars' eisean. “Tá aithne
mhaith agam air.”
“Dá mbéidheadh 'fhios agam,” ars' ise, “go bhfuighinn
duine ar bith a bhéarfadh go flaitheas 'anns' air iad,
cheannóchainn seod agus áilleacán dó.”
3. Dubhairt sé léithi annsin go rabh sé ag dul ar ais
go flaitheas agus go dtiocfadh leis an seod agus an
t-áilleacán a thabhairt do'n tachrán.
Annsin chuaidh sí dh'amharc fríd a' bhosga earraidhe bhí
leis, agus cheannuigh sí fáinne do'n tachrán agus bosga
ceóil, agus thug sí giní do'n mhangaire ar luach a' méid
a cheannuigh sí. Thug sí dó féin ar ais iad, le iad a
thabhairt 'anns' air a' tachrán.
D'imthigh sé.
4. Nuair a thainic fear a' toighe isteach 'san oidhche,
d'innis sí dó an uile shórt annsin, a' margadh rinn sí
leis a' mhangaire.
“'Tchím,” ars' eisean. “Ní chodlócha mé a'n oidhche
'sa teach ach' anocht, go bhfeicidh mé a' bhfuighe mé bean
ar bith comh hamaideach leat!”
5. D'éirigh sé i mbáireach ar maidin. Bhí sé 'g imtheacht.
“Béidh mise leat,” ars' ise.
“Má tá tú 'g imtheacht.” ars' eisean, “tarraing a'
dorus in do dhéidh” — ag iarraidh uirthí an dorus a dhruid.
Bhí sé 'fuireacht léithi ar a' bhealach agus, nuair a
d'amhairc sé thart, hainic sé í. Bhí sí a' tarraint a'
chómhla 'n-a déidh.
6. Chuaidh sé ar ais a' bealach a dtainic sé agus chuir
sé ceist uirthí, cá rabh sí 'g dul leis a' chómhla?
“Dubhairt tú liom a' dorus a tharraint 'mo dhéidh,”
ars' ise.
“Char 'ubhairt!” ars' eisean, “ach' a' dorus a dhruid
amach!”
7. Shiubhail siad leobhtha annsin. Nuair a bhí sé seal
fada de'n lá a' siubhal, thainic sé ar an árd, agus ag
dul thart dó, hainic sé a' bhean ar an árd a' criathrughadh
mine agus tachrán.
“Goidé tá tú a dheánamh annseo, a bhean?” ars' eisean
“Bím a' criathrughadh mine istoigh 'sa teach. Thuit
péist anuas de'n teach isteach ionns a' mhin. Thug mé
amach annseo a' mhin 'fhéacháilt a' bhfuighinn a' phéist ar
ais ionns a' mhin.”
“'N-e nach bhfuil eagla ort,” ars' eisean, “go dtabh-
airfidh an ghaoth do chuid mine ar shiubhal?”
“Char smaoitigh mé,” ars' ise, “ar a ghaoth, is creidim
go bhfuil a' ceart aghad.”
D'imthigh sé annsin bhuaíthi, nuair adubhairt sí leis go
rabh an ceart aige.
8. Shiubhail sé seal fada annsin ar ais ar a' bhealach.
Hainic sé dhá bhean, gasúr, agus bó leobhtha, agus a'
triúr ag iarraidh a' bhó a chur suas ar a' bhóitheach.
Deir sé:
“Goidé tá sibh a dheánamh?”
“Tá féar maith thuas ar a' bhóitheach,” ars' iad-san.
“Támuid ag iarraidh an bhó a chur suas go n-ithead sí an
féar.”
“'N-e nach feárr,” ars' eisean, “corrán a thabhairt
leat, agus a' féar a bhaint agus thabhairt anuas 'anns'
air a' bhó?”
“Char smaoitigh muid sin a dheánamh,” ars' iad-san,
“agus tá an ceart aghad-sa.”
“Seó anois,” ars' eisean le n-a bhean; “pillfe mise
a bhaile. Dá mbéidhinn a' siubhal liom, gheobhainn daoiní
comh hamaideach leat.”
Chuaidh sé a bhaile annsin léithí.
9. Domhnach amháin dubhairt sé léithí go ndeanfad sé
réidh go rachad sé 'un aifrinn. D'imthigh sé. Bhí sí
leis. Cé'r bith an fad a bhí sé ar a' bhealach, bhí sé le
haghaidh a bheith ag an aifrionn Dé Domhnaigh.
Bhí sé fhéin agus í fhéin annsin ag an aifrionn. Bhí
an saghart a' caint, mar is gnáth, agus bhí sé 'caint go
mór dalba, is cosmhail. Ní fhaca sise duine ar bith a'
caint ach' a saghart, agus d'amhairc sí thart.
10. “A bhéil gan smid!” ars' ise le n-a fear, “go
tuighe nach labhaireann tú le ‘cablaidhe cainteach?’” (.i.
an saghart — seo a' saghart, a' dtuigeann tú?).
“Racha mise a bhaile,” ars' eisean,
“Go Gleann Chú Chadhain,
An áit is binn guth gadhar,
Agus is luath ceileabhar éan,
Agus is mall go dtiocfadh an Domhnach.”
Sin a' méid a chuala mise de'n sgéal, a dhuine.
IX. FÁILTE UÍ DHOMHNAILL.
1. Nuair a bhí Ó Domhnaill ag deánamh a chaisleáin i
nDún na nGall, agus saoraí aige dá thógáilt, chuirthí
anuas ar ais é — chuireadh na daoiní beaga síos ar ais
é ionns an oidhche.
2. Bhí brón mór air. Ní rabh 'fhios aige goidé dhean-
fad sé go dtainic bean bheag ruadh chuige, agus thosuigh
Ó Domhnaill ag caint léi fá dtaobh de'n bhuaidhreadh a bhí
air fá n-a chaisleán.
3. Dubhairt sí leis a bheith aig an áit a léithid seo
'uair an oidhche ar n-a bháireach agus, nuair a thiocfadh,
go bhfeicfead sé páirtidh mhór ag teacht anall ar an
chlochán, fáilte chur rómpa ar an dóigh amháin agus gan
duine acú dheánamh níos airde ná níos ísle.
4. Nuair a thainic an uair, bhí sé annsin agus hainic
sé an pháirtidh ag teacht. Thainic siad anall, agus seo
mar dubhairt sé leobhtha;
“Coisceim cumhang ar clochán corrach,
Úir bhuinneáin shléibhe;
O Rígh chomairce na beatha,
'Sé mur mbeatha uilig i n-éinfheacht.”
5. O'n oidhche sin amach, an méid nach gcuirfead siad
suas ionnsa lá, bhéidheadh oiread eile thuas ar maidin lá
ar n-a bháireach.
X. LABHRAIDH LUIN.
1. Rí Lághnach a bhí i Labhraidh Luin, agus bhíodh fear
uasal ag tabhairt aire dó annsin. Chaitheadh an fear
uasal a bheith aige ag baint féasóg de, agus ní rabh
cead aige innse goidé hainic sé ar a' rígh. Bhí an rún ag
cur bhuaidheartha air comh mór sin go rabh sé ag cailleadh
a shláinte. Fuaidh sé 'anns'air a' dochtúir ag iarraidh
sláinte, agus sháruigh orthú a léigheas. Fuaidh sé siar
annsin 'anns'air dochtúir mór seanduine. D'fhiafruigh
an sean-dochtúir seo annsin de'n fhear a bhí tinn a' rabh
rud ar bith ag cur bhuaidheartha air nach dtainic leis
innse dó. Dubhairt sé go rabh. D'iarr sé air dul
isteach fríd a' choill agus a innse do chrann an áit nach
mbeadh a'n dhuine ag éisteacht leis.
2. Fuaidh sé isteach ionns a' choill gur innis sé an
sgéal a bhí 'cur bhuidheartha air do'n chrann. Fuair a'
fear uasal annsin biseach sláinte. Smál a' crann —
ní rabh fás ar bith níos mó aige.
Fríd am annsin fuaidh fear thart a bhí a' cuartughadh
ádhbhair chláirsighe. A' crann a hainic sé críon gheárr
sé é, agus is feárr a d'fhóir sé dó.
3. Rinn sé cláirseach annsin de phíosa de'n chrann.
Nuair a bhí an chláirseach deánta, fuaidh fear ceoil a bhí
ann agus sheinn sé air a' chláirsigh, agus ní rabh a'n
cheol ionns a' chláirsigh acht —
“Tá cluasa capaill
Ar Labhraidh Luin,
'S tá a ruball go talamh
Ar Labhraidh Luin.”
4. Bhí sin iongantach agus nuair thainic an sgéal fríd
na daoiníbh, an méid a thainic de na daoiníbh chuir siad
gléas ar a' rígh, a' cuartughadh a' rabh an sgéal fíor.
Fuair siad fíor é, agus briseadh an rí annsin gur
baineadh an cumhacht dó.
5. Thug siad rí isteach annsin i n-a áit a rabh Cormac
'ac Airt air, agus
Le linn Chormaic mhic Airt
Bhí saoghal aoibhinn ait:
Naoi gcéad cno ar a' chraoibh
Agus naoi gcéad craobh ar a tslait.
XI. AN BRACHÁN RÉIDH.
Fear a bhí tinn am amháin agus d'iarr sé brachán réidh
a dheánamh dó, agus seo mar adubhairt sé:
“Deán braon bracháin réidh dam,
Deán lom le him é,
Agus deán reamhar le siúcra é,
Mur n-ólaidh mé anois é,
Ólfaidh mé aríst é;
'S mur n-ólaidh mé choidhche é
Ólfaidh sibh féin é.”
XII. COMHAIRLEACHA AN ÉIN.
1. Fear a bhí ag gabháil a' bhealaigh, rug sé greim ar
an éan.
Ars' an t-éan leis-sean:
“Má leigeann tú cead mo choise damh, bhéarfa mé
trí chomhairle duid, agus béarfa mé uibh óir agus uibh
airgid dhuid.”
“Má ghní tú sin,” ars' an fear, “bhéarfa mé cead do
choise dhuid,” agus thug.
2. Shuidh a' t-éan annsin ar chraoibh a' chroinn os a
choinne. Bhí seisean ar a neamhthuilleamaigh nuair a bhí
sé ar a' chrann agus é 'na shuidhe ar a' sgafóig. *
Ars an t-éan leis-sean annsin:
“Nuair a chluinneas tú sgéal mór éagsamhail, gan a
chreidbheáil, † a' chéad chomhairle bhéarfas mé dhuid.
An darna comhairle bheireas mé duid: go mb'fheárr
éan in do láimh ná beirt ar a' chraoibh;
An tríomhadh comhairle: bíodh rud agat fhéin annsin;
ná bí falamh.”
XIII. BALOR AGUS MAC CIONN-
FHAOLAIDH.
1. Bhí gobha thoir annsin i nDruim na Teineadh a dtug
siad Gaibhide Gabhanna air. Bhí bó aige a rabh an Glas
Gaibhlionna uirthi.
Bhí triúr dearbhráithreacha de chloinn mhic Cionnfhaolaidh.
Bí Fionn ar an fhear ba shinne acú, Donn ar an dara
fear, Dubh ar an tríomhadh fear.
2. Chuaidh siad isteach chuig an ghobha seo le trí claidhmh-
theacha 'fhágháil deánta. Dubairt an gobha go gcaithfeadh
siad an bhó choimheád — fear ar a sheal — go ndeánfad
sé claidheamh. Nuair a bhí claidheamh do'n chéad bheirt
deánta, bhí an fear óg ag gabhail amach a choimeád go
ndeánfad sé a chlaidheamh féin. Smaoitigh sé nach rabh
sé in' fhear comh maith leis an bheirt eile.
3. Phill sé isteach ar ais ag iarraidh a chinn fhéin a
dheánamh níos éadruime. A' gabhail amach ar ais dó, bhí
an bhó ar shiubhal. D'imthigh sé leis annsin ar eagla go
muir'fheadh an gobha é.
Casadh sgaifte air ag iomáin ag tóin Bhinne an Fhéidh.
Chuaidh siad a mhagadh air. Sgairt fear acú air seasamh
go mbéadh an báire curtha agus go rachad sé leis a
chuartughadh na bó, oir gur ghoid Balor an bhó, agus go
rabh sí istoigh aige i dToraigh. Giall Dubh bhí ar an
fhear so.
4. Fuair siad curach thiar i Mín na Láradh, agus
dubhairt sé go rabh seacht seicheacha glasa i n-áirde ag
Balor le toit agus le súithche le seacht mbliadhna, agus
go gcaithfead sé a n-ithe le órlach na coinnle.
Dubhairt Giall Dubh leis cead aige sean a ngearradh
agus go n-íosad seisean iad. Thoisigh mac Chionn-
fhaolaidh dhá ngearradh agus cha rabh baoghal ar an órlach
dóighte nuair a bhí siad ithte.
5. Dubhairt sé go rabh buaidh eile i gcionn na bó aige,
go rabh a nighean (.i. nighean Bhaloir) thoir ar an dún,
go gcaithfead sí amach buarach isteach ar a chionn go
bhfuighead sé an bhó agus, mur gcuirfeadh, nach bhfuighead.
Chaith sí amach an buarach agus chuir isteach ar
chionn é.
6. Fuair sé an bhó. Thug siad amach an bhó agus
d'fhág siad ag an ghobha í. Annsin chuaidh siad isteach go
Toraigh ar ais agus fuair siad mac le nighin Bhaloir
Thainic siad amach annsin agus an leanbh leo. Cha rabh
dul acú banaltra 'fhagháil dó. Chuaidh siad isteach ar
ais agus rinn siad margadh le Balor: thug sé cead
daobhtha an leanbh 'fhágáil ag n-a nighin acht coillidh
chur i dToraigh dhó. Thoisigh siad a phlanntáil annsin gur
chuir siad coillidh bhréagh ann.
7. Nuair a bhí an leanbh mór, thug siad amach ar ais é.
Lugh Fadlámhach bhí ar an fhear óg seo. 'Sé bhí le Balor
a chur 'un báis. Thainic séideán gaoithe agus steall sé
na croinn amach leis an fhairrge.
8. Thainic Balor amach. Bhí súil nimhe aige. Bhí naoi
bpilleadh éadaigh uirthi. Nuair bhí sí nochtuighthe go dtí
dhá philleadh, chuir Lugh Fadlámhach lorgáid dhearg iarainn
isteach fríd an dá philleadh, agus bhain sé an tsúil as.
Lean sé Lugh annsin. Nuair bhí sé tuirseach 'na
dhéidh, dubhairt sé gurab é a ua féin é, cé 'bith taobh a
dtainic sé. D'iarr sé air an cionn a ghearradh dó agus
a chur i mullach a chinn féin. Chuir sé i mullach na
Cloiche Gairbhe é, agus thainic deor nimhe amach as a'
chionn. Sgoilt sé an chreag agus d'éirigh loch ann.
XIV. AN GOBÁN tSAOR 'S A MHAC.
1. An Gobán tSaor budh é an fear budh ghasda i nÉirinn
é. 'Sé an chéad fhear nÉirinn a rinn seisreach, — dubh-
shlán duine ar bith i nÉirinn a cuir amach as an sgríb.
Annsin, bhí sé ina fhear ghasda. Bhí mac aige agus
budh mhian leis an mac 'fhagháil pósta. Annsin, chuir sé
an mac 'un aonaigh le dórnán molt. D'iarr sé ar an
mac annsin na muilt a dhíol agus iad féin agus a luach
bheith leis ar ais 'na' bhaile.
2. Shiubhail an mac, 'ach a'n aonach agus ó aonach go
haonach. Ní thiocfadh leis a bhfágháil díolta. Fá dheireadh,
bhí sé 'teacht anuas sráid a' bhaile mhóir agus casadh
cailín air 'muigh i ndorus tighe.
3. “A bhuachaill,” ars' an ghirseach, “An é nach dtig
leat na caoirigh sin a dhíol?”
“Ní thig liom,” arsa mac an Ghobáin tSaoir.
“God chuige sin?” ars' ise.
“Breallán athar a d'iarr orm na caoirigh a dhíol agus
a luach a bheith liom 'na' bhaile.
“Maiseadh,” ars' an chailín, “gabh isteach annseo
agus cuirfe mise leat iad fhéin agus a luach leat 'na'
bhaile.”
4. Thug an chailín léithi na caoirigh isteach i dteach. Lom
sí na caoirigh agus thomhais sí an olann, agus thug sí
dó luach na holna agus chuir sí annsin na caoirigh lom
leis 'na' bhaile.
Ars' an t-athair, “A mhic, fuair tú na caoirigh dhíol.
Cibé háit i bhfuil an cailín, gabh go dtí í agus fágh í le
posadh.”
5. Fuaidh an mac go dtí an cailín agus fuair sé í le
pósadh, agus annsin thais'eán an Gobán tSaor cófhra dí
lán óir.
“A nighean,” ars' eisean, “goidé 'ghéanfá leis a'
chófhra sin?”
“Tá, a athair, bhéidhinn ag cur ann i gcomhnaidhe agus
gan dadaidh bhaint as.”
“A nighean,” ars' é, “ghéanfaidh sin an gnaithe. Dhá
mbeithí ag baint as i gcomhnaidhe, badh ghoirid go mbéidheadh
sé reaithte. A nighean, sin an dóigh cheart leis na tsaidh-
bhreas a choinneáil.”
XV. COR I N-AGHAIDH AN CHOIM AGUS
CAM I N-AGHAIDH AN CHUIR.
1. Chuir duine uasal bhí i Sasana sgéal a thiocfadh thall
anonn go bhfághadh sé a chaisleán deánta nach mbéidheadh
a leitheid eile ins na trí ríoghachta.
“Maiseadh,” arsa nighean an Ghobáin tSaoir le n-a
fear, “buail suas le cailín innteach fá'n chaisleán, ná
mur ndeánfaidh, ní thiocfaidh sibh 'na' bhaile beo.”
2. Shín siad leobhtha anonn go Sasana go dtaini' siad
go teach an duine uasail. Thoisigh siad a dheánamh an chais-
leáin. Bhuail mac an Ghobáin tSaoir suas le cailín bhí
fá'n chaisleán. Bhí an caisleán le bheith críochnuigh'e lá
ar n-a bháireach. Ars' an cailín leis a' bhuachaill:
“A' bhfuil an caisleán críochnuigh'e? Nuair a bhéidheas
an caisleán críochnuigh'e, tá 'rún acu mur gcuir 'un
báis. Fiafróchaidh an duine uasal do'n Ghobán tSaor
a' bhfuil aon chaisleán 'sna trí ríoghachta comh maith leis.”
3. Lá ar n-a bhárach, fiafruighidh an duine uasal de'n
Ghobán tSaor:
“A' bhfuil aon chaisleán 'sna trí ríoghachta comh maith
leis a' chaisleán seo agam-sa?”
Fhreagair an Gobán tSaor é.
“Ní'l,” ars' an Gobán tSaor, “acht nídh amháin atá
'sa bhaile agam, agus ní bhfuighidh aon dhuine sin acht do
mhac-sa agus mo mhac-sa dhul fá n-a dhéin.”
4. Chuir an duine uasal anall mac an Ghobáin tSaoir
agus a mhac fhéin. Thainic siad go dtí teach an Ghobáin
tSaoir. Arsa nighean an Gobáin tSaoir:
“Goidé tá a dhíth air anois?”
“Tá, aon nídh atá annseo ins a' chófhra,” arsa mac
an Ghobáin tSaoir, “chuir m'athair-se mise agus mac an
duine uasail anall fá n-a dhéin.”
“C'ainm atá ar an nídh sin?” arsa nighean an Ghobáin
tSaoir.
“Tá, cor i n-aghaidh an choim agus cam i n-aghaidh an
chuir.”
“Tá an nídh chéadna soin sa' chófhra,” arsa nighean
an Ghobáin tSaoir.
5. D'fhosgail sí an cófhra agus d'iarr sí ar mhac an
duine uasail theacht anall agus amharc síos ins a' chófhra,
go rabh an nídh chéadna ar thóin a' chófhra agus é thógáil.
Chrom sé annsin isteach ins a' chófhra, agus thainic sise
ar an taobh thiar * agus chuir sí a lámh leis agus tionn-
tuigh sí é isteach 'sa chófhra.
6. “Béidh tusa annsin,” ars' ise, “go dtig an Gobán
tSaor anall chugam-sa as Sasana.”
Fuaidh an sgéal anonn go rabh mac an duine uasail
'stigh gaibhte ins a' chófhra go dtigeadh an Gobán tSaor
anall 'un a' bhaile. Annsin leigeadh anall an sean
Ghobán tSaor agus leigeadh anonn mac an duine uasail
'un a' bhaile.
XVI. PAIDÍ Ó 'LUMHÓG.
1. Bhí sé 'na chomhnuidhe i nGleann Domhain. Ní rabh
tailmhach aige ach' é fhéin agus a bhean.
Bhí samhradh cruaidh ann agus ní rabh luach mine aige,
agus b'éigean dó a' bhó amháin a bhí aige thabhairt go dtí
aonach Leitir Ceanainn. Bhí trí cheannaidhe bó ó thaobh
Ghallóglach ann, agus thainic fear acú 'fhad le Paidí.
2. “Cé dhíolas a' gabhar?” ars' eisean.
Thóg Paidí a bhata agus dubhairt sé leis an cheannaidhe:
“Má bheir tú gabhar ar mo bhoin bhainne, bhéara mé
buille de'n bhata duid!”
D'imthigh an fear soin.
3. Thainic an darna fear acú.
“Cé dhíolas a' gabhar?” ars' eisean.
“Ní gabhar í, ach' bó bhainne,” arsa Paidí.
D'imthigh an fear soin.
4. Thainic an tríomhadh fear.
“Cé dhíolas a' gabhar?” ars' eisean.
“Maiseadh,” arsa Paidí, “aithnighim gur gabhar í,
nuair atá 'ach aon dhuine a' tabhairt gabhair uirthí.”
Dhíol Paidí i n-áit gabhair í ar a deich agus ponta.
5. Thainic Paidí 'un a' bhaile, agus fhobair go muir'feadh
an bhean é, cion is a' bhó dhíol ar a deich is ponta. Choinnigh
Paidí an t-airgead i n-a phóca go dtí an chéad aonach
eile bhí i Leitir Ceanainn. Fuaidh sé 'un aonaigh agus
thainic na trí cheannaidhe ann. Reath sé isteach go dtí
teach uisge bheatha.
6. Labhair sé le bean a' toighe agus thug sé doí deich
sgillinne.
“Má bheiriom-sa fir isteach le tréat thabhairt dóibh,
nuair a sgairtfeas mé agus tusa theacht isteach, bainfe
mé díom mo hata, agus craithfe mé an hata, agus abair
thusa liom bheith 'g imtheacht, go bhfuil sin díolta.”
7. Fuaidh Paidí isteach go dtí teach itheacháin agus
thug sé deich sgillinne do bhean a' toighe:
“Má bheiriom-sa isteach triúr fear le n-a ndínneár
fhágháil, nuair a bhuailfeas mé an tábla, tiocfa tusa
anuas; craithfe mise mo shean-hata; abair thusa liom
bheith ag imtheacht, go bhfuil sin díolta.”
8. Fuaidh sé isteach go dtí teach eile — teach ólacháin;
thug sé deich sgillinne do bhean a' toighe:
“Má bheiriom-sa triúr fear isteach annso tráthnóna
le tréat thabhairt dóibh, nuair a sgairtfeas mé anuas
ort-sa, craithfe mé mo shean-hata, agus iarr thusa orm
bheith 'g imtheacht, go bhfuil sin díolta.”
9. Nuair a fuair sé sin deánta, fuaidh sé amach 'ann-
soir a' triúr:
“A bhuachaillí, 'sé mur mbeatha! Goidé mar shásuigh an
gabhar sibh?”
“Ó, shásuigh go han-mhaith,” arsa gach aon dhuine acú.
“A bhuachaillí, ar ól sibh dadaidh go fóil?”
“Níor ól,” arsa na buachaillí.
“Bígidh a' teacht isteach go dtuga mise tréat daoibh.
Anois, ólaigidh an méad is mian libh ól — tá mise
ábalta díol ar a shon.”
D'ól siad oiread agus budh mhian leobhtha ól. Rapáil
Paidí an tábla (bhuail P. an clar). Thainic bean a'
toighe anuas. Chraith Paidí a hata.
“Bí ar shiubhal; tá sin díolta,” arsa bean a' toighe.
Fuaidh siad amach annsin.
Ars ghach aon fhear 'e'n triúr:
“Tá hata dheas aig Páidí, oir a dhíolas ar shon ghach
aon rud a sgairtfiomuid.”
10. I lár an lae thainic Paidí ar ais. Dubhairt sé
leis a' triúr:
“A bhuachaillí, ar ith sibh dadaidh go fóil?”
“Níor ith,” arsa na buachaillí.
“Bígidh a' teacht isteach go bhfágha sibh tréat eile.
'Nois, a bhuachaillí, ithigidh mur sáith. Tá mise 'díol ar
a shon.”
D'ith siad leobhtha annsin. Nuair a bhí a sáith ithte acú,
bhuail Paidí an clár. Thainic bean a' toighe anuas.
Chraith Paidí a hata.
“Bí ar shiubhal; tá sin díolta,” arsa bean a' toighe.
Fuaidh siad amach annsin.
Ars ghach aon fhear acú:
“Tá hata iongantach aig Paidí, nuair a dhíolas sé ar
shon ghach aon rud a sgairtiomuid air.”
11. Tráthnóna thainic sé ar ais:
“A bhuachaillí, nach dteacha sibh 'un a' bhaile go fóil?
Bígidh a' teacht isteach go bhfághmuid tréat eile. 'Nois,
a bhuachaillí, ólaigidh gach aon rud 'ar mian libh ól. Tá
mise 'díol ar a shon.”
D'ól siad leobhtha annsin. Nuair a bhí a sáith ólta
acú, bhuail Paidí an clár. Tháinic bean a' toighe anuas.
Chraith Páidí a hata.
“Bí ar shiubhal; tá sin díolta,” arsa bean a' toighe.
Fuaidh siad amach annsin.
12. Ars ghach aon dhuine acú:
“Tá hata greannmhar aig Paidí, nuair atá sé ábalta
díol ar shon gach aon rud a sgairtfiomuid air. A Phaidí,
is fheárr duid do hata dhíol linne. Tá tusa ag éirghe
aosda agus ní'l gnaithe agad leis. Ceannócha muidinne
é.”
Cheannuigh siad a hata ar chúig phonta. Shín siad
leobhtha 'un a' bhaile annsin.
13. Bhí aonach i nGallóglach lá har n-a bhárach. Bhí
deifre ar a' triúr 'un aonaigh go bhfeicead siad goidé
dheanfadh an hata. Fuaidh siad isteach go teach ólacháin
agus bhuail siad an clár, agus thainic ghach aon seort
biotáilte chucú 'ar mhian leobhtha ól. Bhuail siad an
clár. Thainic bean a' toighe anuas. Thug fear acú an
hata amach as a pócha agus chraith sé é.
14. Labhair bean a' tighe: “A bhuachaillí, a' bhfuil sibh
ag dul 'a dhíol seo?”
“Nach bhfuil sé díolta nuair a chraith sé an hata?”
“Ní'l, agus mur ndíola sibh go gasta, bhéarfa mise
isteach a' sárdseant.”
Thainic a' sárdseant isteach:
“A bhuachaillí, goidé atá oraibh nach ndíolann sibh an
tréat. Mur ndíola sibh é go gasta, fágfa mé istoigh
sibh.”
B'éigean dóibh an tréat a dhíol annsin.
15. Dubhairt ghach aon fhear de'n triúr nach ndeánfadh
an hata dadaidh dhóibh, gur hata draoidheachta bhí ann.
“Rachamuid i mbárach go bhfághmuid ar gcuid airgid
agus go bhfágamuid an hata aige.”
16. Bhí baramhail aig Paidí go dtiocfad siad. Fuaidh
sé amach agus fuair sé dhá choinín. D'fhág sé cionn acu
ine mbocsa a chois na teineadh. Thug sé leis amach an
cionn eile agus d'iarr sé ar a bhean a ráidht leis na
fir go rabh sé amuigh ar a' chnoc.
17. Dubhairt sé annsin: “Nuair is mian leis na fir
mise theacht, cuir thusa amach an coinín, agus, nuair
atchífeas mise a' coinín, tiocfa mé isteach agus béidh
coinín eile liom.”
Nuair a thaini' sé isteach annsin bhí an coinín leis.
“A' dtéid a' coinín fá do dhéin ghach aon áit a mbíonn
tú?” arsa na fir.
“Théid,” ars' eisean.
18. Cheannuigh siad an coinín uadh fá choinne bheith a'
deanamh teachtaireachta dóibhthe. Thug siad leobhtha ann
soin an coinín a bhaile agus chuir siad nóta chúig bponta
'steach i n-a haincearsúir. D'iarr siad ar a choinín a
dhul go bainc Leitir Ceanainn agus briseadh fhágháil ar
shon na gcúig bponta.
19. D'imthigh an coinín leis agus fuaidh sé i bhfalach i
dtom aitinneach. Lean Paidí an coinín. Bhí 'fhios
aige go leigfead siad amach an coinín am innteach.
Thainic Paidí ar a' choinín agus bhain sé de na cúig
phonta.
Nuair ab' fhada leobhtha bhí an coinín amuigh, fuaidh
fear acú go bainc Leitir Ceanainn:
“A' dtainic coinín ar bith annseo a rabh haincearsúir
ar a mhuineál agus cúig phonta ionnsa haincearsúir?”
“Ní thainic,” arsa fear a' bhainc,
20. Bhí an t-airgead caillte orthú.
“Rachamuid i mbárach go Gleann Domhain 'anns'oir
Phaidí go dtuga sé dúinne ar gcuid airgid agus go
marbhmuid é.”
Bhí 'fhios ag Paidí go dtiocfad siad. Mharbh sé sean
chaora bhí aige. Cheap sé an fhuil ionnsa mhiadail. Bheir
sé ar adharc na caorach. Gheárr sé giota beag o'n bhárr
de'n adhairc. Chuir sé i n-áirde an adharc ar bhárr an
bhalla.
21. “'Nois,” ars' eisean le n-a bhean, “nuair a thioc-
fas na fir, suidh thusa ar a' tsuidhisteoig agus cuir mála
na fola faoi do naparún. Nuair a thiocfas na fir
isteach, beidh siad ag iarraidh an airgid orm-sa. Déarfa
mise leobhtha gurb í an bhean sin is cionntaighe leis a
phlé uilig ach' go gcuirfe mé deireadh léithi.”
22. Nuair a thainic siad isteach, d'fhosgail Paidí a
sgein agus fuaidh sé suas go dtí an bhean. Thug sé
sáthadh de'n sgein do'n bhean ionns an naparún. D'imthigh
an fhuil síos a' t-urlár agus thuit a' bhean siar agus
leig sí uirthí go rabh sí marbh. Thoisigh na fir a dheanamh
buaidheartha fá'n bhean fríd an teach.
23. “Ná síligidh dadaidh de,” arsa Paidí, agus thug
sé leis adharc na caorach agus leig sé an cionn caol
de'n adhairc ar chluais na mná. Thoisigh sé a shéideadh ar
feadh tomaill. D'éirigh an bhean aniar ar ais beó.
“A Phaidí,” arsa na fir, “sin adharc uathbhásach atá
agad. Ceannóchamuid an adharc uaid.”
Cheannuigh siad an adharc. Fuaidh siad 'na' bhaile
sásta.
24. Lá har n-a bháireach chruinnigh siad a gcuid daoiní
muinteardha 'un dinneair le taisbeánadh dhóibh goidé
dheanfadh an adharc. D'ól siad beagán biotáilte. Bhí
siad a' caint thart ar ghach aon rud. Arsa fear acu:
“Thiocfadh liom-sa cleas a thaiseánadh daoibh.”
25. D'fhosgail sé an sgein. Fuaidh sé suas an áit a
rabh bean a' toighe ar a' tsuidhisteoig. Thug sé sáthadh
de'n sgein doí ionns a' chuadáil. Thuit a' bhean siar
marbh agus thainic a cuid fola. D'éirigh na daoiní bhí
istoigh uilig buaidheartha.
“Ná síligidh dadaidh de sin,” ars' an fear. “Thig
liom-sa í dheanamh beó ar ais.”
26. Thug sé leis an adharc annsin agus chuir sé bárr
na hadhairce ar chluais na mná agus thúsuigh sé a shéideadh
na hadhairce. Ní rabh gar ann — bhí an bhean marbh.
Shéid annsin ghach fhear de'n triúr tomall, 's ní rabh gar
ann — bhí an bhean marbh agus ní thainic sí ar ais. Thainic
na saighdiuraí dubha annsin agus rinn siad príosúnaigh
de'n triúr fear. Bhí Paidí réidh leobhtha. Crochadh an
fear a mharbh an bhean agus díbreadh an bheirt eile ar
sáile.
XVII. DOMHNALL Ó GALLCHOBHAIR.
1. Bhí file i dTír Chonaill a rabh Domhnall Ó Gall-
chobhair air. Bacach nó fear siubhail a bhí ann agus
“Domhnall 'ac a' tseachráin” nó “Domhnall 'ac a'
tiomsguigh'e” an leasainm a thug sé air féin. Is iomdha
amhrán binn a rinne sé, .i. “Cailín sin Éamoinn,”
“Hamaltún Bhácar,” “I nGleann Gheis atá'n toigh,” &rl.
2. Bhí fear mór amhrán 'na chomhnaidhe go dtí ar na
mallaibh i nGleann Gheis fá mhíle de Ard-ar-ráith.
Éamonn óg Mhac a' Ghoill a bhí air, agus bhí táin mhór
air ar fud na háite sin fá'n Ghaedhilg agus fá'n cheol
Gaedhealach a bheith aige ar dóigh. Bhí a athair, sean-
Éamonn Mhac a' Ghoill, agus a athair mór, Pádraic
Mhac a' Ghoill, 'na gcomhnaidhe 'san áit chéadna roimhe,
agus is ann a bhí a sheacht sinnsir ó aimsir Strangbó
riamh anall, 'réir mar chualas. Le linn a athar agus
a sheanathar a mhair Dómhnall Ó Gallchobhair.
3. I dtaca le toigh a athar móir, seo mar labhair
Éamonn óg fá dtaobh de:—
“Sgoil damhsa bhí ann. Bhí cailín a' toighe ag dul
amach, .i. teach m'athar mór. Bhí deifre amach uirthí agus
thug sí asgallán dó (.i. do Dhomhnall Ó Gallchobhair).
D'fhiafruigh sé c'ainm a bhí ar a' bhaile annsin. Dubhairt
sí gur Baile an Chaisil a bhí air. D'fhiafruigh c'ainm a
bhí ar fhear a' toighe. Dubhairt sí gur Pádraic 'ac a'
Ghoill a bhí air. D'fhiafruigh sé c'ainm a bhí ar bhean a'
toighe. Dubhairt gur Aibhlín a bhí uirthí. Rinne sé ceath-
ramha annsin:—
‘Baile seo an Chaisil is flaitheamhail na mná is a
gclann;
Is dá bhfanainn ann ráithe, gheobhainn préataí, arán
is im,
Brachán is cáthbhruith i dtoigh Phádraic mhóir mhic a
Ghoill —
'Sí Aibhlín na páirte a dheánfadh a' ghiollacht 'sa
roinn.’”
4. Agus seo ceathramha eile a rinne Domhnall do
shean-Éamonn Mhac a' Ghoill, .i. do athair Éamoinn óig.
“Is ró-dheas an féirín Éamonn ag cailín deas óg:
'S gur labhair sé indé liom ag éirghe amach ó n-a
sheól:
‘Má tá sé 'gad réidh, go héag 's ní chaithfe mé spól,
Go bhfighe mé do ghréasán, dá síobfaidhe mo theach le
gaoith mhóir.’”
XVIII. CAITLÍN NÍ 'gEACHRÁIN AGUS
DOMHNALL A' CHINN.
1. Bhí Caitlín Ní 'gEachráin 'na comhnaidhe i dTír
Conaill tá dhá chéad bliadhain ó shoin nó fá'n tuairim
sin. Bean ghlúine bhí innti, agus sin a' fáth ar labhair
an sagart Mac Niallghuis léithí ar a' dóigh seo:—
“A Chaitlín Ní 'gEachráin,
Ná bí thusa ar seachrán
I n-aimsir na dtachrán,
Tú féin 's mé féin.”
2. Bhí sí 'na ban-fháidh agus bhíodh leabhar fáistine
aici a léighead sí i gcomhnaidhe sol a ndeanad sí
targaireacht.
Bhí duine eile i dTír Chonaill — fear a rabh Domhnall
a' Chinn air — agus bhí seisean i n-a fháidh mar a'
gcéadna. Bhí Domhnall a' Chinn muintearach aig Dump
a' Chinn atá i n-a chomhnaidhe thoir i mbárr na nGleannta.
Seo roinn bheag de'n fháidheadóireacht adubhairt an
bheirt seo, 'réir an bhéaloidis atá ag muintir Thíre
Conaill go dtí an lá indiú:—
Caitlín Ní 'gEachráin adubhairt:—
3. “Go ndeanfaidhe cúirt Theamhrach i Molaidh Mhaois-
eog, agus nach dtiocfadh cogadh le n-a linn sin, is go
mbead sí seal dá saoghal go te, agus go bhfuighead sí
fuaradh, agus go rachadh arm gorm inntí, agus arm dearg
'na ndéidh sin, agus go n-imtheochadh an t-arm 'na dhéidh
sin go dtí go mbéidheadh na préacháin dubha ag sileadh
saile ionns na fuinneogaíbh sol a dtiocfadh an cogadh;
4. Go dtiocfadh muc dhubh fríd a' Bhearnas 1 agus go
rachadh slat dubh fríd Éirinn 2;
1 Go mbéidheadh carrannaí a' teacht fríd a' Bhearnas gan aon ghearrán.
2 Go mbéidheadh slatacha geala ar na bealaighibh móra; slat gheal fá
gach aon chnoc.
5. Go mbéidheadh ceastair ar na hamadáin;
Agus bútaisí ar na brealláin;
'Súil ar gach slodán (.i. sruthán),
Droichead ar na cam-shrutháin;
Is bealaighe móra is na haithghiorraíbh;
Is go mbéidheadh cáin ar na madaidh;
Is gearradh maith Béarla i mbéal na ngasúr,
Sol má dtigeadh an cogadh;
6. Gur eadar speal agus corrán a thiocfadh an cogadh,
sin .i. ionns an fhóghmhar eadar baint an fhéir agus baint
a' choirce;
7. Go mbéidheadh culaith dhearg ar a' tsagart roimhe
an cogadh, agus go bhfuagaireochad sé aig an altóir
síothcháin thrí mhí isna seacht ríoghachta;
8. Go dtiocfadh an cogadh ar an oidhche sin fhéin, Oidhche
Dhomhnaigh;
9. Nach ceart fanacht istoigh an oidhche sin, acht baint
amach fá na cnocaibh agus bheith orthú:
10. An chéad oidhche ar Chárn a' Mhaighin;
11. An dara hoidhche ar chnoc na hAchla;
12. 'S a' tríomhadh hoidhche ag Sop Seasg;
13. Nuair a bheas an méid sin istoigh, go dtabhairfidh
builbhín tuistiúnach a mbricbhasta do'n méad a bhí beó
ó na Ceallaibh Beaga go Caslach a' Mháis.
Domhnall a' Chinn adubhairt:
13. “Nár bhaoghal duit an cogadh choidhche go dtéidheadh
a' mhuc dhubh le teinidh ó Dhoire 'un na gCeall (sin a'
traen)
14. Nuair atchífeá casóg, ní baoghal duit a' cogadh i
gceart go bhfeice tú an chasóg dhearg ar an tsagart
agus é a' ráidht aifrinn — tá an cogadh agat annsin;
15. Ná fan istoigh an oidhche sin — sin an oidhche a
thiocfas a' Títheadh Bhradach;
16. Má fhanann tú istoigh an oidhche sin, bainfear an
cionn díot — bí a' deánamh cnuipthí (.i. bí a' baint agad
amach na cnuic).”
XIX. SEACHTMHAIN AR GCHÚL.
1. Fear a bhí ag fágáil a' bhaile Dia Domhnaigh, agus
astar fada roimhe. Labhair a bhean leis agus d'iarr sí
air an t-astar a chur ar gcúl go cionn seachtmhaine, oir
nár mhaith léithi sgaramhaint leis féin i dtoibne. Seo
mar adubhairt sí:
2. “Siubhal Domhnaigh ná deán bhuaim,
Agus ná himthigh Dia Luain go moch:
Fan go dtí Máirt,
Agus leig na trí lá sin thart.
3. Is olc a' Cheadaoin chraobhach
Agus ní measa ná'n Déardaoin dálach;
Is olc an Aoine le sgaramhaint,
Agus fan go dtí 'mbárach!”
XX. LÁ THAIDHG NA dTADHGANN.
1. Bhí Ó Baoighill * 'na chomhnuidhe i Luachros agus thainic
an fear beag isteach lá amháin. D'fhan sé seacht mbliadhna
annsin — d'fan agus níor labhair sé aon fhocal agus ní
thearn acht trí gháire ine seacht mbliadhna, agus bhí sé ag
deánamh bogha agus saighde ar feadh na seacht mbliadhna.
2. Bhí an cailín aimsire ag teacht anuas as an seomra
agus ghearr sí a ladhar. Fuaidh sí a chaoineadh agus fuaidh
seisean a gháiridhe. Sin a' tríomhadh gáire a rinne sé.
3. Annsin a tógadh an chreach ua Ó Baoighill agus
tógadh ar siubhal a' chreach gan fhiafraighe dá ghaosán.
Dubhairt bean Uí Bhaoighill annsin go rabh a fear
creachta agus nach dteachaidh seisean a chuidiughadh leis.
4. “Thú ag ithe agus ag ól annseo le seacht mbliadhna,”
ars' ise; “'ach uile sheórt is feárr 'ná a chéile. Tá tú
ag gáiridhe agus fear a' tighe seo dhá chreachadh! Agus ní
theacha tú amach a chuidiughadh le do mhaighistir indiú,” ars'
ise. “Imthigh amach annsin,” agus cuidiughadh leobhtha an
chreach a thabhairt ar ais. †
5. D'éirigh seisean annsin agus d'imthigh sé amach agus
lean sé iad go Bealach a' Ghleanna Mhóir. Thainic sé
suas leobhtha annsin i mBaile na gCreach. D'fhiafruigh
sé annsin d' Ó Baoighill, de'n mhaighistir:—
“Cia acú choisgfeas tú an tóir nó cheapfas tú an
chreach?”
“Ceapfa mé an chreach,” arsa Ó Baoighill.
6. Thoisigh sé annsin a sgaoileadh leis na fir a rabh an
chreach leobhtha. D'imthigh siad leobhtha annsin agus sgab
siad soir agus siar, agus d'fhág siad an chreach acú.
7. D'imthigh siad-san a bhaile annsin. D'fhiafruigh Ó
Baoighill de caidé ghlacfad sé cion is a' chreach a
cheapadh.
“Ní ghlacfa mé a'n dadaidh,” ars eisean, “acht cuid
d' 'ach aon rud dá bhfuighe tú fhéin.”
8. Ar a dteacht a bhaile dóbhtha bhuail tart mór Ó
Baoighill agus shiubhail fé go tiugh an méid a bhí i n-a
chorp, agus fuaidh sé isteach i dteach agus d'iarr sé
deoch. Fuair sé sgála bainne annsin. D'ól sé uilig é
agus ní thug sé dadaidh do'n fhear bheag ar chor ar bith.
9. Fuaidh siad 'na bhaile agus agus ní fhuireochadh an
fear beag aige ní b'fhuide.
“A' dtiocfa tú ar ais a choidhche aríst?” arsa Ó
Baoighill.
“Ní thiocfa mé ar ais,” ars' eisean, “go dtí Lá Thaidhg
na dTadhgann.”
10. Sin go díreach an méid adubhairt sé agus ní
thainic sé ar ais ní ba mhó.
Sin a dheireadh ó n-a bhun go dtí n-a bhárr.
XXI. AN MHAIGHDEAN MHARA.
1. Fear a bhí ann aon uair amháin. Nuair a bhí sé 'na
bhuachaill óg, bhí sé chois na fairrge. Casadh an cailín
seo air a dtugthaoi an mhaighdean mhara uirthí, agus thug
sé leis í.
2. Bhí brat aicí-se agus fuair a' buachaill óg greim
air, agus bhí an cailín leis annsin.
3. Pósadh an lánamhain annsin. Ní'l a' bhliadhain,
'fhad is bhí sí aige, nach gcuirfead sé an brat i n-áit úr
'ach uile bhliadhain.
4. A' fóghmhar seo bhí duine de na páistíbh amuigh ag
coimeád air 'á chur i gcruaich an arbhair. D'innis an
páiste annsin do'n mháthair an lá a bhí an fear ar shiubhal
go bhfaca sé a dheádha ag cur rud an-deas i gcruaich an
arbhair.
5. Nuair a chualaidh an mháthair sin, chuaidh sí amach
agus leag sí an chruach agus fuair sí an brat, agus
d'imthigh sí annsin, agus, nuair a thainic an fear ar ais,
ní rabh an bhean le fágháil, agus rinne sé an t-amhrán
seo annsin le buaidhreadh:—
6. Shiubhail mé an domhan 's ní fios damh go bhfaca mé
A samhailt ná a cosamhlacht i gcásaibh,
Acht an mhaighdean mhara bhí ar láimh le bannadh,
Agus bhí sí ag síor-ghealladh grádh' damh;
A dís-bhéal tanaidhe chuir smúid ar fhearaibh,
'S budh deirge í 'ná'n rós i ngárrdhaidh,
'S nár chumhartha liom d'anál ná na hubhlaí folláin
'S iad a bheith i dtaisgidh le ráithe ann?
7. Is deirge í 'ná'n chorcaighe, a dís-bhéal 's a leaca —
'Sí is deise 'ná a bhfaca mé dhe phéarlaíbh;
A' méire 's a londubh ag triall fá n-a coinne,
Ar a fheabhas is chluinfead sé a táin mhaith;
A ciall is a deise 's a méin mhaith eile,
'S ní bréag ar bith a bhfuil mise 'ráidht libh,
'S nach aoibhinn do'n bhunadh a bhí riamh dhod' oileamhain,
Ar fheabhas a' chinneamhaint 's bhí 'ndán duit.
8. Is binne liom í 'ná fidil is fliúit
'S iad a bheith 'seinm i bpárlur,
Is binne a guth béil 'ná na horgáin 's ná an méit,
'S ná'n chuach ar ghéig sa ghráinsigh;
Tá naoi míle eochair i gcuantaibh th'ochta
A sgaoilfeadh glais ag gach géibheann,
Osna gan sochar ag méadughadh mo dhochair,
Tráth smaoitighim ar fhoclaibh dá béal liom.
9. Is doiligh liom trácht ar aicíd a' ghráidh —
Is leannán damh é nach sgaoileann —
'S ní'l a'n dhuine 'san áit dá gcluinfeadh mo chás
Nach gcuirfeadh 'gosárd mo chaoineadh;
Is doiligh damh a' pháirt sin eághradh go bráth
Le hainnir na seád nár síolruigheadh.
Dá dtógthá do lámh is mé thabhairt ó'n bhás,
Dó mhalairt go bráth * 's ní theánfainn.
XXII. MÓR NÍ ODHRÁIN.
1. Lá amháin bhí Ó Domhnaill thall annsin ionns an
chaisleán (.i. i gcaisleán Dhúin na nGall), agus chuala
sé iomrádh ar aois Mhóir Ní Odhráin. Ní chreidfead sé
go rabh Mór Ní Odhráin cúig céad bliadhain a dh'aois go
dtí go bhfaca sé í.
2. D'imthigh sé siar go rabh sé ag an teach — Teach Mhóir
Ní Odhráin — an teach is fuide siar i nÉirinn. Bhí nighean
is mac aicí ionns an aois leanbaidhe 'na luighe ar dhá
thaobh na teineadh, duine taobh thall, agus duine i bhfus.
3. D'fhiafruigh sé díobhtha cá rabh a máthair. Dubhairt
siad-san go rabh sí ionns an pháirc amuigh ag buachaill-
eacht. Chuaidh sé amach 'un na páirce an áit i rabh sí ag
buachailleacht.
4. “An tusa Mór Ní Odhráin?” ars' eisean.
“Is mé,” ars' ise.
“Agus caidé an rud iad so atá taobh istoigh ionns an
teach agat ionns an aois leanbaidhe?”
“Nighean agus mac,” ars' ise.
“Goidé an sgéal duit-se bheith comh hóg gasta agus
iad-san comh sean?”
5. “Tá, níor ith mé aon ghreim ariamh go rabh ocras
orm; níor ól mé aon dheoch go mbeadh tart orm; níor
shuidh mé riamh ag an teinidh gan a bheith 'g obair — mar'
bhfághainn obair agam féin, gheobhainn ag fear innteach
eile é. Mar' gcreide tú mé,” ars' ise, “bhí mé fiche
bliadhain nuair a thainic mé chun an bhaile seo; ní'l aon
bhliadhain ó shoin nár mharbh mé mart; chaith mé cnámha
isteach ionns an chófhra gach aon uile bhliadhain ó shoin.
Mar gcreide tú mé, gabh isteach agus conntais iad.
Gabh isteach agus caith amach iad agus conntais isteach
ar ais iad, agus go mbarramus tú go bhfuighe tú fíor
go leór é.”
6. Chonntais Ó Domhnaill isteach ar ais ionns an chófhra
iad. Bhí na cúig céad cnámh ann agus ní rabh dadaidh le
deánamh aige annsin — ní rabh faic — acht a theacht 'un an
bhaile.
XXIII. MURCHADH BEAG AGUS
MURCHADH MÓR.
1. Chuaidh Murchadh Beag agus Murchadh Mór amach a
bhuaint sughcraobh aon lá amháin. An méid a bhuain
Murchadh Mór thug sé do Mhurchadh Bheag le taisgidh.
Nuair a bhí an deireadh bainte ag Murchadh Mór, thainic
sé dh'ionnsuidhe ar Mhurchadh Bheag fá dhéin an mhéid a
bhuain sé.
“Ó,” arsa Murchadh Beag, “an méid a fuair mise
gur ith mé.”
“Maiseadh, má d'ith,” arsa Murchadh Mór, “buailfe
mise luach an iomláin ort anois.”
2. Siud dh'ionnsuidhe ar an tslait é.
“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an tslat.
“Slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar
d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.”
“Ní racha mise leat,” ars' an tslat, “go bhfágha tú
tuagh bhuainfeas mé.”
3. Siud dh'ionnsuidhe ar an tuaigh é.
“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an tuagh.
“Tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh
Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh
aréir.”
“Ní racha mise leat,” ars' an tuagh, “go bhfágha tú
cloch a líomhfas mé.”
4. Siud dh'ionnsuidhe ar a chloich é.”
“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an chloch.
“Cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a
sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo
chuid sughcraobh aréir.”
“Ní racha mise leat,” ars' an chloch, “go bhfágha tú
uisge fhliuchfas mé.”
5. Siud dh'ionnsuidhe ar an uisge é.
“Ca bhfuil tú ag dul?” ars an t-uisge.
“Uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh
bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar
géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.”
“Ní racha mise leat,” ars' an t-uisge, “go bhfágha tú
fiadh shnámhfas mé.”
6. Siud dh'ionnsuidhe ar an fhiadh é.
“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an fiadh.
“Fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a
líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh
Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sugh-
craobh aréir.”
“Cha dtéidhim-se leat,” ars' an fiadh, “go bhfágha tú
gadhar a ruaigfeas mé.”
7. Siud dh'ionnsuidhe ar an ghadhar é.
“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an gadhar.
“Gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge
fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh
slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar,
mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.”
“Cha dtéidhim-se leat,” ars' an gadhar, “go bhfágha tú
im a chuimeolfas mé do mo chosaibh.”
8. Siud dh'ionnsuidhe ar an im é.
“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an t-im.
“Im dho chosaibh gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh
shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh
tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh
Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh
aréir.”
“Cha dtéidhim-se leat,” ars' an t-im, “go bhfágha tú
lochóg a sgríobfas mé.”
9. Siud dh'ionnsuidhe ar an lochóig é.
“Ca bhfuil tú ag dul?” ars' an lochóg,
“Lochóg, lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair,
gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámfadh uisge, uisge
fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhuainfeadh
slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar,
mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.”
“Cha dtéidhim-se leat,” ars' an lochóg, “go bhfágha tú
cat a ruaigfeas mé.”
10. Siud dh'ionnsuidhe ar an chat é.
“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an cat.
“Cat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a sgríobfadh im,
im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh
shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh
tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh
Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh
aréir.”
“Cha dtéidhim-se leat,” ars' an cat, “go bhfágha tú
braon bainne ua na buaibh breaca.”
11. Siud dh'ionnsuidhe ar na buaibh é.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa na ba.
“Ba a bhéarfadh braon bainne do chat, cat a ruaig-
feadh lochóg, lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair,
gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge
fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh
slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar
d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.”
“Ní thabhairfidh sinne aon dheor 'bhainne dhuit,” arsa
na ba, “go bhfágha tú sopóg arbhair ua na buailteoiríbh
sin thall.”
12. Siud dh'ionnsuidhe ar na buailteoiribh é.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa na buailteoirí.
“Buailteoir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhoin, bó a
bhéarfadh braon bainne dho chat, cat a ruaigfeadh lochóg,
lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a
ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh
cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat
a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé
mo chuid sughcraobh aréir.”
“Ní thabhairfidh sinne sopóg arbhair duit,” ars' an
buailteoir, “go bhfágha tú bunnóg aráin ua mhnáibh an
aráin sin thall.”
13. Siud ar siubhal dh'ionnsuidhe ar mhnáibh an aráin é.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mná an aráin.
“Mná a bhéarfadh bunnóg aráin do bhuailteoir, buail-
teoir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhoin, bó a bhéarfadh
braon bainne dho chat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a
sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh
fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a
líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh
Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid
sughcraobh aréir.”
“Cha dtugann sinne bunnóg aráin duit,” arsa na
mná, “go dtuga tú isteach trí chriathar uisge.”
14. Siud amach leis an chriathar é, is ní'l aon dheor dhá
dtógfad sé nach dtuitfeadh ar ais.
Thainic an fheannóg charrach thart.
“Cuir láib leis,” ars' an fheannóg, “cuir clé leis, is
bhéarfa tú isteach an t-uisge.”
15. Chuir seisean an láib agus an chlé leis an
chriathar agus thug sé isteach na trí chriathar uisge
annsin. Thug mná an aráin an bhunnóg aráin dó annsin.
Thug sé an bhunnóg aráin do'n bhuailteoir. Thug an
buailteoir an tsopóg arbhair dó. Thug seisean an
tsopóg arbhair do'n bhoin. Thug an bhó an braon bainne
do'n chat. Ruaig an cat an lochóg. Sgríob an lochóg
an t-im. Chumail sé an t-im do chosaibh an ghadhair.
Ruaig an gadhar an fiadh. Shnámh an fiadh an t-uisge.
Fhliuch an t-uisge an chloch. Líomh an chloch an tuagh.
Bhuain an tuagh an tslat. Nuair a thainic Murchadh
Mór is an tslat leis, bhí Murchadh Beag ar shiubhal.
Ní rabh sé le fágháil ag Murchadh Mór, ag teacht dó
leis an tslait, ná ní fhaca sé aon amharc air níos mó.
Bhí sé ar shiubhal 'un a' bhaile.
16. Chuaidh siad-san an t-áth agus mise an clochán.
Báitheadh iad-san is thainic mise.
XXIV. COLUM CILLE AGUS AN DUINE
BOCHT.
1. Bhí baile talaimh ag Colum Cille. Thainic earrach
an-thirim, is bhí mórán fear aige ag cur uisge ar an
arbhar a bhí dá chur aige, ar eagla go dtriomóchad sé
barraidheacht.
2. Bhí an cailín an-ghnaitheach ag deánamh aráin le n-a
mbricfasta thabhairt do na fearaibh. Thainic duine bocht
isteach agus d'iarr sé déirce. Thug sise cnap de'n
taosg dó agus d'iarr sí air féin arán a dheánamh de.
Chaith sé i lár na teineadh é — teine mhór a bhí ann — agus
chuaidh sé amach ar an dorus.
3. Nuair a thionntuigh an cailín thart, hainic sí tom
geabhair ag fás i lár na teineadh ar an taosg. Leis sin
thainic Colum Cille isteach agus d'fhiafruig sé de'n
chailín cá dteachaidh an duine bocht. Dubhairt sise gur
thionntuigh sé cóirneál an tighe. Chuaidh Colum Cille
'na dhiaidh agus thionntuigh an duine bocht thart. Dubhairt
sé le Colum Cille:
“Nach dtug mé do sháith dhuit?
4. “Thug,” arsa Colum Cille, “acht ní thug tú croidhe
damh le n-a caitheamh.”
“Seadh,” ars' an duine bocht, “a fhad is bheas grian ar
an aer ní rachaidh fial go hifrionn.”
XXV. AN PLÉIS AM.
1. Fear a bhí ann fad ó shoin a rabh Mághnus air.
Chaitheadh a bhean a thabhairt air caisleán a dheánamh doí.
Nuair a bhí an caisleán deánta, ní rabh an ghnaithe ar
dóigh go ndeánfad sé pléis am doí. Annsin, ní rabh a
fhios aige goidé an dóigh a ndeánfad sé pléis am.
2. Chuaidh sé amach fá na cloicheacha agus casadh Bilí
an Dealáin air. Thug Bhullaí dó bata buidhe. Arsa
Bhullaí:
“Abair leis an bhata bhuidhe a chomhairle fhéin a
dheánamh.”
3. Chuaidh Mághnus amach annsin agus rug sé greim
rubaill ar an tarbh, agus ars' eisean:
“A bhata bhuidhe, deán do chomhairle fhéin.”
Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh agus stróic
ar Mhághnus thart fá n-a chaisleán.
4. Reath bean Mhághnuis amach annsin a shábháil Mhágh-
nuis. Rug sí greim ar Mhághnus agus ghreamuigh sí do
Mhághnus.
“A bhata bhuidhe, deán do chomhairle fhéin,” arsa
Mághnus.
5. Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh agus
stróic ar Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis thart fá
n-a chaisleán.
6. Bhí táilliúr istoigh. Sgairt bean Mhághnuis amach
ar an táilliúr go sábháilfead sé í. Fuair an táilliúr
greim ar bhean Mhághnuis, agus bhí sé greamuiste do
bhean Mhághnuis. Arsa Mághnus:
“A bhata bhuidhe, deán do chomhairle fhéin.”
7. Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh, stróic ar
Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis, is stróic ar an
táilliúr. Bhí an bata buidhe ag bualadh thart fá'n chais-
leán ó'n darna stróic.
8. Bhí buachaill eile ag glanadh na sráide.
“Guidhim thú,” arsa bean Mhághnuis, “tabhair lámh
chuidighthe damh.”
9. Thóg an buachaill an tsluasad agus tharraing sé
uirthi. Bhí an tsluasad lán clábair, agus bhí sé ag
brath ar a fágháil réidhtighthe, agus leag sé an tsluasad
uirthi, agus ghreamuigh an tsluasad doí, agus ghreamuigh
dhá láimh an bhuachalla do'n tsluasaid.
“A bhata bhuidhe,” arsa Mághnus, “deán do chomhairle
fhéin.”
10. Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh, stróic
ar Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis, stróic ar an
táilliúr, agus stróic ar fhear na sluaisde gur chuir sé
an t-iomlán thart timcheall fá'n chaisleán go dtí go rabh
bean Mhághnuis tuirseach de'n phléis am, gur iarr sí ar
Mhághnus stad de'n phléis am, agus sgairt Mághnus
annsin ar Bhullaí an Dealáin agus bheir Bhullaí an
Dealáin ar an bhata bhuidhe, agus thug sé stróic thart fá
dtaobh díobh, agus bhí an t-iomlán réidhtighthe.
XXVI. GOLL AGUS AN CRANN
TOCHAIRDTHE.
1. Bhí Fionn mhac Cumhaill agus a chuid fear ag im-
theacht a sheilg fríd na sléibhte agus d'fhan Goll ar
deireadh le heagla roimhe na muca fiadhain'. Bhí 'fhios
aige go dtuitfead sé le muc fhiadhain dhá fhad da rithfead
sé.
2. D'fhan sé iongantach fada an lá seo i ndéidh a' chuid
eile do na fir, agus thainic triúr do chailleacha pis-
reoga orru, agus crann tochardtaí acú ag tochairt
iarnaí i n-aghaidh na sreithe agus shuidh siad síos ar na
cairrgeacha a' deanamh iongantais do'n obair a bhí ar
na cailleachaibh, agus níor mhoithigh siad ná go rabh siad
uili-go-léir ceangailtí greamuistí ar na carrgeacha,
agus annsin hainic siad Goll ag teacht agus bhí an
crann tochairdte ghíoctha acú agus smaoitigh siad nár
bh'fhiú dóbhtha a chrann tochairdtí a chur suas ar ais mar
mhaithe le fear amháin, agus go dtiubhrad siad troid dó.
3. Thoisigh an triúr ar Gholl annsin le n-a gcuid
cloidhmhtheacha agus smaoitigh sé annsin gur dhona an
rud dó mar mhaithe le triúr cailleacha go bhfuighead
siad buaidh air. D'éirigh sé 'na sheasamh, agus tharrainn
sé a chloidheamh agus ghearr sé beirt acú trasna.
4. Chaith a' bhean eile í fhéin ar a glúin agus d'iarr
sí air gan a marbhadh, agus go sgaoilfead sí an chuid
eile. Thoisigh sí dá sgaoileadh annsin, agus nuair a bhí
siad uilig sgaoilte acht beirt — acht Conán Maol agus
fear amháin eile — nuair a fuair Conán sgaoilte
tharrainn sé an cloidheamh dá thaobh, agus bhain sé an
cionn doí.
5. Bhí fear amháin annsin gan sgaoileadh acú, agus
rug siad thall agus i bhfos air. Tharrainn siad leobhtha
é agus d'fhág siad iomlán dá chuid croicinn agus feol
i bhfastódh ar na cairrgeacha.
XXVII. CÚCHULAINN AGUS CONNLA
(CONLAOCH).
1. Bádhbha Ní Chailitín agus a nighean a' bheirt budh
mheasa bhí ar a' domhan, agus ní phósfad sí fear ar bith
acht a' fear a bhéarfadh coisceim thaire an ált agus
thuitead siad síos agus mhuirbhfidhe iad.
2. Chualaidh Cúchulainn iomrádh uirthí annsin, agus
chuaidh sé a dh'amharc uirthí, agus thug seisean coisceim
trasna ar an ált — thiocfadh leis dhul ar eiteoig ionns
an aodhar le pisreogaíbh.
3. Annsin, b'éigin doí é phósadh, agus pósadh iad,
agus ní rabh sé aicí acht a trí nó ceathair a laethe (de
laethibh) ná go dtug sí iarraidh é chur 'un báis, agus ní
fhuireochad sé aicí ní b'fhuide, agus annsin, nuair a bhí
sé ag imtheacht, d'fhág sé fáinne aicí agus chuir sé a
dh'fhiachaibh uirthí, 'á mbeith mac aicí, nuair a bheidheadh a
mhéar i n-innmhe an fáinne a líonadh, é chur a bhaile
'anns’air, agus, annsin, chuir sí fá gheas an mac nach
dtiocfadh leis a innse cé é fhéin, ag dúil go muirbhfead
sé an t-athair agus go bhfuighead sí an mac le pósadh.
4. Nuair a thainic sé annsin an áit i rabh Fionn mhac
Cumhaill agus a chuid fear, níor aithin duine ar bith é ó
bhí sé 'na strainsearaidhe. Ní rabh fear ar bith ag Fionn
mhac Cumhaill a bhí ábalta féachadh leis, bhí sé i n-a fhear
comh milltineach sin. D'órduigh Finn mhac Cumhaill
teachtaire glic a chur fá dhéin na Con.
5. D'aithin sé gurab é a athair a bhí ag teacht nuair a
chuala sé iomrádh ar a' Choin. Thainic a' t-athair annsin
agus thoisigh sé fhéin agus a mhac ag troid le dhá chloidhmhe
Chaithead sé a chloidheamh ar gach taobh dá athair agus
níor fhéach sé riamh baint leis, agus annsin, nuair
nach dtainic leis an athair talamh ar bith a dheanamh de,
stop sé annsin, agus sgaoil sé an Ga Builg (.i. ga
nimhe) leis a' mhac as ladhar a choise. Cúchulainn 'sé
sgaoileadh an Ga Builg as ladhar a choise.
6. Nuair a bhí sé ag tuitim dubhairt sé le n-a athair:
“Leig damh tuitim ar m'aghaidh;
Aidmhighim * gur tú m'athair,
Le heagla go gcuirfeadh fir Éireann in mo dháil
Go mbéidhinn ag teitheamh as teangmháil.
Is mise Connla caoin-mhac na Con,
Oidhre dílis Chuan Dealbh;
Is mé an rún a d'fhágadar i mbruinn,
An fhíorsgoith is tú d'fheoghluim.
A Chúchulainn chliste, a bheárn bhriste gach gábha,
Seo an méar a bhfuil an fáinne.
7. “Is truagh sin, a Chonnla chaoin (ars' an t-athair),
Ádhbhar a' ríogh bhí gan locht;
Is truagh nach é mo bhás a dearbhadh,
Sol mar dhearg mé ar do chaoin-chorp.
Dhá mbéidhinn-se agus mo Chonnla caoin,
Taobh ar thaobh ag imirt chleas,
Fir Éireann ó thuinn go tuinn,
Gur liom-sa agus le Connla badh treis.
A' talamh ar mharbh' mé ann mo mhac,
Nár fhásaidh air féar ná gort;
Nár bheirthí ann bó, laogh ná lacht,
Bean, nighean ná mac.
A' lámh a mharbh (mo mhac),
Nár chaithidh sí cloch ná caol-bhrat,
Agus an t-athair a mharbh a mhac,
Go bhfághaidh a chrádh agus a ghéar-loit.
M'óch, is mór mo mhire,
Agus mé 'tarraint suas go Mogh Gine,
Cionn mo mhic in mo láimh,
Agus a airm agus éideadh ionns a' láimh eile.”
XXVIII. LAOIDH NA CEARDCHA.
I.
Lá dhúinn ar Luachair leabhair,
Do cheathrar cródha de'n bhuidhin,
Mé féin is Osgar is Daolghus;
Bhí Fionn féin ann, 's b'é mac Cumhaill.
II.
Go bhfacamar chugainn ins an ród
An t-óglach mór 's é ar éan-chois,
'Na chochall dubh cíordubh croicinn,
'Na ionar lachtna mar éideadh.
III.
Ba ghruamach cosmhaileas an óglaigh;
Ba ghránna sin 's ba duaichnidh,
Le n-a chlogad ceann-mhór céatach,
Le n-a mhaoil éidigh d'fhás gruaidh-dhearg.
IV.
Aon chos amháin a bhí as a thóin
Is é ag tomhas na móna chugainn;
Aon súil amháin i gclár a éadain
Is é ag féachaint ar mhac Cumhaill.
V.
Lon:
Go mbeannuighe an Rí is na déithe
Do do dhéidh-se, a Fhinn mhic Cumhaill.
Fionn:
Go mbeannuighthear duit-se mar an gcéadna,
A shúil fhéata nach n-aithnighim.
VI.
Dó labhair ris Fionn Mac Cumhaill,
Mar dhuine bhéadh ag dul seachad,
Cáit, a ghobha, a bhfuil do thuineadh,
A fhir úd na gcochall croicinn?
VII.
Lon:
Lon mac Líomhtha m'ainm baistthe;
Bheirim buaidh freastail gach ceardcha.
Is mé lúth ghoibhne an domhain
Ag Rígh Lochlann ins an mBeirbhe.
VIII.
Cádhbha mhór Ní Mhorcáin —
Ba mhaith an mháthair chloinn' í —
Rug sí mé i n-éinfheacht,
Mé féin is mo leitheid eile.
IX.
Fionn:
Truagh nach dtainic ceo nimhe
Is ceo acaise ar an talamh,
A mhuirbhfeadh í, arsa Mac Cumhaill,
Sol a rugadh riamh do shamhail.
X.
Lon:
Cuirim-se sibh-se fá gheasaibh,
Ó's lucht sibh atá ag freastal arma,
Mur' rabh sibh agam i mbuidhin ochtair
Ag naoi ndorsaibh mo cheardcha.
XI.
Fionn:
Cá an ball a bhfuil do cheardcha,
Nó an fearrde sinne a faicsin?
Lon:
Atchífir í, má's éigean,
Acht má fhéadaim-se, cha n-fhaicir.
XII.
Sin nuair chuadar 'na siubhal
Thar Chúigeadh Mumhan ó Luimnigh,
Is thar Ghleannán buidhe Beithe
Go ndeacha siad 'na gceithre buidhnibh.
XIII.
Ba bhuidhean díobh sin an gobha;
Ba bhuidhean eile dhíobh Daolghus;
Bhí Fionn 'nar ndéidh an uair-sin
Is beagán d'uaislibh na Féinne.
XIV.
Cha dtugadh an gobha acht aon-chéim
Thar gach gleannán cíordubh fásaig
Is ní fheiceamais acht ar éigin
Cearb dá éideadh thar a mhásaibh.
XV.
Leigimid uilig i n-ar reathaibh,
Go crích Lochlann le rása,
Is ag árdughadh dúinn ag Ceis Chorainn,
Léim Daolghus air 'sna sálaibh.
XVI.
Cé sheas orm ins na sálaibh?
Ars' an gobha gránna éidigh.
Mise sheas ins an tsáil ort;
Beir as duit, arsa Daolghus.
XVII.
Ag díriughadh ar Urlár an Choire.
Ag téarnamh ar Bhealach na bhFaobhar.
Fosgail, fosgail, ars' an gobha,
Ná druid romham, arsa Daolghus.
XVIII.
Lon:
Chá bheitheá i ndorus mo cheardcha
I n-áit teann, 's mé im' aonar.
Daolghus:
Dar an láimh sin ort, a ádhbhair goibhne,
Ní racha tú i gceardcha id' aonar.
XIX.
Lon:
Tugamaid luach a n-astair
D'fhearaibh calma na Fódla;
Déantar dóibh arm fíochrach —
Sleagh dhíreach na naoi n-órdlach.
XX.
Fuaras annsin builg dá séideadh;
Fuaras ar éigin ceardcha;
Fuaras ceathrar goibhne ríogh Bheirbhe
De dhaoinibh doirbhe mí-dhealbhcha.
XXI.
Bhí seacht lámha ar gach gobha;
Seacht dteanchaire bhí leabhair éadtrom;
'S na seacht n-uird a bhí ag bualadh;
'S ba luaithe do fhreagradh Daolghus.
XXII.
Daolghus, fear faire na ceardcha,
Sgéala dearbhtha gur throid iad,
Gur ba deirge 'ná gual na darach
A shnuadh de thoradh na hoibre.
XXIII.
Do labhair fear de na goibhnibh
Go gríomach is go gruamach:
Cé an caol-fhear cruaidh gan time
Do shínfeadh amach tinne cruadhach?
XXIV.
Do labhair Fionn a bhí 'na sheasamh,
Fear ba mhaith freagairt san uair-sin:
Cha bhíonn an cheist sin gan sgaoileadh —
Bhí Daolghus air gus an uair-seo.
XXV.
Do labhair Conn mac Baoisgne,
Fear sgaoilte gach ceiste saoghail:
Cé feárr ainm dá mbéidh air feasta
Ná Caoilte gasta bheith ar Dhaolghus?
XXVI.
Annsin do labhair Fionn Ua Baoisgne
Fear sgaoilte gach cáis, dá chruaidhe:
Go mairidh tú t'ainm, a Chaoilte:
Cha bhíonn Daolghus ort ó'n uair-seo.
XXVII.
Mura séididh siad na builg,
Arsa Conán 's é ag an dorus,
'S an t-iarann a chongbháil ar dóigh duit,
Téidh de'n órd ortha sa chloigeann.
XXVIII.
Fuaras annsin 'na síneadh
Na cloidhimhte líomhtha daithte,
'S an cóimhlíonadh a bhí ar a dhéanamh
D'armaibh déanta na faithche.
XXIX
Fuair sinn annsin ar n-ocht gcloidhimhte,
D'armaibh bhí díreach daithte.
Trí cloidhimhte eile 'na bhfochair,
Fead agus Faoidh agus Fasoal.
XXX.
B'í an Drithleannach lann Osgair,
'S b'í an Chruaidh Chosgrach lann Chaoilte;
Mac an Luin ag mac Cumhaill
Nár fhág fuidheall d'fheoil daoine.
XXXI.
'S agam féin bhí Ceard na nGalann,
Dob' árd faram i n-am na ngarbh-chath,
'S an Líomhánach a bhí ag Diarmuid —
Is iomdha lá riamh a dearbhadh.
XXXII.
B'aerach sinn an dara máireach
I gceardcha Luin mhic Líomhtha,
Go mbudh mhaith ár n-ocht gcloidhimhte
'S ár n-ocht sleagha righne fíor-ghlan',
XXXIII.
Gur ghabh sinne fá shiubhal
A ghabháil sgéala de rígh Lochlann;
Sin nuair labhair an rí uasal,
Le neart suairce mar budh chubhaidh:
XXXIV.
Cha dtugamaid ar bhur n-eagal
Sgéala de sheisear d'ár gcathaibh;
Gur thógamar na sleagha,
'S gurab ar aghaidh na mbratach.
XXXV.
Bhí siad-san 'n-a seacht gcathaibh,
'S char smaointigh flaith ar teicheadh,
Acht ar lár na faithche finne
Cha rabh sinne ann acht seisear.
XXXVI.
Ba dís díobh sin mise 's Caoilte;
Ba triúr díobh Faolán fealltach;
Ba cheathrar díobh Fionn ar thoiseach,
'S ba chúigear díobh an tOsgar calma
XXXVII.
Ba sheisear Goll mac Mórna
Nár fhulaing táir rem' chuimhne —
Sguirfidh mé anois dá n-áireamh
Ó chuaidh an Fhiann go sodradh.
XXXVIII.
Ba mhaith mé lá na Teamhrach,
I gceardcha Luin mhic Líomhtha;
Anocht is anbhfann mo cháil
I n-éis a bheith 'g áireamh na buidhne,
XXXIX.
Ó nach maireann deagh-mhac Cumhaill,
Cos shiubhail na mór-chéim doireach,
Bheith ar lán an duirn de'n arán,
Ag tarraing na gcalán uisge.
XXIX. AN FILE AGUS AN SAGART.
1. Bhí fear ann i bhfad ó shoin agus rinn sé ceól agus
cé'r bith rud a chuir sé ionnsa cheól, níor thaitin sé le
sagart na paráisde, agus bhí sé lé é choinnealbháthadh
Domhnach amháin.
2. Bhí an fear ag teacht 'un aifrinn, agus, nuair a
thainic sé 'un doruis toighe an phobail, 1 bhí an sagart 'na
sheasamh annsin agus ní leigfead sé isteach é.
1 Faoi ghramadaigh ina áit seo: “'uin a' dorus teach a' phobail.”
3. Antoine a bhí ar a' tsagart. Thionntuigh an fear
thart, agus rinn sé an cheathramha seo dó:
4. Cé gur milis do bhriathra, is ciachardha druidte do
dhórn —
Má's go flaitheas théid fial, an n-iarrfá thusa bheith
leó? 1
Na heasbail a fuair pian níor iarr siad caraid ná
stór;
'S má fhághann Antoine Dia, is gan chiall 2 a bhí Peadar
is Pól.
5. Thug an sagart annsin isteach é ar eagla go
ndéanfadh sé níos mó.
XXX. LAOIDH NA SEALG'.
I.
Lá dá rabh Fianna Finn
I nAlmhain úir na bhfleadh séimh
Ag imirt íte agus ag ól,
Ag cluinstin ceóil 's ag pronnadh séad.
II.
Dhar éirigh Fionn na bhflaith
Amach ar an fhaithch' as Almhuin úir,
Ná go bhfaca sé chuige ionnsa ród
An eilid óg ar léim lúth.
1 “Má théidheann féile go flaitheas, badh chóir nach n-iarrthá thusa bheith
leó,” mar canadh é.
2 “Gan chéill” do canadh annso, mar deirtear go coitchionn i
gCúigeadh Uladh.
III.
Do ghoir sé ar Sgeoluinn 's ar Bhran,
'S do leig sé fead orra ar aon;
A gainfhios do chách dá rabh ionns an ól
Gur lean sé 'sa tóir an eilid mhaol
IV.
Ar árdughadh dó ionnsa tsliabh
Agus Fionn i ndiaidh a dhá chon,
Níor b'fhios dó soir ná siar
Cá dteachaidh an fiadh 'sa chnoc.
V.
Seal dó mar sin ionnsa chnoc
Agus é faoi thocht i bpéin,
Ná go gcuala sé ag gol go beacht
An bhean ar bhruach Locha Léin.
VI.
Do bhí a gruaidhe mar na rósaíbh;
Bhí a beoil ar dhath na gcaor;
Bhí a cnis mar a' bhláth,
'S a leaca bhán ar dhath an aoil.
VII.
Ar dhath an óir a bhí a folt
'S mar réalt oighre a rosg a bhí —
A Phádraic, dá bhfeictheá a dreach,
Bhéarthá do shearc do'n mhnaoi.
VIII.
Dhruid Fionn ag iarraidh sgéala
Ar mhnaoi shéimh na gcuach chinn óir,
Agus d'fhiafruigh sé dá gnúis ghloin,
A' bhfaca tú mo dhá choin 'sa tóir?
IX.
An Bhean:
Ann do sheilg ní rabh mo spéis,
Agus ní fhaca mé do dhá choin;
A rígh na Féinne gan táir,
Is measa liom fath mo ghoil.
X.
Fionn:
An é do chéile fuair bás,
D'inghean bhláithghil ná do mhac,
Ná goidé an fáth a bhfuil tú 'caoi,
A ainnir chaoin is binne dreach?
XI.
Cha n-é mo chéile fuair bás,
Mo inghean bhláithghil ná mo mhac;
Is measa liom an fáth fá' bhfuil mé 'caoi,
A rígh na bhFiann, cé 'tchím tocht.
XII.
A' fáinne óir a bhí fá mo ghlaic,
Ar a ráidhte inghean na mbas réidh,
Tuitim do mo láimh ionnsa streabh —
Sin agad-sa an fáth fá' bhfuilim i bpéin
XIII.
Geasa adha nár fhuiling laoch
Cuirfe mé ort, a rígh na bhFiann,
Mur' dtuga tú m'fháinne caoin ar ais
A thuit le hais na streabha ndian.
XIV.
Níor fhuiling Fionn cur na ngeas
Ná go dtug sé nochtadh dá chnios ghléighil,
Ná go dteacha sé ar bhruach an locha a shnámh
I bfortháil mná na bhfolt réidh.
XV.
Chuartuigh sé an loch faoi chúig,
'S níor fhág sé inntí clúid na cearn,
Do'n fháinne caoin, go bhfuair sé,
A sgar le rígh-bhean na ngruadh dhearg.
XVI.
Ar fhágháil an fháinne dó,
Níor sroigheadh leis a theacht go bruach,
Ná go dtearnadh sean-fhear críon liath
Do rígh na bhFiann, mo sgéal truagh.
XVII.
Annsin a d'éirigh Chaoilte imeasg cáich,
Is d'fhiafruigh sé do ghuth árd do gach fear,
Cá dteachaidh mac Cumhaill fhéil,
Rí Féinne na gcolg sean?
XVIII.
Annsin a labhair Conán Maol,
Ní chualaidh riamh sgéal níos aoibhne;
Má tá Fionn ar iarraidh,
Go rabh i mbliadhna, a Chaoilte!
XIX.
Má tá Fionn ar iarraidh uaid,
A Chaoilte chruaidh na gcos caol,
Tógaim chugam as láimh
As cionn cáich a bheith 'mo rígh.
XX.
Annsin a bhámair-ne go dubhach fann,
Fá chionn ár slóigh a bheith dár ndídeac;
Maoidhtear linne gion gáire,
Cé ba dúinne b'ádhbhar caointe.
XXI.
Do ghluais muid uilig as Almhuin amach,
Do bhuidhin chalma na gcath cruadh,
Ar lorg a dhá chon agus Fionn,
Triúr linne a bhéarfadh an bhuaidh.
XXII.
Siolladh beag dhá dtugamair-ne uainn
I ndiaidh gach ruaig dhá dtug an Fhiann
Go bhfaca muid faoi bhrón
A' seanfhear mór agus é liath.
XXIII.
Dhruid muid uilig i n-a dháil,
Agus a chuirfeadh gráin ar gach fear,
Na cnámha loma bhí críon
Ar ceileadh a ngnaoi 's a ngean.
XXIV.
D'fhiafruigh Caoilte de'n fhear chaoin,
A' bhfaca tú an laoch ionnsa ngoil,
Iad roime ar a' tseol,
Eilid óg agus dá choin?
XXV.
Annsin a dhruid Conán aniar,
Agus nocht a cholg go drian;
Mhalluigh sé Fionn go beacht
Agus mhalluigh sé faoi thocht an Fhiann.
XXVI.
Conán:
Dá mbéadh 'fhios agam gur tú Fhionn,
Bhainfinn a' cionn sin ort díot,
Nuair is tú nár leig seach fá thriath,
Mo gholaidh riamh ná mo ghníomh.
XXVII.
Osgar:
Mur'b é an riocht i bhfuil Fionn,
Agus gur cubharthaí liom é bheith mar tá,
A Chonáin mhaoil gan chéill,
Bhrisfinn do bhéal go cnámh.
XXVIII.
Conán;
Maise, dealuigh do ghlórthaí banda,
Ná ní caint a dhearbhuigheas acht gníomh;
Gabham amach as measg cáich,
Go bhféachamaid ar lámh 's ar bhfíoch.
XXIX.
Annsin a thug Osgar a' sítheadh priob,
Agus rith Conán imeasg cáich,
Agus d'iarr sé cuidiughadh ar an Fhéinn
Fuasgladh dó fhéin ó'n bhás.
XXX.
Chruinnigh muid uilig i n-a dháil
A chosgadh Osgair na n-arm n-áigh
Eadar mo mhac agus Conán Maol
Gur ceangladh síoth agus dáil.
XXXI.
Annsin a d'fhiafruigh Caoilte an darna feacht
Do mhac Cumhaill ba chruaidh colg,
Cia acú do bhriathraibh Dé-bhith,
A mhill do ghné ná do chruth?
XXXII.
Inghean Chuillinn, a' trághaid dhreach,
Geasa 'mo chionn a chuir sí,
A dhul faoi bhruach a' locha a shnámh
A dh'iarraidh an fháinne a sgar dí.
XXXIII.
Conán:
Nár thigeamar-ne slán ó'n chnoc,
Ar a ráidhte Conán, gur mhaith mé,
Go n-íocaidh Cuilleann gan mhoill
Mur gcuiridh Fionn i n-a chruit fhéin.
XXXIV.
Do chruinnigh muid anois agus aniar,
Agus do chuire muid sonn sgiath faoi go deas,
Go Sliabh gCuillinn ó thuaidh
Go dtug muid Fionn ar ghualannacha fear.
XXXV.
Ar feadh seacht n-oidhche agus seacht lá
Ag tochailt na sidhe gan tlás
Ná gur éirigh chugainne go beacht
Cuilleann amach as an uaigh.
XXXVI.
A' corn fleasgach agus é lán,
Is é bhí i Láimh Chuillinn chóir,
Agus do Fhionn fhéin (a thug sí deoch)
Gur shoirbhigh sé an t-osgar óir.
XXXVII.
Ar ól deoch dó as a' chórn,
Agus é 'na shuidhe ar fód go fann,
D'éirigh sé 'na riocht fhéin 's 'na ghné
Rí na bhFiann agus na n-each seang.
Is minic do thriall chum cláir;
Is gann le cáirdibh a' lón;
Diabhal 'fhios agam-sa gá bhfuil do bhéal,
Acht gur'b in do lár atá dó thón.
Is mór do chuirm (nó d'ainm) as cionn cláir,
'S is 'measg cháigh is geárr do lón:
Ní'l 'fhios agam gá dteachaidh do lán,
Mur' in do lár atá do thón.
XVII. DOMHNALL Ó GALLCHOBHAIR.
XIX. SEACHTMHAIN AR GCÚL.
XXI. AN MHAIGHDEAN MHARA.
XXIV. Colum Cille agus an duine bocht.
'Sé dubhairt Colum Cille liom go hifrionn go bráth nach dtéid fial.
XXV. AN PLÉIS AM.
XXVI. GOLL AGUS AN CRANN TOCHAIRDTHE.
XXVII. CÚCHULAINN AGUS CONNLA (CONLAOCH).
XXVIII. LAOIDH NA CEARDCHA.
XXX. LAOIDH NA SEALG.
P. 114, XXIII.: Nár thigeamar-ne is a dialectic error, due to the
local confusion of -mar and -maid: it should be nár thigeamaid-ne.
FUIREANN AN LEABHAIR SEO.
LUCHT FAGHÁLA NA SGÉAL.
An tEagarthóir: Iad ar fad acht munab é sgéal a XIII. amháin.
Séamus Ó Searcaigh: Sgéal a XIII.
DÚTHAIGH AGUS LUCHT INNISTE NA SGÉAL.
Proinnsias Tomás, as Eadarghabhail, i n-aice Locha hIasg, i gcomhur-
sanacht Dhúin na nGall: I.
Séamus Ó Braonáin, as comhursanacht pharáiste Árda-ar-ráith: Sgéal
a II.
Aodh Ó Dubhagáin, as an Bhealltaine, i n-aice Ghort an Choirce, i
gCloich Chionnfhaolaidh: Sgéal a III.
Éamonn óg Mhac an Ghoill, as Gleann Gheis, i n-aice Árda-ar-ráith: An
chuid is mó de sgéal a IV., sgéal a XVII., agus bunudhas sgéil a XVIII.
Pádraig Ó Sléibhín, as Eadarghabhail, i n-aice locha hIasg, i gcomhur-
sanacht Dhúin na nGall: Cuid de sgéal a IV., sgéalta a XIX., a XXVI.,
a XXVII., cuid de sgéal a XXVIII. agus a XXX.
Máire Ní Dhuinnín, as paráiste na Gleanntach: Sgéalta a V. agus
a XXIX.
Seaghán Ó Cinnéidigh, as na Gleanntaighibh: Sgéal a VI.
Seaghán Mag Éantaigh, as Ailt, i gceanntar Árda-ar-raith: Sgéalta
a VII. agus a IX.
Máthair Mhic Pháidín, maighistir an phosta i nGort an Choirce, i gCloich
Chóinnfhaolaidh: Sgéal a VIII.
Éamonn Ó Sleibhín, as Eadarghabhail, i n-aice Locha hIasg: Sgéalta a
X. agus a XII.
Pádraig Ó Gallchobhair dlightheoir i nDún na nGall agus crann seasta
na Cúise sa bhaile sin: Sgéal a XI.
Sgéalaidhe éigin d'innis i nGort an Choirce, i gCloich Chionnfhaolaidh, i
dtuaisceart Thíre Conaill: Sgéal a XIII.
Pádraig Ó Beirn, i Mín na Gualainne, i nGleann Fhinne: Sgéalta a
XIV., a XV., a XVI., agus a XXV.
Brighid Ní Bhaoighill, as paráisde na nGleanntach: Sgéalta a XX., a
XXII., agus a XXIII.
Eoin Mhac an Luain as Cró Mhín na Neanntán ar an tsliabh atá idir
Dhún na nGall agus na Gleanntaighe: Sgéal a XXI.
Anna Nic Pháidin, as Sealbhaigh, i n-aice na Carrge i dTír Chonall:
Sgéal a XX. (cuidhín de).
Mac Uí Ghallchobhair, i dTamhnaigh an tSalainn (bhíodh sé 'na mhaighistir
sgoile): Sgéal a XXIV.
Fuarthas sgéal a XVIII. ó mhórán daoine, a bhunudhas ó Éamonn óg
Mhac an Ghoill; a dheireadh ó Chormac Ó Cinnéidigh, píobaire.
TUILLEADH TAGARTHA.
IV. CÁIN MHIC ÉNRÍ.
L. 45, 2: Mo chadágh bán: Mo chóta bán (P. Ó Sléibhín). Sgáil: sgáile
(É. óg Mhac an Ghoill). I dteach na cuirme ní fhághaim fáilte (P.
Ó Sléibhin).
L. 46, 4: Mo mhallacht go bráth ar a' tsoitheach ghránna ghainn (P.
Ó Sléibhin). Seo mar a bhí an rann sin ag Éamonn óg Mhac an Ghoill:
Brón ort, a chopáin ghránna ghainn,
'S nár budh lugha leis a' bhloc láimhe
Nár chuir a lán eile hann.
L. 46, 5: do thorann: do tharmán (= thormán) (P. Ó Sléibhín). Atá:
a bhí (É. óg Mhac an Ghoill).
L. 46, 6: Thainiceas air annsin, &rl.: Chonnacas (hainiceas) adharc air
(an adharc aige) annsin agus tugadh air an t-uisge beatha 'ól as an
adharc (É. óg Mhac an Ghoill).
L. 47, 8: Chaith mé trí lá faoi Chlár gan fhiafraighe (É. óg Mhac an Ghoill).
Mo chúl le lár le cáin Mhic Énrí (an fear céadna).
Seo mar thárla na rannta ag an mbeirt:
Rann I: É. óg Mhac an Ghoill, P. Ó Sléibhín;
Rann II: É. óg Mhac an Ghoill;
Rann III: É. óg Mhac an Ghoill, P. Ó Sléibhín;
Rann IV: É. óg Mhac an Ghoill, P. Ó Sléibhín;
Rann V: É. óg Mhac an Ghoill;
Rann VI: P. Ó Sléibhín;
Rann VII: P. Ó Sléibhín;
Rann VIII: É. óg Mhac an Ghoill;
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11