Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Meitheamh 1920

Title
Meitheamh 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
Muintir Mhic an Ghiolla

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SÍOLADÓIR



CREIDEAMH
TEANGA
TÍR



Ar n-a chur amach ag



MUINTIR MHIC AN GHIOLLA,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath.



Ar n-a chur i gcló ag



MUINTIR UÍ CHUINN,
Sráid na h-Eaglaise,
Béal Feirste.


L. 2


CLÁR AN IRISLEABHAIR SEO.



AN DORD FHIAN



An tAth. Séamas Mac Leanacháin 3



SOÍSCEUL
An Dochtúir ó Síothcháin 12



DUAN AN tSLÁNUIGHTHEÓRA 15



AN CEACHT DEIREANNACH



Séamas ó Searcaigh 16



MARBH-CHAOINE Ó PHORTLÁIRGE 21



GLAODHACH OLA



An tAth. Pádraig Ua Cearbhaill 25



AN tATHAIR PEADAR Ó LAOGHAIRE



An tAth. Pádraig ó Cathasaigh 27



LEITIR THIMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE



An tAth. Peadar ó Laoghaire 33



MAYNOOTH STATUTES 36



NÓTAÍ 37



ÁR GCÁIRDE 41


L. 3


AN DORD FHIAN.



TÁ SÚILE an domhain ar chúrsaí na nGaedheal indiu.
Tá na náisíuin i bhfus agus i gcéin ag múscladh ó'n
tsuanmhaireacht a bhí ortha i n-ar dtaoibh-ne agus ag
cur suime i n-ar stair arís. Bíonn siad ag éisteacht
go h-imnidheach ó lá go lá le gach tuairisc a bheirtear
thar fairrge chuca. Ar feadh blianta roimhe seo bhí
Éire ag dul faoi cheo agus faoi scamall. An tír seo a bhí faoi rath
agus faoi réim fad ó nuair a bhí na náisiúin i n-a timcheall gan reacht
gan dleacht, an tír a thóg agus a d'oil na naoimh agus na scoláirí, na
manaigh agus na laochraidh, an tír a lean go buantseasmhach de'n
Chreideamh i n-aimhdheoin síor-ghéirleanamhna, bhí sí ag imtheacht as
radharc beagán ar bheagán. Bhí a cáil agus a clú ag dul ar ceal.
Cár bh'iongnadh é sin nuair a bhíomar gan meas orainn fhéin, gan meas
ar ar stair, gan meas ar ar dteanga dhúthchais! Bhí smúid an bhéarla
ag dalladh ar ndaoine agus iad ag siubhal go mall righin ar bhealach a
n-aimhleasa. Bhí an galldachas ag sailiú a gcroidhe agus ag milleadh
a n-inntinne. Acht fé mar a bhriseas an réiltín gléigeal fríd néalta
na h-oidhche sin mar a bhris solas iongantach amach i lár an dorchadais.
Nocht sé cealg agus contabhairt an bhóthair. Thaisbean sé dúinn go
rabhamar ag dul ar seachrán ó bhealach ar sinnsear. Thaisbean sé
dúinn gur gearr go mbeadh deire le n-ar sean-spioraid agus le
n-ar n-uaisleacht dúthchais dá leigfí do na daoiné eadar óg agus aosta
nimh agus salchar a shúghadh isteach ar a dtoil fhéin, agus doicheall agus
sanntacht agus uabhar na nGall mar a gcéadna. Na h-Éireannaigh óga
a las an solas seo an chéad uair. Acht nuair a bhí siad-san curtha
faoi chois, thóg Connradh na Gaedhilge an solas céadna i n-airde agus
choinnigh sé go seasmhach é ós ar gcomhair amach go dtí an lá indiu.
Thaisbean an Connradh dúinn go rabh dhá nídh riachtanach le h-aghaidh
eiséirighthe na nGaedheal, mar atá, an teanga dhúthchais agus dílseacht
d'ar Seanchus. Theagaisc sé an soiscéal seo i dtráth agus i n-antráth
ó cuireadh ar bun é i mbliain a 1893.



Tá súile an domhain ar a bhfuil ag tuitim amach i n-Éirinn fá
láthair. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an alt seo leanas. Thóg mé é as
leabhar a scríobh Louis Tréguiz le déanaighe thall ins an Fhrainc. Seo
mar a chuireas sé síos ar Eiséirghe na nGaedheal:


L. 4



L. 5


Nuair a bhí Fionn Mhac Cumhaill fá réim i n-Éirinn fad ó, bhí barr
buabhaill iongantach aige ar a dtugtaí an Dord Fhian. Ceol
draoidheachta a bhíodh ag an Dord sin. Nuair a bhíodh Éire i dteannta
ag a náimhde, ba ghnáth le Fionn an Dord Fhian a sheinnt. Chluineadh
na laochraidh agus na gaiscighigh an ceol sin cibé áird de'n tír i
mbídís. Thigidís ó Almhuin Laighean agus ó Chorcaigh Dhuibhne agus
ó Bhinn Éadair ag freagairt an ghlaoidh sin. Thigidis i n-a gcaogadaibh
agus i n-a leath-chaogadaibh le h-Éire a chosaint ar na h-allmhuraigh.
Thigidís go n-a slóighte armtha, fuinneamh i n-a ngéagaibh agus faobhar
i n-a bhféachaint. Ní fada go mbeadh scabadh ar an námhaid agus iad
ag teicheadh thar fairrge ar a sean dícheall. A cháirde, tá Éire i
gcruadhchás agus i gconntabhairt le fada an lá. Tá a teanga agus
a nósa agus a deagh-thréartha dá milleadh agus dá gcur faoi chois.
Tá an Dord Fhian seinnte ag Connradh na Gaedhilge. Tá fíor-shliocht
na nGaedheal ag cabhrú le h-Éirinn ar a ndícheall. Tá múinteoirí na
scoltacha agus ollamhain na gColáistí ag freagairt an ghlaoidh sin go
dílis. Tá treoruidhthe toghtha na ndaoine ag greasacht na mbuidhean
faoi n-a gcumhacht. Tá daingne an Bhéarla dá leagadh i ndiaidh a chéile.
Acht an dream is mó cumhacht i n-Éirinn an bhfuil siad-san i dtoiseach
an chatha? An bhfuil sinne, na sagairt, ag deanamh ar ndíchill ins an
choimheascar?



Buidheachas le Dia, níl an scéal có dona agus a bhí sé nuair a
scríobh an tAthair Eoghan Ó Gramhna na focla seo leanas:


L. 6


Níl an scéal có dona sin indiu, ar ndóighe. Tá a lán sagart a
bhfuil obair ghaisceamhail deanta aca i gcúis na Gaedhilge ó shoin.
Acht mar sin féin ní thig linn a mhaoidheamh go bhfuil níos mó ná a
gcuid fhéin deanta ag an chléir i gcoitchinne. Dá mbeadh, ní bheadh
urnaighthe Béarla agus seanmóirí Béarla le cluinstin ins na toighthe
pobuil ó cheann go ceann na tíre. Agus ní bhéadh a leithéid seo de
chasaoid le feiceáil i bpáipéar Gaedhilge gan cur i n-a choinne: — “Sin
é tora an Ghalldachais againn: agus cuirim-se furmhór an mhilleáin ar
an Eaglais. ‘Do thug Naomh Pádraig a leithéid de bheannú ar Éire
a's ná raibh éan dul go gcaillfí an Creideamh' — ba chuma cad a
labharfaí ann. Ar mh'anam gur shuarach an braith a bheith ag braith ar
na sagairt go raibh tulcaí Gaeluinne aca, agus ar an am gcéadna
ná labharfadh smiog di chun an phobail a stiúradh agus do chimeád ar
an staid chóir.”



Sul ar cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun ba dóigh le h-Eoin
Mac Néill gur bh'iad na sagairt ba chumhachtaighe chun an Ghaedhilg a
aithbheodhchaint. Seo giota as alt a scríobh sé ins an Irish Ecclesiastical
Record i mbliadhain a 1891:



Chuaidh blianta fada thart sul ar tháinig na sagairt le chéile le
h-iad fhéin a chur faoi eagar agus faoi ordú le h-aghaidh obair na
Gaedhilge.



D'fhás Cumann na Sagart nGaedhlach as Comhdháil Bhliantamhail
Mhaighe Nuadhat. (2) Roinnt blian ó shoin thiocfadh le duine ar bith a
fheiceáil go rabh an Cumann náisiúnta sin na cléire ag éirghe níos
Gaedhealaighe i ndiaidh a chéile. Na sagairt a bhíodh i láthair bhídís ag
cur níós mó suime i gcúrsaí na Gaedhilge ó bhliain go bliain. Ar
dtús ní bhíodh acht páipéir i mbéarla dá léigheadh ós comhair an
chruinnighthe. Is ar éigin a chloisfeá focal Gaedhilge ó mhaidin go
h-oidhche le linn na Comhdhála. Níor dhóigh leat ortha nár chruinniú
Gallshagart iad ar fad acht a b'é a shultmhaire agus a lúthgháirighe a
bhídís ag caint agus ag gáirí le chéile. Acht bhí athrú ag teacht ortha
go mall righin. Cuireadh Léigheacht Ghaedhilge ar an Chlár i mbliain a
1905. An Dochtúir Ristéard de h-Enebre, go ndeanaidh Dia


L. 7


trócaire ar a anam, a thug an chéad Léigheacht Ghaedhilge. Níor
briseadh ar an nós i n-a dhiaidh san. Léigheadh Tráchtas Gaedhilgé 'ach
aon bhliain go dtí gur stadadh de'n Chomhdáil i rith an Chogaidh Mhóir.



Tosnú a b'eadh é sin acht ní rabh ann acht tosnú. Na sagairt a
rabh suim mhór aca ins an Ghaedhilg — agus bhíodar-san ag dul i
líonmhaire ó bhliain go chéile — ní rabhadar sásta leis an oiread sin.
Tugadh coiscéim ar aghaidh i mbliain a 1914 nuair a léigh an tAthair
Gearóid Ó Nualáin an Tráchtas Gaedhilge ag an Chomhdháil. Labhair
sé ar dhualgas na Cleire i nGnóthaibh na Gaedhilge agus chomhairligh sé
dhúinn cumann sagart fá leith a chur ar bun.



D'aontuigh na sagairt a bhí i Láthair leis an chomhairle a thug an
tAthair Gearóid dóbhtha, agus cé gur cuireadh an sgéal i leath-taoibh
go ceann bliana, bhí an síol foghanta curtha ins an ithir.



Chuaidh an bhliain thart. Nuair a chruinnigh sagairt na Gaedhilge i
dteannta chéile i gColáiste Mhaighe Nuadhat i mbliain a 1915, bhí rún
aca níos mó 'ná caint a dhéanamh. Léigheadh Tráchtas eile ar an
chumann sagart a bhí ceapaithe ag an Athair Gearóid. Dubhradh ins an
tráchtas san nach rabh aon cheist eile ba mhó a bhain le tír-ghrádh agus
le subhailce na ndaoine agus le deagh-thabhairt suas na bpáistí 'ná
an cheist seo na Gaedhilge. Gur cheart dúinn teanga ár sinnsear a
bheith le cluinstin ins na toighthibh pobuil arís mar a bhí fad ó. Gur
cheart dúinn cuallachta diadha a chur ar bun i n-a mbeadh na
seanmóirí dá dtabhairt agus na paidreacha dá rádh i nGaedhilg.
Agus gur cheart dúinn litridheacht Chaitliceach a thabhairt do na
daoine chun cosc a chur leis an droch-litridheacht a bhíos ag teacht
isteach go tiugh ó Shasana. Cuireadh i n-a luighe ar an lucht éisteachta
a laige a bhíodar a fhad is a bhí siad deighilte ó n-a chéile agus a
threise a bhéidís dá mbheadh siad ceangailte le chéile agus cumann fá
léith curtha ar bun aca le h-aghaidh na h-oibre.



I ndiaidh na léigheachta san chuir na sagairt a bhí i láthair a
gcomhairle le chéile agus thoghadar coiste sealadach le tús a chur ar
an obair. Tháinig an coiste sealadach le chéile i mBaile Átha Cliath
Lá Fhéile Brighde, 1916. Socruigheadh go mbeadh céad-chruinniú an
Chumainn i gColáiste Mhuighe Nuadhat le linn na Cómhdhála agus go
dtoghfaí Uachtarán, Oifigigh, agus Coiste an Chumainn ag an chéad-
chruinniú. Cuireadh fógra fá leith amach le n-a chur i n-iúl do shagairt
na Gaedhilge i n-'ach aon áird dé'n tír céard a bhí socair ag an Choiste
shealadach.



Is fada a bhéas cuimhne ag an lucht éisteachta ar an Tráchtas a
léigh an t-Athair Tomás de Bháll dúinn ag céad-chruinniú an Chumainn.
Dubhairt sé go rabh cuid mhaith deanta cheana féin ag sagartaibh na
h-Éireann ar son na Gaedhilge, acht go mbeadh a sheacht n-oiread san
déanta dá mbéidís ag cur le chéile; gurbh' iad na trí neithe nárbh
fholáir do dhéanamh chun teanga a choimeád beo agus beacht ins an


L. 8


tsaoghal so, ná í do labhairt agus í do scríobhadh agus í do léigheamh.
Thaisbean sé dúinn caidé mar shábháil dream beag scoláire an
Csec nuair a bhí sí ag fagháil bháis i mBothemia agus caidé mar
shábháil na Pólannaigh agus na Pléimeannaigh a dteanga dhúthchais mar
a gcéadna. Níorbh fhearr damh rud a dheanfainn 'ná sompla dhá
ndubhairt sé a aith-scríobhadh annseo: — (I)



“Sagart darbh' ainm dó Guido Gezelle do thóg air féin teanga
a thíre do chur ó bhaoghal bháis. Thuig sé i n-aigne ná béadh an Bheilge
'na náisiún cheart go deo, dá gcaithfeadh na Pléimeannaigh uatha a
dteanga dhúthchais agus a saoghal féin chun dul ag aithris ar nósa
agus béasa agus teangain na gcoigcríoch. Bhí rud eile sa scéal.
Caitilicidhthe do b'eadh na Pléimeannaigh agus thug an sagart san fá
ndeara an díoghbháil do bhí ag an Fhrainncis a déanamh do'n gcreideamh.
Bhí gach saghas droch-litridheachta, idir droch-leabhar agus droch-pháipéir,
ag teacht isteach ó'n bhFrainnc. Do cuireadh na leabhair bheaga amach
sa bhFrainncis chun na ndaoine do chur ar bhóthar a leasa. B'fhearr
leis na daoine na leabhair deasa saora agus blas ceart na
Frainncise ortha, do tháinig chúcha thar teorainn 'ná na leabhair
Chaitiliceacha, do thug a gcléir dóibh.



“Timcheall triocha bliadhan ó shoin do chuir Gezelle Complacht nó
Cumann ar bun i gColáiste Roulers chun an Phléimeannais do chur dhá
labhairt agus dá scríobhadh agus dá léigheamh. Níor leigeadh d'aoinne
bheith i n-a chomhdhalta de'n gCumann gan a bheith ábalta ar an
Phléimeannais do labhairt agus eolas aige ar sheanchus na tíre agus
gan geasa do chur air féin go labharfadh sé an teanga leis na
comhdhaltaibh eile agus le gach éinne go raibh an teanga aige, chómh
fada agus d'fhéad sé é. Níor bhfada gur cuireadh an cumann ar bun
ins na Coláistibh eile i bhFlonndrus. Deineadh Cumann annsin le
h-aghaidh gach cúige, agus Ard-Chumann i Lobhán ag an Iolscoil le
h-aghaidh na g-Coláistí go léir. Dho sábháladh an Phléimeannais, do
cosnadh an Creideamh, agus is é Cumann na gColáistí a thug iad
araon as an gconntabhairt.



“Ná beireadh aoinne leis go bhfuilim 'a rádh gur ab ionnann cás
na Gaedhilge agus stáid na Pléimeannaise nuair a thosnuigh Gezelle.
Acht má bhí gádh leis an bhPléimeannais chun dith-chreideamh agus
droch-iomchar na bhFranncach do choimeád ós na Pléimeannaigh, tá
dian-ghádh leis an Ghaedhilg chun Págántacht agus salachar na Sasanach
do choimeád uainn amach.”



Tar éis na Léigheachta san cuireadh Cumann na Sagart ar bun.
Toghadh an t-Áthair Tomás de Bháll mar uachtarán, an tAthair Pádraig
Ó Conaill mar chisteoir, agus an t-Athair Séamas Mac Leanacháin mar
rúnaidhe. Toghadh an Coiste i n-a dhiaidh sin — sagart as gach fairche —
an sagart ba dóichighe a dhéanfadh a dhícheall le h-obair an Chumainn a
chur ar aghaidh i n-a bhall fhéin de'n tír.


L. 9


Tháinig an Coiste nua seo le chéile i mBaile Átha Cliath an
tríomhadh lá de mhí Eanair, 1917. Cheap siad Reachta agus Riaghlacha
an Chumainn. Cuireadh na Riaghlacha ós comhair tionóil choitchinn an
Chumainn nuair a tháinig siad le chéile ag 25 Cearnóg Phárnell i
mBaile Átha Cliath an ficheadh lá de mhí Mheithimh, 1917, agus cuireadh i
bhfeidhin iad. Do h-iarradh ar an Rúnaidhe cóipeanna de na Riaghlacha
a chur amach chuig aon tsagart amháin, ar a laighead, in gach fairche
agus a rádh leobhtha fósta go mba mhaith an rud dá bhféadadh sagairt
ghaedhealacha gach fairche teacht i gcionn a chéile le linn na gCúrsaí
Spioradálta le comhairle a ghlacadh le chéile i dtaobh Cumainn na
Sagart.



Sé chéad obair a bhí againn le déanamh na sagairt a thabhairt
isteach faoi bhrat an Chumainn. Obair dheacair a b'eadh é sin.
Bhíomar gan guth le glaodhach ar na sagairt eile. Bhíomar gan
Irisleabhar mar organ de'n Chumann. Ní rabh an t-airgead againn le
h-Irisleabhar a chur ar bun. Ní'l an t-airgead againn anois féin acht a
oiread, acht tá na daoine a bhfuil suim aca ins an Ghaedhilg ag
glaodhach orainn gan fanacht ró-fhada ins an dorchadas. Éist leis
“an Dara Sagart” (1) mar shompla:



“Caithfidh an Cumann teacht amach as an dorchadas. Tá roimhe
cuidiughadh le na sagairt atá ag obair ar son na Gaedhilge agus iad
san nach bhfuil ag déanamh an méid is féidir leo do ghriasadh agus do
spriocadh. Sé publicity an rud is mó a dheanfas an rud san. Caithfidh
sinn chur i n-iúl do'n saoghal agus go h-áirighthe do'n chléir go bhfuil-
mid dá ríribh i gcúis na teangadh agus go bhfuil dlúthcheangal
eadrainn chun an obair sin do dhéanamh. Bhéarfaidh an t-eolas san
misneach do'n té atá ag dul i n-éadóchas ag obair i n-a aonfhear agus
cuirfidh sé náire ortha san atá leisceamhail.”



Caithfimíd ar nguth a ardú ar son na Gaedhilge. Caithfimíd
misneach a thabhairt dá chéile agus dul isteach ins an choimheascar
guala ar ghualainn i n-aghaidh an bhéarla. Caithfimíd sagairt na tíre
a spreagadh le Gaedhilg a chur i n-a h-áit fhéin arís i dTeampoll Dé.
Gaedhilg ins na toighthe pobuil — sin focal faire an Chumainn. Támuid
ag brath ar na sagairt a bhfuil Gaedhilg aca ar fud na tíre agus ar
na sagairt a bhFuil suim aca i Seanchas na h-Éireann. Acht támuid
ag brath go mór-mhór ar na sagairt óga. Bíonn sagairt óga ag
teacht amach as Maigh Nuadhat ó bhliain go bliain. Is amhlaidh a
cheanglochaidh an Cumann seo iad-san le chéile le h-aghaidh obair na
Gaedhilge. Bíonn dúthracht i n-a gcroidhe agus treise i n-a láimh aca
i Maigh Nuadhat. Bíonn sin, a fhad is bhíos siad ins an Choláiste is
Gaedhealaighe i n-Éirinn. Acht ní laige go scaipeadh. Có luath agus
a thoisigheas siad ag obair ins na ceanntair ghallda agus ins na
h-áiteacha nach bhfuil mórán suime ag na daoine ins an nGhaedhilg, is é


L. 10


Éire i bpáirt Éire ar lár aca é. Bíonn gach éinne aca ag déanamh a
dhíchill bhig i n-a chúinne bheag fhéin ar feadh tamaill. Acht nuair atchidh
sé a mbíonn de chonstaicí i n-a choinne, is baoghal dó dul i n-éadóchas
ar fad. Bíonn sé ag cailleadh misnigh i ndiaidh a chéile, nuair bhíos sé
dall ar caidé a bhíos ar siubhal ins na h-áiteacha i bhfad uaidh. Bíonn
na sreanga teinntrighe briste, mar adéarfá, eadar é fhéin agus na
ceanntair eile. “Tig tuirse ar an tréinfhear fhéin,” nuair a bhíos sé
ag troid i n-a aonfhear agus a náimhde go líonmhar i n-a thimcheall.
Acht má bhíonn cáirde na Gaedhilge dlúthcheangailte le chéile agus ag
cabhrú le chéile, má bíonn siad i n-eagar agus i n-ordú i dtolamh, ní
thiocfaidh tuirse ná mí-dhóchas ortha ins an obair naomhtha atá curtha
rómpa aca. Deanfaidh Cumann na Sagart nGaedhealach an obair seo
a stiúradh agus a spreagadh, agus, le cuidiú Dé, fásfaidh sé agus
borrfaidh sé agus cuirfidh sé a chraobhacha amach ó cheann ceann na
tíre.



SÉAMAS MAC LEANACHÁIN.



CUMANN NA SAGART nGAEDHLACH.



Uachtarán:



An tAthair Rísteard Pléimeann, D.Ph., L. D., Baile-Átha-Cliath.



Leas-Uachtaráin:



An tAthair Seán Ó Míodhcháin, B. D., Caisléan an Bharraigh.



An tAthair Pól Bréathnach, M. A., Coláiste Mhuighe Nuadhat.



An tAthair Cathaoir Ó Braonáin, Baile Chaisleáin Bhéarra, Beanntraighe.



An tAthair Seán Mac Seáin, Coláiste Cholmcille, Doire.



Cisteoir:



An tAthair Mártan Ó Riain, B. D., Cambhuailín, Co. Loch gCarmain.



Rúnaire (Sealadach):



An tAthair Uaitéir Mac Domhnaill, 13 Dalymount, Glas Mochonóg Nua,
Baile Átha Cliath.


L. 11


REACHTA AGUS RIAGHLACHA.



1 — Cumann na Sagairt nGaedhlach a béas mar ainm ar an Chumann
seo.



2 — Tá an Cumann seo curtha ar bun le h-aghaidh Gaedhilg a chur i
n-úsáid arís ins na toighthe pobuil mar a bhí fad ó agus i ngach
nidh a bhaineas leis an Chreideamh agus le Seirbhís Dé, agus fós
chun litiridheacht spioradálta as Gaedhilg d'fhoillsiú.



3 — Dhá shaghas comhdhalta a bhéas ins an Chumann seo: 1. Sagairt atá
i n-ann cheana féin gnó an Chreidimh a dheanamh tré Ghaedhilg;
2. Sagairt atá toilteannach cabhrú, pé slighe is féidir leo, le
h-obair an Chumainn. Ar an chéad dream díobh seo bhéas riaghlú
an Chumainn.



4 — Béidh cúig scillinge ins an bhliain le h-íoc ag gach comhdhalta.
Beidh cead ag Cumann gach fairche leath an airgid a choinneáil
aca fhéin.



5 — Seo iad na h-Oifigigh a bhéas ar an Chumann: Uachtarán, ceathrar
leas-Uachtarán, mar atá, sagart as gach cúige, Rúnaidhe, agus
Cisteóir.



6 — Béidh sagart as gach fairche agus sagart as gach ord riaghalta
agus fósta ceathrar sagart as Coláiste Mhaighe Nuadhat agus
ceathrar sagart as Baile-Átha-Cliath ar an Choiste. Béidh cead
ag an Choiste seisear sagart eile a chomh-thoghadh.



7 — Toghfar na h-Oifigigh agus an Coiste gach bliain ag an ghnáth-
chruinniú bhliantamhail.



8 — Tá sé de dhualgas ar an Rúnaidhe an Coiste a thabhairt le chéile
agus cúnntas ar gach cruinniú a scríobhadh síos go beacht.



9 — Tá sé de dhualgas ar an Chisteoir cúnntas cruinn i dtaoibh an
airgid a choimhéad agus síntiús bliantamhail na gcomhdhaltaí a
ghlacadh.



10 — Ní féidir do'n Choiste leanamhaint d' obair an Choiste muna
mbíonn cúigear ball, ar a luighead, i láthair.


L. 12


SOÍSCEUL [SEARMHÓIN].



[Soísceul é seo thug an Dochtúir ó Síothcháin uaidh i séipeul tuaithe. Do bhí na fógraí seo
le crael aige an cheud uair: — 1. Iarraimíd ar an Tighearna suaimhneas síorruidhe
& radharc na bhFlaitheas do thabhairt do anam bhocht, prugadóireacht an domhain go
léir, & go ro-speisíalta dár ngaolta & dár muintir féin. 2. Cuirim fa ghuidhe
an phobail A. ó B., á dh'iarraidh ar Dhia pé grásta 'chífidh sé dhe riachtanas air a
thabhairt dó.*]



“Teach úrnaighthe is eadh mo theachsa.” — Lúc 19, 46.



Dá chneastacht do bhí an Slánuightheóir do bhí dhá ní do chuir
fearg air .i. cruadhacht croidhe agus easonóir do
theampall Dé — cruadhacht croidhe na bhFairisíneach,
cruadhacht lucht stiúirighthe na nGiúdach, do bhíodh ag
scrúdughadh dlighe Dé thar ceal agus ag cur an-
iomarcaidh oibliogáidí ar na daoinibh; easonóir do
theampall Dé: tabharfad fúndaimeud leis an gcaint sin: do bhíodh
daoine ag stad i bpóirse an teampaill ag sannseáil airgid agus ag
díol earraidhe, ag díol colbhur, caorach, agus beathaidheach le
haoinneach a mbeadh fonn air iad d'ofráil do Dhia do réir nós an
tsean-reachta. Bíodh gur le haghaidh gnótha an teampaill do bhí an
deighleáil seo ar siubhal, níor thaithnigh sé le Críost go mbeifidhe ag
díol agus ag ceannach i gcomh-chlos do na daoinibh do bheadh ar
urnaighthibh istig. An lá so do-chonnaic sé iad, do las sé le feirg.
Do leag sé na búird. Do scaip sé an t-airgead agus do chuir sé an
ruagaint ar a raibh de dhíoltóiríbh agus de mhangairíbh ins an phóirse.
É sin do bhíodh chomh cneasta, chomh grádhmhar 's go mbíodh na páistí ag
rioth go dtí é chum go leagfadh sé a lámh ar a gceann, do bhí a mhalairt
de dheallradh air an lá sin. Do bhí an teine ag rioth as a shúilibh, agus
a phearsa chomh dubh leis an tóirneach agus adubhairt sé na focail:
“Teach úrnaighthe mo theach-sa, agus atá cuais bhitheamhnach deunta
agaibh-se dhe.”



Agus an bhfuil sibh-se saor ó pheacadh i dtaobh urraim do thabhairt
do thigh Dé? An teach úrnaighthe dhéineann sibh-se den séipeul so, den
teampall so, nó teach muintire agus teach margaidh? Badh fhéidir
gur mar seo bhíonn an cúrsa agaibh annso le linn an Aifrinn: páistí


L. 13


ag piadóireacht agus ag imirt ar a chéile agus gan aoinneach ag á
smachtugadh; daoine óga ag siosún agus ag cogar agus ag beideán
agus ag feuchaint ar eudaighe a chéile; agus a thuilleadh agaibh agus
bhúr leabhar fa n-bhúr súile agaibh nó an paidirín in bhúr láimh agus bhúr
n-aigne in imigcéin, ag cuimhneamh ar ghnótha an bhaile agus an
mhargaidh agus ar chúrsaíbh an tsaoghail, ar an gcaitheamh aimsire do
bheidh agaib i rioth na seachtmhaine seo chughainn nó ar an obair bheidh le
deunamh agaibh; seacht míle rud ag tabhairt cúraim díbh, agus an
t-aon rud amháin thug annso sibh gan deunamh. Marnaigh ar an té
raghadh go dtí an mbaile mór fá dhéin earraidh agus do chasfadh gan é;
marnaigh ar an té thiochfadh annso chum an Tighearna d'adhradh agus
d'agallamh agus d'imtheóchadh abhaile gan labhairt leis; marnaigh ar an
té thiocfadh annso ar mhaithe le n-a anam bocht, agus, in áit aon mhaith
do dheunamh dhó, é do bheith in a ghabha ag an diabhal ag deunamh
slabhraidh dhó. Badh ghráin libh, badh thruagh libh, badh phudhair libh salachar
tighe na mba d'fheicsin ar fuaid na háite naomhtha so agus nach é an
sceimhleadh go mbeadh aoinneach agaibh ag cur salachair ann atá níos
seacht measa, níos seacht ngráinne ioná é? Is measa seacht n-uaire
an salachar spioraideálta ioná an salachar corpordha. Is measa
seacht n-uaire i láthair Dé smuainte díomhaoine peacamhla ioná a
bhfuil de mhúnlach ins an dúthaigh.



Léightear is na Scrioptúiríbh go raibh Dábhaidh Rí agus a mhuintir
fa luathgháir mhor ag aistriughadh Airc Dé ón áit a raibh sé go dtí áit
éigin eile níos oireamhnaighe. Ba é rud é an t-Arc so ná cófra
beannaighthe, órnáideach a raibh dhá leac na ndeich n-aitheanta ann agus
seóda eile do bhain le sean-chreideamh na nGiúdach, agus níor
cheadaighthe do aoinneach a lámh do leagaint ar an gcófra sin acht
amháin an dream do cheapadh le n-a aghaidh. An lá so tháinig stailc
ar na beathaidheachaibh do bhí ag á tharraint, agus do bhí sé ag luascadh
agus i gconntabhairt tuitim. Do bhí fear ag siubhal le n-a ais ná
raibh cead aige baint leis. Do leag sé a lámh air chum é do chomhad
gan tuitim. Má leag, do bhuaileadh ar an áit sin é. Do stad an
luathgháir agus d'imthigh an Rí agus a mhuintir abhaile agus scannradh
orra. Is beag do shíl an truaghán bocht sin go raibh sé ag deunamh na
díoghbhála. Ní le droch-aigne do-righne sé é acht le huireasbaidh
cuimhne, acht do theastaigh ó Dhia a chur in a luighe go daingean ar an
bpobal le soluídíbh móra ná raibh aon easonóir le tabhairt d'á dhlighe.
Agus an dóigh libh gur lugha air a dhlighe anois ioná fad'ó? An dóigh
libh ná fuil sé in iúl ar a dhlighe do chosaint níos mó, nó an dóigh libh
gur chuaidh aon ghiorrúchan ar a láimh? Níor chuaid. Is uaisle agus is
tairbhighe de dhlighe agus de theampall thug sé dhíbhse ioná do na
Giúdachaibh, agus beidh a bhreath do réir a thabharthaistí.



Tugaidh urraim don tigh naomhtha so, mar is ann atá cabhair na
mbeó. Cuimhnígidh gur annso do-righneadh leanbhaí Dé díbh i dtobar


L. 14


an bhaistighe; gur annso níghtear na peacaí de n-bhúr n-anam i
sácramaint na háithrighe; gur annso do ghlac urmhór agaibh sácramaint
an phósta, agus gur as do-chuadhbhar i mbun tighis le beannacht na
heaglaise; cuimhnígidh gur annso ar an altóir seo thagann Críost
féin, Mac Dé, anuas ó na flaitheasaibh chum biadh bhur n-anama do
thabhairt díbh chum an lón déidheanach d'ullmhughadh dhíbh ar n-imtheacht
díbh ón saoghal so. Feuchaigidh ar pheictiúiríb a pháise atá thart
thimcheall ar na fallaíbh, ón uair do dhaoradh chum báis é gur shíneadh
ins an uaigh é agus a bhanaltra ag á chaoineadh.



Tugaidh urraim don tigh naomhtha so, mar is ann atá cabhair na
marbh. Cuimhnígidh go bhfuil bhúr sinsear, bhúr gclann, agus bhúr
muintir ins an reilg seo lea's'mu', go bhfuil siad ag feuchaint oraibh
agus ag éisteacht libh agus ag brath ar chabhair uaibh, ag brath ar chuid
de thairbe an Aifrinn. Cuimhnígidh gur gairid go mbeid sibh féin ag
dul síos in a bhfochair, agus go mbeid sibh-se mar an gceudna ag brath
ar an líne thiocfaidh in bhúr ndiaidh agus ag fuireach le fuascailt ar
bhúr mbreath.



Tugaidh urraim don tigh naomhtha so, mar thug Dia féin urraim dó.
I súilibh daoine níl ins an séipeul beag tuaithe seo acht bothán bocht
acht i súilibh Dé is uaisle é ioná aon phálás dá áilneacht ar thalamh an
domhain, mar atá a bheannacht ar gach aon ordlach de. Ón uair do
bhriseadh an bán ar an gcnoc so chum séipeul do dheunamh ann gur
chuaidh an tslinn dheiridh ar a cheann, ón uair do bhuaileadh an rámhan
ins an chré an cheud uair annso gur chuireadh an liaghan agus an casúr
i leath taoibh, do bhí lámh Dé leis an obair. Do chomhairigh sé thairis
agus do bheannuigh sé gach cloch agus gach spíce do-chuaidh ann. Is
cuma cia aca naomhtha nó peacamhail na fir do bhí ag á dheunamh. Ní
raibh ionnta ar fad acht úirlisí Dé. Is é do bhí ag obair tré shúile
agus lámha na saor, ag deunamh a thighe féin, ag socrughadh a altóra
féin, ag córughadh a theinteáin féin chum teine a ghrádha do chur ar
lasadh air. — Mar sin, ar bhúr son féin agus ar son bhúr marbh, ar son
na mbeó agus ar son na marbh go léir agus ar son Dé, tugaidh urraim
don tigh naomhtha so le deaghiomchur agus le fíor-dhíobhóideacht croidhe
agus aigne. Ámen.



NOTES: Marnaigh = machtnaig: gur lugha air a dhlighe, “that He thinks less of His law”:
solúid, a marvellous example; tabhartanas = tabhartas; an tslinn dheiridh,
“the last slate”; liaghan, “a trowel”; láimh Dé leis an obair (a more accurate
phrase than ins an obair, since the latter does not necessarily imply assistance).


L. 15


DUAN AN tSLÁNUIGHTHEÓRA.



I.



Mo ghrádh-sa, mo Dhia, mo ghár-da, mo
biaigh, Mo ghrádh gheal mo thighearna tróchair-
each, Mo ghrádh mhilis Críost & grádham uile a chroidhe, Mo
ghrádh ar fad tu, Rígh na glóire.
Mo ghrádh-sa do shúil, mo ghrádh-sa do
shiúbhal, Mo ghrádh-sa do chlú is do chómhachta, Mo ghrádh thu le fonn cé táim bun is cionn, 'Sníor
dearnadh mo chuma do comairle.



II.



Mo ghrádh-sa do naoimh, a n-áilneacht sa ngníomh,
Mo ghráid bearta 's baois na hóige,
Mo ghrádh-sa do dhlíghe, a breaghthacht, 'sa brígh,
Mo ghrádh-sa fé thrí do shompla.
Ar bhéarnas dod' riaghail, le scláibhtheacht, an diabhail,
D'fhág sin gan chíall mé, a stóir ghil,
A mháighistir na gcléir, go rábach do ríar
Ó slánuigh a Dhia mo mhor-luit.



III.



Mo ghrádh-sa go léir do ráidhte 's do réir,
Is do mháthair, mo réilteann eoluis,
Bainríoghan na n-aingeal, bainríoghan na n-apstal,
Bainríoghan na bhflaitheas n-órdha,
Bainríoghan an tsonuis, bainríoghan an tsoluis.
Bainríoghan na gcros, na gcróineach,
Bainríoghan na ngrás i n-am sceimhle an bháis,
Mo chrann dín 'smo ghrádh-sa an ógh ghlan.



IV.



Mo ghrádh thú a Athair neamhdha na n-aingeal,
A bhlaith-ghlain na bhflaith 'sa n-aoibhneas,
Mo ghrádh-sa do leaca, áluinn gan aitheis,
D'aithrigh do cheart le caoineas.
Mo ghrádh-sa do theagasc t' árus is t' aithris,
Mo ghradh-sa gach acht dod' dhlíghe-se,
Mo ghrádh-sa gach aga cráibhtheach do chaithim,
Ad ghrádh 'gus ad ghairm, Íosa.


L. 16


AN CEACHT DEIREANNACH. (1)



SGÉAL A D'INNIS ALSASANACH ÓG.



An mhaidin áirithe seo bhíos an-mhall ag gabháil 'un na sgoile
damh, agus bhí eagla mhór orm roimh sgallóireacht ghéar
ón mhaighistir, mar dubhairt M. Hamel linn go gceist-
neochadh sé sinn fa ghramadaigh an ainm bhriathardha, agus
ní raibh focal amháin foghlumtha agam. Tháinig smaointiú
in mo chionn ar feadh bomaite éalódh ón sgoil agus
imtheacht trasna na bpáirceann.



Lá breagh te a bhí ann gan néal gan sgamal sa spéir.



Bhí na loin ag cantain a gcuid ceoil fa imeal na coilleadh,
agus i nGort Rippeirt, ar chúl mhuileann na dtoireasg, bhí na Gear-
mánaigh ag drileáil. Ba mhó go mór a thaitin na rudaí seo go huile
liom 'ná riaghlacha an ainm bhriathardha; ach bhí de bhrígh ionnam na
cathuighthe a chur i leath-taoibh, agus thugas m'aghaidh ar an sgoil faoi
shodar.



Ag gabháil thar halla na cathrach damh thugas fa deara sgaifte
mór ina seasamh os chomair chlár na bhfuagartha. Le dhá bhliadhain anois
b'ar an chlár sin atchíodh sinn gach droch-sgéala a bhí ag gabháil, na catha
cailleadh, na garmanna, na horduighthe thigeadh óna huachtaráin; agus
arsa mise liom fhéin agus mé ar mo shiubhal:



“Goidé seo anois?”



Le sin, agus mé ag gabháil trasna na háite in mo rith, sgairt an
gabha Wachter liom, a bhí i gcuideachta a phríntísigh ag toiseach ar an
fhuagradh a léigheadh:



“Ná bíodh a leithéid de dheifre ort, a ghasúir; béidh tú i n-am go
leor ar an sgoil.”



Mheas mé gur ag magadh fúm a bhí sé, agus rith mé liom agus
m'anál ar bharr mo ghuib agam go ndeachaidh isteach ar shráid na
sgoile.



I dtús ceachta i gcomhnuidhe bhíodh gleo agus callán mór sa sgoil
eadar fosgladh agus druidim leabhar-chláracha, ag léigeadh os árd le
chéile agus a méara ina gcluasa aca ar dhóigh go mb'fhearr a thuigfeadh
siad é, agus annsin slat mhór an mhaighistir a bhuailtí anois agus arís
ar an tábla.



“Beagán ciúinis annsin!”



(1) Tionntódh as an Fhraincis ar La Dernière Classe a sgríobh Alphonse Daudet.


L. 17


Mheasas gurab amhladh sin bhéadh an mhaidin seo fosta agus go
bhféadfainn éalódh isteach gan m' fheiceáil; ach ina ionad sin bhí
ciúineas mar bhéadh ann Dia Domhnaigh san áit. Thríd fhuinneoig
fhosgailte thugas fa
deara mo chomráduidhthe
ina suidhe ina n-áit, agus
an maighistir agus é ag
siubhal anonn is anall
agus a shlat mhillteanach
faoi n-a asgaill aige.
Chaithfinn an doras a
fhosgladh agus buaileadh
isteach sa mhór-chiúineas
seo. Las me go dtí an
dá chluais agus tháinig
eagla an domhain orm.



Ach ní mar shíltear a
bhíthear. Dhearc an mai-
ghistir orm gan bagairt
gan fearg ina agaidh
agus labhair go mín milis
liom:



“Déan deifre 'un
d'áite, a Fhrancaigh bhig;
bhíomar ag gabháil a thoi-
seach gan thú.”



Léim mé thar a
tsuidheachán agus shuidh
síos ag mo leabhar-chlár.
Nuair a fuair mé mé fhéin
socair agus beagán den eagla imthiththe uaim, thug mé fa deara
go raibh a chóta Domhnaigh, a choileár pillte, agus a bhearád síoda
dhuibh ar an mhaighistir, éideadh nach gcaitheadh sé ach lá bhéadh an cigire
sa sgoil, nó lá rannta na nduaiseanna. Ina chuideachta sin bhí rud
éigin iongantach, rud éigin neamh-choitcheannta ag baint leis a rang.
Ach isé is mó a chuir iongantas orm cuid de mhuintir an bhaile a
fheiceáil ina suidhe 'sna suidheacháin cúil i gcionn na sgoile agus iad
comh ciúin linn féin. Bhí Sean-Hauser an bhearáid thrí-bheannaigh ann.
Bhí an sean-mhéire ann. Bhí sean-fhear an phosta ann, agus a lán eile.
Bhí cuma an bhróin agus an bhuadhartha ar an iomlán aca. Bhí an chéad
leabhar — sean-leabhar a raibh imeal caithte stróchta air — le Hauser
agus é fosgailte ar a ghlúinibh aige agus a chuid spéaclóir mór sáithte
ins an leathanach aige.



A fhad is bhí seo ag cur iongantais orm d'éaluigh an maighistir
suas go dtí a chathaoir agur thosuigh a chaint de ghlór mhín mhilis linn, go
díreach mar labhair sé liom-sa ar mo theacht isteach:


L. 18


“A phaisdí, seo í an uair dheireannach a bhéarfas mise caecht daoibh.
Tháinig an t-ordú as Berlin gan dadamh a theagasg feasta annseo ach
an Ghearmánais. Tiocfaidh an maighistir nua i mbárach. Seo an
ceacht deireannach Fraincise a
theagasgfar daoibh. Tá mé aga
iarraidh oraibh éisteacht go cúra-
mach leis.”



Chosgraigh an chaint seo go
mór mé. Á, na bitheamhnaig!
Sin an rud a bhí thuas ar chlár na
bhfuagartha ag halla an bhaile.



Mo cheacht deireannach Frain-
cise!



Agus mise nach bhfuil ar mo
chumas sgríobhadh go ró-mhaith go
fóill! Ní fhoghluimeochad é go
deo anois! Caithfead bheith
sásta le n-a bhfuil agam! Le
sin tháinig fearg orm liom fhéin
mar gheall ar ar chuireas de
m'am sa dul amudha, mar gheall
ar ar chailleas de cheachtaibh ag
cuartú neadracha nó ag
sleamhnú ar an Saar. Na
leabhair nár lugha orm an donas
'ná iad, a bhí trom le hiomchar
bomaite roimhe sin, samhluigheadh damh anois gur shean-cháirde iad a
chuirfeadh cian agus cumha orm sgaramhaint leo. I dtaoibh an mhaighistir,
nuair a smaointigh mé go raibh se ag imtheacht, nach bhfeicfinn go bráth
arís é, rinne mé dearmad glan ar an phionnús chuireadh sé orainn,
agus ar bhuillibh an tslait mhillteanaigh úd.



An fear bocht!



I n-onóir an cheachta dheireannaigh sin chuir sé air a chulaidh Dhomh-
naigh. Thuigeas anois cad chuige an raibh seanóirí an bhaile ina suidhe ar
ar gcúl. An té d'amharcfadh ortha déarfadh sé go raibh brón ortha
nach dtáinig siad 'un na sgoile sin ní ba luaithe. Ach tháinig siad
indiu le buidheachas a thaisbeánadh don mhaighistir ar son an dá fhichead
bliadhain a chuir sé isteach ina measg, agus fosta le slán a fhágáil ag
a dtír a bhí dá bhfágáil.



Ag meabhrú mar seo a bhíos nuair a chuala mé m' ainm dá luadh.
Ba é mo sheal-sa mo cheacht a rádh anois. Goidé nach dtabhairfinn ar
bheith ábalta ar riaghlachaibh an ainm bhriathardha a chanadh go hárd ó thús
go deireadh gan béim gan locht. Ach chuas i n-eabar sa chéad fhocal,
agus bhíos annsin do mo luasgadh fhéin anonn is anall in mo shuidh-
eachán, mo chroidhe trom, agus gan de mheisneach agam mo cheann a
thógáil. Chualas glór an mhaighistir agus é ag rádh:


L. 19


“Níl mé ag gabháil a thabhairt achmhusáin ar bith duit, a Fhrancaigh
bhig, mar is leor liom a bhfuil de phionnús romhat. 'Tchí tú anois goidé
mar atá. Gach lá deir tú leat fhéin: Tá neart ama go fóill agam.
Toiseochad i mbárach. Ach isé donas an sgéil ag muintir ar n-Alsaise
bheith ag cur a gcuid léighinn de shíor ar ath-lá. Thig leis na coimhthighigh
seo anois a rádh linn go bhfuilmid ag cur i gcéill gur Francaigh sinn
agus gan ar ar gcumas teanga na Fraince a labhairt ná a sgríobhadh.
Ach ní tusa, a thaisge, is mó is ciontach le sin. Tá a chuid fhéin den
locht ar gach duine againn.



Níor chuir bhar n-aithreacha agus bhar máithreacha suim go leor i
n-oideachas a thabhairt daoibh. B' fhearr leo sibh a chur i gcionn oibre
amuigh i ngort nó i muiltibh sníomha de gheall ar chúpla leith-phighinn sa
bhreis a bheith acu. Agus nach bhfuil locht ar bith orm fhéin? Nach mion
minic a chuir me sibh a chur uisge ar mo gharrdhadh i n-áit sibh a choin-
neáil i gcionn bhar gcuid leabhar? Agus nuair badh mhian liom dul
a dh' iasgaireacht breac, an mbíodh sgrubal ar bith orm fa lá saoire a
thabhairt daoibh?



Ó bheagán go mórán, leig sé dó fhéin labhairt ar theangaidh
na Fraince, 'gha rádh gurbh' í cruithneacht theangthacha an domhain í,
gurbh' í ba shoiléire, gurbh' í b'éifeachtaighe ortha; go gcaithfidhe
dícheall a dhéanamh ar a coinneáil beo inar measg, agus gan
dearmad a dhéanamh uirthi go lá na cruinne; ‘ná,’ ar seisean,
‘nuair a thuiteas tír faoi chuing na daoirse, tá eochair a príosúin aici
a fhad is choinnigheas sí beo a teanga.' Annsin rug sé ar leabhar
gramadaighe agus léigh ceacht dúinn. Bhí iongantas orm comh maith is
thuigeas é. Samhluigheadh damh go raibh gach ní dá ndubhairt sé soiléir
simplidhe. Mheasas mar a gcéadna nár thuigeas é ní b'fhearr ariamh,
agus nár ghlac sé oiread de shaothar le mo linn leis an mhíniú. Go
deimhin déarfá gur mhian leis a raibh d'eolas aige a chur isteach inar
gcionn le haon iarracht amháin.



Nuair a bhí sin thart, thoisigheamar ar an sgríobhadh. Bhí somplaí
nua sgríobhtha ag M. Hamel fa n-ar gcoinne indiu: France, Alsace,
France, Alsace i leitreacha móra cruinne. Ba chosamhail le brait
bheaga ag foluamhain le gaoith os cionn an ranga na focla seo. Dá
bhfeicfeá mar chuaidh cách i gcionn oibre! A leithéid de chiúineas! Ní
raibh a dhath le cluinstin ach sgríobadh na bpeann ar páipeár. Tháinig
cuileoga isteach ar feadh bomaite, ach ní thug aonduine fa deara iad,
mar bhí na naoidheanáin fhéin ag iarraidh bheith ag sgríobhadh ar a
ndícheall comh maith is dá mbadh Fraincis bheith ag déanamh stríocacha.
Ar mhullach na sgoile bhí na coluim ag goirm go híseal, agus ar n-a
gcluinstin damh dubhras liom fhéin:



“An gcaithfidh sibh-se fosta cantain i nGearmánais feasta?”



Am ar am thógainn mo shúil den pháipeár agus 'tchínn M. Hamel
ina shuidhe, gan bogadh ná corrú ann, ina chathaoir agus a shúile saithte
ina raibh ina thimcheall, mar dhuine ar mhian leis a árus beag sgoile


L. 20


go huile a iomchar leis ina intinn. Ar feadh dhá fhichead bliadhain shuidh
sé annsin san áit chéadna, a shráid bheag os a chomhair amach, agus a
rang mar a gcéadna. Tháinig athrú dar ndóigh ar na rudaí bhí ina
thimcheall le linn an ama sin: tháinig lainnear, tré mhéid na húsáide
baineadh asta, ar na suidheacháin, d'fhás na crainn darach taobh amuigh
den sgoil, agus bhí an t-eidhean, a chuir sé fhéin, anois timcheall na
bhfuinneog suas go mullach an toighe. Nárbh' é an briseadh croidhe ag an
duine bhocht iomlán seo a fhágáil. San am chéadna bhí a dheirbhshiúr le
cluinstin aige anonn is anall sa tseomra a bhí faoi ag pacáil fa
choinne na maidne le haghaidh imtheacht as an tír go deo.



Ach mar sin fhéin bhí uchtach agus meisneach aige leanamhaint den
obair go deireadh. I ndiaidh na sgríbhneorachta tharranig sé air an
seanchus. Chuaidh na naoidheanáin annsin a léigheadh a gceachta.
BA, BE, BI, BO, BU a bport agus iad 'gha rádh le chéile. Chuir Sean-
Hauser air a chuid spéaclóir agus chan na leitreacha ina gcuideachta
agus a chéad leabhar ar a ghlúinibh aige. Ba léir go raibh seisean
fosta ar a dhícheall, oir bhí crith ina ghlór, agus mura mbéadh agat ach
aon gháire amháin, gheanfá faoi é, bhí cuma comh greannmhar sin air.
Agus san am chéadna thiocfadh na deora in do shúilibh le truaighe dó.
Á! is mé a choinneochas cuimhne as an cheacht dheireannach sin!



Le sin bhuail clog na
heaglaise buille an dó
déag, agus chuamar i
gcionn Fáilte an Aingil.
Ar an bhomaite céadna sin
cluineadh buabhaill na
nGearmánach ag tilleadh
ón drileáil dóibh. D'éirigh
an maighistir, é bán, agus
cuma na háilne air.



‘A cháirde,' ar sé. A
cháirde, ba… ba…”



Bhí rud 'éigin 'gha thachtadh.
Ní raibh ar a chumas an
abairt a chríochnú.



Thionntuigh sé ar an chlár
dubh, rug ar ghiota cailce,
agus, ag cur fuinneamh a
chuirp leis, sgríobh i leit-
reacha móra so-léighte:
Vive la France.



D'fhan sé mar a raibh sé
annsin agus a cheann le
taca an bhalla aige agus



gan focal eile a rádh rinne sé comhartha le n-a láimh dúinn imtheacht,
go raibh deireadh thart.



SÉAMUS Ó SEARCAIGH.


L. 21


MARBH-CHAOINE.



Fuaireas an marbh-chaoine seo thíos i gceann de leabhraibh an
Dochtúra Ó hIceadha — go ndéana Dia trócaire ar a anam. I sean-
sgríbhinn do bhí sé & bhí an tsean-sgríbhinn i gcóip den Lucerna Fidelium
a bhí ag díoltóir leabhar i mBaile Átha Cliath — Éamonn Ó Másaigh —
timcheall bliadhain ó shoin. Thug an fear sin cead dam an dán
d'aithsgríobhadh.



Parróiste i gConndae Port Láirge is eadh Cill Rosanta. Deir
an tAthair Paor go raibh trí dearbhráithreacha n-a sagairt parróiste
ann i ndiaidh a chéile, Seán Ó Maonaigh 1808-1819, Donnchadh Ó
Maonaigh 1819-1831, & Pádraig Ó Maonaigh 1831-1836. Ar an chéad
cheann díobh so do cumadh an marbh-chaoine & deirtear ná raibh ag an
ughdar acht naoi mbliadhna déag d'aois. Tá tagairt san dán don
Easbog Paor. Bhí sé sin n-a Easbog i bPort Láirge ón bhliadhain 1804
go dtí an bhliadhain 1816.



PÓL BREATHNACH.



MARBH-CHAOINE AN ATHAR SEÁIN UÍ MHAONAIGH
Ó CHILL ROSANTA.



Anna Ní Chadhalaigh cct.



An uair thángasa féin araoir go dtí d'gheata
Do shaoileas gur cruinneáil do bhí ar bhráithribh 's ar shagairt
Nó suidheachán meadharach mar bhíodh roimhe-si ar na heasboig
Ní mar sin a bhí acht an ríghfhear marbh
A phobal go buartha ag bualadh a mbasa
Éirghidh suas go luath ad sheasamh
Ar an altóir is tabhair dóibh do theagasg
Is ná fág na parráistí go bráth fá sgamal



Mo chreach fhada & m'fhadtuirse géarghuirt
Is fear ded shórt ba chóir a dh'éileamh
Fear gan suim ann saidhbhreas saoghalta
Fear nár chuir reachtas le ceannas dá aoghaireacht
Chuir do stór i gcomhad chum an Aonmhic
A dhíoladh an comhar leat gach ceann féile
Is fearr do mhalairt ná aiteas an tsaoghail si
Agus más cruadhing dhuit-si is truagh na céadta


L. 22


Mo chreach bhrónach is mo chumhaidh lem ré thu
An uair thagthá isteach i measg do thréadta
Nó ar an altóir ba gheall le naomh thu
Nó le cocán a bheadh ar chnocán lá gréine
Dá mbeadh agam foghlaim meabhair ná éirim
Acht már a chuir tu mo smaointe tré n-a chéile
Chloisfeadh an pobal go molfainn do thréithe
Is ní léigfinn aon chlár go bráth ar t'éadan



M' ochlán bhróin is sgólta an sgéal liom
Fear do chlódh bheith go deóigh am éagmais
Fear breagh ciallmhar diadha déirceach
Tug an bárr leat as colláistí na hÉireann
Ó Phortláirge an chalaidh mar ar taisgeadh árd-léigheann díbh
Is ó Mhaigh Nuadhat mar ar thug tu an cúrsa déidheanach
Go dtánga tu a bhaile chughainn id shagart bhreagh léigheanta
Ag glacadh coirp Chríost id chrobh mhín ghléigeal
Ba thusa an t-ughdar nár dhiúltaigh id shaoghal do
A dhochtúir diadhachta díth mo chléibh tu



A ghéig bhreagh mheadharach de mhuinntir Maonaigh
Mo chreach dheacrach is m'fhadtuirse nimhe thu
Is aguinn a bhiadh do cháil go bráth le cur síos duit
Mar is tu an fear do sgaipeadh go fairsing na fíonta
An fear a dh'ólfadh i gcóta Chríost iad
Fear ná géillfeadh go baoth dá naoimhde
Mar ba uasal ó thuaith is ó thír tu
Is ba bhocht an cás fear ded cháil a bheith gan chaoine



Mo mhíle mairg is mo dhainid lem ré thu
Táid na sagairt óga so go dóighte ar gach taobh díot
A gceann crom sa mbanndaoi dá raobadh
Mar ba thusa an t-athair thugadh teagasg go léir dóibh
A n-aon-oide múinte & ughdar na céille
Do mhúinfeadh ceannsacht i dteampall Dé dhóibh
Tá mo shúil si leis an úr-mhac gléigeal
Má leanaid siad feasta dá thréibh
Go mbia Dia is na daoine choidhche baodhach díobh


L. 23


A dheigh-fhir chumhra mo chumhaidh is mo léan tu
Cuirim ceist ort & dein-si a réidhteach
Cia aca ded mhuinntir a dtug tu an oighreacht go léir do
Go deimhin ní saidhbhreas saoghalta is méin liom
Acht an fhoighne an mhillseacht & an daonnacht
An chiall chinn bhí ag deigh-fhear an réidhtigh
An comhrádh socair ná raibh borb ná taodach
Má sé an t-athair Pádruig is feáirrde é féin sin
Mar is agat do bhí an mheabhair & togha na céille
Is gur bearna leagag ar eaglais Dé thu



Tá a fhios agam is ní gá gur baoghal dom
An uair a bhí t'anam álainn ag fágáil an tsaoghail si
Go raibh gárda aingeal is apstal dá aoghaireacht
Naomh Pádraig a bheannuig oileán na hÉireann
Naomh Seán álainn ór glaodhadh thu
Naomh Peadar a mb' fhada do sgéal air
Naomh Pól a mbíodh do dhóchus go léir as
Agus Brighid bheannuighthe a mbiodh a beatha dá léigheamh dhúinn



Anois i dteacht na Samhna is do chionn na féile
Is go mbeid naoimh an domhain i gcabhair dá chéile
Bhíodh soisgéal breagh aguinn do bhárr an lae sin
Thuigfeadh an t-aos óg is an té bheadh aosta
An dall cíordhubh ná sgríobhfadh is ná léighfeadh
A thagadh aníos ó íochtar na h Éireann
Na soighdiúirí thagadh ós na cathannaibh tréana
Ag an Athair Seán a bhíodh a gcás a réidhteach
Mar a chuireadh sé an baiste orra chum a n-anma shaoradh
Thugadh sé suas iad go buan don aon-Mhac
Mo chumhaidh nimhe greaduighthe is easnamh na gcéadta
Aon atharach sagairt ina sheasamh in t'éide



Cuirim-si ort cúram is ná diúltaigh me ar aon chor
Acht go rachaid na ceinn-si ag caint le chéile
Is go rachair-si a gcaraid leis na heasbolaibh naomhtha
Go nguidhfidh sibh go grádhmhar i bpáirt a chéile
Chum a shláinte chasadh ar cheann an réidhtig
Ar an Athair Donnchadh an soilbh-fhear tréitheach
Mar b' úghdar ceannsa bhí i dteampoll Dé é
Ná leig an imirt ar chinn fine shliocht Mhaonaigh
Is ná bain a gcaint ded bhuidhean ar aon chor


L. 24


Mo chreach monuar is truagh me it éagmais
Ceistim tú is ná diúltaig m'éisteacht
An bhfacaidh tu gach n-aoin den tsinnsear ór glaodhag tu
An tAthair Seán óg 's an tAthair Seán aosta
Is Easbog Paorach a rug bárr ón saoghal leis
Fear breágh suairc bhí i dTrágh-Mhóir lá éigin
O goidé an t-áthus a bheith ag trácht ar a dtréithe
Acht dá mbeidís n-a seasamh ar mhachaire an lae si
Bheadh léigh gan díol ort go luighe na gréine



Le teacht lae fheil Brighde bia críoch ar ár sgéalta
Bia an loghadh ar gcúl is ar bprionnsa traochta
A mbíodh sagairt is bráithre dá n-áiriomh taobh ris
Pobal ag gluaiseacht ag baint uanach dá chéile
Chum faoisidín fada ar a mbeatha do dhéanadh
O's tu thóigfeadh na sgamail sin d'anam gach aoinne
Agus thabharfadh teagasg ar bheatha na naomh dóibh
Beannacht an Athar an Mhic 's an Spioraid Naomh leat
Beannacht na n-easbog 's na sagart go léir leat
Beannacht an phobail 's mo bheannacht sa féin leat


L. 25


GLAODHACH OLA.



Is é cúram na n-othar an dualgas is truime a luighean ar anam
an tsagairt. Ní fhuil aon uair is mó is gádh do dhuine an sagart ná
ar theacht an bháis dó. Dá bhrigh sin, ar theacht teachtaire an bháis, ní
foláir do'n tsagart brostughadh chun tighe an duine bhreoite chun é
d'ollamhughadh i gcóir an bhothair fhada ná fuil aon fhilleadh as. Ní
fhuil aon nidh a thaithnean le muintir na tuaithe leath chómh maith i sagart
ná a fhonnmhaire chun teacht gan mhoill chun taoibhe leabthan agus a
chneastacht agus a bhogchroidheacht d'á ngaoltaibh i riochtaibh an bháis. Dá
thuirsighe an sagart, dá dhoircheacht an oidhche, dá fhaid an tslighe, dá
dhéine an aimsir, ní fhuil aon tslighe as ag an sagart ar theacht
ghlaodhaigh ola dó ach gluaiseacht láithreach chomh maith is dá mbé Dia
féin a bheadh ag glaodhach air. Is mar sin amháin do bheidh sásamh aigne
aige féin, do bheidh iontaoibh ag na paróisteánaigh as, do thuillfidh sé a
ndeagh-thoil, do choimeádfaidh sé an creideamh beo aibig n'a gcroidhthibh.



Ar dhul isteach i dtig an ghlaodhaigh do'n tsagart beannuighean
sé a bhfuil 'sa tig: Labhran sé go séimh cneasta leo: fiafruighean sé
dhíobh conus atá an duine breoite mar is maith leo focal comhbróin
do chlos o'n sagart in'a ndólás. Sar a dtosnuighean sé ar fhaoisdin
an othair d'éisteacht, ba mhaith an rud é, má bhíonn sé d'uain aige,
cainnt bheag a dhéanamh leis: tugan an muínteardhas so misneach
agus suaimhneas aigne do'n duine bhocht, go mor-mhór do'n aos óg. Is
beag an tsuim a chuirean seandaoine na duthaighe ins an mbás
“Mhaise, athair,” adeireadh sean-bhean, “tá mo shaoghal caithte agam:
ní fhuil aon mhaitheas ionnam dom féin ná d'aoinne eile.” Ach ní mar
sin do'n ogánach: is mór an t-eagla atá air roimh an mbás agus is ar
an sagart atá é do sholásughadh gan tagairt do'n bhás ná do'n
bhreitheamhnas má's ar deigh-mhéinn dó.



Sid iad na rudaí ba cheart a bheith ollamh i seómra na breoi-
teachta i gcóir an tsagairt: bórd beag clúduighthe le lín-éadach:
coinneal bheannuighthe nú dhó ar lasadh ar an mbórd: uisge coisrigthe
agus crothadóir — dhéanfadh cleite an gnó — túáille i gcóir glactha
na Naom-Chomaoíne, braon fíor-uisge i gcupán in a nighfeadh an
sagart a mhéireanna taréis an Naomh-Chorp do láimhseáil dó, olann
nú cadás chun na h-ola beannuighthe do thiormughadh taréis a churtha ar


L. 26


an othar le linn na bhfocal órduighthe a rádh dó: “Tréd an úngadh
naomhtha so agus tré n-a thrócaire ro-dhiadha féin go maithfidh Dia dhuit
ar pheacaidhis tré radharc…” Is gnathach, leis, gráinne salainn a
bheith ann — deintear usáid de shalann i gcoisreachadh uisge ach cé go
mbíonn buidéal uisge coisrighthe in gach tig, leantar den tsean-nós
agus fágtar an salann ann ollamh i gcás go mbfhéidir go mbéadh
gádh ag an sagart leis.



Sar a gcroman an Sagart ar an othar d'úngadh léighean sé os
árd paidreacha áilne bríoghmhara ghá iarraidh ar Dhia a bheannacht do
chur ar a bhfuil 'sa tig agus a aingeal naomhtha do chur chúcha chun
iad do thabhairt slán ó chomhacht an aidhbheirseóra. Deirtear an
“Admhuighim” agus taréis an asbolóid, deinean an sagart fíoghar
na croise os cionn an othair trí h-uaire ghá ghuidhe neart an diabhail
do mhúchadh san othar tré n'a lámh-chur féin agus tré chabhair na
n-aingeal is na naomh go léir. Annsan cuirean sé a ordóg san ola
agus úngan sé an t-othar le fíoghar na croise ar an dá shúil, ar an dá
chluais, ar dhá thaobh na sróine, ar an mbéal, ar an dá bhais (úngtar
sagart ar dhruim a lámha mar gur úngadh a dhá bhais cheana i
n-órdaibh beannuighthe) agus ar dhá bhonn a chos agus na focail
oireamhnacha dhá rádh aige ins an am chéadna.



Leanan trí paidreacha a dh'iarraidh ar Dhia corp agus anam an othair
do shlánughadh agus do neartughadh. Na ndiaidh sin, tré phríbhléid
spéisialta, tugan an sagart beannughadh an Phápa a bheirean loghadh
iomlán leis. Is beag duine breoite ná deintear atharughadh ar a
aigne agus fós go minic ar a chorp ag glacadh an tSacsaimint
sholásaig seo Naomh Séamus dó; árduighthear tromuidheacht dá aigne,
éirighean nuadh-iontaoibh aigne as Dia. Cé chomhairfidh, ní amháin na
céadta ach na mílte gur thosnuigh leasughadh a saoghail dóibh leis an
ola bheannuighthe dhá chur orra n'a mbreoiteacht? Cé inneosfaidh an
neart spioradálta, gan trácht ar an misneach nadúrtha, a fuair na
mílte fé lámhaibh an tsagairt, agus iad i riochtaibh an bháis?



PÁDRAIG UA CEARBHAILL.


L. 27


AN T-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE.



[Seanmóin a thug an t-Athair Padraig Ua Cathasaigh uaidh san tSéipéal
ag Caisleán Uí Liatháin ar an gcuimhniú míosa.]



“Solus chun soíllsighthe na nGeinte & glóire do phobuil féin.” — Lúc II.



A Phobal Dé idir Cléir agus tuath,



Táimíd cruinnighthe anso indiu, le h-ais uagha an Athar Peadar
Ua Laoghaire, chun ár n-urnaighthe do chur suas chun Dé ar son a anam;
chun a bhás do chaoineadh; chun ár meas air & ár n-urraim dó do this-
beáint & do chur i n-iúil. Iaraimíd ar an dTighearna go h-umhal,
trócaire do dhéanamh ar a anam, mar, sagart fóghanta fíoraonta ab
eadh é, a dhein cion fir ar son an chreidimh, ar feadh a shaoghail; caoini-
míd é mar tá's againn go maith gur fada airís go bhfaghfars duine
níos dílse d'á cháirde, duine níos carthanaighe do chách: bheirimíd
onóir agus urraim dó, de bhrigh gur chaith sé a shaoghal ag obair go
ditheallach de ló & d'oidhche, ar mhaithe le n-a thír-dhúthchais.



Tá ceangal daingean idir na críostaidhthe ar an dtalamh so,
agus na fíoraéin a thá imighthe romhainn — Ceangal Comaoine na Naomh.
D'á réir sin, tá d'fhiachaibh orainn-ne, anso, urnaighthe a chur suas ar
son a n-Anamann súd, & cabhair & congnamh a thabhairt dóibh chómh fada
a's tá sé ar ár gcumas. D'á bhrigh sin, a phobal, órduigheann an
Eaglais, & molann sí dhúinn na mairbh do chur le h-órd & le h-Aifrionn,
le paidir & le h-urnaighe, go spisíalta, órduigheann sí dhúinn san a
dhéanamh le linn adhlactha sagairt, sa mhéid gur taoiseach an sagart
i n-Arm Dé. Agus, uime sin, a phobal, anso indiu, ar ár nglúinibh,
os comhair an Tíghearna, iaraimíd & athchuingímíd Air, go h-umhal,
trócaire a dhéanamh ar anam an Athar Peadar Ua Laoghaire, saor-
bhreitheamhntas a thabhairt air, & é ghlacadh Chuige isteach i ríoghacht na
bhflaitheas.


L. 28


Ach ní h-amháin, chun urnaighthe do chur suas ar son a anam, a
táimíd cruinnighthe anso ó chúig 'Ardaibh na h-Éireann. Dhéanfaimís
impidhe & tá ceangailte orainn é dhéanamh ar son aon chríostaidhe d'á
shuaraigheacht & d'á úirísleacht é. Ach, i dteannta urnaighthe & impidhe,
táimíd anso chun a bhás do chaoineadh, & chun ár meas air do chur i
n-úil do chách. Is gnáthach gol & ologón & caoine i ndiaidh na marbh;
agus d'á fheabhas & dhá ghrádhmhaireacht & d'á fhóghantacht iad, seadh is mó,
agus is doimhne, agus is fírinnighe, caoine n-a ndiaidh. Anois a phobal,
fear ab eadh an t-Athair Peadar, a bhí chomh mór san thar an gcoitian-
tacht, chomh líonta le gach subhailce agus le gach deigh-thréith, chomh uasal
gníomh, chomh ciallmhar comhairle, chomh bríghmhar teagasc go bhfuil
caoine 'á dheunamh n-a dhiaidh ní h-amháin ag á ghaolta agus ag á cháirde,
ach ag á pharóiste, ag a dhóiseas, ag clann na nGaodhal go léir anso
i n-Éirinn, agus i dtíorthaibh thar lear.



Tá a líontíghe agus a ghaolta agus a cháirde go croidhe-bhriste, go
cráidhte gan sólás n-a dhiaidh. Fear ab eadh é nár bhféidir é dh'aithint
gan é ghrádhughadh: go ciúin agus go macánta 'n'-a mheoin agus ina
aigne, go fial agus go flaitheamhail 'na thig féin; go sultmhar agus
go gealgháiriteach i dtig a chomharsan; go mór-chroidhe agus go
carthanach le bochtaibh Dé; “borb le treun ach séimh le faon,” ag
tuilleamh grádha, agus meas, agus speóis, ó gach éinne go raibh aon
bhaint aige leis.



Tá a pharóisteánaigh 'á chaoineadh go dubhach agus go brónach, mar
sagart fóghanta fíoraonta ab eadh é, agus nuair a deirtear an méid
sin, ní gádh a thuille. Thá ceangailte ar an sagart, an pobal do
thréorughadh chum Dé le teagasg, agus le sompla, le focal agus le
gníomh. Agus níor mhair sagart riamh, do b'fhearr sompla, ba chiall-
mhaire comhairle, ba léire tuisgint, 'ná an t-Atair Peadar Ua Laoghaire.
Ba dhitheallach agus ba chruinn é ins na nidhthe a bhaineann le dualgas
sagairt; i léigheamh an Aifrinn, i gcúram na Sacraimíntí, i bhfeidhil
lucht breóite, i mbun na mbocht agus na lag. Ag tabhairt comhairle
a leasa dóibh siúd a bhí ar fán, ag cur spiorad ionta san a bhí ag dul
i ndiaidh lámha, ag spreagadh na neamh-thuairimeach chum iaracht agus
chum oibre. Go spisialta, namhaid fíochmhar do'n ólachán ab eadh é.
Bhí sé buailte isteach 'na aigne gurb é an t-ól fé ndeara an íde agus
an aindeise, an mí-ádh agus an mhíortún a bhí le feicsint mór-thímpall
na h-Éireann ins gach uile áit: gurb é a líonann an priosún & tig na
ngealt agus tig na mbocht: gurb é a chuireann daoine le fuacht agus
le fán ag siubhal na dútha a d'iarraidh déirce. Agus bhí's aige leis
ná raibh ach an t-aon leigheas amáin ar an ngalar, s.s. go dtuigfidhe an
t-olc i gceart & go múinfidhe do'n aos óg an donas a bhí dhá
dheunamh aige. De dhein sé beart dá réir. Ba bhéas leis, insa gach


L. 29


paróiste, gur thug sé tréimhse ann, na buachaillí óga do chruinnughadh
le chéile, i dtig éigin oireamhnach, tar-éis saothair an lae. Mhúineadh
sé dhóibh gach saghas eóluis a bheadh ríochtanach & tairbheach dóibh idir
léigheamh & sgríobhadh, sgéal & seanachas, i slighe go mbeidís go
macánta & go ditheallach sa bhaile, & 'na gcreideamhaint d'á dtír-
dhúthchais go léir.



Ba chiallmhar & dob eagnach an comhairleoir é & bhí gádh go cruaidh
le céill & le comhairle ag lucht tuatha na h-Éireann le n-a linn. Do
rugadh é cúpla bliain roimh aimsir an ghorta. Tháinig sé chun blianta
na tuisgiona nuair a bhí an tír go léir i ngreim an ghorta. Chonaic
sé na daoine ag fághailt bháis 'na mílte le h-ocras, le h-ais na
mbóithre, cois na gclathacha. Chonaic sé tighthe na mbocht dhá líonadh &
na feirimeóirí dhá n-íbirt aiges na tighearnaí talmhan: chonaic sé na
buachaillí óga & na cailiní óga ag imtheacht thar sáile a d'iarraidh
slighe-bheatha do thuilleamh i dtíorthaibh iasachta. Agus ag tabhairt na
nidhthe sin fé ndeara dhó, an aon iongna gur chorruigh a chroidhe ann, &
gur shocaruigh sé 'n-a aigne a lándhicheall a dhéanamh, chun donais na
tíre do leigheas? 'Sa chogadh mór 'dir na feirmeóirí & na tighearnaí
talmhan dhein sé cion fir chun a gceart do bhaint amach dos na
feirmeóirí. Bh'é a gceann-comhairle & a bhfear cinn-riain é. Thug sé
comhairle chiallmhar thairbheach dóibh: mhúin sé dhóibh conus an cath do
chórughadh: níor dhein sé stad ná staonadh, & sa deire, bhí sé de shástacht
aigne aige go bhfeaca sé muinntir na h-Éireann i seilbh talmhan na
h-Éireann, go chúmpórdamhail, & go neamh-spleadhach.



Acht ní h-amháin a ghaolta & a cháirde & a pharóisteánaigh, a thá
baodhach de'n Athair Peadar & fé chomaoine aige. Sinne Cléir Cluana
idir Easbog & sagairt, tháimíd go léir fé chomaoine aige mar thuill sé
meas, & clú, & creideamhaint, do gach uile dhuine againn. Do leath sé
go fada fairsing, ar fuaid an domhain, ainm na fairche seo, i slighe go
bhfuil meas ar shagairt Cluana, pé áit go dtugann aghaidh. Tá an
méid seo againne, le maoidheamh as, go raibh orthainn an bheirt sgribh-
neóirí ab fhearr, d'ár eirig i n-Éirinn le n-ár linn. Orthainn a bhí an
t-Athair Pádraig Ua Síothcháin; orthainn a bhí an t-Athair P. Ua Laoghaire
& is ceart dúinn an méid sin a chiméad choidhche os comhair ár n-aigne
& ár saoghal féin do chórughadh, d'réir an sompla a dh'fhágadar san
againn.



Ach pé deigh-thréith a bhí san Athair Peadar: pé obair a dhein sé ar
son na bhfeirmeóirí; pé meas a bhí air 'ge cléir & tuath; ní mar gheall
ar na nidhthe sin, amhthach, atá Éire go léir ghá chaoineadh indiu, & go
croidhe-cráidhte, & go dólásach 'na dhiaidh. Ach caointear é, mar is
maith a tha's aige chách, nár dhein éinne eile riamh, an deichmhadh chuid de'n
obair a dhein seisean chun anam na tíre do shábháil ó'n mbás. Is
cosamhail an náisúin go léir leis an nduine. Fé mar a thá corp &


L. 30


anam ag an nduine, tha corp & anam ag an náisúin, leis, & an teanga a
labhartar 'ges na daoinibh, sin anam an náisiúin. Tagann galar ar an
náisúin fé mar a thagann ar an nduine, & an galar is measa agus is
marbhaighe a dh'fhéadfadh teacht ar an náisúin: 'sé cailleamhaint a thean-
gan dúthchais an galar san. Blianta roimh aimsir an Athar Peadar, bhí
anam na h-Éireann bréoite & ag dul chun deirionnaighe. Bhí an teanga
ag dul i n-éag, & leis sin, bhí dúthchas na n-Éirionnach dhá shóinséal, & dhá
atharrú. Bhí béasa & nósa na h-Éireann ag imtheacht, & béasa &
nósa na Sasanach ag sleamhnughadh isteach 'n-a n-ionad. Níorbh é sin
amháin ach bhí an Creideamh féin ag dul i luigeacht. Do cheapadh & do
chothuigheadh teanga na Sasanach i bhfuath fíochmhar i gcoinnibh an Chreidimh
fírinnigh. An aon iongna, mar sin, go raibh an Creideamh dhá lot, chómh
luath a's a luig muintir na h-Éireann ar na leabhra bréana nimheamhla
a léigheamh, a bhí ag teacht chúghainn anall 'na gcairnibh ó Sheana-Shasana?



Thuig fo-dhuine anso & ansúd an sgéal i gceart. Chonaiceadar
an díobháil & an donas d'a dheunamh. Ach bíodh gur thuigeadar an galar
bhí an leigheas i n-easnamh ortha. Bhíodar díreach mar a bheadh dochtúir
a chídheann an duine breóite, a thuigeann a sgéal, ach ná fuil luibh
leigheas fé n-a láimh aige.



Annsan is eadh d'eirig an t-Athair Peadar, fear a thuig an galar
& go raibh an leigheas aige chómh maith. Ba léir d'á aigne an dá nídh,
nár bhfholáir an teanga do choimeád beó, & ná féadfaí san a dhéanamh
gan leabhra oireamhnacha. Do chrom sé ar obair. Thosnuig na leabhra ar
theacht, leabhra i gcóir na n-óg agus i gcóir na sean: i gcóir nan-eolach
& i gcóir na n-aineolach: líonta le líomhthacht teangan: le maiseacht
aigne: le sult & le greann, le h-eolas & le h-oideachas: sgéalta ár
sean i gclodh na h-aimsire seo: seanachas fírinneach a bhí abhfad i
n-easnamh orrainn: leabhra cráibhtheachta ar dheiseacht & ar áilneacht:
aithris ar Chríost, & an leabhar is breaghtha & is luachmhaire ortha go léir,
aistriughadh an Bhíobla naomhtha idir Tiomna Nuad agus Sean. Tagann
iongna & alltacht orrainn nuair a dheinimíd machtnamh ar an méid a
dhein sé & é go léir a dheanamh leastig d'aon fiche bliain amháin.
D'féadfadh sé a rádh le fírinne nuair a thánaig lá a bháis “Lán-
laetheanta mo laethanta-sa: d'fhuilingeas cruadhtan an lae agus an
brothal.”



Sin agaibh géar-chúntas ar ré-shaoghal & ar obair an Athar P. Ua
Laoghaire. Cad é sin dúinne san, dhíbh-se & domhsa a phobal? An méid
seo. Thángamair go dtí an áit seo indiu ag admháil os cómhair an t
saoghail, gurbh' fhear é, dar linne, abhfad thar an gcoitchiantacht i
meabhair chinn & i n-éirim aigne, i bhfocal & i ngníomh. Agus má tháimíd
dáríribh, má tá an meas san againn air, n'ár gcrathacha chómh maith is
tá sé 'n'ar mbéalaibh, cuirimís an meas san i ngníomh, & déanaimís
aithris air feasda chómh maith is a fhéadfaimíd. Thuig seisean i n-aigne,


L. 31


go daingean gur teanga uasal teanga na nGaodhal, & béasa uaisle
a mbéasa, & nósa uaisle a nósa. Bhí's aige, gan aon agó gur cheapadh
an Ghaoluinn do mhuintir na h-Éireann, gur cheap Dia féin dóibh í, &
dá leigfaidhe chun siubhail í narbh' fhearrde Éire é.



Ba mhór idir an aigne sin an Athar Peadar, & aigne na coit-
chiantachta le na linn & ár n-aigne féin b' fhéidir. Do chuireadh i
dtuigsint dúinne agus do chreideamar é, go mbeimís tógaithe go déo,
dá mbeadh an Béarla againn & ná beadh rath orrainn choidhche, dá
leanfaimís dé'n nGaodhluinn. Ach, a Phobal,



“Tar éis a thuigtears gach beart.” Tá an Béarla againn anois le
faid d'aimsir, & cad tá againn dá bharra? An bhfuil ainm na
h-Éireann ináirde anois imeasg náisúin an domhain mar gheall ar
eólas & ar naomhthacht & ar charthanacht, fé mar a bhí ar feadh a lán-
aimsire tar éis bháis Naoimh Pádruig? An bhfuil réim & comhacht &
ceannas againn ar thíorthaibh thar lear, fé mar a bhí le linn Bhriain &
Néill & Chormaic? An bhfuil saoirse & saidhbhreas & cúrraí ceannuigh-
eachta againn, fé mar a bhí ar feadh na gcéadta blian, sar ar chuir
aon tSasanach cos ar thalamh na h-Éireann? Fóiriór géar! Tá ár
dteanga, & ár mbéasa, & ár nósa féin tréigthe againn & caithte
againn uainn. Tá gach buadh d'ár bhain riamh linn, imthighthe leó, &
táimíd féin & teanga na Sasanach 'nár mbéalaibh againn, caithte fé
chosaibh na Sasanach, & iad ag satailt orainn, mar a shatailófí ar
naithreacha nimhe.



Sín mar a bhí an sgéal againn, go dtí le fíor-dhéanaighe, go dtí an
lá indé, mar a déarfuinn. Ach buidhcheas mór leis an Slánuightheóir
glé-gheal, is mór idir indé & indiu. Tá atharrú' ag teacht. Tá sé
tagaithe cheana. Tá Clann na nGaedheal, ní h-amháin i n-Éirinn, ach
i ndúthaí iasachta, ag músgailt as a gcodhladh, & ghá léirughadh 'na n
aigne dhóibh féin go gcaithfears teanga a sinnsir do choimeád beó 'na
mbéalaibh, & do thabhairt beó d'á sliocht, nú go mbeidh sé i ndán dó
chine uasal Ghaedheal, dul fé chlao-chlodh, gan tásg ná tuairisg ortha,
de dhruim an domhain, ó'n am so amach. Agus má tá an t-atharrú'
san ag teacht, má thá sé tagaithe cheana: má thá anam na tíre ar láimh-
shábhála anois: cé fé ndeara é? Cé cheud-chuir an deagh-obair ar
siubhal? Cé chuir ar chumas mhuinntire na h-Éireann é thabhairt chun
críche? — An fear atá sínte marbh lasmuigh annsan, ag feitheamh le
trúmpa an bhreitheamhntais. Chídhfears san am athá le teacht, sluaighte
daoine ag druideamhaint chun na h-áite seo ag deunamh turas cois
uagha an Athar Peadar: & an baile seo Caisleán Uí Liatháin, d'á
luighead & dhá ísleacht é, craobhsgaoilfears a ainm go dtí cheithre
gaoithe an domhain, mar is annso a chríochnuigh sé a shaothar, annso athá
a chnámha 'na luighe. Is deabhrathach, leis, go n-árdófars leacht-chuimhne,
nú cros, nú iomháigh, ós a chionn, i mbuanú' a chuimhne & i n-onóir d'á


L. 32


ainm. Ach ní gádh san. É féín a dhein, & é féin a dh'árduigh a leacht-
chuimhne, níos buaine ná an prás féin, níos aoirde ná cnuic & sléibhte
a thír'-dhúthchais. An obair a dhein sé: na leabhra a scríobh sé: an
ceacht a mhúin sé dúinn go léir, sid iad a leacht-chuimhne & a fheart-
laoí: & mar gheall orra san, ní raghaidh a ainm i n-éag, go deó, ach beidh
cuimhne air, le grádh & le meas & le h-onóir faid a bheidh uisge ag rith
& féar ag fás i n-Éirinn. Go dtugaidh Dia solus na bhFlaitheas d'á
anam & dos na fíoraéin go léir a dh'imthigh romhainn. Amen.


L. 33


LEITIR THIMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE;



Ó N-ÁR N-ATHAIR RÓ-NAOMHTHA AN PÁPA, LEO A TRÍDÉAG.



[Fógarthar gach ceart ar cosnamh.]



An t-Athair Peadar Ua Laoghaire Canónach, D'aistrigh.



Chum na bpátriarc, na bprímát, na n-árd-easbog, agus na
n-easbog, atá i gcumann leis an bPápa, ar fuaid an domhain
Chaitilcídhe.



A Bhráithre Uramtha, sláinte dhaoibh agus an bheannacht aspolda.



An dúil seo i n-atharú beatha, atá le fada ag cur buairimh ar
náisiúnaibh an domhain, níor bh'fhéidir gan é theacht, luath nú mall, ó
ghnóthaibh politeacha isteach ins na gnóthaibh tiúsgail agus tuarasdail.
Táid gnóthaí tiúsgail tar éis aghaidh a thabhairt ar shlightibh nua. Táid na
gnóthaí sin d'á stiúrú le h-ealadhnaibh nua. Tá san tar éis atharú
mór do dhéanamh ar na nósaibh a bhíodh socair idir lucht tuarasdail do
thuilleamh agus lucht tuarasdail do dhíol. As an atharú san tá so
tagaithe, saidhbhreas thar meón ag tuitim isteach chun beagán daoine
agus dealbhas ag brúgh go trom ar an gcoitchiantacht. 'N-a theannta
san táid lucht tuillimh níos tuisgionaighe 'ná mar a bhídís, níos
eólgaisighe chun cabhrú le n-a chéile 'ná mar a bhídís, agus tá gach taobh,
lucht tuillimh agus lucht saidhbhris, níos lugha beann ar an gceart 'ná
mar a bhídís. Tá coímhsgar eirighthe as san, agus is de ghéire an
choimhsgair sin gurab air atá gach aigne ag machtnamh anois go dlúth.
Is air atá greamuighthe éirim lucht ealadhan, eagna lucht cómhairle,
cainnt na gcómhthionól, breitheamhantas lucht dlighthe dhéanamh, ciallmhair-
eacht na ríogra. Ní'l aon adhbhar machtnaimh eile ag cur aigne na
ndaoine chómh mór tré n-a chéile.



D'á bhrígh sin, a Bhráithre Uramtha, ag cuimhneamh dúinn ar thairbhthe
na h-Eagailse agus ar leas na ndaoine, do bheartuighmair, fé mar a
chuireamair ag triall oraibhse cheana leitireacha ar chómhacht pholiteach, ar


L. 34


shaoirse na ndaoine, ar an ngleus Chríostamhail ba cheart a bheith ar an
stát, agus ar neithibh eile de'n tsórd san, a bhí tairbhtheach, dar linn,
chun teagasg neamh-fhíor do chosg, an nídh céadna do dhéanamh anois ar
stáid lucht oibre, mar go bhfuilid na cúiseana céadna chun a dhéanta.
Dheineamair trácht ar an nídh cheana, agus ní h-aon uair amháin é, fé
mar a tháinig an chaoi. Ach cuirean dualgas ár n-aspolachta i n-úil
dúinn gur ceart dúinn, sa leitir seo, an sgeul do láimhsiáil tríd
síos, agus go beacht, i dtreó go nochtfar bun-fhírinní an sgéil agus
tré neart na mbun-fhírinní sin, go gcurfí, do réir mar a dh'órduighean
fírinne agus ceart, deire leis an gcoimhsgar.



Ní'l an sgeul ró réidh. Ní ró fhuiriste an gnó do láimhsiáil agus
ní gnó ró shaor ó chontabhairt é. Is deacair dlighthe agus riaghalta do
chur ar bun agus do léiriú do lucht airgid agus do lucht oibre, do
lucht an tuarasdail a thuilleamh agus do lucht an tuarasdail a dhíol,
agus a chur fhiachaint ar gach taobh acu fanmhaint lastig d'á cheart féin.
Agus ansan, tá contabhairt ann, ó lucht toirmisg a dhéanamh, daoine
a bhíon ag cur an duibh 'n-a gheal ar gach taobh agus 'ghá ngríosadh i
gcoinnibh a chéile.



Pé 'r domhan é, is léir dúinn, agus admhuightear ins gach aon
bhall é, nách foláir, go luath, rud éigin a dhéanamh a thabharfidh fuasgailt
ar an aicme is ísle des na daoine, mar tá an chuid is mó acú,
i n-anacra chruaidh, i n-anacra nách féidir cur suas leis go foidhneach.
Do cuireadh ar neamhnídh, sa n-aois seo imthighthe thorainn, na seana
ghildana a bhíodh ag lucht ceárd agus ag lucht oibre chun cómhchabhruighthe
le n-a chéile, agus níor cuireadh aon rud ar bun 'n-a n-inead. Tá
druim lámha tabhartha, ag dlighthibh agus ag gach tionsgnamh poibilídhe,
leis an seana chreideamh. Tá tagaithe as san go léir, i ndiaidh ar
ndiaidh, go bhfuil an fear oibre bocht fágtha i n' aonar, gan chabhair gan
chosaint, fé mhídhaonacht lucht saidhbhris agus fé neamhnáire lucht sainnte
ag sárúghadh a chéile. Mar bhara ar na h-olcaibh sin, ghá méadughadh
ar an bhfear oibre tá an usaireacht chraosach mhalluighthe seo, ar ar
chuir an Eaglais a h-easgaine go minic, agus nuair a curtar an
easgaine uirthi i n-aon riocht amháin go n-atharuighean sí í féin i riocht
eile agus go leanan sí d'á claon-bheartaibh, tríd an airc chun airgid
a bhíon ar na daoinibh sanntacha do chleachtan í. D'á éaghmuis sin airís,
tá an t-olc a thagan as gach sórd gnóthaí ceannaidheachta do bheith n-a
lámhaibh ag beagán daoíne, agus an beagán san ag seoladh saidhbhris
an domhain chúcha féin isteach agus ag fásgadh na ndaoine mbocht fé
chruadhtan atá chómh h-olc nách mór leis an gcruadhtan a bheadh ar
dhaoraibh.



Ansan tagaid na daoine seo ar a dtugtar Socialistigh agus
bíd siad ag séide fés na daoine bochta dealbha, 'ghá ngríosadh i
gcoinnibh lucht saidhbhris, 'ghá rádh nách ceart saidhbhreas ná maoín fé leith


L. 35


a bheith ag aon duine fé leith, gur ceart saidhbhreas an domhain a bheith
poibilídhe, cómhcheart a bheith ag gach aoinne chuige, agus ansan daoine
airighthe bheith ceapaithe chun an tsaidhbhris do rainnt ar an bpoibilídheacht
fé mar a bheadh gádh leis; nú riaghaltóirí an stáit a bheith ceapaithe
chun an tsaidhbhris do rainnt. Ansan, dar leó, nuair a bheadh an
saidhbhreas tógtha a' seilbh na ndaoine gur leo é agus curtha ar láimh
na poibilídheachta bhead deire leis na h-eugcórthaibh, mar bhead na
daoine go léir mar a chéile, cómhbhocht cómhshaidhbhir, agus bheadh a dhothain
ag gach aoinne.



Tá dearmhad ortha amhthach. Ní socarú a dhéanfadh beart de'n
tsórd san ach eugcóir mhór, agus ní'l aon duine is mó go ndéanfadh
an socarú san eugcóir air 'ná an fear oibre féin. Socarú eugcórtha
a bheadh ann ar fad. Bhainfadh a chuid féin de'n uile dhuine go bhfuil
aon rud aige. Thabharfadh sé le déanamh do'n stát gnó ná bainean
leis an stát. Cuirfadh sé aimhréidh agus measgán mearaídhe ar an
saoghal go léir.



Nuair a shocaruighean duine a aigne chun aon tsaghas oibre dhéanamh
cad a spriocan é chun na h-oibre sin do dhéanamh? Spriocan an t-aon
mhachtnamh amháin, .i. gur leis féin toradh na h-oibre sin, gur b' é a
chuid féin an toradh san. Is leis féin an tsláinte atá aige. Is leis
féin an t-eólus atá aige ar an obair. Má's maith leis an tsláinte nú
an t-eólus san do chur chun duine eile, ar dhíoluígheacht, deinean sé an
cur san i dtreó go bhfaghadh sé an díolúidheacht agus go mbeadh neart
dó a chuid féin do thabhairt ar an ndíoluídheacht san agus pé úsáid is
maith leis a dhéanamh de'n díoluídheacht san, bia nú éadach a sholáthar dó
féin leis an ndíoluídheacht san. Má's maith leis maireachtaint go
críochnamhail agus cuid de'n díoluídheacht do spáráil agus ar ball
blúire talmhan do cheannach ar an méid a bheidh spártha aige is leis féin
an blúire talmhan san. Ní'l sa bhlúire talmhan san ach cuid d'á
thuarasdal. Is leis féin an blúire talmhan chómh deimhnightheach agus
gur leis féin a thuarasdal, nú gur leis féin an tsláinte nú an t-eólus
a thug sé ar an dtuarasdal. Siné díreach nádúr gach sealbha, pé'cu
seilbh airnéise é nú seilbh talmhan, neart a bheith ag duine ar a rogha
úsáid a dhéanamh de'n rud is leis féin, de thoradh a shláinte féin nú a
chuid eóluis féin. Ach do thiocfadh an Socialist agus bhainfadh sé dhe
an neart san. Bhainfadh sé de'n duine toradh a shláinte agus thabharfadh
an toradh san suas do dhuine éigin eile, do'n stát nú do'n phoibilídh-
eacht. A ndéanfadh aon duine beó ach amadán críochnuighthe obair ná
ealadhan, dá mba dhóich leis go mbainfí dhe toradh na h-oibre!



[Ní críoch.]


L. 36


L. 38


Ar scáth a chéile a mhairid na daoine.


L. 39


Is ar an Aos óg atá ár seasamh.



Ní áil linn caint a dheanamh ar an Athair Peadar i n-aon chor ach
sa teangain ba ionmhuin leis. Ní miste a rádh ná gur binn blasta an
chaint mholta a thug an tAthair Padraig Ua Cathasaigh uaidh ar an


L. 40


Athair Peadar. Tá áthas orainn an chaint sin a bheith sa chéad uimhir
againn. Tá seoid eile againn i gcóir na léightheoirí — aistriú a dhein
an tAthair Peadar féin ar an litir thimpail úd Rerum Novarum.



Is eol do chách nách neart go cur-le-chéile. Dhá bhrígh sin, beimíd ag
brath ar chabhair d'fhághail ós na sagartaibh go bhfuil an teanga dhúthchais
acu. 'Sé cabhair atá uainn ná aistí, tráchtais, seanmóintí, úrnaithe, nó
aoinnidh eile a dh'oireamhnóchadh d'irisleabhar de shaghas “an t-Síoladóra.”
Ní féidir le n-a leithéid de leabhar do choimeád suas gan an congnamh
san ós na sagartaibh. Má's mian le h-éinne rud eígin do scríobhadh
i gcóir an Irisleabhair seo, cuireadh sé a chuid saothair ag triall ar an
Athair Risteáird Pléimionn, 47 Westland Row, Baile-Átha-Cliath.


L. 41


ÁR GCÁIRDE.



CUIREADH AN t-AIRGEAD SEO CHUGAINN
AR SON AN tSÍOLADÓRA.



ÁRDMHACHA —



An tAth. Séamas ó Dóláin, Collan — £1



An tAth. Tomás Mac Domhnaill, Port an Dúna — £1



Connradh na Gaedhilge, Droichead Átha — £1



ÁRDACHADH —



An tAth. Pilib ó Dálaigh, Áth Luain — £1



CLOCHAR —



An tAth. Ailbhe ó Baoighealláin, Sean tSonnach — £1



DOIRE —



An tAth. Micheál Mag Eoin, S.P., an Caisleán Glas — £1



DÚN AGUS CONNAIRE —



An Dr. Ró-Oirmhidneach Seosamh Mac Ruaidhrí — £5



An tAth Séamas ó Néill, S.P., Tpl. an Chroidhe
Naomhtha —£1



An tAth. Riobard Fullartáin, Tpl. Phóil — £1



An tAt. Pádraig Mac Gabhráin, Col. Mhaolmhaodhóg — £1



An tAth. Domhnall ó Tuathail, Tpl. Ioseph — £1



An t-Ath. Séamas Mac Leanacháin, Col. Mhaolmhaodhóg — £1



An tAth. Cathal ó Néill, Tpl. Pheadair — £1



An tAth. Seasamh Mac Bhloscaigh, Col. Mhaolmhaodhóg — £1



An tAth. Seoirse Mac Leanacháin, Gleann Aireamh — £1



CILL MHÓR —



An Dr. Ró-Oirmhidneach Pádraig ó Fionnagáin — £1



BAILE ÁTHA CLIATH —



An tAth. Micheal ó Críodáin, Baile an Gháirigh — £1



An tAth. Seán ó Ceilleachair, Sráid na Midhe — £1



An tAth. Pádraig ó Gábháin, Dún Droma — £1



An tAth. Uaitéir Mac Domhnaill, Cé Árann — £1



An tAth. Risteard Pléimeann, Tpl. Aindris — £1



An tAth. Seán Mac Coistealbh, Tpl. Mhichíl agus Eoin — £1



An tAth. Seán M. ó Cléirigh, Cill Bhrighde — £1


L. 42


CILL DARA



An tAth. Liam Mac Muilneora, Ceatharlach — £1



OSRUIGHE —



An tAth. Diarmuid ó Draighneáin, S.P. Saighre Chiaráin — £3



An tAt. Fionntán ó Faoláin, Ros Bearcáin — £1



An tAth. Tomás de h-Enebre, Dún na Magán — £1



An Canónach P. ó Dubhghaill, S.P., Móinchuin — £1



CLUAIN UAMHA —



An tAth. Pádraig ó Duinnín, Ráth Luirc — £1



CORCAIGH —



An tAth. Séamas Mac Domhnaill, S.M.A. — £1



LUIMNEACH —



An Dr. Ró-Oirmhidneach Donnchadh ó h-Ailgheanáin — £1



PORTLÁIRGE —



An tAth. Pádraig ó Lonargáin, S.P., Cnoc an Óir — £1



TUAIM —



An tAth. Seán ó Míodhcháin, Caisleán an Bhárraigh — £1



An tAth. Aodh Mac Curaghaile, Cliara, Cathair na



Mart — £1



GAILLIMH —



An Dr. Ró-Oirmhidneach Tomás ó Deaghaidh — £5



An tAt. Padhraic ó Líodáin, S.P., Sruthar — £1



COLÁISTE CHOLUMBÁIN —



An t-Ath. Pádraig ó Conaill — £1



An tAt. Lorcán ó Forrastail — £1



I n-am an riachtanais aithnighthear an chara. Tá ár mbuidheachas ag
dul do na cáirde seo thuas. “Ní bhíonn port gan pighinn.”



COISTE AN tSÍOLADÓRA.


L. 43


AR BUN Ó 1824.



TOMÁS,
LIAM &
SEÁN
Ó Ceallaigh



Baile Átha Cliath,
89 Sráid Íochtarach
Ghárdiner.



Oifigí: 1 & 2 SRÁID AN FHEISTIGHE, BAILE ÁTHA CLIATH



(Le h-ais Bhannc na h-Éireann).



FÍOR-FHÍON ALTÓRA



Iarramuid go h-umhal ar Uachtaráin na h-Eaglaise agus ar Chléir na
h-Éireann leanamhaint de cheannach ar gcuid Fíor-Fhíon Altóra
mar san am atá thart.



Is le h-aghaidh na h-Althóra a gheibhimid é, agus tá sé dá dhíol againn ar
fud na h-Éireann, na Sasan, agus na gCoilíneacht le trí glúinibh.



A luach ar fagháil uainn ach a iarraidh.



3/- an duisín ar na buideáil fholamha dá thabhairt againn nuair a
chuirtear chugainn slán iad agus costas an iomchair díolta.



Níl baint againn le dream ar bith eile ins an obair.



Gothán: Baile Átha Cliath 1612. Sreang-Sgéalta & Cáblaí: “Threekays, Dublin.”


L. 44


ARÁN MHIC
CHINNÉIDIGH



An Saghas is Fearr
dá bhfuil ann.



BÁCÚIS



124-130 Sráid Phárnell



agus



Bácús Naomh Pádraig,
Baile Átha Cliath.


L. 45


DUAISEANNA.



Bhéarfar dhá dhuais don bheirt a chuirfeas isteach chuig
MUINTIR MHIC AN GHIOLLA
50 SRÁID UACHTARACH UÍ CHONAILL
BAILE ATHA CLIATH AN DÁ LIOSTA



Is mó d'ainmneachaibh cheannuightheoirí an tSÍOLADÓRA le haghaidh na
bliadhna seo.



Caithfidh gach liosta bheith istoigh roimh lá Lughnasa seo chugainn.



Agus mar aon le gach liosta caithfidh 10/— a bheith ar son gach ainme ann.



Punt an chéad duais.



Deich Sgillinge an dara duais.


L. 46



L. 47


MUINTEAR UÍ CHUINN,



SRÁID NA h-EAGLAISE, BÉAL FEIRSTE.



DÉANTÓIRÍ BONN AGUS COMHARTHAÍ.



Buinn óir. Buinn airgid. Buin aluminium. Gach aon tsaghas Bonn
agus Comhartha le h-aghaidh Cuallacht na h-Eaglaise. Ribíní agus
fáisgeáin ortha. Comharthai ioldathacha miotail agus sellulóid.
Stór mór somplaí againn.



Ní'l déantóirí eile de'n tsaghas chéadna i n-Éirinn.



Déantar na buinn agus na comharthaí seo i n-ár monarchain féin.



Ní Bhíonn acht ceárduidhthe Gaedlacha ghá ndéanamh.



Gheobhthar a luach acht a iarraidh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services