Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán Árais: As Duilleóig i gColáisde San Isidóir 'sa Róimh

Title
Dán Árais: As Duilleóig i gColáisde San Isidóir 'sa Róimh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mac Fhinn, P.E.
Composition Date
1654
Publisher
(B.Á.C.: Cumann na Sagart nGaedhealach, 1921)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DÁN ARÁIS
1654



As baile mar ainm árás. Baile nimhneach nuadhphálás
Baile gáin-neamuil ga, baile gráineamhuil gallda.
Baile na nolc sna niolach. Baile cogthach sinnsiolach
Baile brosgurtha na ccath. Baile cosgartha curach.
Árás déis cráidhte na cclann. go smiora bhfódaibh freamhán
crádhfhás anall do iomchair. ár fhás ann ar éirionnchaibh.
Do thuit na thimchioll mo nuar. a mbith bhuan bheith go diombuan
adhbhadh fuinidh dhá cheannach nuimhir adhbhal éireannach
Ar a raibh ríoghradh toghtha. cinn chosnaimh is cabhortha
as dursan a ndul don bhás. a mbhun ursan ag árás.
Nír bhfiu Árás triúr don tréad. renucht do chuaidh ó choimhéud
fir bheódha go bhfraoch feadhma. teóra laoch chunláin fheadhma.
Do thuit léoghan dúin droma. isin iorghail eatorra
Fear a ngoil bhunata baill. mar choin ccurata cculainn.
Púcht agus creach a chinidh. Éumonn dána ó duibhidhir
dréuchta comhthruim cor a ghním. a cconchluinn chon an chleitín
Do réir gach garma dhár ghlac. dá madh saoghlach an seabhac
dob oirdhearc a chlú sa cháil. dú na noirbheart an anáir.
Ó do chaill coill na manach. biaidh go buan a ndaoranach
A mheanma mhear sníomh a smacht. a ghean sa dhíon sa dhaonnacht
Do thuit ann idir an bhféinn. Piarus mhac Risdeird roiréidh
nár bhaoth snár bhónda gér bhóg. Laoch bá cródha ná ciotóg.
Piarus builtéar branán slógh. budh ag cách fá dhobrón
Beithir bhuadha ar ar ghnáith gean. a ráith cuala dhá chaoineadh.
Coileán do chuaine na mál. as cian do chosnaim drongan
sí dhealmha saora na fir. craobha fíneamhna feimhin.
Sliocht Méig Phiaruis Phuirt na ród. ba háirmheach éachta a nallód.
Le cosg gach caisde a mbaoghal. Posd gaisge na ngallghaodhal.
Do thuit lán gréugach gníomhach. ionnsaightheach nár bimshníomhach
déis a láin gábhadh is gal. A ndáil áladh is iorghal.
Séumas mhac gearailt na nghlonn. onchú bá fras a bhforlonn
míleadh nár mhoirtill bálta. fírfhear foirtill farránta.
Ar fhás ar an ár os fás. san tár fó raoir ar rofhás -
Giogh gairm dhon bhaile gho bás. as baile mar ainm Árás.



Ar an druim Dán Aráis.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services