Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmóir le Hugh McFadden

Title
Seanmóir le Hugh McFadden
Author(s)
Mac Pháidín, Aodh,
Compiler/Editor
Ó Labhraí, Joe
Composition Date
1839
Publisher
(Béal Feirste: Coláiste Ollscoile Naomh Muire, 2001)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Particular Judgment
"Caffemud a lig a yol a lahair" etc 2 Corr 5/10



"Caithfimid uile dul i láthair etc." 2 Cor. 5: 10.



§1 Y. m. tiggeshiv hein ua shin, go gaichemud a lig a leir o lia go
leannu, yol a lahar C.V.I.C. ceart luas is ákis a nan?al shin 'S go de
deirhis C lin nuar a rachismud ín a lahar? Leigh 16/2 Lukas "Tabhair
cuntas in da churim



A dhaoine maithe, tuigfidh sibh féin uaidh sin go gcaithfimid uile go
léir, ó liath go leanbh, dul i láthair chathaoir bhreithiúnais Íosa
Críost ceart luas agus a fhágfaidh an anáil sinn. Agus cad é a
déarfaidh Críost linn nuair a rachaimid ina láthair? Léigh Lúcás
16:2, "Tabhair cuntas i do chúram."



§2 Ni leat heín dadu du wil egid. 'S le Dia nille hoart a teggid 'S
lesh hu hein fosta Ionain gur cállanach hu fo yrihan taoil - fo
hollu 's fo waoin haolta - ionain gur bahasach & gur mortusach hu
es du neart & du ladiracht & es daffulacht da fearsana, na yeshin sa
lig a leir, ni tisse'n maistir - ni leat iad ach le Día -



Ní leat féin dada dá bhfuil agat. Is le Dia an uile shórt atá agat. Is
leis tú féin fosta. Ainneoin gur callánach tú faoi ghnótha an tsaoil,
faoi thalamh agus faoi mhaoin shaolta, ainneoin gur áthasach agus
gur mórtasach tú as do neart agus do láidreacht agus as dathúlacht
do phearsan, ina dhiaidh sin agus uile go léir ní tusa an máistir. Ní
leat iad ach le Dia.



§3 Shín & keb er bìh elle tegid Nille hillaka whiar tu riav haov
na nadura no haov na ngrasta Ni leat iad - nil a wlas a wuint egid
yov, ach gur


L. 48


fagu tumilte beg whi da churum iad Keb oku slainte
no tinnis a whiar tu - Keb oku savris no bochtinacht, is o hol De a
henik shiad Keb oku saol fadde no gearr a whiar tu, is o Yia whiar tu
é & caffe tu cuntis a howírt in



Sin agus cibé ar bith eile atá agat, an uile thíolacadh a fuair tú
riamh ó thaobh an nádúir nó ó thaobh na ngrást, ní leat iad. Níl aon
bhlas de bhaint agat dóibh, ach gur fágadh tamall beag faoi do
chúram iad. Cibé acu sláinte nó tinneas a fuair tú, cibé acu
saibhreas nó bochtaineacht, is ó thoil Dé a tháinig siad. Cibé acu
saol fada nó gearr a fuair tú, is ó Dhia a fuair tú é agus caithfidh tú
cuntas a thabhairt ann.



§4 Caffe tu cuntis a howirt in damshir - in da waoin - in da lainte
- in da chlan - in da smeety etc - in sa nuile hort a dearn tu riav
& ha ne shin awain, ach caffe tu cuntas a hoirt in sa nuile hort nach
darin tu da wheachu ort a yeanu - Caffe tu cuntis hoirt in sa
nuile hort - An focal is lu vri a duirt tu a riav - in smeetu neam
hímula rin tu in sa choarnal is dritte & is cloasailte da da chri -
Nuile hort - ni eackar daddu er derru - ni hig daddu agail nuair a
deirhis Chriosta. "Tabhair cuntus in churim"



Caithfidh tú cuntas a thabhairt i d'aimsir, i do mhaoin, i do shláinte,
i do chlann, i do smaointe etc., san uile shórt dá ndearna tú riamh.
Agus chan é sin amháin, ach caithfidh tú cuntas a thabhairt san uile
shórt nach ndearna tú dá raibh d'fhiacha ort a dhéanamh. Caithfidh
tú cuntas a thabhairt san uile shórt. An focal is lú de bhrí a dúirt tú
riamh, an smaoineamh <is> neamhshuimiúla a rinne tú sa choirnéal
is druidte agus is closeáilte de do chroí. An uile shórt. Ní fhágfar
dada ar deireadh. Ní thig dada a fhágáil nuair a déarfaidh Críost,
"Tabhair cuntas i <do> chúram."



§5 'S mor a chriegla & a baspis & a scauru a veis er annam a faky,
nuar a rachis she a lahair Chriosta - 'S mo na shin a veis er, nuar a
churhis


L. 49


Chriosta fiachail er. 'S mo na shin a rist a veis er nuar a
veirhis Chriosta brefnis er.



Is mór an chritheagla, agus an spaspas, agus an scanradh a bheidh
ar anam an pheacaigh nuair a rachaidh sé i láthair Chríost. Is mó
ná sin a bheidh air nuair a chuirfidh Críost féachaint air. Is mó ná
sin arís a bheidh air nuair a thabharfaidh Críost breithiúnas air.



§6 An sa ched ait, dearkemud er an chriegla, & an baspis & an
scauru a veis er an annam fakach a lahair Chriosta - Is artigal dar
gredu, go will a bas roin a lig, & go doarhar brefnis orn ereir er
ngriwary, ceart luas is akis an an?al shin. Ma ta cruhu riaghtanagh
egid etc yoigh tu e Heb 9/27 "Ta she orduigh eg daoine" etc



Sa chéad áit, dearcfaimid ar an chritheagla, agus an spaspas, agus
an scanradh a bheidh ar an anam peacach i láthair Chríost. Is
airteagal dár gcreideamh go bhfuil an bás romhainn uile, agus go
dtabharfar breithiúnas orainn de réir ár ngníomhartha ceart luas
agus a fhágfaidh an anáil sinn. Má tá cruthú riachtanach agat etc.
gheobhaidh tú é Eabh.9:27, "Tá sé ordaithe ag daoine etc."



§7 Cowil a pakach nagh mei scauru er nuar a teefas she'n bas a
teacht & a hairis ega go deorhar brefnas er ceart luas is akis a nánal
e? Oh! an bumalta crieglagh shin a churhis shis na suas shin rih na
shiorhiacht -



Cá bhfuil an peacach nach mbeidh scanradh air nuair a fheicfidh sé
an bás ag teacht agus a shárfhios aige go dtabharfar breithiúnas air
ceart luas agus a fhágfaidh an anáil é? Ó! an bomaite critheaglach
sin a chuirfidh síos nó suas sinn i rith na síoraíochta.



§8 Eist liom bumilta beg bindach go di go despanama yid an staid
a meigh an pakach in er lab'an wáish, & in shin ta huil agim go leassa
tu da vahe - Mur neàny bív da chud folla er da yualache fein -
verumsa fuagru & rowa & warnìn yid a nuh & mur nglache tu ma
choirle, hig liom mo ya lav a ylanu es da chud folla -


L. 50


Éist liom bomaite beag bídeach go dtí go dtaispeána mé duit an
staid a mbeidh an peacach ann ar leaba an bháis agus ansin tá súil
agam go leasóidh tú do bheatha. Mura ndéana bíodh do chuid fola
ar do ghuaillí féin. Tugaimse fógra agus rabhadh agus warning duit
inniu, agus mura nglaca tú mo chomhairle tig liom mo dhá lámh a
ghlanadh as do chuid fola.



§9 An sheelin tu nach will ceart egam fis a vegam er a chuntuirt a ta
roid? Ma heelin - owirk Mal 2/7 - An sheelin tu nach will udir
egam la ma lawa ylanu es da chud folla? - Ma heelin owirk
Ezekiel 3/17 An sheelin tu nach wil galstin wora egam es molim &
es an iddis a ta me howirt yidse? Ma heelin owirk Daniel 12/3 -



An síleann tú nach bhfuil ceart agam fios a bheith agam ar an
chontúirt atá romhat? Má shíleann, amharc Mal.2:7. An síleann tú
nach bhfuil údar agam le mo lámha a ghlanadh as do chuid fola?
Má shíleann, amharc Eizicéil 3:17. An síleann tú nach bhfuil
gealltanais mhóra agam as m'fhoghlaim agus as an oideas atá mé
a thabhairt duitse? Má shíleann, amharc Dainéil 12:3.



§10 Hig leat da re da ya re a ylaku. hig leat da vahe chahu ereir yliv
Dé & na h'Eaglishe, no anaigh Yliv Dé & na h'Eaglishe - Hug Dia
tol haor don din?e - Hug sha tol haor yitshe; ach ma ylakin tu an
droich rae & damnu sheerhy haorhu yid hein, kivny nuar a scairtar
ormsa la mor'a vrefnish le cuntas a howirt in mo churum, go niarha
me er Yia girstin in tossy er a fobilsho go huille & go hiomlan le
fionishe yeanu liom go dug ma fuagru & rowa & warnin yidshe



Tig leat do rogha de dhá rogha a ghlacadh. Tig leat do bheatha a
chaitheamh de réir dhlí Dé agus na hEaglaise, nó in aghaidh dhlí
Dé agus na hEaglaise. Thug Dia toil shaor don duine. Thug Sé toil
shaor duitse. Ach má ghlacann tú an drochrogha agus damnú síoraí
a shaothrú duit féin cuimhnigh, nuair a scairtfear ormsa lá mór an
bhreithiúnais le cuntas a thabhairt i mo chúram, go n-iarrfaidh mé
ar Dhia gairm chun tosaigh ar an phobal seo go huile agus go
hiomlán le fianaise a dhéanamh liom gur thug mé fógra agus
rabhadh agus warning duitse.


L. 51


§11 Hig lesh a fobil a lig a chruhu in d'aigh go dug ma coarlache
ort go min & go minick, cha ne shin awain, ach hig leo cruhu gur
frisail ma 's gur oarsal ma hu - go dear ma cin?al forneart ort
- go dache me ad 's gur wun me cain yìd, 's nach luache vi càin
deelta egid no rin tu'n chir chiana er ais a rist.



Tig leis an phobal uile a chruthú i d'aghaidh gur thug mé comhairlí
ort go mion agus go minic. Chan é sin amháin ach tig leo a chruthú
gur phreasáil agus gur fhórsáil mé thú, go ndearna mé cineál
fornirt ort, go ndeachaigh mé a fhad agus gur bhain mé cáin díot
agus nach luaithe a bhí cáin díolta agat ná a rinne tú an choir
chéanna ar ais arís.



§12 Dearc er a fakach na lee a niarignu bàish 'sa ponc deanach a
dridim lesh & a brefnas eg na hàlè shin - Ta na fokla crieglach
ad Chriosta "Taboir cuntas etc" ta shin a ringail & a soundail & a
touragnu in a chluasa & a brissu & a reabu a chri rive nam.



Dearc ar an pheacach ina luí i ndaoraigne báis agus an ponc
déanach ag druidim leis agus an breithiúnas ag a shála sin. Tá na
focail chritheaglacha úd Chríost "Tabhair cuntas etc." tá sin ag
ringáil agus ag soundáil agus ag tuargaint ina chluasa agus ag
briseadh agus ag réabadh a chroí roimh an am.



§13 Ta she gowirk na yeigh & a gowirk rive - Na yeigh tì sha haol
catte go holk - Rive tí sh'an tiorhiacht a fasclu es a chunne. Tì sha
barr'an vrefnish. Tì shan beam & na scaly toish. Ta na meachain leis
fein, mar ta a yeibrache & a yroichibrache fein Tì sha I.C. Tì she
na crehache a vì shillu folla er Liav Calvary - tì sha shin faskilta
es a chunne.


L. 52


Tá sé ag amharc ina dhiaidh agus ag amharc roimhe. Ina dhiaidh
feiceann sé a shaol caite go holc. Roimhe feiceann sé an tsíoraíocht
ag oscailt os a choinne. Feiceann sé barra an bhreithiúnais.
Feiceann sé an bíoma agus na scálaí tomhais. Tá na meáchain leis
féin, mar atá a dhea-oibreacha agus a dhrochoibreacha féin.
Feiceann sé Íosa Críost. Feiceann sé na cneácha a bhí ag sileadh
fola ar Shliabh Chalvaire. Feiceann sé sin oscailte os a choinne.



§14 Ta she da chleea go mor - ta sha sinkail go gasta - shin a
nish. Chal sh'an chant. Eist lesh a nish 's na lig daddu da wil rait a
yol a mowa - Ach erstisse go de mar èistis me lesh 's go nabbir tu
gur chal she'n chant? Oh! ta she cant lesh hein 's inshache mishe yid
go de ta she ra.



Tá sé á chloí go mór. Tá sé ag sinkáil chomh gasta sin anois. Chaill
sé an chaint. Éist leis anois agus ná lig dada dá bhfuil á rá dul amú.
"Ach," arsa tusa, "cad é mar a éistfidh mé leis agus go ndeir tú gur
chaill sé an chaint?" Ó! tá sé ag caint leis féin agus inseoidh mise
duit cad é atá sé a rá.



§15 Oh! Hiorhiacht, a hiorhiacht, a hiorhiacht is minik a chuala ma
iomra ort; ach tiom hu nish a fasclu es mo chunne - Oh!'n Chaicher
vrefnish! Oh! na scaly toish. Oh! shin a Brehu - shin I.C. & a
chuslinacha & a chrichacha & a chollimnacha darriga faskilta es
mo chunne. Oh! shin a towirk solasach eg a neerian; ach she'n
towirk dolasach crieglach yusa -



"Ó! a shíoraíocht, a shíoraíocht, a shíoraíocht. Is minic a chuala mé
iomrá ort ach feicim thú anois ag oscailt os mo choinne. Ó! an
chathaoir bhreithiúnais! Ó! na scálaí tomhais! Ó! sin an
Breitheamh! Sin Íosa Críost agus a chuislí agus a chneácha agus a
choilm dhearga oscailte os mo choinne! Ó! sin an t-amharc sólásach
ag an fhíréan ach is é an t-amharc dólásach critheaglach domsa é!"



§16 Shin mo haol catte nish, 's go dè mar cha ma é? Oh! Tiom.
Tiom. Tiom. Tiom a nish nuar a ta she ro wal - 'S minick a chuala
m'an segirt a ra, gur biaragiltan rid tittim a steach a law'an Dia veo
er staid a feaky. Oh! oh! oh! oh! go de mar hig liom sho a hassu?
Da ween gid a steach go hiffrin hein 's gan a yol in a lahairsan! Ach
caffe me yol in a lahair.



"Sin mo shaol caite anois agus cad é mar a chaith mé é? Ó! Feicim,
feicim, feicim. Feicim anois nuair atá sé rómhall. Is minic a chuala
mé an


L. 53


sagart á rá gurb iargúlta an rud titim isteach i lámha an Dé
bheo ar staid an pheaca. Ó! Ó! Ó! Ó! cad é mar a thig liom seo a
sheasamh? Dá bhfaighinn goid isteach go hifreann féin agus gan
dul ina láthairsean! Ach caithfidh mé dul ina láthair."



§17 Nuar a duirt Joseph le na yarhairacha "Is mishe Joseph a yiol
shivshe le caniny na h.Egypta" nìr an fokil oku & nuar a vi shiadsan
mar shin, go dé mar veis eadan egamsa yol a lahair I.C. neigh me da
yìl co minick is rin ma rih mo vaha - Tim brehu farrigach es mo
chin - Tìm ifrin bealaskilta fuim - Tìm mo faky crin? er an taov a
wain & na diawil & na deomain er an taov elle & mo chunsiasa hein
da ma wrih & da mo you a daov a stigh -



"Nuair a dúirt Joseph lena dheartháireacha "Is mise Joseph a dhíol
sibhse le ceannaithe na hÉigipte," níor fhan focal acu agus nuair a
bhí siadsan mar sin, cad é mar a bheidh éadan agamsa dul i láthair
Íosa Críost i ndiaidh mé a dhíol chomh minic agus a rinne mé i rith
mo bheatha. Feicim breitheamh feargach os mo chionn. Feicim
ifreann béaloscailte fúm. Feicim mo pheacaí cruinn ar an taobh
amháin agus na diabhail agus na deamhain ar an taobh eile agus
mo choinsias féin do mo bhruith agus do mo dhó taobh istigh."



§18 Ke rache me nish? no de 's còir yu yeanu? Niarhe me trocaire er
mo Yia? Oh! nuar a vi trocaire le fail, ni ro moran mas egam er -
Dimmy'n segart 's chal m'an chant.



"Cá rachaidh mé anois nó cad é is cóir dom a dhéanamh? An
iarrfaidh mé trócaire ar mo Dhia? Ó! nuair a bhí trócaire le fáil ní
raibh mórán measa agam air. D'imigh an sagart agus chaill mé an
chaint."



§19 Oh! Chairde, feachy nish é - Shin a smeach yerranach -
Dimma sha - Tan tanam, a nish, a lahair Chriosta. 's go de deir
Chriosta lesh? "Tabair cuntas in da churam" Tabair cuntas in da
vaha go hiomlan tabair


L. 54


cuntis in gach tillake & grasta ya dug mishe
yid a riav - Tabair cuntas in damsir - tabair cuntas yusa nish go
de mar chah tu è.



Ó! a chairde, féachaigí anois é. Sin a smeach deireanach. D'imigh
sé. Tá an t-anam anois i láthair Chríost. Agus cad é a deir Críost
leis? "Tabhair cuntas i do chúram. Tabhair cuntas i do bheatha go
hiomlán. Tabhair cuntas i ngach tíolacadh agus grásta dár thug
mise duit riamh. Tabhair cuntas i d'aimsir. Tabhair cuntas domsa
anois cad é mar a chaith tú é."



§20 Oh! nait da vahe chahu in mo hervish sa she'n rid a chah tu e a
cur firrige orm - Oh! nach er wòr a tamadan hu. Vi's eg achinine ro
eolus eg'ort, gur w'amadan hu, & yirhidshiad amadan yid, gur be gur
chros mishe er yinnerbih amadan a yirstin da yirstin da yinelle



"Ó! in áit do bheatha a chaitheamh i mo sheirbhís-se is é an rud a
chaith tú é ag cur feirge orm. Ó! nár mhór an t-amadán tú? Bhí a
fhios ag gach aon duine a raibh eolas aige ort gurbh amadán tú
agus ghairfeadh siad amadán díot <ach> gurb é gur chros mise ar
dhuine ar bith amadán a ghairm de dhuine eile."



§21 Vi tu er miske - nach roh? Go minick - min?ik - Toshy's
innish an meid druish a rin tu in da viske, le da smeety - da vrearha
& da yriwary. Ni hig liom - ni feidir ru è. 'S fìr rid shin; ach ta
sha scriofa shìs in sa lor sho lig -



"Bhí tú ar meisce, nach raibh? Go minic minic. Tosaigh agus inis an
méid drúise a rinne tú i do mheisce, le do smaointe, do bhriathra
agus do ghníomhartha." "Ní thig liom. Ní féidir dom é." "Is fíor
duit sin ach tá sé scríofa síos sa leabhar seo uile."



§22 Toshy nish & innish a meid min?y mora & droch run & droch
wallish a skèh tu mach in da viske. Ni feidir ruh é - 's cumma. ta
sha scriofa shis in sho - Nach ro tu mi-unrike? Ni ro me mo yaddy
- Ni ro tu do yaddy orreirk, cossil lesh a nearh a dug ma sentence
d- sheerhy bumilta beg sol ma dennick tissa in tossy sher warra'n
vrefnish. Ach mar ro tu da yaddy orreirk vi tu mìunrika nach ro? vì
ma neafscrupalta - Kinte - Vì


L. 55


tu reen - gramintach go di go
dennik a bas - In shin yal da wak 's da neen 's da yearhair go
neelhitshead na fiache ach a segirt a nolla chur ort & chur sha nolla
ort er a nacht shin -



"Tosaigh anois agus inis an méid mionnaí móra agus drochrún agus
drochmhailíse a sceith tú amach i do mheisce." "Ní féidir dom é."
"Is cuma. Tá sé scríofa síos anseo. Nach raibh tú mí-ionraic?" "Ní
raibh mé i mo ghadaí." "Ní raibh tú i do ghadaí oirirc cosúil leis an
fhear ar thug mé sentence síoraí dó bomaite beag sular tháinig tusa
chun tosaigh ionsar bharra an bhreithiúnais. Ach mura raibh tú i do
ghadaí oirirc bhí tú mí-ionraic, nach raibh?" "Bhí mé
neamhscrupallach." "Cinnte. Bhí tú righin, greamaitheach go dtí
gur tháinig an bás. Ansin gheall do mhac agus d'iníon agus do
dheartháir go ndíolfadh siad na fiacha ach an sagart an ola a chur
ort agus chuir sé an ola ort ar an acht sin."



§23 Oh! na bak lesh a tegirt shin go dï go digge sh'ad liomsa - Ioka
sher a hunshin - 'Tas egim hein go ro connelhan ladir da yeeny
barbara ègidsa, 'sda nultu'n segirt a nolla chur ort - Tás egin go
brae go doakitseid gair & breaga & rebellion anaigh - Ach bo
chumme yo; bear yo Mishe hasu no iadsan -



"Ó! ná bac leis an sagart sin go dtí go dtaga sé a fhad liomsa.
Íocfaidh sé ar a shon sin. Tá a fhios agam go raibh conlán láidir de
dhaoine barbartha agatsa agus dá ndiúltódh an sagart an ola a chur
ort, tá a fhios againn go breá go dtógfadh siad gáir agus bréaga
agus rebellion ina aghaidh. Ach ba chuma dó, b'fhearr dó mise a
shásamh ná iadsin."



§24 Ylak da wak 's da neen 's da yearhair lesh na fiache, 's ni veigh
da chorp blian in sa tallu go dì go nìarha shiad er locht na viache yol
na rilike & a munt dìd hèin -



"Ghlac do mhac agus d'iníon agus do dheartháir leis na fiacha,
agus ní bheidh do chorp bliain sa talamh go dtí go n-iarrfaidh siad
ar lucht na bhfiach dul chun na reilige agus a mbaint díot féin."



§25 Vi tu gol a nafrin - nach ro? Cor uar - Vi tu gol in faoshidin
nach ro? Cor uar - 'S rin tu faosidiny lochtacha? Go lor oca shin
- Vi tu gol in Cumminach - nach ro? Is annu é - Nach er
yrach leat a Padrín


L. 56


a ra? Ba'd o cheile é. 'S go tigge dache tu a
nafrin & in faosidin & in Cumminach & cuddu le deeny'n Padrin a ra
cor war? Ta, mar vì she grasuil sa nait er ruggu 's er baichu me -
Go dìreach - mar vi she grásul 'smar vi eglort go doaky cin? cor
yid, mar' darrika ve cossul le deeny elle -



"Bhí tú ag dul chun aifrinn, nach raibh?" "Corruair." "Bhí tú ag
dul chun faoistine, nach raibh?" "Corruair." "Agus rinne tú
faoistiní lochtacha?" "Go leor acu sin." "Bhí tú ag dul chun
Comaoineach, nach raibh?" "Is annamh é." "Nár ghnách leat an
Paidrín a rá." "B'fhada ó chéile é." "Agus cad chuige a
ndeachaigh tú chun aifrinn agus chun faoistine agus chun
Comaoineach agus cuidiú le daoine an Paidrín a rá corruair?" "Tá,
mar bhí sé gnásúil san áit ar rugadh agus ar baisteadh mé." "Go
díreach. Mar bhí sé gnásúil agus mar bhí eagla ort go dtógfaí ceann
corr duit mura dtairgfeá bheith cosúil le daoine eile."



§26 Agus vè da feeshinny a bogady - vì da vèàl a cant liomsa
& da chri a wad wiam - Shin mar vi - Nish ta'n cheist awain egam
le cur ort. An dig leat hein a ra go ro da chri, aon la 'wain, da da
vahe saor o chlaonta'n taoil & na colla? Ta tu da host a nish - // Ni
hig leat a ra go ro. vì tu gony claonur an ilk. Vi tu mar wunh no
mar veach a churhy mach es coirka, vi civad ort, ach vi da chrì & da
huil & da vaon, er a rid vilistinach doalav.



"Agus bhí do phuisíní ag bogadach. Bhí do bhéal ag caint liomsa
agus do chroí i bhfad uaim. Sin mar a bhí. Anois tá aon cheist
amháin agam le cur ort. An dtig leat féin a rá go raibh do chroí aon
lá amháin de do bheatha saor ó chlaonta an tsaoil agus na
colainne? Tá tú i do thost anois. Ní thig leat a rá go raibh. Bhí tú i
gcónaí claon chun oilc. Bhí tú mar bhó nó mar bheathach a chuirfí
amach as coirce: bhí coimhéad ort ach bhí do chroí agus do shúil
agus do mhian ar an rud mídhlisteanach i dtólamh."



§27 Oh! nir vreag a ra gur w'amadan hu - chall tu danam le da
yìchreddy, 'sle da yikeile, 's le da vìrealtacht. Chall tu danam a
yeal lesh


L. 57


a taol yrana, 'sa nish dag tu'n saol da yeigh in shin, 's ta
tu in sho in mo lahairsa, 'sis diobly'n waishe yid -



"Ó! níor bhréag a rá gurbh amadán tú. Chaill tú d'anam le do dhíth
creidimh agus le do dhíth céille agus le do mhírialtacht. Chaill tú
d'anam i ngeall leis an saol gránna, agus anois d'fhág tú an saol i
do dhiaidh ansin agus tá tú anseo i mo láthairse, agus is díblí an
mhaise duit."



§28 Shin hu lum nuchty, 's gan tiolaca no grasta leat le sca no
fallach a yeanu yid. Ta da yeeny muintire crin? acha=doo a da leabby
hiosad er a taol - ta shiad crin? achadoo a da chorp marru, 'siad a
caonu 'sa garhe fo was da chollain hally, ach da meawis oku'n staid
a wil danam an - go de mur ta na grihe gol er eigh in sho a nish -
Oh! shiad a chaonhu er eeriv hein fo was sheerhy d'anama



"Sin tú lom nochta agus gan tíolacadh ná grásta leat le scáth nó
folach a dhéanamh duit. Tá do dhaoine muinteartha cruinn fá
dtaobh de do leaba thíos úd ar an saol. Tá siad cruinn fá dtaobh de
do chorp marbh agus iad ag caoineadh agus ag gárthach faoi bhás
do cholainne salaí . Ach dá mbeadh a fhios acu an staid a bhfuil
d'anam inti, cad é mar atá na gnóthaí ag dul ar aghaidh anseo
anois, ó! is iad a chaoinfeadh dáiríre féin faoi bhás síoraí
d'anama."



§29 Nach er innish m'Aspuil Pol yud, da ma vaon leat an yloir
heerhy wunt a moch, go gaffa da vahe chahu cossul le mo vahesa.
Cowil a nish ye-yriwary? Nach fada o dinnish an Aspil
naomta Peadir yid, gur er eigin a hawallachy an firean hein, 'sa ro
tisse duil sawally hu hein? Heel tu go vetta'n da vallach a ve leat -



"Nár inis m'aspal Pól duit, dá mba mhian leat an ghlóir shíoraí a
bhaint amach go gcaithfeá do bheatha a chaitheamh cosúil le mo
bheathasa. Cá bhfuil anois <do> dhea-ghníomhartha? Nach fada ó
d'inis


L. 58


an t-aspal naofa Peadar duit gur ar éigean a shábhálfaí an
fíréan féin, agus an raibh tusa ag dúil <go> sábhálfaí tú féin? Shíl tú
go bhféadfá an dá bhealach a bheith leat."



§30 Nach er innish me hein yid, nuar a vi ma er a taol, go gaff'an
beallach coin cruaigh a chuil, da ma veen an yloir heerhy a wunt
a moch - Nil lescal egid. dag me scriofa whi da huile e; ach ni he
vi cur wearha ort - Biv egid anish - Feaky tu leat cin er aigh & in
shin rin tu dearamud da da feaky: ach ma rin tisse dearamud diofa, ni
harn mishe dearmid yiofa - Ta shiad in sho crin ballach Job 14/14



"Nár inis mé féin duit, nuair a bhí mé ar an saol, go gcaithfeá an
bealach cúng crua a shiúl dá mba mhian <leat> an ghlóir shíoraí a
bhaint amach? Níl leithscéal agat. D'fhág mé scríofa faoi do shúile
é. Ach ní hé a bhí ag cur buartha ort. Bíodh agat anois. Pheacaigh
tú leat ceann ar aghaidh agus ansin rinne tú dearmad de do pheacaí.
Ach má rinne tusa dearmad díobh, ní dhearna mise dearmad díobh.
Tá siad anseo cruinn baileach. Iób 14:4."



§31 Da leich'an 1/12 Sophonias, tiofa fein go duku'n tam a
spionfainsa & a guairtachainse na cornail is dritte & is cloasailta in da
chunsiasa le laindair solish -



"Dá léifeá i Zafainiá 1:12, d'fheicfeá féin go dtiocfadh an t-am a
spíonfainnse agus a gcuardóinnse na coirnéil is druidte agus is
closeáilte i do choinsias le laindéar solais."



§32 Nish angle lossy na cunle lossy an laindair wor, & cuartagy
anam & cunshiasa'n duine viortuny sho. Na fágy clúid, no corneal
gan chuartu. Na fagy daddu mar neigh - urrid na feida - go
fu prabu na sul - go fu an'ocail is neawhimula er bih - go fu
na smeety a b'uaigny a b'eidir yo yeanu.



"Anois, a aingle, lasaigí na coinnle, lasaigí an laindéar mór agus
cuardaígí anam agus coinsias an duine mhífhortúnaigh seo. Ná fágaigí


L. 59


clúid ná coirnéal gan chuardach. Ná fágaigí dada in bhur
ndiaidh, oiread na fríde, go fiú preabadh na súl, go fiú an fhocail is
neamhshuimiúla ar bith, go fiú na smaointe ab uaigní ab fhéidir dó a
dhéanamh."



§33 O. Y. M. nuar a rachar go gear sho fa na griha, go de ìrachis
da lucht na braoina - na miske - na druishe - na greestacht -
na minne mora - na gadiacht & na cool-chaint. 'Sa. ne shin
awain, ach criharachar da ye-yriwary go huile - criharachar da
chud faosidiny & da chud cumminache & da chud urnigh -



"Ó! a dhaoine maithe, nuair a rachfar chomh géar seo faoi na
gnóthaí, cad é a éireoidh do lucht na bruíne, na meisce, na drúise,
na graostachta, na mionnaí móra, na gadaíochta agus na
cúlchainte. Agus chan é sin amháin ach criathrófar do dhea-
ghníomhartha go huile. Criathrófar do chuid faoistiní agus do chuid
comaoineacha agus do chuid urnaithe."



§34 Curhar a maich 's a tolk a steach in 'sna scaly & dir Sollu insa
16/11 da na shanraite - "go wil scaly & cuirhim charta eg an
Tierna" "Toshu insna cuirhim hu ersan Faigh Domnal le Baltassar
& whiaris easfach hu" - Rachy Michail in tossy - Rachy'n trial er
eigh. Whasklahar leorhy'n dli - Veirhar a Biobla'n tossy -
Veirhar leoir a teighish Chriostigh in tossy - shin a dliv a
haorhachis no yeerachis hisse.



"Cuirfear an mhaith agus an t-olc isteach sna scálaí agus deir
Solamh, Seanráite 16:6, "go bhfuil scálaí agus cothroim chearta ag
an Tiarna." "Tomhaiseadh sna cothroim thú," arsa an Fáidh Dónall
le Baltasar, "agus fuarthas easpach thú." Rachaidh Micheál chun
tosaigh. Rachaidh an triail ar aghaidh. Osclófar leabhair an dlí.
Tabharfar an Bíobla chun tosaigh. Tabharfar leabhar an Teagaisc
Chríostaí chun tosaigh. Sin an dlí a shaorfaidh nó a dhaorfaidh
thusa."



§35 Ach ers'tisse ke veas a geilu in shin & ke veis a cosnu a naigh?
Inshache me shin yid. Shin diawil a veis a geilu do vri go nagaraa
she cheart er danamsa & is tisse 'n fear cosunta in aigh. Agus han a
niawil awain a hukis in tossy in daigh, ach an meid diawil a harrin in
paaky a


L. 60


riav hu - 'S go de ninishe hukis in tossy in daigh? Go
lor - Da chunsiasa hein & leoir na báhe - Whasclachar a leoir
morshin, 'n'ait a wil da chirhe lig a leir scriofa -



"Ach," arsa tusa, "cé a bheidh ag éileamh ansin agus cé a bheidh
ag cosnaint ina aghaidh?" Inseoidh mé sin duit. Is é an diabhal a
bheidh ag éileamh de bhrí go n-agróidh sé a cheart ar d'anamsa,
agus is tusa an fear cosanta ina aghaidh. Agus chan aon diabhal
amháin a thiocfaidh chun tosaigh i d'aghaidh ach an méid diabhal a
tharraing chun peaca riamh thú. Agus cad é an fhianaise a
thiocfaidh chun tosaigh i d'aghaidh? Go leor. Do choinsias féin
agus leabhar na beatha. Osclófar an leabhar mór sin an áit a bhfuil
do choireanna uile go léir scríofa.



§36 Er eir mar vehar a leav a mach da chirhe, fiafrachar do da
chunsiasa hein, nach will shin awly? Deirhy da chunsiasa - ta gan
awris. Toshachy'n diawil in shin a fleidail - Folshacha she moch
da chirhe lig a lear - folshache se moch an vleain, 'sa vi, 'sa la, 'sa
nuar a dear tu'n paku. Nuar a chruhachis she a fuinte, aggara she
cheart er danam.



De réir mar a bheifear ag léamh amach do choireanna, fiafrófar de
do choinsias féin, ' Nach bhfuil sin amhlaidh?' Déarfaidh do
choinsias, ' Tá, gan amhras.' Tosóidh an diabhal ansin a phléadáil.
Foilseoidh sé amach do choireanna uile go léir. Foilseoidh sé
amach an bhliain, agus an mhí, agus an lá, agus an uair a ndearna
tú an peaca. Nuair a chruthóidh sé a phointe, agróidh sé a cheart ar
d'anam.



§37 Tuntacheshe sher I.C. & deirhe she lesh: O. Hierna is shima
buille & scursa dullin tisse er hun a nir sho - Nir ullin mishe buille
no scursa er a hunh - Hug she cool yitshe Chriosta & lean she yusa
& ba ye'n shervisach dilis yu é: Mar shín de ti tu hein a Yia go
will a nille hoart ceart egam er -



Tiontóidh sé ar Íosa Críost agus déarfaidh sé leis, 'Ó, a Thiarna, is
iomaí buille agus sciúirse a d'fhulaing tusa ar son an fhir seo. Níor
fhulaing mise buille ná sciúirse ar a shon. Thug sé cúl duitse, a
Chríost, agus lean sé domsa agus ba é an seirbhíseach dílis dom é.
Mar sin de, feiceann tú féin, a Dhia, go bhfuil an uile shórt ceart
agam air.'


L. 61


§38 Tucky angil na lave deshe in tossy in shin & deirhe sha: - O
Chriosta & a Waistir sheema blían adde lean mishe do nearh
shin, iachail a rachu egam a hoalu er a veallach cheart; ach hare she
go duh orm.



Tiocfaidh aingeal na láimhe deise chun tosaigh ansin agus déarfaidh
sé, 'Ó, a Chríost agus a Mháistir, is iomaí bliain fhada a lean mise
den fhear sin, a fhéachaint an rachadh agam a sheoladh ar an
bhealach cheart, ach sháraigh sé go dubh orm.'



§39 Deir N. Bernd go doshachy na peaky a ta scriofa leoir na
beaha - go doshachy shin a scarty mach anaigh: O Yinne wally
is tissa is cinty le inne ve scriofa in sa leoir sho - shinne slucht &
ubir da lave - yraye tisse inn rìh da vahe, graychemud=inne hisse
nish, & go brach ni scharhemud leat - rachemud shios go hifrin da
chudachta & fanache mud egid in shin rih na sheerhiacht -



Deir Naomh Bearnard go dtosóidh na peacaí atá scríofa i leabhar
na beatha, go dtosóidh sin a scairteadh amach ina aghaidh, 'Ó a
dhuine mhallaithe, is tusa is ciontaí le sinne a bheith scríofa sa
leabhar seo. Is sinne sliocht agus obair do láimhe. Ghráigh tusa sinn
i rith do bheatha, gráfaimidne thusa anois agus go brách ní
scarfaimid leat. Rachaimid síos go hifreann i do chuideachta agus
fanfaimid agat ansin i rith na síoraíochta.'



§40 Toshachy'n pakach in shin a gol lescal yo hein - dèirhy she gur
b'iad a yroch chlaonty a harrin in a faky é; ach dearhar lesh nach ro
chlaonty nios measa no claonty N. Paul, nuar a leg diawil na
druishe trì huara in a talliv é; sa woh go megin yo scartint go hard
sher Chriosta 'geary tairhail er. Go de duirt Criosta lesh? "A Phoil is
lor yid ma yrasta" "Oir um?lanier mo chuachtasa a n'eugcruas" do vri
gur es ligge hig neart le coonu mo yrastissa O! faky viortiney!



Tosóidh an peacach ansin ag gabháil leithscéil dó féin. Déarfaidh sé
gurb iad a dhroch-chlaonta a tharraing chun an pheaca é. Ach
déarfar leis nach raibh a chlaonta níos measa ná claonta Naomh
Pól nuair a leag diabhal na drúise trí huaire chun an talaimh é sa
mhodh gurbh éigean dó scairteadh go hard ionsar Chríost ag
iarraidh tarrthála air. Cad é a dúirt Críost leis? "A Phóil, is leor
duit mo ghrásta, óir iomlánaítear mo


L. 62


chumhachtsa in éagruas de
bhrí gur as laige a thagann neart le cúnamh mo ghrástasa." Ó! a
pheacaigh mhífhortúnaigh.



§41 ma vi droch chlaonty & cahy mora toriacht ort, nach er ág mishe
irm chosanta egid 'na naigh? Nach er ág me sacraminty egid? Nach
er ág me urnaigh egid? Nach er ág me iobirt a nafrin egid? Nach er
ag me segirt egid? Nach er ag me shanmanty & shanamrache
egid? Nach er ág me torru mo chud folla fein egid?



"Má bhí droch-chlaonta agus cathuithe móra ag tóraíocht ort, nár
fhág mise airm chosanta agat ina n-aghaidh? Nár fhág mé
sacraimintí agat? Nár fhág mé urnaithe agat? Nár fhág mé íobairt
an Aifrinn agat? Nár fhág mé sagairt agat? Nár fhág mé
seanmóirithe agus seanmóirí agat? Nár fhág mé toradh mo chuid
fola féin agat?"



§42 Dag me urrid egid 's nach er vèidir yid lescal a v'egid -
Owirt in sa 15/22 John "Mar be go denick me 'sgar la²air me leo
ni veau paku orhu ach a nish ni wil lescal a baky ocu" Deir tu nach
neanha'n paku gur be gur chur a diawil cahy ort - Nach amadach
ersa N. Aug. an te ligis do waddu ta cangilta le slauru, grim a wunt es
- shin mur ta a diawil - fan a moch wia, sni baol do bunt leat -



"D'fhág mé a oiread agat agus nárbh fhéidir duit leithscéal a bheith
agat. Amharc John 15:22 "Murab é gur tháinig mé agus gur labhair
mé leo ní bheadh peaca orthu ach anois níl leithscéal a bpeacaí
acu." Deir tú nach ndéanfá an peaca <ach> gurb é gur chuir an
diabhal cathuithe ort. "Nach amaideach," arsa Naomh Agaistín, "an
té a ligeann do mhadadh atá ceangailte le slabhra greim a bhaint
as?" Sin mar atá an diabhal. Fan amach uaidh agus ní baol dó baint
leat."



§43 Hig leat a nuile hoart a nDia a neartees hu Phil 4/13 & ta focal
De mar warranta & mar wanny egid nach ligin Dia cahy ort es cin da
neart 1 Cor 10/13 -



Tig leat an uile shórt <muiníne a chur> i nDia a neartaíonn thú (Fil.
4:13), agus tá focal Dé mar bharánta agus mar bhannaí agat nach
ligeann Dia cathuithe ort os cionn do nirt (1 Cor.10:13).


L. 63


§44 "Go de yeanhis me ersa Job nuar a írachis Dia le brefnis a
hoirt orm 'sgo de'n fregir a veirhis m'er, nuar a chuirhis she fiachail
orm -"? Oh ni hig lesh a fakach fregir er bih a howirt er I.C. Go de
mar hig lesh, nuar a tì sha e fein lar a navlis, lum nuchty - gan
tilaka no grasta le ska no fallach a yeanu yo? tlika she hein a hein -
& mar neany, caffe veal a yrid mar deir Davy psalm 106/42 "Agus
dritty a nuille eigcart a veal."



Cad é a dhéanfaidh mé," arsa Iób "nuair a éireoidh Dia le
breithiúnas a thabhairt orm agus cad é an freagra a thabharfaidh
mé air nuair a chuirfidh sé féachaint orm?" Ó! ní thig leis an
pheacach freagra ar bith a thabhairt ar Íosa Críost. Cad é mar a
thig leis nuair a fheiceann sé é féin i lár an aimhleasa, lom nochta
gan tíolacadh ná grásta le scáth nó folach a dhéanamh dó? Teilgfidh
sé féin é féin, agus mura ndéana, caithfidh <sé> a bhéal a dhruidim
mar a deir Dáibhí i Salm 106:42 "Agus druidfidh an uile éigeart a
bhéal."



§45 Hannickmuid a staid leatrumach a ro an t'anam in nuar a vi she
fagail a taoilsho & a nuar a vi'n tiorhiacht a fasclu es a chunne.
Hannickmud e nuar a yoh she lahair a vrehy & an staid leanuir a ro
sha in ad is vì she er iachail. Feachamud e nish ad is ta Criosta toirt
brefnish er -



Chonaic muid an staid leatromach a raibh an t-anam ann nuair a
bhí sé ag fágáil an tsaoil seo agus an uair a bhí an tsíoraíocht ag
oscailt os a choinne. Chonaic muid é nuair a ghabh sé i láthair an
bhreithimh agus an staid léanmhar a raibh sé inti a fhad agus a bhí
sé ar a fhéachaint. Féachfaimid é anois a fhad agus atá Críost ag
tabhairt breithiúnais air.



§46 Ta da chuish feachta nish ersa Criosta. Ta da chas crihariste
go loir - Toshu da ye-yriwary & da yroch yríwary & ni hig
leat a ra nach er toshu go neamhchlaonur iad - ni hig leat a ra go
ro mi-unracas er bih in sna scaly no insa veím - 's dake lesh na
toista 's leat hein a vi shead - mar vi da ye-yriwary & da
yrochyriwary.



"Tá do chúis féachta anois," arsa Críost. "Tá do chás criathraithe
go leor. Tomhaiseadh do dhea-ghníomhartha agus do dhrochghníomhartha,


L. 64


agus ní thig leat a rá nár tomhaiseadh go neamhchlaon iad. Ní thig leat a rá
go raibh mí-ionracas ar bith sna scálaí ná sa bhíoma. Agus i dtaca leis na
tomhais de, is leat féin a bhí siad, mar a bhí do dhea-ghníomhartha agus
do dhrochghníomhartha."



§47 Ta tu toista nish, & tì tu hein co hasfach is ta tu - Tím a leoir na
bahe in sho - Tím e scriofa shis ín sho fuigh mo huile gur min?ik in
da haol a duirt tu, "damnu shiorhy er manam" & go dogy an diawil
lesh me". Shin a diawil a hein a nish & nil egga ach da choarle ylaku
- Toagitsha lesh hu -



"Tá tú tomhaiste anois agus feiceann tú féin chomh heaspach agus
atá tú. Feicim i leabhar na beatha anseo, feicim é scríofa síos anseo
faoi mo shúile gur minic i do shaol a dúirt tú 'Damnú síoraí ar
m'anam' agus 'Go dtóga an diabhal leis mé'. Sin an diabhal é féin
anois agus níl aige ach do chomhairle a ghlacadh. Tógadh sé leis
thú!"



§48 Ach sol ma nimma tu, owirk shis ad. Feach na hanspirid -
shervishy & teachtary'n diawil wor - Feach hein a luhair & a
t'ulyardis a torhu a gol a asklu na n'gafty mora du addy hìs.
Ach ma ta sheid du nial shiad darrache - Keb ocu ta lein egid no
nach will, hig leat na littrache mora sollish ad a leav - "Sho tìr na
nanam damanta". An teerhiacht etc. etc



"Ach sula n-imí tú, amharc síos úd. Féach na hainspioraid,
seirbhísigh agus teachtairí an diabhail mhóir. Féach féin an lúcháir
agus an t-ollghairdeas atá orthu ag dul a oscailt na ngeataí móra
dubha úd thíos. Ach má tá siad dubh níl siad dorcha. Cibé acu atá
léann agat nó nach bhfuil, tig leat na litreacha móra solais úd a
léamh 'Seo tír na n-anamacha damanta'. An tsíoraíocht etc. etc."



§49 Nish an damnu shiorhy a diar tu & a hìl tu go minik - yoigh
tu nish é Ach angle! Angle! Angle! foala, sol ma nimmy
glacky'n scuirhar - glaky cumaltair - glaky giobal glanta na
shiorhiacht - cuimlagy & glanagy moch lorg na holla beanny a
curru er a nuar a baistu e - nuair a


L. 65


yo she fuigh lav Easbuig & a
nuar a curra a n'olla yeinach er - Na liggy daddu da mo chuidsa
lesh -



"Anois an damnú síoraí a d'iarr tú agus a thuill tú go minic,
gheobhaidh tú anois é. Ach a aingle! A aingle! A aingle fóilligí
sula n-imí, glacaigí an sciúrthóir. Glacaigí cuimilteoir. Glacaigí
giobal glanta na síoraíochta. Cuimlígí agus glanaigí amach lorg na
hola beannaithe a cuireadh air an uair a baisteadh é, nuair a ghabh
sé faoi lámh easpaig agus an uair a cuireadh an ola dhéanach air.
Ná ligigí dada de mo chuidse leis."



§50 O Yia ersa na hangle, ta ya wark - ya Heala in sho nach feidir
a chumailt a moch - Oh! shin ya Heala dag sacramint a Waista &
St. a yol fuigh lav Easbick stampailte'r anam & ni scharhy shiad
lesh go brach.



"Ó, a Dhia," arsa na haingil, "tá dhá mharc, dhá shéala anseo nach
féidir a chuimilt amach." Ó! sin dhá shéala a d'fhág sacraimint an
bhaiste agus sacraimint a dhul faoi lámh easpaig stampáilte ar a
anam agus ní scarfaidh siad leis go brách.



§51 Solshachy'n da Heala shin mar ya reilt linrach a meask na
Durky & na Bagany a nifrin le tespanu yov go dug Criosta nille
hoart meonache yov 'sgur yamny shiad hein yiad hein -
Dublachy shin a bian a nifrin - O Yia go sawla tu manamsa na ma
yamantar mishe, beigh trì heala solshu er manam a nifrin -
Sheala'n W. Sheala'n y. fuigh l. Easbuigk & sheala n. Ord veanny
a rin segart yìm.



Soilseoidh an dá shéala sin mar dhá réalta lonracha i measc na
dTurcach agus na bPágánach in ifreann le taispeáint dóibh gur
thug Críost an uile shórt meonta dóibh agus gur dhamnaigh siad
féin iad féin. Dúblóidh sin a bpian in ifreann. Ó, a Dhia, go sábhála
tú m'anamsa nó má dhamnaítear mise beidh trí shéala ag soilsiú ar
m'anam in ifreann, séala an bhaiste, séala an dul faoi lámh easpaig
agus séala an oird bheannaithe a rinne sagart díom.


L. 66


§52 O Mo Yia! caichim me fein a steach a skihain da chrocaire
nuh - Tas egam go will torru chud folla mo Lanior, mar arrige yon.
yivaganach gan tus, gan derru, gan tus gan missur - gan toin gan
claddach -



Ó! mo Dhia! Caithim mé féin isteach i sciatháin do thrócaire
inniu. Tá a fhios agam go bhfuil toradh chuid fola mo Shlánaitheora
mar fharraige dhomhain dhuibheagánach, gan tús gan deireadh,
gan tomhas gan miosúr, gan tóin gan cladach.



§53 Caichim me fein er impyna Maighdinne Meirre & na
Naomh & na nangle - Oh! Fobil caighim me fein air mar nimpysa
fosta



Caithim mé féin ar impí na Maighdine Muire agus na naomh agus
na n-aingeal. Ó! a phobail, caithim mé féin ar bhur n-impíse fosta.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services