Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt

Title
Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Pen Name
Ó Chúige Uladh
Composition Date
1925
Publisher
Brún agus Ó Nualláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


(a) OISÍN.



Fuair siad uilig bás. Bhí fhéin agus a chú bán
amuigh aon lá amháin agus chonaic sé an mhaighdean ag
tarraingt air ba bhreaghtha chonaic sé riamh. Bhuail siad
'un comhráidh le chéile; agus ba é an mín is réidhteach
a bhí ann gur thóg sí léithe go Tír na hÓige é.



Ní rabh sé fhéin agus na cailíní ag teacht le chéile
ann. Deireadh sé leobhtha go bhfaca sé caor chaorthainn
i nÉirinn ba mhó 'ná an measgán ime bhíodh acu, agus
go bhfeiceadh sé duilleog eidhin i nÉirinn ba mhó 'ná
an ovel (oven) aráin a bhíodh acu.



Annsin badh mhaith leis theacht go hÉirinn ar ais.
Chuir siad sean-ghearrán bán leis; ná dá leagadh sé a
chos ar thalamh na hÉireanna, bhéadh sé 'na sheanduine
chríon chaithte aosta.



Nuair a thainig sé go hÉirinn, chonaic sé beirt
ag iarraidh bheith ag cur cloiche móire as casán an
traein. - Creidim nach rabh traen ar bith ann san am.
Stap sé an beathadhach; is b'éigean dó leath-chos a leagan
ar an talamh gur chuir sé a mhéar leis an chloich mhóir
gur chaith sé as an bhealach í. Annsin bhí sé 'na shean-
duine chríon chasta gan lúth gan láthair.



D'iarr sé a thabhairt go dtí áit éighinteacht a rabh
cloch mhór a rabh a gcuid airtiogal ann.


L. 163


Thionntuigh sé an chloch mhór. Thug sé leis ceann de
na hairtiogail - fídeog a bhí san airtiogal - gur shéid
sé í is gur chruinnigh sé éanacha an aeir. Ghreasuigh sé
an cú bán 'sna héanacha b'fhearr a bhí ann go dtí go
rabh tráth bídh aige fhéin is ag a chú bán.



I n-am Naomh Pádraig a bhí seo; is thug Naomh
Pádraig 'un creidimh é. Nuair a bhí Naomh Pádraig
a thabhairt 'un creidimh, dubhairt Oisín:



"'Á bhfeicfinn-se Goll is Dia ag spáirn
I mullach an chnuic áird ud thall;
Dá bhfeicfinn-se Goll ar lár,
Deirfinn gur fear láidir Dia."



Annsin thug Naomh Pádraig amharc dó ar Ifreann
is ar na Flaithis. Bhí an iall a bhí i súiste Ghoill ag
briseadh i gcionn 'ach a'n bhomaite; is d'iarr Naomh
Pádraig ar Oisín trí athchuinghe a iarraidh is go
bhfuigheadh sé iad.



D'iarr Oisín (1) iall a chur i súiste Ghoill nach
mbrisfeadh go bráth; (2) sgraith ghlas a chur faoi chosaibh
Osgair a shábhlóchadh a bhonna ar a mbruith; (3) a chú
bán a bheith leis 'un na bhFlaitheas.



Annsin d' iarr Naomh Pádraig air theacht go
mbaisteadh sé é; is thainig. Sháith sé an coinnleoir
síos sa talamh is cá háit ar sháith sé é ach fríd
dhruim a choise. Nuair a chonaic Naomh Pádraig an
tuile fhola síos an t-urlár, d'éiligh sé leis cad chuighe
nár innis sé dó é. "A chléirigh bheannuighthe", ar seisean,
"shíl mé gur den bhaisteadh é". "Is truagh an té chífeas
is nach gcreideann, agus is méanar don té chreideas
is nach bhfeiceann", arsa Naomh Pádraig.


L. 165


(b) Urnaighthe an Sgabail.



An gcluin sibh mise, a lucht na sgabal,
Ná deanaidh faillighe in mar gcás;
Is truagh sin duine gan charaid
Agus é 'na luighe ar leabaidh an bháis.



Éideadh fuair mise ó Mhuire -
Is peacach mé is ní fiú mise 'fhagháil;
Ach guidhim-sa Muire,
Is go rabh Críost agam ar uair mo bháis.



A dhuine bhoicht gan chéill, ná dean bréag le Muire;
Ná hith feoil Céadaoine, is ná héag in do thinneas;
Umhluigh don chléir is do na cúig méilte Muire;
Glac comaoineaca díleas Dé, is béidh tú ar féasta
i gcúirt na n-aingeal.



Bhí Muire is a mac ag siubhal amuigh sa ló;
Casadh an duine ró-naomhtha díobhtha, mar a bhí
Séimín as an Róimh;
Shín sí chuige as a deas-láimh sgabal breagh na mbrainsí
óir:
Níl aonduine iomcharóchas m'éideadh mar is cóir nach
mbéidh séala agam ar a anam ins an Ghlóir.



A mhaighdean mhodhmhar ghlóramhail mhaiseach,
Is tú mo stór, mo lón, is mo thaisgidh;
Is tú an réalt eolais romhainn ar na bealaighe
'Ar gcur ar an eolas nuair a bíos tóir ar an pheacach.


L. 167



Bheirmid ar n-aghaidh ar phobal na haithrighe, an áit
a siltear na deora.



Líonaidh mo chroidhe le grádh ar an athair;
Silidh mo shúile le grádh ar an mháthair.
Nigh mo lámha as smál an pheacaidh;
Ar uair mo bháis tabhair m'anam 'un na bhflaitheas.



(c) Tréartha na mBan de réir Dath
a gcuid Gruaige.



An bhean donn mar an long ar uisge ghlan;
An bhean dubh mar d'imtheochadh an t-uisge ón tráigh;
An bhean bhán mar bhéadh an lán amach is isteach;
An bhean ruadh mar bhéadh fuad ar chapall cluimh.



(d) Sean-fhocla agus Tomhasanna.



Gheobhaidh fear foighdeach furtach.
Ní thig cruas go dtara earrach, nó go rabh dhá éan (nó
dhá uibh) ag an fheannóig.


L. 169


Nuair a bíos mo shloinneadh ó thuaidh, cuirim fuacht
ar a lán;
Is nuair a bíos m'ainm sa chloich, ním min den ghrán.
(Tuathlán ó Gaoithín.)



Tá m'ainm faoi mo thóin is tá mo shloinneadh ar mo
mhuineál. (Cathaoir 'ac Cába.)



(e) Rannta.



'Á dtéighinn-se 'un aonaigh is mo bhó do dhíol
Ar shé phunta dh'airgead is ar dhá ghiní óir;
Dá n-imreochainn an t-airgead is an t-ór uilig a ól,
Goidé sin don té sin nach mbaineann sin dó.



(f) Bráithre Dhún na nGall.



Bráithre Dhún na nGall a chuireas a gcrann go tiugh,
Ní thig ubhlaí ar a mbarr go gcuirtear seacht sailleadh
le n-a mbun.



Fear a bhí i nDún na nGall a dtainig uaisle ar
dinneár chuige. Badh mhaith leis ubhlaí bheith ar an
chuirm is chuir sé teachtaire ionns'ar na bráithre.
Ach ní rabh a'n cheann le spáráil acu. Thainig an
teachtaire leis an sgéala sin chuige. Ní thearn sé a
dhath ach tionntódh thart is lód muc a mharbhadh is a
chur leis an teachtaire ar ais ionns'ar na bráithre.
Fuair an teachtaire lód ubhlaí annsin.


L. 171


Séarlas Óg.



A Shéarlais Óig, a mhic Ríogh Séamus,
'Sé mo mhór-chreach(t) do thriall as Éirinn
Gan a'n ruainne bróg ort, stoca ná léineadh,
Ach ag casgairt leis na Francaigh.
Hóró! 'sé do bheatha 'un a' maile (< mbaile);
Is hóró! 'sé do bheatha 'un a' maile;
Is hóró! 'sé do bheatha 'un a' maile
'Nois ag teacht an tsamhraidh.



'Sé mo chreach géar nach bhfeicfinn,
Mura mbéinn beo 'na dhiaidh ach seachtmhain,
Séarlas Óg is a mhíle gaisgidheach
Ag casgairt leis na Francaigh.
Hóró! agus rl.



Tá Séarlas Óg ag triall thar sáile -
Béidh siad leis-sean cúpla gárda;
Béidh siad leis-sean Francaigh is Spáinigh,
Is bainfidh siad rinnce as éiricigh.
Hóró! agus rl.


L. 173


(a) Cuan Bhinn Éadain.



Aige Cuan Bhinn Éadain in mo shuan aréir damh,
Is mé le taobh tonn na bochna in mo luighe,
Thainig an aisling bhéil-bhinn gan fhios dom' fheacaint
(< fhéachaint)
Ar aiste Vénus nó i gclódh ban tsidhe,
Dá rádh gur éirigh as an Chreagán céadtaibh
De mhaithibh Gaedheal as na tombaibh 'níos,
Go rabh Síol Uí Néill ins na meatha (< mbeatha) céadna;
Is an Feadh ag géilleadh i n-ór 's i maoin.



Dhlúthais léithe comh cluthais (?) is d'fhéadas
'Un cluinstin réim sgaith na cóigeadh thart thíos;
D'fhiafruighis féin dí an raibh Mac Éamhrí (< Mac Énrí)
Ag cur na cloiche séimhe i n-ordú aríst;
Nó an rabh tréis fríd champaibh na hÉireanna
Fa Choillidh Dhún Réimhe a bheith dóighte 'na grís;
Nó ar fhios don mhaighdin a bhí ag aithris an sgéil damh
Nó an rabh Eoghan Ó Néill mac Airt Óig sa tír.


L. 175


Tá fás na phoenas ró-bheo i n-éifeacht
Ag foradh i n-éibheal an fheoir sa bhfiodh;
Caitlín réimeamhail nighean Eoghain na féile
A mbéadh ór agus éifeacht ag folú a maoin' -
As brollach Niall Fhrasaigh amach gan chlaonadh í -
A mbéadh na ceatha daonnacht' 'á ndortú ina chroidhe;
An mhilidh tréitheach de mhaithibh Gaedheal ceart
Sliocht Cholla na deagh-chroidhe a d'athróchadh an chríoch.



(b) Úir-Chill an Chreagáin



(An File)



Aige Úir-Chill an Chreagáin 'seadh chodail mé aréir
faoi bhrón;
Le héirghe na gealaighe thainig an ainnear fa mo
dhéin le póig;
Bhí dís-ghruaidh ghartha aici agus luinnir ina ciabh mar
ór;
Is gurbh é éac-shláinte (< íoc-shláinte) an domhain bheith
ag amharc ar an ríogh-bhean óig.


L. 177


(An Bhean Sidhe)



A fhial-fhir chumann, na caithtear thusa i néaltaib
bróin,
Ach éirigh go tapaidh agus astar liom-sa siar sa ród
Nó go tír dheas na ngeallaibh nach bhfuair Galla innti
réim go fóill,
Is gheobhaidh tú aoibhneas ar hallaibh do mo mhealladh-sa
le seamsa an cheoil.



(An File)
Ó, a ríoghan dheas mhilis, an tú Hélen fár treaghdadh
slógh;
Nó an de na naoi mnáibh deasa thú Parnassus a bhí
déanta i gclódh;
Goidé an tír insan chruinne inar hoileadh thú, a réalt
gan ceo,
Dar mhian leat mo shamhail-sa bheith ag cogarnaigh leat
siar sa ród?



(An Bhean Sidhe)
Ná fiafruigh damh-sa ceist ar bith, ní chodluighim ar an
taobh seo den mBóinn;
Síoghuidhe beag leinbh mé a hoileadh le taobh Ghráinne Óig;
I mbruidhin cheart na n-ollamh bím go follus aige
dúsgadh an cheoil:
Dá mbéinn sa n-oidhche aige tSionainn, bhéinn ar maidin
aige clár Thír Eoghain.




L. 179


(c) Lucht an Tórraidh agus Lucht na Bainse.



Sean-bhean a bhí innti. Bhí sí 'na suidhe ar a gónaibh
beaga i gcliabh. Bhíodh sí ag cruinniú déirce, agus
d'iomcharóchadh siad í ó thoigh go toigh ar a slinneáin.
Sin an dóigh theacht i dtír a bhí aici.



Is dainne tharla fa dheireadh go bhfuair sí bás
geimhreadh na sneachta móire; agus bhailigh na hógánaigh
thart 'un sócrú a chur uirthi. Rinne siad soláthar
airgid le faire a bheith acu.



Bhí siad ag póitireacht trí lá is trí oidhche; ach an
treas lá thainig an t-am í adhlacadh. Bhí an t-uisge
beatha ar bun is char smaoinigh siad ar chomhra. Cholc
siad í síos insan chliabh agus d'árduigh siad í ar
shlinneáin stócach; agus nuair a bhéadh siad tuirseach,
bhéadh seal aige duine eile den chliabh; agus mar sin
thainig siad barra na reilice.



Bhí teach leanna ar láimh leobhtha; agus d'fhág siad
an chailleach ar chladh agus chuaidh siad isteach a bhaint
an fhuacht as an uisge. Goide tarlaigh go tráthamhail
ach thainig banais aniar ón teach pobail agus trí
chliabh leobhtha lán d'uisge beatha, arán, agus coinnle,
is gach ní dá bhfaca tú.



Thainig amach bunadh an tórraidh agus d'árduigh
siad cliabh den bhiotáilte leobhtha agus d'astar siad
siar sa reilic agus d'ísligh siad an chulóg. D'fhosgail
siad an cliabh agus is dainne bhí acu gach ní dá bhfaca
tú - biadh agus deoch.



Las siad na coinnle, d'ith siad is d'ól siad is bhí
siad súgach is ag cur ceoil go maidin.


L. 181


(a) Maidin Foghmhair.



Maidin Fhoghmhair is mé ag gabháil go Feochaill,
Cé chas sa ród orm ach stór mo chroidhe.
Leag mé mo lámh ar a brollach rómhail
Is thug mé póg nó dhó do stór mo chroidhe.
'Sé dubhairt sí: "Stap agus ná stróc mo chlóca,
Tá fios do nóisin aige bean an toighe."



(b) Tomhas.



An bhfaca tusa rud ar bith nár bhfacha Dia? Chan
fhacha Dia A leithide Fhéin riamh; chonaic mise mo
leithide fhéin.



(c) Iomáin Léana an Bhadhbhdhúin.



Ceithre feara déaga de sgafairibh Óméith,
Is iad ag iomáil ar Léana an Bhadhbhdhúin;
Ó uair an mheadhon-lae go dtí cromadh dubh na gréine
Char chuir siad ar aon taobh uatha an báire.



Bhí dís de muintir Ágáin ann;
Bhí dís eile de mhuintir Féartháin ann;
Bí Ruarcach cródhamhail céarnach ann;
Bí fear eile annsin de muintir Méarlaigh ann;
Bhí Paití an tsléibe 'na bharránta i gcúl géige;
Bhí Dubhthaigh beag leis féin ann.


L. 183


(a) Sean-Fhocla.



Is minic a bheas an cú mall sona agus an cú dona
'na rith.
Má's fada an lá thig an oidhche fa dheireadh.
Adharca móra ar bha tar lear.
Is glas na cnuic i bhfad uainn.
Thig an dúthchas fríd na cnámha, is théid an cú i ndiaidh
an ghearr-fhiaidh.



(b) Rann.
Sláinte na (h)Éireanna is Condae Mhuigh Eo,
Is nuair éagas na Gaedhil, ná rabh duine ar bith beo.



(c) Abairteacha.



Caith amach é.
Fear flaitheamhail.
Tá sé chomh caol le sneadh capaill.
Tá sé linn.
Bhuail sé inn.
Tá sé ag cur shneachta.
Ceannuigh mé mart.
Goidé rinn(e) tú leis an bfuidhleach?
Tabhair duinne é.
Tá pian in mo dhruim.
Bain mé greim as cos mo gháid.
Tá sé caillte leis an fuacht is leis an ocras.


L. 185


Cha dtig leis cáthbhruith a ól le meanaithe.
Chuala me a leithide seo.
Chan fhuair mé é.
Goidé an t-airm (ainm) atá ort?



(d) An pota Óir.



Bhí fear ag obair ar chúl an toighe. Fuair sé an
pota agus é lán óir; agus thug an pota 'un toighe.
Bhí sé sgríbhte ar an phota go rabh a leithéid sin ar
an taobh eile. Ca dtiocfadh le aonduine acu dheanamh
amach goidé bhí sgribhte ar an phota.



Thainig fear bocht isteach lá amháin is d'iarr sé
píosa aráin. Fuair sé an píosa; is nuair a bhí sé dá
ithe, d'amharc sé ar an phota. "Is iongantach an seort
pota sin", ar seisean. Arsa bean an toighe: - "Cha dtig
linn duine ar bith a fhagháil innseochas duinn goidé an
sgríobhadh atá air." "Deir sé go bhfil a leitheid insan
taobh eile." Agus chuaidh siad amach agus fuair siad
a leithéid insa taobh eile.



Rannta.
(a) Tá mé ag imtheacht, ní fhéadaim tilleadh,
Mo bhrón, mo mhilleadh, mo chineamhaint cruaidh;
Thá mé ag imtheacht ó mo dhaoinibh muinteardha
'Gus na deora ag sileadh ó mo ghruaidh.


L. 187


(b) Ag éirghe dhamh-sa ar maidin,
Chuala mé an fhuaim dá casadh,
Grian an tsamhraidh ag lasadh
'Gus ceol binn na n-éan.



(c) An Cailín Donn.



An bhfaca sib nó an gcuala sib tuanaisg mo chailín
donn,
Thart fá na gleanntáin uaigneach' nó suas fá na
sléibhtibh fraoich?
Má bhí sé i gcinneamhain chruaidh agam mo luadh leat
's gan d'fhagháil mar mhnaoi -
Mo bheannacht go lá an Luain leat is bí ag cuart-
aidheacht san áit a mbím.



(d) An Paidir.



Ar n-athair atá ar neamh, go naomhthar th'ainm; [go]
dtige do ríogacht; mar ndéantar do toil ar an talamh
mar níthear ar neamh. Ar n-arál (arán) laethamhail,
tabair dúinn indiu; maith dhúinn ar bhfiach' le mar maith
dhúinn. Ná léig dúinn tuitim i gcathuighthe, ach saor
sinn ó gach olc 'nois agus ar uair ar mbáis. Amen.


L. 189


(a) Abairteacha agus sean-fhocla.



Bhá cuimhne maith agam nuair a bhí mé óg.
Tá sé 'ga m'fhágáil anois nuair atá mise ag fás sean.
Bhí siad ag gabháil cheoil in i nGaedhilg.
Tá mé tul go Béal Feirste cuid de na laethibh
seo. Ó, go dtille tú mo mhuirnín slán!
Tá mé mo chomhnuidhe annseo ó rugadh mé is go
mborraim is tú go gheobhaidh me bás ann.
Bhuail sé an duine sin agus thuit sé.
Thá an lá seo fada ach tiocfaidh an oidhche.
Is glas na cnuic i bhfad uainn, ach má's glas, chan
féar atá ann.
Is minic cú fallsa sonach.
Pós ar an chroch (< cruach?) aoileach is ric do bhó
i bhfad ón bhaile.



(b) Rann.
Dá mbéinn féin i n-Áirde Cuan,
I n-aice an tsléibhe atá i bfad uaim -
Oho Eire 'lig is ó!
Oho Éire 'lig is ó!
'Sé mo chroidhe atá trom is brónach.


L. 191


(c) Abairteacha.



Tig aníos agus suidh síos agus déan do sgíthiste.



Déan do ghoradh.



Tá na madaidh fa réir agus na clocha greimiste.
(Bhí sioc ann agus ní thiocfadh leis cloch a phiocadh
le caitheamh ar na madaidh).



Bhá sé bacach.



Mac na Baintreabhaighe agus Nighean an Ríogh.



Bhá rí ann roimhe seo is bhá nighean aige; is cha
phósfadh í duine ach duine bhearfadh uirthe gáiridheacht
trí uairean; is bhá neart daoine ar suirghe uirthe;
is cha b'uradh haon de na daoinibh tabhairtean uirthe
gáirean a dheanamh. Bhá baintreabhach ann is bhá aon
mhac aice; is dubhairt seisean le n-a mháthair go
b'fhearr dó-san a dhol is féachaint an dtabharfadh é
gáire ar nighean an ríogh.



"Wall" (< well), arsa a mháthair leis, "is iomdha
duine urramach a chuaidh a hionnsuidhe is cha dtug
duine uirthe riamh gáire dheanamh". "Wall", arsa a mac
léithe, "dean thusa bannach damh-sa is marbh cearc".
"Wall, a mhic", ar sise, "ní mise sin duit. Cóca is
fhearr leat bannach mór is mo mhallacht 'ná bannach
beag is mo bheannacht?" "Wall" ar seisean, "is fhearr
liom bannach beag agus do bheannacht".


L. 193


Nuair a fhuair é an bannach is an chearc, chuaidh
é annsin is, nuair a thainigh an t-ocras, shuidh é síos
is rinn(e) a dhinneár.



Rinn(e) é réidh annsin a dhol ionnsuidhe toighe an
ríogh. Bhá é smaoinseacha goidé gheanfadh é ar son
gáire a thabhairt as nighean an ríogh.



Nuair bhá é dol annsin, thuit sé isteach le gabhar a
chois an bhealaigh; is chuaidh é is léim é a mharcaidheacht
ar an ghabhar is thionntuigh a dhruim suas le ceann an
ghabhair. Rug é le n-a dhá láimh ar stumpa iarbaill
an ghabhair; is bhá é annsin deas do toigh an ríogh.



Bhá seomar ag nighean an ríog ar an lafta; is chuir
mac na baintreabhaighe an gabhar ar mire; is nuair a
chonnaich ise an t-amadán duine ag marcaidheacht ar
an ghabhar is an gabhar ar mire, bhuail í a dá bhos ar
a chéile is leig í gáire mór aisti.



Chuaidh mac na baintreabhaighe ionnsuidhe an ríogh.
"Anois", arsa mac na baintreabhaige, "tá do nighean
agham." "Má tá fhéin, chan fhil í aghat fást. Tá ort le
tabhairt uirthe gáire dá uair éilioc (eile).



Thainigh eisean 'un a' bhaile ionnsuidhe a mháthair; is
dubhairt a mháthair leis goidé chuaidh dó. Dubairt
seisean léithe go dtug é aon gháire aisti.



Rinn(e) é réidh annsin is chuaidh é lá ar n-a bháireach
is cha rabh fios aige goidé gheanfadh é ar son tabhairt
uirthe gáire an darna uair.



Bhá é coisidheacht spell, is goidé fhuair é annsin ach
craiceann na bó. Choisigh é píosa éilioc a chois an bhealaigh
is thuit sé isteach le each; is smaoinsigh é, nuair a fhuair
é an t-each, an rud a b'fhearr a dheanamh dó ar son
tabhairt ar nighean an ríogh gáire a dheanamh an dala uair.


L. 195


Chuaidh é agus thug é leis an t-each is spréadach
craiceann na bó amach ar chlár éadain an eich. Cuaidh
é is tharraing anuas craiceann na bó ar cosan an
eich is léim a mharcaidheacht ar an each is ghallapal
leis ionnsuidhe toighe an ríogh.



Bhá nighean an ríogh 'na suidhe 'na seomar fhéin ag
amharc amach ar an fhuinneog; is nuair chonnaich ise
an t-amadán duine ag marcaidheacht ar bó, leig í
gáire éilioc aisti.



Chuaidh mac na baintreabhaighe ionnsuidhe an ríogh.
"Thá do nighean agham anois." "Má tá féin, chan fhil',
arsa'n rí. Chan fhil í aghat fást. Tá aghat le tabhairt
uirthe gáiridheacht uair éilioc.



Thainigh eisean 'un a' bhaile annsin. D'fhiosruigh a
mháthair dó goidé chuaidh dó. Dubhairt seisean go dtug
uirthe gáire dá uair.



Ar an tríomhadh lá rinn(e) é réidh ar son tabhairt
uirthe an tríomhadh gáire a dheanamh. Nuair thainigh
mac na baintreabhaighe ar amharc toighe an ríogh , bhá
fios aige go mbéadh nighean an ríogh ag amharc amach
ar an fhuinneoig in gcomhnuidhe.



Chuaidh mac na baintreabhaighe is chuir é a dhá láimh
faoi ar an talamh, is theilg eisean a dhá chois i n-áirde
annsin is bhá ag coisideacht ar a lámhan; is nuair a
chonnaich ise an t-amadán ag coisidheacht ar a lámhan
is a chosan go hárd, rinn(e) í annsin an tríomhadh gáire.



Chuaidh mac na baintreabhaighe ionnsuidhe an ríogh.
"Tá do nighean agham anois." "Má tá fhéin, chan fhil',
arsa'n rí le mac na baintreabhaighe. "Tá athach mór
annsin", arsa'n rí, "muna bhfaighe a cheann damh, chan
fhaighe thú mo nighean."


L. 197


Chuaidh mac na baintreabhaighe annsin go rabh ag
toigh an athach. Nuair chuala é mac na baintreabhaighe
ag an toigh, dubhairt sé leis an é troid a bhá uaidh.
Dubhairt mac na baintreabhaighe gurbh' fhearr leis dhol
a charaidheacht 'ná dhol a throid.



An chéad chor nó dís thug é as, chuir é an t-athach
síos go dtí a dhá ghlúin fríd an talamh chruaidh. "Spáráil
'aram (anam) damh is bhearfaidh me duit chlaidheamh
is pucán óir." Innis damh c'áit an bhfeil é is spáráilfidh
é t'aram duit."



D'innis an t-athach do mhac na baintreabhaighe ch'áit
bhfaigheadh é é.



Chuir é an t-athach annsin síos fríd an talamh
cruaidh. D'iarr an t-athach air a spáráil is go ndean-
fadh é rud ar bith dó.



Chuaidh mac na baintreabhaighe is chuir é é síos fríd
an talamh. Cha rabh bit ar uachtar ach a cheann is a
mhuineál. Fhuair mac na baintreabhaighe an chlaidheamh
is ghearrfadh é chreag nó rud ar bith.



"'Nois", arsa mach na baintreabhaighe, "có ar a buail-
feadh é an claidheamh an chéad rud. Dubhairt an t-athach
leis a bhuaileadh ar stumpa chraoibh' bhá ag a thaoibh.
Ná mbuaileadh mac na baintreabhaighe é ar an chraoibh
cha bhéadh bit maith air.



Arsa mac na baintreabhaighe leis: An stumpa is
fhearr damh-sa a bhuaileadh air, do mhuineál.



Bhuail é buille den chlaidheamh ar a mhuineál is
chuaidh a cheann suas eadar thú 'sna spéaran.



Nuair a thainigh an cheann anuas, chuaidh é ar an
mhuineál is bhá chomh slán is bhá ariamh.


L. 199


Bhuail é é an dala uair, is thainigh anuas is shuidh
é ar an muineál chomh maith is bhá é an chéad uair.
Cha rabh fios ag mac na baintreabhaighe goidé gheanfadh
é ar son deireadh a chur ar an athach.



An triomhadh buille thug é dó chuaidh a cheann suas
eadar thú is na spéaran; is ar a bheith ag teacht anuas
buail mac na baintreabhaighe barr a chos dheas ar an
cheann is thionntuigh taobh na gruaige ar an talamh;
is luigh é annsin. Cha rabh tuilleadh maith air.



Thug mac na baintreabhaighe leis an cheann is thug
é é don rígh. Dubhairt mac na baintreabhaighe leis an
rígh: Tá do nighean agham anois.



Phós iad annsin is mhair an bhainis fad seacht bliana
is bhá an lá mu dheireadh chomh maith leis an chéad lá.
Phós iad is dh'fhág mise iad annsin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services