Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. IV - No. 3 A Shéimhfhir Ghlic Ghaedhealaigh

Title
Vol. IV - No. 3 A Shéimhfhir Ghlic Ghaedhealaigh
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1899
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE SHAN VAN VOCHT



(An t.Sean Bhean Bhocht).



Vol. IV. — No. 3.


L. 54


"A Shéimhfhir Ghlic Ghaedhealaghi."



A shéimhfhir ghlic Ghaedhealaigh, 'sa chara dhíograis,
Dod' fheuchain go heusgaidh do rachamaois-ne
Le saor-chumann cléibh duit tar fhearaibh Chrích loirc,
Acht claon-bhearta an tsaoghail 'sna nDanar ndíoghaltach



Im' cheusadh im' thraochadh 'sim ghreadadh bhíd sin,
Gan réidhteach ár ngéibheann ná sgaipeadh daoirse;
Acht dá ndéineadh an Déagh-Mhac mo ghlasa sgaoileadh
Ba saothrach me taobh leat a' cantan laoidhthe.



Bheadh saor-chlanna Eireann i gceart a sinnsear,
Is teuda go gleusta le spreagadh caoin-phort,
Is dreuchta d'a ndeunamh i Sean-Ghaoiehilg,
'S na hEigse i gcéimibh nach measaid daoithe.



Mo léir-chreach, mo leun is mo lagar nimhneach,
An Ghaedhilg fá eclipse gan ceannus choidhch'
Mar eugsat na laochradh do chasad í sin,
'S d'a saoradh do ghleusadh go slachtmhar caoil-pheann.



Gach sméirle leamh baoth chum ar theangmaidh puinn di
Ni méinn leis a léigean do ghraphadh 'rís linn;
Is feuchaidh a sheimhfhir, gidh beart nach sílfinn,
Gur léigis-se féin mise, i n-easbaidh roimhe-seo.



'San tsaoghal-so tréimse dá ngabhamaois-ne,
'Nár réimibh fá Eirinn chum t'athar dhílis,
Níor bhaogol dam m'éaradh fá leabhar Ghaoidhilge,
'S gur ab eusgaidh do dhéanfainn a chasadh 'rís do.



TADHG

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services