TEXT
A dhaoíne uaisle, agus a dhaoíne noch eisteas liom, acht air
modh áirigh, a dhaoíne ud nach dtuigionn acht fírbheagan den
tSacs-Bhearla in air labhaireadh libh ceana, tabhairidhe aírd
air an bheag-chómhairle atá mise air tí a thabhairt dhuibh. Is
ró fhollas do gach neach in sa mhór-chruinniughadhsa go rabh
Éire aón úair in na ríoghacht mór sarchoimseach faoí a
ríghthibh féin, lán de shaidhbhreas, de gach ulmháoin, de
dhaoínibh, agus de gach cineal sonais búdh fhéidir a bheith í
ríoghacht talmhuigh air bhith, roimhe theacht na Sacsan intí.
Is follas fós úadh gach stair a thrachtas air ar sinsir go rabh
gach séun ag dórtadh a nuas uadh neamh air na daoínibh; go
rabhadar naóimh agus curaidhe air faghail comh lionmhar agus
sin intí, gur goireadh feadh aimsire fada oilean na Naomh,
agas Inis Ealga dhí, air iomadalacht a daoíne naomhtha,
fóghlamtha, agas a curaidh. In sa naimsir a luáidhim, ní
rabhadar tighe bochta le na bhfeicsin mur ata a niú: ni rabh
féidhm leó; oir ge go rabhad na daoíne sar-líonmhar, mar is
fíaghain linn, ní rabhadar daoíne bochta air bhith air faghail
in Éirinn, agus ma bhíd, bhádar mainistire, no ionaid craibh-
theacha eile í ngar dóibh in a ngabhad gach nídh, biadh, iochta,
agus eudach a bhidheadh a ríachtanas ortha. Ní fhuil fáth
a bheith ag aithris a nois air gach fabhairt a fuáir Eire
bhocht faoí réim na nGall, acht amháin a rádh go rabh sí aig
tuitiom gach lá air a leasluidhe go nuige an bhliaghain 1782
an tan a ghabhadar clanna na tíre meisneach chuca féin, agus
le cloimthibh in a ndornaibh d'eíghrígheadar suas a gcionn a
cheile, agus do mhóideadar nar dhlíghiostionach do neach í
mbeatha, no d'aon-chóimhthional coígcriche air bhith dlíghe a
dhéanadh d'Eirinn acht do a comhairle choitchionn, do a
tíghearnaighibh féin, agas a rígh amháin! Uadh an am sin
a núas d'fhas arís rath nach féidir a áireamh uirthi. Bhíd a fir
dé-eadaighthe, lánshaotharacha, de-bheathaighthe; ní fhaicfidh
ocras no iota mar atá a nois intí. Bhíd na mná fós uadh óg go
sean aig tuilleadh, agus ag cungnadh leis na fearaibh: bhídh
roithlean sníomha aig gach coilín, agus mise í mbannaigh, gur
ab iomdha ponta óir ab fhiú in sa mblíaghain í! Bhídh séan
doth-insighthe a fearthainn na cheathaibh air ar dtír. Budh í
Éire féin a bhidh intí. Acht monuair! agus mo cheúd míle
trúaighe, agus géur loscadh mo chroidhese! Níor bhfada rath
na dtrom-gceath sonaisse air Eirinn! Níor bhfada a dhaoíne,
níor bhfada; oir griosadh éud an chine chráosaigh na Sacsan,
agas móideadh leó gur búdh éigin tuitiom arís, ionas go lingeadh
a mór-shonas ortha féin, agus go mbídheadh Eire bocht Eíre
<shona fad a bhídh a comhairle féin ací> gan chomhairle, agus
íslighthe faoí dhaóirse gach trúaillean gan chéill gan chineal
nar bhfios ciá féin, a chuirfidh os a cionn! Thóigeadar cogadh
agus buáireadh mór feadh na tíre: chrochadar daoíne gan
chuis! sgiúrsadar chum báis a lán eile, agus thugadar gach gné
pionais do lán eile de na daoínibh; ní gcionna go ndéarnadar
coir acht ionas go gcuirfidh creathnadh leo í gcraoidhthibh na
ndaoíne go huile, d'eagla go dtóigeadas a nguth í naghaidh
meang na ndroch-dhaoinesa le'r mhían Eirinn a thrascar go
lár arís, agas a cómhairle fáth a sonais a ghoid uithi. Acht ní
rabh gar in sa niomlán, budh éigin dóibh milián ponta a
thabhairt mar bhríb! Thugadar fós móran onora do lucht na
meang, noch a mhalairtid comhairle na hEirionn, nídh nar
leó feín, <is doigh go ndearnadar tíghearna de shean> Jack
Foster <ógh an tsean-spealodora bhuidhe> Chollain, <noch a chac
air acar féirr na baintreabhuigh, air son a shaothair in sa
droch-bheartsa, mar is fiosach do gach duine agaibh>. Ní
fhuil foill agam a bheith ag aithris air chlébheart na droingese;
acht amháin a rádh gur ghoideadar fadheóigh, a comhairle
uadh Eirinn! Feuchaidhe, a dhaoíne oraibh féin! Feuchaidhe
air chruth bocht, nochtaighthe bhur gcloinne; feuchaidhe bhur
mná lom-nochtaighthe fós gan aénnídh air a gcumas chum
cunganta libh! Feuchaidhe bhur gciosa ag imtheacht as an tír
's ga gcaitheadh í gcoigcrí! Feachaidhe an tarrbhar, an teallach,
na muca, agus fiú na cearca ga sguabadh uáibh gach lá go
Sacson, agus sibh féin bocht nochtaighthe air chiorra bídh,
airgid, agus eadala, a sgagadh na bpóirin da la agus d'aóidhche,
agus ibh a saothar mar íocaidhibh dona air son an ghreama a
bhuáintear as bur mbéalaibh gan bhuidheachas a thabhairt
dhuibh air a shon! Nach ro thrúagh an staid in a bhfuil sibh?
Nach cuibhe go bhfiáfrachaidh libh an fáth a bheir oraibh a
bheith in sa chruth ró thrúaghasa eidir bheag agas mhór? Is
cóir fios a thabhairt dhuibh gur ab é is fáth do, íar ngoid bhur
gcómhairle uáibh, go ngnídheann daoine reachtaibh dhuibh
oca nach bfuil fios air bhur gciorra ní bhus mó iona ta aig an
Turcach mhór shoir í gConstantinople! Is iongnadh libh seó,
acht ge gur budh iongnadh, is fíor é, agus mas fíor, cionas mar
is feidir libh luidh síos í riocht deoraidh in bhur dtír dhúthchais
féin? Cionas mar is feidir libh a bheith sona seasgarach in bhur
dtír dhúthchais mar budh dúal dhuibh a bheith feadh a
bheidhios eachtreanaighe aig déanadh na ngnoithe a chóir
dhuibh fein a dheánadh sí mbaile, í gcoigcrí? Nach bhfuil leór
céille agaibh aire a thabhairt do bhur ngnoithe fein ní bhus
feárr go mór, mór iona aig eachtranaibh nach bhfuil a bhfios
oca, no suim ionaibhse? Ma meastar libh gur ab agaibh feín
is cóir bhur ngnoithe a dheanadh sí mbaile, agas nach bhfuiling-
fidhe a mhilleadh ní bhus mó le eachtranaibh, agus sibh feín
a chur in sa chruth thrúagh in a bhfuilti, tigidhe le méin mhaith
shiothchanach, agus bonnaibh airgid in bhur ndórnaibh chum
cunganta le cionn bhur dtíre, an fear fíor a dhiuilt a shochar,
agas a shuáimhneas feín mar gheall air a thír agas oraibhse .i.
Dómhnall Uá Conaill! Feúchaidhe uile an fear a rinn seó, agas
a dheánfas tuilleadh mur gheall oraibhse agas air Eirinn!
Glacaidhe a chomhairle go grinn; oir is cóir a glacan; cuiridhe
í namhail d'Eirinn go huile gur ab ibh fír cliúteacha chondae
Lugha sibh a ríamh nar fheall air Eirinn! Tigidhe le píghinn
agus bonn eidir fearaibh agas mhnaibh; eidir bheag agas mhór
í gcionn a cheile í naóndhacht le Dómhnall Ua Conaill, agas
iárraidhe go diongbhalta bhur gComhairle fein, Comhairle na
hEirionn a thabhairt air eis dhuibh. Ma do ghnídh sibh sin,
dheanfaidh an fear ceádnasa a mhíle uirid dhuibh! Glacaidhe
a chomhairle deirim a rís libh, agas na brisidhe an dlíghe air
aónchoir: na bídheadh cuid agaibh seach gach nídh eile do
lucht pairtighe air bhith; oir is follas dhuibh gur de pheataibh
an chaislein íad, agus gur ab iad bhur náimhde a chuirios a
leithid bhur measg, ionas go mealltaidh leo sibh, agus go
roinntidh sibh, agas gur fa neartmhaire leo feín iar bhur
dtrascar leó air lár. Seachnaidhe, a cháirde, uime sin, peataidh
an Chaislein; oir ge go mbídh mil air bharraibh a ngob, ata
nimh in a bfiaclaibh! Deirim libh a rís a bheith siothchanach,
stuama, ceillidhe, agas beirfidh sibh buáidh gan mhuill. Na
bhídheadh fearg oraibh le bhur naimhdibh: bídhidhe foighi-
deach, oir is eígin dhuibh búaidh a bhreith gan mhuill, buaidh
neamh-fuuilteach faoí stiúradh an tsaoí mhóirse a tháinic
bhur measg a niú; agas ní fhuil lucht cunganta ní bhus feárr air
dhruim an domhain iona sibh; oir cia air nach mbearfadh sibh
buáidh, gcionna go dtug sibh búaidh air an namhaid is do-
chasgartha air bhith, bhur nan-mhíantaibh feín, an phóit!
Fuáir sibh buáidh oraibh feín, noch is mo bhuádhaighe, agas
is dóthdheánta iona míle buáidh de leithid ata sibh ag iárraidh!
Leanaidhe do chomhairle Uí Chonaill, agus ní feidir sibh a
bheith í namhgar, no mbráighidineas ní bhus faide. Ghabhfadh
sibh bhur gcomhairle a rís, agus beidh Eíre mar budh duál dhí:
súth a cuirp ga cothúghadh féin. Béid príosuin na mbocht
folamha, acht uadh lucht ciorraimhe amháin. Beidh obair go
leór aig gach duine: ní theithid sáothar Eirionn go Sacsan níos
faide, mar dúbhairt Fearflatha Ua Gnímh, bárd Uí Neill le
linn Seabal chollaigh a bheith gcoinnas na Sacsan .i.
Ní aithnidheann Inis Logha
Ní de faithibh fonmhóra
Cnuic dlaoireidh i ndiáigh an áir -
Beídh saór Eireann í Sacsan!
Acht ma dúbhairt se seó, dúbhairt an file ceádna go dtiucfadh
fuáscailt do na gaódhalaibh, mar bhídh do chloinn Israel uadh
bhruid na hEgipte; agas is doigh liom gur ab é an Dómhnall
Ua Conaill ceadnasa noch do chígh sibh uile an tath-Mhaóise
air a dtrachtann se! Bídheadh dóthchas mhór agaibh oir
beirfidh se sibh saór gan mhuill uadh dhaoirse Phároah Peel,
agas a lucht coimhláimhe; oir is follas go bhfuil lamh uile-
chomhachtach Dé leis mur do bhídh le Maóise, agas cia a
fhéudas cur na aghaidh? Béidh bhur gcomhairle seal nach
fada agaibh í mBaile-Atha-Cliáidh, agas atáid milián acar
talmhain nach fiú dha phíghinn an tacar a niú acht a bhearfadh
beatha maith do dha mhillían duine da dtabhairfid dhóibh le
sáothar íad, a ghabhfadh sibh! Beirfidh bhur gcomhairle féin
dhuibh íad! An sin béidh Eíre mar budh dual dhí faoí a lán-
thuinn meala agas meithleachta féin; agas fós, beidh teanga
mhin, mhilis ar mathara air buil againn arís, agas nach
gcugnachadh tusa, a Dhómhnaill Uí Chonaill a cur air bonn
mar is cóir; oir da mbéidheadh sí air buil do ghnáth ní bhídh-
eadh Eire sgiúntha faoí dhaóirse mar atá le seal fada - slán libh
- Tabhairidhe, a cháirde, trí gáire air son Dhómhnaill Ui
Chonaill an tath-Mhaoise.
Trí gaire do'n mbanríoghain.
Trí gaire luthghara gciona gur féidir libh bhur gcomhairle
fhaghail arís go Baile-Atha Cliaidh.
Slan libh - imthighe í bhaile go síothchanach - slán libh -
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11