Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Neachtuin: An Eighteenth-Century Irish Writer

Title
Seán Ó Neachtuin: An Eighteenth-Century Irish Writer
Author(s)
Ó Fearghail, Brian,
Compiler/Editor
Risk, M.H.
Composition Date
1760
Publisher
(B.Á.C.: Coláiste Phádraig, 1975)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ag so sios mur leannas cuid de Shuirighidh Sheain ui Neachdain
mac fir-duithe bhi na chomhnaigh a bporraisd Drumma agus do
ghluais an toganach a ccuireachta buadhchallidh eille as an ait;
togbhail fomhair no Spailpineacht go cuige Laidgion agus do cuirse
fo dearra do chach bhi leis gan aidbhail aon fhocal bearla bheith
aige go filleadh dho tar ais, cia beifeacdach an Scollaire e, ach cheanna
chomhnaigh Sean seal i dteach duine shaibhir do Nóglach bhí san
tir sin. Thanic oganaigh ag iarraidh cleamhnas air an Noglach agus
fuair Sean slighe ar a gradh chur i ccéill don óig bhean únadh. John
Naughten for Winifred Nangle. Aisling Shean uí Neachdain mas fior
do B. Ó Fearraoil.



A leightheoir, fagabh an Sean thuas san mbaille chon gac aen ní
bheith go beacht anordugh a gcuinnigh chaich, agus na ccuirtérigh
theacht ó aiffrionn. Budh amhlaigh sin aigison oir budh feasach glic
an diollunach é agus diar air Una fagamh sa mbailleadh cur orrdadh
ar dhinear, putóg ordú dho fein, is an sa mbeurla labhair se ria agus


L. 54


dubharth Winny honey will you order me a pudding sgairt cach agus
dubhairt isi leis go riarfab é agus ma cosmhuil do bearla bheith aige
acht cenna fuar peann dubh agus paper hug leis don stabla iad, agus
do chum na rainn thuas agus dfagaibh gan mhothamh chach abh-
fuinneoig an Parluis iad, do rinidair chach ionnamh deidh agus ba
eigion do Shean a leighamh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services