Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. IV - No. 1 Tar, Saoirse, O Tar

Title
Vol. IV - No. 1 Tar, Saoirse, O Tar
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1899
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE SHAN VAN VOCHT



Vol. IV. — No. 1.



BELFAST, 2ND JANUARY, 1899.



PRICE 2d.


L. 13


Tar, Saoirse, O, Tar!



Aisdrighthe le "Eibhlin."



Tar, Saoirse! O, tar! támaoid leatsa ag fanacht;
Tar, beannuigh gach croidhe 'na bhfuil daoirse 'nois beo;
Tar, aingil is dílse! tar, cumha is milse!
Tar páisde na n-ealadhan — tar, fan linn go deo!



Ba fhada ár n osnughadh ort, fíor-bhláth na maighdean!
Ba fhada ár n-adhradh ort, bainríoghan na buaidh!
Go réidh ins an g-catha dhuit, thug sin ar mbeatha dhuit,
D'eug sinn ar sgalán 'gus líon sinn an uaigh!



Seadh, lean sinn an cogadh trid aoisibh gan staonadh,
'Sníor thosd ár rosg-catha aon móiméint amháin
Suas libh a laochra threun! ar aghaidh libh, uile 's aon!
Bhur neart ar son Eireann! do'n namhaid bhur slán!



Fós ins an mbearna sinn, saothrughadh go dithchiollach,
Fós ins an gcogadh tá sinne go leir!
Ní focla a dheunfas é sibhse, a mhianas é
Creid mé, ní FOCLA a dheunfas sibh saor.



O, tamaoid geallta i lathair n gcinidheach,
Choidhche ní féidir linn filleadh ó'n tslighe,
Oibrighmís! creidimís! seadh agus troidimís
Bauailimis buille, no béidhmíd gan i!



Clúanairidhe, cladhairidhe, goirfear go deó orrainn,
Ma fillfear ár gcúrsa ó'n tseilg go síor
Sinne bhi fálaighthe, magtha, 'gus mafluighthe,
Sómplaidhe gach nidh a bhí suarach, neamh-fhíor!



Eireannaighe! Eireannaighe! Saoirse, nach aluinn í?
Tobar gach beannacht' ta dílis 'san domhan
Saidhbhreas na subhailce, díbrightheoir dubhailce,
Dóchas ár mbeatha 'gus sólás ár mbron.



Cothuigh' í, cumhdaigh' í shíos in bhur gcroidthibh 'stigh,
'Mach as bhur láthair ná bodh sí aon lá;
Diomhaoin na suidhimís! troidimís! guidhimís!
Cad ta'n ár mbeatha gan Saoirse go bráth?



Eistidh! níl torán le cloistin 'sna spéirthibh,
Feuchaidh! gan long tá gach abhann a's cuan;
Creachta 's croidhe-bhriste, brónach 's neamh-chliste,
Ní mhairtheann acht Eire na laetheadh tá uainn?



Fós má tá sinne fíor-bhuan in ár ngealleamhnaibh,
Ar gríosadh ár gcroidhtheadh do'n am atá thart
Creid mé, gach Eireadnach; creid mé go fíreannach,
Sógh, sonas 'gus saoirse béidhid againn go beacht.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services